European flag

Iris Oifigiúil
an Aontais Eorpaigh

GA

Sraith L


2026/2272

12.10.2026

CINNEADH (CBES) 2026/2272 ÓN gCOMHAIRLE

an 9 Deireadh Fómhair 2026

lena leasaítear Cinneadh (CBES) 2019/1720 a bhaineann le bearta sriantacha i bhfianaise na staide i Nicearagua

TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar an Aontas Eorpach, agus go háirithe Airteagal 29 de,

Ag féachaint don togra ó Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

An 14 Deireadh Fómhair 2019, ghlac an Chomhairle Cinneadh (CBES) 2019/1720 (1).

(2)

Tá feidhm ag Cinneadh (CBES) 2019/1720 go dtí an 15 Deireadh Fómhair 2026. Ar bhonn athbhreithniú ar an gCinneadh sin, ba cheart síneadh a chur leis na bearta sriantacha a leagtar amach ann go dtí an 15 Deireadh Fómhair 2027, agus ba cheart an ráiteas ar chúiseanna maidir le duine nádúrtha amháin a liostaítear san Iarscríbhinn a ghabhann leis a thabhairt cothrom le dáta.

(3)

Ba cheart, dá bhrí sin, Cinneadh (CBES) 2019/1720 a leasú dá réir,

TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Leasaítear Cinneadh (CBES) 2019/1720 mar a leanas:

(1)

in Airteagal 9, an chéad mhír, cuirtear ‘an 15 Deireadh Fómhair 2027’ in ionad an dáta ‘an 15 Deireadh Fómhair 2026’;

(2)

leasaítear an Iarscríbhinn i gcomhréir leis an Iarscríbhinn a ghabhann leis an gCinneadh seo.

Airteagal 2

Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm an lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Arna dhéanamh i Lucsamburg, 9 Deireadh Fómhair 2026.

Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán

S. HARRIS


(1)  Cinneadh (CBES) 2019/1720 ón gComhairle an 14 Deireadh Fómhair 2019 a bhaineann le bearta sriantacha i bhfianaise na staide i Nicearagua (IO L 262, 15.10.2019, lch. 58, ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2019/1720/oj).


IARSCRÍBHINN

San Iarscríbhinn a ghabhann le Cinneadh (CBES) 2019/1720, faoin teideal ‘A. Daoine nádúrtha dá dtagraítear in Airteagail 1(1) agus 2(1)’, cuirtear an méid seo a leanas in ionad iontráil 4:

 

Ainm

Faisnéis aitheantais

Cúiseanna

Dáta an liostaithe

‘4.

Néstor MONCADA LAU

Dáta breithe: 2.3.1954

Inscne: fireann

Comhairleoir pearsanta de chuid Uachtarán Nicearagua maidir le cúrsaí slándála náisiúnta go dtí 2025. Ina cháil sa ról sin, bhí baint dhíreach aige, ó Aibreán 2018 ar aghaidh, le cinnteoireacht maidir le hábhair slándála náisiúnta agus bunú na mbeartas cur faoi chois a rinne Stát Nicearagua i gcoinne daoine a ghlac páirt i léirsithe, ionadaithe freasúra agus iriseoirí i Nicearagua, agus bhí sé freagrach as an gcinnteoireacht agus as an mbunú beartas sin.

4.5.2020’.


ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2026/2272/oj

ISSN 1977-0839 (electronic edition)