|
16.11.2021 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
L 405/14 |
CINNEADH CUR CHUN FEIDHME (AE) 2021/1992 ÓN gCOIMISIÚN
an 15 Samhain 2021
maidir le caighdeáin chomhchuibhithe i ndáil le bréagáin a dréachtaíodh chun tacú le Treoir 2009/48/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle
TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,
Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,
Ag féachaint do Rialachán (AE) Uimh. 1025/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 25 Deireadh Fómhair 2012 maidir le caighdeánú Eorpach, lena leasaítear Treoir 89/686/CEE agus Treoir 93/15/CEE ón gComhairle agus Treoracha 94/9/CE, 94/25/CE, 95/16/CE, 97/23/CE, 98/34/CE, 2004/22/CE, 2007/23/CE, 2009/23/CE agus 2009/105/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus lena n-aisghairtear Cinneadh 87/95/CEE ón gComhairle agus Cinneadh Uimh. 1673/2006/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (1), agus go háirithe Airteagal 10(6) de,
De bharr an mhéid seo a leanas:
|
(1) |
I gcomhréir le hAirteagal 13 de Threoir 2009/48/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (2), bréagáin atá i gcomhréir le caighdeáin chomhchuibhithe nó le codanna díobh, caighdeáin ar foilsíodh na tagairtí dóibh in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh, glacfar leis go bhfuil siad i gcomhréir leis na ceanglais a chumhdaítear leis na caighdeáin sin, nó leis na codanna díobh a leagtar amach in Airteagal 10 de Threoir 2009/48/CE agus in Iarscríbhinn II a ghabhann leis an Treoir sin. |
|
(2) |
In Iarscríbhinn II, Cuid I, a ghabhann le Treoir 2009/48/CE, leagtar síos ceanglais shonracha maidir le hairíonna fisiceacha agus meicniúla (lena n-áirítear forálacha arb é is aidhm dóibh a áirithiú go monaraítear bréagáin sa chaoi go gur beag baol don pháiste é féin a dhó, a scalladh nó díobháil choirp eile a dhéanamh dó féin) agus in Iarscríbhinn II, Cuid II, a ghabhann leis an Treoir, leagtar síos ceanglais shonracha chun ardleibhéal sábháilteachta bréagán a áirithiú maidir le guaiseacha inadhainteachta. In Iarscríbhinn II, Cuid III, a ghabhann le Treoir 2009/48/CE, leagtar ceanglais shonracha síos freisin chun a áirithiú nach bhfuil aon riosca go mbeadh éifeachtaí díobhálacha ann ó thaobh shláinte an duine de bharr nochtadh do na substaintí ceimiceacha nó na meascáin cheimiceacha as a ndearnadh na bréagáin nó atá sna bréagáin. Thairis sin, in Airteagal 10(2) leagtar síos an ceanglas ginearálta sábháilteachta, in Airteagal 11(2) leagtar síos ceanglais maidir le rabhaidh ar bhréagán, agus in Iarscríbhinn V a ghabhann le Treoir 2009/48/CE leagtar síos rabhaidh i ndáil le bréagáin, lena n-áirítear rabhadh sonrach i ndáil le bréagáin cheimiceacha. |
|
(3) |
I litir M/445 (3) an 9 Iúil 2009, rinne an Coimisiún iarraidh ar an gCoiste Eorpach um Chaighdeánú (CEN) agus ar Choiste Eorpach na gCaighdeán Leictriteicniúil (Cenelec) go ndréachtófaí caighdeáin chomhchuibhithe nua agus go ndéanfaí athbhreithniú ar chaighdeáin chomhchuibhithe atá ann cheana chun tacú le Treoir 2009/48/CE. |
|
(4) |
Ar bhonn iarraidh M/445 an 9 Iúil 2009, d’athbhreithnigh CEN caighdeán comhchuibhithe EN 71-2:2011+A1:2014 “Sábháilteacht bréagán – Cuid 2: Inadhainteacht”, caighdeán ar foilsíodh an tagairt dó le Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2021/867 ón gCoimisiún (4). Is é an toradh a bhí air sin gur glacadh caighdeán comhchuibhithe EN 71-2:2020. |
|
(5) |
Tá caighdeán comhchuibhithe EN 71-2:2020 níos soiléire agus níos beaichte ná an caighdeán a bhí ann roimhe, EN 71-2:2011+A1:2014. Tá an méid seo a leanas san áireamh ann: sainmhínithe breise lena dtugtar tuairisc níos fearr ar na bréagáin a bhfuil feidhm ag sonraíochtaí an chaighdeáin leo; foclaíocht atá níos soiléire agus níos beaichte; sonraíochtaí nua le haghaidh cultacha bréagriochta ina bhfuil stuáil atá scaoilte; sonraíochtaí breise maidir le cultacha bréagriochta a ní nó a ghlanadh (nó gan é sin a dhéanamh) roimh tástáil a dhéanamh orthu; sonraíochtaí maidir le codanna beaga de bhréagáin a thástáil trína gcur le chéile, mar aon le líonach, cóirithe agus maisiúcháin a thástáil; samplaí léiritheacha de bhréagáin bhréagriochta (ar nós maisc aghaidhe nó clogad) agus de chultacha bréagriochta maille le noda maidir lena dtástáil; sreabhchairteacha lena léirítear an chaoi le heiseamail tástála a fháil ó chultacha bréagriochta. |
|
(6) |
Ar bhonn iarraidh M/445 an 9 Iúil 2009, d’athbhreithnigh CEN caighdeán comhchuibhithe EN 71-3:2019 “Sábháilteacht bréagán – Cuid 3: Aistriú gnéithe áirithe”, caighdeán ar foilsíodh an tagairt dó le Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2021/867. Is é an toradh a bhí air sin gur glacadh caighdeán comhchuibhithe EN 71-3:2019+A1:2021. |
|
(7) |
Le caighdeán comhchuibhithe EN 71-3:2019+A1:2021, nuashonraítear an liosta de theorainnluachanna dlíthiúla i ndáil leis na dúile atá i mbréagáin, liosta a fuarthas i dTreoir 2009/48/CE. Baineann an nuashonrú le halúmanam, dúil a raibh teorainnluachanna neartaithe le cur i bhfeidhm ina leith ón 20 Bealtaine 2021 (5). Baineann sé le cróimiam-VI freisin, comhdhúil a ndearnadh teorainnluach a bhí ann roimhe sin ina leith a scriosadh. An fhoirmle mhatamaiticiúil chun an t-ascnamh cróimiam-VI i sampla bréagán a ríomh, cuireadh in oiriúint í don nós imeachta tástála. Is le cúrsaí eagarthóireachta a bhaineann na hathruithe eile go léir. |
|
(8) |
Ar bhonn iarraidh M/445 an 9 Iúil 2009, d’athbhreithnigh CEN caighdeán comhchuibhithe EN 71-4:2013 “Sábháilteacht bréagán – Cuid 4: Foirne turgnaimh le haghaidh gníomhaíochtaí ceimice agus gníomhaíochtaí gaolmhara”, caighdeán ar foilsíodh an tagairt dó le Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2021/867. Is é an toradh a bhí air sin gur glacadh caighdeán comhchuibhithe EN 71-4:2020. |
|
(9) |
Tá caighdeán comhchuibhithe EN 71-4:2020 níos soiléire ná an ceann a bhí ann roimhe, EN 71-4:2013, mar gheall ar roinnt athruithe eagarthóireachta. Ina theannta sin, baineadh úsáid ní b’fhairsinge agus ní ba chomhsheasmhaí as na picteagraim agus na focail chomhartha atá i Rialachán (CE) Uimh. 1272/2008 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (6). Thairis sin, na sonraíochtaí le haghaidh coimeádáin atá sábháilte do leanaí, tá siad ag brath feasta ar chaighdeán idirnáisiúnta seanbhunaithe arna ghlacadh ag CEN. Tá cosaint súl ag teastáil feasta le foirne turgnaimh áirithe a úsáid. Ar deireadh, cuireadh tuilleadh mínithe ann ar an réasúnaíocht atá sna sonraíochtaí. |
|
(10) |
Ar bhonn iarraidh M/445 an 9 Iúil 2009, d’athbhreithnigh CEN caighdeán comhchuibhithe EN 71-13:2014 “Sábháilteacht bréagán – Cuid 13: Cluichí boird boltanacha, trealamh cosmaidí agus cluichí blastachta”, caighdeán ar foilsíodh an tagairt dó le Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2021/867. Is é an toradh a bhí air sin gur glacadh caighdeán comhchuibhithe EN 71-13:2021. |
|
(11) |
Na sonraíochtaí atá i gcaighdeán comhchuibhithe EN 71-13:2021, tá siad nasctha le ceanglais Threoir 2009/48/CE ar bhealach atá níos soiléire. Go háirithe, leathnaíodh na sonraíochtaí a bhaineann le rabhaidh shonracha agus le noda sonracha a leagtar amach in Iarscríbhinn V, Cuid B, a ghabhann le Treoir 2009/48/CE, agus is léir feasta gur le cluichí boird boltanacha, trealamh cosmaidí agus cluichí blastachta ina bhfuil cumhráin ailléirgineacha áirithe a bhaineann siad. Ina theannta sin, na sonraíochtaí le haghaidh dúntóirí coimeádán atá sábháilte do leanaí sna cluichí agus sna trealaimh lena mbaineann, is ar chaighdeán idirnáisiúnta atá siad bunaithe anois, caighdeán dá dtagraítear mar EN ISO 8317:2015 Pacáistiú atá do-oscailte ag leanaí – Ceanglais agus nósanna imeachta tástála maidir le pacáistí in-athdhúnta. Cuirtear an modh tástála in EN ISO 8317:2015 in ionad an mhodha tástála a roimhe sin a leagadh amach in EN 71-13:2014. Ar deireadh, tugadh tagairtí do reachtaíocht an Aontais cothrom le dáta, go háirithe tagairtí do reachtaíocht maidir le sábháilteacht bia. |
|
(12) |
Caighdeáin chomhchuibhithe EN 71-2:2020, EN 71-3:2019+A1:2021, EN 71-4:2020 agus EN 71-13:2021 a dhréachtaigh CEN, rinne an Coimisiún measúnú i gcomhar le CEN féachaint an gcomhlíonann na caighdeáin sin iarraidh M/445 an 9 Iúil 2009. Comhlíonann na ceithre chaighdeán chomhchuibhithe na ceanglais is aidhm dóibh a chumhdach agus a leagtar amach i dTreoir 2009/48/CE. Dá bhrí sin, is iomchuí na tagairtí do na caighdeáin sin a fhoilsiú in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh. |
|
(13) |
Cuirtear caighdeáin chomhchuibhithe EN 71-2:2020, EN 71-3:2019+A1:2021, EN 71-4:2020 agus EN 71-13:2021 in ionad na gcaighdeán comhchuibhithe EN 71-2:2011+A1:2014, EN 71-3:2019, EN 71-4:2013 agus EN 71-13:2014 faoi seach. Is gá dá réir sin na tagairtí do na caighdeáin sin a tharraingt siar d’Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh. Tarraingt siar na dtagairtí do chaighdeáin chomhchuibhithe EN 71-2:2011+A1:2014, EN 71-3:2019, EN 71-4:2013 agus EN 71-13:2014, is gá í a chur siar ionas go mbeidh a ndóthain ama ag monaróirí bréagán a gcuid táirgí a chur in oiriúint do na sonraíochtaí athbhreithnithe i gcaighdeáin chomhchuibhithe EN 71-2:2020, EN 71-3:2019+A1:2021, EN 71-4:2020 agus EN 71-13:2021. |
|
(14) |
Ar mhaithe le soiléireacht, le réasúntacht agus le simpliú, na tagairtí do chaighdeáin chomhchuibhithe a dréachtaíodh chun tacú le Treoir 2009/48/CE agus a chomhlíonann na ceanglais is aidhm dóibh a chumhdach, ba cheart liosta iomlán de na tagairtí sin a fhoilsiú in aon ghníomh amháin. Na tagairtí do na caighdeáin chomhchuibhithe a dréachtaíodh chun tacú le Treoir 2009/48/CE, is i gCinntí Cur Chun Feidhme (AE) 2019/1728 (7) agus (AE) 2021/867 ón gCoimisiún atá siad foilsithe faoi láthair. Dá bhrí sin, is gá cinneadh nua a chur in ionad Chinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2021/867. |
|
(15) |
Is éard a thugtar le fios le caighdeán comhchuibhithe a chomhlíonadh go nglactar leis go bhfuil comhréir ann leis na ceanglais riachtanacha chomhfhreagracha a leagtar amach i reachtaíocht chomhchuibhithe an Aontais ón dáta a fhoilsítear an tagairt don chaighdeán sin in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh. Dá bhrí sin, ba cheart an Cinneadh seo a theacht i bhfeidhm ar dháta a fhoilsithe, |
TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
Na tagairtí do na caighdeáin chomhchuibhithe maidir le bréagáin a dréachtaíodh chun tacú le Treoir 2009/48/CE agus a liostaítear in Iarscríbhinn I a ghabhann leis an gCinneadh seo, déantar leis seo iad a fhoilsiú in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
Airteagal 2
Aisghairtear Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2021/867.
Mar sin féin, na tagairtí do na caighdeáin comhchuibhithe maidir le bréagáin a dréachtóidh chun tacú le Treoir 2009/48/CE agus a liostaítear in Iarscríbhinn II a ghabhann leis an gCinneadh seo, leanfaidh Airteagal 1 de Chinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2021/867 d’fheidhm a bheith aige maidir leis na tagairtí sin go dtí na dátaí a leagtar amach san Iarscríbhinn sin.
Ina theannta sin, na tagairtí do na caighdeáin chomhchuibhithe maidir le bréagáin a dréachtóidh chun tacú le Treoir 2009/48/CE agus a liostaítear in Iarscríbhinn III a ghabhann leis an gCinneadh seo, leanfaidh Airteagal 1 de Chinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2019/1728 d’fheidhm a bheith aige maidir leis na tagairtí sin go dtí na dátaí a leagtar amach san Iarscríbhinn sin.
Airteagal 3
Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
Arna dhéanamh sa Bhruiséil, 15 Samhain 2021.
Thar ceann an Choimisiúin
An tUachtarán
Ursula VON DER LEYEN
(1) IO L 316, 14.11.2012, lch. 12.
(2) Treoir 2009/48/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 18 Meitheamh 2009 maidir le sábháilteacht bréagán (IO L 170, 30.6.2009, lch. 1).
(3) M/445 an 9 Iúil 2009 maidir le sainordú caighdeánaithe, litir a dhírítear chuig CEN agus CENELEC faoi chuimsiú Threoir 2009/48/CE lena ndéantar athbhreithniú ar Threoir 88/378/CEE maidir le sábháilteacht bréagán.
(4) Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2021/867 ón gCoimisiún an 28 Bealtaine 2021 maidir le caighdeáin chomhchuibhithe i ndáil le bréagáin a dréachtaíodh chun tacú le Treoir 2009/48/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (IO L 190, 31.5.2021, lch. 96).
(5) Treoir (AE) 2019/1922 ón gCoimisiún an 18 Samhain 2019 lena leasaítear pointe 13 de chuid III d’Iarscríbhinn II a ghabhann le Treoir 2009/48/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le sábháilteacht bréagán a mhéid a bhaineann le halúmanam, ar leasú é chun críocha oiriúnaithe d’fhorbairtí teicniúla agus eolaíocha (IO L 298, 19.11.2019, lch. 5).
(6) Rialachán (CE) Uimh. 1272/2008 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Nollaig 2008 maidir le haicmiú, lipéadú agus pacáistiú substaintí agus meascán, agus lena leasaítear agus lena n-aisghairtear Treoir 67/548/CEE agus Treoir 1999/45/CE, agus lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 1907/2006 (IO L 353, 31.12.2008, lch. 1).
(7) Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2019/1728 ón gCoimisiún an 15 Deireadh Fómhair 2019 maidir le caighdeáin chomhchuibhithe i ndáil le bréagáin a dréachtaíodh chun tacú le Treoir 2009/48/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (IO L 263, 16.10.2019, lch. 32).
IARSCRÍBHINN I
|
Uimh. |
An tagairt don chaighdeán |
||
|
1. |
EN 71-1:2014+A1:2018 Sábháilteacht bréagán — Cuid 1: Airíonna meicniúla agus fisiceacha |
||
|
2. |
EN 71-2:2020 Sábháilteacht bréagán — Cuid 2: Inadhainteacht |
||
|
3. |
EN 71-3:2019+A1:2021 Sábháilteacht bréagán — Cuid 3: Aistriú gnéithe áirithe |
||
|
4. |
EN 71-4:2020 Sábháilteacht bréagán — Cuid 4: Foirne turgnaimh le haghaidh gníomhaíochtaí ceimice agus gníomhaíochtaí gaolmhara |
||
|
5. |
EN 71-5:2015 Sábháilteacht bréagán — Cuid 5: Bréagáin cheimiceacha (foirne) eile seachas foirne turgnaimh |
||
|
6. |
EN 71-7:2014+A3:2020 Sábháilteacht bréagán — Cuid 7: Méarphéinteanna — Ceanglais agus modhanna tástála |
||
|
7. |
EN 71-8:2018 Sábháilteacht bréagán — Cuid 8: Bréagáin ghníomhaíochta le haghaidh úsáid tí |
||
|
8. |
EN 71-12:2016 Sábháilteacht bréagán — Cuid 12: N-Nítreasaimíní agus substaintí N-In-nítreasáithithe Nóta faisnéise: Na teorainnluachanna i bpointe a) de Thábla 2 de chlásal 4.2 de chaighdeán “EN 71-12:2016 Sábháilteacht bréagán — Cuid 12: N-Nítreasaimíní agus substaintí N-In-Nítreasáithithe”, is ísle iad ná na teorainnluachanna atá le comhlíonadh a leagtar síos in Iarscríbhinn II, Cuid III, pointe 8, a ghabhann le Treoir 2009/48/CE. Thar aon ní eile, is iad seo a leanas na luachanna sin: |
||
|
Substaint |
Caighdeán EN 71-12:2016 |
Treoir 2009/48/CE |
|
|
N-nítreasaimíní |
0,01 mg/kg |
0,05 mg/kg |
|
|
Substaint N-In-nítreasáithithe |
0,1 mg/kg |
1 mg/kg. |
|
|
9. |
EN 71-13:2021 Sábháilteacht bréagán — Cuid 13: Cluichí boird boltanacha, trealamh cosmaidí agus cluichí blastachta |
||
|
10. |
EN 71-14:2018 Sábháilteacht bréagán — Cuid 14: Trampailíní d’úsáid tí |
||
|
11. |
EN IEC 62115:2020 Bréagáin leictreacha – Sábháilteacht EN IEC 62115:2020/A11:2020 |
||
IARSCRÍBHINN II
|
Uimh. |
An tagairt don chaighdeán |
Dáta na tarraingthe siar |
|
1. |
EN 71-2:2011+A1:2014 Sábháilteacht bréagán — Cuid 2: Inadhainteacht |
15 Bealtaine 2022 |
|
2. |
EN 71-3:2019 Sábháilteacht bréagán — Cuid 3: Aistriú gnéithe áirithe |
15 Bealtaine 2022 |
|
3. |
EN 71-4:2013 Sábháilteacht bréagán — Cuid 4: Foirne turgnaimh le haghaidh gníomhaíochtaí ceimice agus gníomhaíochtaí gaolmhara |
15 Bealtaine 2022 |
|
4. |
EN 71-13:2014 Sábháilteacht bréagán — Cuid 13: Cluichí boird boltanacha, trealamh cosmaidí agus cluichí blastachta |
15 Bealtaine 2022 |
IARSCRÍBHINN III
|
Uimh. |
An tagairt don chaighdeán |
Dáta na tarraingthe siar |
|
1. |
EN 71-7:2014+A2:2018 Sábháilteacht bréagán — Cuid 7: Méarphéinteanna – Ceanglais agus modhanna tástála Nóta: Maidir leis an gclimeasól leasaitheach atá ceadaithe (iontráil 22 in Iarscríbhinn B, Tábla B.1, a ghabhann leis an gcaighdeán seo) tá feidhm ag an toimhde comhréireachta suas le huastiúchan ceadaithe 0,2 % (ní: 0,5 %). Tá sé sin bunaithe ar an “AGUISÍN a ghabhann leis an Tuairim maidir le Climeasól (P64) tag. SCCS/1506/13” ón gCoiste Eolaíoch um Shábháilteacht Tomhaltóirí (SCCS), rud a glacadh tar éis do CEN an caighdeán a fhoilsiú. https://ec.europa.eu/health/sites/health/files/scientific_committees/consumer_safety/docs/sccs_o_212.pdf |
28 Samhain 2021 |
|
2. |
EN 71-12:2013 Sábháilteacht bréagán — Cuid 12: N-Nítreasaimíní agus substaintí N-In-nítreasáithithe |
28 Samhain 2021 |
|
3. |
EN 62115:2005 Bréagáin leictreacha – Sábháilteacht (IEC 62115:2003 (Mionathraithe) + A1:2004) EN 62115:2005/A2:2011 (IEC 62115:2003/A2:2010 (Mionathraithe) EN 62115:2005/A2:2011/AC:2011 EN 62115:2005/A11:2012 EN 62115:2005/A11:2012/AC:2013 EN 62115:2005/A12:2015 |
21 Feabhra 2022 |