|
12.6.2020 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
L 187/12 |
CINNEADH (AE) 2020/769 ÓN gCOMHAIRLE
an 10 Meitheamh 2020
lena mbunaítear an seasamh atá le glacadh thar ceann an Aontais Eorpaigh sa Chomhchoiste a bunaíodh leis an gComhaontú maidir le Ríocht Aontaithe na Breataine Móire agus Thuaisceart Éireann a bheith ag tarraingt siar as an Aontas Eorpach agus as an gComhphobal Eorpach do Fhuinneamh Adamhach a mhéid a bhaineann leis an gComhaontú a leasú
TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,
Ag féachaint don Chonradh ar an Aontas Eorpach, agus go háirithe Airteagal 50(2) de,
Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 218(9) de,
Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,
De bharr an mhéid seo a leanas:
|
(1) |
Thug an tAontas an Comhaontú maidir le Ríocht Aontaithe na Breataine Móire agus Thuaisceart Éireann a bheith ag tarraingt siar as an Aontas Eorpach agus as an gComhphobal Eorpach do Fhuinneamh Adamhach (1) (“an Comhaontú um Tharraingt Siar”) i gcrích le Cinneadh (AE) 2020/135 ón gComhairle (2) agus tháinig sé i bhfeidhm an 1 Feabhra 2020. |
|
(2) |
Le hAirteagal 164(5), pointe (d), den Chomhaontú um Tharraingt Siar cumhachtaítear don Chomhchoiste cinntí a ghlacadh lena leasaítear an Comhaontú sin, ar choinníoll gur gá na leasuithe sin chun earráidí a cheartú, chun aghaidh a thabhairt ar neamhghníomhartha nó easnaimh eile, nó chun aghaidh a thabhairt ar chásanna nach raibh coinne leo nuair a síníodh an Comhaontú, agus ar choinníoll nach ndéantar eilimintí ríthábhachtacha an Chomhaontaithe sin a leasú leis na cinntí sin. De bhun Airteagal 166(2) den Chomhaontú um Tharraingt Siar, tá na cinntí arna nglacadh ag an gComhchoiste ina gceangal ar an Aontas agus ar an Ríocht Aontaithe. Ní mór don Aontas agus don Ríocht Aontaithe cinntí den sórt sin, a bhfuil na héifeachtaí dlíthiúla céanna acu agus atá ag an gComhaontú um Tharraingt Siar, a chur chun feidhme. De bhun Airteagal 182 den Chomhaontú um Tharraingt Siar, is dlúthchuid den Chomhaontú sin an Prótacal maidir le hÉirinn/Tuaisceart Éireann. |
|
(3) |
Bhí dátaí áirithe dá dtagraítear sa Chomhaontú um Tharraingt Siar istigh cheana an tráth a tháinig é i bhfeidhm. Ba cheart na dátaí sin a leasú dá bhrí sin, agus ba cheart coigeartuithe comhfhreagracha a dhéanamh ar an gComhaontú um Tharraingt Siar ar mhaithe leis an deimhneacht dhlíthiúil. |
|
(4) |
Níl in Airteagal 145 den Chomhaontú um Tharraingt Siar forálacha lena rialaítear deontais faoin gCiste Taighde um Ghual agus Cruach a deonaíodh do thairbhithe de chuid na Ríochta Aontaithe roimh dheireadh na hidirthréimhse. Ba cheart Airteagal 145 den Chomhaontú a fhorlíonadh dá bhrí sin ina leith sin, chun deimhneacht dhlíthiúil a sholáthar i dtaca le deontais leanúnacha. |
|
(5) |
Níor liostaíodh, de dhearmad, dhá chinneadh ón gCoimisiún Riaracháin maidir le Comhordú Córas Slándála Sóisialta i gCuid I d’Iarscríbhinn I a ghabhann leis an gComhaontú um Tharraingt Siar, ná níor liostaíodh ocht ngníomh atá ríthábhachtach chun rialacha an mhargaidh inmheánaigh in earraí a chur i bhfeidhm maidir le Tuaisceart Éireann in Iarscríbhinn 2 den Phrótacal maidir le hÉirinn/Tuaisceart Éireann. Dá bhrí sin ba cheart na cinntí agus na gníomhartha sin a chur leis na hiarscríbhinní sin. Ina theannta sin, tá gá le trí nóta freisin chun raon feidhme cur i bhfeidhm gníomhartha sonracha áirithe a liostaíodh in Iarscríbhinn 2 a ghabhann leis an bPrótacal maidir le hÉirinn/Tuaisceart Éireann a shainiú a thuilleadh. Dá bhrí sin ba cheart na nótaí sin a chur le hIarscríbhinn 2 a ghabhann leis an bPrótacal maidir le hÉirinn/Tuaisceart Éireann. |
|
(6) |
Ba cheart don Chomhchoiste cinneadh a ghlacadh de bhun Airteagal 164(5)(d) den Chomhaontú um Tharraingt Siar chun aghaidh a thabhairt ar na neamhghníomhartha agus ar na heasnaimh sin. |
|
(7) |
Is iomchuí, dá bhrí sin, an seasamh atá le glacadh thar ceann an Aontais sa Chomhchoiste a bhunú, |
TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
An seasamh atá le glacadh thar ceann an Aontais sa Chomhchoiste a bunaíodh leis an gComhaontú um Tharraingt Siar maidir leis an gComhaontú um Tharraingt Siar a leasú i gcomhréir le hAirteagal 164(5)(d) de, is éard a bheidh ann an Comhaontú um Tharraingt Siar a leasú mar a leanas:
|
(1) |
In Airteagal 135, sa teideal, cuirtear na focail “bhuiséad an Aontais don bhliain 2020” in ionad na bhfocal “bhuiséid an Aontais do na blianta 2019 agus 2020” agus, i mír 1, cuirtear na focail “na bliana” in ionad na bhfocal “na mblianta 2019 agus” agus cuirtear an focal “buiséad” in ionad an fhocail “buiséid”. |
|
(2) |
In Airteagal 137, sa teideal agus sa chéad fhomhír de mhír 1, scriostar na focail “2019 agus”. |
|
(3) |
leasaítear Airteagal 143(1) mar a leanas:
|
|
(4) |
In Airteagal 144(1), sa dara fomhír, cuirtear “31 Iúil 2020” in ionad “31 Iúil 2019”. |
|
(5) |
In Airteagal 145, cuirtear an mhír seo a leanas leis: “I ndáil leis na tionscadail faoin gCiste Taighde um Ghual agus Cruach a bunaíodh le Prótacal 37 a ghabhann leis an gConradh ar an Aontas Eorpach agus leis an gConradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh faoi chomhaontuithe deontais a shíneofar roimh dheireadh na hidirthréimhse, leanfaidh dlí an Aontais is infheidhme d’fheidhm a bheith aige maidir leis an Ríocht Aontaithe agus sa Ríocht Aontaithe tar éis dheireadh na hidirthréimhse, go dtí go ndúnfar na tionscadail. Áireofar le dlí an Aontais is infheidhme na forálacha seo a leanas go háirithe agus aon leasuithe ar na forálacha sin, gan beann ar dháta glactha, dáta theacht i bhfeidhm nó dáta chur i bhfeidhm an leasaithe:
|
|
(6) |
Leasaítear Airteagal 150 mar a leanas:
|
|
(7) |
In Iarscríbhinn 2 a ghabhann leis an bPrótacal maidir le hÉirinn/Tuaisceart Éireann, cuirtear isteach na nótaí seo a leanas:
|
|
(8) |
In Iarscríbhinn 2 a ghabhann leis an bPrótacal maidir le hÉirinn/Tuaisceart Éireann cuirfear isteach na gníomhartha seo a leanas:
|
|
(9) |
I gCuid I d’Iarscríbhinn I a ghabhann leis an gComhaontú um Tharraingt Siar, cuirtear na gníomhartha seo a leanas léi:
|
Airteagal 2
Foilseofar aon chinneadh ón gComhchoiste lena leasaítear an Comhaontú um Tharringt Siar i gcomhréir le hAirteagal 1 in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
Airteagal 3
Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm an dáta a ghlacfar é.
Arna dhéanamh sa Bhruiséil, 10 Meitheamh 2020.
Thar ceann na Comhairle
An tUachtarán
A.METELKO-ZGOMBIĆ
(1) IO L 29, 31.1.2020, lch. 7.
(2) Cinneadh (AE) 2020/135 ón gComhairle an 30 Eanáir 2020 maidir le tabhairt i gcrích an Chomhaontaithe maidir le Ríocht Aontaithe na Breataine Móire agus Thuaisceart Éireann a bheith ag tarraingt siar as an Aontas Eorpach agus as an gComhphobal Eorpach do Fhuinneamh Adamhach (IO L 29, 31.1.2020, lch. 1).
(3) Cinneadh 2003/76/CE ón gComhairle an 1 Feabhra 2003, lena mbunaítear na bearta is gá chun an Prótacal a chur chun feidhme, a ghabhann leis an gConradh lena mbunaítear an Comhphobal Eorpach, maidir le hiarmhairtí airgeadais dhul in éag Chonradh CEGC agus maidir leis an gCiste Taighde um Ghual agus a dhul in éag (IO L 29, 5.2.2003, lch. 22).
(4) Cinneadh 2003/77/CE ón gComhairle an 1 Feabhra 2003 lena leagtar síos treoirlínte airgeadais ilbhliantúla le haghaidh bhainistiú shócmhainní CEGC faoi leachtú agus, ar an leachtú a bheith críochnaithe, bhainistiú Shócmhainní an Chiste Taighde um Ghual agus Cruach (IO L 29, 5.2.2003, lch 25).
(5) Cinneadh 2008/376/CE ón gComhairle an 29 Aibreán 2008 maidir le glacadh Chlár Taighde an Chiste Taighde um Ghual agus Cruach agus maidir leis na treoirlínte teicniúla ilbhliantúla le haghaidh an chláir sin (IO L 130, 20.5.2008, lch. 7).
(6) IO L 53, 22.2.2019, lch. 1.
(7) IO L 22, 26.1.2005, lch. 1.
(8) IO L 155, 12.6.2019, lch. 1.
(9) IO L 334, 16.12.2011, lch. 1.
(10) IO 125, 11.7.1966, lgh. 2298/66.
(11) IO L 226, 13.8.1998, lch. 16.
(12) IO L 205, 1.8.2008, lch. 28.
(13) IO L 151, 7.6.2019, lch. 1.