|
Iris Oifigiúil |
GA Sraith C |
|
C/2026/5384 |
13.10.2026 |
Fógra le haghaidh na ndaoine nádúrtha agus na n-eintiteas atá faoi réir na mbeart sriantach dá bhforáiltear i gCinneadh 2014/145/CBES ón gComhairle, arna leasú le Cinneadh (CBES) 2026/2291 ón gComhairle, agus Rialachán (AE) Uimh. 269/2014 ón gComhairle, arna chur chun feidhme le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2026/2292 ón gComhairle a bhaineann le bearta sriantacha i ndáil le gníomhaíochtaí lena mbaintear an bonn d’iomláine chríochach, de cheannasacht agus de neamhspleáchas na hÚcráine nó ar bagairt iad na gníomhaíochtaí sin ar an méid sin
(C/2026/5384)
Dírítear aird na ndaoine agus na n-eintiteas a luaitear san Iarscríbhinn a ghabhann le Cinneadh 2014/145/CBES ón gComhairle (1), arna leasú le Cinneadh (CBES) 2026/2291 ón gComhairle (2), agus in Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán (AE) Uimh. 269/2014 ón gComhairle (3), arna chur chun feidhme le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2026/2292 ón gComhairle (4) a bhaineann le bearta sriantacha i ndáil le gníomhaíochtaí lena mbaintear an bonn d’iomláine chríochach, de cheannasacht agus de neamhspleáchas na hÚcráine nó ar bagairt iad na gníomhaíochtaí sin ar an méid sin, dírítear a n-aird ar an bhfaisnéis seo a leanas.
Ceanglaítear le hAirteagal 9(2) de Rialachán (AE) Uimh. 269/2014 nach mór do na daoine agus na heintitis sin tuairisc a thabhairt, roimh an 1 Meán Fómhair 2022 nó laistigh de 6 seachtaine tar éis dháta an liostaithe in Iarscríbhinn I, cibé acu is déanaí, faoi na cistí nó na hacmhainní eacnamaíocha laistigh de dhlínse Ballstáit ar leo iad nó atá faoina n-úinéireacht, ina seilbh nó faoina rialú, chuig údarás inniúil an Bhallstáit ina bhfuil na cistí nó na hacmhainní eacnamaíocha sin suite. Ní mór dóibh oibriú i gcomhar leis an údarás inniúil maidir le fíorú na faisnéise sin. Aon mhainneachtain na hoibleagáidí sin a urramú, measfar gur teacht timpeall ar na bearta maidir le reo sócmhainní agus acmhainní eacnamaíocha atá ann.
Ní mór an fhaisnéis atá le tuairisciú a sheoladh chuig údarás inniúil an Bhallstáit ábhartha, trína shuíomh gréasáin mar a shonraítear in Iarscríbhinn II a ghabhann le Rialachán (AE) Uimh. 269/2014 (5).
(1) IO L 78, 17.3.2014, lch. 16.
(2) IO L, 2026/2291, 12.10.2026, ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2026/2291/oj.
(3) IO L 78, 17.3.2014, lch. 6.
(4) IO L, 2026/2292, 12.10.2026, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2026/2292/oj.
(5) Tá an leagan comhdhlúite is déanaí le fáil ag http://data.europa.eu/eli/reg/2014/269/2026-06-15.
ELI: http://data.europa.eu/eli/C/2026/5384/oj
ISSN 1977-107X (electronic edition)