|
9.6.2022 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
L 156/68 |
CINNEADH CUR CHUN FEIDHME (AE) 2022/903 ÓN gCOIMISIÚN
an 8 Meitheamh 2022
maidir leis an gcoibhéis idir an creat rialála i ndáil le contrapháirtithe lárnacha sa tSile agus ceanglais Rialachán (AE) Uimh. 648/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle
(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)
TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,
Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,
Ag féachaint do Rialachán (AE) Uimh. 648/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 4 Iúil 2012 maidir le díorthaigh thar an gcuntar, contrapháirtithe lárnacha agus stórtha trádála (1), agus go háirithe Airteagal 25(6) de,
De bharr an mhéid seo a leanas:
|
(1) |
An nós imeachta maidir le haitheantas a thabhairt do chontrapháirtithe lárnacha (“CPLanna”) atá bunaithe i dtríú tíortha a leagtar amach in Airteagal 25 de Rialachán (AE) Uimh. 648/2012, is é is aidhm dó i gcás CPLanna atá bunaithe agus údaraithe i dtríú tíortha a bhfuil a gcaighdeáin rialála coibhéiseach leo sin a leagtar síos i Rialachán (AE) Uimh. 648/2012, a cheadú dóibh seirbhísí imréitigh a sholáthar do chomhaltaí imréitigh nó d’ionaid trádála atá bunaithe san Aontas. Dá bhrí sin, leis an nós imeachta sin maidir le haitheantas a thabhairt agus leis na cinntí coibhéise dá bhforáiltear ann, rannchuidítear le cuspóir uileghabhálach Rialachán (AE) Uimh. 648/2012 a bhaint amach i ndáil leis an riosca sistéimeach a laghdú, tríd an úsáid a bhaintear as CPLanna sábháilte fónta a leathnú chun conarthaí díorthach thar an gcuntar a imréiteach, lena n-áirítear i gcásanna ina bhfuil na CPLanna sin bunaithe agus údaraithe i dtríú tír. |
|
(2) |
Chun go measfaí córas dlí tríú tír a bheith coibhéiseach le córas dlí an Aontais i leith CPLanna, ba cheart toradh substainteach na socruithe dlíthiúla agus maoirseachta is infheidhme a bheith coibhéiseach le ceanglais an Aontais i leith na gcuspóirí rialála a bhaintear amach leis na socruithe sin. Dá bhrí sin, is é is aidhm don mheasúnú coibhéise sin a fhíorú an áirithítear le socruithe dlíthiúla agus maoirseachta an tríú tír lena mbaineann nach ndéanfaidh na CPLanna atá bunaithe agus údaraithe sa tríú tír sin comhaltaí imréitigh agus ionaid trádála atá bunaithe san Aontas a fhágáil neamhchosanta ar leibhéal riosca is airde ná an leibhéal a bhféadfadh CPLanna atá údaruithe san Aontas a fhágáil neamhchosanta air agus, dá bhrí sin, nach mbaineann leibhéil riosca shistéimigh leo atá do-ghlactha san Aontas. Ba cheart, dá bhrí sin, na rioscaí i bhfad níos ísle a bhaineann le gníomhaíochtaí imréitigh a dhéantar i margaí airgeadais ar lú iad ná margadh airgeadais an Aontais a chur san áireamh. |
|
(3) |
An measúnú ar cé acu atá nó nach bhfuil socruithe dlíthiúla agus maoirseachta na Sile coibhéiseach le socruithe an Aontais, ba cheart é a bhunú ní hamháin ar anailís chomparáideach ar na ceanglais atá ceangailteach ó thaobh an dlí de agus a bhfuil feidhm acu maidir le CPLanna sa tSile, ach ar mheasúnú ar thoradh na gceanglas sin freisin. Ba cheart don Choimisiún leordhóthanacht na gceanglas sin a sheiceáil chun maolú a dhéanamh ar na rioscaí a bhféadfadh comhaltaí imréitigh agus ionaid trádála atá bunaithe san Aontas a bheith neamhchosanta orthu, agus aird á tabhairt ar mhéid an mhargaidh airgeadais ina bhfeidhmíonn CPLanna atá údaraithe sa tSile. Tá gá le ceanglais um maolú riosca atá níos déine le haghaidh CPLanna a dhéanann a gcuid gníomhaíochtaí i margaí airgeadais atá níos mó ar airde an leibhéal riosca a bhaineann leo ná mar atá i gcás CPLanna a dhéanann a gcuid gníomhaíochtaí i margaí airgeadais atá níos lú ar ísle an leibhéal riosca a bhaineann leo. |
|
(4) |
In Airteagal 25(6), pointe (a), pointe (b) agus pointe (c), de Rialachán (AE) Uimh. 648/2012, socruithe dlíthiúla agus maoirseachta tríú tír maidir le CPLanna atá údaraithe inti, leagtar síos trí choinníoll is gá a chomhlíonadh chun a chinneadh go bhfuil siad coibhéiseach leis na socruithe a leagtar síos sa Rialachán sin. |
|
(5) |
I gcomhréir le hAirteagal 25(6), pointe (a), de Rialachán (AE) Uimh. 648/2012, ní mór do CPLanna atá údaraithe i dtríú tír ceanglais a chomhlíonadh atá ceangailteach ó thaobh an dlí de atá coibhéiseach leis na ceanglais a leagtar síos i dTeideal IV den Rialachán sin. |
|
(6) |
Na ceanglais atá ceangailteach ó thaobh an dlí de atá infheidhme maidir le CPLanna atá údaraithe sa tSile, leagtar síos iad i nDlí uimh. 20.345 de 2009 (2) lena rialáiltear imréiteach agus glanadh ionstraimí airgeadais (“na rialacha príomhúla”) agus sna rialacha ginearálta (Normas de Caracter General) agus i gciorcláin a eisíonn an Comisiόn para el Mercado Financiero (CMF) (“na rialacha tánaisteacha”). Leis na rialacha sin le chéile, leagtar amach na caighdeáin agus na ceanglais a bhfuil ar CPLanna atá údaraithe sa tSile a chomhlíonadh ar bhonn leanúnach. |
|
(7) |
Leis na rialacha príomhúla, leagtar amach, i measc nithe eile, rialacha maidir le socruithe rialachais, scairshealbhóirí agus comhaltaí a bhfuil sealúchais cháilitheacha acu, ciste mainneachtana agus glanadh, agus bunaítear na hábhair íosta is gá a chumhdach le rialacha oibriúcháin CPLanna. Thairis sin, de bhun Chiorclán Uimh. 2237 de 2018, ní mór do CPLanna údaraithe na caighdeáin idirnáisiúnta ábhartha a bhaineann le córais um imréiteach agus um ghlanadh a chur i bhfeidhm agus a chur chun feidhme, go háirithe na Prionsabail le haghaidh Bhonneagair an Mhargaidh Airgeadais (“PFMI”) a eisíonn an Coiste ar Chórais Íocaíochta agus Socraíochta agus an Eagraíocht Idirnáisiúnta um Choimisiúin Urrús (3). |
|
(8) |
Chun bheith údaraithe, ní mór do CPL a rialacha oibriúcháin a chur faoi bhráid CMF agus Banc Ceannais na Sile, chomh maith le staidéar ar leordhóthanacht gach córais atá á bhainistiú aige. Le rialacha oibriúcháin de chuid CPL, is gá sonraí saintreoracha a sholáthar faoin gcaoi a bhfuil an CPL leis na caighdeáin agus na ceanglais ardleibhéil a leagtar amach sna rialacha príomhúla agus sa PFMI a chomhlíonadh freisin. Ní mór a áireamh sna rialacha oibriúcháin forálacha maidir le ceanglais rannpháirtíochta, córais chumarsáide, an cineál ionstraimí airgeadais is féidir a imréiteach, nósanna imeachta bainistíochta riosca, nósanna imeachta um shocraíocht thráthúil, comhthaobhacht atá le soláthar ag rannpháirtithe, bearta atá le déanamh i gcás ina sáraíonn rannpháirtithe a n-oibleagáidí, eagrú agus oibriú an iniúchta, coistí araíonachta agus riosca agus leanúnachas oibríochtúil. A luaithe is a údaraíonn CMF agus Banc Ceannais na Sile na rialacha oibriúcháin, déanann CMF seiceálacha ar chumas an CPL oibríochtaí a thosú, i dtéarmaí saoráidí, acmhainní proifisiúnta agus teicneolaíochta, nósanna imeachta agus rialuithe. A luaithe is a údaraítear an CPL, éiríonn a rialacha oibriúcháin ceangailteach air ó thaobh an dlí de. Ní mór aon leasú ar na rialacha oibriúcháin a fhormheas ag CMF agus ag Banc Ceannais na Sile. |
|
(9) |
Dá bhrí sin, is struchtúr dhá shraith atá sna ceanglais atá ceangailteach ó thaobh an dlí de atá infheidhme maidir le CPLanna atá údaraithe sa tSile. Is é atá sa chéad sraith Dlí 20.345 de 2009, chomh maith leis na rialacha ginearálta agus na ciorcláin a eisíonn CMF, ar lena chéile a leagtar amach na caighdeáin agus ceanglais ardleibhéil, lena n-áirítear PFMI, nach mór CPLanna údaraithe a chomhlíonadh, agus sonraí saintreoracha faoin gcaoi a bhfuil an CPL leis na caighdeáin agus ceanglais ardleibhéil sin a chomhlíonadh . Is é atá sa dara sraith rialacha oibriúcháin na CPLanna. |
|
(10) |
Tá margadh airgeadais na Sile i bhfad níos lú ná an margadh airgeadais a bhfuil CPLanna atá bunaithe san Aontas gníomhach ann. Le 3 bliana anuas, bhí luach iomlán na n-idirbheart díorthach thar an gcuntar a imréitíodh sa tSile cothrom le níos lú ná 1 % de luach iomlán na n-idirbheart díorthach thar an gcuntar a imréitíodh san Aontas. Dá bhrí sin, an rannpháirtíocht in CPLanna atá údaraithe sa tSile, is rud é sin lena bhfágtar comhaltaí imréitigh agus ionaid trádála atá bunaithe san Aontas neamhchosanta ar rioscaí atá i bhfad níos ísle ná an a rannpháirtíocht in CPLanna atá údaraithe san Aontas. Leis na rialacha príomhúla agus tánaisteacha atá infheidhme maidir le CPLanna atá údaraithe sa tSile, a chomhlánaítear leis na rialacha oibriúcháin ceangailteacha, ar lena chéile a gcuirtear PFMI chun feidhme, maolaítear go leordhóthanach an leibhéal níos ísle riosca a bhféadfadh comhaltaí imréitigh agus ionaid trádála atá bunaithe san Aontas a bheith neamhchosanta air agus, dá bhrí sin, is féidir a mheas go mbaintear toradh maolaithe riosca amach atá coibhéiseach leis an toradh a shaothraítear le Rialachán (AE) Uimh. 648/2012 i ngeall orthu sin. |
|
(11) |
Is é conclúid an Choimisiúin go n-áirithítear le socruithe dlíthiúla agus maoirseachta na Sile go gcomhlíonfaidh CPLanna atá údaraithe sa tSile ceanglais atá ceangailteach ó thaobh an dlí de agus atá coibhéiseach leis na ceanglais a leagtar síos i dTeideal IV de Rialachán (AE) Uimh. 648/2012. |
|
(12) |
Le hAirteagal 25(6), pointe (b), de Rialachán (AE) Uimh. 648/2012, maidir leis na socruithe dlíthiúla agus maoirseachta i leith CPLanna atá údaraithe i dtríú tír, ceanglaítear nach mór foráil a dhéanamh maidir le maoirseacht agus forfheidhmiú éifeachtach i ndáil le CPLanna ar bhonn leanúnach. |
|
(13) |
Le Dlí Uimh. 21.000 (4) de 2017 bunaítear CMF agus leagtar amach a fheidhmeanna agus a chumhachtaí. Déanann CMF, mar mhaoirseoir ar CPLanna, maoirseacht ar CPLanna sa tSile chun comhlíontacht leis na rialacha príomhúla agus le rialacha agus nósanna imeachta inmheánacha an CPL a áirithiú ar bhonn leanúnach. Tá cumhachtaí cuimsitheacha ag CMF chun CPL údaraithe a rialú agus a phionósú, lena n-áirítear, inter alia, an chumhacht chun faisnéis agus sonraí a iarraidh, cigireachtaí ar an láthair agus cigireachtaí lasmuigh den láthair a dhéanamh agus iarraidh ar CPL údaraithe ceartúcháin a dhéanamh, orduithe agus treoracha a eisiúint, aitheasc a thabhairt don Ionchúisitheoir má thagann CMF ar aon eolas a d’fhéadfadh a bheith bainteach le cion coiriúil, pionóis a fhorchuir ar an CPL, fíneáil a chur ar na stiúrthóirí agus ar na bainisteoirí, oibríochtaí CPL a chur ar fionraí nó údarú an CPL a tharraingt siar. Thairis sin, ní mór do CPLanna féinmheasúnú a dhéanamh ar a gcomhlíontacht le PFMI agus tuarascáil ina thaobh a sheachadadh do CMF, is tuarascáil a fhoilsítear. Go ginearálta, i gcomhréir le hAirteagal 5 de Dhlí Uimh. 21.000, tá an chumhacht ag CMF chun na bearta coisctheacha agus ceartaitheacha dá bhforáiltear sa dlí a ghlacadh, ar bearta iad a meastar go bhfuil gá leo chun a chuspóirí a shaothrú |
|
(14) |
Is é conclúid an Choimisiúin go bhforáiltear leis na socruithe dlíthiúla agus maoirseachta i leith CPLanna atá údaraithe sa tSile maidir le maoirseacht agus forfheidhmiú éifeachtach ar bhonn leanúnach. |
|
(15) |
I gcomhréir le hAirteagal 25(6), pointe (c), de Rialachán (AE) Uimh. 648/2012, le creat dlíthiúil tríú tír, ní mór foráil a dhéanamh maidir le córas coibhéiseach éifeachtach chun aitheantas a thabhairt do CPLanna atá údaraithe faoi chórais dlí tríú tír (“CPLanna tríú tír”). |
|
(16) |
Sa tSile, i gcomhréir le Ciorclán uimh. 2.311 de 2022, is é atá in “CPL tríú tír coibhéiseach” CPL a oibríonn i ndlínse ina dtugann CMF comhlíontacht ábhair le PFMI faoi deara, is CPL atá faoi réir maoirseacht éifeachtach agus lena bhfuil socrú comhair idir an maoirseoir tríú tír agus CMF ann. CPLanna tríú tír a n-aithníonn CMF iad mar CPLanna tríú tír coibhéiseacha, tá siad ina gcuid de thaifead poiblí a ndéantar measúnú air uair sa bhliain ar a laghad chun an chomhlíontacht le PFMI a sheiceáil. CPLanna tríú tír nach n-aithníonn CMF iad mar CPLanna tríú tír coibhéiseacha, féadfar seirbhísí imréitigh a sholáthar do bhainc na Sile leo freisin. Mar sin féin, neamhchosaintí bhainc na Sile ar CPLanna tríú tír coibhéiseacha, cé go mbaineann siad leas as láimhseáil fhabhrach caipitil i gcomhréir le Ciorclán uimh. 2.311, risíochtaí i dtreo CPLanna tríú tír a meastar nach CPLanna tríú tír coibhéiseacha iad, cuirtear ualú riosca pionósach de 1 250 % i bhfeidhm orthu. Go praiticiúil, ualú riosca chomh hard sin le haghaidh CPLanna tríú tír nach CPLanna tríú tír coibhéiseacha iad, tá sé toirmeascach agus is beag banc Sileach, más ann dóibh ar chor ar bith, ar féidir coinne a bheith leis go n-imréiteodh sé ag CPLanna tríú tír nach CPLanna tríú tír coibhéiseacha iad. Thairis sin, dá gcinnfeadh bainc na Sile ar aon chaoi go n-imréiteoidís in CPL tríú tír nach CPL tríú tír coibhéiseach é, maolófaí aon riosca a bhaineann lena neamhchosaintí ag an ualú riosca ard. I bhfianaise na láimhseála caipitil is infheidhme maidir le neamhchosaintí ar CPLanna nach CPLanna coibhéiseacha iad faoi Chiorclán uimh. 2.311, is féidir a mheas go soláthraítear le córas na Sile córas coibhéiseach éifeachtach chun aitheantas a thabhairt do CPLanna tríú tír. |
|
(17) |
Is é conclúid an Choimisiúin go ndéantar foráil le creat dlíthiúil na Sile maidir le córas coibhéiseach éifeachtach chun aitheantas a thabhairt do CPLanna tríú tír. |
|
(18) |
Measann an Coimisiún, dá bhrí sin, go gcomhlíonann socruithe dlíthiúla agus maoirseachta na Sile is infheidhme maidir le CPLanna na coinníollacha a leagtar síos in Airteagal 25(6) de Rialachán (AE) Uimh. 648/2012. Ba cheart a mheas go bhfuil na socruithe dlíthiúla agus maoirseachta sin coibhéiseach leis na ceanglais a leagtar síos sa Rialachán sin dá réir sin. |
|
(19) |
Tá an Cinneadh seo bunaithe ar na ceanglais atá ceangailteach ó thaobh an dlí de agus a bhfuil feidhm acu maidir le CPLanna sa tSile tráth a ghlacfar an Cinneadh seo. Leanfaidh an Coimisiún, inter alia ar fhaisnéis ón Údarás Eorpach um Urrúis agus Margaí mar a cheanglaítear le hAirteagal 25(6b) de Rialachán (AE) Uimh. 648/2012, d’fhaireachán a dhéanamh ar bhonn rialta ar éabhlóid an chreata dhlíthiúil agus maoirseachta is infheidhme maidir le CPLanna sa tSile agus ar chomhlíonadh na gcoinníollacha ar an mbonn ar a ndearnadh an Cinneadh seo. |
|
(20) |
Féadfaidh an Coimisiún, i bhfianaise na dtorthaí a thiocfaidh as athbhreithniú tráthrialta nó sonrach, cinneadh a dhéanamh an Cinneadh seo a leasú nó a aisghairm tráth ar bith, go háirithe i gcás ina ndéanfaidh forbairtí difear do na coinníollacha arb iad is bonn do ghlacadh an Chinnidh seo. |
|
(21) |
Tá na bearta dá bhforáiltear sa Chinneadh seo i gcomhréir le tuairim ón gCoiste Eorpach um Urrúis, |
TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
Chun críocha Airteagal 25(6) de Rialachán (AE) Uimh. 648/2012, socruithe dlíthiúla agus maoirseachta na Sile, arb é atá ann Dlí uimh. 20.345 de 2009 mar a chomhlánaítear leis na rialacha ginearálta (Normas de Caracter General) agus ciorcláin a d’eisigh an Comisiόn para el Mercado Financiero agus atá infheidhme maidir le contrapháirtithe lárnacha, measfar iad a bheith coibhéiseach leis na ceanglais a leagtar síos i Rialachán (AE) Uimh. 648/2012.
Airteagal 2
Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
Arna dhéanamh sa Bhruiséil, 8 Meitheamh 2022.
Thar ceann an Choimisiúin
An tUachtarán
Ursula VON DER LEYEN
(1) IO L 201, 27.7.2012, lch. 1.
(2) Diario Oficial de la Republica de Chile, Núm. 39.380, 6 Meitheamh 2009.
(3) An Coiste um Íocaíochtaí agus um Bonneagar Margaidh, Páipéar Uimh. 101 an 16 Aibreán 2012.
(4) Diario Oficial de la Republica de Chile, I Sección, Núm. 41.692, 23 Feabhra 2017.