An Bhruiséil,4.2.2025

COM(2025) 31 final

2025/0013(NLE)

Togra le haghaidh

CINNEADH ÓN gCOMHAIRLE

maidir leis an seasamh atá le glacadh thar ceann an Aontais Eorpaigh san Fhóram Domhanda um Chomhchuibhiú Rialachán maidir le Feithiclí faoi choimirce Choimisiún Eacnamaíochta na Náisiún Aontaithe don Eoraip a mhéid a bhaineann le tograí mhí an Mhárta 2025 le haghaidh rialacháin ó na Náisiúin Aontaithe


MEABHRÁN MÍNIÚCHÁIN

1.ÁBHAR AN TOGRA

Is togra é seo le haghaidh cinneadh lena leagtar síos an seasamh atá le glacadh thar ceann an Aontais Eorpaigh san Fhóram Domhanda um Chomhchuibhiú Rialachán maidir le Feithiclí faoi choimirce Choimisiún Eacnamaíochta na Náisiún Aontaithe don Eoraip (WP.29) maidir le modhnuithe ar rialacháin ó na Náisiúin Aontaithe atá ann cheana a ghlacadh.

2.COMHTHÉACS AN TOGRA

2.1.Comhaontú Athbhreithnithe 1958 agus an Comhaontú Comhthreomhar

Tá dhá chomhaontú i bhfeidhm chun ceanglais chomhchuibhithe a fhorbairt chun deireadh a chur leis na bacainní teicniúla ar thrádáil mótarfheithiclí idir páirtithe conarthacha Choimisiún Eacnamaíochta na Náisiún Aontaithe don Eoraip (CEE-NA), agus chun a áirithiú go gcuirtear ardleibhéal sábháilteachta agus cosanta comhshaoil ar fáil le mótarfheithiclí. Seo iad a leanas:

–Comhaontú CEE-NA maidir le glacadh saintreoracha teicniúla aonfhoirmeacha maidir le feithiclí rothacha, trealamh agus páirteanna is féidir a fheistiú agus/nó a úsáid ar fheithiclí rothacha agus na coinníollacha maidir le ceadanna arna ndeonú ar bhonn na saintreoracha sin a aithint go frithpháirteach (‘Comhaontú Athbhreithnithe 1958’); agus

–an Comhaontú maidir le rialacháin theicniúla dhomhanda a bhunú maidir le feithiclí rothacha, trealamh agus páirteanna is féidir a fheistiú agus/nó a úsáid ar fheithiclí rothacha (‘an Comhaontú Comhthreomhar’).

Tháinig na comhaontuithe i bhfeidhm maidir leis an Aontas Eorpach an 24 Márta 1998 agus an 15 Feabhra 2000 faoi seach. Is é WP.29 a dhéanann maoirseacht ar an obair a bhaineann leis na Comhaontuithe sin.

2.2.An Fóram Domhanda um Chomhchuibhiú Rialachán maidir le Feithiclí, ar fóram de chuid Choimisiún Eacnamaíochta na Náisiún Aontaithe don Eoraip é

Cuireann WP.29 creat uathúil ar fáil chun rialacháin maidir le feithiclí a chomhchuibhiú ar bhonn domhanda. Is meitheal bhuan é WP.29 i gcreat institiúideach na Náisiún Aontaithe, agus tá sainordú sonrach agus rialacha sonracha nós imeachta sonracha aige. Feidhmíonn sé mar fhóram domhanda inar féidir plé oscailte a dhéanamh ar rialacháin maidir le mótarfheithiclí agus ar chur chun feidhme Chomhaontú Athbhreithnithe 1958 agus an Chomhaontaithe Chomhthreomhair. Aon bhallstát de na Náisiún Aontaithe agus aon eagraíocht réigiúnach um chomhtháthú eacnamaíoch, arna bunú ag ballstáit de chuid na Náisiún Aontaithe, féadfaidh an ballstát nó an eagraíocht sin a bheith rannpháirteach go hiomlán i ngníomhaíochtaí WP.29 agus a bheith ina pháirtí nó páirtí conarthach sna Comhaontuithe maidir le feithiclí a ndéanann WP.29 maoirseacht orthu. Tá an tAontas Eorpach ina pháirtí sna Comhaontuithe sin 1 .

Tagann WP.29 CEE-NA le chéile trí huaire sa bhliain, is é sin i mí an Mhárta, i mí an Mheithimh agus i mí na Samhna. Chun an dul chun cinn teicniúil a chur san áireamh, féadfaidh WP.29 na nithe seo a leanas a ghlacadh ag gach cruinniú:

rialacháin nua ó na Náisiúin Aontaithe;

rúin nua ó na Náisiúin Aontaithe;

rialacháin theicniúla dhomhanda nua ó na Náisiúin Aontaithe (RTDanna ó na Náisiúin Aontaithe);

modhnuithe ar rialacháin agus rúin ó na Náisiúin Aontaithe faoi Chomhaontú Athbhreithnithe 1958; agus

modhnuithe ar RTDanna ó na Náisiúin Aontaithe agus ar rúin faoin gComhaontú Comhthreomhar.

Roimh gach cruinniú de chuid WP.29, déanann fochomhlachtaí tiomnaithe de chuid WP.29 na modhnuithe sin a phlé ar an leibhéal teicniúil.

Ina dhiaidh sin, is féidir le WP.29 tograí a ghlacadh ar na bealaí seo a leanas:

trí thromlach cáilithe na bpáirtithe conarthacha atá i láthair agus a chaitheann vóta i leith tograí faoi Chomhaontú Athbhreithnithe 1958; nó

trí vóta comhthola na bpáirtithe conarthacha atá i láthair agus a chaitheann vóta i leith tograí faoin gComhaontú Comhthreomhar.

Roimh gach cruinniú a bhíonn ag WP.29, leagtar síos le Cinneadh ón gComhairle faoi Airteagal 218(9) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (CFAE) an seasamh atá le glacadh thar ceann an Aontais maidir leis na nithe seo a leanas:

rialacháin nua ó na Náisiúin Aontaithe, RTDanna nua ó na Náisiúin Aontaithe agus rúin nua ó na Náisiúin Aontaithe; agus

leasuithe, forlíontaí agus ceartúcháin ar rialacháin ó na Náisiúin Aontaithe, ar RTDanna ó na Náisiúin Aontaithe agus ar rúin ó na Náisiúin Aontaithe.

2.3.An gníomh atá beartaithe ag WP.29

Ón 4 go dtí an 7 Márta 2025, le linn an 194ú seisiún de chuid WP.29, féadfaidh sé an méid seo a leanas a ghlacadh:

tograí le haghaidh modhnuithe ar Rialacháin Uimh. 13, 39, 48, 49, 79, 83, 92, 96, 100, 105, 116, 124, 138, 148, 149, 152, 158, 161, 162, 163, 168, agus 171 ó na Náisiúin Aontaithe;

togra le haghaidh rialachán nua ó na Náisiúin Aontaithe maidir le cumhacht chórais feithiclí leictreacha hibrideacha agus feithiclí fíorleictreacha ina bhfuil níos mó ná meaisín leictreach amháin le haghaidh tiomána a chinneadh; agus

togra le haghaidh leasú ar an rún comhdhlúite maidir leis an tsonraíocht choiteann le haghaidh catagóirí foinsí solais.

3.AN SEASAMH ATÁ LE GLACADH THAR CEANN AN AONTAIS

Le córas WP.29, neartaítear comhchuibhiú idirnáisiúnta na gcaighdeán maidir le feithiclí. Tá ról ríthábhachtach ag Comhaontú Athbhreithnithe 1958 ó thaobh an cuspóir sin a bhaint amach. Is féidir le monaróirí an Aontais tacar coiteann de rialacháin chineálcheadaithe a úsáid agus a fhios acu go n‑aithneoidh páirtithe conarthacha go gcomhlíonann táirgí na monaróirí sin a reachtaíocht náisiúnta.

Mar thoradh air sin, bhíothas in ann breis agus 50 treoir ón Aontas Eorpach a aisghairm le Rialachán (CE) Uimh. 661/2009 i ndáil le sábháilteacht ghinearálta mótarfheithiclí, agus rialacháin chomhfhreagracha a forbraíodh faoi Chomhaontú Athbhreithnithe 1958 a chur ina n‑ionad.

Déantar de réir cur chuige dá leithéid i Rialachán (AE) 2018/858 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle 2 . Leagtar síos leis forálacha riaracháin agus ceanglais theicniúla maidir le cineálcheadú agus cur ar an margadh gach feithicle nua, gach córais nua, gach comhpháirte nua agus gach aonaid theicniúil ar leithligh nua. Leis an Rialachán sin déantar rialacháin arna nglacadh faoi Chomhaontú Athbhreithnithe 1958 a ionchorprú i gcóras cineálcheadaithe an Aontais, ina gceanglais maidir le cineálcheadú nó ina roghanna malartacha ar reachtaíocht an Aontais.

A luaithe a ghlacann WP.29 togra le haghaidh rialachán nua ó na Náisiúin Aontaithe nó le haghaidh modhnuithe ar rialachán ó na Náisiúin Aontaithe atá ann cheana, tugann Rúnaí Feidhmiúcháin CEE-NA fógra faoin ngníomh comhfhreagrach do na páirtithe conarthacha. Mura ndéanfaidh mionlach blocála de pháirtithe conarthacha agóid laistigh de 6 mhí, tiocfaidh an gníomh i bhfeidhm. Ansin, is féidir le gach páirtí conarthach an gníomh a thrasuí ina rialacha náisiúnta infheidhme. San Aontas Eorpach, is trí fhoilsiú an ghnímh in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh a thugtar an próiseas trasuímh chun críche.

Ní mór seasamh an Aontais a leagan síos i ndáil leis na gníomhartha seo a leanas:

–tograí le haghaidh modhnuithe ar rialacháin Uimh. 13, 39, 48, 49, 79, 83, 92, 96, 100, 105, 116, 124, 138, 148, 149, 152, 158, 161, 162, 163, 168 agus 171 ó na Náisiúin Aontaithe chun forálacha maidir leis an méid seo a leanas a thabhairt cothrom le dáta:

–coscánú feithiclí troma - is é is aidhm do na leasuithe atá beartaithe na ceanglais i ndáil le coscán buanseasmhachta a leasú, lena gcumhdaítear mais an chónaisc feithiclí iomláin (i.e. feithicil tarraingthe agus leantóir). Tá sé d’aidhm ag na leasuithe atá beartaithe freisin ceanglais an chórais coscáin láimhe is infheidhme maidir le feithiclí cumhacht‑thiomáinte a cheartú:

–trealamh luasmhéadair agus odaiméadair lena n‑áirítear a shuiteáil - is é is aidhm do na leasuithe atá beartaithe na ceanglais atá ann cheana maidir le hodaiméadair a thabhairt cothrom le dáta chun forálacha a chur san áireamh maidir leis an méid seo a leanas: (a) cruinneas na luachanna míleáiste odaiméadair ar bord, (b) frithchrioscaíl na luachanna míleáiste odaiméadair ar bord agus (c) cruinneas agus frithchrioscaíl na luachanna míleáiste odaiméadair a thaispeántar don tiománaí;

–suiteáil gaireas soilsiúcháin agus gaireas solaschomharthaíochta - leis na leasuithe atá beartaithe féachtar leis na ceanglais maidir le hinfheictheacht an tsolais dheirg i dtreo thosach na feithicle agus/nó an tsolais bháin i dtreo chúl na feithicle a ailíniú le sraith leasuithe 01 ar Rialacháin Uimh. 148 agus 149 ó na Náisiúin Aontaithe. Tá sé d’aidhm ag na leasuithe atá beartaithe na ceanglais maidir le feithiclí eisbhóthair a shoiléiriú agus a ailíniú i dtaobh chlaonadh ingearach an léis tardhula ag brath ar airde gléasta na gceannlampaí. Leis na leasuithe atá beartaithe, tugtar isteach freisin patrún nua le haghaidh na conaire tuartha mar chuid de na réamh-mheastacháin cúnaimh tiománaí agus cuirtear feabhas ar na ceanglais maidir le teip a bhrath agus comharthaíocht a dhéanamh chun an dul chun cinn teicneolaíoch san iliomad foinsí solais a léiriú. Leis na leasuithe atá beartaithe, tugtar na ceanglais maidir le flosc lonrúil oibiachtúil iomlán a bhaineann le foinse solais amháin nó níos mó ná sin nó le modúil foinse solais amháin nó níos mó ná sin le haghaidh léas maolaithe;

–astaíochtaí ó innill adhainte comhbhrú agus ó innill adhainte deimhní (LPG agus CNG) - leis na leasuithe atá beartaithe féachtar le ceartúcháin eagarthóireachta a sholáthar;

–trealamh stiúrtha - is é is aidhm do na leasuithe atá beartaithe ceanglais áirithe ceadaithe a eisiamh le haghaidh catagóirí breise feidhmeanna stiúrtha uathrialaitheacha, iad siúd a chumhdaítear cheana féin le Rialachán Uimh. 171 ó na Náisiúin Aontaithe;

–astaíochtaí ó fheithiclí M1 agus N1 - leis na leasuithe atá beartaithe féachtar le ceartúcháin eagarthóireachta a sholáthar;

–córais tosta sceite athsholáthair le haghaidh gluaisrothar - is é is aidhm do na leasuithe atá beartaithe feabhas a chur ar na ceanglais lena gcuirtear cosc ar chrioscaíl le córais tosta sceite athsholáthair neamhbhunaidh;

–ceadú na n‑inneall atá le suiteáil i dtarracóirí talmhaíochta agus foraoiseachta agus in innealra soghluaiste nach innealra bóthair é maidir le hastaíochtaí truailleán ón inneall - leis na leasuithe atá beartaithe féachtar le ceartúcháin eagarthóireachta a sholáthar;

–feithiclí a bhfuil gléasra cumhachta leictreach iontu - is é is aidhm do na leasuithe atá beartaithe forálacha nua a thabhairt isteach maidir le cóireáil airíonna intleachtúla monaróirí agus feabhas a chur ar na ceanglais maidir le forleathadh teirmeach agus ceadú feithiclí faoi thiomáint leictreach;

–feithiclí chun earraí contúirteacha a iompar - is é is aidhm do na leasuithe atá beartaithe téacs Rialachán Uimh. 105 ó na Náisiúin Aontaithe a ailíniú leis an leagan is déanaí den Chomhaontú maidir le hiompar idirnáisiúnta earraí contúirteacha de bhóthar;

–córais frithghadaíochta agus córais aláraim - is é is aidhm do na leasuithe atá beartaithe téacs Rialachán Uimh. 116 ó na Náisiúin Aontaithe a ailíniú le ceanglais theicniúla Rialachán Uimh. 10 ó na Náisiúin Aontaithe i Rialachán Uimh. 157 ó na Náisiúin Aontaithe;

–rothaí ionadaíocha le haghaidh gluaisteáin paisinéirí - leis na leasuithe atá beartaithe féachtar le soiléiriú a dhéanamh ar chuid d’fhorálacha Rialachán Uimh. 124 ó na Náisiúin Aontaithe maidir le tástáil rothaí cóimhiotail alúmanaim agus cóimhiotail maignéisiam;

–feithiclí ciúine iompair ar bhóthar - is é is aidhm do na leasuithe atá beartaithe na ceanglais a shoiléiriú maidir leis an gceanglas maidir leis an bhfuaimbhrú uasta ag plána tosaigh na feithicle chun cúlú;

–gairis solaschomharthaíochta - is é is aidhm don leasú atá beartaithe tagairt mhícheart a cheartú maidir le méid marcála ceadaithe lampa comharthaíochta solais aonair a chinneadh;

–gairis soilsiúcháin bóthair - tá sé d’aidhm ag na leasuithe atá beartaithe ceanglais áirithe maidir le tomhas fótaiméadrach a cheartú le haghaidh ceannlampaí léis tardhula, lena n‑áirítear leasú a dhéanamh ar na ceanglais maidir le teip a bhrath agus ar na ceanglais maidir le comharthaíocht chun dul chun cinn teicneolaíoch san iliomad foinsí solais a léiriú. Tá sé d’aidhm freisin ag na leasuithe atá beartaithe líon áirithe luachanna déine lonrúla uasta a cheartú sna táblaí comhréireachta táirgeachta;

–ardchóras coscánaithe éigeandála (AEBS) le haghaidh M1/N1 - leis na leasuithe atá beartaithe féachtar le forálacha a thabhairt isteach, bunaithe ar chineálcheadú feithiclí iomlána an Aontais, maidir le tástáil fhíorúil a úsáid mar mhalairt ar thástálacha fisiceacha i Rialachán Uimh. 152 ó na Náisiúin Aontaithe;

–gluaiseacht chúlaithe - is é is aidhm do na leasuithe atá beartaithe coinníollacha tástála an cheamara cúil agus an chórais braite a shoiléiriú;

–gairis i gcoinne úsáid neamhúdaraithe - is é is aidhm do na leasuithe atá beartaithe téacs Rialachán Uimh. 161 ó na Náisiúin Aontaithe a ailíniú le ceanglais theicniúla Rialachán Uimh. 10 ó na Náisiúin Aontaithe i Rialachán Uimh. 157 ó na Náisiúin Aontaithe;

–baic dhúisithe - is é is aidhm do na leasuithe atá beartaithe téacs Rialachán Uimh. 162 ó na Náisiúin Aontaithe a ailíniú le ceanglais theicniúla Rialachán Uimh. 10 ó na Náisiúin Aontaithe i Rialachán Uimh. 157 ó na Náisiúin Aontaithe;

–córais aláraim feithicle - is é is aidhm do na leasuithe atá beartaithe téacs Rialachán Uimh. 163 ó na Náisiúin Aontaithe a ailíniú le ceanglais theicniúla Rialachán Uimh. 10 ó na Náisiúin Aontaithe i Rialachán Uimh. 157 ó na Náisiúin Aontaithe;

–astaíochtaí domhanda fíorthiomána (RDE domhanda) - leis na leasuithe atá beartaithe féachtar le soiléiriú a dhéanamh ar an ngá atá le hanailís ar shonraí tástála trí phas agus ceithre phas a úsáid, ag brath ar chineál breosla an innill (díosal nó peitreal). Tá sé d’aidhm ag na ceanglais atá beartaithe freisin forálacha an cheartúcháin ar thiúchan agus astaíochtaí an chórais iniompartha chun astaíochtaí a thomhas (PEMS) a ailíniú leis na forálacha i Rialachán Uimh. 49 ó na Náisiúin Aontaithe; agus

–córais um chúnamh rialúcháin don tiománaí (CCRT) - is é is aidhm do na ceanglais atá beartaithe forálacha nua a thabhairt isteach chun gur féidir inlíochtaí córastionscanta a thacaíonn le CCRT a rialáil agus/nó iarrataí maidir le lámha ar an rialtán stiúrtha a scipeáil; agus

–togra le haghaidh:

–rialachán nua ó na Náisiúin Aontaithe maidir le cumhacht chórais feithiclí leictreacha hibrideacha agus feithiclí fíorleictreacha ina bhfuil níos mó ná meaisín leictreach amháin le haghaidh tiomána a chinneadh - tá sé beartaithe leis an togra seo le haghaidh rialachán nua ceanglais RTD Uimh. 21 ó na Náisiúin Aontaithe a thrasuí.

Tá sé beartaithe ag WP.29 vótáil ar na tograí sin ag an gcruinniú a bheidh aige ón 4 go dtí an 7 Márta 2025.

Ina theannta sin, ní mór seasamh an Aontais a leagan síos maidir leis na nithe seo a leanas:

–togra le haghaidh leasú ar an rún comhdhlúite maidir leis an tsonraíocht choiteann le haghaidh catagóirí foinse solais - is é is aidhm do na leasuithe atá beartaithe na catagóirí foinsí solais dé-óide astaithe solais nua LW7A agus LW7B a thabhairt isteach.

Ba cheart don Aontas tacú leis na gníomhartha thuasluaite ós rud é go bhfuil siad i gcomhréir lena bheartas maidir leis an margadh inmheánach i dtaca leis an earnáil mótarfheithiclí maidir le sábháilteacht, uathoibriú agus astaíochtaí, agus i gcomhréir freisin lena bheartais maidir leis an ngeopholaitíocht, leis an iompar, leis an aeráid agus leis an bhfuinneamh.

Imríonn na gníomhartha sin uile tionchar an‑dearfach ar iomaíochas earnáil mótarfheithiclí an Aontais agus ar an trádáil idirnáisiúnta. Rachadh vóta i bhfabhar na ngníomhartha sin chun sochair don dul chun cinn teicneolaíoch, sholáthródh sé barainneachtaí scála, sheachnódh sé ilroinnt an mhargaidh inmheánaigh agus d’áiritheodh sé go gcuirfí caighdeáin chomhionanna maidir le mótarfheithiclí i bhfeidhm go haonfhoirmeach ar fud an Aontais.

Níl saineolas seachtrach ábhartha i gcás an togra seo. Rinne an Coiste Teicniúil um Mótarfheithiclí athbhreithniú ar an togra seo, áfach.

4.BUNÚS DLÍ

4.1.Bunús dlí leis an nós imeachta

4.1.1.Prionsabail

In Airteagal 218(9) CFAE sonraítear go nglacann an Chomhairle cinntí lena mbunaítear ‘na seasaimh a ghlacfar thar ceann an Aontais i gcomhlacht arna chur ar bun le comhaontú nuair a iarrtar ar an gcomhlacht sin gníomhartha a ghlacadh a bhfuil éifeachtaí dlíthiúla leo, seachas gníomhartha lena bhforlíonfar nó lena leasófar creat institiúideach an chomhaontaithe.’

Cuimsítear sa choincheap ‘gníomhartha a bhfuil éifeachtaí dlíthiúla leo’ gníomhartha a bhfuil éifeachtaí dlíthiúla leo mar gheall ar na rialacha dlí idirnáisiúnta lena rialaítear an comhlacht atá i gceist. Cuimsítear freisin sa choincheap ‘gníomhartha a bhfuil éifeachtaí dlíthiúla leo’ ionstraimí nach bhfuil éifeacht cheangailteach leo faoin dlí idirnáisiúnta, ach a d’fhéadfadh ‘tionchar cinntitheach a imirt ar inneachar na reachtaíochta a ghlacfaidh reachtóir an Aontais Eorpaigh’ 3 .

4.1.2.Feidhm maidir leis an gcás seo

Is comhlacht é WP.29 ina bpléann páirtithe conarthacha CEE-NA cur chun feidhme Chomhaontú Athbhreithnithe 1958 agus an Chomhaontaithe Chomhthreomhair.

Na gníomhartha a iarrtar ar WP.29 a ghlacadh, is gníomhartha iad a bhfuil éifeachtaí dlíthiúla leo.

Na rialacháin ó na Náisiúin Aontaithe a leagtar amach sa ghníomh atá beartaithe, beidh siad ina gceangal ar an Aontas. In éineacht leis an rún ó na Náisiúin Aontaithe agus na RTDanna ó na Náisiúin Aontaithe, beidh siad in ann tionchar cinntitheach a imirt ar inneachar reachtaíocht an Aontais i réimse an chineálcheadaithe feithiclí.

Leis na gníomhartha atá beartaithe, ní dhéantar creat institiúideach an Chomhaontaithe a fhorlíonadh ná a leasú.

Dá bhrí sin, is é Airteagal 218(9) CFAE is bunús dlí nós imeachta don chinneadh atá beartaithe.

4.2.Bunús dlí substainteach

4.2.1.    Prionsabail

An bunús dlí substainteach atá le cinneadh faoi Airteagal 218(9) CFAE, braitheann sé go príomha ar chuspóir agus ar inneachar an ghnímh atá beartaithe a nglacfar seasamh thar ceann an Aontais ina leith.

Féadfaidh dhá aidhm nó dhá chomhpháirt a bheith i gceist le gníomh atá beartaithe, ar féidir ceann amháin díobh a shainaithint mar phríomhaidhm nó mar phríomh-chomhpháirt agus an ceann eile mar aidhm nó mar chomhpháirt theagmhasach. Sa chás seo, ní mór an cinneadh faoi Airteagal 218(9) CFAE a bhunú ar bhunús dlí substainteach aonair, is é sin an bunús dlí substainteach atá leis an bpríomhaidhm nó leis an bpríomh-chomhpháirt.

4.2.2. Feidhm maidir leis an gcás seo

Comhfhogasú dlíthe atá i bpríomhchuspóir agus ábhar an ghnímh atá beartaithe. Dá bhrí sin, is é Airteagal 114 CFAE bunús dlí substainteach an chinnidh atá beartaithe.

4.3.Conclúid

Is é an bunús dlí ba cheart a bheith leis an gcinneadh atá beartaithe Airteagal 114 CFAE, arna léamh i gcomhar le hAirteagal 218(9) CFAE.

2025/0013 (NLE)

Togra le haghaidh

CINNEADH ÓN gCOMHAIRLE

maidir leis an seasamh atá le glacadh thar ceann an Aontais Eorpaigh san Fhóram Domhanda um Chomhchuibhiú Rialachán maidir le Feithiclí faoi choimirce Choimisiún Eacnamaíochta na Náisiún Aontaithe don Eoraip a mhéid a bhaineann le tograí mhí an Mhárta 2025 le haghaidh rialacháin ó na Náisiúin Aontaithe

TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 114, arna léamh i gcomhar le hAirteagal 218(9) de,

Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)Le Cinneadh 97/836/CE ón gComhairle 4 , d’aontaigh an tAontas Eorpach do Chomhaontú Choimisiún Eacnamaíochta na Náisiún Aontaithe don Eoraip (CEE-NA) maidir le saintreoracha teicniúla aonfhoirmeacha a ghlacadh i dtaca le feithiclí rothacha, agus trealamh agus páirteanna is féidir a fheistiú agus/nó a úsáid ar fheithiclí rothacha, agus maidir leis na coinníollacha i ndáil le haitheantas frithpháirteach le haghaidh ceaduithe a dheonaítear ar bhonn na saintreoracha sin (‘Comhaontú Athbhreithnithe 1958’). Tháinig Comhaontú Athbhreithnithe 1958 i bhfeidhm an 24 Márta 1998.

(2)Le Cinneadh 2000/125/CE ón gComhairle 5 , d’aontaigh an tAontas don Chomhaontú maidir le rialacháin theicniúla dhomhanda a leagan síos i dtaca le feithiclí rothacha, agus trealamh agus páirteanna is féidir a fheistiú agus/nó a úsáid ar fheithiclí rothacha (‘an Comhaontú Comhthreomhar’). Tháinig an Comhaontú Comhthreomhar i bhfeidhm an 15 Feabhra 2000.

(3)I Rialachán (AE) 2018/858 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle 6 , leagtar síos forálacha riaracháin agus ceanglais theicniúla maidir le cineálcheadú agus cur ar an margadh gach feithicle nua, gach córais nua, gach comhpháirte nua agus gach aonaid theicniúil ar leithligh nua. Leis an Rialachán sin déantar rialacháin arna nglacadh faoi Chomhaontú Athbhreithnithe 1958 (‘Rialacháin ó na Náisiúin Aontaithe’) a ionchorprú i gcóras cineálcheadaithe an Aontais, ina gceanglais maidir le cineálcheadú nó ina roghanna malartacha ar reachtaíocht an Aontais.

(4)De bhun Airteagal 1 de Chomhaontú Athbhreithnithe 1958 agus Airteagal 6 den Chomhaontú Comhthreomhar, féadfaidh Fóram Domhanda CEE-NA um Chomhchuibhiú Rialachán maidir le Feithiclí (WP.29) tograí a ghlacadh le haghaidh modhnuithe ar rialacháin ó na Náisiúin Aontaithe, ar rialacháin theicniúla dhomhanda (RTDanna) ó na Náisiúin Aontaithe agus ar rúin ó na Náisiúin Aontaithe, agus tograí a ghlacadh le haghaidh rialacháin nua ó na Náisiúin Aontaithe, RTDanna nua ó na Náisiúin Aontaithe agus rúin nua ó na Náisiúin Aontaithe maidir le ceadú feithiclí. Thairis sin, de bhun na bhforálacha sin, féadfaidh WP.29 tograí a ghlacadh le haghaidh údaruithe chun leasuithe ar RTDanna ó na Náisiúin Aontaithe a fhorbairt nó chun RTDanna nua ó na Náisiúin Aontaithe a fhorbairt, agus féadfaidh sé tograí a ghlacadh chun síneadh a chur leis na sainorduithe le haghaidh RTDanna ó na Náisiúin Aontaithe.

(5)Ón 4 go dtí an 7 Márta 2025, le linn an 195ú seisiún den Fhóram Domhanda um Chomhchuibhiú Rialachán maidir le Feithiclí, féadfaidh WP.29 an méid seo a leanas a ghlacadh: tograí le haghaidh modhnuithe ar Rialacháin Uimh. 13, 39, 48, 49, 79, 83, 92, 96, 100, 105, 116, 124, 138, 148, 149, 152, 158, 161, 162, 163, 168, agus 171 ó na Náisiúin Aontaithe; togra le haghaidh rialachán nua ó na Náisiúin Aontaithe maidir le cumhacht chórais feithiclí leictreacha hibrideacha agus feithiclí fíorleictreacha ina bhfuil níos mó ná meaisín leictreach amháin le haghaidh tiomána a chinneadh; agus togra le haghaidh leasú ar an rún comhdhlúite maidir leis an tsonraíocht choiteann le haghaidh catagóirí foinsí solais.

(6)Beidh na rialacháin ó na Náisiúin Aontaithe ina gceangal ar an Aontas. In éineacht leis an rún ó na Náisiúin Aontaithe, imreoidh siad tionchar ar inneachar reachtaíocht an Aontais i réimse an chineálcheadaithe feithiclí. Dá bhrí sin, an seasamh atá le glacadh thar ceann an Aontais in WP.29 a mhéid a bhaineann le glacadh na dtograí sin, is iomchuí é a bhunú.

(7)Chun an taithí allamuigh agus na forbairtí teicniúla a léiriú le linn an phróisis cineálcheadaithe a léiriú, maidir leis na ceanglais le haghaidh gnéithe áirithe a chumhdaítear le Rialacháin Uimh. 13, 39, 48, 49, 79, 83, 92, 96, 100, 105, 116, 124, 138, 148, 149, 152, 158, 161, 162, 163, 168 agus 171 ó na Náisiúin Aontaithe; agus an rún comhdhlúite maidir leis an tsonraíocht choiteann le haghaidh catagóirí foinsí solais, ní mór iad a leasú nó a fhorlíonadh.

(8)Chun dul chun cinn teicneolaíoch a éascú agus chun soghluaisteacht ghlan a chur chun cinn, ní mór rialachán nua ó na Náisiúin Aontaithe a ghlacadh maidir le cumhacht chórais feithiclí leictreacha hibrideacha agus feithiclí fíorleictreacha ina bhfuil níos mó ná meaisín leictreach amháin le haghaidh tiomána a chinneadh.

(9)Tá na tograí sin i gcomhréir le treoshuíomhanna beartais straitéiseacha an Aontais maidir leis an earnáil mótarfheithiclí.

TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Vótáil i bhfabhar na dtograí a liostaítear san Iarscríbhinn a ghabhann leis an gCinneadh seo, is é sin an seasamh atá le glacadh thar ceann an Aontais san Fhóram Domhanda um Chomhchuibhiú Rialachán maidir le Feithiclí le linn an 195ú seisiún den fhóram sin, a thionólfar idir an 4 agus an 7 Márta 2025.

Airteagal 2

Is chuig an gCoimisiún a dhírítear an Cinneadh seo.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil,

   Thar ceann na Comhairle

   An tUachtarán

(1)    Cinneadh 97/836/CE ón gComhairle an 27 Samhain 1997 d’fhonn go n‑aontóidh an Comhphobal Eorpach do Chomhaontú Choimisiún Eacnamaíochta na Náisiún Aontaithe don Eoraip maidir le saintreoracha teicniúla aonfhoirmeacha a ghlacadh i dtaca le feithiclí rothacha, agus trealamh agus páirteanna is féidir a fheistiú agus/nó a úsáid ar fheithiclí rothacha, agus maidir leis na coinníollacha i ndáil le haitheantas frithpháirteach le haghaidh ceaduithe a dheonaítear ar bhonn na saintreoracha sin (‘Comhaontú Leasaithe 1958’) (IO L 346, 17.12.1997, lch. 78).Cinneadh 2000/125/CE ón gComhairle an 31 Eanáir 2000 i ndáil le tabhairt i gcrích an Chomhaontaithe maidir le rialacháin theicniúla dhomhanda a leagan síos i dtaca le feithiclí rothacha, agus trealamh agus páirteanna is féidir a fheistiú agus/nó a úsáid ar fheithiclí rothacha (‘an Comhaontú Comhthreomhar’) (IO L 35, 10.2.2000, lch. 12).
(2)    Rialachán (AE) 2018/858 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 30 Bealtaine 2018 maidir le ceadú mótarfheithiclí agus a leantóirí, agus córas, comhpháirteanna agus aonad teicniúil ar leithligh atá ceaptha le haghaidh feithiclí den sórt sin, agus faireachas margaidh orthu, lena leasaítear Rialacháin (CE) Uimh. 715/2007 agus (CE) Uimh. 595/2009 agus lena n‑aisghairtear Treoir 2007/46/CE (IO L 151, 14.6.2018, lch. 1).
(3)    Breithiúnas na Cúirte Breithiúnais an 7 Deireadh Fómhair 2014, an Ghearmáin v an Chomhairle, C-399/12, ECLI:EU:C:2014:2258, míreanna 61 go 64.
(4)    Cinneadh 97/836/CE ón gComhairle an 27 Samhain 1997 d’fhonn go n‑aontóidh an Comhphobal Eorpach do Chomhaontú Choimisiún Eacnamaíochta na Náisiún Aontaithe don Eoraip maidir le saintreoracha teicniúla aonfhoirmeacha a ghlacadh i dtaca le feithiclí rothacha, agus trealamh agus páirteanna is féidir a fheistiú agus/nó a úsáid ar fheithiclí rothacha, agus maidir leis na coinníollacha i ndáil le haitheantas frithpháirteach le haghaidh ceaduithe a dheonaítear ar bhonn na saintreoracha sin (‘Comhaontú Leasaithe 1958’) (IO L 346, 17.12.1997, lch. 78, ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/1997/836/oj).
(5)    Cinneadh 2000/125/CE ón gComhairle an 31 Eanáir 2000 i ndáil le tabhairt i gcrích an Chomhaontaithe maidir le rialacháin theicniúla dhomhanda a leagan síos i dtaca le feithiclí rothacha, agus trealamh agus páirteanna is féidir a fheistiú agus/nó a úsáid ar fheithiclí rothacha (‘an Comhaontú Comhthreomhar’) (IO L 35, 10.2.2000, lch. 12, ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2000/125/oj).
(6)    Rialachán (AE) 2018/858 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 30 Bealtaine 2018 maidir le ceadú mótarfheithiclí agus a leantóirí, agus córas, comhpháirteanna agus aonad teicniúil ar leithligh atá ceaptha le haghaidh feithiclí den sórt sin, agus faireachas margaidh orthu, lena leasaítear Rialacháin (CE) Uimh. 715/2007 agus (CE) Uimh. 595/2009 agus lena n‑aisghairtear Treoir 2007/46/CE (IO L 151, 14.6.2018, lch. 1, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2018/858/oj).