|
Iris Oifigiúil |
GA Sraith L |
|
2025/1884 |
18.12.2025 |
CINNEADH (AE) 2025/1884 ÓN gCOMHAIRLE
an 15 Nollaig 2025
maidir leis an seasamh atá le glacadh thar ceann an Aontais i gComhairle CCE, Coiste na nOifigeach Sinsearach agus Coiste Comhairleach CCE, arna mbunú faoin gComhaontú Comhpháirtíochta Eacnamaíche idir an tAontas Eorpach, de pháirt, agus Poblacht na Céinia, Comhalta de Chomhphobal na hAfraice Thoir, den pháirt eile, a mhéid a bhaineann leis an Moladh ó Choiste na nOifigeach Sinsearach chuig Comhairle CCE a ghlacadh maidir leis an rannpháirtíocht i gCoiste Comhairleach CEE, an cinneadh ó Chomhairle CCE a ghlacadh maidir leis an rannpháirtíocht i gCoiste Comhairleach CCE, an Cinneadh ó Choiste na nOifigeach Sinsearach maidir lena chomhaontú le Rialacha Nós Imeachta Choiste Comhairleach CCE a ghlacadh agus an Cinneadh ó Choiste Comhairleach CCE maidir lena Rialacha Nós Imeachta a ghlacadh
TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,
Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe an chéad fhomhír d’Airteagal 207(4) de, i gcomhar le hAirteagal 218(9) de,
Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,
De bharr an mhéid seo a leanas:
|
(1) |
Tháinig an Comhaontú Comhpháirtíochta Eacnamaíche (CCE) idir an tAontas Eorpach, de pháirt, agus Poblacht na Céinia, Comhalta de Chomhphobal na hAfraice Thoir, den pháirt eile (1) (‘an Comhaontú’) i bhfeidhm an 1 Iúil 2024. |
|
(2) |
De bhun Airteagail 104, 106 agus 108 den Chomhaontú, bunaíodh Comhairle CCE, Coiste na nOifigeach Sinsearach agus Coiste Comhairleach CCE (‘na trí institiúid’), faoi seach. |
|
(3) |
De bhun Airteagal 108(2) den Chomhaontú, tá Comhairle CEE le cinneadh a dhéanamh maidir leis an rannpháirtíocht i gCoiste Comhairleach CCE, ar mholtaí a fháil ó Choiste na nOifigeach Sinsearach. |
|
(4) |
De bhun Airteagal 108(4) den Chomhaontú, is é Coiste Comhairleach CCE a ghlacfaidh a Rialacha Nós Imeachta, i gcomhaontú le Coiste na nOifigeach Sinsearach. |
|
(5) |
Is iomchuí an seasamh atá le glacadh thar ceann an Aontais laistigh de na trí institiúid sin a bhunú, ós rud é go mbeidh éifeachtaí dlíthiúla san Aontas ag an Moladh ó Choiste na nOifigeach Sinsearach chuig Comhairle CCE maidir le rannpháirtíocht i gCoiste Comhairleach CEE, an cinneadh ó Chomhairle CCE maidir le rannpháirtíocht i gCoiste Comhairleach CCE, an cinneadh ó Choiste na nOifigeach Sinsearach maidir lena chomhaontú le Rialacha Nós Imeachta Choiste Comhairleach CCE a ghlacadh agus an Cinneadh ó Choiste Comhairleach CCE maidir lena Rialacha Nós Imeachta a ghlacadh. |
|
(6) |
Seasamh an Aontais laistigh de na trí institiúid sin a mhéid a bhaineann leis an Moladh ó Choiste na nOifigeach Sinsearach chuig Comhairle CCE maidir le rannpháirtíocht i gCoiste Comhairleach CEE, an Cinneadh ó Chomhairle CCE maidir le rannpháirtíocht i gCoiste Comhairleach CCE, an Cinneadh ó Choiste na nOifigeach Sinsearach maidir lena chomhaontú le Rialacha Nós Imeachta Choiste Comhairleach CCE a ghlacadh agus an Cinneadh ó Choiste Comhairleach CCE maidir lena Rialacha Nós Imeachta a ghlacadh, ba cheart é a bheith bunaithe ar an Dréachtmholadh agus ar na Dréachtchinntí faoi seach ó na trí institiúid atá i gceangal leis an gCinneadh seo, |
TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
An seasamh atá le glacadh thar ceann an Aontais i gCoiste na nOifigeach Sinsearach, arna bhunú faoi Airteagal 106 den Chomhaontú Comhpháirtíochta Eacnamaíche idir an tAontas Eorpach, de pháirt, agus Poblacht na Céinia, Comhalta de Chomhphobal na hAfraice Thoir, den pháirt eile (‘an Comhaontú’), i ndáil leis an Moladh chuig Comhairle CCE maidir leis an rannpháirtíocht i gCoiste Comhairleach CEE, beidh sé bunaithe ar an Dréachtmholadh ó Choiste na nOifigeach Sinsearach atá i gceangal leis an gCinneadh seo (Iarscríbhinn I).
Airteagal 2
An seasamh atá le glacadh thar ceann an Aontais i gComhairle CCE, arna bhunú faoi Airteagal 104 den Chomhaontú, i ndáil leis an gCinneadh maidir le rannpháirtíocht i gCoiste Comhairleach CEE, beidh sé bunaithe ar an Dréachtchinneadh ó Chomhairle CCE atá i gceangal leis an gCinneadh seo (Iarscríbhinn II).
Airteagal 3
An seasamh atá le glacadh thar ceann an Aontais i gCoiste na nOifigeach Sinsearach, arna bhunú faoi Airteagal 106 den Chomhaontú, i ndáil leis an gCinneadh maidir lena chomhaontú le Rialacha Nós Imeachta Choiste Comhairleach CCE a ghlacadh, beidh sé bunaithe ar an Dréachtchinneadh ó Choiste na nOifigeach Sinsearach atá i gceangal leis an gCinneadh seo (Iarscríbhinn III).
Airteagal 4
An seasamh atá le glacadh thar ceann an Aontais i gCoiste Comhairleach CCE, arna bhunú faoi Airteagal 108 den Chomhaontú, i ndáil leis an gCinneadh maidir lena Rialacha Nós Imeachta a ghlacadh, beidh sé bunaithe ar an Dréachtchinneadh ó Choiste Comhairleach CCE atá i gceangal leis an gCinneadh seo (Iarscríbhinn IV).
Airteagal 5
Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm lá a ghlactha.
Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 15 Nollaig 2025.
Thar ceann na Comhairle
An tUachtarán
K. KALLAS
(1) Comhaontú Comhpháirtíochta Eacnamaíche idir an tAontas Eorpach, de pháirt, agus Poblacht na Céinia, Comhalta de Chomhphobal na hAfraice Thoir, den pháirt eile (IO L, 2024/1648, 1.7.2024, ELI: http://data.europa.eu/eli/agree_internation/2024/1648/oj).
ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2025/1884/oj
ISSN 1977-0839 (electronic edition)