European flag

Iris Oifigiúil
an Aontais Eorpaigh

GA

Sraith C


C/2023/1078

15.12.2023

P9_TA(2023)0124

Cúnamh macrairgeadais don Mholdóiv

Rún reachtach ó Pharlaimint na hEorpa an 9 Bealtaine 2023 ar an togra le haghaidh cinneadh ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena leasaítear Cinneadh (AE) 2022/563 a mhéid a bhaineann le cúnamh macrairgeadais do Phoblacht na Moldóive (COM(2023)0053) – C9-0011/2023 – 2023/0018(COD))

(An gnáthnós imeachta reachtach: an chéad léamh)

(C/2023/1078)

Tá Parlaimint na hEorpa,

—

ag féachaint don togra ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa agus chuig an gComhairle (COM(2023)0053),

—

ag féachaint d’Airteagal 294(2) agus d’Airteagal 212(2) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, ar dá mbun a thíolaic an Coimisiún an togra do Pharlaimint na hEorpa (C9-0011/2023),

—

ag féachaint d’Airteagal 294(3) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

—

ag féachaint don ghealltanas a thug ionadaí na Comhairle ina litir an 3 Bealtaine 2023 go ndéanfaí seasamh Pharlaimint na hEorpa a fhormheas, i gcomhréir le hAirteagal 294(4) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

—

ag féachaint do Riail 59 dá Rialacha Nós Imeachta,

—

ag féachaint don tuairim ón gCoiste um Buiséid,

—

ag féachaint don tuarascáil ón gCoiste um Thrádáil Idirnáisiúnta (A9-0166/2023),

1.

ag glacadh a seasaimh ar an gcéad léamh mar a leagtar amach ina dhiaidh seo é;

2.

á iarraidh ar an gCoimisiún an t-ábhar a tharchur chuig Parlaimint na hEorpa arís má dhéanann sé téacs eile a chur in ionad a thogra, má dhéanann sé a thogra a leasú go substaintiúil nó má tá sé ar intinn aige a thogra a leasú go substaintiúil;

3.

á threorú dá hUachtarán a seasamh a chur ar aghaidh chuig an gComhairle, chuig an gCoimisiún agus chuig na parlaimintí náisiúnta.

P9_TC1-COD(2023)0018

Seasamh ó Pharlaimint na hEorpa arna ghlacadh ar an gcéad léamh an 9 Bealtaine 2023 chun go nglacfaí Cinneadh(AE) 2023/… ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena leasaítear Cinneadh (AE) 2022/563 a mhéid a bhaineann le méid an chúnaimh macrairgeadais do Phoblacht na Moldóive

(Ós rud é gur tháinig an Pharlaimint agus an Chomhairle ar chomhaontú, comhfhreagraíonn seasamh na Parlaiminte don ghníomh reachtach críochnaitheach, Cinneadh (AE) 2023/1165)


ELI: http://data.europa.eu/eli/C/2023/1078/oj

ISSN 1977-107X (electronic edition)