European flag

Iris Oifigiúil
an Aontais Eorpaigh

GA

Sraith C


C/2024/1195

23.2.2024

P9_TA(2023)0335

Tuarascáil eatramhach ar an togra le haghaidh athbhreithniú meántéarma ar an gCreat Airgeadais Ilbhliantúil 2021-2027

Rún ó Pharlaimint na hEorpa an 3 Deireadh Fómhair 2023 ar an togra le haghaidh athbhreithniú meántéarma ar chreat airgeadais ilbhliantúil 2021-2027 (COM(2023)0337 – 2023/0201R(APP))

(C/2024/1195)

Tá Parlaimint na hEorpa,

—

ag féachaint d’Airteagail 311, 312 agus 323 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (CFAE),

—

ag féachaint do Rialachán (AE, Euratom) 2022/2496 ón gComhairle an 15 Nollaig 2022 lena leasaítear Rialachán (AE, Euratom) 2020/2093 lena leagtar síos an creat airgeadais ilbhliantúil do na blianta 2021 go 2027 (1),

—

ag féachaint do Rialachán (AE, Euratom) 2020/2093 ón gComhairle an 17 Nollaig 2020 lena leagtar síos an creat airgeadais ilbhliantúil do na blianta 2021 go 2027 (2) agus do na dearbhuithe comhpháirteacha a comhaontaíodh idir an Pharlaimint, an Chomhairle agus an Coimisiún sa chomhthéacs sin (3), agus na dearbhuithe aontaobhacha gaolmhara (4),

—

ag féachaint do Chomhaontú Idirinstitiúideach an 16 Nollaig 2020 idir Parlaimint na hEorpa, Comhairle an Aontais Eorpaigh agus an Coimisiún Eorpach maidir le smacht buiséadach, maidir le comhar in ábhair bhuiséadacha agus maidir le bainistíocht fhónta airgeadais, mar aon le hacmhainní dílse nua, lena n-áirítear treochlár chun acmhainní dílse nua a thabhairt isteach (5) (‘IIA’),

—

ag féachaint do thogra ón gCoimisiún an 20 Meitheamh 2023 le haghaidh rialachán ón gComhairle lena leasaítear Rialachán (AE, Euratom) 2020/2093 lena leagtar síos an creat airgeadais ilbhliantúil do na blianta 2021 go 2027 (COM(2023)0337),

—

ag féachaint do theachtaireacht ón gCoimisiún an 20 Meitheamh 2023 dar teideal ‘Athbhreithniú meántéarmach ar chreat airgeadais ilbhliantúil 2021-2027’ (COM(2023)0336) agus don doiciméad inmheánach oibre a ghabhann leis (SWD(2023)0336),

—

ag féachaint do thogra an 20 Meitheamh 2023 le haghaidh rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena mbunaítear Saoráid na hÚcráine (COM(2023)0338),

—

ag féachaint do thogra an 20 Meitheamh 2023 le haghaidh rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena mbunaítear an tArdán um Theicneolaíochtaí Straitéiseacha don Eoraip (‘STEP’) agus lena leasaítear Treoir 2003/87/CE, Rialacháin (AE) 2021/1058, (AE) 2021/1056, (AE) 2021/1057, (AE) Uimh. 1303/2013, (AE) Uimh. 223/2014, (AE) 2021/1060, (AE) 2021/523, (AE) 2021/695, (AE) 2021/697 agus (AE) 2021/241 (COM(2023)0335),

—

ag féachaint do dhréachtbhuiséad ginearálta an Aontais Eorpaigh do bhliain airgeadais 2024, a ghlac an Coimisiún an 5 Iúil 2023 (COM(2023)0300),

—

ag féachaint do Rialachán (AE, Euratom) 2020/2092 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Nollaig 2020 maidir le córas ginearálta coinníollachta chun buiséad an Aontais a chosaint (6),

—

ag féachaint do Rialachán (AE) 2020/2094 ón gComhairle an 14 Nollaig 2020 lena mbunaítear Ionstraim Théarnaimh an Aontais Eorpaigh chun tacú leis an téarnamh tar éis ghéarchéim COVID-19 (7),

—

ag féachaint do Rialachán (AE, Euratom) 2018/1046 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 18 Iúil 2018 maidir leis na rialacha airgeadais is infheidhme maidir le buiséad ginearálta an Aontais, lena leasaítear Rialacháin (AE) Uimh. 1296/2013, (AE) Uimh. 1301/2013, (AE) Uimh. 1303/2013, (AE) Uimh. 1304/2013, (AE) Uimh. 1309/2013, (AE) Uimh. 1316/2013, (AE) Uimh. 223/2014, (AE) Uimh. 283/2014, agus Cinneadh Uimh. 541/2014/AE agus lena n-aisghairtear Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 966/2012 (8) (‘an Rialachán Airgeadais’),

—

ag féachaint do thogra an 16 Bealtaine 2022 le haghaidh rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle i dtaca leis na rialacha airgeadais is infheidhme maidir le buiséad ginearálta an Aontais (COM(2022)0223),

—

ag féachaint do rún uaithi an 10 Bealtaine 2023 ar an tionchar a bheidh ag méadú ar chostais iasachtaíochta Ionstraim Théarnaimh an Aontais Eorpaigh ar bhuiséad 2024 an Aontais Eorpaigh (9),

—

ag féachaint do rún uaithi an 15 Nollaig 2022 maidir le creat airgeadais ilbhliantúil 2021-2027 a uas-scálú: buiséad athléimneach AE a bheidh oiriúnach do dhúshláin nua (10),

—

ag féachaint don tuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa (11),

—

ag féachaint do Riail 105(5) dá Rialacha Nós Imeachta,

—

ag féachaint do na litreacha ón gCoiste um Fhorbairt, ón gCoiste um Fhostaíocht agus um Ghnóthaí Sóisialta, ón gCoiste um Iompar agus Turasóireacht, ón gCoiste um Fhorbairt Réigiúnach, ón gCoiste um Thalmhaíocht agus um Fhorbairt Tuaithe, ón gCoiste um Chultúr agus um Oideachas, ón gCoiste um Shaoirsí Sibhialta, um Cheartas agus um Ghnóthaí Baile, ón gCoiste um Ghnóthaí Bunreachtúla agus ón gCoiste um Chearta na mBan agus um Chomhionannas Inscne,

—

ag féachaint don tuarascáil ón gCoiste um Buiséid (A9-0273/2023),

Measúnú foriomlán ar an togra ón gCoimisiún

1.

á chur in iúl gur geal léi, tar éis dó athbhreithniú a dhéanamh ar chreat airgeadais ilbhliantúil (CAI) 2021-2027, go bhfuil an chonclúid chéanna tarraingthe ag an gCoimisiún agus a rinne an Pharlaimint i mí na Nollag 2022, eadhon gur bhain cúrsaí eile an aird ó CAI i ndomhan a bhfuil athrú ó bhonn tagtha air ó comhaontaíodh é in 2020, go bhfuil laghdú tagtha ar an tsolúbthacht bhuiséadach mar thoradh ar an iliomad géarchéimeanna agus go bhfuil níos mó riachtanach chun freagairt ar imthosca gan choinne, go bhfuil fadhbanna struchtúracha in CAI a leagtar amach le forbairtí eacnamaíocha agus sóisialta agus, mar thoradh air sin, go bhfuil athbhreithniú práinneach ar Rialachán CAI agus ar an iarscríbhinn a ghabhann leis bunriachtanach;

2.

á chur i bhfios go láidir nach mór don athbhreithniú díriú ar aghaidh a thabhairt ar na hiarmhairtí iomadúla a bhaineann le cogadh foghach na Rúise i gcoinne na hÚcráine, ar uathriail straitéiseach oscailte agus ceannasacht an Aontais a neartú agus ar sholúbthacht leormhaith a thabhairt don Aontas chun freagairt ar ghéarchéimeanna; á chur in iúl gur geal léi, dá bhrí sin, an togra ón gCoimisiún le haghaidh athbhreithniú spriocdhírithe mar chéad chéim sa treo ceart, á mheas, áfach, go bhfuil gá le leibhéal uaillmhéine níos airde ach réadúil chun a áirithiú gur féidir le CAI aghaidh a thabhairt ar bhealach níos fearr ar na dúshláin struchtúracha sa bhuiséad agus a bheith níos seasmhaí i bhfad na haimsire;

3.

á mheas nach ndíríonn an t-athbhreithniú atá beartaithe ach ar chuid de na réimsí imní is práinní sa chreat atá ann cheana agus nach dtugann sé aghaidh go hiomlán ar na riachtanais agus na dúshláin uile arna sainaithint ag Parlaimint na hEorpa;

4.

ag dréim leis go leanfaidh an Coimisiún de mheastóireacht chríochnúil a dhéanamh ar na riachtanais uile atá ann faoi láthair agus a bheidh ann amach anseo, lena n-áirítear a mhéid a bhaineann le cóineasú sóisialta agus eacnamaíoch, an tionchar ar na réigiúin is mó atá thíos leis an gcogadh agus an fhreagairt is gá ar an ngéarchéim aeráide agus bhithéagsúlachta; á chur i bhfios go láidir brú an bhoilscithe ar fud an Aontais agus go háirithe ar thairbhithe AE amhail feirmeoirí, mic léinn agus leanaí; á chur in iúl gur oth léi nach léirítear san athbhreithniú atá beartaithe go bhfuil na géarchéimeanna reatha tar éis dul in olcas agus go gcuirfidh siad leis an staid shocheacnamaíoch atá ag dul in olcas faoi láthair do na daoine is leochailí san Aontas, go háirithe leanaí atá i mbochtaineacht nó i mbaol bochtaineachta, agus go mbeidh iarmhairtí fadtéarmacha acu; á chur i bhfáth, thairis sin, nach léirítear leis an athbhreithniú atá beartaithe uaillmhian an Aontais dlús a chur lena iarrachtaí rátaí scanrúla bochtaineachta leanaí a chomhrac agus rannchuidiú le bochtaineacht leanaí a dhíothú tríd an Ráthaíocht Eorpach do Leanaí a cruthaíodh le déanaí; á áitiú, dá bhrí sin, go gcuirfidh an Chomhairle agus an Coimisiún san áireamh iarraidh Pharlaimint na hEorpa go gcuirfí dlús práinneach le hiarrachtaí an Aontais deireadh a chur le bochtaineacht leanaí le linn na tréimhse 2024-2027 agus á iarraidh go ndéanfaí an Ráthaíocht Eorpach do Leanaí a uas-scálú mar chuid de CAI iar-2027;

5.

á chur in iúl gur geal léi, i gcomhréir le seasamh na Parlaiminte, nach mbeidh aon athbhreithniú anuas ar na himchlúdaigh náisiúnta réamh-leithdháilte mar thoradh ar an togra le haghaidh athbhreithniú; á chur i bhfios go láidir ról ríthábhachtach agus breisluach an bheartais chomhtháthaithe mar bheartas infheistíochta agus ionstraim chóineasaithe riachtanach de chuid an Aontais;

6.

á mheabhrú, murab ionann agus sna buiséid náisiúnta, i gcás ina ndéanann boilsciú difear do luach ainmniúil ioncaim agus caiteachais araon, go ndéantar uasteorainneacha caiteachais CAI a choigeartú ar bhonn díbhoilsceoir 2 % a chuirtear i bhfeidhm ar phraghsanna 2018, de bhrí go ndéantar uasteorainn na n-acmhainní dílse a choigeartú don bhoilsciú; á chur in iúl gur cúis mhór bhuartha di, de réir an Choimisiúin, go bhféadfadh boilsciú laghdú EUR 74 bhilliún a dhéanamh ar fhíor-théarmaí CAI thar an tréimhse seacht mbliana le tionchar díreach ar thairbhithe chistiú AE;

7.

á chur i bhfios go láidir, áfach, mar thoradh ar bhoilsciú ard gan choinne, go bhfuil laghdú tagtha ar ioncam a iarrtar ar na Ballstáit do chaiteachas CAI mar chéatadán den ollioncam náisiúnta (OIN); ag tabhairt dá haire, thairis sin, go bhfuil lacáistí do na cúig Bhallstát is tairbhithe nasctha le boilsciú agus, dá bhrí sin, gur mhéadaigh siad ar ráta níos airde ná uasteorainneacha CAI, rud a mhéadaíonn an t-ualach ar na Ballstáit eile a bhfuil orthu an t-easnamh a chumhdach; á iarraidh go ndéanfaí na lacáistí a choigeartú ar bhonn an díbhoilsceora 2 % mar bheart láithreach; ag meabhrú, thairis sin, a seasaimh sheanbhunaithe gur cheart deireadh a chur le lacáistí agus sásraí ceartúcháin eile;

8.

á chur i bhfáth, chomh maith le fíor-luach CAI a laghdú, gur spreag an boilsciú méadú suntasach ar rátaí úis freisin, ag cur costais iasachtaíochta AE chun cinn, go háirithe maidir le haisíoc fhiachas Ionstraim Théarnaimh an Aontais Eorpaigh (EURI), agus dá bhrí sin an buiséad a laghdú tuilleadh;

9.

á thabhairt chun suntais, fiú agus an togra ón gCoimisiún maidir le hathbhreithniú a dhéanamh ar CAI á chur san áireamh, nach mbeadh sna leithreasuithe iomlána faoi chomhair gealltanas ach 1,03 % de OIN agus nach mbeadh sna leithreasuithe íocaíochta iomlána ach 1,02 % de OIN; á mheabhrú go raibh sé beartaithe, ar dtús, gurbh ionann leithreasuithe faoi chomhair íocaíochtaí sa CAI reatha agus 1,10 % de OIN; á chur i bhfáth nach meastar go gcumhdófar tionchar an bhoilscithe leis na hathneartuithe a mhol an Coimisiún;

10.

ag cur sonrú i measúnú an Choimisiúin go n-éileoidh an t-athbhreithniú atá beartaithe méadú ar an uasteorainn do leithreasuithe faoi chomhair íocaíochtaí in 2026 agus 2027; á chur i bhfáth go bhfuil inchreidteacht an Aontais ag brath ar a áirithiú go bhfuil leithreasuithe íocaíochta leormhaithe ann chun leithreasuithe faoi chomhair gealltanas a chumhdach; ag cur béim ar na moilleanna ar chur chun feidhme roinnt clár mar gheall ar a nglacadh déanach agus an suaitheadh ar thionscadail mar gheall ar ghéarchéim COVID-19; á chur i bhfios go láidir, sa chomhthéacs sin, go bhfuil riosca ann go mbeidh riaráiste íocaíochtaí ann sna blianta ina dhiaidh sin de thréimhse CAI agus don CAI ina dhiaidh sin; á áitiú, dá bhrí sin, gur gá deireadh a chur leis an uasteorainn bhliantúil i leithreasuithe faoi chomhair íocaíochtaí chun dul i muinín na hIonstraime Corrlaigh Aonair chun an riosca sin a mhaolú;

11.

á athdhearbhú a thábhachtaí atá na prionsabail chothrománacha a bhaineann leis an aeráid, leis an mbithéagsúlacht agus leis an gcomhionannas inscne atá mar bhonn agus mar thaca ag CAI agus ag beartais ghaolmhara uile an Aontais; á mheabhrú go leagtar síos sa IIA spriocanna a bhaineann leis an aeráid agus leis an mbithéagsúlacht, chomh maith leis an oibleagáid an prionsabal ‘gan dochar suntasach a dhéanamh’ a urramú agus comhionannas inscne a chur chun cinn agus á áitiú nach mór do na forálacha sin a bheith mar bhonn taca freisin le CAI nuashonraithe; á iarraidh ar an gCoimisiún a oibleagáid a chomhlíonadh faoi IIA chun gníomhaíocht nithiúil a dhéanamh lena áirithiú go mbainfear amach na spriocanna agus na cuspóirí beartais a comhaontaíodh;

12.

á mheabhrú go socrófar caiteachas faoi Cheannteideal 7 ar leibhéal lena ráthaítear go bhfuil riarachán éifeachtach agus éifeachtúil ag an Aontas, mar a mhol an Coimisiún;

13.

á athdhearbhú go bhfuil sí den tuairim nach mór CAI athbhreithnithe a bheith i bhfeidhm faoin 1 Eanáir 2024 agus creat a chur ar fáil do bhuiséad 2024; á áitiú, dá bhrí sin, go bhfuil gá leis an rialachán leasaithe a ghlacadh go pras; á chur in iúl gur geal léi, i ndáil leis sin, gur thug an Coimisiún aird ar iarraidh na Parlaiminte a athbhreithniú agus a athbhreithniú ar CAI a thabhairt ar aghaidh;

14.

ag athdhearbhú a éilimh sheanbhunaithe go ndéanfaí na hionstraimí buiséadacha uile lena gcumhdaítear caiteachas ar leibhéal an Aontais a ionchorprú go hiomlán sa bhuiséad, agus trédhearcacht, cuntasacht, rialú iomlán daonlathach agus cosaint leasanna airgeadais an Aontais á n-áirithiú ar an gcaoi sin; á áitiú nár cheart laghdú a bheith ar mhaoiniú do bheartais agus do chláir eile AE mar thoradh ar na hionstraimí sin a chomhtháthú i mbuiséad AE;

15.

á chur i bhfios go láidir go bhfuil nasc soiléir idir urraim a thabhairt don smacht reachta agus cur chun feidhme éifeachtúil bhuiséad AE; á chur in iúl gur geal léi tionchar dearfach an Rialacháin maidir le córas ginearálta coinníollachta chun buiséad AE a chosaint agus á chreidiúint gur ghníomhaigh sé cheana mar dhíspreagadh éifeachtach i gcoinne sáruithe ar an smacht reachta; á mheabhrú don Choimisiún go bhfuil sé d’oibleagáid air faoin Rialachán a áirithiú nach mbainfear de fhaighteoirí nó tairbhithe deiridh chistí AE na cistí atá dlite díobh, go háirithe nuair a ghlactar bearta i gcás sáruithe ar phrionsabail an smachta reachta i gcomhréir leis an Rialachán;

16.

á chur in iúl go bhfuil sí réidh chun dul i dteagmháil go gníomhach agus go cuiditheach leis an gComhairle agus leis an gCoimisiún chun a áirithiú go nglacfar an creat athbhreithnithe, lena dtabharfar aghaidh ar an togra iomlán ón gCoimisiún, in am trátha agus go mbeidh sé i bhfeidhm faoin 1 Eanáir 2024; á mheabhrú go ngeallann na hinstitiúidí, in IIA, socruithe sonracha a chinneadh le haghaidh comhair agus idirphlé le linn an nós imeachta as a n-eascraíonn glacadh athbhreithniú suntasach ar CAI;

Tacaíocht fhadtéarmach don Úcráin

17.

á mheabhrú go raibh an tAontas agus a mhuintir ar thús cadhnaíochta maidir le tacaíocht a thabhairt don Úcráin ó thús an chogaidh, ag léiriú dlúthpháirtíocht le hÚcránaigh ina gcomhrac chun an daonlathas a chosaint i gcoinne an údarásaíochais; á chur i bhfáth go bhfuil cúnamh airgeadais os cionn EUR 30 billiún curtha ar fáil go dtí seo ag buiséad AE; ag athdhearbhú a tuairime nach mór don Aontas a bheith i gcroílár na n-iarrachtaí leanúnacha atá á ndéanamh chun tacaíocht airgeadais a thabhairt don Úcráin agus chun cabhrú léi ar a bealach chun ballraíocht AE a bhaint amach;

18.

á chur in iúl gur geal léi, dá bhrí sin, an togra ón gCoimisiún maidir le réiteach struchtúrach níos fadtéarmaí ar riachtanais chistiúcháin na hÚcráine atá fréamhaithe i mbuiséad AE, lena gcumhdaítear tacaíocht do chobhsaíocht mhacra-airgeadais, creat infheistíochta agus cistí do théarnamh agus atógáil sa ghearrthéarma agus sa mheántéarma, d’athchóirithe a bhaineann le haontachas agus chun acmhainneacht riaracháin a fhorbairt; á mheas gur ionstraim fhadtéarmach den sórt sin an t-aon bhealach inmharthana chun teagmháil a dhéanamh le deontóirí eile agus chun caiteachas éifeachtach agus spriocdhírithe a áirithiú a chomhlíonann riachtanais na hÚcráine agus a muintire; á áitiú gur cheart Saoráid na hÚcráine a chomhaontú a luaithe is féidir, tar éis Rialachán CAI athbhreithnithe a ghlacadh, ós rud é nach ndéantar foráil do mhaoiniú faoi Rialachán MFA+ (12) ach do 2023 amháin;

19.

á mheas go bhfuil sé ciallmhar méid áirithe solúbthachta a thógáil sa tSaoráid, i bhfianaise na héiginnteachta a bhaineann le staid na hÚcráine; á chur in iúl gur geal léi, de réir an togra ón gCoimisiún, go ndéanfaidh an t-údarás buiséadach Cúlchiste na hÚcráine a shlógadh sa nós imeachta buiséadach bliantúil agus go bhfuil rún daingean aici a áirithiú go mbeidh ról iomlán ag an bParlaimint, mar bhrainse amháin den údarás buiséadach, sa phróiseas; á iarraidh ar an gCoimisiún an fhaisnéis uile is gá a chur ar fáil in am trátha chun go mbeidh an t-údarás buiséadach in ann a dhualgais a chomhlíonadh;

20.

á chur i bhfáth gur gá an smacht reachta agus leasanna airgeadais an Aontais a chosaint agus calaois, éilliú, coinbhleachtaí leasa agus neamhrialtachtaí in úsáid chistí an Aontais san Úcráin a chosc, a bhrath agus a cheartú, rud ar cheart a bheith bunaithe ar phrionsabail na trédhearcachta agus na custasachta; á mheas gur cheart forálacha agus coimircí diana a bheith sa tSaoráid chun na cuspóirí sin a bhaint amach;

An imirce agus dúshláin sheachtracha

21.

á chur in iúl gur saoth léi, fiú roimh cogadh foghach na Rúise i gcoinne na hÚcráine, nach raibh na cistí atá ar fáil faoi Cheannteideal 6 (comharsanacht agus an domhan) leormhaith ar chor ar bith agus nár cuireadh san áireamh le CAI cistiú leanúnach do riachtanais na ndídeanaithe ón tSiria, ón Iaráic agus ó thíortha eile, rud a d’fhág beagnach aon scóip chun dul i ngleic le dúshláin bhreise;

22.

á chur i bhfáth, go háirithe tar éis chogadh foghach na Rúise ar an Úcráin, go bhfuil an comhthéacs idirnáisiúnta imithe in olcas go tapa mar thoradh ar na géarchéimeanna bia, fuinnimh, aeráide agus eacnamaíocha, a mhéadaigh go mór an brú ar Cheannteideal 6; ag tabhairt dá haire, sa bhreis ar leas a bhaint arís agus arís eile as an Ionstraim Sholúbthachta, go bhfuil cúlchiste na hionstraime um Chomharsanacht, Forbairt agus Comhar Idirnáisiúnta (ICFCI)-an Eoraip Dhomhanda ídithe go han-tapa agus gur úsáideadh é thar a phríomhchuspóir freagairt ar dhúshláin agus tosaíochtaí atá ag teacht chun cinn, cé go bhfuil an buiséad um chabhair dhaonnúil ag brath go mór ar shlógadh an Chúlchiste um Dhlúthpháirtíocht agus Cabhair Éigeandála (SEAR) atá faoi bhrú go mór, a dtéann a raon feidhme thar chabhair dhaonnúil;

23.

á chur in iúl gur geal léi, dá bhrí sin, an togra ón gCoimisiún chun an uasteorainn do Cheannteideal 6 a mhéadú i gcomhréir leis an iarraidh ón bParlaimint, cé gur oth léi nach gcumhdaítear fíor-riachtanais go hiomlán leis na hacmhainní breise ná nach dtugtar cuntas i bhforbairtí gan choinne leo; á chur i bhfios go láidir go bhfuil sé ríthábhachtach EUR 1 bhilliún i bpraghsanna reatha a atreisiú tuilleadh de bhreis ar an togra ón gCoimisiún chun cúlchiste ICFCI-an Eoraip Dhomhanda a athshlánú agus, ar an gcaoi sin, acmhainneacht a chruthú chun freagairt ar ghéarchéimeanna agus ar riachtanais atá ag teacht chun cinn; á chur i bhfáth go n-áiritheofaí leis an méadú go leanfaí den chabhair dhaonnúil don Úcráin sa bhreis ar an tacaíocht faoin tSaoráid, chomh maith le cabhair do thíortha comharsanachta, amhail an Mholdóiv, atá buailte go mór ag an gcogadh i gcoinne na hÚcráine, agus ar fud an domhain; á chur i bhfáth nach mór an comhardú inmheánach agus an dáileadh idir na línte buiséid dá bhforáiltear i Rialachán ICFCI a urramú; á iarraidh ar an gCoimisiún a áirithiú go mbeidh dianchaighdeáin maidir le cearta an duine á gcomhlíonadh ag tríú tír ag gach céim de chur chun feidhme bheartas seachtrach an Aontais, lena n-áirítear maidir leis an imirce;

24.

á chur i bhfios go láidir go bhfuil cogadh foghach na Rúise i gcoinne na hÚcráine, mar aon le méadú ar ocras agus bochtaineacht dhomhanda, leathadh coinbhleachtaí armtha agus tubaistí nádúrtha níos déine agus níos minice, ag cur iallach ar na milliúin daoine teitheadh óna dtithe agus cosaint a lorg in AE; á chur i bhfáth gur gá don Aontas leanúint de thacaíocht a chur ar fáil do na Ballstáit óstacha chun dídeanaithe a ghlacadh, a shocrú agus a lánpháirtiú;

25.

á chur i bhfáth gur príomhthosaíochtaí iad teorainneacha seachtracha AE a bhainistiú agus a chosaint ar bhealach éifeachtach agus cothrom, lena n-áirithítear slándáil an Aontais, mar aon le cur chun feidhme rianúil agus éifeachtúil bheartas imirce agus tearmainn an Aontais, agus go bhfuil siad bunriachtanach chun saorghluaiseacht daoine laistigh den Aontas agus dea-fheidhmiú limistéar Schengen a chaomhnú; á chur i bhfáth gur gá beartas imirce agus tearmainn a chur chun feidhme atá bunaithe ar dhlúthpháirtíocht, ar fhreagracht chomhroinnte agus ar urraim do chearta an duine, lena soláthrófar deimhneacht, soiléireacht agus dálaí cuibhiúla do dhaoine a thagann isteach in AE, i gcomhréir le luachanna an Aontais agus gealltanais idirnaisiúnta;

26.

ag tabhairt dá haire i measúnú an Choimisiúin go mbeidh gá le EUR 2 bhilliún breise idir 2025 agus 2027 faoi Cheannteideal 4 (imirce agus bainistiú teorainneacha) chun an Comhaontú Nua maidir le hImirce agus Tearmann a chur chun feidhme; á mheas gur gá na héilimh bhreise ar an gCiste um Thearmann, Imirce agus Lánpháirtíocht, ar an Ionstraim um Bainistiú Teorainneacha agus um Víosaí agus ar na gníomhaireachtaí díláraithe i gCeannteideal 4 a threisiú tuilleadh de bhreis ar an togra ón gCoimisiún de EUR 1 bhilliún i bpraghsanna reatha agus gur cheart na hacmhainní breise a bheith ar fáil ó 2024;

27.

á mheabhrú go bhfuil miondealú beacht na gcistí breise ar fud na gclár agus na línte buiséid faoi Cheannteidil 4 agus 6 le cinneadh ag an údarás buiséadach sa nós imeachta buiséadach bliantúil;

An tArdán um Theicneolaíochtaí Straitéiseacha don Eoraip (STEP)

28.

á athdhearbhú gur gá uathriail straitéiseach oscailte an Aontais a dhaingniú, spleáchas ar thíortha nach bhfuil san Aontas i bpríomhearnálacha a laghdú agus borradh a chur faoi infheisíochtaí ar fud an Aontais i bpríomhearnálacha straitéiseacha, lena n-áirítear, i measc nithe eile, an tsláinte, amhábhair agus spás, agus an t-aistriú glas agus an t-aistriú digiteach á gcur chun cinn; á chur in iúl gur oth léi nach ndearna an Coimisiún a ghealltanas ‘iarracht chun Ciste Eorpach Ceannasachta nua a chruthú’ faoin gclár oibre do 2023 a urramú; á chreidiúint gur cheart do straitéis tionsclaíochta an Aontais feidhmiú ceart an mhargaidh aonair a áirithiú, saobhadh margaidh a sheachaint, machaire réidh a chruthú laistigh agus lasmuigh de AE agus a áirithiú go mbeidh na scileanna is gá ag daoine;

29.

á aithint, in ainneoin a mhéide agus a raoin theoranta, go bhfuil sé d’acmhainn ag an togra STEP torthaí a bhaint amach níos tapúla trí úsáid a bhaint as struchtúir na gclár atá ann cheana agus trí shineirgí a chruthú; á mheas gur cheart go mbeadh an togra STEP ina ábhar tástála do Chiste Ceannasachta lánfheidhme sa chéad tréimhse eile de CAI;

30.

ag tabhairt dá haire go gcomhcheanglaítear leis an togra STEP athbheartú tosaíochta cistí faoi chláir atá ann cheana, lena n-áirítear cistí an bheartais comhtháthaithe, le hathneartuithe spriocdhírithe do chláir shonracha faoi Cheannteidil 1 (an margadh aonair, nuálaíocht agus digiteach), 3 (acmhainní nádúrtha agus an comhshaol) agus 5 (slándáil agus cosaint);

31.

á chur i bhfios go láidir, chun na cuspóirí straitéiseacha do STEP a bhaint amach, chun beartas tionsclaíoch an Aontais a neartú agus a mhúnlú, chun borradh a chur faoin tacaíocht d’earnáil na cosanta, rud atá níos tábhachtaí ná riamh chun ceannasacht agus sláine Bhallstáit an Aontais a chosaint i dtimpeallacht beartais cosanta atá athraithe go mór agus i bhfad níos dúshlánaí, agus chun uathriail straitéiseach oscailte an Aontais a thógáil agus cothrom iomaíochta sa mhargadh aonair á áirithiú ag an am céanna, gur cheart maoiniú STEP a mhéadú, le hathneartuithe breise EUR 2 bhilliún i bpraghsanna reatha de bhreis ar an togra ón gCoimisiún i gCeannteideal 1 agus EUR 1 bhilliún i bpraghsanna reatha de bhreis ar an togra ón gCoimisiún i gCeannteideal 5;

32.

á chur i bhfios go láidir gur cuireadh ath-leithdháiltí suntasacha chun feidhme ó 2021 i leith ar fud na gceannteideal, rud a chuireann cláir faoi bhrú ollmhór agus i mbaol suaite; ag meabhrú a seasaimh sheanbhunaithe nach mór tosaíochtaí nua a mhaoiniú le hairgead úr, seachas trí ath-leithdháiltí athfhillteacha, agus á áitiú, dá bhrí sin, go bhfuil gá le hairgead úr breise chun seachadadh éifeachtach clár eile faoi Cheannteideal 1 a áirithiú;

33.

ag athdhearbhú a tuairime gur cheart do leithreasuithe saortha fanacht sa bhuiséad agus gur cheart don údarás buiséadach iad a ghealladh tríd an nós imeachta buiséadach bliantúil agus ag meabhrú a seasaimh maidir leis an athbhreithniú ar an Rialachán Airgeadais i ndáil leis sin; á chur in iúl gur geal léi, dá bhrí sin, go nglactar leis i dtogra STEP go ndéanfar EUR 1,2 billiún a athúsáid i ngealltanais saortha taighde faoi Airteagal 15(3) den Rialachán Airgeadais agus go n-aithníonn an Coimisiún go hintuigthe, dá bhrí sin, míchruinneas a mheastacháin maidir le gealltanais saortha taighde atá mar bhonn le comhaontú CAI 2020;

34.

á mheabhrú go bhfuil éileamh seanbhunaithe aici gur cheart ionstraimí caiteachais uile AE a ionchorprú sa bhuiséad, agus prionsabal na haontachta buiséadaí á urramú go hiomlán; á mheas, i ndáil leis sin, gurb ionann an leithdháileadh atá beartaithe don Chiste Nuálaíochta faoi Cheannteideal 3 agus dul chun cinn tábhachtach i dtreo a bhuiséadaithe iomláin;

Costais iasachtaíochta Ionstraim Théarnaimh an Aontais Eorpaigh (EURI)

35.

á chur in iúl gur cúis bhuartha di go bhfuil an méid atá clársceidealaithe in CAI chun na costais iasachta a bhaineann le EURI a aisíoc i bhfad faoi bhun na gceanglas, agus go measann an Coimisiún go mbeidh an t-easnamh idir EUR 17 mbilliún agus EUR 27 mbilliún thar thréimhse CAI; á thabhairt chun suntais, sa dréachtbhuiséad cheana féin, go bhfuiltear ag súil go n-ídeoidh costais mhéadaithe EURI na hacmhainní go léir faoin Ionstraim Sholúbthachta agus thart ar aon trian d’acmhainní faoi urrann (a) den Ionstraim Corrlaigh Aonair in 2024;

36.

á chur i bhfios go láidir gur leag rátaí úis atá ag ardú go géar ó chogadh foghach na Rúise i gcoinne na hÚcráine na lochtanna struchtúracha bunúsacha in ailtireacht aisíocaíochta fiachais bhuiséad AE; á mheabhrú go mbraitheann costais úis agus aisíocaíocht fiachais ar fhorbairtí sa mhargadh, nach caiteachas lánroghnach iad agus, dá bhrí sin, nach féidir iad a bheith faoi réir uasteorainn chaiteachais faoi uasteorainn CAI gan riosca díreach a bheith ann do chláir infheistíochta agus dá dtairbhithe agus d’acmhainneacht an bhuiséid freagairt do riachtanais atá ag teacht chun cinn;

37.

á mheabhrú go bhfuil sé iarrtha go leanúnach ag an bParlaimint go réiteofaí an fhadhb sin agus gur áitigh sí go gcuirfí costais aisíocaíochta EURI de bhreis ar uasteorainneacha CAI;

38.

á chur in iúl gur geal léi cruthú Ionstraim EURI mar ionstraim speisialta de bhreis ar uasteorainneacha CAI a bheidh le slógadh de réir mar is gá bunaithe ar na riachtanais aisíocaíochta iarbhír; á áitiú, áfach, go gcumhdaíonn an Ionstraim costais aisíocaíochta uile EURI, ní hamháin na costais sin atá os cionn an mhéid atá clársceidealaithe faoi Cheannteideal 2b (athléimneacht agus luachanna); á chur i bhfios go láidir gur cheart go mbeadh Ionstraim EURI arna ceapadh ar an mbealach sin mar shamhail chun costais aisíocaíochta uile EURI a bhainistiú sa chéad CAI eile;

39.

á áitiú gur gá don Choimisiún faisnéis thráthúil mhionsonraithe a sholáthar don údarás buiséadach maidir leis na ríomhanna atá mar bhonn taca leis na réamhaisnéisí le haghaidh costais iasachtaíochta EURI, lena n-áirítear na toimhdí agus na paraiméadair a úsáidtear, chun bainistiú freagrach ar chostais aisíocaíochta a chumasú;

40.

á chur i bhfios go bhfuil gá le tacar foinsí ioncaim níos éagsúla agus níos athléimní do bhuiséad AE chun maoiniú stóinsithe agus inbhuanaithe a chur ar fáil do CAI treisithe agus méadaithe; ag tathant ar an gComhairle, dá bhrí sin, na tograí atá ann cheana maidir le hacmhainní dílse nua a fhormheas go pras agus á chur i bhfios go láidir go bhfuil gá le dul chun cinn maidir le hacmhainní dílse nua sa bhreis ar na tograí sin;

Feabhas a chur ar chumas an bhuiséid freagairt ar ghéarchéimeanna agus ar riachtanais atá ag teacht chun cinn

41.

á chur i bhfios go mbeadh sé d’éifeacht ag an tsamhail atá beartaithe chun costais aisíocaíochta EURI a bhainistiú an spás buiséadach a athbhunú sna hIonstraimí Solúbthachta agus Corrlaigh Aonair ó 2024 go 2027 de réir chlársceidealú airgeadais tosaigh CAI;

42.

á chur i bhfios go láidir, áfach, nach bhfuil mórán solúbthachta in CAI, leis an Ionstraim Sholúbthachta agus corrlaigh neamh-leithdháilte nach bhfuil iontu ach 1,05 % d’uasteorainn na ngealltanas; á chur i bhfáth go bhfuil an CAI reatha ag brath go mór ar an tsolúbthacht theoranta sin agus, ar an drochuair, go bhfuil sé ag dul i mbun beartas comhtháthaithe a atreorú, rud nach uirlis freagartha ar ghéarchéimeanna é ach ar iarradh arís agus arís eile air easnaimh sa tsolúbthacht bhuiséadach nó i sásraí freagartha ar ghéarchéimeanna in CAI a dhéanamh chun dochair dá chuspóirí beartais fadtéarmacha;

43.

á chur i bhfios, thairis sin, go bhfuil gá méadaithe ann ó thús CAI le cabhair dhaonnúil agus práinnfhreagairt laistigh agus lasmuigh den Aontas agus tacaíocht i ndáil le tubaistí nádúrtha, atá ag tarlú níos minice agus atá níos déine mar thoradh ar an athrú aeráide go háirithe, agus á mheas gur dócha go dtiocfaidh fás ar na riachtanais sin; á chur i bhfáth go raibh an leithdháileadh bliantúil do SEAR ídithe in 2021 agus 2022 agus go bhfuiltear ag súil go mbainfear úsáid iomlán as in 2023; á chur in iúl gur saoth léi go bhfuair tairbhithe na cabhrach faoi Chiste Dlúthpháirtíochta AE, i gcásanna áirithe, níos lú ná 50 % den chabhair a bheadh faighte acu de ghnáth agus go raibh orthu fanacht ar feadh i bhfad le haghaidh eisíocaíochta mar gheall ar theorainneacha SEAR;

44.

á mheas, i ndáil leis sin, gur céim sa treo ceart é an togra ón gCoimisiún chun an Ionstraim Sholúbthachta agus SEAR a mhéadú; á áitiú, áfach, nach mór an tsolúbthacht agus an spás buiséadach is gá a bheith ag buiséad AE chun go mbeidh sé in ann freagairt do ghéarchéimeanna agus oiriúnú do riachtanais atá ag teacht chun cinn agus atá ag dul i méid;

45.

á mheabhrú go n-éilíonn sí go méadófaí an Ionstraim Sholúbthachta agus SEAR agus go mbeadh ionstraim speisialta bhuan bhreise ann de bhreis ar uasteorainneacha CAI chun go mbeidh buiséad an Aontais in ann oiriúnú níos fearr do ghéarchéimeanna agus do na héifeachtaí sóisialta agus eacnamaíocha a bhaineann leo agus freagairt orthu go tapa; á chur in iúl go dtuigeann sí, in éagmais ionstraim den sórt sin, go mbeidh sé fós deacair ar an Aontas a ullmhacht le haghaidh imeachtaí gan choinne a áirithiú, go háirithe ós rud é, faoi láthair, go bhfuil 99,6 % de bhuiséad an Aontais réamh-leithdháilte; á chur in iúl go bhfuil sí réidh le hobair a dhéanamh chun teacht ar réitigh phragmatacha sa ghearrthéarma, agus ag an am céanna machnamh a dhéanamh ar réiteach níos struchtúraí agus níos cuíchóirithe sa chéad CAI eile;

46.

á chur i bhfios go láidir go bhfuil sé cruthaithe ag solúbthacht bhuiséadach go gcumasaítear leis an tsolúbthacht bhuiséadach acmhainní a spriocdhíriú i gcás ina bhfuil gá leo agus go gcumasaíonn an tAontas freagairt ar imeachtaí gan choinne agus a thosaíochtaí caiteachais a choigeartú i bhfianaise riachtanais pholaitiúla, eacnamaíocha nó shóisialta atá ag athrú; á áitiú, dá bhrí sin, go ndéanfaí an Ionstraim Sholúbthachta a mhéadú EUR 3 bhilliún i bpraghsanna reatha de bhreis ar an togra ón gCoimisiún do thréimhse CAI; á mheas, thairis sin, gur cheart méideanna atá imithe i léig faoin gCiste Eorpach um Choigeartú don Domhandú a chur ar fáil arís faoin Ionstraim Sholúbthachta chun solúbthacht sa bhuiséad a neartú tuilleadh;

47.

ag tabhairt dá haire nach dócha go laghdófar éilimh ar SEAR; á mheas, dá bhrí sin, go bhfuil sé ríthábhachtach SEAR a threisiú chun a chur ar chumas an Aontais gníomhú i staideanna éigeandála a tharlaíonn de bharr mórthubaistí nádúrtha nó géarchéimeanna sláinte poiblí sna Ballstáit agus i dtíortha aontachais agus chun tacú freisin le tíortha nach Ballstáit den Aontas iad atá thíos le coinbhleachtaí, géarchéimeanna dídeanaithe nó tubaistí nádúrtha; á áitiú, dá bhrí sin, go ndéanfaí SEAR a mhéadú EUR 2 bhilliún i bpraghsanna reatha de bhreis ar an togra ón gCoimisiún do thréimhse CAI; á chur in iúl gur oth léi an cinneadh an Cúlchiste um Chabhair Éigeandála (EAR) agus Ciste Dlúthpháirtíochta an Aontais Eorpaigh (CDAE) a chumasc sa CAI reatha, as ar eascair easnaimh thromchúiseacha sa chur chun feidhme agus á mheabhrú gur cheart SEAR a roinnt ina dhá shraith — EAR agus CDAE;

Moltaí agus modhnuithe

48.   á iarraidh ar an gComhairle agus ar an gCoimisiún na moltaí agus na modhnuithe seo a leanas a chur san áireamh:

(i)

uasteorainn Cheannteideal 1 a mhéadú le EUR 2 bhilliún i bpraghsanna reatha de bhreis ar an togra ón gCoimisiún;

(ii)

uasteorainn Cheannteideal 4 a mhéadú le EUR 1 bhilliún i bpraghsanna reatha de bhreis ar an togra ón gCoimisiún agus an méadú a chur i bhfeidhm ar an gceannteideal ó 2024;

(iii)

uasteorainn Cheannteideal 5 a mhéadú le EUR 1 bhilliún i bpraghsanna reatha de bhreis ar an togra ón gCoimisiún;

(iv)

uasteorainn Cheannteideal 6 a mhéadú le EUR 1 bhilliún i bpraghsanna reatha de bhreis ar an togra ón gCoimisiún;

(v)

an Ionstraim Sholúbthachta a mhéadú EUR 3 bhilliún i bpraghsanna reatha de bhreis ar an togra ón gCoimisiún, agus na méideanna atá imithe i léig faoin gCiste Eorpach don Domhandú a chur ar fáil arís faoin Ionstraim Sholúbthachta;

(vi)

an Cúlchiste um Dhlúthpháirtíocht agus Cabhair Éigeandála a mhéadú EUR 2 bhilliún i bpraghsanna reatha de bhreis ar an togra ón gCoimisiún;

(vii)

foráil a dhéanamh go gcumhdófar leis Ionstraim EURI, a bunaíodh mar ionstraim speisialta de bhreis ar uasteorainneacha CAI, costais aisíocaíochta uile EURI;

(viii)

an uasteorainn bhliantúil i leithreasuithe faoi chomhair íocaíochtaí a scriosadh chun dul i muinín na hIonstraime Corrlaigh Aonair;

(ix)

ba cheart an togra le haghaidh rialachán ón gComhairle a mhodhnú mar a leanas:

Modhnú 1

Togra le haghaidh Rialacháin

Aithris 4

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiúsn

Modhnú

(4)

Le buiséad an Aontais ba cheart go gcuirfí ar chumas an Aontais na freagairtí beartais is gá a sholáthar ar dhúshláin atá ag teacht chun cinn agus oibleagáidí dlíthiúla a chomhlíonadh, arb oibleagáidí iad nach féidir freastal orthu laistigh de na huasteorainneacha atá ann cheana ná trí sholúbthacht ídithe. Dá bhrí sin, na huasteorainneacha caiteachais i leithreasuithe faoi chomhair gealltanas le haghaidh Cheannteidil 1, 3, 5, 6, agus 7 lena n-áirítear fo-uasteorainn chaiteachas riaracháin na n-institiúidí do na blianta 2024, 2025, 2026 agus 2027, agus uasteorainn Cheannteideal 4 do 2025, 2026 agus 2027 , ba cheart iad a mhéadú. Mar thoradh air sin, ba cheart na huasteorainneacha caiteachais i leithreasuithe faoi chomhair íocaíochtaí do na blianta 2026 agus 2027 a mhéadú;

(4)

Le buiséad an Aontais ba cheart go gcuirfí ar chumas an Aontais na freagairtí beartais is gá a sholáthar ar dhúshláin atá ag teacht chun cinn agus oibleagáidí dlíthiúla a chomhlíonadh, arb oibleagáidí iad nach féidir freastal orthu laistigh de na huasteorainneacha atá ann cheana ná trí sholúbthacht ídithe. Dá bhrí sin, na huasteorainneacha caiteachais i leithreasuithe faoi chomhair gealltanas le haghaidh Cheannteidil 1, 3, 4, 5, 6, agus 7 lena n-áirítear fo-uasteorainn chaiteachas riaracháin na n-institiúidí do na blianta 2024, 2025, 2026 agus 2027, ba cheart iad a mhéadú. Mar thoradh air sin, ba cheart na huasteorainneacha caiteachais i leithreasuithe faoi chomhair íocaíochtaí do na blianta 2026 agus 2027 a mhéadú;

Modhnú 2

Togra le haghaidh Rialacháin

Aithris 11

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiúsn

Modhnú

(11)

I bhfianaise na héiginnteachta a bhaineann le héabhlóid na rátaí úis amach anseo agus chun brú míchuí ar chláir an Aontais a sheachaint, is iomchuí ionstraim speisialta théamach nua a bhunú chun costais chistiúcháin uile iasachtaí NextGenerationEU a chumhdach, ar costais iad a sháraíonn na méideanna a bhí beartaithe ar dtús . Ba cheart na leithreasuithe faoi chomhair gealltanas is gá agus na leithreasuithe comhfhreagracha faoi chomhair íocaíochtaí i mbuiséad an Aontais a chur ar fáil de bhreis ar uasteorainneacha CAI;

(11)

I bhfianaise na héiginnteachta a bhaineann le héabhlóid na rátaí úis amach anseo agus chun brú míchuí ar chláir an Aontais a sheachaint, is iomchuí ionstraim speisialta théamach nua a bhunú chun costais chistiúcháin uile iasachtaí NextGenerationEU a chumhdach. Ba cheart na leithreasuithe faoi chomhair gealltanas is gá agus na leithreasuithe comhfhreagracha faoi chomhair íocaíochtaí i mbuiséad an Aontais a chur ar fáil de bhreis ar uasteorainneacha CAI;

Modhnú 3

Togra le haghaidh Rialacháin

Aithris 12

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiúsn

Modhnú

(12)

Ba cheart an Cúlchiste um Dhlúthpháirtíocht agus Cabhair Éigeandála agus an Ionstraim Sholúbthachta a threisiú chun acmhainneacht leordhóthanach a choinneáil ar bun chun go mbeidh an tAontas in ann freagairt d’imthosca gan choinne go dtí 2027;

(12)

Ba cheart an Cúlchiste um Dhlúthpháirtíocht agus Cabhair Éigeandála agus an Ionstraim Sholúbthachta a threisiú chun acmhainneacht leordhóthanach a choinneáil ar bun chun go mbeidh an tAontas in ann freagairt d’imthosca gan choinne go dtí 2027. Chun solúbthacht sa bhuiséad a neartú tuilleadh, is iomchuí na méideanna atá imithe i léig faoin gCiste Eorpach don Domhandú a chur ar fáil arís faoin Ionstraim Sholúbthachta ;

Modhnú 4

Togra le haghaidh Rialacháin

Aithris 12 a (nua)

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiúsn

Modhnú

 

(12a)

Mar gheall ar an moill ar chur chun feidhme clár áirithe sna blianta tosaigh de CAI 2021-2027, lena n-áirítear mórchláir, tá baol ann go mbeidh riaráiste íocaíochtaí ann sna blianta deireanacha de CAI nuair a thiocfaidh dlús leis an gcur chun feidhme. Chun an riosca sin a mhaolú agus chun gealltanais an Aontais a urramú, ba cheart deireadh a chur leis an uasteorainn bhliantúil i leithreasuithe faoi chomhair íocaíochtaí chun dul i muinín na hIonstraime Corrlaigh Aonair chun an riosca sin a mhaolú;

Modhnú 5

Togra le haghaidh Rialacháin

Airteagal 1 – mír 2

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiúsn

Modhnú

(2)

In Airteagal 9, cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 2:

‘2.   Ní rachaidh an Cúlchiste um Dhlúthpháirtíocht agus Cabhair Éigeandála thar uasmhéid bliantúil EUR  1 739 milliún (i bpraghsanna 2018). Féadfar aon chuid den mhéid bliantúil nach n-úsáidfear i mbliain n a úsáid suas go bliain n+1. Tarraingeofar ar an gcuid den mhéid bliantúil a eascróidh as an mbliain roimhe sin ar dtús. Rachaidh aon chuid den mhéid bliantúil ó bhliain n nach mbainfear úsáid as i mbliain n+1 in éag.’;

(2)

In Airteagal 9, cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 2:

‘2.   Ní rachaidh an Cúlchiste um Dhlúthpháirtíocht agus Cabhair Éigeandála thar uasmhéid bliantúil EUR 2 170 milliún (i bpraghsanna 2018). Féadfar aon chuid den mhéid bliantúil nach n-úsáidfear i mbliain n a úsáid suas go bliain n+1. Tarraingeofar ar an gcuid den mhéid bliantúil a eascróidh as an mbliain roimhe sin ar dtús. Rachaidh aon chuid den mhéid bliantúil ó bhliain n nach mbainfear úsáid as i mbliain n+1 in éag.’;

Modhnú 6

Togra le haghaidh Rialacháin

Airteagal 1 – mír 3

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiúsn

Modhnú

(3)

Cuirtear na hAirteagail seo a leanas isteach:

‘Airteagal 10a

Ionstraim EURI

1.    Féadfar Ionstraim EURI a úsáid chun na costais bhreise a mhaoiniú i gcás ina sáróidh, i mbliain ar leith, costais an úis agus na n-íocaíochtaí cúpóin atá dlite i leith na gcistí a fuarthas ar iasacht ar na margaí caipitil i gcomhréir le hAirteagal 5(2) de Chinneadh (AE, Euratom) 2020/2053 na méideanna seo a leanas (i bpraghsanna 2018):

—

2024 – EUR 1 840  milliún,

—

2025 – EUR 2 332  milliún,

—

2026 – EUR 3 196  milliún,

—

2027 – EUR 4 168  milliún,

2.     Féadfaidh Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle an Ionstraim EURI a shlógadh faoi chuimsiú an nós imeachta bhuiséadaigh dá bhforáiltear in Airteagal 314 CFAE.’;

(3)

Cuirtear na hAirteagail seo a leanas isteach:

‘Airteagal 10a

Ionstraim EURI

1.    Déanfaidh Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle an Ionstraim EURI a shlógadh faoi chuimsiú an nós imeachta bhuiséadaigh dá bhforáiltear in Airteagal 314 CFAE chun costais an úis agus na n-íocaíochtaí cúpóin atá dlite i leith na gcistí a fuarthas ar iasacht ar na margaí caipitil a mhaoiniú i gcomhréir le hAirteagal 5(2) de Chinneadh (AE, Euratom) 2020/2053.’;

‘Airteagal 10b

Cúlchiste na hÚcráine

1.   Féadfar Cúlchiste na hÚcráine a shlógadh chun críche caiteachas a mhaoiniú faoin [Rialachán maidir le Saoráid na hÚcráine] agus chun na críche sin amháin, agus beidh sé d’aidhm aige EUR 2 500 milliún ar a laghad i bpraghsanna reatha a chur ar fáil mar mhéid táscach bliantúil.

2.   Ní rachaidh Cúlchiste na hÚcráine thar EUR 50 000 milliún i bpraghsanna reatha le haghaidh na tréimhse 2024 go 2027. Ní rachaidh an méid bliantúil a shlógfar faoi Chúlchiste na hÚcráine in aon bhliain ar leith thar EUR 16 700 milliún i bpraghsanna reatha.

3.    Féadfaidh Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle Cúlchiste na hÚcráine a shlógadh faoi chuimsiú an nós imeachta bhuiséadaigh dá bhforáiltear in Airteagal 314 CFAE.’;

‘Airteagal 10b

Cúlchiste na hÚcráine

1.   Féadfar Cúlchiste na hÚcráine a shlógadh chun críche caiteachas a mhaoiniú faoin [Rialachán maidir le Saoráid na hÚcráine] agus chun na críche sin amháin, agus beidh sé d’aidhm aige EUR 2 500 milliún ar a laghad i bpraghsanna reatha a chur ar fáil mar mhéid táscach bliantúil.

2.   Ní rachaidh Cúlchiste na hÚcráine thar EUR 50 000 milliún i bpraghsanna reatha le haghaidh na tréimhse 2024 go 2027. Ní rachaidh an méid bliantúil a shlógfar faoi Chúlchiste na hÚcráine in aon bhliain ar leith thar EUR 16 700 milliún i bpraghsanna reatha.

3.    Déanfaidh Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle Cúlchiste na hÚcráine a shlógadh faoi chuimsiú an nós imeachta bhuiséadaigh dá bhforáiltear in Airteagal 314 CFAE.’;

Modhnú 7

Togra le haghaidh Rialacháin

Airteagal 1 – mír 3 a (nua)

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiúsn

Modhnú

 

(3a)

Leasaítear Airteagal 11 mar a leanas:

(a)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 1:

‘1.     Is éard a bheidh san Ionstraim Corrlaigh Aonair:

(a)

amhail ó 2022, méideanna a fhreagraíonn do chorrlaigh a bheidh fós ar fáil faoi uasteorainneacha CAI do leithreasuithe faoi chomhair gealltanas de bhliain n-1 a chuirfear ar fáil de bhreis ar na huasteorainneacha CAI do leithreasuithe faoi chomhair gealltanas do na blianta ó 2022 go 2027;

(b)

amhail ó 2022, méideanna atá coibhéiseach leis an difríocht idir na híocaíochtaí a fhorghníomhaítear agus uasteorainn íocaíochta CAI de bhliain n-1 chun an uasteorainn íocaíochta do na blianta ó 2022 go 2027 a choigeartú suas; agus

(c)

méideanna breise a fhéadfar a chur ar fáil de bhreis ar uasteorainneacha CAI in aon bhliain ar leith do leithreasuithe faoi chomhair gealltanas nó do leithreasuithe faoi chomhair íocaíochtaí, nó don dá rud, de réir mar a bheidh, ar choinníoll go ndéanfar iad a fhritháireamh go hiomlán in aghaidh na gcorrlach i gceann amháin nó níos mó de cheannteidil CAI don bhliain airgeadais reatha nó do na blianta airgeadais amach anseo a mhéid a bhaineann le leithreasuithe faoi chomhair gealltanas agus go ndéanfar iad a fhritháireamh go hiomlán in aghaidh na gcorrlach faoin uasteorainn íocaíochta do na blianta airgeadais amach anseo a mhéid a bhaineann le leithreasuithe faoi chomhair íocaíochtaí.

Déanfar aon choigeartú suas faoi phointe (b) den chéad fhomhír a fhritháireamh go hiomlán le laghdú comhfhreagrach ar an uasteorainn íocaíochta don bhliain n-1. Ní fhéadfar méideanna a shlógadh faoi phointe (c) den chéad fhomhír ach amháin mura leor na méideanna atá ar fáil de bhun phointí (a) agus (b) den fhomhír sin, de réir mar is infheidhme, agus in aon chás mar rogha dheireanach chun freagairt ar chúinsí gan choinne. I gcás ina rachfar ar iontaoibh phointe (c) den chéad fhomhír ní bheidh mar thoradh air sin go rachfar thar méideanna iomlána uasteorainneacha CAI do leithreasuithe faoi chomhair gealltanas agus leithreasuithe faoi chomhair íocaíochtaí don bhliain airgeadais reatha agus do na blianta airgeadais amach anseo. Dá bhrí sin aon mhéideanna a dhéanfar a fhritháireamh i gcomhréir leis an bpointe sin, ní shlógfar iad a thuilleadh i gcomhthéacs CAI.’;

(b)

scriostar mír 3;

Modhnú 8

Togra le haghaidh Rialacháin

Airteagal 1 – mír 4

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiúsn

Modhnú

(4)

In Airteagal 12, cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 1:

‘1.   Féadfar an Ionstraim Sholúbthachta a úsáid chun maoiniú a dhéanamh, d’aon bhliain airgeadais ar leith, ar chaiteachas sonrach gan choinne i leithreasuithe faoi chomhair gealltanas agus leithreasuithe comhfhreagracha faoi chomhair íocaíochtaí nach féidir a mhaoiniú laistigh de theorainneacha na n-uasteorainneacha atá ar fáil le haghaidh ceann amháin nó níos mó de na ceannteidil eile. Beidh uasteorainn EUR  1 562 mhilliún (i bpraghsanna 2018) ar an tsuim bhliantúil a bheidh ar fáil le haghaidh na hIonstraime Solúbthachta.’;

(4)

In Airteagal 12, cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 1:

‘1.   Féadfar an Ionstraim Sholúbthachta a úsáid chun maoiniú a dhéanamh, d’aon bhliain airgeadais ar leith, ar chaiteachas sonrach gan choinne i leithreasuithe faoi chomhair gealltanas agus leithreasuithe comhfhreagracha faoi chomhair íocaíochtaí nach féidir a mhaoiniú laistigh de theorainneacha na n-uasteorainneacha atá ar fáil le haghaidh ceann amháin nó níos mó de na ceannteidil eile. Beidh uasteorainn EUR 2 170 milliún (i bpraghsanna 2018) ar an tsuim bhliantúil a bheidh ar fáil le haghaidh na hIonstraime Solúbthachta. Gach bliain, déanfar an méid bliantúil a bheidh ar fáil don Ionstraim Sholúbthachta a mhéadú méid is ionann agus an cion den mhéid bliantúil don Chiste Eorpach um Choigeartú don Domhandú a chuaigh i léig sa bhliain roimhe sin. ’;

Modhnú 9

Togra le haghaidh Rialacháin

Airteagal 1 – mír 5

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiúsn

Modhnú

(5)

Cuirtear an téacs san Iarscríbhinn a ghabhann leis an Rialachán seo in ionad Iarscríbhinn I.

(5)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad Iarscríbhinn I:

‘ IARSCRÍBHINN I

AN CREAT AIRGEADAIS ILBHLIANTÚIL (AE-27)

(EUR milliún – praghsanna 2018)

LEITHREASAÍ FAOI CHOMHAIR GEALLTANAS

2021

2022

2023

2024

2025

2026

2027

Iomlán 2021-2027

1.

An Margadh Aonair, Nuálaíocht agus Cúrsaí Digiteacha

19 712

20 211

19 678

20 399

19 715

19 821

19 624

139 160

2.

Comhtháthú, Athléimneacht agus Luachanna

5 996

62 642

63 525

65 079

65 286

56 787

58 809

378 124

2a.

Comhtháthú eacnamaíoch, sóisialta agus críochach

1 666

56 673

57 005

57 436

57 874

48 414

49 066

328 134

2b.

Athléimneacht agus Luachanna

4 330

5 969

6 520

7 643

7 412

8 373

9 743

49 990

3.

Acmhainní Nádúrtha agus an Comhshaol

53 562

52 626

51 893

52 123

51 195

49 999

49 207

360 605

Lena n-áirítear: Caiteachas a bhaineann leis an margadh agus íocaíochtaí díreacha

38 040

37 544

36 857

36 054

35 401

34 729

34 015

252 640

4.

Imirce agus Bainistiú Teorainneacha

1 687

3 104

3 454

3 791

4 302

4 359

4 910

25 607

5.

Slándáil agus Cosaint

1 598

1 750

1 762

2 334

2 497

2 611

2 785

15 337

6.

An Chomharsanacht agus an Domhan

15 309

15 522

14 789

16 609

15 827

15 046

15 235

108 337

7.

An Riarachán Poiblí Eorpach

10 021

10 215

10 342

10 586

10 887

11 229

11 443

74 723

Lena n-áirítear: Caiteachas riaracháin na n-institiúidí

7 742

7 878

7 945

8 107

8 310

8 541

8 660

57 183

IOMLÁN NA LEITHREASUITHE FAOI CHOMHAIR GEALLTANAS

107 885

166 070

165 443

170 921

169 709

159 852

162 014

1 101 894

IOMLÁN NA LEITHREASUITHE FAOI CHOMHAIR ÍOCAÍOCHTAÍ

154 065

153 850

152 682

151 436

151 175

159 978

155 025

1 078 211 ’

o

o o

49.

á threorú dá hUachtarán an rún seo a chur ar aghaidh chuig an gComhairle agus chuig an gCoimisiún.

(1)   IO L 325, 20.12.2022, lch. 11.

(2)   IO L 433 I, 22.12.2020, lch. 11.

(3)   IO C 444 I, 22.12.2020, lch. 4.

(4)   IO C 445, 29.10.2021, lch. 240.

(5)   IO L 433 I, 22.12.2020, lch. 28.

(6)   IO L 433 I, 22.12.2020, lch. 1.

(7)   IO L 433 I, 22.12.2020, lch. 23.

(8)   IO L 193, 30.7.2018, lch. 1.

(9)  Téacsanna arna nglacadh, P9_TA(2023)0194.

(10)   IO C 177, 17.5.2023, lch. 115.

(11)  [Tagairt le cur isteach: glacadh sa suí iomlánach an 20-21 Meán Fómhair]

(12)  Rialachán (AE) 2022/2463 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 14 Nollaig 2022 lena mbunaítear Ionstraim chun tacaíocht a thabhairt don Úcráin le haghaidh 2023 (cúnamh macra-airgeadais +) (IO L 322, 16.12.2022, lch. 1).


ELI: http://data.europa.eu/eli/C/2024/1195/oj

ISSN 1977-107X (electronic edition)