AN COIMISIÚN EORPACH
An Bhruiséil,13.6.2025
COM(2025) 323 final
2025/0171(NLE)
Togra le haghaidh
CINNEADH CUR CHUN FEIDHME ÓN gCOMHAIRLE
lena leasaítear Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) (ST 10159/21 INIT; 10159/21 ADD 1; ST 10159/21 COR 1) an 13 Iúil 2021 maidir le formheas an mheasúnaithe ar phlean téarnaimh agus athléimneachta na hOstaire
2025/0171 (NLE)
Togra le haghaidh
CINNEADH CUR CHUN FEIDHME ÓN gCOMHAIRLE
lena leasaítear Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) (ST 10159/21 INIT; 10159/21 ADD 1; ST 10159/21 COR 1) an 13 Iúil 2021 maidir le formheas an mheasúnaithe ar phlean téarnaimh agus athléimneachta na hOstaire
TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,
Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,
Ag féachaint do Rialachán (AE) 2021/241 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 12 Feabhra 2021 lena mbunaítear an tSaoráid Téarnaimh agus Athléimneachta, agus go háirithe Airteagal 20(1) de,
Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,
De bharr an mhéid seo a leanas:
(1)I ndiaidh don Ostair an plean náisiúnta téarnaimh agus athléimneachta (‘an plean’) a chur isteach an 30 Aibreán 2021, mhol an Coimisiún a mheasúnú dearfach don Chomhairle. D’fhormheas an Chomhairle an measúnú dearfach trí bhíthin Chinneadh Cur Chun Feidhme ón gComhairle an 13 Iúil 2021. Leasaíodh an Cinneadh Cur Chun Feidhme sin ón gComhairle an 9 Samhain 2023.
(2)An 21 Samhain 2024, rinne an Ostair iarraidh réasúnaithe ar an gCoimisiún togra a dhéanamh le haghaidh Cinneadh Cur Chun Feidhme ón gComhairle an 13 Iúil 2021 a leasú i gcomhréir le hAirteagal 21(1) de Rialachán (AE) 2021/241, ós rud é nach féidir an plean téarnaimh agus athléimneachta a bhaint amach ina iomláine a thuilleadh i ngeall ar imthosca oibiachtúla. Ar an mbonn sin, tá plean téarnaimh agus athléimneachta leasaithe curtha isteach ag an Ostair.
Leasuithe bunaithe ar Airteagal 21 de Rialachán (AE) 2021/241
(3)Na leasuithe ar an bplean téarnaimh agus athléimneachta a chuir an Ostair isteach i ngeall ar imthosca oibiachtúla, baineann siad le 18 mbeart.
(4)Mhínigh an Ostair go ndearnadh trí bheart a leasú chun roghanna malartacha níos fearr a chur chun feidhme ar mhaithe le huaillmhian bhunaidh an bhirt a bhaint amach. Baineann sé sin le cloch mhíle 1 agus an tuairisc ar bheart 1.A.1. (Dlí maidir le Téamh In‑athnuaite) faoi chomhchuid 1 Téarnamh Inbhuanaithe, clocha míle 111, 112 agus sprioc 113 agus an tuairisc ar bheart 4.A.3. (Forbairt an ardáin leictreonaigh maidir leis an bpas tuismitheoir-leanbh lena n‑áirítear na comhéadain a ghabhann leis na líonraí luathchabhrach), agus clocha míle 152 agus 153 agus an tuairisc ar bheart 4.D.2. (Méadú ar an aois scoir iarbhír), iad uile faoi chomhchuid 4 Téarnamh Cóir. Ar an mbonn sin, d’iarr an Ostair go ndéanfaí an tuairisc ar na bearta thuasluaite, agus na clocha míle agus na spriocanna thuasluaite a leasú. Ba cheart an Cinneadh Cur Chun Feidhme ón gComhairle an 13 Iúil 2021 a leasú dá réir.
(5)Mhínigh an Ostair go ndearnadh 15 bheart a leasú chun rogha mhalartach níos fearr a chur chun feidhme lenar féidir an t‑ualach riaracháin a laghdú agus cuspóirí an bhirt lena mbaineann á mbaint amach an tráth céanna. Baineann sé sin le clocha míle 22 agus 23 agus an tuairisc ar bheart 1.B.5 (Iarnróid nua a thógáil agus iarnróid réigiúnacha a leictriú) faoi chomhchuid 1 Téarnamh Inbhuanaithe, cloch mhíle 45 faoi bheart 2.A.1 (Ardán Bhonneagar-Idirlín na hOstaire 2030 a chur ar bun) faoi chomhchuid 2 Téarnamh Digiteach; an tuairisc ar bheart 2.C.1 (Reachtaíocht atá beartaithe le haghaidh Prionsabal na hAonuaire: Leasú ar Acht na Tairsí Seirbhíse Gnó) agus sprioc 61 faoi bheart 2.C.2. (An Ciste do Dhigiteáil an Riaracháin Phoiblí) faoi chomhchuid 2 Téarnamh Digiteach, cloch mhíle 81 faoi bheart 3.A.4 (Bonneagair Taighde (Dhigiteacha)) agus sprioc 89 faoi bheart 3.B.2 (Athsciliú agus uas‑sciliú a chur chun cinn), an dá cheann acu faoi chomhchuid 3 Téarnamh bunaithe ar Eolas, spriocanna 114, 115, 116 agus an tuairisc ar bheart 4.A.4. (Cur i bhfeidhm na ‘luathchabhrach’ ar an leibhéal náisiúnta do mhná torracha atá faoi mhíbhuntáiste sóisialta, dá leanaí óga, agus dá dteaghlaigh) sprioc 123 agus an tuairisc ar bheart 4.B.3. (Infheistíocht i lár bailte atá neamhdhíobhálach don aeráid), cloch mhíle 132 d’infheistíocht 4.B.4 (Infheistíocht i gcur i bhfeidhm Altranas Pobail), cloch mhíle 140 agus an tuairisc ar bheart 4.C.4. (Feachtas maidir leis an Oidhreacht Chultúrtha a Dhigiteáil), an tuairisc ar bheart 4.D.1. (Athbhreithniú ar chaiteachas ag díriú ar an aistriú glas agus ar an aistriú digiteach), clocha míle 154 agus 155 agus an tuairisc ar bheart 4.D.3. (Roinnt pinsean), cloch mhíle 157 agus an tuairisc ar bheart 4.D.4 (Creat rialachais maidir le gníomhú ar son na haeráide) agus an tuairisc ar bhearta 4.D.8. (Pacáiste do ghnólachtaí nuathionscanta) agus 4.D.11 (Léirscaoileadh rialachán gnó), iad uile faoi chomhchuid 4 Téarnamh Cóir. Ar an mbonn sin, d’iarr an Ostair go mbainfí faisnéis chúlra nó eilimintí nós imeachta nach bhfuil gá leo agus nach rannchuidíonn le cuspóirí na mbeart, go soiléireofaí go mbaineann gnéithe áirithe le cuspóirí nó le comhthéacs na mbeart, agus go simpleofaí tuairiscí ar bhearta nó ar chlocha míle agus ar spriocanna a chruthaíonn ualach riaracháin gan údar chun cuspóirí na mbeart lena mbaineann a bhaint amach. Ba cheart an Cinneadh Cur Chun Feidhme ón gComhairle an 13 Iúil 2021 a leasú dá réir.
(6)Measann an Coimisiún, leis na cúiseanna arna gcur chun cinn ag an Ostair, go bhfuil údar maith leis an leasú/na leasuithe de bhun Airteagal 21(2) de Rialachán (AE) 2021/241, agus gur cheart Cinneadh Cur Chun Feidhme ón gComhairle an 13 Iúil 2021 a leasú dá réir.
Ceartúcháin ar earráidí cléireachais
(7)Sainaithníodh 19 n‑earráid chléireachais i dtéacs an Chinnidh Cur Chun Feidhme ón gComhairle, lena ndéantar difear d’ocht gcloch míle agus sprioc agus do 22 bheart faoi chúig chomhchuid. Ba cheart an Cinneadh Cur Chun Feidhme ón gComhairle a leasú chun na hearráidí cléireachais sin a cheartú, earráidí nach léiríonn ábhar an phlean a cuireadh faoi bhráid an Choimisiúin an 30 Aibreán 2021, mar a comhaontaíodh idir an Coimisiún agus an Ostair. Baineann na hearráidí cléireachais sin le cloch mhíle 2 faoi bheart 1.A.1 (Dlí maidir le Téamh In‑athnuaite) faoi chomhchuid 1 Téarnamh Inbhuanaithe; sprioc 73 faoi bheart 3.A.1 (Straitéis Taighde, Nuálaíochta agus Teicneolaíochta 2030 (Straitéis RTI 2030)), cloch mhíle 86 faoi bheart 3.B.1. (Bónas an oideachais), cloch mhíle 88 faoi bheart 3.B.2 (Athsciliú agus uas‑sciliú a chur chun cinn); cloch mhíle 94 faoi bheart 3.C.2. (Pacáiste um an oideachas feabhais), iad uile faoi chomhchuid 3 Téarnamh bunaithe ar Eolas; cloch mhíle 136 faoi bheart 4.C.2 (Straitéise náisiúnta um dhigiteáil don oidhreacht chultúrtha a fhorbairt), cloch mhíle 139 faoi bheart 4.C.3 (Athchóiriú Volkskundemuseum Wien agus Prater Ateliers), an dá cheann acu faoi chomhchuid 4 Téarnamh Cóir; agus cloch mhíle 174 faoi bheart 5.A.2. (Hidrigin mar phríomhtheicneolaíocht maidir le haeráidneodracht) faoi chomhchuid 5 REPowerEU. Baineann earráidí cléireachais eile leis na tuairiscí ar na bearta seo a leanas: 1.C.1 Creat dlíthiúil chun rátaí bailithe le haghaidh pacáistíocht dí agus soláthar coimeádán dí in‑athúsáidte ar miondíol a mhéadú, 1.C.4 Iarfheistiú saoráidí sórtála atá ann cheana agus tógáil saoráidí sórtála nua agus 1.C.5 Deisiú trealaimh leictrigh agus leictreonaigh a chur chun cinn (bónas deisiúcháin) faoi chomhchuid 1 Téarnamh Inbhuanaithe; 2.D.2 Infheistíochtaí digiteacha i bhfiontair faoi chomhchuid 2 Téarnamh Digiteach; 3.B.1 Bónas an oideachais agus 3.C.3 Leathnú an bhunoideachais faoi chomhchuid 3 Téarnamh bunaithe ar Eolas; 4.A.1 Cúram sláinte príomhúil a fheabhsú, 4.A.2 Maoiniú tionscadal cúraim sláinte phríomhúil; 4.A.4 (Cur i bhfeidhm na ‘luathchabhrach’ ar an leibhéal náisiúnta do mhná torracha atá faoi mhíbhuntáiste sóisialta, dá leanaí óga, agus dá dteaghlaigh), 4.D.5 (Athchóiriú cánach éiceashóisialta) , 4.D.6 (Maoiniú Glas (Clár Oibre)), 4.D.7 (Straitéis Airgeadais Náisiúnta um Oideachais), 4.D.9 (Caipiteal cothromais a neartú, 4.D.10 (Margadh an tsaothair: ionad ilfhreastail), agus 4.D.11 (Léirscaoileadh rialachán gnó), iad uile faoi chomhchuid 4 Téarnamh Cóir. Ar deireadh, baineann seacht n‑earráid chléireachais le Roinn 2 (Tacaíocht Airgeadais) de Chinneadh Cur Chun Feidhme ón gComhairle an 13 Iúil 2021. Baineann ceann amháin de na hearráidí cléireachais sin le ceartú ainm sprioc 48 faoi bheart 2.A.2 (infhaighteacht líonraí rochtana Gigighiotán‑chumasaithe agus naisc nua shiméadracha Gigighiotán a chruthú faoi chomhchuid 2 Téarnamh Digiteach) sa tábla le haghaidh an séú tráthchuid, chun é a ailíniú le hainm na sprice sin mar a shonraítear san Iarscríbhinn a ghabhann le Cinneadh Cur Chun Feidhme ón gComhairle an 13 Iúil 2021. Baineann na sé earráid chléireachais eile le méid na dtráthchodanna a áirítear i Roinn 2 (Tacaíocht Airgeadais) de Chinneadh Cur Chun Feidhme ón gComhairle an 13 Iúil 2021, ina raibh earráid slánúcháin. Ní dhéanann na ceartúcháin sin difear do chur chun feidhme na mbeart lena mbaineann.
Measúnú an Choimisiúin
(8)Rinne an Coimisiún measúnú ar an bplean téarnaimh agus athléimneachta leasaithe i gcomparáid leis na critéir mheasúnaithe a leagtar síos in Airteagal 19(3) de Rialachán (AE) 2021/241.
Aghaidh a thabhairt ar na dúshláin uile nó ar fhothacar suntasach de na dúshláin a shainaithnítear sna moltaí tírshonracha
(9)I gcomhréir le hAirteagal 19(3), pointe (b) de Rialachán (AE) 2021/241 agus le critéar 2.2 d’Iarscríbhinn V a ghabhann leis, meastar go rannchuideoidh an plean téarnaimh agus athléimneachta leasaithe go héifeachtach le haghaidh a thabhairt ar gach dúshlán (Rátáil A) arna sainaithint sna moltaí tírshonracha ábhartha a dhírítear chuig an Ostair, nó ar sciar suntasach de na dúshláin sin, lena n‑áirítear gnéithe fioscacha díobh, nó dúshláin arna sainaithint i ndoiciméid ábhartha eile arna nglacadh go hoifigiúil ag an gCoimisiún i gcomhthéacs an tSeimeastair Eorpaigh.
(10)Áirítear leis an bplean téarnaimh agus athléimneachta leasaithe sraith fhairsing d’athchóirithe agus d’infheistíochtaí a threisíonn a chéile agus a rannchuidíonn go héifeachtach le haghaidh a thabhairt ar gach dúshlán eacnamaíoch agus sóisialta a leagtar amach sna moltaí tírshonracha a dhírigh an Chomhairle ar an Ostair i gcomhthéacs an tSeimeastair Eorpaigh, nó ar sciar suntasach de na dúshláin sin, go háirithe a mhéid a bhaineann le inbhuanaitheacht chóras na bpinsean (Moladh Tírshonrach 2019.1.3).
(11)Maidir leis na príomhathruithe a tugadh isteach leis an athbhreithniú ar an bplean, leis an modhnú ar athchóirithe 4.D.2 (Méadú ar an aois scoir iarbhír) agus 4.D.3 (Bochtaineacht seanaoise a laghdú) faoi chomhchuid 4 Téarnamh Cóir, féadfaidh an Ostair aghaidh a thabhairt ar inbhuanaitheacht chóras na bpinsean ar bhealach níos fearr (CSR 2019.1.3). Modhnaítear Athchóiriú 4.D.2 (Méadú ar an aois scoir iarbhír) chun an chéad mhéadú ar an bpinsin a fhaigheann duine tar éis dó dul ar scor a choigeartú. I ngeall ar thréimhse eisceachtúil an bhoilscithe sa tréimhse 2022-2024, ba é luathscor a dhreasú an toradh neamhbheartaithe a bheadh ar chur chun feidhme an athchóirithe, is é sin a mhalairt ar fad lena raibh i gceist leis an rún an aois scoir iarbhír a mhéadú. Tar éis an mhodhnaithe, foráiltear leis an athchóiriú maidir le méadú pinsin céaduaire simplithe agus laghdaithe do gach duine, gan beann ar an mí a ndeachaigh siad ar scor an bhliain roimhe sin. Meastar go nginfidh an t‑athchóiriú modhnaithe coigilteas fioscach breise i gcomparáid leis an athchóiriú a bhí beartaithe ar dtús, rud a chuirfidh le hinbhuanaitheacht fhioscach chóras na bpinsean. Modhnaítear Athchóiriú 4.D.3 (Bochtaineacht seanaoise a laghdú) chun dhá bheart pinsin a chur san áireamh, ar bearta iad araon a spreagann saol oibre níos faide. Leis an méadú ar an mbónas iarchurtha pinsin, cúitítear daoine a oibríonn thar a n‑aois scoir reachtúil agus téann sé chun tairbhe go háirithe do mhná, a bhfuil a n‑aois scoir reachtúil fós níos ísle ná aois scoir na bhfear, agus ar an gcaoi sin rannchuidítear le laghdú ar an mbearna phinsin idir na hinscní. Is é is aidhm don athchóiriú ar an bpinsean raon srian a chur leis an rochtain ar luathscor, agus ar an gcaoi sin an aois scoir iarbhír a ardú agus rannchuidiú le hinbhuanaitheacht fhioscach chóras na bpinsean.
(12)Measann an Coimisiún, leis na leasuithe arna gcur chun cinn ag an Ostair, nach ndéantar difear don mheasúnú dearfach maidir leis an bplean téarnaimh agus athléimneachta a leagtar amach i gCinneadh Cur Chun Feidhme ST 10159/21 ón gComhairle an 13 Iúil 2021 maidir le formheas an mheasúnaithe ar phlean téarnaimh agus athléimneachta na hOstaire i ndáil le hábharthacht, éifeachtacht, éifeachtúlacht agus comhleanúnachas an phlean i gcomparáid leis na critéir mheasúnaithe a leagtar síos in Airteagal 19(3), pointí (a), (b), (c), (d), (da), (db), (e), (f), (g), (h), (i), (j) agus (k).
Measúnú dearfach
(13)Tar éis an mheasúnaithe dhearfaigh ón gCoimisiún ar an bplean téarnaimh agus athléimneachta leasaithe agus an toradh a bhí air, mar atá, go gcomhlíonann an plean go sásúil na critéir mheasúnaithe a leagtar amach i Rialachán (AE) 2021/241, i gcomhréir le hAirteagal 20(2) den Rialachán sin agus le hIarscríbhinn V a ghabhann leis, ba cheart na hathchóirithe agus na tionscadail infheistíochta is gá chun an plean téarnaimh agus athléimneachta leasaithe a chur chun feidhme a leagan amach, iad sin agus na clocha míle, spriocanna agus táscairí ábhartha, agus an méid a chuirtear ar fáil ón Aontas i bhfoirm tacaíocht airgeadais neamh‑inaisíoctha le haghaidh chur chun feidhme an phlean téarnaimh agus athléimneachta leasaithe.
Ranníocaíocht airgeadais
(14)Is é EUR 4 187 412 730costais iomlána mheasta phlean téarnaimh agus athléimneachta leasaithe na hOstaire. Ós rud é go bhfuil méid chostais iomlána mheasta an phlean leasaithe níos airde ná an ranníocaíocht uasta airgeadais nuashonraithe atá ar fáil don Ostair, ba cheart an ranníocaíocht airgeadais iomlán arna suí i gcomhréir le hAirteagail 20(4) agus 21a(6) de Rialachán (AE) 2021/241 arna leithdháileadh ar phlean leasaithe na hOstaire a bheith comhionann le EUR 3 961 157 550.
(15)Dá bhrí sin, ba cheart Cinneadh Cur Chun Feidhme ST 10159/21 INIT, ST 10159/21 ADD 1; ST 10159/21 COR 1 ón gComhairle an 13 Iúil 2021 maidir le formheas an mheasúnaithe ar phlean téarnaimh agus athléimneachta don Ostair a leasú dá réir sin. Ar mhaithe le soiléireacht, ba cheart an Iarscríbhinn a ghabhann leis an gCinneadh Cur Chun Feidhme sin ón gComhairle a ionadú go hiomlán.
TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
Leasaítear Cinneadh Cur Chun Feidhme ón gComhairle an 13 Iúil 2021 maidir le formheas an mheasúnaithe ar phlean téarnaimh agus athléimneachta don Ostair mar a leanas:
(1) cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 1:
‘Airteagal 1
Formheas an mheasúnaithe ar an bplean téarnaimh agus athléimneachta
Formheastar an measúnú ar phlean náisiúnta téarnaimh agus athléimneachta modhnaithe na hOstaire a rinneadh ar bhonn na gcritéar dá bhforáiltear in Airteagal 19(3) de Rialachán (AE) 2021/241. Leagtar amach san Iarscríbhinn a ghabhann leis an gCinneadh seo na hathchóirithe agus na tionscadail infheistíochta faoin bplean, na socruithe agus an t‑amchlár i ndáil le faireachán a dhéanamh ar an bplean agus é a chur chun feidhme, lena n‑áirítear na clocha míle agus na spriocanna ábhartha agus an sprioc bhreise a bhaineann le híoc na tacaíochta airgeadais neamh‑inaisíoctha, na táscairí ábhartha a bhaineann le comhlíonadh na gcloch míle agus na spriocanna beartaithe, agus na socruithe chun rochtain iomlán ar na bunsonraí ábhartha a sholáthar don Choimisiún.’;
(2) Cuirtear an Iarscríbhinn a ghabhann leis an gCinneadh seo in ionad téacs na hIarscríbhinne.
Airteagal 2
Seolaí
Is chuig Poblacht na hOstaire a dhírítear an Cinneadh seo.
Arna dhéanamh sa Bhruiséil,
Thar ceann na Comhairle
An tUachtarán