An Bhruiséil,7.9.2022

COM(2022) 557 final

2022/0281(COD)

Togra le haghaidh

CINNEADH Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE

lena soláthraítear cúnamh macrairgeadais eisceachtúil don Úcráin, lena ndaingnítear an Ciste don Soláthar Coiteann le ráthaíochtaí ó na Ballstáit agus le soláthar sonrach le haghaidh roinnt dliteanas airgeadais a bhaineann leis an Úcráin, arna ráthú faoi Chinneadh Uimh. 466/2014/AE, agus lena leasaítear Cinneadh (AE) 2022/1201


MEABHRÁN MÍNIÚCHÁIN

1.    COMHTHÉACS AN TOGRA

·Forais agus cuspóirí an togra

Leis an togra seo, féachtar chun é a chur ar a chumas don Aontas cúnamh macrairgeadais eisceachtúil breise d’iasachtaí dar luach EUR 5 bhilliún a chur ar fáil don Úcráin, agus ag an am céanna na hacmhainní a thabhairt do bhuiséad an Aontais chun an riosca caillteanais a sheasamh ar na hiasachtaí breise sin agus ar iasacht cúnaimh macrairgeadais EUR 1 bhilliún a glacadh an 12 Iúil 2022. Ina theannta sin, féachann sé freisin le síneadh a chur leis an gcosaint bhuiséadach chéanna chun iasachtaí Shainordú Iasachtaithe Sheachtraigh atá sínithe cheana féin a eisíoc le húdaráis na hÚcráine agus le heintitis faoi úinéireacht stáit na hÚcráine tar éis an 15 Iúil 2022.

·Comhthéacs ginearálta

Tá tacaíocht an Aontais don Úcráin fréamhaithe i ndlúthchaidreamh fadtéarmach. Tá comhpháirtíocht á forbairt ag an Úcráin leis an Aontas ó bhí 2014 ann, agus sa bhreis ar chomhar déthaobhach, tá an chomhpháirtíocht ag forbairt de réir a chéile i dtreo comhlachas polaitiúil agus comhtháthú eacnamaíoch. An Comhaontú Comhlachais idir an tAontas Eorpach agus an Úcráin, a tháinig i bhfeidhm an 1 Meán Fómhair 2017 agus lena gcuimsítear Limistéar Domhain Cuimsitheach Saorthrádála (DCFTA), is é an phríomhionstraim é chun an Úcráin agus an tAontas a thabhairt níos gaire dá chéile. Anuas ar cheangail pholaitiúla dhoimhne, naisc eacnamaíocha láidre agus urraim do luachanna comhroinnte a chur chun cinn, tugadh leis an gComhaontú creat stóinseach maidir le clár oibre uaillmhianach don athchóiriú a shaothrú, atá dírithe ar an gcomhrac i gcoinne an éillithe, ar chóras breithiúnach neamhspleách, ar an smacht reachta agus ar thimpeallacht ghnó feabhsaithe. Tá tacaíocht leanúnach léirithe ag an Aontas d’athchóirithe struchtúracha móra na hÚcráine, athchóirithe atá ríthábhachtach chun infheistíochtaí a mhealladh, chun borradh a chur faoin táirgiúlacht agus chun na caighdeáin mhaireachtála a ardú sa mheántéarma agus san fhadtéarma. Tar éis don tír iarratas a dhéanamh ar bhallraíocht san Aontas agus an stádas tíre is iarrthóir a dheonú, tá sé beartaithe go ndéanfar an comhar leis an Úcráin a dhoimhniú a thuilleadh de réir mar a théann an tír chun cinn ar a conair Eorpach 1 .

Ón am a rinne an Rúis ionradh ar an tír an 24 Feabhra 2022 i ngníomh ionsaithe nach raibh údar nó údar maith leis, tá aghaidh á tabhairt ar dhúshláin ollmhóra maidir le forbairt eacnamaíoch fhadtéarmach agus maidir le treoshuíomh athchóirithe na hÚcráine. Chomh maith leis an bhfulaingt atá ar dhaoine, tá cogadh foghach leanúnach na Rúise i gcoinne na hÚcráine ina chúis le damáiste ollmhór don bhonneagar fisiciúil (bóithre, droichid, monarchana, etc.) agus do na foirgnimh chónaithe agus chomhchoiteanna (aonaid tithíochta, scoileanna, ospidéil, etc.). An comhrac sin, is é is cúis freisin leis an líon mór daonna ag bánú na tíre, bánú ina bhfuil níos mó ná 8 milliún duine easáitithe ina dtír féin agus níos mó ná 6 mhilliún dídeanaí. An tionchar foriomlán ar an ngeilleagar, i dtéarmaí caillteanas aschuir in 2022 agus táirgeadh a bheidh ligthe thar ceal amach anseo i ngeall ar an méid caipitil a scriosadh agus ar imirce an lucht saothair, meastar go bhfuil luach na gcéadta billiún air. In 2022, agus sin amháin, meastar go dtitfidh OTI na hÚcráine idir 30 % agus 50 %, rud a chiallódh caillteanas breise de níos mó ná EUR 100 billiún, anuas ar scriosadh an chaipitil fhisiciúil.

Sa bhreis ar dhochar ollmhór a dhéanamh don gheilleagar, d’fhág cogadh foghach na Rúise i gcoinne na hÚcráine go gcaillfeadh sí rochtain ar na margaí caipitil idirnáisiúnta. Mheas na húdaráis agus an Ciste Airgeadaíochta Idirnáisiúnta (CAI) i mí an Mheithimh 2022 go sroichfidh an bhearna chistithe i leith chomhardú na n‑íocaíochtaí atá ina toradh air sin thart ar USD 39 mbilliún le haghaidh iomlán na bliana 2022. Sa mheasúnú tosaigh a rinne CAI, d’fhéadfadh an Úcráin USD 9 mbilliún den bhearna sin a mhaoiniú trína cúlchistí idirnáisiúnta oifigiúla a tharraingt anuas go sábháilte, rud nach gcuirfeadh cobhsaíocht mhacrairgeadais na tíre sin i mbaol 2 .

Tá beagnach USD 20 billiún bainte amach ag gealltanais dhéthaobhacha agus iltaobhacha na tacaíochta airgeadais a gealladh don Úcráin i gcomhthéacs chruinniú Airí Airgeadais G7 agus Ghobharnóirí Bainc Cheannais in Petersberg an 18 go dtí an 20 Bealtaine. Cé go bhfuil na gealltanais sin ríthábhachtach chun tacú le feidhmiú stát na hÚcráine, fiú dá ndéanfaí iad a eisíoc go hiomlán agus go pras, bheadh bearna neamhchumhdaithe iarmharach thart ar USD 10 mbilliún de na riachtanais chistiúcháin a mheas CAI ann. Dá scaoilfí cuid shuntasach den chuid eile den chúnamh macrairgeadais eisceachtúil, sholáthrófaí faoiseamh mór breise agus chuideodh sé le cuid den easnamh sin a chlúdach.

Mar léiriú ar an mbearna shuntasach idir gealltanais agus eisíocaíochtaí, i measc saincheisteanna eile, tháinig laghdú USD 8.5 billiún ar chúlchistí idirnáisiúnta na tíre sa chéad 7 mí de 2022 agus bhí sé thart ar USD 22.3 billiún faoi dheireadh mhí Iúil (lena gcumhdaítear thart ar 3.5 mí d’allmhairí amach anseo), rud a fhágann nach bhfágtar ach maoláin an‑teoranta chun cúlchistí a tharraingt anuas don chuid eile den bhliain (féachtar USD 20 billiún go minic mar leibhéal criticiúil cúlchistí a theastaíonn chun cobhsaíocht mhaicreacnamaíoch a áirithiú sa tír). Sa chomhthéacs sin atá ag éirí níos dúshlánaí, an 21 Iúil, rinne banc ceannais na hÚcráine (NBU) an hryvnia a dhíluacháil 25 % i gcoinne dhollair na Stát Aontaithe, agus an córas ráta malairte seasta á choinneáil aige ag an am céanna. Bhí bearta breise ag gabháil leis an gcéim sin chun an t‑éileamh ar airgeadra eachtrach a íoslaghdú 3 .

Ina theannta sin, sheol an Úcráin, an 21 Iúil, sirtheoireacht fhoirmiúil thoilithe maidir lena seirbhís fiachais tráchtála a chur ar fionraí go dtí deireadh 2023 ar a laghad. An tionscnamh maidir le seirbhísí fiachais a chur ar fionraí, cuireadh fáilte roimhe agus thacaigh príomhchreidiúnaithe oifigiúla déthaobhacha leis trí ghealltanas an rud céanna a dhéanamh, go háirithe Grúpa Creidiúnaithe na hÚcráine 4 . Déantar foráil ann maidir le rannchuidiú tábhachtach chun cabhrú leis an Úcráin a leachtacht a bhainistiú agus táthar ag súil go gcuirfidh sé faoiseamh buiséadach breise ar fáil.

Ó thaobh an Aontais, chuir go leor Ballstát deontais ar fáil agus gheall siad tuilleadh iasachtaí agus ráthaíochtaí, go déthaobhach nó trí institiúidí airgeadais idirnáisiúnta. Is de chineál lamháltais na hiasachtaí déthaobhacha a chuir Ballstáit an Aontais ar fáil go dtí seo agus tá gné deontais shuntasach iontu agus modheolaíocht bhunaithe ECFE á cur i bhfeidhm chun an ghné deontais den chúnamh oifigiúil um fhorbairt a ríomh.

Chuir an tAontas féin EUR 2.2 billiún ar fáil don Úcráin i bhfoirm iasachtaí cúnaimh mhacrairgeadais le linn 2022. Eisíocadh EUR 1.2 billiún de chúnamh macrairgeadais eisceachtúil i mí an Mhárta agus i mí na Bealtaine agus EUR 1 billiún breise de chúnamh macrairgeadais éigeandála an 1 agus an 2 Lúnasa 5 . Is é an dara ceann acu sin an chéad chuid de chúnamh macrairgeadais eisceachtúil suas le EUR 9 mbilliún a fógraíodh sa Teachtaireacht ón gCoimisiún an 18 Bealtaine maidir le Fóirithint agus Atógáil na hÚcráine agus a d’fhormhuinigh an Chomhairle Eorpach an 23-24 Meitheamh 2022. Agus an tAontas ag tabhairt aghaidh ar an mbearna maoinithe mhór fhoriomlán, tá sé fógartha aige go bhfuil rún daingean aige ranníocaíocht shuntasach a dhéanamh chun na riachtanais chistiúcháin atá fós ag an Úcráin a mhaoiniú don bhliain 2022 ar fad. Cuireadh béim bhreise ar an bpráinn a bhaineann le cistí móra a scaoileadh faoi dheireadh na bliana leis an sreabhadh teoranta de chúnamh airgeadais a gealladh don cheathrú ráithe 6 .

Tar éis na hiarrata ón gComhairle Eorpach an 23-24 Meitheamh agus i bhfianaise na práinne a bhaineann le riachtanais mhaoinithe ghearrthéarmacha na hÚcráine, chuir an Coimisiún Eorpach a chéad togra le haghaidh cúnamh macrairgeadais eisceachtúil suas le EUR 1 bhilliún i láthair, rud a eisíocadh go hiomlán in dhá thráinse an 1 agus an 2 Lúnasa 2022. Chun dul chun cinn a dhéanamh maidir le soláthar an phacáiste cúnaimh eisceachtúil sin, cuireann an Coimisiún Eorpach an togra seo le haghaidh cúnamh macrairgeadais eisceachtúil breise dar luach EUR 5 bhilliún d’iasachtaí ar fáil don Úcráin. Déanfar an méid atá fágtha, suas le EUR 3 bhilliún, den chúnamh macrairgeadais eisceachtúil fógartha suas le EUR 9 mbilliún, a chur ar fáil a luaithe is féidir.

Anuas ar thacaíocht bhreise a chur ar fáil, chomhaontaigh an Coimisiún Eorpach i mí Iúil 2022 cuspóir EUR 1.59 billiún in iasachtaí nár eisíocadh arna gcur ar fáil faoin Sainordú Iasachtaithe Sheachtraigh a athrú, óna bhfuil EUR 1.05 billiún le heisíoc ag BEI le linn an tríú ráithe de 2022 mar thacaíocht d’údaráis na hÚcráine agus ónar féidir EUR 536 milliún d’iasachtaí BEI a eisíoc tráth níos déanaí leis an gcuspóir tionscadail roghnaithe a atosú. Tagann sé sin sa bhreis ar an EUR 668 milliún ar comhaontaigh an Coimisiún agus BEI cheana féin é a chuspóir a athrú i mí an Mhárta 2022 agus a eisíocadh laistigh de 1 mhí amháin ó thús chogadh foghach na Rúise.

Na hiasachtaí cúnaimh macrairgeadais agus na hiasachtaí Shainordú Iasachtaithe Sheachtraigh a athraíodh, is sa bhreis ar go leor cineálacha cúnaimh eile ón Aontas a thagann siad, go háirithe cúnamh daonnúil, forbartha agus cosanta, na dleachtanna ar allmhairí uile ar onnmhairí ón Úcráin a chur ar fionraí ar feadh 1 bhliain amháin nó tionscnaimh dlúthpháirtíochta eile, e.g. chun aghaidh a thabhairt ar scrogaill iompair ionas go bhféadfaí onnmhairí, go háirithe gráinní, a áirithiú 7 .

Ina theannta sin, an clár fairsing seo de thacaíocht ón Aontas, is cuid é den iarracht eisceachtúil idirnáisiúnta a rinne deontóirí déthaobhacha agus institiúidí airgeadais idirnáisiúnta chun tacú leis an Úcráin ag an bpointe criticiúil seo, agus ar a bealach chun atógáil níos fadtéarmaí a dhéanamh.

Ar deireadh, i bhfianaise riosca ardaithe neamhchosaintí airgeadais ar an Úcráin, leis an togra seo soiléirítear na modhanna buiséadacha a bhfuil gá leo chun taca a chur faoi iasachtaí macrairgeadais eisceachtúla breise a dheonú le haghaidh suim de EUR 5 bhilliún agus eisíoc iasachtaí Shainordú Iasachtaithe Sheachtraigh ar athraíodh a gcuspóir.

·Príomhghnéithe an togra seo

(1)Cineál eisceachtúil na hoibríochta cúnaimh mhacrairgeadais seo

I bhfianaise na gcúinsí gan fasach a bhain le cogadh foghach na Rúise i gcoinne na hÚcráine, tá an cúnamh macrairgeadais eisceachtúil seo éagsúil ó ghnáthoibríocht cúnaimh mhacrairgeadais trí sholúbthacht mhéadaithe a thairiscint ar bhealaí éagsúla. Neartaítear cineál lamháltais an chúnaimh trí mheánaibíocht níos airde na n‑iasachtaí suas le 25 bliana agus tríd an bhféidearthacht a bheith le buiséad an Aontais na rátaí úis agus íocaíochtaí táillí riaracháin a chumhdach. Anuas air sin, sa chomhthéacs reatha agus murab ionann agus oibríochtaí cúnaimh macrairgeadais rialta, níl nasc foirmiúil idir an cúnamh macrairgeadais eisceachtúil suas le EUR 5 bhilliún atá beartaithe agus clár eisíoca CAI.

I Meabhrán Tuisceana, atá le comhaontú le hÚdaráis na hÚcráine, cuirtear i láthair na sonraí a bhaineann le scaoileadh na dtráthchodanna iasachta. Sa bhreis ar choinníollacha beartais roghnaithe lena nascfar eisíocaíochtaí faoin dara cuid den chúnamh macrairgeadais eisceachtúil leis an Úcráin, éileoidh an Meabhrán Tuisceana sin go n‑úsáidfear na córais tuairiscithe arna mbunú i gcomhthéacs na chéad choda den chúnamh macrairgeadais eisceachtúil. Na coinníollacha beartais roghnaithe lena nascfar eisíoc an chúnaimh, beidh siad ábhartha maidir leis na saincheisteanna is criticiúla agus beidh siad comhréireach leis an méid a d’fhéadfaí a bhaint amach ag an bpointe reatha i bhfianaise chogadh foghach leanúnach na Rúise i gcoinne na hÚcráine. Tríd an gcóras tuairiscithe, chuirfeadh an Meabhrán Tuisceana a bheidh ann amach anseo béim ar thrédhearcacht agus cuntasacht fheabhsaithe maidir le húsáid acmhainní buiséadacha (lena n‑áirítear na cistí a fhaightear faoin gcúnamh sin). D’fhéadfadh sé go n‑áireofaí ann freisin measúnuithe ar riachtanais a bhfuiltear le haghaidh a thabhairt orthu, go háirithe maidir le bonneagar criticiúil amhail bóithre, iarnróid, ospidéil, scoileanna agus tithíocht. Maidir leis na gníomhaíochtaí beartais chun athléimneacht agus cobhsaíocht na tíre a fheabhsú, i réimse an rialachais agus an smachta reachta, agus in earnáil an fhuinnimh ó chúnamh macrairgeadais éigeandála de EUR 1.2 billiún, a eisíocadh i mí an Mhárta agus i mí na Bealtaine 2022, agus nár cuireadh i gcrích de bharr force majeure, d’fhéadfaí iad a mheas freisin, i gcás inarb iomchuí 8 .

(2)Breithnithe buiséadacha agus bainistithe riosca

Leis an bpacáiste d’iasachtaí cúnaimh mhacrairgeadais eisceachtúla sin, ní mór méid agus próifíl mhéadaithe riosca neamhchosaintí an Aontais ar an Úcráin a chur san áireamh, chomh maith leis na srianta ar leith atá i ndán do bhuiséad an Aontais ag an bpointe seo. Tá sé beartaithe freisin, áfach, go gcuirfear na hiasachtaí ar fáil ar théarmaí ard-lamháltais (meánaibíocht suas le 25 bliana), agus ag an am céanna go dtabharfar faoiseamh do Stát na hÚcráine tríd an ualach a mhaolú maidir le haisíocaíochtaí rátaí úis a dhéanamh — don Chreat Airgeadais Ilbhliantúil (CAI) reatha ar a laghad. Agus na breithnithe éagsúla sin á gcur san áireamh, léirítear sa togra seo na gnéithe seo a leanas:

a.Acmhainneacht ionsúcháin caillteanais níos airde i gcomhréir le riosca creidmheasa níos airde

Comhchosúil leis an gCinneadh ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a glacadh le déanaí lena nglactar cúnamh macrairgeadais eisceachtúil suas le EUR 1 bhilliún in iasachtaí 9 , leis an bpacáiste iasachtaí atá beartaithe don Úcráin faoi na cúinsí atá ann faoi láthair, cuirtear i láthair rioscaí méadaithe maidir le neamhíocaíocht fhéideartha i gcomparáid le hiasachtaí cúnaimh mhacrairgeadais rialta. Níl an ráta soláthair 9 % a chuirtear i bhfeidhm de ghnáth maidir le tíortha a bhfuil géarchéim chomhardú na n‑íocaíochtaí acu leordhóthanach tar éis chogadh foghach na Rúise. Tar éis breithniú a dhéanamh ar na dúshláin atá os comhair na hÚcráine agus ar an dóchúlacht go dtabhófar caillteanais, beartaítear leis an togra seo go mbeidh clúdach buiséadach 70 % ag teastáil chun buiséad an Aontais a áirithiú in aghaidh teagmhais a bheidh ann amach anseo. Meastar gur leor an ráta ard soláthair reatha sin chun an riosca a bhaineann leis an gcúnamh macrairgeadais eisceachtúil breise sin don Úcráin a bheith ann, i gcomhréir le prionsabail na bainistíochta fónta airgeadais.

Ar an mbonn sin, is éard atá sa chumhdach 70 % beartas stuama coimeádach maolaithe riosca a bhfuil gá leis chun a chur in iúl d’infheisteoirí go n‑aisíocfar ina n‑iomláine agus in am na méideanna a infheistítear i mbannaí an Aontais lena maoinítear na hiasachtaí cúnaimh mhacrairgeadais eisceachtúla don Úcráin.

b.Gá leis an gcumhdach buiséadach is gá a bhunú trí ráthaíochtaí ó na Ballstáit

An Ráthaíocht do Ghníomhaíochtaí Seachtracha faoi chuimsiú na hIonstraime um Chomharsanacht, Forbairt agus Comhar Idirnáisiúnta – An Eoraip Domhanda, ceapadh an ráthaíocht sin chun oibríochtaí cúnaimh macrairgeadais dar luach thart ar EUR 11 bhilliún ar an iomlán a ráthú, méid a sholáthraítear ag ráta 9 %, ós rud é go mbaineann riosca ceannasach le hiasachtaí cúnaimh macrairgeadais. Ar an mbonn sin, cuireadh soláthairtí dar luach EUR 1 bhilliún in áirithe sa chlárú airgeadais le haghaidh oibríochtaí cúnaimh macrairgeadais chuig tríú tíortha as measc na gcistí dá bhforáiltear in Airteagal 31(5), an tríú fomhír de Rialachán (AE) 2021/947.

Cuireadh formhór an tsoláthair sin in áirithe le haghaidh iasachtaí cúnaimh macrairgeadais don Úcráin – lena n‑áirítear iasachtaí éigeandála cúnaimh macrairgeadais dar luach EUR 1.2 billiún ag 9 % (soláthairtí dar luach EUR 108 milliún), agus an iasacht eisceachtúil cúnaimh macrairgeadais dar luach EUR 1 bhilliún ag 70 % a tugadh le déanaí (soláthairtí dar luach EUR 700 milliún). Dá bhrí sin, níl na hacmhainní buiséadacha eile de chuid an Aontais leordhóthanach chun an cumhdach buiséadach a sholáthar, cumhdach buiséadach is gá chun iasachtaí breise dar luach EUR 5 bhilliún a sholáthar ag 70 % dá luach barúlach.

Dá bhrí sin, ní féidir leanúint ar aghaidh leis na hiasachtaí nua cúnaimh macrairgeadais atá beartaithe ar bhealach atá fónta ó thaobh airgeadais de ach amháin má tá na Ballstáit sásta an cumhdach buiséadach breise is gá a sholáthar. Tá sé beartaithe go mbeadh an cumhdach sin i bhfoirm ráthaíochtaí, agus go ríomhfaí na méideanna a bheadh le cur i ngeall ag gach Ballstát ar bhonn OIN pro rata. Trí bhíthin na ráthaíochtaí sin, d’fhéadfadh an tAontas glao ar mhéideanna is gá chun na gealltanais aisíocaíochta a thug sé do na sealbhóirí bannaí a chomhlíonadh, i gcás inar gá agus a mhéid is gá chun dul i ngleic le heasnamh sa chiste don soláthar coiteann arb é is údar leis mainneachtain fhéideartha íocaíochta na hÚcráine. Ní bheadh ar na Ballstáit soláthar a dhéanamh in airgead tirim roimh ré agus ní ghlaofaí ar na ráthaíochtaí ach i gcás ina n‑ídeodh mainneachtain íocaíochta na hÚcráine an soláthar tiomanta a bhíonn ar fáil sa chiste don soláthar coiteann. Is freagairt iomchuí iad ráthaíochtaí freisin i bhfianaise chineál teagmhasach neamhcinnte na gcaillteanas a d’fhéadfadh a bheith ann. Mar a léirítear thuas, struchtúrófaí na hiasachtaí ar bhealach chun uasmhéadú a dhéanamh ar an seans go mbeadh téarnamh leordhóthanach déanta ag an Úcráin chun a haisíocaíochtaí a dhéanamh ina n‑iomláine.

Is teicníc é soláthar ráthaíochtaí na mBallstát a úsáideadh i gcomhthéacs an Rialacháin maidir le tacaíocht chun rioscaí dífhostaíochta a mhaolú i gcás éigeandála (SURE) 10 , mar bhonn chun a áirithiú go bhfuil acmhainneacht bhuiséadach leordhóthanach ag an Aontas chun caillteanais ionchasacha ar a iasachtaí do na Ballstáit a iompar. Murab ionann agus cás SURE áfach, a raibh coinníoll ann go mbeadh na ráthaíochtaí uile tagtha i bhfeidhm, i bhfianaise a fhíorphráinní atá riachtanais chistithe na hÚcráine, d’fhéadfadh sé go mbeadh na hiasachtaí eisceachtúla cúnaimh macrairgeadais don Úcráin ar fáil sula dtiocfadh na comhaontuithe aonair maidir le ráthaíocht náisiúnta idir an Coimisiún agus na Ballstáit i bhfeidhm má tá gealltanas daingean ann i measc na mBallstát go bhfuil na comhaontuithe sin le teacht a luaithe agus is féidir.

c.Sineirgí a uasmhéadú idir soláthar an Aontais agus ráthaíochtaí na mBallstát

Chun bainistíocht bharrmhaith a dhéanamh ar chásanna ina bhféadfadh sé go nglaofaí ar sholáthairtí buiséadacha an Aontais agus ar ráthaíochtaí ó na Ballstáit chun aisíocaíochtaí le hinfheisteoirí i mbannaí de chuid an Aontais a áirithiú, tá sé beartaithe an iasacht eisceachtúil cúnaimh macrairgeadais dar luach EUR 1 bhilliún a eisíocadh an 1 agus an 2 Lúnasa 2022 agus na hiasachtaí breise dar luach EUR 5 bhilliún faoin tionscnamh sin a bhainistiú mar thacar comhtháite neamhchosaintí dar luach EUR 6 bhilliún. Tríd an gcur chuige sin a úsáid, soláthróidh buiséad an Aontais cosaint chéadchaillteanais do 9 % den phacáiste iomlán iasachtaí dar luach EUR 6 bhilliún. Dhaingneodh ráthaíochtaí na mBallstát sin a thuilleadh le haghaidh 61 % eile de luach na n‑iasachtaí.

Baineann na himpleachtaí airgeadais seo a leanas leis an dá thacar iasachtaí eisceachtúla cúnaimh macrairgeadais a bhainistiú ar an mbealach sin.

·Na soláthairtí beartaithe ó bhuiséad an Aontais atá le húsáid go heisiach chun EUR 6 bhilliún d’éilimh a sheasamh, éilimh a d’fhéadfadh eascairt ó neamhchosaintí nua a bhaineann leis an Úcráin, beidh EUR 540 milliún i gceist leis na soláthairtí sin. Leis an méid mór sin (atá le méadú a thuilleadh le soláthairtí ó iasachtaí sainordaithe iasachtaithe sheachtraigh ar athraíodh a gcuspóir – féach thíos), soláthrófar maolán mór chun riachtanais aisíocaíochta a bhainistiú i gcás nach mbíonn an Úcráin in ann a hoibleagáidí aisíoctha don Aontas a chomhlíonadh ar bhonn sealadach nó ar bhonn eile. D’fhéadfadh maolán den mhéid sin a bheith ina chéad sraith éifeachtach chosanta i gcás nach ndéanfadh an Úcráin íocaíochtaí leis an Aontas agus d’fhéadfadh sé moill a chur ar an ngá a bheadh ann glao ar ráthaíochtaí ó na Ballstáit. Is féidir na soláthairtí sin dar luach EUR 540 milliún a shealbhú in urrann tiomnaithe den chiste don soláthar coiteann. Leis sin, bheifí in ann soláthairtí dar luach EUR 160 milliún a scaoileadh ó EUR 700 milliún a cuireadh in áirithe cheana don iasacht EUR 1 bhilliún a bhaineann leis an gcéad chuid den phacáiste eisceachtúil cúnaimh macrairgeadais.

·Chun an cumhdach buiséadach a thabhairt go dtí an leibhéal is gá de 70 %, ba cheart do na Ballstáit ráthaíochtaí buiséadacha a thabhairt le haghaidh an 61 % eile den phacáiste iomlán d’iasachtaí eisceachtúla cúnaimh macrairgeadais dar luach EUR 6 bhilliún. Is é a bheadh sna méideanna a bheadh le ráthú ag na Ballstáit comhiomlán EUR 3,66 billiún. Ní ghlaofaí ar na ráthaíochtaí sin ach amháin dá n‑ídeofaí na méideanna a shealbhaítear mar sholáthairtí san urrann shonrach den chiste don soláthar coiteann atá tiomnaithe don chúnamh macrairgeadais don Úcráin. Gabhann na Ballstáit orthu féin na hacmhainní a sholáthar láithreach gan choinníoll mar fhreagairt ar iarraidh ón gCoimisiún a eascraíonn ó mhainneachtain fhéideartha na hÚcráine a hoibleagáidí íocaíochta a chomhlíonadh. Ós rud é nach soláthraíonn na Ballstáit an t‑airgead tirim roimh ré, is dliteanais theagmhasacha iad na ráthaíochtaí buiséadacha arna gcomhaontú ag na Ballstáit. Is iad na ráthaíochtaí an dara sraith chosanta d’infheisteoirí i mbannaí an Aontais lena maoinítear iasachtaí eisceachtúla cúnaimh macrairgeadais.

Leis an gcur chuige sin, éilítear roinnt mionathruithe ar théacs Chinneadh (AE) 2022/1201 11 maidir le hiasachtaí eisceachtúla cúnaimh macrairgeadais dar luach EUR 1 bhilliún. Cuirtear na hathruithe sin i láthair leis an togra seo.

d.Cumhdach na gcostas ráta úis ó bhuiséad an Aontais

Féadfaidh buiséad an Aontais na costais ráta úis a eascraíonn ón iasacht EUR 1 bhilliún i Mí Iúil a sheasamh faoin gcreat airgeadais ilbhliantúil atá ann faoi láthair, má iarrann an Úcráin amhlaidh agus faoi réir infhaighteacht acmhainní buiséadacha. Trí na costais ráta úis a thoimhdiú, sholáthródh an tAontas faoiseamh airgeadais breise don Úcráin agus chuirfeadh sé teorainn leis an riosca a d’fhéadfadh a bheith ann nach n‑aisíocfaí an prionsabal agus chuirfeadh sé an riosca sin siar go dtí an tráth a rachaidh an iasacht in éag nó an tráth a d’fhéadfadh an mhainneachtain a bheith ann. D’fhéadfadh an Coimisiún iasacht a eagrú lena mbaineann aibíocht fhada (is é 25 bliana an mheánaibíocht) chun tréimhse chomh fada agus is féidir a thabhairt don Úcráin chun filleadh ar an bhfás, chun a geilleagar a athchruthú i gcomhréir lena conair Eorpach agus chun an seans go n‑aisíocfar an iasacht ina hiomláine a uasmhéadú. Trí na dliteanais a struchtúrú ar an mbealach sin, féadfaidh an Coimisiún Eorpach iarracht a dhéanamh an riosca a bhaineann le glaonna ar chuid de na ráthaíochtaí nó ar na ráthaíochtaí uile ó na Ballstáit a mhaolú. Chun an chóir chéanna a leathnú chuig na costais ráta úis atá intuigthe leis an EUR 5 bhilliún breise d’iasachtaí eisceachtúla cúnaimh macrairgeadais, ní mór acmhainní breise a shlógadh.

e.Ráta soláthair níos airde a chur i bhfeidhm maidir le hiasachtaí sainordaithe iasachtaithe sheachtraigh ar athraíodh a gcuspóir a eisíocadh in R3 2022 agus iasachtaí sainordaithe iasachtaithe sheachtraigh atá fós le heisíoc

I bhfianaise riachtanais phráinneacha maoinithe na hÚcráine, i mí Iúil 2022, chomhaontaigh an Coimisiún Eorpach cuspóir EUR 1,59 billiún d’iasachtaí sainordaithe iasachtaithe sheachtraigh ó BEI a athrú i dtreo na hÚcráine. Tá 1,05 billiún le heisíoc ag BEI le linn an tríú ráithe de 2022. Tá sé beartaithe ag BEI iasachtaí eile dar luach EUR 536 mhilliún a eisíoc in 2022-23 chun cuidiú le hatosú tionscadal áirithe infheistíochta a mhaoiniú. Mar sin féin, ós rud é gur iasachtaí le rialtas na hÚcráine (nó arna ráthú aige) iad na hiasachtaí sin, baineann an leibhéal céanna riosca leo agus a bhaineann leis na hiasachtaí cúnaimh macrairgeadais eisceachtúil. Faoi Chomhaontuithe Ráthaíochta sainordaithe iasachtaithe sheachtraigh, tá sé de cheart ag BEI glao ar bhuiséad an Aontais le haghaidh oiread agus méid iomlán na gcaillteanas a thabhaíonn sé ar na hiasachtaí sin faoi ráthaíocht sainordaithe iasachtaithe sheachtraigh. Ba cheart é a shoiléiriú, dá bhrí sin, gur cheart feidhm a bheith ag an gcur chuige réamhchúraim céanna maidir leis na neamhchosaintí sin agus gur cheart soláthairtí breise ábhartha a chur in urrann choiteann den chiste don soláthar coiteann atá tiomnaithe don Úcráin. Dá bhrí sin, leis an togra seo beartaítear an ráta soláthair 70 % a leathnú chuig an neamhchosaint bhreise sin dar luach EUR 1,59 billiún a eascraíonn ó iasachtaí ar athraíodh a gcuspóir. Aon eisíocaíocht eile d’iasachtaí sainordaithe iasachtaithe sheachtraigh ar athraíodh a gcuspóir a d’fhéadfaí a dhéanamh leis an Úcráin, bheadh sí faoi réir an ráta chéanna soláthair (mar a athbhreithnítear go tréimhsiúil) agus ar choinníoll go bhfaighfí na hacmhainní buiséadacha le haghaidh an tsoláthair sin.

An soláthar 70 % le haghaidh na n‑iasachtaí sainordaithe iasachtaithe sheachtraigh de EUR 1.59 billiún ar athraíodh a gcuspóir, cuirfear ar fáil é ó bhuiséad an Aontais, beidh na hiasachtaí faoi rialú rialacha an Rialacháin Airgeadais maidir le soláthar seachas faoi rialú GFEA, agus sealbhófar iad in urrann ar leith den chiste don soláthar coiteann.

Tá sé beartaithe, mura dtagann athrú ar mheasúnú na rioscaí gaolmhara, go mbraithfidh aon eisíocaíocht bhreise iasachtaí sainordaithe iasachtaithe sheachtraigh don Úcráin ar an acmhainn bhuiséadach a aimsiú chun soláthar a chur ar fáil le haghaidh na neamhchosaintí ag 70 % dá luach barúlach, agus tosaíochtaí Ionstraim na hEorpa Domhanda NDICI á gcur san áireamh.

f.Riachtanais soláthair le haghaidh iasachtaí cúnaimh macrairgeadais agus iasachtaí sainordaithe iasachtaithe sheachtraigh a athbhreithniú

Tá údar maith leis an leibhéal ard soláthair sa togra seo toisc go bhfuil an Úcráin ag déileáil le hiarmhairtí míleata, eacnamaíocha agus sóisialta mórchoinbhleachta armtha faoi láthair. Má chobhsaíonn an staid mhíleata agus eacnamaíoch san Úcráin nó má thagann feabhas uirthi, d’fhéadfadh sé nach mbeadh gá leis an leibhéal soláthair sin a thuilleadh. Dá bhrí sin, leis an togra seo beartaítear athbhreithniú tráthrialta (gach 6 mhí) ar an ráta soláthair sin, ag tosú i lár 2023 nó níos luaithe ná sin i gcás inarb iomchuí. Beidh feidhm ag an athbhreithniú sin freisin maidir le soláthar na hiasachta dar luach EUR 1 bhilliún a deonaíodh ar bhonn Chinneadh (AE) 2022/1201, 12 agus maidir leis an soláthar eisceachtúil 70 % a shealbhaítear in aghaidh na n‑iasachtaí sainordaithe iasachtaithe sheachtraigh dar luach EUR 1,59 milliún ar athraíodh a gcuspóir. Mar aon leis an athbhreithniú tráthrialta sin, d’fhéadfadh an Coimisiún measúnú a dhéanamh athuair ar an ráta soláthair ar bhonn ad hoc, go háirithe má tá údar leis mar gheall ar imeacht mór ábhartha a thiteann amach.

(1)Cur chun feidhme iasachtaí cúnaimh macrairgeadais

Socróidh an Coimisiún go n‑eisíocfar tráthchodanna de na hiasachtaí cúnaimh macrairgeadais mar ábhar práinne tar éis an togra seo a ghlacadh agus na foirmiúlachtaí uile a chur i gcrích. Áirítear orthu sin go háirithe (i) gealltanas aonchiallach a thugann na Ballstáit d’aon toil comhaontuithe ráthaíochta a thabhairt i gcrích, a thapúla agus is féidir de réir a nósanna imeachta náisiúnta; agus (ii) síniú MT agus teacht i bhfeidhm an Chomhaontaithe Iasachta.

Leis an togra seo, beartaítear go leanfaidh an Coimisiún Eorpach ar aghaidh chun iasachtaí a shocrú díreach tar éis don Chinneadh seo teacht i bhfeidhm, faoi réir gealltanas soiléir aonchiallach ó na Ballstáit uile go gcuirfear na ráthaíochtaí ar fáil a thapúla agus is féidir de réir a nósanna imeachta náisiúnta. Tuigtear ón taithí a fuarthas roimhe seo, cé gur féidir le roinnt Ballstát ráthaíochtaí a sholáthar laistigh de 2-3 mhí, d’fhéadfadh sé 4-5 mhí a thógáil chun an tacar iomlán ráthaíochtaí a fháil. Ní bheadh sé sin comhoiriúnach leis an gcuspóir atá ann tacaíocht phráinneach a sholáthar don Úcráin. Dá bhrí sin, tá sé beartaithe ag an gCoimisiún – ar bhonn eisceachtúil i bhfianaise chineál foircneach an cháis – na hiasachtaí a shocrú agus na ráthaíochtaí á bhfáil i gcomhthráth. Sa chás áirithe seo, maolaítear an riosca do bhuiséad an Aontais ós rud é nach bhfuil aon teagmhas íocaíochta (íocaíocht úis) dlite go ceann tréimhse fada. Go sonrach, ní bheidh aon teagmhas íocaíochta dlite le linn na hidirthréimhse (4–5 mhí) sula bhfaighfear na ráthaíochtaí uile. Sa chás teoiriciúil go mbeadh teagmhais neamhíocaíochta ann le linn na hidirthréimhse sin, is féidir an soláthar a cuireadh i leataobh sa chiste don soláthar coiteann (agus, más gá, íostarraingt shealadach urrann eile de chuid an chiste don soláthar coiteann) a shlógadh chun déileáil le haon easnamh sealadach. An soláthar ón gciste don soláthar coiteann a bheith ar fáil, ciallaíonn sin go bhfuil acmhainní airgid thirim ar fáil chun na híocaíochtaí uile a dhlitear d’infheisteoirí i mbannaí Aontais a áirithiú, fiú agus gan na ráthaíochtaí a bheith i bhfeidhm go fóill ina n‑iomláine.

Dá bhrí sin, tá sé beartaithe ag an gCoimisiún Eorpach na hiasachtaí nua cúnaimh macrairgeadais a eagrú i líon beag tráthchodanna a luaithe is féidir tar éis theacht i bhfeidhm an Chinnidh seo agus tar éis an Comhaontú Iasachta gaolmhar a thabhairt chun críche. Tá sé ríthábhachtach go gcuirfidh na Ballstáit uile na ráthaíochtaí buiséadacha is gá ar fáil a luaithe is féidir, agus go bhfuil gealltanas comhchoiteann ann an próiseas a chur i gcrích go pras.

Chun an méid iomlán cúnaimh macrairgeadais eisceachtúil suas go EUR 9 mbilliún a sholáthar mar a fógraíodh sa Teachtaireacht maidir le hAththógáil agus Fóirithint na hÚcráine an 18 Bealtaine 2022, tá an Coimisiún Eorpach ag obair le Ballstáit an Aontais ar shásra fónta cothromasach chun an EUR 3 mhilliún eile a eisíoc. Nuair a bheidh an dearadh curtha i gcrích, bogfaidh an Coimisiún ar aghaidh go pras le togra le haghaidh na coda den tacaíocht atá fágtha.

2.BUNÚS DLÍ, COIMHDEACHT AGUS COMHRÉIREACHT

•Bunús dlí

Is bonn iomchuí dlíthiúil é Airteagal 212 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh le haghaidh cúnamh airgeadais a dheonaíonn an tAontas do thríú tíortha. Leis an ionsaí míleata gan údar a rinne an Rúis, ní mór cúnamh airgeadais breise a thabhairt don Úcráin. D’fhonn inbhuanaitheacht bhuiséadach na mbeart sin a threisiú, is gá freisin foráil a dhéanamh maidir le sásra ráthaíochtaí ó na Ballstáit a bheidh mar bhonn taca leis an gcúnamh airgeadais. Sna himthosca atá ann faoi láthair, is cuid tionlacain fíor-riachtanach den chúnamh airgeadais iad na ráthaíochtaí sin.

•Coimhdeacht (i gcás inniúlacht neamheisiach)

Urramaítear prionsabal na coimhdeachta ós rud é nach féidir leis na Ballstáit féin na cuspóirí a ghnóthú go leormhaith maidir le cobhsaíocht mhacrairgeadais a athshlánú go gearrthéarmach san Úcráin agus gur fearr is féidir leis an Aontas Eorpach iad a ghnóthú. Is iad na príomhchúiseanna atá leis sin na srianta buiséadacha atá ann ar an leibhéal náisiúnta agus an gá atá le comhordú láidir a dhéanamh ar dheontóirí chun scála agus éifeachtacht na cabhrach a uasmhéadú, agus an t‑ualach ar acmhainn riaracháin údaráis na hÚcráine, atá an‑sínte sna cúinsí atá ann faoi láthair, a theorannú ag an am céanna.

•Comhréireacht

Comhlíontar leis an togra prionsabal na comhréireachta: tá sé teoranta don íosmhéid is gá chun na cuspóirí maidir le cobhsaíocht mhacrairgeadais a choinneáil ar bun go gearrthéarmach agus ní théann sé thar a bhfuil riachtanach chun na críche sin.

Mar a shainaithin an Coimisiún ar bhonn na meastachán a rinne na húdaráis agus a dheimhnigh an Ciste Airgeadaíochta Idirnáisiúnta 13 , tá méid an chúnaimh macrairgeadais eisceachtúil atá beartaithe, in éineacht leis an tacaíocht mhacrairgeadais éigeandála a eisíocadh cheana féin, ag freagairt do leath den bhearna mheasta iarmharach sa mhaoiniú don bhliain 2022 ar a mhéad. Tá an sciar sin comhsheasmhach leis na cleachtais chaighdeánacha maidir le comhroinnt ualaigh d’oibríochtaí MFA (i gcás tíre a bhfuil Comhaontú Comhlachais aici, is é 60 % an uasteorainn a bheadh ann i gcomhréir leis na conclúidí ó Chomhairle ECOFIN an 8 Deireadh Fómhair 2002), agus an cúnamh a thug deontóirí déthaobhacha agus iltaobhacha eile don Úcráin á chur san áireamh.

Is cosúil gurb é an réiteach is éifeachtúla ón bpeirspictíocht airgeadais na ráthaíochtaí ó na Ballstáit a sholáthar, ráthaíochtaí nach nglaofar orthu ach amháin nuair is gá in imthosca eisceachtúla. Ní gá acmhainní breise a aimsiú laistigh d’uasteorainneacha an chreata airgeadais ilbhliantúil atá ann faoi láthair, i gcás ina n‑úsáidtear na méideanna uile ina n‑iomláine faoi láthair. Seachnaítear leis freisin go mbeidh ar na Ballstáit cistí breise a sholáthar ex ante ach ceadaítear méideanna a thabhairt ex post dá dtiocfadh caillteanais fhéideartha chun cinn.

Ní cheanglófar ar na Ballstáit ach acmhainní a chur ar fáil faoin ionstraim seo i sraith theoranta imthosca a leagtar amach sa Chinneadh. Go sonrach, ní bheidh iallach orthu aistrithe airgid thirim a dhéanamh chuig an Aontas láithreach ach amháin nuair a chomhlíonfar na coinníollacha maidir le glaonna ráthaíochta. Ós rud é gur féidir aisíocaíochtaí a dhéanamh ar an gcéad dul síos ó sholáthairtí an chiste don soláthar coiteann, agus má ghlaoitear ar na ráthaíochtaí, is dócha nach ndéanfar sin ach go hannamh agus go mbeidh sé intuartha.

•An rogha ionstraime

Ní bheadh maoiniú tionscadail ná cúnamh teicniúil oiriúnach ná leordhóthanach chun aghaidh a thabhairt ar chuspóirí macrairgeadais leathana an chúnaimh macrairgeadais eisceachtúil seo. Is é an breisluach is mó a bhaineann leis an gcúnamh macrairgeadais eisceachtúil i gcomparáid le hionstraimí eile de chuid an Aontais an cumas atá aige na srianta airgeadais seachtracha a mhaolú go tapa agus a mhéid is gá. Leis an gcúnamh marcrairgeadais, cuidítear freisin le creat cobhsaí macrairgeadais a áirithiú, lena n‑áirítear trí chomhordú íocaíochtaí agus staid bhuiséadach atá marthanach agus níos inbhuanaithe a chur chun linn faoi chuimsiú creat iomchuí le haghaidh riachtanais tuairiscithe agus coinníollacha beartais. Trí chuidiú le creat beartais foriomlán iomchuí a áirithiú, is féidir leis an gcúnamh macrairgeadais méadú a chur ar éifeachtacht na mbeart a mhaoinítear san Úcráin faoi ionstraimí airgeadais eile de chuid an Aontais atá níos spriocdhírithe. Laghdaítear an tionchar ar inbhuanaitheacht fiachais na tíre tríd an oibríocht a bhunú ar bhealach a bhfuil an‑lamháltais ag baint leis, agus aibíochtaí níos faide ann mar aon le fóirdheontais chun na costais úis a chumhdach. Is cosúil go bhfuil údar maith leis an tacaíocht mór airgeadais tacaíocht a bhfuil géargá leis, a chur ar fáil gan mhoill, trí shocrú fíorlamháltais an chúnaimh macrairgeadais le haghaidh iasachtaí, go háirithe i bhfianaise na dteorainneacha atá os comhair an chomhphobail idirnáisiúnta, lena n‑áirítear an tAontas Eorpach, chun maoiniú deontais substaintiúil a sholáthar.

3.TORTHAÍ AR MHEASTÓIREACHTAÍ EX POST, AR CHOMHAIRLIÚCHÁIN LEIS NA PÁIRTITHE LEASMHARA AGUS AR MHEASÚNUITHE TIONCHAIR

•Meastóireachtaí ex post/seiceálacha oiriúnachta ar an reachtaíocht atá ann cheana

Léirigh meastóireachtaí ex-post roimhe seo ar oibríochtaí cúnaimh mhacrairgeadais a rinneadh roimhe seo don Úcráin go raibh siad an‑ábhartha i gcoitinne ó thaobh a gcuspóirí, a n‑imchlúdaigh airgeadais agus a gcoinníollacha beartais.

Bhí siad ríthábhachtach chun tacú leis an Úcráin agus aghaidh á tabhairt aici ar a fadhbanna maidir le comhardú na n‑íocaíochtaí agus athchóirithe struchtúracha tábhachtacha a chur chun feidhme chun an geilleagar a chobhsú agus chun inbhuanaitheacht a seasaimh sheachtraigh a fheabhsú. Cheadaigh siad coigilteas fioscach agus sochair airgeadais, agus ghníomhaigh siad mar chatalaíoch le haghaidh tacaíocht airgeadais bhreise agus muinín infheisteoirí. Bhí an pacáiste coinníollachta cúnaimh mhacrairgeadais comhlántach leis an gclár gaolmhar CAI agus cruthaíodh éifeacht atreisithe pholaitiúil a chuidigh le húdaráis na hÚcráine a shlógadh i dtaca le hathchóirithe riachtanacha, go háirithe i réimsí nach gcumhdaítear le cláir idirnáisiúnta eile deontóra.

Ní dhearnadh aon athbhreithniú le déanaí ar na rátaí soláthair a cuireadh i bhfeidhm ar phunanna cúnaimh mhacrairgeadais agus ar phunanna saoráidí iasachta Euratom ná ar sholáthar ráthaíocht bhuiséadach an tsainordaithe iasachtaithe sheachtraigh. Athdhearbhaíodh gurb é 9 % an ráta soláthair don chúnamh macrairgeadais faoin Ráthaíocht do Ghníomhaíochtaí Seachtracha nuair a glacadh Rialachán 2021/947 (Rialachán NDICI-GE). Leagtar síos freisin le Rialachán NDICI-GE uasmhéid soláthair maidir leis an Ráthaíocht do Ghníomhaíochtaí Seachtracha ina hiomláine 14 . Tá sé beartaithe athbhreithniú a dhéanamh ar sholáthar an chúnaimh mhacrairgeadais in 2024. Cé gur ionstraim ghéarchéime é an cúnamh macrairgeadais de réir cineáil, tá i bhfad níos mó i gceist leis na rioscaí iasachtaithe do thír atá i mbun cogaidh ná na cásanna a bhí beartaithe nuair a glacadh NDICI-GE. Is gá, dá bhrí sin, réitigh shaincheaptha a ghlacadh chun dul i ngleic leis an staid phráinneach atá idir lámha, bunaithe ar an anailís atá ar fáil.

•Comhairliúcháin leis na páirtithe leasmhara

Cuirtear an cúnamh macrairgeadais eisceachtúil seo ar fáil mar chuid lárnach den tacaíocht idirnáisiúnta don Úcráin. Agus an togra seo á ullmhú, chuaigh seirbhísí an Choimisiúin i gcomhairle le CAI, leis an mBanc Domhanda agus le deontóirí déthaobhacha agus iltaobhacha eile (lena n‑áirítear na Ballstáit), a bhfuil saineolas suntasach macrairgeadais acu, lena n‑áirítear a mhéid a bhaineann le geilleagar na hÚcráine. Bhí an Coimisiún i dteagmháil go tráthrialta freisin le húdaráis na hÚcráine.

•Bailiú agus úsáid saineolais

Bhunaigh seirbhísí an Choimisiúin an togra seo ar anailís chúramach, a rinneadh i gcomhar le CAI agus leis na hinstitiúidí idirnáisiúnta inniúla, ar riachtanais airgeadais agus ar staid mhacrairgeadais na hÚcráine. Áirítear leis sin plé tráthrialta ar na réamh-mheastacháin is déanaí maidir le riachtanais mhaoinithe na hÚcráine laistigh d’fhóraim idirnáisiúnta, e.g. G7.

Rinne seirbhísí an Choimisiúin plé freisin lena gcomhpháirtithe i ranna riosca na n‑institiúidí airgeadais idirnáisiúnta a bhfuil neamhchosaintí forleathana acu san Úcráin. Ba é ba chuspóir don phlé sin tuiscint a fháil ar an gcaoi a ndéanfaidh na hinstitiúidí sin foráil dá neamhchosaintí ar an Úcráin agus ar an gcaoi a ndéanfaidh siad iad a bhainistiú. Léiríodh sa phlé sin a mhéid atá cur chuige institiúideach gach institiúide ag brath ar an gcaoi a bhfuil a clár comhardaithe neamhchosanta ar thionchar na gcaillteanas ar neamhchosaintí na hÚcráine. Baineann roinnt institiúidí tairbhe as frithráthaíochtaí iomlána nó páirteacha i gcoinne a neamhchosanta nó as cineálacha eile coimirce (cúlchistí a shealbhaíonn an Úcráin ag CAI). Ciallaíonn cás an Aontais, a bhfuil iasachtaí cúnaimh mhacrairgeadais maoinithe aige trí iasachtú comhuaineach, go bhfuil sé sa chás uathúil go gcaithfear a áirithiú go mbeidh sruth seasta intuartha íocaíochtaí lena infheisteoirí bannaí de réir sceidil sheasta agus rialta i gcás sreafaí mainneachtana íocaíochta ó na tairbhithe iasachta. Chun a bheith in ann cúnamh macrairgeadais tapa agus breise, atá thar a bheith mór, a sholáthar do thairbhí aonair faoi na cúinsí seo, agus san am céanna a shamhail chistiúcháin a choinneáil ar bun, ní mór don Aontas an Ciste don Soláthar Coiteann a atreisiú trí bhíthin ráthaíochtaí breise ó na Ballstáit a d’fheidhmeodh mar chúlstop don neamhchosaint ar an Úcráin.

I gcomhréir le ceanglais an Rialacháin Airgeadais, déanfaidh seirbhísí an Choimisiúin, le linn chur chun feidhme an chúnaimh, Measúnú Oibríochtúil ar scagchuarda airgeadais agus nósanna imeachta riaracháin na hÚcráine chun a fháil amach an bhfuil ráthaíochtaí leordhóthanacha á dtabhairt ag na nósanna imeachta atá ann maidir le bainistíocht tacaíochta cláir, cúnamh macrairgeadais san áireamh, agus cuirfear cúinsí eisceachtúla chogadh foghach na Rúise in aghaidh na hÚcráine san áireamh. Leis sin, beifear in ann an measúnú a rinneadh roimhe a nuashonrú, measúnú inar thángthas ar an gconclúid go bhfuil na scagchuarda airgeadais agus na nósanna imeachta airgeadais san Úcráin bunaithe ar phrionsabail fhónta agus go n‑oibríonn siad ar na prionsabail sin agus dá bhrí sin meastar iad a bheith iomchuí chun críoch cúnaimh mhacrairgeadais.

•Measúnú tionchair

Is ionstraim éigeandála eisceachtúil é cúnamh macrairgeadais an Aontais agus is é is cuspóir dó aghaidh a thabhairt ar mhórdheacrachtaí comhardaithe íocaíochtaí i dtríú tíortha. Ar leibhéal níos ginearálta, tógann tograí an Choimisiúin sa réimse seo ar na ceachtanna a foghlaimíodh ó mheastóireachtaí ex post a rinneadh ar oibríochtaí roimhe seo i gcomharsanacht an Aontais Eorpaigh. Leis an gcúnamh macrairgeadais eisceachtúil seo, cuideofar le riachtanais mhaoinithe ghearrthéarmacha na hÚcráine a mhaolú sna himthosca eisceachtúla atá ann faoi láthair. Is é is aidhm do na ceanglais tuairiscithe agus na coinníollacha beartais atá nasctha leis an gcúnamh macrairgeadais eisceachtúil seo éifeachtúlacht, trédhearcacht agus cuntasacht na tacaíochta a áirithiú. Ba cheart don chúnamh macrairgeadais eisceachtúil seo tógáil ar a bhfuil bainte amach leis na sé cinn de chláir cúnaimh mhacrairgeadais a bhí ann ó 2015, lena n‑áirítear an cúnamh macrairgeadais COVID-19 is déanaí agus an cúnamh macrairgeadais éigeandála go luath in 2022.

Ní cheanglaítear Measúnú Tionchair leis an togra, ós rud é gurb é an cúnamh macrairgeadais an t‑aon rogha beartais atá ar fáil chun aghaidh a thabhairt ar an tsaincheist atá idir lámha. Úsáidtear ráthaíochtaí breise tar éis measúnú críochnúil riosca airgeadais a dhéanamh ar dhliteanais gan íoc.

•Oiriúnacht rialála agus simpliú

Níl aon nasc idir an togra seo agus oiriúnacht rialála agus simpliú.

•Cearta bunúsacha

Tá tíortha atá cumhdaithe ag Beartas Comharsanachta na hEorpa (BCE) incháilithe le haghaidh cúnamh macrairgeadais. Ba cheart é a bheith ina réamhchoinníoll i dtaca le cúnamh macrairgeadais a dheonú go mbeadh ar an tír incháilithe cloí le sásraí éifeachtacha daonlathacha, lena n‐áirítear córas parlaiminteach ilpháirtí, an smacht reachta, mar aon le ráthaíocht go dtabharfaí urraim do chearta an duine.

Is comhartha dearfach soiléir é an tiomantas athnuaite maidir le hathchóiriú agus an toil láidir pholaitiúil ó údaráis na hÚcráine, go háirithe mar thoradh ar an gcoinníollacht beartais struchtúraigh a ghabhann leis an gclár éigeandála cúnaimh mhacrairgeadais COVID-19 don Úcráin a thabhairt chun críche go rathúil, i bpríomhréimsí lena n‑áirítear na breithiúna, an dea-rialachas, an smacht reachta agus an comhrac i gcoinne na caimiléireachta. An an mbonn céanna, na hiarrachtaí a úsáidtear chun bonn taca a chur faoina gcur chun feidhme le haghaidh ballraíocht den Aontas Eorpach, go sonrach trí fhreagra mionléirithe a thabhairt ar dhá cheistneoir atá an‑chuimsitheach agus mionsonraithe, tabharfaidh siad comhartha soiléir go bhfuil na húdaráis toilteanach mianta Eorpacha na hÚcráine a leanúint agus a chur i gcrích. Ó thosaigh fogha na Rúise, léirigh údaráis na hÚcráine leibhéal suntasach athléimneachta agus tá siad tiomanta i gcónaí do na hathchóirithe sin a shaothrú ar bhealach trédhearcach agus i gcomhréir le caighdeáin an Aontais. Chuige sin, meastar an réamhchoinníoll polaitiúil le haghaidh oibríocht cúnaimh mhacrairgeadais a bheith comhlíonta faoi láthair.

4.IMPLEACHTAÍ BUISÉADACHA

Gheofar na cistí le haghaidh an chúnamh mhacrairgeadais eisceachtúil seo dar luach EUR 5 bhilliún don Úcráin ar iasacht sna margaí caipitil agus cuirfear ar iasacht iad chun na hÚcráine. Comhlánóidh an méid sin an cúnamh macrairgeadais eisceachtúil dar luach EUR 1 bhilliún don Úcráin a deonaíodh faoi Chinneadh (AE) 2022/1201.

Chun buiséad an Aontais a chosaint, ba cheart cumhdach 70 % a bheith ag an dá iasacht cúnaimh mhacrairgeadais eisceachtúil ar fiú suas le EUR 6 bhilliún iad don Úcráin, ar chumhdach é atá comhdhéanta de sholáthar íoctha 9 % agus ráthaíochtaí inghlaoite 61 % ó na Ballstáit. Déanfar an soláthar íoctha is gá (ar ráta 9 % den Ráthaíocht do Ghníomhaíochtaí Seachtracha) a chur in áirithe faoi NDICI-GE, le haghaidh méid iomlán EUR 540 milliún (líne bhuiséid 14 02 01 70 ‘NDICI-GE — Soláthar don Chiste don Soláthar Coiteann’). Tá teorainn, áfach, leis an raon feidhme chun acmhainní buiséadacha a shlógadh don soláthar breise sin atá os cionn an 9 % faoi uasteorainneacha an chreata airgeadais ilbhliantúil atá ann faoi láthair. Is gá dul ar iontaoibh ráthaíochtaí ó na Ballstáit chun gur féidir tuilleadh iasachtaí cúnaimh mhacrairgeadais a chur ar fáil don Úcráin ar bhealach buiséadach fónta agus gan cur isteach ar chur chun feidhme CAI 2021-2027. Is é sin an réasúnaíocht atá leis an togra go gcuirfeadh na Ballstáit ráthaíochtaí ar fáil le haghaidh 61 % eile de luach an EUR 6 bhilliún atá beartaithe in iasachtaí.

Dá bhrí sin, bhainfeadh an cumhdach iomlán tairbhe as cosaint céadchaillteanais le soláthar íoctha 9 % den EUR 6 bhilliún, agus ina dhiaidh sin ráthaíochtaí comhlántacha ag na Ballstáit lena gcumhdaítear neamhchosaintí suas le EUR 3.66 billiún, nó 61 % den EUR 6 bhilliún in iasachtaí cúnaimh mhacrairgeadais agus i gcomhréir leis an reachtaíocht is infheidhme, chumhdófaí aon mhéid iarmharach faoi bhuiséad an Aontais mar dhliteanas teagmhasach.

Déanfar an cúnamh macrairgeadais eisceachtúil don Úcráin faoin gCinneadh seo a shocrú go díreach ar theacht i bhfeidhm an Chinnidh seo, agus gan fanacht leis na ráthaíochtaí náisiúnta is gá a fháil.

I bhfianaise a phráinní atá sé iasachtaí a eagrú don Úcráin le linn 2022, socróidh an tAontas na hiasachtaí sula mbeidh ráthaíochtaí na mBallstát i bhfeidhm. Tuigtear ón taithí a fuarthas roimhe seo, cé gur féidir le roinnt Ballstát ráthaíochtaí a sholáthar laistigh de 2-3 mhí, d’fhéadfadh sé 4-5 mhí a thógáil chun an tacar iomlán ráthaíochtaí a fháil. I bhfianaise na fíorphráinne a bhaineann le riachtanais mhaoinithe na hÚcráine, ní féidir glacadh leis na moilleanna sin. Dá bhrí sin, tá sé beartaithe ag an gCoimisiún – ar bhonn eisceachtúil i bhfianaise chineál foircneach an cháis – na hiasachtaí a shocrú agus na ráthaíochtaí á bhfáil i gcomhthráth.

Le linn na hidirthréimhse sin, ní thabhaíonn infheisteoirí i mbannaí an Aontais aon riosca neamhíocaíochta ag an Aontas le linn na tréimhse giorra sula bhfaightear na ráthaíochtaí uile mar gheall ar an gcaoi ar tógadh an pacáiste iasachta atá ann faoi láthair. Go sonrach, ní bheidh aon sprioc-am íocaíochta le linn na hidirthréimhse (4-5 mhí) sula mbeifear ag súil go bhfaighfear na ráthaíochtaí uile. Sa chás teoiriciúil go mbeadh neamhíocaíocht sa tréimhse sula bhfaightear na ráthaíochtaí uile, d’fhéadfadh an Coimisiún Eorpach tarraingt ar na soláthairtí a cuireadh i leataobh le haghaidh na n‑iasachtaí cúnaimh mhacrairgeadais agus, más gá, as na soláthairtí eile a shealbhaítear i gCiste an Aontais Eorpaigh don Soláthar Coiteann.

Ba cheart do na Ballstáit a nósanna imeachta náisiúnta a chur i gcrích chun go dtiocfaidh na ráthaíochtaí i bhfeidhm mar ábhar fíorphráinne.

Chumhdófaí leis na ráthaíochtaí méideanna a théann thar an soláthar tosaigh íoctha 9 % de mhéid na hiasachta faoin gCinneadh seo agus faoi Chinneadh (AE) 2022/1201, a sholáthrófaí ó CAI mar a fhoráiltear in Airteagal 31(5) de Rialachán NDICI-GE agus sa chlárú airgeadais. Beidh na glaonna teoranta do chásanna neamhíocaíochta ag an Úcráin maidir leis an iasacht faoin gCinneadh atá ann faoi láthair agus faoi Chinneadh (AE) 2022/1201 agus bainfear úsáid astu chun oibleagáidí an Aontais a chomhlíonadh ar an gcéad dul síos agus, de réir mar is iomchuí, chun an urrann thiomnaithe a bhaineann leis an Úcráin sa Chiste don Soláthar Coiteann a athshlánú. Cuirfear rannchuidithe den sórt sin san áireamh maidir le ríomh an tsoláthair a eascraíonn as an ráta soláthair dá dtagraítear in Airteagal 211(1) den Rialachán Airgeadais, de mhaolú ar an dara fomhír d’Airteagal 211(4) den Rialachán Airgeadais.

Bheadh na méideanna a ghlaoitear ó na Ballstáit ina n‑ioncam sannta seachtrach de réir bhrí Airteagal 21(2)(a)(ii) den Rialachán Airgeadais chun ranníocaíochtaí ó na Ballstáit a chur ar fáil le haghaidh sholáthar an chúnaimh mhacrairgeadais, ar clár cúnaimh sheachtraigh é arna ráthú faoi Rialachán NDICI-GE.

I bhfianaise chineál eisceachtúil an chúnaimh mhacrairgeadais a thacaítear leis na ráthaíochtaí, is iomchuí go gcumhdófaí an dliteanas airgeadais ón gcúnamh macrairgeadais faoin gCinneadh seo agus faoi Chinneadh (AE) 2022/1201 ar leithligh ó dhliteanais airgeadais eile faoin Ráthaíocht do Ghníomhaíochtaí Seachtracha. Go sonrach, is iomchuí úsáid a bhaint as an soláthar a chuirtear ar leataobh sa chiste don soláthar coiteann i ndáil leis an gcúnamh macrairgeadais seo le haghaidh dliteanais airgeadais faoin gCinneadh seo, agus le haghaidh na ndliteanas sin amháin, in ionad riail ghinearálta Airteagal 31(6) de Rialachán NDICI-GE.

Tá feidhm ag na breithnithe riosca céanna maidir le hiasachtaí sainordaithe iasachtaithe sheachtraigh arna n‑eisíoc nó atá le heisíoc ag BEI tar éis an 15 Iúil 2022. Dá bhrí sin, beartaítear leis an togra seo an ráta soláthair 70 % a leathnú chuig na hiasachtaí sin agus rialacha an Rialacháin Airgeadais maidir le soláthar a chur i bhfeidhm seachas rialacha GFEA, agus foráiltear leis gur cheart na soláthairtí a choinneáil in urrann ar leith den chiste don soláthar coiteann.

Sa bhreis air sin, ba cheart an fóirdheontas ráta úis a sholáthar mar a shonraítear thíos, fóirdheontas atá le híoc as an imchlúdach dá dtagraítear sa chéad fhleasc de phointe (a) d’Airteagal 6(2) de NDICI-GE le linn thréimhse an Chreata Airgeadais Ilbhliantúil 2021-27. Tarscaoilfear na costais riaracháin a bhaineann leis an iasachtaíocht agus leis an iasachtú agus, dá bhrí sin, ní dhéanfaí iad a aisghabháil ón Úcráin. Íocfar iad faoi na línte buiséid riaracháin faoi seach.

5.EILIMINTÍ EILE

•Pleananna cur chun feidhme, agus socruithe faireacháin, meastóireachta agus tuairiscithe

Cuirfidh an tAontas an cúnamh macrairgeadais eisceachtúil seo ar fáil don Úcráin, ar mhéid iomlán EUR 5 bhilliún é, agus cuirfear ar fáil é i bhfoirm iasachtaí fadtéarmacha. Leis an gcúnamh sin, a bheartaítear a eisíoc i roinnt tráthchodanna, rannchuideofar leis an mbearna mhaoinithe sheachtraigh atá fós fágtha san Úcráin in 2022 a chumhdach. Íocfar an chéad tráthchuid tar éis fhormheas an togra seo agus tar éis theacht i bhfeidhm an mheabhráin tuisceana chomhfhreagraigh, agus a luaithe a chuirfidh na Ballstáit in iúl d’aon toil go gcomhaontaíonn siad a nósanna imeachta náisiúnta a chur i gcrích chun ráthaíochtaí náisiúnta a thíolacadh mar ábhar fíorphráinne.

Ina theannta sin, bheadh an eisíocaíocht coinníollach ar chur chun feidhme na gceanglas tuairiscithe mar a comhaontaíodh sa mheabhrán tuisceana. Oibreoidh an Coimisiún i ndlúthchomhar leis na hinstitiúidí idirnáisiúnta airgeadais agus leis na húdaráis náisiúnta chun faireachán a dhéanamh ar fhorbairtí ábhartha agus ar chur i bhfeidhm na gceanglas agus na gcoinníollacha arna gcomhaontú sa MT.

Is é an Coimisiún a bhainisteoidh an cúnamh. Beidh forálacha sonracha maidir le cosc ar chalaois agus ar neamhrialtachtaí eile i bhfeidhm, forálacha a bheidh i gcomhréir leis an Rialachán Airgeadais.

•Doiciméid mhíniúcháin (i gcás treoracha)

Neamhbhainteach

•Míniúchán mionsonraithe ar fhorálacha sonracha an togra

Leis an gcinneadh, déanfar foráil freisin maidir le creat ráthaíochtaí ag na Ballstáit chun caillteanais a chumhdach a théann thar an soláthar a íocadh cheana féin isteach sa chiste don soláthar coiteann nó dá bhforáiltear i gclárú airgeadais an Chreata Airgeadais Ilbhliantúil 2021-27.

Cuirtear príomhghnéithe an chúnaimh mhacrairgeadais eisceachtúil seo i láthair in Airteagal 1.

Déantar foráil in Airteagal 2 maidir le comhlíonadh na réamhchoinníollacha polaitiúla is gá chun cúnamh macrairgeadais a eisíoc.

Déantar foráil in Airteagal 3 maidir le ceanglais tuairiscithe agus faireacháin atá sainithe go soiléir, chomh maith le coinníollacha beartais a bhfuil an cúnamh macrairgeadais eisceachtúil seo de chuid an Aontais le nascadh leo. Déanfar na ceanglais agus na coinníollacha sin a leagan amach i Meabhrán Tuisceana.

Déantar foráil in Airteagal 4 maidir leis na coinníollacha is gá chun an cúnamh macrairgeadais eisceachtúil seo a eisíoc i dtráthchodanna iomadúla. Déanfar an tráthchlár agus na coinníollacha maidir le heisíocaíocht gach tráthchoda a leagan síos sa Mheabhrán Tuisceana.

Cuirtear i láthair in Airteagal 5 na rialacha maidir leis na hoibríochtaí trína bhfaightear agus trína dtugtar iasachtaí.

Mínítear in Airteagal 6 maoiniú an fhóirdheontais ráta úis.

In Airteagal 7 cuirtear i láthair oibleagáidí tuairiscithe an Choimisiúin do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle, le linn chur chun feidhme an chúnaimh mhacrairgeadais eisceachtúil seo don Úcráin. 

In Airteagal 8 tugtar sonraí maidir leis an measúnú ar chur chun feidhme an chúnaimh mhacrairgeadais eisceachtúil.

Foráiltear in Airteagal 9 go mbunóidh na Ballstáit ráthaíochtaí náisiúnta ar fiú EUR 3.66 billiún iad san iomlán.

In Airteagal 10 tugtar sonraí maidir leis na comhaontuithe ráthaíochta a thabharfaidh an Coimisiún i gcrích leis na Ballstáit.

In Airteagal 11 tugtar tuairisc ar an soláthar i ndáil le cúnaimh mhacrairgeadais faoi chumhdach.

Déantar foráil in Airteagal 12 maidir leis an soláthar a threisiú i ndáil le roinnt dliteanas airgeadais san Úcráin a ráthaítear faoi Chinneadh Uimh. 466/2014/AE.

Déantar foráil in Airteagal 13 maidir le measúnú ar leordhóthanacht an tsoláthair agus maidir le nós imeachta athbhreithnithe.

Déantar foráil in Airteagal 14 maidir le mionsonraí cuntasaíochta i ndáil leis an soláthar a shealbhaítear sa Chiste don Soláthar Coiteann.

Sonraítear in Airteagal 15 go dtabharfaidh Coiste cúnamh don Choimisiún, i gcomhréir leis na nósanna imeachta coiste.

Sonraítear in Airteagal 16 maidir leis an tarmligean a fheidhmiú.

Cuirtear i láthair in Airteagal 17 oibleagáidí tuairiscithe an Choimisiúin do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle le linn chur chun feidhme an chúnaimh mhacrairgeadais eisceachtúil seo don Úcráin.

In Airteagal 18 tá na leasuithe ar Chinneadh (AE) 2022/1201.

In Airteagal 19 déantar an dáta a thiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm a shoiléiriú.

2022/0281 (COD)

Togra le haghaidh

CINNEADH Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE

lena soláthraítear cúnamh macrairgeadais eisceachtúil don Úcráin, lena ndaingnítear an Ciste don Soláthar Coiteann le ráthaíochtaí ó na Ballstáit agus le soláthar sonrach le haghaidh roinnt dliteanas airgeadais a bhaineann leis an Úcráin, arna ráthú faoi Chinneadh Uimh. 466/2014/AE, agus lena leasaítear Cinneadh (AE) 2022/1201

TÁ PARLAIMINT NA hEORPA AGUS COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 212 de,

Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,

Tar éis dóibh an dréachtghníomh reachtach a chur chuig na parlaimintí náisiúnta,

Ag gníomhú dóibh i gcomhréir leis an ngnáthnós imeachta reachtach 15 ,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)An 1 Meán Fómhair 2017 tháinig comhaontú comhlachais idir an tAontas agus an Úcráin 16  (an ‘Comhaontú Comhlachais’), lena n‑áirítear Limistéar Domhain Cuimsitheach Saorthrádála, i bhfeidhm.

(2)In earrach 2014 thug an Úcráin faoi chlár uaillmhianach um athchóiriú arb é is aidhm dó a geilleagar a chobhsú agus slí bheatha shaoránaigh na tíre a fheabhsú. Ar na príomhthosaíochtaí atá sa chlár oibre, tá an comhrac i gcoinne an éillithe chomh maith le hathchóirithe bunreachtúla, toghchánacha agus breithiúnacha. Tugadh tacaíocht do chur chun feidhme na n‑athchóirithe sin le cláir chúnaimh mhacrairgeadais as a chéile, faoina bhfuair an Úcráin cúnamh i bhfoirm iasachtaí dar luach EUR 6.6 billiún san iomlán. Leis an gcúnamh macrairgeadais eisceachtúil, a cuireadh ar fáil i gcomhthéacs an teannais a bhí ag méadú ag an teorainn leis an Rúis, de bhun Chinneadh (AE) 2022/313 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle 17 , tugadh EUR 1.2 billiún d’iasachtaí don Úcráin, a eisíocadh in dhá thráthchuid de EUR 600 milliún i mí an Mhárta agus mí na Bealtaine 2022. Leis an gcúnamh macrairgeadais eisceachtúil de suas le EUR 1 bhilliún de bhun Chinneadh (AE) 2022/1201 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle 18 , soláthraíodh tacaíocht mhear phráinneach do bhuiséad na hÚcráine agus eisíocadh ina iomláine é an 1 agus an 2 de mhí Lúnasa 2022. Ba é sin an chéad chuid den phacáiste cúnaimh macrairgeadais eisceachtúil don Úcráin a d’fhógair an Coimisiún ina Theachtaireacht dar teideal ‘An Úcráin: Fóirithint agus Atógáil’ an 18 Bealtaine 2022 agus a d’fhormhuinigh an Chomhairle Eorpach an 23–24 Meitheamh 2022. Is é an Cinneadh seo an dara céim de chur i gcrích an ghealltanais chun cúnamh macrairgeadais suas le EUR 9 mbilliún a chur ar fáil don Úcráin. Déanann sé bunús a leagan síos chun EUR 5 bhilliún sa bhreis d’iasachtaí cúnaimh macrairgeadais a chur ar fáil de réir téarmaí ar ardleibhéal lamháltais. Ba cheart an tríú pacáiste cúnaimh airgeadais a chur ar fáil go pras ina dhiaidh sin le haghaidh suas le EUR 3 bhilliún sa bhreis a luaithe a chinnfear na módúlachtaí iomchuí.

(3)Is é an fogha míleata a thug an Rúis gan chúis gan údar faoin Úcráin, a thosaigh an 24 Feabhra 2022, mar aon leis an gcogadh atá ar siúl ó shin i leith, is cúis leis an gcailleadh rochtain ar an margadh agus an laghdú ollmhór ar an ioncam poiblí, agus tá méadú suntasach tagtha ar an gcaiteachas poiblí chun aghaidh a thabhairt ar an staid dhaonnúil agus chun leanúnachas na seirbhísí stáit a choimeád. Sa chás éiginnte agus luaineach seo, is léir ó na meastacháin is fearr maidir le riachtanais mhaoinithe na hÚcráine ón gCiste Airgeadaíochta Idirnáisiúnta go bhfuil bearna urghnách mhaoinithe de thart ar USD 39 mbilliún ann in 2022, a bhféadfaí tuairim is leath de a shásamh dá n‑eisíocfaí go hiomlán an tacaíocht idirnáisiúnta a gealladh go dtí seo. Maidir le soláthar pras na dara céime seo den chúnamh macrairgeadais eisceachtúil don Úcráin ón Aontas, meastar gur freagairt ghearrthéarmach iomchuí é, faoi na dálaí eisceachtúla atá ann faoi láthair, ar na rioscaí suntasacha do chobhsaíocht mhacrairgeadais na tíre sin. Leis an EUR 5 bhilliún sa bhreis seo de chúnamh macrairgeadais eisceachtúil, thacófaí le cobhsaíocht macrairgeadais na hÚcráine, neartófaí athléimneacht láithreach na tíre sin agus chothófaí a hacmhainneacht i dtreo téarnamh, agus dá bhrí sin, chuirfí le hinbhuanaitheacht fiachais phoiblí na hÚcráine agus lena cumas a cuid oibleagáidí airgeadais a aisíoc sa deireadh.

(4)Leis an mbabhta nua seo de chúnamh macrairgeadais eisceachtúil, cuideofar go mór le riachtanais chistiúcháin na hÚcráine a mhaoiniú, riachtanais arna meas ag an gCiste Airgeadaíochta Idirnáisiúnta agus ag institiúidí airgeadais idirnáisiúnta eile, agus cuirfear san áireamh leis cumas na hÚcráine í féin a mhaoiniú le hacmhainní dá cuid féin. Agus méid an chúnaimh á chinneadh, cuirtear san áireamh freisin na ranníocaíochtaí airgeadais a bhfuil coinne leo ó dheontóirí déthaobhacha agus ó dheontóirí iltaobhacha agus an gá atá leis an ualach a roinnt go cothrom idir an tAontas agus deontóirí eile, chomh maith leis an úsáid atá á baint cheana as ionstraimí maoiniúcháin sheachtraigh eile de chuid an Aontais san Úcráin agus an breisluach a bhaineann le rannpháirtíocht an Aontais ina hiomláine. Ba cheart tiomantas údaráis na hÚcráine don dlúthchomhar leis an gCiste Airgeadaíochta Idirnáisiúnta maidir le bearta éigeandála gearrthéarmacha a cheapadh agus a chur chun feidhme a aithint, mar aon leis an rún atá acu oibriú leis an gCiste Airgeadaíochta Idirnáisiúnta maidir le clár eacnamaíoch iomchuí, nuair a bheidh na dálaí ann chuige sin. Iarradh clár den sórt sin go foirmiúil i mí Lúnasa 2022. Ba cheart é a bheith d’aidhm ag an gcúnamh macrairgeadais eisceachtúil ón Aontas cobhsaíocht agus athléimneacht mhacrairgeadais a choimeád ar bun faoi dhálaí chogadh foghach na Rúise. Ba cheart don Choimisiún a áirithiú go bhfuil an cúnamh macrairgeadais eisceachtúil ón Aontas i gcomhréir, ó thaobh dlí agus substainte de, le príomhphrionsabail agus príomhchuspóirí na mbeart a glacadh laistigh de réimsí éagsúla na gníomhaíochta seachtraí agus le beartais ábhartha eile de chuid an Aontais.

(5)Leis an gcúnamh macrairgeadais eisceachtúil ón Aontas, ba cheart tacú le beartas seachtrach an Aontais i dtaca leis an Úcráin. Ba cheart do sheirbhísí an Choimisiúin agus don tSeirbhís Eorpach Gníomhaíochta Seachtraí a bheith ag obair i ndlúthchomhar le chéile i rith na hoibríochta cúnaimh macrairgeadais chun beartas seachtrach an Aontais a chomhordú agus chun comhsheasmhacht an bheartais sin a áirithiú.

(6)Ba cheart a leagan síos mar réamhchoinníoll i dtaca leis an gcúnamh macrairgeadais eisceachtúil ón Aontas a dheonú don Úcráin nach mór don Úcráin sásraí éifeachtacha daonlathacha, lena n‑áirítear córas parlaiminteach ilpháirtí agus an smacht reachta, a urramú, agus a ráthú go n‑urramófar cearta an duine. Níor cheart, de bharr na ndálaí a bhaineann fós le cogadh foghach na Rúise leis an Úcráin, agus go háirithe an dlí airm atá ann faoi láthair, cur isteach ar na prionsabail sin, d’ainneoin chomhchruinniú na cumhachta sa bhrainse feidhmiúcháin.

(7)Chun a áirithiú go gcosnaítear ar bhealach éifeachtúil leasanna airgeadais sin an Aontais atá nasctha leis an gcúnamh macrairgeadais eisceachtúil ón Aontas, ba cheart don Úcráin na bearta iomchuí a dhéanamh a bhaineann le calaois, éilliú agus aon neamhrialtacht eile i dtaca leis an gcúnamh sin a chosc agus a chomhrac. Sa bhreis air sin, ba cheart foráil a dhéanamh go ndéanfadh an Coimisiún seiceálacha, go ndéanfadh an Chúirt Iniúchóirí iniúchtaí agus go bhfeidhmeodh Oifig an Ionchúisitheora Phoiblí Eorpaigh a cuid inniúlachtaí.

(8)Ba cheart an cúnamh macrairgeadais eisceachtúil ón Aontas a bheith nasctha le ceanglais tuairiscithe agus le coinníollacha beartais, atá le leagan amach i meabhrán tuisceana (MT). Is é is aidhm do na ceanglais tuairiscithe dhiana, faoi dhálaí chogadh foghach na Rúise leis an Úcráin atá ann faoi láthair, éifeachtúlacht, trédhearcacht agus cuntasacht a áirithiú maidir le húsáid na gcistí. Tá sé d’aidhm ag na coinníollacha beartais athléimneacht láithreach na tíre a neartú mar aon lena hinbhuanaitheacht fiachais fhadtéarmach, agus ar an gcaoi sin, na rioscaí a bhaineann le haisíoc a hoibleagáidí airgeadais gan íoc, agus na hoibleagáidí airgeadais a bheidh aici amach anseo, a laghdú.

(9)Chun coinníollacha aonfhoirmeacha a áirithiú maidir leis an gCinneadh seo a chur chun feidhme, ba cheart cumhachtaí cur chun feidhme a thabhairt don Choimisiún. Ba cheart na cumhachtaí sin a fheidhmiú i gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh. 182/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle 19 .

(10)Ba cheart meánaibíocht uasta 25 bliana a bheith ag na hiasachtaí faoin gCinneadh seo agus faoi Chinneadh (AE) 2022/1201.

(11)Ós rud é go dtugann na hiasachtaí faoin gCinneadh seo agus faoi Chinneadh (AE) 2022/1201 na rioscaí céanna le fios maidir le buiséad an Aontais agus gur cheart an mheánaibíocht chomhchoiteann 25 bliana a bheith acu, ba cheart méid comhiomlán an chúnaimh macrairgeadais faoin gCinneadh seo agus faoi Chinneadh (AE) 2022/1201 don Úcráin, dar luach EUR 6 bhilliún, a chumhdach le modheolaíocht chomhchoiteann chun na himpleachtaí airgeadais agus buiséadacha a bhainistiú. Ba cheart go háirithe an leibhéal céanna cumhdaigh bhuiséadaigh a bhunú mar chosaint leordhóthanach ar an bhféidearthacht nach ndéanfadh an Úcráin cuid de na hiasachtaí nó na hiasachtaí go léir a aisíoc ag an am sceidealaithe. Na soláthairtí a cuireadh ar fáil ó bhuiséad an Aontais i gcoinne an dá shraith iasachtaí a bhaineann leis an gcúnamh macrairgeadais eisceachtúil, ba cheart iad a bhainistiú mar shraith chomhtháite soláthairtí. Cuirfidh sé sin feabhas ar athléimneacht agus ar sholúbthacht bhuiséad an Aontais mar fhreagairt ar aon chás neamhíocaíochta. Dá bhrí sin, ba cheart Airteagal 7(2) de Chinneadh (AE) 2022/1201 a leasú dá réir.

(12)Dliteanas airgeadais don Aontas is ea an cúnamh macrairgeadais eisceachtúil faoin gCinneadh seo agus faoi Chinneadh (AE) 2022/1201 laistigh de mhéid foriomlán na Ráthaíochta do Ghníomhaíochtaí Seachtracha. Maidir le suim iomlán na n‑iasachtaí cúnaimh macrairgeadais eisceachtúil don Úcráin ar luach suas le EUR 6 bhilliún, ba cheart gur chun tairbhe na suime sin an soláthar íoctha 9% atá ar fáil le haghaidh iasachtaí cúnaimh macrairgeadais faoin Ráthaíocht do Ghníomhaíochtaí Seachtracha. Ba cheart méid an tsoláthair a mhaoiniú as an imchlúdach arna chlárú le haghaidh cúnamh macrairgeadais faoi Rialachán (AE) 2021/947 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle 20 le haghaidh méid iomlán soláthair de EUR 540 mhilliún. Ba cheart an méid sin a ghealladh agus a íoc isteach sa Chiste don Soláthar Coiteann faoi chreat airgeadais ilbhliantúil 2021–27.

(13)I gcomhréir le hAirteagal 210(3) de Rialachán (AE, Euratom) 2018/1046 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (an ‘Rialachán Airgeadais’), measfar gur dliteanais inbhuanaithe iad na dliteanais theagmhasacha a eascraíonn as ráthaíochtaí buiséadacha nó as cúnamh airgeadais arna n‑íoc ón mbuiséad má tá an t‑athrú ilbhliantúil atá tuartha dóibh comhoiriúnach leis na teorainneacha arna socrú le Rialachán (AE) Euratom 2020/2093 21 ón gComhairle lena leagtar síos an creat airgeadais ilbhliantúil dá bhforáiltear in Airteagal 312(2) CFAE agus le huasteorainn na leithreasuithe bliantúla faoi chomhair íocaíochtaí a leagtar amach in Airteagal 3(1) de Chinneadh 2014/335/AE ón gComhairle, Euratom 22 . Chun cur ar chumas an Aontais tacaíocht shuntasach a thabhairt don Úcráin trí chúnamh macrairgeadais i méideanna nach bhfacthas a leithéid riamh cheana ar bhealach atá sábháilte ó thaobh airgeadais de, agus seasamh ard creidmheasa an Aontais á chaomhnú san am céanna, agus, dá bhrí sin, a chumas maoiniú éifeachtach a chur ar fáil i gcomhthéacs a bheartas inmheánach agus seachtrach araon, tá sé ríthábhachtach buiséad an Aontais a chosaint go leormhaith ar theacht chun cinn na ndliteanas teagmhasach sin agus a áirithiú go mbeidh siad inbhuanaithe ó thaobh airgeadais de, de réir bhrí Airteagal 210(3) den Rialachán Airgeadais.

(14)I gcomhréir le prionsabal na bainistíochta fónta airgeadais, ba cheart an Ciste don Soláthar Coiteann a dhaingniú trí mhodhanna a bheadh i gcomhréir leis na rioscaí a eascraíonn as na dliteanais theagmhasacha a bhaineann leis an gcúnamh macrairgeadais seo d’aon tairbhí amháin, cúnamh nach bhfacthas a leithéid riamh cheana. Gan daingniú den sórt sin, ní bheadh buiséad an Aontais in ann, ar bhonn sábháilte ó thaobh airgeadais de, an méid mór cúnaimh a chur ar fáil, cúnamh nach bhfacthas a leithéid riamh cheana, chun freastal ar riachtanais na hÚcráine de bharr an chogaidh. Chun buiséad an Aontais a chosaint, ba cheart go mbainfeadh na hiasachtaí cúnaimh macrairgeadais eisceachtúil ar luach suas le EUR 6 bhilliún don Úcráin tairbhe as cumhdach 70 % trí sholáthar íoctha (ar leibhéal 9 %) arna fhorlíonadh le ráthaíochtaí náisiúnta chun cumhdach buiséadach a chur ar fáil le haghaidh caillteanais suas le 61 % eile de luach na n‑iasachtaí.

(15)Tá na hacmhainní faoi Rialachán (AE, Euratom) 2020/2093 faoi bhrú mór i bhfianaise thosaíochtaí caiteachais foriomlána an Aontais. Is iomchuí, dá bhrí sin, réiteach eile a lorg maidir le hacmhainní breise, réiteach nach ndéanfadh difear don ghnáthchaiteachas dá bhforáiltear i gclárú airgeadais chreat airgeadais ilbhliantúil 2021–27.

(16)Táthar tar éis ranníocaíochtaí ó na Ballstáit i bhfoirm ráthaíochtaí a shainaithint mar uirlis iomchuí chun cosaint a chur ar fáil sa bhreis ar an soláthar íoctha tosaigh. Ba cheart do na Ballstáit a ráthaíochtaí a chur ar fáil go deonach agus ba cheart na ráthaíochtaí sin a bheith ina gcúlstop iomchuí lena dtacófar le buiséad an Aontais i gcás ina n‑ídeofar na soláthairtí sa Chiste don Soláthar Coiteann i ndáil le dliteanais airgeadais faoin gCinneadh seo  agus faoi Chinneadh (AE) 2022/1201. Ba cheart na ranníocaíochtaí faoi na ráthaíochtaí sin a áireamh i méid an dliteanais airgeadais údaraithe de mhaolú ar an gcéad fhomhír d’Airteagal 211(1) den Rialachán Airgeadais. Ba cheart na méideanna sin a chur san áireamh i ríomh an tsoláthair a eascraíonn as an ráta soláthair dá dtagraítear in Airteagal 211(1) den Rialachán Airgeadais, de mhaolú ar an dara fomhír d’Airteagal 211(4) den Rialachán Airgeadais. 

(17)Na ráthaíochtaí a chuireann na Ballstáit ar fáil, ba cheart a chumhdach leo an iasacht cúnaimh macrairgeadais eisceachtúil faoin gcinneadh seo agus an iasacht cúnaimh macrairgeadais eisceachtúil de EUR 1 bhilliún faoi Chinneadh (AE) 2022/1201. Ba cheart ráthaíochtaí neamh-inchúlghairthe neamhchoinníollach a bheith iontu, agus iad a bheith ar éileamh. Ba cheart na ráthaíochtaí sin cumas an Aontais a áirithiú chun na cistí a fuarthas ar iasacht sna margaí caipitil nó ó na hinstitiúidí airgeadais a aisíoc. Níor cheart iad a ghlaoch ach amháin i gcás ina gcomhlíonfar coinníollacha dochta, a bhaineann le leordhóthanacht na bhforálacha atá ar fáil, agus i gcás nach bhfaigheadh an tAontas íocaíocht ón Úcráin as na hiasachtaí cúnaimh macrairgeadais arna ndeonú faoin gCinneadh seo agus faoi Chinneadh (AE) 2022/1201 in am chun oibleagáidí airgeadais an Aontais ó bhannaí a shásamh nó i gcás ina modhnófaí sceideal íocaíochta na n‑iasachtaí arna ndeonú faoin gCinneadh seo agus faoi Chinneadh (AE) 2022/1201. Ba cheart ráthaíochtaí na mBallstát a ghlaoch le haghaidh méid a chomhfhreagraíonn don mhéid arna eascairt as caillteanais ar chúnamh airgeadais don Úcráin faoin gCinneadh seo agus faoi Chinneadh (AE) 2022/1201 agus chun an Ciste don Soláthar Coiteann a athshlánú go dtí an leibhéal riachtanach soláthair íoctha. Níor cheart na glaonna faoi ráthaíochtaí na mBallstát a dhéanamh ach amháin tar éis ídiú an mhéid soláthair tosaigh a cuireadh i leataobh i ndáil leis an gcúnamh macrairgeadais faoin gCinneadh seo agus faoi Chinneadh (AE) 2022/1201, nó i gcás ina bhfuil an méid sin le hídiú. Maidir le méideanna a aisghabhadh faoi na comhaontuithe iasachta i ndáil leis an gcúnamh airgeadais don Úcráin faoin gCinneadh seo agus faoi Chinneadh (AE) 2022/1201, ba cheart na méideanna sin a aisíoc leis na Ballstáit a chomhlíon na glaonna ráthaíochta, de mhaolú ar Airteagal 211(4)(c) den Rialachán Airgeadais.

(18)Maidir le híocaíocht oibleagáidí airgeadais an Aontais arna n‑eascairt as bannaí le haghaidh cúnamh macrairgeadais don Úcráin faoin gCinneadh seo agus faoi Chinneadh (AE) 2022/1201, má rinneadh an íocaíocht sin, go sealadach, trí sholáthairtí a cuireadh i leataobh sa Chiste don Soláthar Coiteann chun dliteanais airgeadais Aontais eile a chumhdach, féadfar an glao ar ráthaíochtaí na mBallstát a úsáid chun soláthar na ndliteanas airgeadais sin a athshlánú.

(19)I bhfianaise chineál eisceachtúil an chúnaimh macrairgeadais a fhaigheann tacaíocht ó na ráthaíochtaí, is iomchuí na soláthairtí arna sealbhú a bhainistiú i gcoinne na ndliteanas airgeadais a eascraíonn as an gcúnamh macrairgeadais faoin gCinneadh seo, faoi Chinneadh (AE) 2022/1201 agus i gcás aon eisíocaíocht tar éis an 15 Iúil 2022 d’iasachtaí a ráthaítear faoi Chinneadh Uimh. 466/2014/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle 23 , agus an bainistiú sin a bheith scartha ó bhainistiú aon dliteanais airgeadais eile faoin Ráthaíocht do Ghníomhaíochtaí Seachtracha agus faoin gCiste Ráthaíochta do Ghníomhaíochtaí Seachtracha. Tá sé beartaithe, dá bhrí sin, go n‑úsáidfear an soláthar arna chur i leataobh sa chiste don soláthar coiteann le haghaidh dliteanais airgeadais ón gcúnamh macrairgeadais a chumhdaítear leis an gCinneadh seo agus le Cinneadh (AE) 2022/1201, agus lena n‑aghaidh sin amháin, seachas i gcomhréir leis an riail ghinearálta a leagtar amach in Airteagal 31(6) de Rialachán NDICI-GE 24 . Tá sé beartaithe freisin go n‑úsáidfear an soláthar arna chur i leataobh sa chiste don soláthar coiteann i ndáil leis na hiasachtaí arna ráthú faoi Chinneadh Uimh. 466/2014/AE a íocadh tar éis an 15 Iúil 2022 le haghaidh na ndliteanas airgeadais ó na hiasachtaí sin, agus le haghaidh na ndliteanas sin amháin, agus go gcuirfear rialacha an Rialacháin Airgeadais i bhfeidhm maidir leis an soláthar, seachas an riail ghinearálta a leagtar amach in Airteagal 31(8) de Rialachán NDICI-GE. Mar chomhlánú ar an méid sin, ba cheart an soláthar a chuirtear i leataobh i ndáil leis an gcúnamh macrairgeadais seo a eisiamh ó chur i bhfeidhm an ráta soláthair éifeachtaigh, de mhaolú ar Airteagal 213 den Rialachán Airgeadais.

(20)Ba cheart sciar coibhneasta ranníocaíochtaí gach Ballstáit (treoir ranníoca) leis an méid foriomlán ráthaithe a bheith ag freagairt do sciartha coibhneasta na mBallstát d’ollioncam náisiúnta iomlán an Aontais. Ba cheart na glaonna ar an ráthaíocht a dhéanamh pro rata agus ba cheart iad a bheith bunaithe ar an treoir ranníoca sin.

(21)Ba cheart do na Ballstáit a nósanna imeachta náisiúnta a chur i gcrích chun go dtiocfaidh na ráthaíochtaí i bhfeidhm mar ábhar ardtosaíochta. I bhfianaise a phráinní atá an staid, níor cheart go gcuirfeadh an t‑am is gá chun na nósanna imeachta sin a chur i gcrích moill ar eisíoc an chúnaimh macrairgeadais eisceachtúil don Úcráin faoin gCinneadh seo, cúnamh a bhfuil géarghá leis. Déanfar na hiasachtaí cúnaimh macrairgeadais breise faoin gCinneadh seo a shocrú go pras ar theacht i bhfeidhm an Chinnidh seo, ar ghlacadh an Mheabhráin Tuisceana agus ar shíniú an Chomhaontaithe Iasachta.

(22)I bhfianaise chruachás na hÚcráine mar thoradh ar chogadh foghach na Rúise agus chun tacú léi ar a bealach i dtreo cobhsaíocht fhadtéarmach, is iomchuí maolú ar Airteagal 220(5), pointe (e) den Rialachán Airgeadais agus a cheadú go mbeidh d’fhéidearthacht ag an Aontas na costais ráta úis a chumhdach agus na costais riaracháin don Úcráin a tharscaoileadh. Ba cheart an fóirdheontas ráta úis a dheonú go heisceachtúil mar ionstraim a mheastar a bheith iomchuí chun éifeachtacht na tacaíochta a áirithiú de réir bhrí Airteagal 220(1) den Rialachán Airgeadais agus ba cheart é a íoc as buiséad an Aontais, le linn thimthriall an chreata airgeadais ilbhliantúil atá ann faoi láthair ar a laghad. Le linn na tréimhse 2021 go dtí 2027, ba cheart an fóirdheontas ráta úis a íoc as an imchlúdach dá dtagraítear sa chéad fhleasc d’Airteagal 6(2), pointe (a) de Rialachán (AE) 2021/947.

(23)D’fhéadfadh an Úcráin an fóirdheontas ráta úis agus tarscaoileadh na gcostas riaracháin a iarraidh gach bliain faoi dheireadh mhí an Mhárta. Ionas go mbeadh solúbthacht ann maidir le haisíoc na príomhshuime, ba cheart é a bheith indéanta freisin na hiasachtaí gaolmhara a ndearnadh conradh ina leith thar ceann an Aontais a thar-rolladh, de mhaolú ar Airteagal 220(2) den Rialachán Airgeadais.

(24)Agus aghaidh á tabhairt aige ar riachtanais phráinneacha mhaoinithe na hÚcráine, chomhaontaigh an Coimisiún Eorpach, i mí Iúil 2022, athrú cuspóra a dhéanamh maidir le hiasachtaí Bainc Eorpaigh Infheistíochta de EUR 1.59 billiún sa bhreis agus iad a eisíoc don Úcráin, iasachtaí arna ráthú faoin Sainordú Iasachtaithe Sheachtraigh 2014–20. Mar sin féin, ós rud é gur iasachtaí iad sin le haghaidh eintitis cheannasacha na hÚcráine agus le haghaidh eintitis atá faoi úinéireacht stáit, tá an leibhéal céanna riosca ag baint leo maidir le buiséad an Aontais agus atá ag baint le hiasachtaí cúnaimh macrairgeadais. Dá bhrí sin, ba cheart buiséad an Aontais an cur chuige céanna réamhchúraim a ghlacadh i leith na neamhchosanta sin is a ghlacann sé i leith na n‑iasachtaí nua cúnaimh macrairgeadais. Dá bhrí sin, cuireann an Cinneadh seo ráta soláthair 70 % i bhfeidhm maidir leis an 1.59 billiún d’iasachtaí Sainordaithe Iasachtaithe Sheachtraigh ar athraíodh a gcuspóir agus maidir le haon eisíocaíocht eile d’iasachtaí Sainordaithe Iasachtaithe Sheachtraigh leis an Úcráin. Ba cheart feidhm a bheith ag an ráta soláthair sin in ionad an ráta soláthair atá ann mar thoradh ar an tríú habairt de mhír 8 d’Airteagal 31 de Rialacháin (AE) 2021/947. Is ó bhuiséad an Aontais a mhaoineofar an soláthar 70 % d’eisíocaíocht na n‑iasachtaí Bainc Eorpaigh Infheistíochta de EUR 1.59 billiún leis an Úcráin.

(25)Ba cheart athbhreithniú rialta a dhéanamh ar an soláthar le haghaidh na n‑iasachtaí cúnaimh macrairgeadais agus na n‑iasachtaí Bainc Eorpaigh Infheistíochta gach sé mhí, agus tús a chur leis sin i lár 2023 nó níos luaithe más iomchuí. Ba cheart a mheas san athbhreithniú sin, go háirithe, cé acu atá nó nach bhfuil athrú tagtha ar staid na hÚcráine ar bhealach a d’fhágfadh go mbeadh gá leis an ráta soláthair a mhéadú nó a laghdú. D’fhéadfadh an Coimisiún athmheasúnú a dhéanamh ar an ráta soláthair ar bhonn ad hoc, go háirithe má tá teagmhas suntasach ábhartha ina údar leis sin. Chun a áirithiú go mbeidh an ráta soláthair leordhóthanach fós maidir leis na rioscaí airgeadais, ba cheart an chumhacht chun gníomhartha a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 290 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh a tharmligean chuig an gCoimisiún i ndáil leis an ráta soláthair i gcás inar gá an ráta soláthair a mhéadú nó a laghdú. Tá sé tábhachtach, go háirithe, go rachadh an Coimisiún i mbun comhairliúcháin iomchuí le linn a chuid oibre ullmhúcháin, lena n‑áirítear ar leibhéal na saineolaithe, agus go ndéanfaí na comhairliúcháin sin i gcomhréir leis na prionsabail a leagtar síos i gComhaontú Idirinstitiúideach an 13 Aibreán 2016 maidir le Reachtóireacht Níos Fearr. Go sonrach, chun rannpháirtíocht chomhionann in ullmhú na ngníomhartha tarmligthe a áirithiú, faigheann Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle na doiciméid uile ag an am céanna leis na saineolaithe sna Ballstáit, agus bíonn rochtain chórasach ag a gcuid saineolaithe ar chruinnithe ghrúpaí saineolaithe an Choimisiúin a bhíonn ag déileáil le hullmhú na ngníomhartha tarmligthe.

(26)Ós rud é nach féidir leis na Ballstáit cuspóir an Chinnidh seo a bhaint amach go leordhóthanach, eadhon cúnamh macrairgeadais eisceachtúil a sholáthar don Úcráin d’fhonn tacú, go háirithe, le hathléimneacht agus cobhsaíocht eacnamaíoch na tíre sin agus, de bharr a fhairsinge agus a éifeachtaí, gur fearr is féidir é a bhaint amach ar leibhéal an Aontais, féadfaidh an tAontas bearta a ghlacadh, i gcomhréir le prionsabal na coimhdeachta mar a leagtar amach in Airteagal 5(3) den Chonradh ar an Aontas Eorpach (CAE). I gcomhréir le prionsabal na comhréireachta a leagtar amach i mír 4 den Airteagal sin, ní théann an Cinneadh seo thar a bhfuil riachtanach chun an cuspóir sin a bhaint amach.

(27)I bhfianaise na práinne a bhaineann leis na himthosca eisceachtúla atá ann mar thoradh ar fhogha míleata na Rúise gan chúis gan údar, meastar gurb iomchuí foráil a dhéanamh maidir le heisceacht ar an tréimhse 8 seachtaine dá dtagraítear in Airteagal 4 de Phrótacal Uimh. 1 maidir le ról na bParlaimintí náisiúnta san Aontas Eorpach, atá i gceangal leis an gConradh ar an Aontas Eorpach, leis an gConradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh agus leis an gConradh ag bunú an Chomhphobail Eorpaigh do Fhuinneamh Adamhach.

(28)I bhfianaise na staide práinní san Úcráin, ba cheart an Cinneadh seo a theacht i bhfeidhm an lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:

Caibidil I Cúnamh macrairgeadais eisceachtúil

Airteagal 1

An cúnamh macrairgeadais eisceachtúil ón Aontas a chur ar fáil

1.Déanfaidh an tAontas cúnamh macrairgeadais eisceachtúil d’uasmhéid EUR 5 000 000 000 a chur ar fáil don Úcráin (‘an cúnamh macrairgeadais eisceachtúil ón Aontas’) d’fhonn tacú lecobhsaíocht mhacrairgeadais na hÚcráine. Is i bhfoirm iasachtaí a sholáthrófar an cúnamh macrairgeadais ón Aontas don Úcráin. Rannchuideoidh an cúnamh le bearna mhaoinithe na hÚcráine a chumhdach mar a shainaithnítear í i gcomhar le hinstitiúidí idirnáisiúnta airgeadais.

2.Chun an cúnamh macrairgeadais eisceachtúil ón Aontas a mhaoiniú, tabharfar de chumhacht don Choimisiún, thar ceann an Aontais, na cistí is gá a fháil ar iasacht sna margaí caipitil nó ó institiúidí airgeadais agus iad a thabhairt ar aghaidh ar iasacht don Úcráin. Beidh meánaibíocht uasta 25 bliana ag gabháil leis na hiasachtaí faoi mhír 1 agus faoi Chinneadh (AE) 2022/1201 le chéile.

3.Cuirfear an cúnamh macrairgeadais eisceachtúil ón Aontas ar fáil ag tosú ar an gcéad lá tar éis theacht i bhfeidhm an Mheabhráin Tuisceana dá dtagraítear in Airteagal 3(1) agus le linn na tréimhse infhaighteachta a shainítear ann, fiú mura bhfuil na ráthaíochtaí a leagtar amach i gCaibidil II, Roinn 1, den Chinneadh seo soláthartha go fóill.

4.Más rud é, le linn na tréimhse ina mbeidh an cúnamh macrairgeadais eisceachtúil ón Aontas á eisíoc, go dtagann laghdú suntasach ar riachtanais mhaoiniúcháin na hÚcráine i gcomparáid leis na réamh-mheastacháin tosaigh, déanfaidh an Coimisiún méid an chúnaimh a laghdú, a chur ar fionraí nó a chur ar ceal.

Airteagal 2

Réamhchoinníoll i dtaca leis an gcúnamh macrairgeadais

1.Mar réamhchoinníoll i dtaca leis an gcúnamh macrairgeadais eisceachtúil ón Aontas a dheonú don Úcráin, ní mór di sásraí éifeachtacha daonlathacha, lena n‑áirítear córas parlaiminteach ilpháirtí agus an smacht reachta a urramú, agus a ráthú go n‑urramófar cearta an duine.

2.Déanfaidh an Coimisiún faireachán ar chomhlíonadh an réamhchoinníll a leagtar amach i mír 1 le linn shaolré an chúnaimh macrairgeadais eisceachtúil ón Aontas, go háirithe sula ndéanfar eisíocaíochtaí, agus na himthosca ar an láthair agus na hiarmhairtí a bhaineann le cur i bhfeidhm an dlí airm á gcur san áireamh freisin.

3.Beidh feidhm ag míreanna 1 agus 2 den Airteagal seo i gcomhréir le Cinneadh 2010/427/AE ón gComhairle 25 .

Airteagal 3

Meabhrán Tuisceana

1.Comhaontóidh an Coimisiún i gcomhar leis an Úcráin coinníollacha beartais a bhfuil an cúnamh macrairgeadais eisceachtúil ón Aontas nasctha leo. Déanfar na coinníollacha beartais a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 14(2). Déanfar na coinníollacha beartais sin a leagan amach i Meabhrán Tuisceana.

2.Áireofar sa Mheabhrán Tuisceana na ceanglais tuairiscithe a glacadh i gcomhthéacs na chéad choda den chúnamh macrairgeadais eisceachtúil sin agus áiritheofar leo, go háirithe, éifeachtúlacht, trédhearcacht agus cuntasacht na húsáide a bhainfear as an gcúnamh macrairgeadais eisceachtúil ón Aontas.

3.Is i gcomhaontú iasachta atá le tabhairt i gcrích idir an Coimisiún agus an Úcráin a leagfar síos na téarmaí mionsonraithe airgeadais a ghabhann leis an gcúnamh macrairgeadais eisceachtúil ón Aontas.

4.Fíoróidh an Coimisiún, go tráthrialta, cur chun feidhme na gceanglas tuairiscithe agus an dul chun cinn arna dhéanamh i gcomhlíonadh na gcoinníollacha beartais arna gcomhaontú sa Mheabhrán Tuisceana. Cuirfidh an Coimisiún Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle ar an eolas mar gheall ar thorthaí an fhíoraithe sin.

Airteagal 4

An cúnamh macrairgeadais eisceachtúil ón Aontas a scaoileadh

1.Faoi réir na gceanglas dá dtagraítear i mír 3, déanfaidh an Coimisiún an cúnamh macrairgeadais eisceachtúil ón Aontas a chur ar fáil ina dtráthchodanna, a mbeidh gach ceann díobh ina hiasacht. Déanfaidh an Coimisiún cinneadh maidir leis an tráthchlár chun gach tráthchuid a eisíoc. Féadfar tráthchuid a eisíoc i dtráinse amháin nó níos mó.

2.Is é an Coimisiún a bhainisteoidh an chaoi a scaoilfear an cúnamh macrairgeadais eisceachtúil ón Aontas ar bhealach a bheidh comhsheasmhach leis na comhaontuithe nó na comhthuiscintí ar thángthas orthu idir an Coimisiún agus an Úcráin sa Mheabhrán Tuisceana dá dtagraítear in Airteagal 3(1).

3.Déanfaidh an Coimisiún cinneadh maidir le scaoileadh na dtráthchodanna faoi réir a mheasúnaithe ar na coinníollacha seo a leanas:

(a)an réamhchoinníoll a leagtar amach in Airteagal 2(1) a urramú;

(b)cur chun feidhme sásúil na gceanglas tuairiscithe mar a chomhaontaítear sa Mheabhrán Tuisceana;

(c)i gcás an dara tráthchuid agus na dtráthchodanna ina dhiaidh sin, dul chun cinn sásúil i gcur chun feidhme na gcoinníollacha beartais arna gcomhaontú sa Mheabhrán Tuisceana.

Sula ndéanfar uasmhéid an chúnaimh macrairgeadais a eisíoc, dearbhóidh an Coimisiún gur comhlíonadh gach coinníoll beartais a comhaontaíodh sa Mheabhrán Tuisceana.

4.I gcás nach gcomhlíontar na ceanglais a leagtar amach i mír 3, déanfaidh an Coimisiún eisíoc an chúnaimh macrairgeadais eisceachtúil ón Aontais a chur ar fionraí go sealadach nó a chur ar ceal. I gcásanna den sórt sin, cuirfidh sé in iúl do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle na cúiseanna a bhí aige leis an bhfionraí nó leis an gcealú.

5.Is le Banc Náisiúnta na hÚcráine, i bprionsabal, a eisíocfar an cúnamh macrairgeadais eisceachtúil ón Aontas. Faoi réir na bhforálacha atá le comhaontú sa Mheabhrán Tuisceana, lena n‑áirítear deimhniú na riachtanas maoiniúcháin bhuiséadaigh iarmharach, féadfar cistí an Aontais a eisíoc chuig Aireacht Airgeadais na hÚcráine ina cáil mar an tairbhí deiridh.

Airteagal 5

Oibríochtaí iasachtaíochta agus iasachtaithe 

1.Déanfar na hoibríochtaí iasachtaíochta agus iasachtaithe i gcomhréir le hAirteagal 220 den Rialachán Airgeadais.

2.I gcás inar gá, de mhaolú ar Airteagal 220(2) den Rialachán Airgeadais, féadfaidh an Coimisiún na hiasachtaí gaolmhara a ndéanamh conradh ina leith thar ceann an Aontais a thar-rolladh.

Airteagal 6

Fóirdheontas ráta úis

1.De mhaolú ar Airteagal 220(5), pointe (e) den Rialachán Airgeadais, féadfaidh an tAontas ús a iompar trí fhóirdheontas ráta úis a dheonú agus trí chostais riaracháin a bhaineann le hiasacht a fháil agus a thabhairt a chumhdach, cé is moite de chostais a bhaineann le haisíoc luath na hiasachta, i leith na n‑iasachtaí faoin gCinneadh seo.

2.Féadfaidh an Úcráin fóirdheontas ráta úis agus cumhdach na gcostas riaracháin a iarraidh ar an Aontas faoi dheireadh mhí an Mhárta gach bliain.

3.Déanfar an t‑imchlúdach dá dtagraítear in Airteagal 6(2), pointe (a), an chéad fhleasc de Rialachán (AE) 2021/947 a úsáid chun costais na n‑íocaíochtaí úis a bhaineann leis an gcúnamh macrairgeadais le linn na tréimhse 2021-27 a chumhdach mar fhóirdheontas ráta úis.

Airteagal 7

Faisnéis chuig Parlaimint na hEorpa agus chuig an gComhairle

Cuirfidh an Coimisiún Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle ar an eolas faoi fhorbairtí maidir leis an gcúnamh macrairgeadais eisceachtúil ón Aontas, lena n‑áirítear eisíocaíochtaí an chúnaimh sin agus forbairtí maidir leis na hoibríochtaí dá dtagraítear i míreanna 2 agus 3 d’Airteagal 5, agus soláthróidh sé na doiciméid ábhartha do na hinstitiúidí sin in am trátha.

Airteagal 8

Measúnú ar chur chun feidhme an chúnaimh mhacrairgeadais eisceachtúil ón Aontas

Le linn chur chun feidhme an chúnaimh macrairgeadais ón Aontas, déanfaidh an Coimisiún a athmheasúnú, trí bhíthin measúnú oibríochtúil, a fhónta agus atá socruithe airgeadais na hÚcráine, na nósanna imeachta riaracháin, agus na sásraí rialaithe inmheánacha agus seachtracha is ábhartha maidir leis an gcúnamh. Féadfar an measúnú oibríochtúil sin a dhéanamh in éineacht leis an measúnú dá bhforáiltear faoi Chinneadh (AE) 2022/1201.

Caibidil II An Ciste don Soláthar Coiteann a threisiú

Roinn 1

Ráthaíochtaí ó na Ballstáit le haghaidh an chúnaimh mhacrairgeadais eisceachtúil ón Aontas faoin gCinneadh seo agus faoi Chinneadh (AE) 2021/1201

Airteagal 9

Ranníocaíochtaí i bhfoirm ráthaíochtaí ó na Ballstáit

1.Féadfaidh na Ballstáit an soláthar i leith cúnamh macrairgeadais a choimeádtar sa Chiste don Soláthar Coiteann a chomhlánú trí ráthaíochtaí a sholáthar suas le méid iomlán EUR 3 660 000 000 i leith an chúnaimh mhacrairgeadais eisceachtúil ón Aontas don Úcráin faoi Airteagal 1 den Chinneadh seo agus faoi Chinneadh (AE) 2022/1201 (ʻcúnaimh mhacrairgeadais faoi chumhdachʼ).

2.Má dhéantar ranníocaíochtaí ó na Ballstáit, soláthrófar iad i bhfoirm ráthaíochtaí neamh-inchúlghairthe, neamhchoinníollacha agus ar éileamh trí chomhaontú ráthaíochta arna thabhairt i gcrích leis an gCoimisiún, i gcomhréir le hAirteagal 10.

3.Beidh sciar coibhneasta ranníocaíocht an Bhallstáit ábhartha den mhéid dá dtagraítear i mír 1 ag freagairt do sciar coibhneasta an Bhallstáit sin d’ollioncam náisiúnta iomlán an Aontais, de thoradh ar cholún (1) de Thábla 4 de Chuid A (‘Buiséad bliantúil an Aontais a mhaoiniú, Réamhrá’) de cheannteideal Ioncam Ginearálta an bhuiséid do 2022 a leagtar amach i mbuiséad ginearálta an Aontais don bhliain airgeadais 2022, a glacadh an 24 Samhain 2021.

4.Tiocfaidh na ráthaíochtaí i bhfeidhm maidir le gach Ballstát ó dháta theacht i bhfeidhm an chomhaontaithe ráthaíochta dá dtagraítear in Airteagal 10 idir an Coimisiún agus an Ballstát sin.

Airteagal 10

Comhaontuithe ráthaíochta

Tabharfaidh an Coimisiún i gcrích comhaontú ráthaíochta le gach Ballstát ina soláthrófar ráthaíocht de bhun Airteagal 9. Leis an gcomhaontú sin, leagfar amach na rialacha lena rialófar an ráthaíocht, rialacha a bheith mar an gcéanna i gcás na mBallstát uile, lena n‑áirítear, go háirithe, forálacha:

(b)lena leagtar síos an oibleagáid ar na mBallstát glaonna ráthaíochta arna ndéanamh ag an gCoimisiún a urramú i leith na gcúnamh macrairgeadais faoi chumhdach, nuair a bheidh méideanna iomlána an tsoláthair tosaigh a cuireadh ar leataobh sa Chiste don Soláthar Coiteann i leith an dliteantais airgeadais a eascraíonn as na cúnaimh mhacrairgeadais faoi chumhdach tarraingthe anuas nó nuair a bheidh na méideanna sin le tarraingt anuas;

(c)lena n‑áirithítear go ndéanfar na glaonna ráthaíochta pro rata agus go mbeidh siad bunaithe ar an treoir ranníoca dá dtagraítear in Airteagal 9(3);

(d)ar coinníoll go n‑áirithíonn na glaonna ráthaíochta cumas an Aontais na cistí a fuarthas ar iasacht, de bhun Airteagal 1(2), sna margaí caipitil nó ó institiúidí airgeadais, a aisíoc tar éis neamhíocaíocht ar thaobh na hÚcráine, fiú má bhí coinne leis an neamhíocaíocht, rud lena n‑áirítear cásanna ina modhnaítear sceideal íocaíochta, cibé cúis atá leis sin;

(e)lena n‑áirithítear go bhféadfar na glaonna ráthaíochta a úsáid chun an Ciste don Soláthar Coiteann a athshlánú le haghaidh soláthar a tarraingíodh anuas i leith na gcúnamh macrairgeadais faoi chumhdach;

(f)lena n‑áirithítear go leanfaidh Ballstát nár urramaigh glao de bheith faoi dhliteanas é a urramú;

(g)maidir leis na coinníollacha íocaíochta.

Roinn 2

Soláthar na gcúnamh macrairgeadais faoi chumhdach agus roinnt dliteanas airgeadais Sainordaithe Iasachtaithe Sheachtraigh san Úcráin

Airteagal 11

Soláthar na gcúnamh macrairgeadais faoi chumhdach

1.I gcás na gcúnamh macrairgeadais faoi chumhdach, beidh feidhm ag ráta soláthair 70 % in ionad na rialach ginearálta a leagtar amach in Airteagal 31(5), an tríú fomhír, de Rialachán (AE) 2021/947.
Mar sin féin, coinneofar leibhéal an tsoláthair a íoctar isteach sa Chiste don Soláthar Coiteann ag 9 % den dliteanas gan íoc ó na cúnaimh mhacrairgeadais faoi chumhdach, agus má úsáidtear é, déanfar é a athshlánú go dtí go dtarraingeofar go hiomlán ar na ráthaíochtaí dá dtagraítear in Airteagal 9.

2.Beidh méideanna a thagann ó ghlaonna ar na ráthaíochtaí dá dtagraítear in Airteagal 10 ina n‑ioncam sannta seachtrach maidir leis na dliteanais airgeadais ó na cúnaimh mhacrairgeadais faoi chumhdach a aisíoc agus le haghaidh íocaíochtaí leis an gCiste don Soláthar Coiteann i gcomhréir le hAirteagal 21(2), pointe (a)(ii) de Rialachán (AE, Euratom) 2018/1046.

3.De mhaolú ar an dara habairt den chéad fhomhír d’Airteagal 211(1) den Rialachán Airgeadais, áireofar méid na ráthaíochtaí dá dtagraítear in Airteagal 9(1) i méid an dliteanais airgeadais údaraithe. De mhaolú ar an dara fomhír d’Airteagal 211(4) den Rialachán Airgeadais, cuirfear méideanna an tsoláthair dá dtagraítear i mír 2 den Airteagal seo san áireamh maidir le ríomh an tsoláthair a eascraíonn as an ráta soláthair i leith na gcúnamh macrairgeadais faoi chumhdach.

4.De mhaolú ar Airteagal 211(4)(c) den Rialachán Airgeadais, maidir leis na méideanna a aisghabhtar ón Úcráin i ndáil leis na cúnaimh macrairgeadais faoi chumhdach, ní rannchuideoidh na méideanna sin leis an soláthar suas le méid na nglaonna ráthaíochta a chomhlíonann na Ballstáit de bhun Airteagal 10(a). Déanfar na méideanna sin a aisíoc leis na Ballstáit sin.

Airteagal 12

An soláthar a threisiú i leith roinnt dliteanas airgeadais san Úcráin a ráthaítear faoi Chinneadh Uimh. 466/2014/AE

De mhaolú ar an tríú habairt d’Airteagal 31(8) de Rialachán (AE) 2021/947, beidh feidhm ag an ráta soláthair 70 % maidir le méideanna iasachta arna eisíoc tar éis an 15 Iúil 2022 faoi oibríochtaí maoiniúcháin an Bhainc Eorpaigh Infheistíochta san Úcráin arna síniú ag an mBanc Eorpach Infheistíochta roimh an 31 Nollaig 2021 agus arna ráthú ag an Aontas i gcomhréir le Cinneadh Uimh. 466/2014/AE (‘dliteanais airgeadais Sainordaithe Iasachtaithe Sheachtraigh faoi chumhdach san Úcráin’) agus beidh feidhm ag Airteagail 211, 212 agus 213 den Rialachán Airgeadais, faoi réir Airteagail 13 agus 14 den Chinneadh seo. Chun críocha an dara fomhír d’Airteagal 211(1) den Rialachán Airgeadais, faoin 31 Nollaig 2027, sroichfidh an soláthar an leibhéal a chomhfhreagraíonn don ráta soláthair arna chur i bhfeidhm maidir le méid iomlán na ndliteanas gan íoc ó dhliteanais airgeadais Sainordaithe Iasachtaithe Sheachtraigh faoi chumhdach san Úcráin.

Airteagal 13

Measúnú ar leordhóthanacht an ráta soláthair agus nós imeachta athbhreithnithe

1.Gach 6 mhí ón 30 Meitheamh 2023 ar aghaidh, agus aon uair a thagann an Coimisiún ar an gconclúid go léirítear le cúiseanna nó imeachtaí eile gur gá é a dhéanamh, déanfaidh an Coimisiún measúnú i dtaobh an bhfuil forbairtí nua ann a d’fhéadfadh tionchar marthanach agus fóinteach a bheith acu ar leordhóthanacht an ráta soláthair, lena n‑áirítear ráta an tsoláthair íoctha, dá dtagraítear in Airteagail 11 agus 12. Sainaithneoidh an Coimisiún go háirithe gurb ann d’athrú mór leanúnach ar phróifíl riosca creidmheasa na neamhchosaintí sin trí bhíthin sonraí a bhaineann le tréimhse 2 bhliain ar a laghad.

2.Tabharfar de chumhacht don Choimisiún Airteagail 11 agus 12 a leasú chun an ráta soláthair a choigeartú trí bhíthin gníomh tarmligthe i gcomhréir le hAirteagal 16, go háirithe chun na forbairtí dá dtagraítear i mír 1 a léiriú.

Airteagal 14

Soláthar arna choinneáil sa Chiste don Soláthar Coiteann

1.In ionad na rialach ginearálta in Airteagal 31(6) de Rialachán (AE) 2021/947, cumhdófar an dliteanas airgeadais ó na cúnaimh mhacrairgeadais faoi chumhdach ar leithligh ó dhliteanais airgeadais eile faoin Ráthaíocht do Ghníomhaíochtaí Seachtracha, agus ní úsáidfear an soláthar arna chur i leataobh sa Chiste don Soláthar Coiteann i leith an chúnaimh mhacrairgeadais faoi chumhdach ach amháin le haghaidh dliteanais airgeadais faoin gCinneadh seo agus faoi Chinneadh (AE) 2022/1201.

In ionad na rialach ginearálta in Airteagal 31(8) de Rialachán (AE) 2021/947, cumhdófar an dliteanas airgeadais ó na dliteanais airgeadais Sainordaithe Iasachtaithe Sheachtraigh san Úcráin ar leithligh ó dhliteanais airgeadais eile faoin gCiste Ráthaíochta do Ghníomhaíochtaí Seachtracha, agus ní úsáidfear an soláthar arna chur i leataobh sa Chiste don Soláthar Coiteann i ndáil leis na dliteanais airgeadais Sainordaithe Iasachtaithe Sheachtraigh faoi chumhdach san Úcráin ach amháin le haghaidh dliteanais airgeadais faoin gCinneadh seo agus faoi Chinneadh (AE) 2022/1201.

2.De mhaolú ar Airteagal 213 den Rialachán Airgeadais, ní bheidh feidhm ag an ráta soláthair iarbhír maidir leis an soláthar arna chur i leataobh sa choiste don soláthar coiteann i ndáil leis na cúnaimh macrairgeadais faoi chumhdach agus na dliteanais airgeadais Sainordaithe Iasachtaithe Sheachtraigh faoi chumhdach san Úcráin.

3.De mhaolú ar Airteagal 213(4)(a) den Rialachán Airgeadais, is é a bheidh in aon bharrachas soláthair dá dtagraítear in Airteagal 12 ioncam sannta seachtrach de réir bhrí Airteagal 21(5) den Rialachán Airgeadais, ar ioncam é den chlár cúnaimh sheachtraigh faoina bhfuil an Úcráin incháilithe.

Caibidil III Forálacha coiteanna

Airteagal 15

Nós imeachta coiste

1.Tabharfaidh coiste de réir bhrí Rialachán (AE) Uimh. 182/2011 cúnamh don Choimisiún.

2.I gcás ina ndéantar tagairt don mhír seo, beidh feidhm ag Airteagal 5 de Rialachán (AE) Uimh. 182/2011.

Airteagal 16

An tarmligean a fheidhmiú

1.Is faoi réir na gcoinníollacha a leagtar síos san Airteagal seo a thugtar an chumhacht don Choimisiún chun gníomhartha tarmligthe a ghlacadh.

2.Déanfar an chumhacht chun gníomhartha tarmligthe a ghlacadh dá dtagraítear in Airteagal 13(2) a thabhairt don Choimisiún go ceann tréimhse neamhchinntithe ama ó dháta theacht i bhfeidhm an Chinnidh seo.

3.Féadfaidh Parlaimint na hEorpa nó an Chomhairle tarmligean na cumhachta dá dtagraítear in Airteagal 13(2) a chúlghairm aon tráth. Le cinneadh chun cúlghairm a dhéanamh, cuirfear deireadh le tarmligean na cumhachta atá sonraithe sa chinneadh sin. Gabhfaidh éifeacht leis an lá tar éis fhoilsiú an chinnidh in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh nó ar dháta is déanaí a shonrófar sa chinneadh. Ní dhéanfaidh sé difear do bhailíocht aon ghnímh tharmligthe atá i bhfeidhm cheana.

4.Sula nglacfaidh sé gníomh tarmligthe, rachaidh an Coimisiún i mbun comhairliúchán le saineolaithe arna n‑ainmniú ag gach Ballstát i gcomhréir leis na prionsabail a leagtar síos i gComhaontú Idirinstitiúideach an 13 Aibreán 2016 maidir le Reachtóireacht Níos Fearr.

5.A luaithe a ghlacfaidh sé gníomh tarmligthe, tabharfaidh an Coimisiún fógra, an tráth céanna, do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle faoi.

6.Ní thiocfaidh gníomh tarmligthe a ghlactar de bhun Airteagal 13(2) i bhfeidhm ach amháin mura mbeidh aon agóid curtha in iúl ag Parlaimint na hEorpa nó ag an gComhairle laistigh de thréimhse 2 mhí tar éis fógra faoin ngníomh sin a thabhairt do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle nó más rud é, roimh dhul in éag na tréimhse sin, go mbeidh Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle araon tar éis a chur in iúl don Choimisiún nach ndéanfaidh siad aon agóid. Déanfar an tréimhse sin a fhadú 2 mhí ar thionscnamh Pharlaimint na hEorpa nó na Comhairle.

Airteagal 17

Tuarascáil Bhliantúil

1.Faoin 30 Meitheamh gach bliain, déanfaidh an Coimisiún, mar chuid dá Thuarascáil Bhliantúil, measúnú a chur faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa agus na Comhairle maidir le cur chun feidhme Chaibidil I an Chinnidh seo sa bhliain roimhe sin, lena n‑áirítear meastóireacht ar an gcur chun feidhme sin. Sa tuarascáil sin, déanfar an méid seo a leanas:

(a)scrúdú ar an dul chun cinn atá déanta i dtaca leis an gcúnamh macrairgeadais eisceachtúil ón Aontas a chur chun feidhme;

(b)measúnú ar an staid eacnamaíoch agus ionchais na hÚcráine, chomh maith le measúnú ar chur chun feidhme na gceanglas agus na gcoinníollacha dá dtagraítear in Airteagal 3(1);

(c)léiriú a thabhairt ar an nasc idir na ceanglais agus na coinníollacha a leagtar amach sa Mheabhrán Tuisceana, staid mhacrairgeadais leanúnach na hÚcráine agus cinntí an Choimisiúin maidir le tráthchodanna an chúnaimh macrairgeadais eisceachtúil ón Aontas a scaoileadh.

2.Tráth nach déanaí ná 2 bhliain tar éis dheireadh na tréimhse infhaighteachta, cuirfidh an Coimisiún faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa agus na Comhairle tuarascáil meastóireachta ex post, ina ndéanfar measúnú ar thorthaí agus éifeachtúlacht an chúnaimh macrairgeadais eisceachtúil ón Aontas agus ar a mhéid a rannchuidigh sé le haidhmeanna an chúnaimh a bhaint amach.

Caibidil IV Leasú ar Chinneadh (AE) 2022/1201 agus foráil chríochnaitheach

Airteagal 18

Leasaítear Cinneadh (AE) 2022/1201 mar a leanas:

1.Cuirtear an méid seo a leanas in ionad an dara habairt de mhír 2 d’Airteagal 1:

‘Beidh meánaibíocht uasta 25 bliana ag gabháil leis na hiasachtaí faoi mhír 1 agus faoi Chinneadh [COM(2022)XXX-an togra seo] le chéile.’

2.Scriostar Airteagal 7.

Airteagal 19

Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm an lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil,

Thar ceann Pharlaimint na hEorpa            Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán            An tUachtarán

RÁITEAS AIRGEADAIS REACHTACH

1.LEAGAN AMACH AN TOGRA/TIONSCNAIMH 

1.1.Teideal an togra/tionscnaimh

Togra le haghaidh Cinneadh ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le cúnamh macrairgeadais a sholáthar don Úcráin.

1.2.Réimse/réimsí beartais lena mbaineann i gcreat ABM/ABB 26

An réimse beartais: Gnóthaí Eacnamaíocha agus Airgeadais

Gníomhaíocht: Gnóthaí eacnamaíocha agus airgeadais idirnáisiúnta

1.3.Baineann an togra/tionscnamh le: 

beart nua 

beart nua a leanann treoirthionscadal/réamhbheart 27  

 síneadh ar bheart atá ann cheana 

 beart nó bearta a chumasc nó a atreorú i dtreo beart eile/beart nua 

1.4.Cuspóirí

1.4.1.Cuspóirí ginearálta

‘Borradh nua a chur faoi phoist, fás agus infheistíocht: an rathúnas a chur chun cinn taobh amuigh den Aontas Eorpach’

1.4.2.Cuspóirí sonracha

Cuspóir sonrach Uimh.

‘An rathúnas a chur chun cinn taobh amuigh den Aontas Eorpach’

Gníomhaíochtaí ABM/ABB lena mbaineann

Gníomhaíochtaí a bhaineann le AS ECFIN, tá baint acu leis an méid seo a leanas:

(a)    Tacú le cobhsaíocht mhacrairgeadais agus athchóirithe spreagtha fáis a chur chun cinn lasmuigh den Aontas Eorpach, agus áirítear ar na bealaí chun é sin a dhéanamh idirphlé rialta eacnamaíoch a dhéanamh le comhpháirtithe tábhachtacha agus trí chúnamh macrairgeadais a sholáthar; agus

(b)    Tacaíocht a thabhairt don phróiseas maidir le méadú agus do chur chun feidhme bheartais an Aontais maidir le méadú agus bheartais chomharsanachta an Aontais agus thosaíochtaí eile an Aontais i gcomhpháirtithe trí anailís eacnamaíoch a dhéanamh agus trí mheasúnuithe ar bheartais agus comhairle a sholáthar.

1.4.3.An toradh agus an tionchar a mheastar a bheidh ann

Sonraigh an tionchar a bheadh ag an togra/tionscnamh ar na tairbhithe/grúpaí ar a bhfuil sé dírithe.

·Cúnamh macrairgeadais a sholáthar don Úcráin d’fhonn tacú lena hathléimneacht eacnamaíoch agus lena cobhsaíocht i gcúinsí an chogaidh.

·Rannchuidiú le riachtanais chistiúcháin sheachtraigh na hÚcráine 2022 a chumhdach i gcomhthéacs an mheathlúcháin mhóir ar a gcuntais sheachtracha de dheasca ionradh na Rúise ar an Úcráin, ionradh gan údar, gan spreagadh.

·Riachtanais mhaoiniúcháin bhuiséadacha an chomhpháirtí a mhaolú, mar leanúint den chúnamh éigeandála a soláthraíodh cheana féin.

·Tacaíocht a thabhairt d’athchóirithe struchtúracha a bhfuil sé d’aidhm acu feabhas a chur ar an mbainistíocht mhaicreacnamaíoch fhoriomlán, an rialachas eacnamaíoch agus an trédhearcacht a threisiú, agus feabhas a chur ar na dálaí le haghaidh fás inbhuanaithe.

1.4.4.Táscairí feidhmíochta

Sonraigh na táscairí chun faireachán a dhéanamh ar dhul chun cinn agus ar ghnóthachain.

Beidh ceangal ar údaráis na hÚcráine tuairisc a thabhairt go rialta do sheirbhísí an Choimisiúin faoi thacar táscairí eacnamaíocha agus faoi na ceanglais tuairiscithe atá sa Mheabhrán Tuisceana.

Leanfaidh seirbhísí an Choimisiúin d’fhaireachán a dhéanamh ar bhainistíocht airgeadais phoiblí, tar éis an mheasúnaithe oibríochtúil ar scagchuarda airgeadais agus nósanna imeachta riaracháin san Úcráin, measúnú a tíolacadh i mí an Mheithimh 2020. Déanfaidh an Coimisiún an dara measúnú oibríochtúil le linn chur chun feidhme na hoibríochta.

Leis an gcinneadh reachtach atá beartaithe, foráiltear go gcuirfear tuarascáil bhliantúil MFA faoi bhráid na Comhairle agus Pharlaimint na hEorpa, agus beidh measúnú ar chur chun feidhme na hoibríochta sa tuarascáil sin. Déanfar meastóireacht ex post neamhspleách ar an tacaíocht laistigh de dhá bhliain tar éis don tráthchuid deiridh a scaoileadh.

1.5.Forais an togra/tionscnaimh 

1.5.1.Na ceanglais is gá a chomhlíonadh sa ghearrthéarma nó san fhadtéarma, lena n‑áirítear amlíne mhionsonraithe maidir le cur chun feidhme céimneach an tionscnaimh

Beidh eisíocaíocht an chúnaimh ag brath ar chomhlíonadh na réamhchoinníollacha polaitiúla a liostaítear i Meabhrán Tuisceana idir an Coimisiún agus údaráis na hÚcráine. Tá sé beartaithe an cúnamh a eisíoc i roinnt tráthchodanna. Scaoilfí na tráthchodanna go pras tar éis fhormheas an togra seo agus tar éis theacht i bhfeidhm an MT chomhfhreagraigh, agus bheadh sé ar fáil ina dhiaidh sin.

Is é an Coimisiún a bhainisteoidh an cúnamh. Beidh forálacha sonracha maidir le cosc ar chalaois agus ar neamhrialtachtaí eile i bhfeidhm, forálacha a bheidh i gcomhréir leis an Rialachán Airgeadais.

Thiocfadh an Coimisiún agus údaráis na hÚcráine ar chomhaontú i dtaobh Meabhrán Tuisceana ina leagfar amach na ceanglais um thuairisciú. Oibreoidh an Coimisiún i ndlúthchomhar leis na hinstitiúidí idirnáisiúnta airgeadais agus leis na húdaráis náisiúnta chun faireachán a dhéanamh ar fhorbairtí ábhartha agus ar chur i bhfeidhm na gceanglas agus na gcoinníollacha arna gcomhaontú sa MT.

1.5.2.Breisluach a bhaineann le rannpháirteachas AE (d’fhéadfadh an breisluach a bheith ann mar thoradh ar fhachtóirí éagsúla, e.g. deimhneacht dhlíthiúil, breis éifeachtachta, comhlántachtaí, nó gnóthachain de thoradh comhordú). Chun críocha an phointe seo, is é a chiallaíonn ‘breisluach a bhaineann le rannpháirteachas an Aontais’ an luach a thagann as idirghabháil an Aontais ar luach é atá sa bhreis ar an luach a bheadh ann dá mbeadh na Ballstáit ag feidhmiú leo féin.

Tá an togra seo le haghaidh cúnamh macrairgeadais don Úcráin suas le EUR 5 bhilliún ina chuid de chuspóir an Aontais suas le EUR 9 mbilliún de thacaíocht leachtachta ghearrthéarmach a sholáthar. Leis an togra, leantar agus leasaítear Cinneadh (AE) 2022/1201 maidir le cúnamh macrairgeadais a sholáthar don Úcráin de luach EUR 1 billiún d’iasachtaí a eisíocadh ina iomláine ag tús mhí Lúnasa 2022. Leis an cúnamh macrairgeadais sin, neartaítear freisin gníomhaíochtaí an Aontais le haghaidh tacaíocht dhíreach dhaonnúil, eacnamaíoch agus cosanta, agus le haghaidh tionscnaimh an Aontais chun gníomhaíochtaí iltaobhacha a chomhordú, amhail ‘Seasaimis ar son na hÚcráine’. I ngeall ar a nádúr féin, is catalaíoch é cúnamh macrairgeadais d’athchóirithe lena neartaítear athléimneacht ghearrthéarmach na tíre agus lena gcuidítear le cobhsaíocht níos fadtéarmaí a bhaint amach freisin. Tá na torthaí sin a bhfuiltear ag súil leo ábhartha go háirithe don Úcráin ag an tráth criticiúil seo.

Trí thacaíocht bhreise a thabhairt don Úcráin i bhfoirm iasachtaí, ag an bpointe seo, féadfar cabhrú le húdaráis na hÚcráine dúshláin maoinithe atá ann faoi láthair is mó práinne a shárú a eascraíonn as an gcogadh a dhéanamh. Thairis sin, trí thacú le hiarrachtaí na n‑údarás creat seasmhach macrairgeadais a choinneáil ar bun, cuirfidh an cúnamh macrairgeadais eisceachtúil atá beartaithe leis an mbreisluach a bhaineann leis an ról atá ag an Aontas san Úcráin agus le héifeachtacht cineálacha eile cúnaimh airgeadais ón Aontas, lena n‑áirítear cúnamh buiséid agus deontais atá ar fáil trí ionstraimí airgeadais seachtracha faoin gcreat airgeadais ilbhliantúil reatha don tréimhse 2021-2027.

Ní bheadh maoiniú tionscadail ná cúnamh teicniúil oiriúnach ná leordhóthanach chun aghaidh a thabhairt ar chuspóirí macrairgeadais leathana an chúnaimh macrairgeadais eisceachtúil seo. Is é an breisluach is mó a bhaineann leis an gcúnamh macrairgeadais i gcomparáid le hionstraimí eile an Aontais go maolófar srianta airgeadais sheachtraigh go gasta agus go mbeidh sé ina chuidiú chun creat macrairgeadais cobhsaí a chruthú, lena n‑áirítear trí chomhardú íocaíochtaí agus staid bhuiséadach atá marthanach agus inbhuanaithe a chur chun cinn, laistigh de chreat iomchuí le haghaidh ceanglais tuairiscithe. Trí chúnamh a thabhairt creat beartais iomchuí a áirithiú, bíonn sé de bhua ag an gcúnamh macrairgeadais go gcuireann sé le héifeachtacht na mbeart a mhaoinítear san Úcráin faoi ionstraimí airgeadais eile de chuid an Aontais atá níos spriocdhírithe.

1.5.3.Ceachtanna a foghlaimíodh ó thaithí eile den sórt sin san am a chuaigh thart

Oibríochtaí cúnaimh macrairgeadais i gcomhpháirtithe, tá siad faoi réir meastóireacht ex-post. Léirigh meastóireachtaí ex-post roimhe seo ar oibríochtaí cúnaimh macrairgeadais a rinneadh roimhe seo chuig an Úcráin go raibh siad an‑ábhartha go ginearálta ó thaobh a gcuspóirí, a n‑imchlúdaigh airgeadais agus a gcuspóirí beartais.

Bhí siad ríthábhachtach chun tacú leis an Úcráin agus aghaidh á tabhairt aici ar a fadhbanna maidir le comhardú na n‑íocaíochtaí agus athchóirithe struchtúracha tábhachtacha a chur chun feidhme chun an geilleagar a chobhsú agus chun inbhuanaitheacht a seasaimh sheachtraigh a fheabhsú. Cheadaigh siad coigilteas fioscach agus sochair airgeadais, agus ghníomhaigh siad mar chatalaíoch le haghaidh tacaíocht airgeadais bhreise agus muinín infheisteoirí. Rinneadh pacáiste coinníollachta cúnaimh mhacrairgeadais a ailíniú go hiomlán leis an gclár gaolmhar CAI agus cruthaíodh éifeacht atreisithe pholaitiúil a chuidigh le húdaráis na hÚcráine a shlógadh i dtaca le hathchóirithe riachtanacha, go háirithe i réimsí nach gcumhdaítear le cláir idirnáisiúnta eile deontóra.

1.5.4.Comhoiriúnacht don Chreat Airgeadais Ilbhliantúil agus sineirgíochtaí a d’fhéadfadh a bheith ann le hionstraimí iomchuí eile

I bprionsabal, cuirtear na forálacha maidir le cúnamh macrairgeadais in CAI 2021-2027 ar fáil ag ráta 9 % don Chiste don Soláthar Coiteann a bunaíodh faoi Airteagal 212 de Rialachán (AE, Euratom) 2018/1046 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle.

I gcomhréir le prionsabal na bainistíochta fónta airgeadais agus i bhfianaise na neamhchosanta ar riosca a mheastar a bheith ann faoi láthair, is gá clúdach 70 % a chur ar bun ar na neamhchosaintí breise sin a bhaineann leis an staid san Úcráin. Soláthróidh buiséad an Aontais cosaint céadchaillteanais le haghaidh 9 % den phacáiste iomlán de EUR 6 bhilliún in iasachtaí Dhéanfaí é sin a threisiú leis na ráthaíochtaí ó na mBallstát le haghaidh 61 % eile de luach na n‑iasachtaí.   

Ina theannta sin, i bhfianaise chruachás na hÚcráine agus chun tacú léi ar chonair na cobhsaíochta san fhadtéarma, ba cheart an deis a bheith ag an Aontas na costais ráta úis a chumhdach go heisceachtúil agus na costais riaracháin don Úcráin a tharscaoileadh. Ba cheart an fóirdheontas ráta úis a íoc as an gclúdach dá dtagraítear sa chéad fhleasc de phointe (a) d’Airteagal 6(2) de Rialachán (AE) 2021/947 le linn tréimhse CAI 2021-2027.

Sa bhreis ar thacaíocht dhíreach a sholáthar, i mí Iúil 2022, chomhaontaigh an Coimisiún Eorpach go ndéanfaí athrú cuspóra ar EUR 1.59 billiún d’iasachtaí Sainordaithe Iasachtaithe Sheachtraigh an Bhainc Eorpaigh Infheistíochta (BEI) don Úcráin a dtacaítear leo le ráthaíochtaí ó bhuiséad an Aontais. Tá 1.05 billiún le heisíoc ag BEI le linn an tríú ráithe de 2022. Tá sé beartaithe ag BEI iasachtaí eile dar luach EUR 536 mhilliún a eisíoc in 2022-23 chun cuidiú le hatosú tionscadal áirithe infheistíochta a mhaoiniú. Mar sin féin, ós rud é gur iasachtaí le rialtas na hÚcráine (nó arna ráthú aige) iad na hiasachtaí sin, baineann an leibhéal céanna riosca leo agus a bhaineann leis na hiasachtaí cúnaimh macrairgeadais eisceachtúil. Faoi na Comhaontuithe Ráthaíochta Sainordaithe Iasachtaithe Sheachtraigh, tá sé de cheart ag BEI suas le méid iomlán na gcaillteanas a thabhaíonn sé ar na hiasachtaí sin a éileamh ar bhuiséad an Aontais. Ba cheart a shoiléiriú, dá bhrí sin, gur cheart feidhm a bheith ag an gcur chuige réamhchúraim céanna maidir leis na neamhchosaintí sin agus gur cheart forálacha ábhartha breise a chur in urrann choiteann shonrach den Chiste don Soláthar Coiteann atá tiomnaithe don Úcráin. Dá bhrí sin, beartaítear leis an togra seo an ráta soláthair 70 % a leathnú chun an EUR 1.59 billiún sin de neamhchosaint bhreise a eascraíonn as iasachtaí BEI ar athraíodh a gcuspóir a chumhdach.

Sineirgíochtaí a d’fhéadfadh a bheith ann le hionstraimí iomchuí eile

Tá an tAontas Eorpach ar cheann de na príomhdheontóirí atá ag an Úcráin, agus tugann sé tacaíocht dá hathchóirithe eacnamaíocha, struchtúracha agus institiúideacha maille le tacaíocht do shochaí shibhialta na tíre. Trí thacaíocht bhreise a thabhairt don Úcráin i bhfoirm iasachtaí, ag an bpointe seo, féadfar cuidiú le húdaráis na hÚcráine dúshláin shuntasacha maoinithe a shárú a eascraíonn as an gcogadh a dhéanamh. Thairis sin, trí thacú le hiarrachtaí na n‑údarás creat seasmhach macrairgeadais a choinneáil ar bun, cuirfidh an cúnamh macrairgeadais eisceachtúil atá beartaithe leis an mbreisluach a bhaineann leis an ról atá ag an Aontas san Úcráin agus le héifeachtacht cineálacha eile cúnaimh airgeadais ón Aontas, lena n‑áirítear cúnamh buiséid agus deontais atá ar fáil trí ionstraimí airgeadais seachtracha faoin gcreat airgeadais ilbhliantúil reatha don tréimhse 2021-2027. Tá an cúnamh macrairgeadais atá beartaithe ina chuid freisin de thionscnamh níos leithne de chuid an Aontais um fhaoiseamh agus atógáil le haghaidh na hÚcráine agus is cuid lárnach í den tacaíocht idirnáisiúnta fhoriomlán le haghaidh na hÚcráine 28 .

1.5.5.Measúnú ar na roghanna éagsúla maoinithe atá ar fáil, lena n‑áirítear na féidearthachtaí athshannadh a dhéanamh

Trí iasacht a úsáid, méadaítear éifeachtacht bhuiséad an Aontais leis an oibríocht MFA seo tríd an éifeacht ghiarála agus déantar foráil maidir leis an rogha is costéifeachtaí.

Tá sé de chumhacht ag an gCoimisiún cistí a fháil ar iasacht ó mhargaí caipitil thar ceann an Aontais Eorpaigh agus Euratom araon trí úsáid a bhaint as ráthaíocht bhuiséad an Aontais. Is é an aidhm cistí a fháil ón margadh ar na rátaí is fearr is féidir a bhuí leis an stádas creidmheasa is airde a bheith ag an Aontas Eorpach/ Euratom (arna rátáil AAA ag Fitch, Moody’s agus DBRS, AA ag S&P, agus ionchas cobhsaí i gceist i ngach cás) agus ina dhiaidh sin na cistí céanna a thabhairt ar aghaidh ar iasacht d’iasachtaithe incháilithe i gcomhthéacs iasachtaí faoi EFSM, BoP, MFA agus do thionscadail Euratom. Déantar iasachtaí a fháil ar iasacht agus a thabhairt ar iasacht mar oibríocht droim-le-droim, rud a áirithíonn nach dtógann buiséad an Aontais aon ráta úis ná aon riosca malairte eachtraí. Baineadh amach an sprioc maidir le cistí a fháil ar na rátaí is fearr dá bhfuil ar fáil le haghaidh gníomhaíochtaí iasachtaíochta agus iasachtaithe toisc go bhfuil na rátaí sin i gcomhréir le hinstitiúidí piaraí (BEI, EFSM, agus ESM).

1.6.Fad an togra/tionscnaimh agus an tionchar airgeadais a mheastar a bheidh aige

 tréimhse theoranta

–    i bhfeidhm ón [LL/MM]BBBB go dtí an [LL/MM]BBBB

–    Tionchar airgeadais ó 2021 go 2027 maidir le leithreasuithe faoi chomhair gealltanas agus ó 2022 go 2027 maidir le leithreasuithe faoi chomhair íocaíochtaí.

 tréimhse neamhtheoranta

–Cuirfear chun feidhme é le linn na tréimhse tosaigh BBBB go BBBB,

–agus cuirfear ag feidhmiú go hiomlán ina dhiaidh sin é.

1.7.Modh(anna) bainistíochta atá beartaithe

 Bainistíocht dhíreach a dhéanann an Coimisiún

– ag a ranna, lena n‑áirítear an chuid sin den fhoireann atá i dtoscaireachtaí an Aontais;

–    ag na gníomhaireachtaí feidhmiúcháin

 Bainistíocht atá comhroinnte leis na Ballstáit

 Bainistíocht indíreach trí chúraimí a bhaineann le cur chun feidhme an bhuiséid a shannadh dóibh seo a leanas:

–tríú tíortha nó na comhlachtaí a d’ainmnigh siad;

–eagraíochtaí idirnáisiúnta agus a ngníomhaireachtaí (tabhair sonraí);

– BEI agus an Ciste Eorpach Infheistíochta;

– comhlachtaí dá dtagraítear in Airteagail 70 agus 71 den Rialachán Airgeadais;;

–comhlachtaí dlí phoiblí;

–comhlachtaí arna rialú ag an dlí príobháideach agus a bhfuil misean seirbhíse poiblí acu sa mhéid go soláthraítear ráthaíochtaí leordhóthanacha airgeadais dóibh;

–comhlachtaí arna rialú ag dlí príobháideach Ballstáit, ar comhlachtaí iad a bhfuil sé de chúram orthu comhpháirtíochtaí príobháideacha poiblí a chur chun feidhme agus dá soláthraítear ráthaíochtaí leordhóthanacha airgeadais;

– daoine a gcuirtear de chúram orthu bearta sonracha a chur chun feidhme in CBES de bhun Theideal V de CAE, ar daoine iad a aithnítear sa bhunghníomh ábhartha.

–I gcás ina sonraítear níos mó ná modh bainistíochta amháin, tabhair sonraí sa roinn ‘Nótaí’ le do thoil.

2.BEARTA BAINISTÍOCHTA 

2.1.Rialacha faireacháin agus tuairiscithe 

Sonraigh minicíocht na mbeart agus na coinníollacha atá leo.

Cuirfidh an Coimisiún na bearta atá le maoiniú faoin gCinneadh seo chun feidhme faoi bhainistíocht dhíreach óna cheanncheathrú.

Is cúnamh maicreacnamaíoch é an cúnamh sin. Déanfaidh seirbhísí an Choimisiúin faireachán ar an ngníomhaíocht ar bhonn na mbeart sonracha atá le comhaontú le húdaráis na hÚcráine i Meabhrán Tuisceana.

2.2.Córas bainistíochta agus rialaithe 

2.2.1.An bonn cirt atá leis na modhanna bainistíochta, le sásraí cur chun feidhme an mhaoinithe, leis na coinníollacha íocaíochta agus leis an straitéis rialaithe atá beartaithe

Cuirfidh an Coimisiún na bearta atá le maoiniú faoin gCinneadh seo chun feidhme faoi bhainistíocht dhíreach óna cheanncheathrú.

Braitheann eisíocaíochtaí cúnaimh macrairgeadais ar athbhreithnithe rathúla, agus bíonn siad ceangailte le comhlíonadh na réamhchoinníollacha polaitiúla a ghabhann leis an oibríocht. Déanann an Coimisiún dlúthfhaireachán ar urramú na gcoinníollacha sin.

2.2.2.Faisnéis faoi na rioscaí a aithníodh agus na córais rialaithe inmheánacha a cuireadh ar bun chun na rioscaí a mhaolú

Na rioscaí a sainaithníodh

Tá rioscaí ó thaobh muiníne, polaitíochta agus beartas de ag an oibríocht cúnaimh macrairgeadais atá beartaithe.

Eascraíonn príomhriosca don oibríocht as ionradh na Rúise ar an Úcráin atá gan chúis gan údar, a d‘fhéadfadh tionchar diúltach breise a imirt ar chobhsaíocht mhaicreacnamaíoch na hÚcráine, rud a d’fhéadfadh difear a dhéanamh d’eisíoc agus/nó d’aisíoc an cúnamh macrairgeadais atá beartaithe.

Tá riosca ann go n‑úsáidfí an cúnamh macrairgeadais ar bhealach calaoiseach. Toisc nach bhfuil an cúnamh macrairgeadais sannta do chostais ar leith (murab ionann agus an maoiniú do thionscadail, mar shampla), tá baint ag an riosca sin le tosca amhail caighdeán ginearálta na gcóras bainistíochta i mBanc Ceannais na hÚcráine agus san Aireacht Airgeadais, nósanna imeachta riaracháin, feidhmeanna rialaithe agus maoirseachta, slándáil córas TF agus oiriúnacht na n‑inniúlachtaí iniúchóireachta inmheánaí agus seachtraí.

Tá an tríú riosca ann, is é sin go bhféadfadh sé nach n‑éireodh leis an Úcráin ús a íoc ar a cuid dliteanas airgeadais i leith an Aontais, dliteanais a bheadh ceangailte leis na hiasachta macrairgeadais atá beartaithe (riosca mainneachtana nó creidmheasa), rud a d’fhéadfadh titim amach, cuir i gcás, dá rachadh comhordú íocaíochtaí agus staid fhioscach na tíre in olcas an athuair.

Córais rialaithe inmheánaigh

Beidh an cúnamh macrairgeadais faoi réir nósanna imeachta fíorúcháin, rialaithe agus iniúchóireachta faoi fhreagracht an Choimisiúin, lena n‑áirítear an Oifig Eorpach Frithchalaoise (OLAF) agus Cúirt Iniúchóirí na hEorpa mar a fhoráiltear le hAirteagal 129 den Rialachán Airgeadais

Le linn an chur chun feidhme seo, seiceálfaidh an Coimisiún go tráthrialta dearbhuithe an chomhpháirtí. Tá an íocaíocht faoi réir (1) faireacháin ag foireann AS ECFIN agus (2) an gnáthnós imeachta rialaithe dá bhforáiltear leis an gciorcad airgeadais (samhail 2) a úsáidtear in AS ECFIN. An eisíocaíocht a bhaineann le hoibríochtaí cúnaimh macrairgeadais, d’fhéadfadh sí a bheith faoi réir fíorúcháin bhreise neamhspleácha ex-post (doiciméadacha agus/nó ar an láthair) arna ndéanamh ag oifigigh na foirne rialaithe ex-post ón Ard‑Stiúrthóireacht. Féadfar fíorúcháin den sórt sin a thionscnamh freisin ar iarraidh ón oifigeach údarúcháin trí fho-tharmligean atá freagrach as. Is féidir úsáid a bhaint as briseadh íocaíochtaí agus íocaíochtaí a chur ar fionraí, ceartúcháin airgeadais (arna gcur chun feidhme ag an gCoimisiún) agus aisghabhálacha i gcás inar gá (níor tharla sé go dtí seo), agus foráiltear go sainráite dóibh sna comhaontuithe maoiniúcháin leis na comhpháirtithe.

2.2.3.Meastachán ar chost‑éifeachtúlacht na rialuithe agus an bonn cirt atá leis sin (cóimheas ‘costais rialaithe ÷ luach na gcistí gaolmhara arna mbainistiú’) agus measúnú ar an leibhéal riosca earráide a mheastar a bheidh ann (tráth an íocaíocht a dhéanamh agus tráth an clár a dhúnadh) 

Tá ráta earráide éifeachtach i dtaca le híocaíochtaí cúnaimh macrairgeadais go dtí seo 0 % áirithithe ag na córais rialaithe atá i bhfeidhm. Ar feadh a bhfuil ar eolas againn, ní ann d’aon chás calaoise, éilithe ná gníomhaíochta mídhleathaí. Tá loighic shoiléir idirghabhála ag oibríochtaí cúnaimh macrairgeadais, loighic a fhágann go bhfuil an Coimisiún in ann meastóireacht a dhéanamh ar a dtionchar. A bhuí leis na rialuithe, táthar in ann cinnteacht a dheimhniú agus cuspóirí beartais agus tosaíochtaí a bhaint amach.

2.3.Bearta chun calaois agus neamhrialtachtaí a chosc 

Sonraigh na bearta coisctheacha agus cosanta atá ann cheana nó atá beartaithe, e.g. ón Straitéis Frithchalaoise.

Chun na rioscaí a bhaineann le mí‑úsáid chalaoiseach a mhaolú, tá roinnt beart déanta cheana agus déanfar bearta eile amach anseo:

I dtús báire, is éard a bheidh sa Chomhaontú Iasachta tacar forálacha maidir le cigireacht, calaois a chosc, iniúchtaí agus aisghabháil cistí i gcás calaoise nó caimiléireachta. Anuas air sin, tá sé beartaithe go nascfar roinnt ceanglais tuairiscithe leis an gcúnamh, d’fhonn trédhearcacht agus cuntasacht maidir le húsáid cistí a neartú. Ina theannta sin, déanfar an t‑airgead a lóisteáil i gcuntas ar leith de chuid Bhanc Náisiúnta na hÚcráine.

Thairis sin, i gcomhréir le ceanglais an Rialacháin Airgeadais, déanfaidh seirbhísí an Choimisiúin Measúnú Oibríochtúil ar scagchuarda airgeadais agus nósanna imeachta riaracháin na hÚcráine chun a fháil amach an bhfuil ráthaíochtaí leordhóthanacha á dtabhairt ag na nósanna imeachta atá ann maidir le bainistíocht tacaíochta cláir, cúnamh macrairgeadais san áireamh. Leis an measúnú a rinneadh i mí an Mheithimh 2020, cumhdaítear réimsí amhail ullmhúchán agus feidhmiú an bhuiséid, rialú airgeadais inmheánach poiblí, iniúchtaí inmheánacha agus seachtracha, soláthar poiblí, bainistíocht airgid thirim agus fiachais phoiblí, chomh maith le neamhspleáchas an bhainc ceannais. Déanfaidh an Coimisiún an dara Measúnú Oibríochtúil le linn chur chun feidhme na hoibríochta cúnaimh mhacrairgeadais eisceachtúil atá beartaithe.

Ar deireadh, beidh an cúnamh macrairgeadais faoi réir nósanna imeachta fíorúcháin, rialaithe agus iniúchóireachta faoi fhreagracht an Choimisiúin, lena n‑áirítear an Oifig Eorpach Frithchalaoise (OLAF) agus Cúirt Iniúchóirí na hEorpa mar a fhoráiltear in Airteagal 129 den Rialachán Airgeadais.

3.AN TIONCHAR AIRGEADAIS A MHEASTAR A BHEIDH AG AN TOGRA/TIONSCNAMH 

3.1.Ceannteidil an chreata airgeadais ilbhliantúil agus na línte buiséid ar a n‑imreofar tionchar 

·Línte buiséid atá ann cheana

In ord cheannteidil agus línte buiséid an chreata airgeadais ilbhliantúil.

Ceannteideal an chreata airgeadais ilbhliantúil

Líne bhuiséid

Saghas caiteachais

Ranníocaíocht

Uimhir

LD/LN 29 .

ó thíortha de chuid CSTE 30

ó thíortha is iarrthóirí 31

ó thríú tíortha

de réir bhrí Airteagal 21(2)(b) den Rialachán Airgeadais

6

14 02 01 11 ‘Comharsanacht an Oirthir’

LD

NÍL

NÍL

NÍL

NÍL

6

14 02 01 70 ‘NDICI – An Eoraip Dhomhanda – Soláthar an Chiste don Soláthar Coiteann’

LD

NÍL

NÍL

NÍL

NÍL

·Línte nua buiséid atá á n‑iarraidh – Níl sin ar fáil

3.2.An tionchar airgeadais a mheastar a bheidh ag an togra ar leithreasuithe 

3.2.1.Achoimre ar an tionchar a mheastar a bheidh aige ar leithreasuithe faoi chomhair oibríochtaí 

–    Ní éilíonn an togra/tionscnamh go n‑úsáidfear leithreasuithe faoi chomhair oibríochtaí

–    Éilíonn an togra/tionscnamh go n‑úsáidfear leithreasuithe faoi chomhair oibríochtaí mar a mhínítear thíos:

EUR milliún (go dtí an tríú deachúil)

Ceannteideal an chreata airgeadais  
ilbhliantúil

6

Ceannteideal 6 - ‘An Chomharsanacht agus an Domhan’ 

Ard‑Stiúrthóireacht: GAR

Bliain

2021

Bliain

2022

Bliain

2023

Bliain

2024

Bliain

2025

Bliain

2026

Bliain

2027

IOMLÁN

□ Leithreasuithe faoi chomhair oibríochtaí, cúnamh macrairgeadais I 32

Líne bhuiséid 33  

14 02 01 11 ‘Comharsanacht an Oirthir’  34

Gealltanais

(a)

20.0

20.0

20.0

20.0

20.0

100.0

Íocaíochtaí

(b)

20.0

20.0

20.0

20.0

20.0

100.0

□ Leithreasuithe faoi chomhair oibríochtaí, cúnamh macrairgeadais II

Líne bhuiséid

14 02 01 11 ‘Comharsanacht an Oirthir’  35

Gealltanais

(a)

150.0

150.0

150.0

150.0

150.0

750.0

Íocaíochtaí

(b)

150.0

150.0

150.0

150.0

150.0

750.0

□ Soláthar le haghaidh EUR 1.586 billiún d’eisíocaíochtaí iasachtaí BEI faoin Sainordú Iasachtaithe Sheachtraigh

Líne bhuiséid

14 02 01 70 . 05 ‘NDICI - Soláthar an Chiste don Soláthar Coiteann’ (soláthar 9 %)

Gealltanais

(a)

47.58

47.58

47.58

142.74

Íocaíochtaí

(b)

47.58

47.58

47.58

142.74

Líne bhuiséid

14 02 01 70 . 05 ‘NDICI – Soláthar an Chiste don Soláthar Coiteann’ 36 (soláthar 61 %)

Gealltanais

(a)

322.48

322.48

322.48

967.46

Íocaíochtaí

(b)

322.48

322.48

322.48

967.46

IOMLÁN na leithreasuithe i gcomhair Ard-Stiúrthóireacht NEAR

Gealltanais

Iomlán (a)

170.0

170.0

540.06

540.06

540.06

1 960.2

Íocaíochtaí

Iomlán (b)

170.0

170.0

540.06

540.06

540.06

1 960.2

Ard‑Stiúrthóireacht: ECFIN

Bliain

2021

Bliain

2022

Bliain

2023

Bliain

2024

Bliain

2025

Bliain

2026

Bliain

2027

IOMLÁN

□ cúnamh macrairgeadais I8

Líne bhuiséid

14 02 01 70 . 06 ‘NDICI – Soláthar an Chiste don Soláthar Coiteann’  37

Gealltanais

(c)

27.3

62.7

90.0

Íocaíochtaí

(d)

81.2

8.8

 

 

90.0

□ cúnamh macrairgeadais II

Líne bhuiséid

14 02 01 70 . 06 ‘NDICI - Soláthar an Chiste don Soláthar Coiteann’  38

Gealltanais

(c)

62.4

162.6

32.5

143.4

49.1

450.0

Íocaíochtaí

(d)

91.2

300.0

58.8

450.0

□ Leithreasuithe de chineál riaracháin arna maoiniú as imchlúdach na gclár sonrach 39  

Líne bhuiséid

14 20 03 . 01 Deontais cúnaimh macrairgeadais

Gealltanais

(c)

0.15

0.15

0.3

Íocaíochtaí

(d)

0.15

0.15

0.3

IOMLÁN leithreasuithe i gcomhair Ard-Stiúrthóireacht ECFIN

Gealltanais

Iomlán (c)

27.3

125.2

162.6

32.5

143.55

49.1

540.3

Íocaíochtaí

Iomlán (d)

0.15

81.2

100.15

300.0

58.8

540.3

IOMLÁN leithreasuithe faoi CHEANNTEIDEAL 6 den chreat airgeadais ilbhliantúil

Gealltanais

= a+c

27.3

125.2

332.6

202.5

683.6

589.19

540.06

2 500.5

Íocaíochtaí

= b+d

0.15

170.0

251.2

640.22

840.06

598.87

2 500.5



Ceannteideal an chreata airgeadais ilbhliantúil

7

‘Caiteachas riaracháin’

Chun an chuid seo a líonadh isteach, ba cheart leas a bhaint as na ‘sonraí buiséid de chineál riaracháin’ atá le hiontráil ar dtús san Iarscríbhinn a ghabhann leis an Ráiteas Airgeadais Reachtach (Iarscríbhinn V a ghabhann leis na rialacha inmheánacha) agus a uaslódáiltear chuig an gcóras DECIDE chun críocha comhairliúcháin idirsheirbhíse.

EUR milliún (go dtí an tríú deachúil)

Bliain

2022

Bliain

2023

Bliain

2024

Bliain

2025

Bliain

2026

Bliain

2027

IOMLÁN

Ard‑Stiúrthóireacht: ECFIN

□ Acmhainní daonna

0.848

0.424

0.424

0.072

0.072

0.072

1.912

□ Caiteachas riaracháin eile

-

0.06

-

-

-

-

0.06

IOMLÁN AS ECFIN

Leithreasuithe

0.848

0.484

0.424

0.072

0.072

0.072

1.972

IOMLÁN leithreasuithe

faoi CHEANNTEIDEAL 7

den chreat airgeadais ilbhliantúil 

(Iomlán gealltanas = Iomlán íocaíochtaí)

0.848

0.484

0.424

0.072

0.072

0.072

1.972

EUR milliún (go dtí an tríú deachúil)

Bliain

2021

Bliain

2022

Bliain

2023

Bliain

2024

Bliain

2025

Bliain

2026

Bliain

2027

IOMLÁN

IOMLÁN leithreasuithe faoi CHEANNTEIDIL 1 go 7 den chreat airgeadais ilbhliantúil 

Gealltanais

27.3

126.098

333.084

202.924

683.672

589.262

540.132

2 502.472

Íocaíochtaí

0.998

170.484

251.624

640.292

840.132

598.942

2 502.472

3.2.2.An t‑aschur a mheastar a mhaoineofar le leithreasuithe faoi chomhair oibríochtaí 

Leithreasuithe faoi chomhair gealltanas in EUR milliún (go dtí an tríú deachúil)

Sonraigh cuspóirí agus aschuir

Bliain 2021

Bliain 2022

Bliain 2023

Bliain 2024

Bliain 2025

Bliain 2026

Bliain 2027

IOMLÁN

ASCHUIR

Saghas 40

NÍL

Costas

NÍL

Costas

NÍL

Costas

NÍL

Costas

NÍL

Costas

NÍL

Costas

NÍL

Costas

Líon iomlán

Costas iomlán

CUSPÓIR SONRACH Uimh. 1 41 …

- Aschur

Eisíocaíochtaí deontais

170.0

170.0

170.0

170.0

170.0

850

- Aschur

Soláthar na Ráthaíochta do Ghníomhaíochtaí Seachtracha

27.3

125.2

162.6

32.5

513.46

419.16

370.06

1 650.2

- Aschur

Measúnú Oibríochtaí

1

0.15

1

0.15

- Aschur

Meastóireacht ex post

1

0.15

1

0.15

IOMLÁN

27.3

1

125.2

332.6

1

202.65

683.46

589.16

540.06

2 500.5

3.2.3.Achoimre ar an tionchar a mheastar a bheidh aige ar leithreasuithe de chineál riaracháin 

–X Éilíonn an togra/tionscnamh go n‑úsáidfear leithreasuithe de chineál riaracháin mar a mhínítear thíos:

EUR milliún (go dtí an tríú deachúil)

Bliain 2022

Bliain 2023

Bliain 2024

Bliain 2025

Bliain 2026

Bliain 2027

IOMLÁN

CEANNTEIDEAL 7

den chreat airgeadais ilbhliantúil

Acmhainní daonna

0.848

0.424

0.424

0.072

0.072

0.072

1.912

Caiteachas riaracháin eile

-

0.06

-

-

-

-

0.06

Fo-iomlán CHEANNTEIDEAL 7

den chreat airgeadais ilbhliantúil

0.848

0.484

0.424

0.072

0.072

0.072

1.972

Lasmuigh de CHEANNTEIDEAL 7 42  

den chreat airgeadais ilbhliantúil

Acmhainní daonna

Caiteachas eile de chineál riaracháin

Fo-iomlán lasmuigh de CHEANNTEIDEAL 7 den chreat airgeadais ilbhliantúil

IOMLÁN

0.848

0.484

0.424

0.072

0.072

0.072

1.972

Na leithreasuithe is gá le haghaidh acmhainní daonna agus caiteachas eile de chineál riaracháin, cumhdófar iad leis na leithreasuithe sin san Ard-Stiúrthóireacht atá sannta cheana do bhainistíocht an bhirt agus/nó atá athshannta laistigh den Ard-Stiúrthóireacht, mar aon le haon leithdháileadh breise a d’fhéadfaí a thabhairt don Ard-Stiúrthóireacht atá i mbun bainistíochta faoi chuimsiú an nós imeachta maidir le leithdháileadh bliantúil i bhfianaise na srianta buiséadacha.

3.2.3.1.Na hacmhainní daonna a mheastar a bheidh riachtanach

–Éilíonn an togra/tionscnamh go n‑úsáidfear acmhainní daonna mar a mhínítear thíos:

Sloinnfear an meastachán in aonaid de choibhéis lánaimseartha

Bliain 2022

Bliain 2023

Bliain 2024

Bliain 2025

Bliain 2026

Bliain 2027

IOMLÁN

□ Poist don phlean bunaíochta (oifigigh agus foireann shealadach)

20 01 02 01 (Ceanncheathrú agus Oifigí Ionadaíocht an Choimisiúin)

5.4

2.7

2.7

0.45

0.45

0.45

12.15

20 01 02 03 (Toscaireachtaí)

01 01 01 01 (Taighde indíreach)

01 01 01 11 (Taighde díreach)

Línte buiséid eile (sonraigh)

□ Foireann sheachtrach (in aonaid coibhéise lánaimseartha: FTE) 43

20 02 01 (AC, END, INT ón ‘imchlúdach iomlánaíoch’)

20 02 03 (AC, AL, END, INT agus JPD sna toscaireachtaí)

XX 01 xx yy zz   44

- sa cheanncheathrú

- i dtoscaireachtaí

01 01 01 02 (AC, END, INT – Taighde indíreach)

01 01 01 12 (CA, INT, SNE – taighde díreach)

Línte buiséid eile (sonraigh)

IOMLÁN

5.4

2.7

2.7

0.45

0.45

0.45

12.15

Is é XX an réimse beartais nó an teideal buiséid lena mbaineann.

Soláthrófar na hacmhainní daonna is gá le baill foirne ón Ard‑Stiúrthóireacht a bhfuil bainistíocht an bhirt faoina gcúram cheana agus/nó a ath‑imlonnófar laistigh den Ard‑Stiúrthóireacht, mar aon le haon leithdháileadh breise a d'fhéadfaí a thabhairt don Ard‑Stiúrthóireacht atá i mbun bainistíochta faoi chuimsiú an nós imeachta maidir le leithdháileadh bliantúil i bhfianaise na srianta buiséadacha.

Cur síos ar na cúraimí a bheidh le déanamh:

Oifigigh agus pearsanra sealadach

Stiúrthóir Stiúrthóireacht D: An oibríocht a mhaoirsiú agus a bhainistiú, dul i gcomhairle leis an gComhairle agus leis an bParlaimint maidir le glacadh an Chinnidh agus maidir le formheas an Mheabhráin Tuisceana (MT), MT a chaibidliú le húdaráis na hÚcráine, tuarascálacha a athbhreithniú, misin a stiúradh agus an dul chun cinn ar chomhlíonadh coinníollachta a mheasúnú.

Ceann aonaid/Leascheann aonaid Stiúrthóireacht D: Cúnamh a thabhairt don Stiúrthóir maidir leis an méid seo a leanas: an oibríocht a bhainistiú, dul i gcomhairle leis an gComhairle agus leis an bParlaimint maidir le glacadh an Chinnidh agus maidir le faomhadh an Mheabhráin Tuisceana, MT agus an Comhaontú Saoráide Iasachta (a chaibidleofar in éineacht le AS an Bhuiséid) a chaibidliú le húdaráis na hÚcráine, tuarascálacha a athbhreithniú agus an dul chun cinn ar chomhlíonadh coinníollachta a mheasúnú.

Eacnamaithe, Earnáil MFA (Stiúrthóireacht D): An Cinneadh agus an Meabhrán Tuisceana a ullmhú, dul i gcomhairle leis na húdaráis agus leis na hinstitiúidí airgeadais idirnáisiúnta, misin athbhreithniúcháin a dhéanamh, tuarascálacha fhoireann an Choimisiúin a ullmhú mar aon le nósanna imeachta an Choimisiúin maidir le bainistiú an chúnaimh, dul i gcomhairle le saineolaithe seachtracha maidir leis an measúnú oibríochtaí agus maidir leis an meastóireacht ex-post.

AS an Bhuiséid (Aonaid E1, E3 faoi mhaoirseacht an Stiúrthóra): An Comhaontú Saoráide Iasachta (LFA) a ullmhú, é a chaibidliú le húdaráis na hÚcráine agus formheas ina leith a fháil ó na seirbhísí de chuid an Choimisiúin a bhfuil an cúram sin orthu, agus síniú ón dá pháirtí a fháil ina leith. Teacht i bhfeidhm an Chomhaontaithe Saoráide Iasachta a leanúint. Cinneadh nó cinntí an Choimisiúin a ullmhú maidir leis na hidirbhearta iasachta, cur isteach na n‑Iarratas ar Chistí a leanúint, na bainc a roghnú, na hidirbhearta iasachta a ullmhú agus a chur i gcrích agus na cistí a eisíoc leis an Úcráin. Na hoibríochtaí cúloifige a dhéanamh lena leantar aisíocaíocht na hiasachta/na n‑iasachtaí. Na tuarascálacha comhfhreagracha a ullmhú maidir leis na hoibríochtaí sin.

Pearsanra seachtrach

-

3.2.4.Comhoiriúnacht don chreat airgeadais ilbhliantúil reatha 

I gcás an togra/tionscnaimh seo:

–    is féidir é a mhaoiniú ina iomláine trí athshannadh laistigh den cheannteideal ábhartha den Chreat Airgeadais Ilbhliantúil (CAI).

3.2.5.Ranníocaíochtaí ó thríú páirtithe 

I gcás an togra/tionscnaimh seo:

–    ní dhéantar foráil maidir le cómhaoiniú le tríú páirtithe

Áirítear sa togra seo ranníocaíochtaí ó na Ballstáit i bhfoirm ráthaíochtaí a sainaithníodh ina n‑uirlis iomchuí chun an chosaint a sholáthar sa bhreis ar an soláthar 9 % ó bhuiséad an Aontais. Ba cheart na ranníocaíochtaí faoi na ráthaíochtaí sin a áireamh i méid an dliteanais airgeadais údaraithe de mhaolú ar an gcéad fhomhír d’Airteagal 211(1) den Rialachán Airgeadais. Ba cheart méideanna na nglaonna ráthaíochta a úsáid chun oibleagáidí airgeadais an Aontais a eascraíonn as na hiasachtaí a chomhlíonadh agus chun an Ciste don Soláthar Coiteann a athshlánú.

3.3.An tionchar a mheastar a bheidh ar ioncam 

   Ní bheidh tionchar airgeadais ar bith ag an togra/tionscnamh

(1)    Rinne an Úcráin iarratas oifigiúil ar bhallraíocht AE an 28 Feabhra 2022, 4 lá tar éis ionradh na Rúise, agus bhronn an Chomhairle Eorpach stádas tíre is iarrthóir uirthi an 23 Meitheamh 2022.
(2)    Mar a dheimhnigh CAI i litir mheasúnaithe chuig an gCoimisiún Eorpach, litir a fuarthas an 3 Meitheamh 2022.
(3)    Ar an gcéad dul síos, cheadaigh NBU do bhainc airgeadra eachtrach gan airgead tirim a dhíol chun an méid a thaisceadh ar feadh 3 mhí ar a laghad gan an ceart chun foirceannadh luath. Ar an dara dul síos, forchuireadh teorainneacha níos déine maidir le haistarraingt airgid cártabhunaithe d’airgeadra eachtrach agus maidir le haistrithe agus íocaíochtaí thar lear. Ar an tríú dul síos, rinneadh oiriúnú ar an algartam chun suíomhanna oscailte airgeadra eachtraigh na mbanc a ríomh agus tiocfaidh sé i bhfeidhm an 1 Lúnasa 2022.
(4)    Áirítear ar Ghrúpa Creidiúnaithe na hÚcráine Ceanada, an Fhrainc, an Ghearmáin, an tSeapáin, an Ríocht Aontaithe, agus    Stáit Aontaithe Mheiriceá. Áirítear ar bhreathnóirí an Ghrúpa an Astráil, an Ostair, an Bheilg, an Bhrasaíl,    an Danmhairg, an Fhionlainn, Éire, Iosrael, an Iodáil, an Chóiré, an Ísiltír, an Iorua, an Spáinn, an tSualainn, agus an Eilvéis.
(5)    Tugadh an tráthchuid aonair den chúnamh macrairgeadais eisceachtúil suas le EUR 1 bhilliún chun críche in dhá thráinse 2 lá as a chéile chun an meánráta úis ar na cistí a fuarthas ar iasacht a bharrfheabhsú.
(6)    Tá Aireacht Airgeadais na hÚcráine, i gcomhar le CAI, ag súil go mbeidh an tacaíocht bhuiséadach sa cheathrú ráithe daingnithe go leordhóthanach ag gealltanais deontóirí daingne a bheith beagán níos airde ná 2 bhilliún dollar.
(7)    Tugtar forbhreathnú ar iarrachtaí treisithe an Aontais ar an suíomh gréasáin https://eu-solidarity-ukraine.ec.europa.eu/eu-assistance-ukraine_ga .
(8)    Cé gur chuir na himthosca cogaidh bac ar chomhlíonadh na gcoinníollacha beartais a ghabhann leis an gcúnamh macrairgeadais éigeandála, tá dul chun cinn déanta fós ag údaráis na hÚcráine idir an dá linn maidir leis na coinníollacha beartais a bhaineann leis an gcúnamh macrairgeadais éigeandála a chur chun feidhme, amhail ceapadh ceann nua le déanaí ar Oifig an Ionchúisitheora Speisialaithe i gcoinne Éilliú (SAPO) an 28 Iúil.
(9)     Cinneadh (AE) 2022/1201
(10)

   Rialachán (AE) 2020/672 ón gComhairle an 19 Bealtaine 2020 maidir le bunú ionstraime Eorpaí le haghaidh tacaíocht shealadach chun rioscaí dífhostaíochta a mhaolú i gcás éigeandála (SURE) ag eascairt as ráig COVID-19. 

(11)    Cinneadh (AE) 2022/1201 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 12 Iúil 2022 lena soláthraítear cúnamh macrairgeadais eisceachtúil don Úcráin (IO L 186, 13.7.2022, lch. 1).
(12)    Cinneadh (AE) 2022/1201 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 12 Iúil 2022 lena soláthraítear cúnamh macrairgeadais don Úcráin (IO L 186, 13.7.2022, lch. 1).
(13)    Mar a dheimhnigh an Ciste Airgeadaíochta Idirnáisiúnta i litir mheasúnaithe chuig an gCoimisiún Eorpach, litir a fuarthas i mí an Mheithimh 2022.
(14)    Cumhdaítear leis an ráthaíocht do ghníomhaíochtaí seachtracha oibríochtaí CEFI+ a chumhdaítear le ráthaíochtaí buiséadacha i gcomhréir le cúnamh macrairgeadais agus iasachtaí do thríú tíortha dá dtagraítear in Airteagal 10(2) de Rialachán (Euratom) 2021/948. Le hAirteagal 31(4) de Rialachán NDICI-GE socraítear an t‑uasmhéid oibríochtaí faoin ráthaíocht do ghníomhaíochtaí seachtracha ag EUR 53 448 800 000 agus uasmhéid an tsoláthair ag EUR 10 000 000.
(15)    Seasamh Pharlaimint na hEorpa an 16 Feabhra 2022 (nár foilsíodh fós san Iris Oifigiúil) agus cinneadh ón gComhairle an 21 Feabhra 2022.
(16)    Comhaontú Comhlachais idir an tAontas Eorpach agus an Comhphobal Eorpach do Fhuinneamh Adamhach agus a mBallstáit, de pháirt amháin, agus an Úcráin, den pháirt eile ( IO L 161, 29.5.2014, lch. 3 ).
(17)    Cinneadh (AE) 2022/313 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 24 Márta 2022 lena soláthraítear cúnamh macrairgeadais don Úcráin ( IO L 55, 28.2.2022, lch. 4 ).
(18)    Cinneadh (AE) 2022/1201 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 12 Iúil 2022 lena soláthraítear cúnamh macrairgeadais eisceachtúil don Úcráin (IO L 186, 13.7.2022, lch. 1).
(19)    Rialachán (AE) Uimh. 182/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Feabhra 2011 lena leagtar síos na rialacha agus na prionsabail ghinearálta a bhaineann leis na sásraí maidir le rialú ag na Ballstáit ar fheidhmiú cumhachtaí cur chun feidhme ag an gCoimisiún (IO L 55, 28.2.2011, lch. 13).
(20)    Rialachán (AE) 2021/947 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 9 Meitheamh 2021 lena mbunaítear an Ionstraim um Chomharsanacht, Forbairt agus Comhar Idirnáisiúnta – An Eoraip Dhomhanda, lena leasaítear agus lena n‑aisghairtear Cinneadh Uimh. 466/2014/Aontas ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus lena n‑aisghairtear Rialachán (AE) 2017/1601 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus Rialachán (CE, Euratom) Uimh. 480/2009 ón gComhairle (Téacs atá ábhartha maidir le LEE), IO L 209, 14.6.2021, lch. 1.
(21)    Rialachán (AE, Euratom) 2020/2093 ón gComhairle an 17 Nollaig 2020 lena leagtar síos an creat airgeadais ilbhliantúil le haghaidh na mblianta 2021 go 2027 (IO L 433I, 22.12.2020, lch. 11).
(22)    Cinneadh 2014/335/AE, Euratom ón gComhairle an 26 Bealtaine 2014 maidir le córas acmhainní dílse an Aontais Eorpaigh (IO L 168, 7.6.2014, lch. 105).
(23)    Cinneadh Uimh. 466/2014/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Aibreán 2014 lena dtugtar ráthaíocht ón Aontas Eorpach don Bhanc Eorpach Infheistíochta in aghaidh caillteanais faoi oibríochtaí um maoiniú a thacaíonn le tionscadail infheistíochta lasmuigh den Aontas (IO L 135, 8.5.2014, lch. 1).
(24)    Rialachán (AE) 2021/947 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 9 Meitheamh 2021 lena mbunaítear an Ionstraim um Chomharsanacht, Forbairt agus Comhar Idirnáisiúnta – An Eoraip Dhomhanda, lena leasaítear agus lena n‑aisghairtear Cinneadh Uimh. 466/2014/AE agus lena n‑aisghairtear Rialachán (AE) 2017/1601 agus Rialachán (CE, Euratom) Uimh. 480/2009 agus Rialachán 2021/947 (IO L 209, 14.06.2021, lch. 1).
(25)    Cinneadh 2010/427/AE ón gComhairle an 26 Iúil 2010 lena mbunaítear eagrúchán agus feidhmiú na Seirbhíse Eorpaí Gníomhaíochta Seachtraí (IO L 201, 3.8.2010, lch. 30).
(26)    ABM: bainistíocht de réir gníomhaíochtaí; ABB: buiséadú de réir gníomhaíochtaí.
(27)    Mar a thagraítear dó in Airteagal 58(2)(a) nó (b) den Rialachán Airgeadais.
(28)    Mar a cuireadh i láthair i dTeachtaireacht an 18 Bealtaine ón gCoimisiún, https://ec.europa.eu/info/sites/default/files/ukraine-relief-reconstruction_en.pdf .
(29)    LD = Leithreasuithe difreáilte / LN = Leithreasuithe neamhdhifreáilte.
(30)    CSTE: Comhlachas Saorthrádála na hEorpa.
(31)    Tíortha is iarrthóirí agus, nuair is iomchuí, tíortha ó na Balcáin Thiar a d’fhéadfadh a bheith ina n‑iarrthóirí.
(32)    Cinneadh (AE) 2022/1201
(33)    De réir ainmníocht oifigiúil an bhuiséid.
(34)    Le hathneartú ó chúlchiste dúshláin agus tosaíochtaí NDICI atá ag teacht chun cinn, líne buiséid 14 02 04.
(35)    Le hathneartú ó chúlchiste dúshláin agus tosaíochtaí NDICI atá ag teacht chun cinn, líne buiséid 14 02 04.
(36)    Le hathneartú ó chúlchiste dúshláin agus tosaíochtaí NDICI atá ag teacht chun cinn, líne buiséid 14 02 04.
(37)    Méid an tsoláthair le haghaidh iasachtaí cúnaimh macrairgeadais (9 %) atá le gealladh agus le híoc isteach sa Chiste don Soláthar Coiteann sa tréimhse 2021-2027, faoi réir ghlacadh na mbuiséad bliantúil.
(38)    Méid an tsoláthair le haghaidh iasachtaí cúnaimh macrairgeadais (9 %) atá le gealladh agus le híoc isteach sa Chiste don Soláthar Coiteann sa tréimhse 2021-2027, faoi réir ghlacadh na mbuiséad bliantúil.
(39)    Cúnamh agus caiteachas teicniúil agus/nó riaracháin ar mhaithe le cláir agus/nó bearta de chuid an Aontais (seanlínte ‘BA’) a chur chun feidhme, taighde indíreach, taighde díreach.
(40)    Is ionann aschuir agus táirgí agus seirbhísí atá le soláthar (e.g.: líon na malartuithe mac léinn a maoiníodh, iomlán km de bhóithre a rinneadh, etc.).
(41)    A dtugtar tuairisc air i bpointe 1.4.2. ‘Cuspóirí sonracha...’
(42)    Cúnamh agus caiteachas teicniúil agus/nó riaracháin ar mhaithe le cláir agus/nó bearta de chuid an Aontais (seanlínte ‘BA’) a chur chun feidhme, taighde indíreach, taighde díreach.
(43)    AC = Ball Foirne ar conradh; AL= Ball foirne áitiúil; END= Saineolaí náisiúnta ar iasacht; INT= Ball foirne gníomhaireachta; JPD= Saineolaithe sóisearacha i dtoscaireachtaí.
(44)    Fo-uasteorainn d’fhoireann sheachtrach arna cumhdach ag leithreasuithe faoi chomhair oibríochtaí (na seanlínte ‘BA’).