AN COIMISIÚN EORPACH
An Bhruiséil,12.1.2021
COM(2021) 4 final
2021/0001(NLE)
Togra le haghaidh
CINNEADH ÓN gCOMHAIRLE
maidir leis an seasamh a ghlacfar thar ceann an Aontais Eorpaigh i gComhchoiste LEE a bunaíodh leis an gComhaontú ar an Limistéar Eorpach Eacnamaíoch a mhéid a bhaineann leis an leasú ar Chaibidil IIa agus ar Iarscríbhinní I agus II de Phrótacal 10 a ghabhann le Comhaontú LEE, maidir le cigireachtaí agus foirmiúlachtaí a shimpliú i leith earraí a iompar
MEABHRÁN MÍNIÚCHÁIN
1.Ábhar an togra
Baineann an togra seo leis an gcinneadh lena mbunaítear an seasamh a ghlacfar thar ceann an Aontais i gComhchoiste LEE i ndáil le glacadh beartaithe an leasaithe ar Phrótacal 10 a ghabhann leis an gComhaontú idir an Comhphobal Eorpach agus an Limistéar Eorpach Eacnamaíoch (‘Comhaontú LEE’) maidir le cigireachtaí agus foirmiúlachtaí a shimpliú i leith earraí a iompar agus maidir le bearta slándála custaim, agus is togra é nach bhfuil infheidhme ach i leith an Aontais Eorpaigh agus na hIorua.
2.Comhthéacs an togra
2.1.An leasú ar an bPrótacal maidir le cigireachtaí agus foirmiúlachtaí a shimpliú i leith earraí a iompar agus maidir le bearta slándála custaim
An Prótacal maidir le cigireachtaí agus foirmiúlachtaí a shimpliú i leith earraí a iompar agus maidir le bearta slándála custaim (‘An Prótacal’), tarscaoiltear leis an bPrótacal sin an oibleagáid atá ar thrádálaithe dearbhú iontrála achomair a sholáthar do na húdaráis chustaim roimh an allmhairiú agus roimh an onnmhairiú sa trádáil dhéthaobhach idir an tAontas Eorpach agus an Iorua. Idir an dá linn, maidir le trádáil le tríú tíortha, cuireann an Iorua bearta slándála custaim chun feidhme atá coibhéiseach leo sin san Aontas Eorpach. Tháinig an Prótacal i bhfeidhm an 1 Iúil 2009, agus áirithíodh leis sreabha rianúla trádála idir an Iorua agus an tAontas Eorpach agus ardleibhéal slándála i slabhra an tsoláthair.
Cé go bhfuil a chóras féin ag gach Páirtí le haghaidh na dearbhuithe iontrála achoimre a bhainistiú (is é an Córas Rialaithe Allmhairí (ICS)) an córas atá ar bun san Aontas Eorpach), níl aon nasc ann idir an dá chóras faoi láthair.
Ó 2016 i leith, tá an Coimisiún ag déanamh réamhdhíospóireachtaí d’fhonn reachtaíocht an Chomhaontaithe a thabhairt cothrom le dáta agus comhtháthú a dhéanamh ar rannpháirtíocht na hIorua sa todhchaí i gclár nua slándála agus sábháilteachta réamhtheachta custaim an Aontais Eorpaigh, is é sin Córas Rialaithe Allmhairí 2 (ICS2), ar córas láraithe é.
Foráladh le Cód Custaim an Aontais do bhearta a chuirtear san áireamh i dtionscadal nua ICS2, bearta lena ndéanfar athrú mór ar na réamhoibríochtaí custaim lasta le haghaidh earraí a thugtar isteach san Aontas Eorpach agus ar an gcreat coiteann foriomlán bainistíochta riosca. Athshamhaltófar leis an gclár nua an próiseas atá ann cheana i dtaca le TF, dlí agus bainistíocht riosca custaim/rialuithe custaim agus ó thaobh dearcthaí oibriúcháin trádála de. Leis an gclár, baileofar sonraí faoi na hearraí uile a thugtar isteach san Aontas Eorpach roimh a dteacht. Beidh ar Oibreoirí Eacnamaíocha sonraí sábháilteachta agus slándála a dhearbhú do ICS2, agus an Dearbhú Iontrála Achomair á úsáid acu. Ní bheidh an t‑aon oibleagáid amháin ar gach Oibreoir Eacnamaíoch tosú ar dhearbhuithe den sórt sin a chomhdú. Beidh an oibleagáid sin ag brath ar an gcineál seirbhísí a sholáthraíonn siad sa ghluaiseacht idirnáisiúnta earraí agus tá sí nasctha leis na trí dháta eisiúna a bhaineann le ICS2 (15 Márta 2021, 1 Márta 2023, agus 1 Márta 2024). A bhuí le réamhfhaisnéis faoi lasta agus le hanailís rioscaí, beifear in ann bagairtí a shainaithint go luath agus cabhrú le húdaráis chustaim idirghabháil a dhéanamh ag an bpointe is iomchuí i slabhra an tsoláthair.
Dá bhrí sin, is ionann ICS2 agus ionstraim riachtanach custaim de chuid an Aontais Eorpaigh chun feabhas a chur ar bhainistíocht na rialuithe teorann slándála agus sábháilteachta ar an tslí isteach, rud a thacaíonn le clár slándála agus sábháilteachta réamhtheachta custaim an Aontais Eorpaigh. Chun an leibhéal slándála céanna a choinneáil ar bun ag na teorainneacha seachtracha, chomhaontaigh an Iorua dul isteach i dtionscadal ICS2 agus a bheith réidh le dul i mbun oibríochta faoin am a thosófar an chéad eisiúint de ICS an 15 Márta 2021. Beidh feidhm ag na forálacha sin ar bhealach coibhéiseach freisin maidir leis na leasuithe comhchosúla ar an gcomhaontú slándála custaim idir an tAontas Eorpach agus an Eilvéis.
Is iad na leasuithe atá beartaithe ar an gComhaontú an toradh ar an idirbheartaíocht idir an tAontas Eorpach, an Eilvéis agus an Iorua a tosaíodh i mí na Samhna 2019 agus a críochnaíodh i mí Dheireadh Fómhair 2020. Tabharfar aird sna leasuithe ar Chaibidil IIa den Phrótacal freisin ar an reachtaíocht ábhartha ón Aontas Eorpach a fhorbairt i réimse na nOibreoirí Eacnamaíocha Údaraithe agus an chreata bainistíochta riosca agus anailíse riosca. Áiritheoidh sé sin leibhéal slándála coibhéiseach ag na teorainneacha seachtracha agus cuirfidh sé feabhas ar shlándáil agus sábháilteacht an limistéir shlándála choitinn.
Áireofar leis an gComhaontú freisin socrú maoiniúcháin (Iarscríbhinn I, Teideal III), lena gcumhdaítear na costais a bhaineann le forbairt agus úsáid oibríochtúil ICS2 a rinne an Iorua agus sonraí feidhmiúla ICS2, a léirítear sna socruithe teicniúla (Iarscríbhinn I, Teideal II).
2.2.Comhchoiste LEE
Is le hAirteagal 92 de Chomhaontú LEE a bhunaítear Comhchoiste LEE. Tá Comhchoiste LEE comhdhéanta d'ionadaithe na bPáirtithe Conarthacha, agus is féidir leis cinntí a dhéanamh trí chomhaontú idir an tAontas Eorpach, ar thaobh amháin, agus Stáit CSTE ag labhairt d'aon ghuth ar an taobh eile.
Tagann an Comhchoiste le chéile uair in aghaidh na míosa ar a laghad, i bprionsabal, agus tá sé de fhreagracht air cur chun feidhme éifeachtach agus oibriú éifeachtach an Chomhaontaithe a áirithiú. Chuige sin, déanann sé tuairimí agus faisnéis a mhalartú agus glacann sé cinntí i gcásanna dá bhforáiltear sa Chomhaontú agus atá i gcoibhneas lena Phrótacail. Chun na críche sin, is féidir Prótacal 10 a leasú le cinneadh ó Chomhchoiste LEE i gcomhréir le hAirteagal 93(2) agus Airteagail 99, 100, 102 agus 103 den Chomhaontú.
Chun deimhneacht dhlíthiúil agus aonchineálacht LEE a ráthú, ba cheart do Chomhchoiste LEE cinneadh a ghlacadh maidir le leasú ar an bPrótacal chun forbairt reachtaíocht an Aontais a chur san áireamh. Ba cheart na leasuithe sin a chur i bhfeidhm go comhuaineach leis na leasuithe sin a thugtar isteach i reachtaíocht an Aontais agus an urraim chuí a thabhairt do nósanna imeachta inmheánacha na bPáirtithe Conarthacha.
2.3.An gníomh atá beartaithe ag an gComhchoiste
Ag an gcéad chruinniú eile dá chuid nó trí mhalartú litreacha, glacfaidh an Comhchoiste cinneadh maidir le leasú an Phrótacail (‘an gníomh atá beartaithe’).
Is é cuspóir an ghnímh atá beartaithe an caighdeán is airde slándála agus rialaithe a áirithiú le haghaidh earraí a thugtar thar theorainneacha an Aontais Eorpaigh agus na hIorua agus a thugtar isteach ina gcríocha custaim.
An gníomh atá beartaithe, beidh sé ina cheangal ar na Páirtithe i gcomhréir le hAirteagal 104 den Chomhaontú, lena bhforáiltear ‘Beidh na cinntí a ghlacfaidh Comhchoiste LEE sna cásanna dá bhforáiltear sa Chomhaontú seo, ach amháin má fhoráiltear a mhalairt ann, ar theacht i bhfeidhm dóibh, ceangailteach ar na Páirtithe Conarthacha a dhéanfaidh na bearta ar fad is gá chun a gcur chun feidhme agus a gcur i bhfeidhm a áirithiú’.
De bhun Airteagal 103 den Chomhaontú, “Más rud é nach bhfuil fógra den sórt sin déanta, ar dhul in éag don tréimhse sé mhí tar éis do Chomhchoiste LEE cinneadh a ghlacadh, cuirfear cinneadh Chomhchoiste LEE i bhfeidhm go sealadach go dtí go gcomhlíonfar na ceanglais bhunreachtúla seachas i gcás ina gcuirfidh Páirtí Conarthach in iúl nach féidir cur i bhfeidhm sealadach den sórt sin a dhéanamh. Sa dara cás, nó i gcás ina gcuirfidh Páirtí Conarthach neamhdhaingniú cinneadh de chuid Chomhchoiste LEE in iúl, beidh feidhm ag an bhfionraí dá bhforáiltear in Airteagal 102 (5) mí amháin tar éis fógra den sórt sin a dhéanamh ach ní bheidh feidhm aige i gcás ar bith níos luaithe ná an dáta a gcuirfear an gníomh comhfhreagrach CE chun feidhme sa Chomhphobal”.
3.An seasamh a ghlacfar thar ceann an Aontais
3.1.Forbhreathnú ginearálta ar Phrótacal 10
Leis an bPrótacal a leasaíodh roimhe sin in 2009 trí Chinneadh ó Chomhchoiste LEE, tarraingítear aird ar an gcaidreamh speisialta trádála déthaobhaí atá ann idir an tAontas Eorpach agus an Iorua agus an leas frithpháirteach láidir atá ann i mbearta coibhéiseacha slándála custaim a chur chun feidhme. Leasaíodh Prótacal 10 a ghabhann leis an gComhaontú chun leasa fhrithpháirtigh an Chomhphobail Eorpaigh agus Stáit CSTE chun srianta neamhriachtanacha a sheachaint agus chun tacar forálacha a chur ar fáil lena mbunaítear bearta coibhéiseacha slándála custaim maidir leis na hearraí atá ag teacht ó thríú tíortha nó ag dul chucu a iompar.
Is ar an bPrótacal a bhunaítear Rialachán (AE) Uimh. 952/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle Eorpach agus ón gComhairle an 9 Deireadh Fómhair 2013 lena leagtar síos Cód Custaim an Aontais agus ar na Gníomhartha Cur Chun Feidhme agus Tarmligthe seo a leanas:
–Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2015/2447 ón gCoimisiún, lena n‑áirítear an colún ábhartha in Iarscríbhinn B;
–Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2017/2089 ón gCoimisiún, lena n‑áirítear na freagrachtaí atá ar na páirtithe i ndáil le cosaint agus rialú sonraí;
–An Cinneadh Cur Chun Feidhme ón gCoimisiún maidir leis an gClár Oibre;
–Rialachán Tarmligthe (AE) 2015/2446 ón gCoimisiún, lena n‑áirítear na colúin ábhartha in Iarscríbhinn B.
Ar mhaithe le slándáil a mhéadú sa trádáil idirnáisiúnta earraí, thug an tAontas Eorpach bearta nua isteach in 2006 chun caighdeáin níos airde a áirithiú i rialuithe custaim (IP/06/1821). Áirítear leo sin rialacha agus teorainneacha ama le haghaidh trádálaithe maidir le faisnéis a chur isteach faoi earraí sula ndéanfar iad a allmhairiú chuig an Aontas Eorpach nó sula ndéanfar iad a onnmhairiú amach as (dearbhuithe leictreonacha iontrála agus imeachta); córas de chuid an Aontais Eorpaigh le haghaidh anailís agus bainistíocht riosca; córas le haghaidh Oibreoirí Eacnamaíocha Údaraithe de chuid an Aontais Eorpaigh a éascú. Chomh maith leis sin, chomhaontaigh an tAontas Eorpach agus an Iorua obair i dtreo creat coiteann le haghaidh bainistíocht riosca, lena n‑áirítear faisnéis a bhaineann le riosca a mhalartú de réir mar is iomchuí.
Leasaíodh an Comhaontú i gcomhthéacs forbairt a dhéanamh ar chreat coiteann den sórt sin le haghaidh rialuithe custaim níos fearr agus tar éis an tAontas Custaim agus an reachtaíocht a bhaineann leis a nuachóiriú. Ba cheart go n‑áiritheofaí leis sin an caighdeán is airde slándála agus rialaithe le haghaidh earraí a thugtar thar theorainneacha an Aontais Eorpaigh agus Ríocht na hIorua agus a thugtar isteach ina gcríocha custaim.
3.2.Na leasuithe atá beartaithe ar an bPrótacal i gcomhthéacs rannpháirtíocht na hIorua i gclár ICS2
Is é ICS2 an chéad líne cosanta maidir leis an margadh inmheánach agus saoránaigh an Aontais Eorpaigh a chosaint. Trí phróisis fheabhsaithe atá bunaithe ar shonraí slándála custaim, fothaítear leis rialuithe éifeachtacha custaim atá bunaithe ar riosca, agus saorshreabhadh na trádála dlisteanaí ar fud theorainneacha seachtracha an Aontais Eorpaigh á éascú aige.
Leis an gclár, cabhrófar le cur chuige comhtháite de chuid an Aontais Eorpaigh a bhunú chun an creat bainistíochta riosca custaim a threisiú. Tá sé sin ar cheann amháin de na príomhghníomhaíochtaí faoi Chód Custaim an Aontais agus faoin straitéis bainistíochta riosca custaim, ar aon dul leis an bplean gníomhaíochta a ghlac an Chomhairle in 2014 agus leis na cuspóirí atá ag Coimisiún Von der Leyen le haghaidh an tAontas Custaim a thabhairt chuig an gcéad leibhéal eile.
Mar chóras réamhfhaisnéise lasta, baileofar le ICS2 sonraí faoi na hearraí uile a thugtar isteach san Aontas Eorpach roimh a dteacht. Beidh ar Oibreoirí Eacnamaíocha sonraí sábháilteachta agus slándála a dhearbhú do ICS2, agus rud ar a dtugtar Dearbhú Iontrála Achomair á úsáid acu. Ní bheidh an t‑aon oibleagáid amháin ar gach Oibreoir Eacnamaíoch tosú ar dhearbhuithe den sórt sin a chomhdú. Beidh an oibleagáid sin ag brath ar an gcineál seirbhísí a sholáthraíonn siad sa ghluaiseacht idirnáisiúnta earraí agus tá sí nasctha leis na trí dháta eisiúna a bhaineann le ICS2 (15 Márta 2021, 1 Márta 2023, agus 1 Márta 2024).
An 7 Deireadh Fómhair 2020, dheimhnigh an Iorua a rannpháirtíocht i gCóras Rialaithe Allmhairí 2 (ICS2), agus rannpháirtíocht na tíre comhpháirtíochta i gcreat coiteann ICS2 á héascú, rud a sheolfar an 15 Márta 2021.
Is é atá i gceist leis an Eilvéis a chur le clár ICS2, mar sin, oiriúnuithe teicniúla agus airgeadais a dhéanamh ar an gComhaontú, go háirithe leasuithe lena léirítear nuachóiriú an Aontais Chustaim agus na reachtaíochta a bhaineann leis.
3.3.Na leasuithe dlíthiúla atá beartaithe ar an bPrótacal i gcomhthéacs nuachóiriú Chód Custaim an Aontais
Tá na príomhathruithe a thugtar isteach sa dréacht-Phrótacal leasaithe bunaithe go príomha ar Rialachán (AE) Uimh. 952/2013 maidir le Cód Custaim an Aontais agus ar Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2015/2447 agus Rialachán Tarmligthe (AE) 2015/2446 a bhaineann leis. Is é an toradh atá ar na hathruithe sin go n‑ailínítear an Prótacal leasaithe leis an reachtaíocht is déanaí ón Aontas Eorpach atá ábhartha maidir le bearta slándála custaim, le dearbhuithe iontrála achoimre agus dearbhuithe imeachta achoimre, le forbairt agus imscaradh na gcóras leictreonach ábhartha, le hoibreoirí eacnamaíocha údaraithe, leis an bpróiseas coiteann anailíse riosca agus leis an gcreat bainistíochta riosca, ar aon dul leis an reachtaíocht is déanaí a bhaineann le cosaint sonraí pearsanta.
Úsáideadh na téacsanna dlí seo a leanas mar bhunús do na mórleasuithe ar an bPrótacal:
–Rialachán (AE) Uimh. 952/2013 ón gComhairle Eorpach agus ón gComhairle an 9 Deireadh Fómhair 2013 lena leagtar síos Cód Custaim an Aontais:
·Airteagal 46 maidir le bainistíocht riosca agus rialuithe custaim;
·Airteagal 127 maidir leis na forálacha ábhartha le haghaidh dearbhú iontrála achomair a thaisceadh: foirm agus ábhar, úsáid córas leictreonach, taisceadh agus tarscaoiltí, teorainneacha ama, clárú, na daoine a thaiscfidh, anailís riosca a bhaineann le slándáil agus sábháilteacht, ilchomhdú;
·Airteagal 128 maidir le hanailís riosca;
·Airteagal 6(1), Airteagail 12, 16, 46 agus 47, agus Airteagail 127 go 133, lena mbunaítear an bunús dlí do ICS2 a fhorbairt agus a imscaradh;
–Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2019/2151 ón gCoimisiún an 13 Nollaig 2019 lena mbunaítear an clár oibre a bhaineann le forbairt agus imscaradh na gcóras leictreonach dá bhforáiltear i gCód Custaim an Aontais;
–Rialachán Tarmligthe (AE) 2015/2446 ón gCoimisiún (mar is infheidhme an 16 Iúil 2020):
·Airteagail 104, 106, 112, 113 agus 113a maidir leis an dearbhú iontrála achomair;
·Iarscríbhinn B maidir le ceanglais sonraí;
–Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2015/2447 ón gCoimisiún (mar is infheidhme an 20 Iúil 2020):
·Airteagal 24 maidir le comhlíonadh le haghaidh oibreoirí eacnamaíocha údaraithe, rud a chuirtear in ionad Airteagal 2 d’Iarscríbhinn II a ghabhann leis an gComhaontú;
·Airteagail 182, 183, 184, 185, 186, 188 agus 189 maidir leis an dearbhú iontrála achomair;
·Iarscríbhinn B maidir le struchtúr agus formáid sonraí;
Níor glacadh go foirmiúil go fóill na leasuithe is déanaí ar Iarscríbhinn B a ghabhann le Rialachán Tarmligthe (AE) 2015/2446 ón gCoimisiún agus ar Iarscríbhinn B a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2015/2447 ón gCoimisiún. Mar sin, fágadh ionadchoinneálaí laistigh den leasú atá beartaithe ar an gComhaontú seo chun na fonótaí a thabhairt cothrom le dáta a luaithe a fhoilseofar na leasuithe (féach Iarscríbhinn I, Airteagal 2, a ghabhann leis an bPrótacal leasaithe).
Rinne an Coiste um an gCód Custaim de chuid an Choimisiúin Eorpaigh an leasú ar Airteagal 24 de Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2015/2447 ón gCoimisiún a ghlacadh an 28 Meán Fómhair 2020. Níor cinneadh dáta foilsithe an leasaithe go fóill.
3.4.Na leasuithe struchtúracha atá beartaithe ar an bPrótacal
Maidir le struchtúr an Phrótacail leasaithe, bhí gá ann leis na ranna lena gcumhdaítear Iontráil earraí (Teideal I) agus Imeacht earraí (Teideal IV) a roinnt ina dhá dTeideal dhifriúla laistigh d’Iarscríbhinn I maidir le Dearbhuithe Iontrála Achoimre agus Dearbhuithe Imeachta Achoimre, go háirithe mar gheall ar na forálacha níos mionsonraithe a bhaineann le Dearbhuithe Iontrála Achoimre agus le ICS2.
Ar aon dul leis an réasúnaíocht atá taobh thiar den athbhreithniú struchtúrach sin ar Iarscríbhinn I, cruthaíodh dhá Theideal nua chun na nithe seo a leanas a chumhdach:
–Teideal II: na Socruithe Teicniúla le haghaidh Chóras Rialaithe Allmhairí 2;
–Teideal III: na Socruithe Airgeadais le haghaidh Chóras Rialaithe Allmhairí 2.
3.5.An seasamh a ghlacfaidh an tAontas
Foráiltear le hAirteagal 92 den Chomhaontú go ndéanfaidh na Páirtithe Conarthacha comhairliúcháin a reáchtáil i gComhchoiste LEE maidir le haon ní is ábhartha don Phrótacal. Rachaidh na Páirtithe Conarthacha i gcomhar, de mheon macánta, d’fhonn an chinnteoireacht i gComhchoiste LEE a éascú ag deireadh an phróisis. Chun na críche sin, bhunaigh Comhchoiste LEE faoi Chomhaontú LEE gur cheart Cinneadh a ghlacadh lena gcomhaontaítear leis an leasú ar Chaibidil IIa de Phrótacal 10 agus ar Iarscríbhinní I agus II a ghabhann leis. Déantar é sin trí Chinneadh ó Chomhchoiste LEE le linn cruinniú de chuid Chomhchoiste LEE ina ndéantar ionadaíocht don Aontas Eorpach.
Ba cheart an seasamh a ghlacfaidh an tAontas Eorpach laistigh de Chomhchoiste LEE a bhunú le cinneadh ón gComhairle ar bhonn togra ón gCoimisiún.
Cuirfidh na Páirtithe Conarthacha an Prótacal leasaithe chun feidhme ansin le comhaontú frithpháirteach.
4.Bunús dlí
4.1.Bunús dlí don nós imeachta
4.1.1.Prionsabail
Foráiltear le hAirteagal 218(9) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (CFAE) do chinntí lena mbunaítear ‘na seasaimh a ghlacfar thar ceann an Aontais i gcomhlacht arna chur ar bun le comhaontú nuair a iarrtar ar an gcomhlacht sin gníomhartha a ghlacadh a bhfuil éifeachtaí dlíthiúla leo, seachas gníomhartha lena bhforlíonfar nó lena leasófar creat institiúideach an chomhaontaithe.’
Áirítear ar na ‘gníomhartha a bhfuil éifeachtaí dlíthiúla leo’ gníomhartha a bhfuil éifeachtaí dlíthiúla leo de bhua rialacha an dlí idirnáisiúnta lena rialaítear an comhlacht i gceist..
4.1.2.Cur i bhfeidhm maidir leis an gcás seo
Tá Comhchoiste LEE ina chomhlacht a cuireadh ar bun le comhaontú, mar atá Comhaontú LEE.
Is ionann an gníomh a n‑iarrtar ar Chomhchoiste LEE é a ghlacadh agus gníomh a bhfuil éifeachtaí dlíthiúla leis.
Ní dhéantar creat institiúideach an Chomhaontaithe a fhorlíonadh ná a leasú leis an ngníomh atá beartaithe.
Dá bhrí sin, is é Airteagal 218(9) CFAE an bunús dlí nós imeachta le haghaidh an chinnidh atá beartaithe, agus Airteagal 1(2) de Rialachán Uimh. 2894/94 ón gComhairle á chur san áireamh maidir le socruithe le haghaidh an Comhaontú ar an Limistéar Eorpach Eacnamaíoch a chur chun feidhme lena mbunaítear “go ndéanfaidh an Coimisiún seasamh an Chomhphobail maidir le cinntí de chuid Chomhchoiste LEE a ghlacadh lena leathnaítear gníomhartha de reachtaíocht an Chomhphobail go simplí chuig LEE, faoi réir aon choigeartú teicniúil is gá.”
4.2.Bunús dlí substainteach
4.2.1.Prionsabail
Tá an bunús dlí substainteach le haghaidh cinneadh faoi Airteagal 218(9) CFAE agus Airteagal 1(2) de Rialachán Uimh. 2894/94 ón gComhairle ag brath go príomha ar chuspóir agus ábhar an ghnímh atá beartaithe ina leith ar a ghlactar seasamh thar ceann an Aontais maidir le socruithe le haghaidh an Comhaontú ar an Limistéar Eorpach Eacnamaíoch a chur chun feidhme. Más rud é go saothraítear dhá aidhm leis an ngníomh atá beartaithe nó go bhfuil dhá chomhpháirt aige agus gur féidir ceann amháin de na haidhmeanna nó na comhpháirteanna sin a shainaithint mar phríomhaidhm nó mar phríomh-chomhpháirt agus an ceann eile a shainaithint mar aidhm theagmhasach nó mar chomhpháirt theagmhasach, ní mór an cinneadh faoi Airteagal 218(9) CFAE a bhunú ar bhunús dlí substainteach aonair, is é sin an bunús dlí a cheanglaítear de réir na príomhaidhme nó na príomh-chomhpháirte.
4.2.2.Cur i bhfeidhm maidir leis an gcás seo
Is le comhbheartas tráchtála a bhaineann príomhchuspóir agus ábhar an ghnímh atá beartaithe.
Dá bhrí sin, is é Airteagal 207(4) CFAE an bunús dlí substainteach don chinneadh atá beartaithe.
4.3.Conclúid
Ba cheart an chéad fhomhír d’Airteagal 207(4) a bheith ina bhunús dlí don chinneadh atá beartaithe, i gcomhar le hAirteagal 218(9) CFAE agus Airteagal 1(2) de Rialachán Uimh. 2894/94 ón gComhairle.
5.Impleachtaí buiséadacha
Tá na leasuithe atá beartaithe i ndáil leis an leasú ar an gComhaontú maidir le bearta slándála custaim bunaithe ar an bprionsabal go rachaidh an Iorua isteach i gclár ICS2 amhail chéad eisiúint an chláir an 15 Márta 2021. Déanfar eisiúintí eile in 2023 agus in 2024.
Beidh impleachtaí buiséadacha aige sin don Iorua. Leagtar miondealú ar na costais amach in Airteagal 17 d’Iarscríbhinn I agus cuireadh iad in iúl don Iorua trí pháipéar leathoifigiúil freisin.
Déanfaidh an Iorua ranníocaíocht i leith gach eisiúna de ICS2, agus buntáille á híoc aici as na costais forbartha a thabhóidh an Coimisiún Eorpach. Is ionann na costais sin agus EUR 520,000 le haghaidh Eisiúint 1, is ionann iad agus EUR 550,000 le haghaidh Eisiúint 2 agus is ionann iad agus EUR 550,000 le haghaidh Eisiúint 3, agus tá siad bunaithe ar fhoirmle leithdháilte 4 %.
Déanfaidh an Iorua ranníocaíocht freisin i leith na gcostas oibriúcháin a thabhóidh an Coimisiún Eorpach chun freastal ar na costais bhliantúla a bhaineann le tástáil chomhréireachta agus cothabháil a dhéanamh ar bhonneagar (crua-earraí, bogearraí, óstáil, ceadúnais, etc.), ar chomhpháirteanna lárnacha ICS2 agus ar na feidhmchláir ghaolmhara agus na seirbhísí gaolmhara a theastaíonn dá n‑oibriú agus dá n‑idirnascadh (dearbhú cáilíochta, deasc chabhrach agus Bainistíocht Seirbhísí TF). Cé go bhfuil na costais oibriúcháin sin bunaithe ar an bhfoirmle leithdháilte 4 %, níl siad bunaithe ar ráta seasta bliantúil. Mar sin, tá uasteorainn EUR 450,000 in aghaidh na bliana ann leis na costais oibriúcháin uasta.
6.Foilsiú an ghnímh atá beartaithe
Ós rud é go leasóidh an ngníomh ó Chomhchoiste LEE Prótacal 10 a ghabhann le Comhaontú LEE maidir le cigireachtaí agus foirmiúlachtaí a shimpliú i leith earraí a iompar agus maidir le bearta slándála custaim, is iomchuí é a fhoilsiú i Roinn LEE in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh tar éis a ghlactha.
2021/0001 (NLE)
Togra le haghaidh
CINNEADH ÓN gCOMHAIRLE
maidir leis an seasamh a ghlacfar thar ceann an Aontais Eorpaigh i gComhchoiste LEE a bunaíodh leis an gComhaontú ar an Limistéar Eorpach Eacnamaíoch a mhéid a bhaineann leis an leasú ar Chaibidil IIa agus ar Iarscríbhinní I agus II de Phrótacal 10 a ghabhann le Comhaontú LEE, maidir le cigireachtaí agus foirmiúlachtaí a shimpliú i leith earraí a iompar
TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,
Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 207(4) CFAE, i gcomhar le hAirteagal 218(9) de,
Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,
De bharr an mhéid seo a leanas:
(1)Rinneadh Prótacal 10 a ghabhann le Comhaontú LEE maidir le cigireachtaí agus foirmiúlachtaí a shimpliú i leith earraí a iompar agus maidir le bearta slándála custaim (‘an Prótacal’) a leasú le LEE trí Chinneadh ón gComhchoiste agus tháinig sé i bhfeidhm an 1 Iúil 2009.
(2)De bhun Airteagal 98 den Chomhaontú, féadfaidh Comhchoiste LEE an cinneadh lena leasaítear Caibidil IIa agus na hIarscríbhinní a ghabhann le Prótacal 10 a ghlacadh le linn an chéad seisiúin eile dá chuid nó trí mhalartú litreacha,
(3)Trí Airteagal 9h(3) den Phrótacal a chur i bhfeidhm, is gá leasuithe a dhéanamh ar Chaibidil 3 agus ar Iarscríbhínní I agus II de Phrótacal 10 chun forbairt reachtaíocht an Aontais a chur san áireamh maidir le nithe a chumhdaítear leis an gCaibidil seo agus le hIarscríbhinní I agus II. De bhun Airteagal 9(h)3, mura féidir an cinneadh a ghlacadh le haghaidh cur chun feidhme comhuaineach, déanfar na leasuithe dá bhforáiltear sa dréachtchinneadh a tíolacadh le go bhformheasfadh na Páirtithe Conarthacha iad a chur i bhfeidhm ón 15 Márta 2021, i gcomhréir le nósanna imeachta inmheánacha na bPáirtithe Conarthacha. Beidh an dáta sin i gcomhthráth leis an gcéad Eisiúint de Chóras Rialaithe Allmhairí 2, rud ar chomhaontaigh an Iorua páirt a ghlacadh ann.
(4)Is iomchuí an seasamh a ghlacfar thar ceann an Aontais i gComhchoiste LEE a bhunú, toisc go mbeidh an leasú ina cheangal ar an Aontas,
TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
Maidir leis an seasamh a ghlacfar thar ceann an Aontais ag an gcéad chruinniú eile de chuid Chomhchoiste LEE nó trí mhalartú litreacha, is ar an dréachtghníomh ó Chomhchoiste LEE atá i gceangal leis an gCinneadh seo a bheidh sé bunaithe.
Airteagal 2
Dírítear an Cinneadh seo chuig an gCoimisiún.
Arna dhéanamh sa Bhruiséil,
Thar ceann na Comhairle
An tUachtarán