|
Iris Oifigiúil |
GA Sraith L |
|
2026/2192 |
28.9.2026 |
CINNEADH (CBES) 2026/2192 ÓN gCOMHAIRLE
an 28 Meán Fómhair 2026
lena leasaítear Cinneadh (CBES) 2024/1484 a bhaineann le bearta sriantacha i bhfianaise na staide sa Rúis
TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,
Ag féachaint don Chonradh ar an Aontas Eorpach, agus go háirithe Airteagal 29 de,
Ag féachaint don togra ó Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála,
De bharr an mhéid seo a leanas:
|
(1) |
An 27 Bealtaine 2024, ghlac an Chomhairle Cinneadh (CBES) 2024/1484 (1). |
|
(2) |
An 19 Lúnasa 2026, d’eisigh Ard-Choimisinéir na Náisiún Aontaithe um Chearta an Duine, Volker Türk, ráiteas inar chuir sé in iúl go raibh imní air faoin urchosc a cuireadh ar pháirtí polaitiúil Yabloko ó thoghcháin pharlaiminteacha mhí Mheán Fómhair 2026 sa Rúis agus gur gearradh pianbhreith ar a leaschathaoirleach, Lev Shlosberg, de níos mó ná 11 bhliain i bpríosún mar gheall ar óráid frithchogaidh. D’iarr an tArd-Choimisinéir ar na húdaráis urraim a thabhairt don tsaoirse chun tuairimí a nochtadh agus do chearta na saoránach páirt iomlán agus shaor a ghlacadh i bpróisis toghcháin. |
|
(3) |
I bhfianaise a thromchúisí atá an staid, measann an Chomhairle gur cheart 10 nduine nádúrtha a chur le liosta na ndaoine nádúrtha agus dlítheanacha, na n-eintiteas agus na gcomhlachtaí a leagtar amach san Iarscríbhinn a ghabhann le Cinneadh (CBES) 2024/1484. |
|
(4) |
Ba cheart, dá bhrí sin, Cinneadh (CBES) 2024/1484 a leasú dá réir sin, |
TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
Leasaítear an Iarscríbhinn a ghabhann le Cinneadh (CBES) 2024/1484 i gcomhréir leis an Iarscríbhinn a ghabhann leis an gCinneadh seo.
Airteagal 2
Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm ar dháta a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 28 Meán Fómhair 2026.
Thar ceann na Comhairle
An tUachtarán
M. HEYDON
(1) Cinneadh (CBES) 2024/1484 ón gComhairle an 27 Bealtaine 2024 a bhaineann le bearta sriantacha i bhfianaise na staide sa Rúis IO L, 2024/1484, 27.5.2024, ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2024/1484/oj
IARSCRÍBHINN
San Iarscríbhinn a ghabhann le Cinneadh (CBES) 2024/1484, cuirtear isteach na hiontrálacha seo a leanas faoin gceannteideal ‘A. Daoine nádúrtha’:
|
|
Ainm |
Faisnéis aitheantais |
Ráiteas ar Chúiseanna |
Dáta an liostaithe |
|
‘99. |
Vyacheslav Sergeevich KIRILLOV (Вячеслав Сергеевич КИРИЛЛОВ) |
Post: breitheamh de Chúirt Uachtarach Chónaidhm na Rúise Dáta breithe: 22.6.1966 Náisiúntacht: Rúiseach Inscne: fireann |
Is breitheamh de Chúirt Uachtarach Chónaidhm na Rúise é Vyacheslav Kirillov. An 10 Lúnasa 2026 thug sé fíorasc lenar cuireadh cosc ar pháirtí polaitiúil Yabloko páirt a ghlacadh i dtoghcháin an Dúma Stáit i mí Mheán Fómhair 2026 mar gheall líomhaintí i dtaca le sáruithe ar chóipcheart, antoisceachas agus mí-iompar eile. Ba é Yabloko an t-aon pháirtí polaitiúil a chuir i gcoinne chogadh foghach na Rúise ar an Úcráin go hoscailte. An 9 Aibreán 2026, thug sé breithiúnas maidir le cás Memorial, eagraíocht um chearta an duine, inar ainmnigh sé é mar eagraíocht antoisceach agus inar chuir sé cosc ar a chuid gníomhaíochtaí sa Rúis. Tá sé freagrach, dá bhrí sin, as an bhfreasúra daonlathach a chur faoi chois, agus baineann a chuid gníomhaíochtaí an bonn go mór den daonlathas agus den smacht reachta sa Rúis.. |
28.9.2026 |
|
100. |
Igor Nikolayevich ZINCHENKO (Игорь Николаевич ЗИНЧЕНКО) |
Post: breitheamh de Chúirt Uachtarach Chónaidhm na Rúise, leas chathaoirleach ar Dhlísheomra Achomhairc Chúirt Uachtarach Chónaidhm na Rúise Dáta breithe: 25.3.1971 Áit bhreithe: Shadrino, Dúiche Kozulsky, Krasnoyarsk Krai, iarAPSS, Cónaidhm na Rúise anois Náisiúntacht: Rúiseach Inscne: fireann |
Is breitheamh de Chúirt Uachtarach Chónaidhm na Rúise é Igor Zinchenko. Bhí sé ina chomhalta de phainéal breithiúnach a chloígh leis an gcinneadh lenar cuireadh cosc ar pháirtí polaitiúil Yabloko páirt a ghlacadh i dtoghcháin an Dúma Stáit i mí Mheán Fómhair 2026, mar gheall ar líomhaintí i dtaca le sáruithe ar chóipcheart, antoisceachas, tacaíocht don ghluaiseacht LADT agus mí-iompar eile. Ba é Yabloko an t-aon pháirtí polaitiúil a chuir i gcoinne chogadh foghach na Rúise ar an Úcráin go hoscailte. Tá sé freagrach, dá bhrí sin, as an bhfreasúra daonlathach a chur faoi chois, agus baineann a chuid gníomhaíochtaí an bonn go mór den daonlathas agus den smacht reachta sa Rúis.. |
28.9.2026 |
|
101. |
Denis Vladimirovich TYUTIN (Денис Владимирович ТЮТИН) |
Post: breitheamh de Chúirt Uachtarach Chónaidhm na Rúise Dáta breithe: 25.4.1971 Áit bhreithe: Gorky (Nizhny Novgorod anois), iarAPSS, Cónaidhm na Rúise anois Náisiúntacht: Rúiseach Inscne: fireann |
Is breitheamh de Chúirt Uachtarach Chónaidhm na Rúise é Denis Tyutin. Bhí sé ina chomhalta de phainéal breithiúnach a chloígh leis an gcinneadh lenar cuireadh cosc ar pháirtí polaitiúil Yabloko páirt a ghlacadh i dtoghcháin an Dúma Stáit i mí Mheán Fómhair 2026 mar gheall ar líomhaintí i dtaca le sáruithe ar chóipcheart, antoisceachas, tacaíocht do ghluaiseacht LADT agus mí-iompar eile. Ba é Yabloko an t-aon pháirtí polaitiúil a chuir i gcoinne chogadh foghach na Rúise ar an Úcráin go hoscailte. Tá sé freagrach, dá bhrí sin, as an bhfreasúra daonlathach a chur faoi chois, agus baineann a chuid gníomhaíochtaí an bonn go mór den daonlathas agus den smacht reachta sa Rúis.. |
28.9.2026 |
|
102. |
Sergey Fyodorovich SAKHAROV (Сергей Фёдорович САХАРОВ) |
Post: ceann na Rannóige um Dhíospóidí Toghcháin agus Ionadaíocht Bhreithiúnach Roinn Dlí Choimisiún Lárnach Toghchán na Rúise Dáta breithe: 15.11.1987 Náisiúntacht: Rúiseach Inscne: fireann |
Is é Sergey Sakharov ceann na Rannóige um Dhíospóidí Toghcháin agus Ionadaíocht Bhreithiúnach Roinn Dlí Choimisiún Lárnach Toghchán na Rúise. Sa cháil sin, ghlac sé páirt in imeachtaí os comhair Chúirt Uachtarach Chónaidhm na Rúise arb é ab aidhm dóibh cosc a chur ar pháirtí polaitiúil Yabloko páirt a ghlacadh i dtoghcháin don Dúma Stáit i mí Mheán Fómhair 2026. Thacaigh sé go hoscailte le hiarratas pháirtí Rodina, a d’fhéach le bac a chur ar Yabloko ar bhonn líomhaintí i dtaca le sáruithe ar chóipcheart, antoisceachas, tacaíocht do ghluaiseacht LADT agus mí-iompar eile. Ba é Yabloko an t-aon pháirtí polaitiúil a chuir i gcoinne chogadh foghach na Rúise ar an Úcráin go hoscailte. Dá bhrí sin, tá tacaíocht ábhartha á tabhairt aige chun an freasúra daonlathach a chur faoi chois, agus do ghníomhaíochtaí a bhaineann an bonn go mór den daonlathas agus den smacht reachta sa Rúis, lena n-áirítear trí chúnamh, éascú nó spreagadh a thabhairt do na gníomhartha sin. |
28.9.2026 |
|
103. |
Ilya Vladimirovich RUSAKOV (Илья Владимирович РУСАКОВ) |
Post: oifigeach in Oifig Phríomh-Ionchúisitheoir Chónaidhm na Rúise Dáta breithe: 15.8.1986 Náisiúntacht: Rúiseach Inscne: fireann |
Is oifigeach é Ilya Rusakov in Oifig an Phríomh Ionchúisitheora. Sa cháil sin, ghlac sé páirt in imeachtaí os comhair Chúirt Uachtarach Chónaidhm na Rúise arb é ab aidhm dóibh cosc a chur ar pháirtí polaitiúil Yabloko páirt a ghlacadh i dtoghcháin don Dúma Stáit i mí Mheán Fómhair 2026. Thacaigh sé go hoscailte le hiarratas pháirtí Rodina, a d’fhéach le bac a chur ar Yabloko ar bhonn líomhaintí i dtaca le sáruithe ar chóipcheart, antoisceachas, tacaíocht do ghluaiseacht LADT agus mí-iompar eile. Ba é Yabloko an t-aon pháirtí polaitiúil a chuir i gcoinne chogadh foghach na Rúise ar an Úcráin go hoscailte. Dá bhrí sin, tá tacaíocht ábhartha á tabhairt aige chun an freasúra daonlathach a chur faoi chois, agus do ghníomhaíochtaí a bhaineann an bonn go mór den daonlathas agus den smacht reachta sa Rúis, lena n-áirítear trí chúnamh, éascú nó spreagadh a thabhairt do na gníomhartha sin. |
28.9.2026 |
|
104. |
Viktoria Mikhailovna MALYAMOVA (Виктория Михайловна МАЛЯМОВА) |
Post: breitheamh i gCúirt Chathair Pskov Dáta breithe: 1.3.1973 Náisiúntacht: Rúiseach Inscne: baineann |
Is breitheamh í Viktoria Malyamova i gCúirt Chathair Pskov. Ghearr sí téarma príosúnachta 11 bhliain agus 1 mhí ar Lev Shlosberg, polaiteoir freasúra ó bpháirtí polaitiúil Yabloko, as míchlú a tharraingt ar arm na Rúise agus as “bréagnuacht” maidir le cogadh foghach na Rúise ar an Úcráin. Tá sí freagrach, dá bhrí sin, as sáruithe agus mí-úsáidí tromchúiseacha chearta an duine agus as an bhfreasúra daonlathach a chur faoi chois, agus baineann a cuid gníomhaíochtaí an bonn go mór den daonlathas agus den smacht reachta sa Rúis. |
28.9.2026 |
|
105. |
Anna Sergeevna GORYACHOVA (Анна Сергеевна ГОРЯЧЕВА) |
Post: Ionchúisitheoir Stáit Dáta breithe: 9.4.1998 Náisiúntacht: Rúiseach Inscne: baineann |
Is ionchúisitheoir stáit í Anna Goryachova. D’iarr sí 12 bhliain agus 1 mhí phríosúnachta ar Lev Shlosberg, polaiteoir freasúra ón bpháirtí polaitiúil Yabloko, as míchlú a tharraingt ar arm na Rúise agus as “bréagnuacht” maidir le cogadh foghach na Rúise ar an Úcráin. Gearradh téarma príosúnachta 11 bhliain agus mí amháin ar Shlosberg ina dhiaidh sin. Roimh an triail sin, d’ionchúisigh Anna Goryachova Lev Shlosberg sa chás maidir le sárú ar an reachtaíocht maidir le “gníomhairí eachtracha”, inar iarr sí 440 uair an chloig d’obair éigeantach. Ghearr an chúirt 420 uair an chloig ar Shlosberg. Dá bhrí sin, tá sí freagrach as sáruithe nó mí-úsáidí tromchúiseacha chearta an duine, agus as an bhfreasúra daonlathach a chur faoi chois, agus baineann a cuid gníomhaíochtaí an bonn go mór den daonlathas agus den smacht reachta sa Rúis. |
28.9.2026 |
|
106. |
Yulia Igorevna GUZNYAEVA (Юлия Игоревна ГУЗНЯЕВА) |
Post: ionchúisitheoir cúnta i Lárcheantar Riaracháin Mhoscó Dáta breithe: 30.5.1996 Náisiúntacht: Rúiseach Inscne: baineann |
Is ionchúisitheoir cúnta i Lárcheantar Riaracháin Mhoscó í Yulia Guznyaeva. Bhí sí ina hionchúisitheoir stáit i dtriail Maxim Kruglov, duine de cheannairí pháirtí polaitiúil Yabloko. D’iarr sí go ngearrfaí téarma príosúnachta 8 mbliana as postálacha Kruglov ar na meáin shóisialta maidir le cogadh foghach na Rúise ar an Úcráin, go háirithe na coireanna cogaidh a rinneadh in Bucha agus Mariupol. Dá bhrí sin, tá sí freagrach as sáruithe nó mí-úsáidí tromchúiseacha chearta an duine, agus as an bhfreasúra daonlathach a chur faoi chois, agus baineann a cuid gníomhaíochtaí an bonn go mór den daonlathas agus den smacht reachta sa Rúis. |
28.9.2026 |
|
107. |
Elina Arturovna BABAYANTS (Элина Артуровна БАБАЯНЦ) |
Post: breitheamh de Chúirt Dúiche Zamoskvoretsky i Moscó Dáta breithe: 25.7.1995 Náisiúntacht: Rúiseach Inscne: baineann |
Is breitheamh de Chúirt Dúiche Zamoskvoretsky i Moscó í Elina Babayants. Bhí sí ina breitheamh i dtriail Maxim Kruglov, duine de cheannairí pháirtí polaitiúil Yabloko. Ghearr sí pianbhreith 7 mbliana ar Kruglov i gcoilíneacht phionósach agus chuir sí toirmeasc air an t-idirlíon a úsáid ar feadh 3 bliana i ngeall ar a phostálacha ar na meáin shóisialta maidir le cogadh foghach na Rúise ar an Úcráin, go háirithe na coireanna cogaidh a rinneadh in Bucha agus Mariupol. Dá bhrí sin, tá sí freagrach as sáruithe nó mí-úsáidí tromchúiseacha chearta an duine agus as an bhfreasúra daonlathach a chur faoi chois, agus baineann a cuid gníomhaíochtaí an bonn go mór den daonlathas agus den smacht reachta sa Rúis. |
28.9.2026 |
|
108. |
Elizaveta Sergeevna TRUSKALENKO (Елизавета Сергеевна ТРУСКАЛЕНКО) |
Post: breitheamh de cheantar Vyborsky i gCathair Pheadair Dáta breithe: 18.10.1984 Náisiúntacht: Rúiseach Inscne: baineann |
Is breitheamh de cheantar Vyborsky i gCathair Pheadair í Elizaveta Truskalenko. Bhí sí ina breitheamh i dtriail Nikolai Rybakov, cathaoirleach pháirtí polaitiúil Yabloko. Fuair sí Rybakov ciontach agus d’ordaigh sí dó fíneáil a íoc as grianghraf a phostáil de cheannaire freasúra na Rúise nach maireann, Alexei Navalny. Chuir an rialú cosc ar Rybakov rith i dtoghcháin Mheán Fómhair 2026 don Dúma Stáit. Dá bhrí sin, tá sí freagrach as sáruithe nó mí-úsáidí tromchúiseacha chearta an duine, agus as an bhfreasúra daonlathach a chur faoi chois, agus baineann a cuid gníomhaíochtaí an bonn go mór den daonlathas agus den smacht reachta sa Rúis. |
28.9.2026’ |
ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2026/2192/oj
ISSN 1977-0839 (electronic edition)