|
Iris Oifigiúil |
GA Sraith L |
|
2025/1525 |
23.7.2025 |
CINNEADH (AE) 2025/1525 Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE
an 9 Iúil 2025
maidir le Ciste Dlúthpháirtíochta an Aontais Eorpaigh a shlógadh chun cúnamh a thabhairt don Ostair, don Pholainn, don tSeicia, don tSlóvaic agus don Mholdóiv i ndáil le tuilte a tharla i mí Mheán Fómhair 2024 agus don Bhoisnia agus an Heirseagaivéin i ndáil le tuilte a tharla i mí Dheireadh Fómhair 2024
TÁ PARLAIMINT NA hEORPA AGUS COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,
Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,
Ag féachaint do Rialachán (CE) Uimh. 2012/2002 ón gComhairle an 11 Samhain 2002 lena mbunaítear Ciste Dlúthpháirtíochta an Aontais Eorpaigh (1), agus go háirithe Airteagal 4(3) de,
Ag féachaint do Rialachán (AE, Euratom) 2020/2093 ón gComhairle an 17 Nollaig 2020 lena leagtar síos an creat airgeadais ilbhliantúil do na blianta 2021 go 2027 (2), agus go háirithe Airteagal 9 de,
Ag féachaint don Chomhaontú Idirinstitiúideach an 16 Nollaig 2020 idir Parlaimint na hEorpa, Comhairle an Aontais Eorpaigh agus an Coimisiún Eorpach maidir leis an smacht buiséadach, le comhar in ábhair bhuiséadacha agus le bainistíocht fhónta airgeadais, agus maidir le hacmhainní dílse nua, lena n-áirítear treochlár i dtreo acmhainní dílse nua a thabhairt isteach (3), agus go háirithe pointe 10 de,
Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,
De bharr an mhéid seo a leanas:
|
(1) |
Is é is aidhm do Chiste Dlúthpháirtíochta an Aontais Eorpaigh (‘an Ciste’) cur ar chumas an Aontais freagairt ar bhealach tapa éifeachtúil solúbtha do staideanna éigeandála chun dlúthpháirtíocht a léiriú le pobail réigiún a mbuaileann tubaistí nádúrtha móra nó réigiúnacha iad nó mór-éigeandáil sláinte poiblí. |
|
(2) |
Ní fhéadfaidh níos mó ná na huasteorainneacha a leagtar síos in Airteagal 9 de Rialachán (AE, Euratom) 2020/2093, arna leasú le Rialachán (AE, Euratom) 2024/765 ón gComhairle, a bheith sa Chiste (4). |
|
(3) |
An 29 Samhain 2024, chuir an Ostair iarratas isteach chun an Ciste a shlógadh tar éis na dtuilte i mí Mheán Fómhair 2024. |
|
(4) |
An 29 Samhain 2024, chuir an Pholainn iarratas isteach chun an Ciste a shlógadh tar éis na dtuilte i mí Mheán Fómhair 2024. |
|
(5) |
An 4 Nollaig 2024, chuir an tSeicia iarratas isteach chun an Ciste a shlógadh tar éis na dtuilte i mí Mheán Fómhair 2024. |
|
(6) |
An 7 Nollaig 2024, chuir an tSlóvaic iarratas isteach chun an Ciste a shlógadh tar éis na dtuilte i mí Mheán Fómhair 2024. |
|
(7) |
An 5 Nollaig 2024, chuir an Mholdóiv iarratas isteach chun an Ciste a shlógadh tar éis na dtuilte i mí Mheán Fómhair 2024. |
|
(8) |
An 27 Nollaig 2024, chuir an Bhoisnia agus an Heirseagaivéin iarratas isteach chun an Ciste a shlógadh tar éis na dtuilte i mí Dheireadh Fómhair 2024. |
|
(9) |
Tá na hiarratais sin i gcomhréir leis na coinníollacha i dtaca le ranníocaíocht airgeadais a sholáthar ón gCiste, mar a leagtar síos in Airteagal 4 de Rialachán (CE) Uimh. 2012/2002. |
|
(10) |
Dá bhrí sin, ba cheart an Ciste a shlógadh chun ranníocaíocht airgeadais a sholáthar don Ostair, don Pholainn, don tSeicia, don tSlóvaic, don Mholdóiv agus don Bhoisnia agus an Heirseagaivéin. |
|
(11) |
Chun giorrú a oiread agus is féidir ar an am a thógfaidh sé an Ciste a shlógadh, ba cheart feidhm a bheith ag an gCinneadh seo ó dháta a ghlactha, |
TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
I gcás bhuiséad ginearálta an Aontais le haghaidh na bliana airgeadais 2025, is ina leithreasuithe faoi chomhair gealltanas agus íocaíochtaí i ndáil le tubaistí nádúrtha a shlógfar na méideanna seo a leanas faoi Chiste Dlúthpháirtíochta an Aontais Eorpaigh:
|
(a) |
soláthrófar EUR 42 789 075 don Ostair i ndáil leis na tuilte a tharla i mí Mheán Fómhair 2024; |
|
(b) |
soláthrófar EUR 75 998 939 don Pholainn i ndáil leis na tuilte a tharla i mí Mheán Fómhair 2024; |
|
(c) |
soláthrófar EUR 113 979 781 don tSeicia i ndáil leis na tuilte a tharla i mí Mheán Fómhair 2024; |
|
(d) |
soláthrófar EUR 2 108 187 don tSlóvaic i ndáil leis na tuilte a tharla i mí Mheán Fómhair 2024; |
|
(e) |
soláthrófar EUR 195 196 don Mholdóiv i ndáil leis na tuilte a tharla i mí Mheán Fómhair 2024; |
|
(f) |
soláthrófar EUR 45 669 725 don Bhoisnia agus an Heirseagaivéin i ndáil leis na tuilte a tharla i mí Dheireadh Fómhair 2024. |
Airteagal 2
Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
Beidh feidhm aige ó 9 Iúil 2025.
Arna dhéanamh in Strasbourg, an 9 Iúil 2025.
Thar ceann Pharlaimint na hEorpa
An tUachtarán
R. METSOLA
Thar ceann na Comhairle
An tUachtarán
M. BJERRE
(1) IO L 311, 14.11.2002, lch. 3, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2002/2012/oj.
(2) IO L 433 I, 22.12.2020, lch. 11, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2020/2093/oj.
(3) IO L 433 I, 22.12.2020, lch. 28, ELI: http://data.europa.eu/eli/agree_interinstit/2020/1222/oj.
(4) Rialachán (AE, Euratom) 2024/765 ón gComhairle an 29 Feabhra 2024 lena leasaítear Rialachán (AE, Euratom) 2020/2093 lena leagtar síos an creat airgeadais ilbhliantúil do na blianta 2021 go 2027 (IO L, 2024/765, 29.2.2024, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2024/765/oj).
ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2025/1525/oj
ISSN 1977-0839 (electronic edition)