|
Iris Oifigiúil |
GA Sraith L |
|
2025/12 |
8.1.2025 |
RIALACHÁN (AE) 2025/12 Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE
an 19 Nollaig 2024
maidir le réamhaisnéis faoi phaisinéirí a bhailiú agus a aistriú chun seiceálacha ag teorainneacha seachtracha a fheabhsú agus a éascú, lena leasaítear Rialacháin (AE) 2018/1726 agus (AE) 2019/817, agus lena n-aisghairtear Treoir 2004/82/CE ón gComhairle
TÁ PARLAIMINT NA hEORPA AGUS COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,
Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 77(2), pointí (b) agus (d), agus Airteagal (79)(2), pointe (c), de,
Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,
Tar éis dóibh an dréachtghníomh reachtach a chur chuig na parlaimintí náisiúnta,
Ag féachaint don tuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa (1),
Ag gníomhú dóibh i gcomhréir leis an ngnáthnós imeachta reachtach (2),
De bharr an mhéid seo a leanas:
|
(1) |
Leis na seiceálacha teorann a dhéantar ar dhaoine ag na teorainneacha seachtracha, rannchuidítear go mór chun slándáil fhadtéarmach an Aontais, a Bhallstát agus a shaoránach a áirithiú agus, dá bhrí sin, tá siad fós ina gcoimirce thábhachtach, go háirithe sa limistéar gan rialú ag teorainneacha inmheánacha. Tá seiceálacha teorann le déanamh i gcomhréir le Rialachán (AE) 2016/399 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (3) i gcás inarb infheidhme, chun cuidiú leis an gcomhrac i gcoinne na hinimirce neamhdhleathaí agus chun bagairtí ar shlándáil inmheánach, ar bheartas poiblí, ar shláinte phoiblí agus ar chaidreamh idirnáisiúnta na mBallstát a chosc. Tá seiceálacha teorann den sórt sin le déanamh ar bhealach ina n-urramófaí dínit an duine go hiomlán agus i gcomhréir go hiomlán le dlí ábhartha an Aontais, lena n-áirítear Cairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh (‘an Chairt’). |
|
(2) |
Trí úsáid a bhaint as sonraí paisinéirí agus as faisnéis eitilte arna n-aistriú roimh theacht na bpaisinéirí, rud ar a dtugtar réamhaisnéis faoi phaisinéirí nó sonraí API, rannchuidítear le dlús a chur leis na seiceálacha riachtanacha teorann a dhéanamh le linn an phróisis trasnaithe teorann. Chun críocha an Rialacháin seo, baineann an próiseas sin, go sonrach, le teorainneacha a thrasnú idir tríú tír nó Ballstát nach bhfuil feidhm ag an Rialachán seo maidir léi nó leis agus Ballstát a bhfuil feidhm ag an Rialachán seo maidir leis. Neartaítear le húsáid sonraí API seiceálacha teorann ag na teorainneacha seachtracha sin trí am leordhóthanach a sholáthar chun go bhféadfar seiceálacha teorann mionsonraithe cuimsitheacha a dhéanamh ar gach paisinéir, gan tionchar diúltach díréireach a bheith aige orthu siúd atá ag taisteal de mheon macánta. Dá bhrí sin, ar mhaithe le héifeachtacht agus le héifeachtúlacht seiceálacha teorann ag teorainneacha seachtracha, ba cheart foráil a dhéanamh maidir le creat dlíthiúil iomchuí lena n-áiritheofar go mbeidh rochtain ag údaráis inniúla teorann na mBallstát ag pointí trasnaithe teorann seachtraí den sórt sin ar shonraí API roimh theacht na bpaisinéirí. |
|
(3) |
Maidir leis an gcreat dlíthiúil atá ann cheana maidir le sonraí API, arb é atá ann Treoir 2004/82/CE (4) ón gComhairle agus an dlí náisiúnta lena dtrasuitear an Treoir sin, tá sé cruthaithe go bhfuil tábhacht leis maidir le seiceálacha teorann a fheabhsú, go háirithe trí chreat a chur ar bun do na Ballstáit chun forálacha a thabhairt isteach maidir le hoibleagáidí a leagan ar aeriompróirí sonraí API ar phaisinéirí a iompraítear isteach ina gcríoch a aistriú. Tá éagsúlachtaí cleachtais ann fós ar an leibhéal náisiúnta, áfach. Go háirithe, ní iarrtar sonraí API go córasach ar aeriompróirí agus ní mór d’aeriompróirí a bheith ag plé le ceanglais éagsúla maidir leis an gcineál faisnéise atá le bailiú agus na coinníollacha faoinar gá sonraí API a aistriú chuig údaráis inniúla teorann. Ní hamháin go mbíonn costais agus deacrachtaí neamhriachtanacha ag aeriompróirí mar thoradh ar na héagsúlachtaí sin, ach déanann siad dochar freisin maidir le réamhsheiceálacha éifeachtacha agus éifeachtúla a áirithiú ar dhaoine a shroicheann teorainneacha seachtracha. |
|
(4) |
Is gá an creat dlíthiúil atá ann cheana a thabhairt cothrom le dáta agus creat nua a chur ina ionad lena áirithiú go mbeidh na rialacha maidir le bailiú agus aistriú sonraí API chun éifeachtacht agus éifeachtúlacht seiceálacha teorann ag teorainneacha seachtracha a fheabhsú agus a éascú agus chun inimirce neamhdhleathach a chomhrac ina rialacha soiléire, comhchuibhithe agus éifeachtacha, i gcomhréir leis na rialacha a leagtar amach i Rialachán (AE) 2016/399 le haghaidh na mBallstát a bhfuil feidhm aige maidir leo, agus i gcomhréir leis an dlí náisiúnta le haghaidh na mBallstát nach bhfuil feidhm aige maidir leo. |
|
(5) |
Chun cur chuige comhsheasmhach ar leibhéal an Aontais agus ar an leibhéal idirnáisiúnta araon a áirithiú a mhéid agus is féidir agus i bhfianaise na rialacha maidir le bailiú sonraí API is infheidhme ar an leibhéal idirnáisiúnta, ba cheart a chur san áireamh sa chreat dlíthiúil nuashonraithe arna bhunú leis an Rialachán seo na cleachtais ábhartha a comhaontaíodh ar bhonn idirnáisiúnta leis an tionscal aeir, amhail i gcomhthéacs na hEagraíochta Domhanda Custaim, an Chomhlachais Idirnáisiúnta um Iompar Eitlíochta agus Threoirlínte na hEagraíochta Eitlíochta Sibhialta Idirnáisiúnta (ICAO) maidir le Réamhaisnéis faoi Phaisinéirí. |
|
(6) |
Déanann bailiú agus aistriú sonraí API difear do phríobháideachas daoine aonair agus bíonn próiseáil a sonraí pearsanta i gceist leis. Chun a gcearta bunúsacha a urramú go hiomlán, go háirithe an ceart go ndéanfar an saol príobháideach a urramú agus an ceart go ndéanfar sonraí pearsanta a chosaint, i gcomhréir leis an gCairt, ba cheart foráil a dhéanamh maidir le teorainneacha agus coimircí leordhóthanacha. Mar shampla, ba cheart aon phróiseáil ar shonraí API agus, go háirithe, ar shonraí API arb ionann iad agus sonraí pearsanta, a bheith fós teoranta go docht don mhéid is gá chun na cuspóirí a dtugtar fúthu leis an Rialachán seo a ghnóthú agus a bheith comhréireach leis sin. Ina theannta sin, ba cheart a áirithiú nach dtiocfadh aon chineál idirdhealaithe atá toirmiscthe faoin gCairt as próiseáil aon sonraí API arna mbailiú agus arna n-aistriú faoin Rialachán seo. |
|
(7) |
Chun a chuspóirí a ghnóthú, ba cheart feidhm a bheith ag an Rialachán seo maidir leis na haeriompróirí uile a bhíonn i mbun eitiltí isteach san Aontas, mar a shainmhínítear sa Rialachán seo, gan beann ar áit bhunaíochta na n-aeriompróirí a bhíonn i mbun na n-eitiltí sin, agus a bhíonn ag oibriú eitiltí sceidealaithe agus neamhsceidealaithe araon. Níl bailiú sonraí ó aon oibríochtaí aerárthaí sibhialta eile, amhail scoileanna eitilte, eitiltí leighis, eitiltí éigeandála, ná ó eitiltí míleata, faoi raon feidhme an Rialacháin seo. Ní dochar an Rialachán seo do bhailiú sonraí ó eitiltí den sórt sin dá bhforáiltear sa dlí náisiúnta atá ag luí le dlí an Aontais. Ba cheart don Choimisiún measúnú a dhéanamh ar a indéanta atá scéim an Aontais lena gcuirfí oibleagáid ar oibreoirí eitiltí príobháideacha sonraí aerphaisinéirí a bhailiú agus a aistriú. |
|
(8) |
Ba cheart a áireamh ar na hoibleagáidí atá ar aeriompróirí sonraí API a bhailiú agus a aistriú faoin Rialachán seo na paisinéirí uile ar eitiltí isteach san Aontas, paisinéirí idirthurais a bhfuil a gceann scríbe deiridh lasmuigh den Aontas agus aon bhall den chriú nach bhfuil ar dualgas atá suite ar eitilt ag aeriompróir i dtaca lena dhualgais. |
|
(9) |
Ar mhaithe le héifeachtacht agus deimhneacht dhlíthiúil, na míreanna faisnéise arb ionann iad le chéile agus na sonraí API a bheidh le bailiú agus le haistriú ina dhiaidh sin faoin Rialachán seo, ba cheart iad a liostú go soiléir agus go cuimsitheach, agus cumhdófar leo faisnéis a bhaineann le gach paisinéir agus faisnéis faoin eitilt a fuair an paisinéir sin. Faoin Rialachán seo, agus i gcomhréir le caighdeáin idirnáisiúnta, ba cheart faisnéis faoi shuíocháin agus faoi bhagáiste a chumhdach san fhaisnéis eitilte sin, i gcás ina mbeidh faisnéis den sórt sin ar fáil, chomh maith le faisnéis faoin bpointe trasnaithe teorann teacht isteach i gcríoch an Bhallstáit lena mbaineann i ngach cás a chumhdaítear leis an Rialachán seo. I gcás ina bhfuil faisnéis faoi bhagáiste nó faoi shuíocháin ar fáil laistigh de chórais eile TF atá ar fáil don aeriompróir, dá láimhseálaí, dá sholáthraí córais nó don údarás aerfoirt, ba cheart d’aeriompróirí an fhaisnéis sin a chomhtháthú sna sonraí API atá le haistriú chuig na PIUnna. Ní áirítear sonraí bithmhéadracha i sonraí API mar a shainmhínítear agus mar a rialaítear faoin Rialachán seo. |
|
(10) |
Chun solúbthacht agus nuálaíocht a éascú, ba cheart, i bprionsabal, é a fhágáil faoi gach aeriompróir a chinneadh conas a chomhlíonann sé a oibleagáidí maidir le bailiú sonraí API a leagtar amach sa Rialachán seo, agus aird á tabhairt ar na cineálacha éagsúla aeriompróirí mar a shainmhínítear sa Rialachán seo iad, agus a samhlacha gnó faoi seach, lena n-áirítear maidir le hamanna seiceála isteach agus comhar le haerfoirt. Ag cur san áireamh, áfach, go bhfuil réitigh theicneolaíocha oiriúnacha ann lena n-éascaítear bailiú uathoibríoch sonraí API áirithe agus á áirithiú go mbeidh na sonraí API lena mbaineann cruinn, iomlán agus cothrom le dáta, agus ag féachaint do na buntáistí a bhaineann le húsáid teicneolaíochta den sórt sin i dtéarmaí éifeachtachta agus éifeachtúlachta, ba cheart a cheangal ar aeriompróirí na sonraí API sin a bhailiú trí mhodhanna uathoibrithe a úsáid, trí fhaisnéis ó shonraí meaisín-inléite an doiciméid taistil a léamh. I gcás nach féidir, ar chúiseanna teicniúla, modhanna uathoibrithe den sórt sin a úsáid in imthosca eisceachtúla, ba cheart d’aeriompróirí, ar bhonn eisceachtúil, na sonraí API a bhailiú de láimh, mar chuid den phróiseas seiceála isteach ar líne nó mar chuid den tseiceáil isteach ag an aerfort, ar bhealach lena n-áiritheofar go gcomhlíonfar a n-oibleagáidí faoin Rialachán seo. |
|
(11) |
Ba cheart bailiú sonraí API trí mhodhanna uathoibrithe a theorannú go docht do na sonraí alfa-uimhriúla atá sa doiciméad taistil agus níor cheart bailiú aon sonraí bithmhéadracha uaidh a bheith mar thoradh air. Ós rud é gur cuid den phróiseas seiceála isteach é bailiú sonraí API, bíodh sin ar líne nó ag an aerfort, leis an Rialachán seo, ní áirítear oibleagáid ar aeriompróirí doiciméad taistil an phaisinéara a sheiceáil tráth na bordála. Ní áirítear le comhlíonadh an Rialacháin seo aon oibleagáid ar phaisinéirí doiciméad taistil a iompar tráth na bordála. Ba cheart an méid sin a bheith gan dochar d’oibleagáidí a eascraíonn as gníomhartha dlí eile de chuid an Aontais nó as dlí náisiúnta atá ag luí le dlí an Aontais. |
|
(12) |
Ba cheart bailiú sonraí API ó dhoiciméid taistil a bheith ag teacht freisin le caighdeáin ICAO maidir le doiciméid taistil mheaisín-inléite, a ionchorpraíodh i ndlí an Aontais trí bhíthin Rialachán (AE) 2019/1157 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (5), Rialachán (CE) Uimh. 2252/2004 ón gComhairle (6) agus Threoir (AE) 2019/997 ón gComhairle (7). |
|
(13) |
Ba cheart gurb é a thiocfadh as na ceanglais a leagtar amach sa Rialachán seo agus sna gníomhartha tarmligthe agus cur chun feidhme comhfhreagracha ná cur chun feidhme aonfhoirmeach an Rialacháin seo ag na haeriompróirí, agus ar an gcaoi sin, íoslaghdú ar an gcostas a bhaineann le hidirnascadh a gcóras faoi seach. Chun cur chun feidhme comhchuibhithe na gceanglas sin ag na haeriompróirí a éascú, go háirithe maidir leis an struchtúr sonraí, an fhormáid sonraí agus an prótacal tarchurtha sonraí, ba cheart don Choimisiún, ar bhonn a chomhair leis na húdaráis inniúla teorann, le húdaráis eile de chuid na mBallstát, le haeriompróirí agus le gníomhaireachtaí ábhartha de chuid an Aontais, a áirithiú go soláthrófar sa lámhleabhar praiticiúil atá le hullmhú ag an gCoimisiún an treoir agus na soiléirithe uile is gá. |
|
(14) |
Chun cáilíocht na sonraí API a fheabhsú, ba cheart don ródaire atá le bunú faoin Rialachán seo a fhíorú an bhfuil na sonraí API a d’aistrigh aeriompróirí chuige ag comhlíonadh na bhformáidí sonraí tacaithe, lena n-áirítear réimsí caighdeánaithe sonraí nó cóid, ó thaobh inneachair agus struchtúir araon. I gcás ina suitear leis an bhfíorú nach bhfuil na sonraí ag comhlíonadh na bhformáidí sonraí sin, ba cheart don ródaire fógra a thabhairt láithreach agus ar bhealach uathoibrithe don aeriompróir lena mbaineann. |
|
(15) |
Tá sé tábhachtach nach mbeadh tionchar diúltach ag na córais uathoibrithe bailithe sonraí agus ag na próisis eile a bhunaítear faoin Rialachán seo ar na fostaithe i dtionscal na heitlíochta, a bhfuil deiseanna uas-scilithe agus athscilithe le soláthar dóibh a mhéadódh éifeachtúlacht agus iontaofacht an bhailithe agus an aistrithe sonraí chomh maith leis na dálaí oibre san earnáil. |
|
(16) |
Ba cheart an deis a bheith ag paisinéirí sonraí API áirithe a sholáthar iad féin trí mhodhanna uathoibrithe le linn próiseas seiceála isteach ar líne, mar shampla trí fheidhmchlár slán ar fhón cliste paisinéara, ar ríomhaire nó ar cheamara gréasáin a bhfuil sé ar a chumas sonraí meaisín-inléite an doiciméid taistil a léamh. I gcás nach seiceálann paisinéirí isteach ar líne, ba cheart d’aeriompróirí an deis a thabhairt dóibh na sonraí API meaisín-inléite is gá a sholáthar le linn dóibh seiceáil isteach ag an aerfort le cúnamh ó bhoth féinseirbhíse nó ó bhall foirne aeriompróirí ag an gcuntar seiceála isteach. Gan dochar do shaoirse aeriompróirí táillí aeir a shocrú agus a mbeartas tráchtála a shainiú, tá sé tábhachtach nach mbeadh na hoibleagáidí faoin Rialachán seo ina gcúis le bacainní díréireacha do phaisinéirí nach bhfuil in ann úsáid a bhaint as modhanna ar líne chun sonraí API a sholáthar, amhail táillí breise as sonraí API a sholáthar ag an aerfort. Ina theannta sin, ba cheart foráil a dhéanamh sa Rialachán seo maidir le hidirthréimhse ar lena linn a thabharfar an deis do phaisinéirí sonraí API a sholáthar de láimh mar chuid den phróiseas seiceála isteach ar líne. I gcásanna den sórt sin, ba cheart d’aeriompróirí úsáid a bhaint as teicnící fíoraithe sonraí. |
|
(17) |
D’fhonn comhlíonadh na gceart dá bhforáiltear faoin gCairt a áirithiú agus d’fhonn roghanna taistil inrochtana agus cuimsitheacha a áirithiú, go háirithe do ghrúpaí leochaileacha agus do dhaoine faoi mhíchumas, agus i gcomhréir leis na cearta atá ag daoine faoi mhíchumas agus daoine a bhfuil a soghluaisteacht laghdaithe agus iad ag taisteal d’aer mar a leagtar amach i Rialachán (CE) Uimh. 1107/2006 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (8), ba cheart d’aeriompróirí, le tacaíocht ó na Ballstáit, a áirithiú go mbeidh rogha ar fáil i gcónaí do phaisinéirí na sonraí is gá a sholáthar ag an aerfort. |
|
(18) |
I bhfianaise na mbuntáistí a sholáthraítear trí mhodhanna uathoibrithe a úsáid chun sonraí API meaisín-inléite a bhailiú agus i bhfianaise na soiléireachta a eascraíonn as na ceanglais theicniúla ina leith sin atá le glacadh faoin Rialachán seo, ba cheart an deis a sholáthar d’aeriompróirí a chinneann modhanna uathoibrithe a úsáid chun an fhaisnéis a bhailiú a gceanglaítear orthu í a tharchur faoi Threoir 2004/82/CE, ach gan oibleagáid a bheith orthu na ceanglais sin a chur i bhfeidhm, nuair a ghlacfar iad, i dtaca leis an úsáid sin a bhaint as modhanna uathoibrithe, a mhéid atá an Treoir sin infheidhme agus a mhéid a cheadaítear an méid sin a dhéanamh léi. Maidir le haon chur i bhfeidhm deonach den sórt sin maidir leis na sonraíochtaí sin i gcur i bhfeidhm Threoir 2004/82/CE, níor cheart a thuiscint go ndéanfaidh sé difear ar bhealach ar bith d’oibleagáidí na n-aeriompróirí agus na mBallstát faoin Treoir sin. |
|
(19) |
D’fhonn a áirithiú go mbeidh na réamhsheiceálacha a dhéanfaidh na húdaráis inniúla teorann roimh ré éifeachtach agus éifeachtúil, ba cheart a bheith sna sonraí API a aistrítear chuig na húdaráis sin sonraí paisinéirí a bheidh ar tí na teorainneacha seachtracha a thrasnú, is é sin, sonraí paisinéirí atá ar bord an aerárthaigh i ndáiríre, gan beann ar cheann scríbe deiridh an phaisinéara a bheith laistigh den Aontas nó lasmuigh de. Dá bhrí sin, ba cheart d’aeriompróirí sonraí API a aistriú láithreach tar éis dhúnadh na heitilte. Thairis sin, cuidíonn sonraí API leis na húdaráis inniúla teorann idirdhealú a dhéanamh idir paisinéirí dlisteanacha agus paisinéirí a d’fhéadfadh a bheith ina n-ábhar spéise agus, dá bhrí sin, a bhféadfadh sé go mbeadh gá le fíoruithe breise a dhéanamh orthu, rud a d’fhágfadh go mbeadh gá le bearta leantacha a chomhordú agus a ullmhú tuilleadh ar theacht dóibh. D’fhéadfadh sé sin tarlú, mar shampla, i gcásanna ina mbeadh líon gan choinne de phaisinéirí a bheadh ina n-ábhar spéise a bhféadfadh a seiceálacha fisiceacha ag na teorainneacha tionchar diúltach a bheith acu ar sheiceálacha teorann agus ar thréimhsí feithimh na bpaisinéirí dlisteanacha eile ag teorainneacha. Chun deis a thabhairt do na húdaráis inniúla teorann bearta leordhóthanacha comhréireacha a ullmhú ag an teorainn, amhail cur leis an bhfoireann nó í a ath-imlonnú go sealadach, go háirithe le haghaidh eitiltí nach leor an t-am maidir leo idir dúnadh na n-eitiltí agus teacht na n-údarás inniúil teorann ag na teorainneacha seachtracha chun go bhféadfaidh siad an freagra is iomchuí a ullmhú, ba cheart sonraí API a aistriú freisin sula rachaidh paisinéirí ar bord, tráth seiceála isteach gach paisinéara. |
|
(20) |
Chun aon riosca maidir le mí-úsáid a sheachaint agus i gcomhréir le prionsabal an teorannaithe de réir cuspóra, ba cheart cosc a chur go sainráite ar na húdaráis inniúla teorann na sonraí API a fhaigheann siad faoin Rialachán seo a phróiseáil chun aon chríche seachas na críocha sin dá bhforáiltear go sainráite sa Rialachán seo agus i gcomhréir leis na rialacha a leagtar amach i Rialachán (AE) 2016/399 do na Ballstáit a bhfuil feidhm ag an Rialachán sin maidir leo nó, i gcás nach bhfuil feidhm ag an Rialachán sin maidir leo, i gcomhréir leis na rialacha ábhartha a leagtar amach sa dlí náisiúnta. |
|
(21) |
Chun a áirithiú go mbeidh dóthain ama ag na húdaráis inniúla teorann chun réamhsheiceálacha éifeachtacha a dhéanamh ar gach paisinéir, lena n-áirítear paisinéirí ar eitiltí cianaistir agus iad siúd a bheidh ag taisteal ar nasceitiltí, mar aon le dóthain ama chun a áirithiú go mbeidh na sonraí API a bhailíonn agus a aistríonn aeriompróirí cruinn, iomlán agus cothrom le dáta, agus i gcás inar gá chun soiléirithe, ceartuithe nó comhlánuithe breise a iarraidh ó aeriompróirí, chun a áirithiú go leanfaidh sonraí API de bheith ar fáil go dtí go mbeidh na paisinéirí uile tar éis iad féin a chur i láthair go héifeachtach ag an bpointe trasnaithe teorann, ba cheart do na húdaráis inniúla teorann na sonraí API a fuair siad faoin Rialachán seo a stóráil ar feadh tréimhse ama shocraithe a bheidh teoranta don mhéid a bhfuil fíorghá leis chun na gcríoch sin. I gcásanna eisceachtúla nuair nach ndéanann paisinéirí aonair, tar éis dóibh tuirlingt, iad féin a chur i láthair ag pointe trasnaithe teorann laistigh den tréimhse ama shocraithe sin, ba cheart an deis a bheith ag na Ballstáit a chur ar chumas a n-údarás inniúil teorann sonraí API na bpaisinéirí aonair sin a stóráil go dtí go gcuirfidh siad iad féin i láthair ag pointe trasnaithe teorann nó ar feadh tréimhse bhreise ama shocraithe ar a dhéanaí. I gcás inar mian leis na Ballstáit leas a bhaint as an bhféidearthacht sin, ba cheart do na Ballstáit a bheith freagrach as na modhanna iomchuí a chur i bhfeidhm chun na paisinéirí aonair sin a shainaithint, chun a áirithiú go mbeidh coinneáil níos faide a sonraí sonracha API teoranta don mhéid a bhfuil fíorghá leis. |
|
(22) |
Chun bheith ábalta freagairt d’iarratais chun soiléirithe, ceartuithe nó comhlánuithe breise a iarraidh ó na húdaráis inniúla teorann, ba cheart d’aeriompróirí na sonraí API a d’aistrigh siad faoin Rialachán seo a stóráil ar feadh tréimhse ama shocraithe a bhfuil fíorghá léi. Thairis sin, agus d’fhonn eispéireas taistil paisinéirí dlisteanacha a fheabhsú, ba cheart d’aeriompróirí a bheith in ann sonraí API a choinneáil agus a úsáid i gcás inar gá le haghaidh ghnáthchúrsa a ngnó, go háirithe chun taisteal a éascú, i gcomhréir leis an dlí is infheidhme agus go háirithe Rialachán (AE) 2016/679 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (9). |
|
(23) |
Chun an cás a sheachaint ina mbeadh ar aeriompróirí naisc iomadúla le húdaráis inniúla teorann na mBallstát a bhunú agus a choimeád chun sonraí API arna mbailiú faoin Rialachán seo a aistriú, agus ar an gcaoi sin an neamhéifeachtúlacht agus na rioscaí slándála lena mbaineann a sheachaint, ba cheart foráil a dhéanamh maidir le ródaire aonair, arna chruthú agus arna oibriú ar leibhéal an Aontais i gcomhréir leis an Rialachán seo agus le Rialachán (AE) 2025/13 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (10), a fheidhmíonn mar phointe nasctha agus dáileacháin do na haistrithe sin. Ar mhaithe le héifeachtúlacht agus costéifeachtacht, ba cheart don ródaire, a mhéid is féidir go teicniúil agus ag cloí go hiomlán le rialacha an Rialacháin seo agus Rialachán (AE) 2025/13 , a bheith ag brath ar chomhpháirteanna teicniúla ó chórais ábhartha eile arna gcruthú faoi dhlí an Aontais, go háirithe an tseirbhís gréasáin dá dtagraítear i Rialachán (AE) 2017/2226 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (11), an geata iompróra dá dtagraítear i Rialachán (AE) 2018/1240 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (12) agus an geata iompróra dá dtagraítear i Rialachán (CE) Uimh. 767/2008 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (13). Chun an tionchar ar aeriompróirí a laghdú agus chun cur chuige comhchuibhithe i leith aeriompróirí a áirithiú, ba cheart do Ghníomhaireacht an Aontais Eorpaigh chun Bainistiú Oibríochtúil a dhéanamh ar Chórais Mhórscála TF sa Limistéar Saoirse, Slándála agus Ceartais (eu-LISA), arna bunú le Rialachán (AE) 2018/1726 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (14), an ródaire a dhearadh, a mhéid is féidir go teicniúil agus go hoibríochtúil, ar bhealach atá comhleanúnach agus comhsheasmhach leis na hoibleagáidí ar aeriompróirí a leagtar amach i Rialacháin (CE) Uimh. 767/2008, (AE) 2017/2226 agus (AE) 2018/1240. |
|
(24) |
Chun feabhas a chur ar éifeachtúlacht tharchur na sonraí aerthráchta agus chun tacú le faireachán a dhéanamh ar na sonraí API a tharchuirtear chuig na húdaráis inniúla teorann, ba cheart don ródaire sonraí tráchta eitilte fíor-ama arna mbailiú ag eagraíochtaí eile, amhail an Eagraíocht Eorpach um Shábháilteacht na hAerloingseoireachta (Eurocontrol), a fháil. |
|
(25) |
Faoin Rialachán seo, ba cheart don ródaire na sonraí API a tharchur chuig na húdaráis inniúla teorann ábhartha ar bhealach uathoibrithe, ar cheart é a chinneadh ar bhonn an phointe trasnaithe teorann teacht isteach i gcríoch an Bhallstáit atá san áireamh sna sonraí API lena mbaineann. Chun an próiseas dáileacháin a éascú, ba cheart do gach Ballstát a léiriú cé na húdaráis teorann atá inniúil chun na sonraí API arna dtarchur ón ródaire a fháil. Is féidir leis na Ballstáit pointe aonair iontrála sonraí a bhunú a fhaigheann na sonraí API ón ródaire agus a chuireann na sonraí sin ar aghaidh láithreach agus ar bhealach uathoibrithe chuig údaráis inniúla teorann an Bhallstáit lena mbaineann. Chun feidhmiú cuí an Rialacháin seo a áirithiú agus ar mhaithe le trédhearcacht, ba cheart an fhaisnéis faoi na húdaráis inniúla teorann a chur ar fáil don phobal. |
|
(26) |
Níor cheart go bhfeidhmeofaí an ródaire ach chun aistriú sonraí API ó na haeriompróirí chuig na húdaráis inniúla teorann a éascú i gcomhréir leis an Rialachán seo, agus níor cheart gur stór sonraí API é. Dá bhrí sin, agus chun aon riosca a bhaineann le rochtain neamhúdaraithe nó mí-úsáid eile a íoslaghdú agus i gcomhréir le prionsabal an íoslaghdaithe sonraí, níor cheart aon stóráil a dhéanamh ach amháin má tá fíorghá léi chun críoch teicniúil a bhaineann leis an tarchur agus ba cheart sonraí API a scriosadh ón ródaire, láithreach, go buan agus ar bhealach uathoibrithe, ón tráth a bheidh an tarchur déanta. |
|
(27) |
Chun ligean d’aeriompróirí leas a bhaint a luaithe is féidir as na buntáistí a sholáthraítear le húsáid an ródaire arna fhorbairt ag eu-LISA i gcomhréir leis an Rialachán seo agus le Rialachán (AE) 2025/13 , agus chun taithí a fháil ar úsáid an ródaire, ba cheart an deis a thabhairt d’aeriompróirí, ach gan an oibleagáid a chur orthu, úsáid a bhaint as an ródaire chun an fhaisnéis a aistriú a gceanglaítear orthu í a aistriú faoi Threoir 2004/82/CE le linn tréimhse idirlinne. Ba cheart tús a chur leis an idirthréimhse sin an tráth a chuirfidh an ródaire tús le hoibríochtaí agus ba cheart deireadh teacht léi nuair a scoireann na hoibleagáidí faoin Treoir sin d’fheidhm a bheith acu. D’fhonn a áirithiú go mbainfear aon úsáid dheonach den sórt sin as an ródaire ar bhealach freagrach, ba cheart comhaontú i scríbhinn roimh ré ón mBallstát atá leis an bhfaisnéis a fháil a bheith ag teastáil, arna iarraidh sin don aeriompróir agus tar éis don Bhallstát sin fíoruithe a dhéanamh agus dearbhuithe a fháil, de réir mar is gá. Mar an gcéanna, chun cás a sheachaint ina dtosódh aeriompróirí ag úsáid an ródaire agus ina stopfadh siad dá úsáid arís agus arís eile, a luaithe a thosóidh aeriompróir ag úsáid an ródaire mar sin ar bhonn deonach, ba cheart a cheangal air leanúint ar aghaidh lena úsáid, mura bhfuil cúiseanna oibiachtúla ann le scor d’úsáid an ródaire chun an fhaisnéis a aistriú chuig údaráis fhreagracha an Bhallstáit lena mbaineann, amhail más léir nach bhfuil an fhaisnéis á haistriú ar bhealach dleathach, slán, éifeachtach agus tapa. Ar mhaithe leis an bhféidearthacht sin maidir le húsáid dheonach an ródaire a chur i bhfeidhm go cuí, agus aird chuí á tabhairt ar chearta agus leasanna na bpáirtithe uile dá ndéantar difear, ba cheart foráil a dhéanamh sa Rialachán seo maidir leis na rialacha is gá i ndáil le comhairliúcháin agus i ndáil le soláthar faisnéise. Níor cheart a thuiscint as aon úsáid dheonach den sórt sin a bhaintear as an ródaire agus Treoir 2004/82/CE á cur i bhfeidhm, dá bhforáiltear sa Rialachán seo, go ndéanann sí difear ar bith d’oibleagáidí na n-aeriompróirí agus na mBallstát faoin Treoir sin. |
|
(28) |
Leis an ródaire atá le cruthú agus le hoibriú faoin Rialachán seo agus faoi Rialachán (AE) 2025/13 , ba cheart na naisc theicniúla a laghdú agus a shimpliú a theastaíonn chun sonraí API a aistriú faoin Rialachán seo, agus iad a theorannú do nasc aonair in aghaidh an aeriompróra agus in aghaidh an údaráis inniúil teorann. Dá bhrí sin, ba cheart foráil a dhéanamh leis an Rialachán seo d’oibleagáid go mbunóidh na húdaráis inniúla teorann agus na haeriompróirí nasc den sórt sin leis an ródaire agus go mbainfidh siad amach an comhtháthú is gá leis, chun a áirithiú gur féidir leis an gcóras aistrithe sonraí API a bhunaítear leis an Rialachán seo feidhmiú go cuí. Le dearadh agus forbairt an ródaire ag eu-LISA, ba cheart go mbeifí in ann córais agus bonneagair na n-aeriompróirí a nascadh agus a chomhtháthú go héifeachtach agus go héifeachtúil trí fhoráil a dhéanamh maidir leis na caighdeáin ábhartha agus na ceanglais theicniúla uile. Chun feidhmiú cuí an chórais a bhunaítear leis an Rialachán seo a áirithiú, ba cheart foráil a dhéanamh maidir le rialacha mionsonraithe. Agus an ródaire á cheapadh agus á fhorbairt aige, ba cheart do eu-LISA a áirithiú go ndéanfaí sonraí API a aistríonn aeriompróirí agus a tharchuirtear chuig údaráis inniúla teorann a chriptiú agus iad faoi bhealach. |
|
(29) |
I bhfianaise leasanna an Aontais atá i gceist, maidir leis na costais uile arna dtabhú ag eu-LISA agus a chúraimí faoin Rialachán seo á ndéanamh aige i ndáil leis an ródaire, lena n-áirítear dearadh agus forbairt an ródaire, óstáil agus bainistiú teicniúil an ródaire, agus an struchtúr rialachais in eu-LISA chun tacú le dearadh, forbairt, óstáil agus bainistiú teicniúil an ródaire, is ar bhuiséad an Aontais ba cheart do na costais sin titim. D’fhéadfadh feidhm a bheith ag an méid sin maidir leis na costais arna dtabhú ag na Ballstáit maidir lena naisc leis an ródaire, lena gcomhtháthú leis an ródaire agus lena gcothabháil, mar a cheanglaítear faoin Rialachán seo, i gcomhréir le dlí an Aontais is infheidhme. Tá sé tábhachtach go soláthrófaí tacaíocht airgeadais iomchuí do na Ballstáit i mbuiséad an Aontais i leith na gcostas sin. Chuige sin, ba cheart tacú le riachtanais airgeadais na mBallstát le buiséad ginearálta an Aontais, i gcomhréir leis na rialacha incháilitheachta agus na rátaí cómhaoinithe a leagtar síos sna gníomhartha dlí ábhartha de chuid an Aontais. Leis an ranníocaíocht bhliantúil ón Aontas a leithdháilfear ar eu-LISA, ba cheart na riachtanais a chumhdach a bhaineann leis an ródaire a óstáil agus a bhainistiú go teicniúil, bunaithe ar mheasúnú arna dhéanamh ag eu-LISA. Maidir leis an tacaíocht, amhail oiliúint, arna soláthar ag eu-LISA d’aeriompróirí agus d’údaráis inniúla teorann chun gur féidir sonraí API a aistriú agus a tharchur go héifeachtach tríd an ródaire, ba cheart do bhuiséad an Aontais an méid sin a chumhdach freisin. Maidir leis na costais arna dtabhú ag na húdaráis mhaoirseachta náisiúnta neamhspleácha i ndáil leis na cúraimí a chuirtear orthu faoin Rialachán seo, is ar na Ballstáit lena mbaineann ba cheart do na costais sin titim. |
|
(30) |
Ní féidir a chur as an áireamh go bhféadfadh sé, i ngeall ar imthosca eisceachtúla agus in ainneoin go ndearnadh gach beart réasúnach i gcomhréir leis an Rialachán seo, go gclisfeadh ar an mbonneagar lárnach nó ceann de chomhpháirteanna teicniúla an ródaire, nó na bonneagair chumarsáide a nascann na húdaráis inniúla teorann agus na haeriompróirí leis feidhmiú mar is ceart, agus mar sin bheadh sé dodhéanta ar chúiseanna teicniúla do na haeriompróirí sonraí API a aistriú nó do na húdaráis inniúla teorann sonraí API a fháil. I bhfianaise nach mbeidh an ródaire ar fáil agus nach mbeidh sé indéanta le réasún d’aeriompróirí go ginearálta na sonraí API dá ndearna an cliseadh difear a aistriú trí mhodh dleathach, slán, éifeachtach agus tapa trí mhodhanna eile, ba cheart deireadh a chur leis an oibleagáid ar aeriompróirí na sonraí API sin a aistriú chuig an ródaire fad is a mhairfidh an dodhéantacht theicniúil. Mar sin féin, chun a áirithiú go mbeidh fáil ar na sonraí API is gá chun éifeachtacht agus éifeachtúlacht na seiceálacha teorann ag teorainneacha seachtracha a fheabhsú agus a éascú agus chun an inimirce neamhdhleathach a chomhrac, ba cheart do na haeriompróirí leanúint de shonraí API a bhailiú agus a stóráil ionas gur féidir iad a aistriú a luaithe a bheidh an dodhéantacht theicniúil réitithe. Chun fad agus iarmhairtí diúltacha aon dodhéantachta teicniúla a íoslaghdú, ba cheart do na páirtithe lena mbaineann, i gcás den sórt sin, é sin a chur in iúl dá chéile láithreach agus gach beart is gá a dhéanamh láithreach chun aghaidh a thabhairt ar an dodhéantacht theicniúil. Ba cheart nár dhochar an socrú sin d’oibleagáidí na bpáirtithe uile lena mbaineann faoin Rialachán seo chun a áirithiú go bhfeidhmeoidh an ródaire agus a gcórais agus a mbonneagar faoi seach mar is cuí, agus go mbeidh aeriompróirí faoi réir pionós i gcás ina mainníonn siad na hoibleagáidí sin a chomhlíonadh, lena n-áirítear i gcásanna ina bhféachann siad le dul i muinín an tsocraithe sin i gcás nach bhfuil údar leis an spleáchas sin. Chun mí-úsáid den sórt sin a dhíspreagadh agus chun maoirseacht a éascú agus, más gá, forchur pionós, a éascú, ba cheart d’aeriompróirí a bhraitheann ar an socrú sin mar thoradh ar chliseadh a gcórais agus a mbonneagair féin tuairisc faoi sin a thabhairt don údarás inniúil maoirseachta. |
|
(31) |
I gcás ina mbíonn naisc dhíreacha ag aeriompróirí le húdaráis inniúla teorann chun sonraí API a aistriú, is féidir leis na naisc sin a bheith ina modhanna iomchuí chun an leibhéal slándála sonraí is gá a áirithiú chun sonraí API a aistriú go díreach chuig na húdaráis inniúla teorann i gcás ina bhfuil sé dodhéanta ar chúiseanna teicniúla an ródaire a úsáid. Ba cheart d’údaráis inniúla teorann a bheith in ann, i gcás eisceachtúil dodhéantachta teicniúla maidir leis an ródaire a úsáid, a iarraidh ar aeriompróirí na modhanna iomchuí sin a úsáid, rud nach dtugann le fios go bhfuil oibleagáid ar aeriompróirí naisc dhíreacha den sórt sin nó aon mhodhanna iomchuí eile a chothabháil nó a thabhairt isteach, lena n-áirithítear an leibhéal slándála sonraí is gá, chun sonraí API a aistriú go díreach chuig na húdaráis inniúla teorann. Le haistriú eisceachtúil sonraí API trí aon mhodh iomchuí eile, amhail ríomhphost criptithe nó tairseach ghréasáin shlán, gan úsáid formáidí leictreonacha neamhchaighdeánacha a áireamh, ba cheart an leibhéal slándála sonraí, cáilíochta sonraí agus cosanta sonraí is gá a áirithiú. Ba cheart sonraí API a fhaigheann na húdaráis inniúla teorann trí mhodhanna iomchuí eile den sórt sin a phróiseáil tuilleadh i gcomhréir leis na rialacha agus na coimircí cosanta sonraí a leagtar amach i Rialachán (AE) 2016/399 agus sa dlí náisiúnta is infheidhme. Tar éis fógra a fháil ó eu-LISA go bhfuil aghaidh tugtha go rathúil ar an dodhéantacht theicniúil, agus i gcás ina ndearbhaítear go bhfuil tarchur na sonraí API chuig an údarás inniúil teorann tríd an ródaire curtha i gcrích, ba cheart don údarás inniúil teorann na sonraí API a fuair sé roimhe sin trí aon mhodhanna iomchuí eile a scriosadh láithreach. Níor cheart don scriosadh sin difear a dhéanamh do chásanna sonracha ina ndearnadh tuilleadh próiseála idir an dá linn ar na sonraí API a fhaigheann na húdaráis inniúla teorann trí aon mhodh iomchuí eile i gcomhréir le Rialachán (AE) 2016/679 chun éifeachtacht agus éifeachtúlacht seiceálacha teorann ag teorainneacha seachtracha a fheabhsú agus a éascú agus chun inimirce neamhdhleathach a chomhrac. |
|
(32) |
Chun a áirithiú go gcomhlíonfar an ceart bunúsach go ndéanfar sonraí pearsanta a chosaint, ba cheart an rialaitheoir agus an próiseálaí a shainaithint agus rialacha maidir le hiniúchtaí a leagan amach leis an Rialachán seo. Ar mhaithe le faireachán éifeachtach a dhéanamh, cosaint leordhóthanach sonraí pearsanta a áirithiú agus rioscaí slándála a íoslaghdú, ba cheart foráil a dhéanamh freisin i leith rialacha maidir le logáil, slándáil próiseála agus féinfhaireachán. I gcás ina mbaineann siad le próiseáil sonraí pearsanta, ba cheart na forálacha sin a bheith i gcomhréir le gníomhartha dlí an Aontais is infheidhme go ginearálta maidir le cosaint sonraí pearsanta, go háirithe Rialachán (AE) 2016/679 agus Rialachán (AE) 2018/1725 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (15). |
|
(33) |
Gan dochar do rialacha níos sonraí a leagtar síos sa Rialachán seo maidir le sonraí pearsanta a phróiseáil, ba cheart feidhm a bheith ag Rialachán (AE) 2016/679 maidir le próiseáil sonraí pearsanta ag na Ballstáit agus ag aeriompróirí faoin Rialachán seo. Ba cheart feidhm a bheith ag Rialachán (AE) 2018/1725 maidir le próiseáil sonraí pearsanta a dhéanann eu-LISA agus a fhreagrachtaí faoin Rialachán seo á gcomhlíonadh aige. |
|
(34) |
Agus an ceart atá ag paisinéirí go gcuirfear ar an eolas iad maidir le próiseáil a gcuid sonraí pearsanta á chur san áireamh, ba cheart do na Ballstáit a áirithiú go soláthrófar faisnéis chruinn do phaisinéirí faoi bhailiú sonraí API, faoi aistriú sonraí den sórt sin chuig na húdaráis inniúla teorann agus faoina gcearta mar ábhair sonraí, ar faisnéis í a bheidh inrochtana go héasca agus a bheidh éasca a thuiscint, tráth áirithint na heitilte agus tráth na seiceála isteach. |
|
(35) |
Ba cheart do na húdaráis mhaoirseachta neamhspleácha dá dtagraítear in Airteagal 51 de Rialachán (AE) 2016/679 nó don chomhlacht iniúchóireachta ar chuir an t-údarás maoirseachta an cúram sin air tabhairt faoi na hiniúchtaí ar chosaint sonraí pearsanta a bhfuil na Ballstáit freagrach astu. |
|
(36) |
Is iad críocha na n-oibríochtaí próiseála faoin Rialachán seo, eadhon sonraí API a tharchur ó aeriompróirí tríd an ródaire chuig údaráis inniúla teorann na mBallstát, cúnamh a thabhairt do na húdaráis sin i bhfeidhmiú a n-oibleagáidí bainistithe teorann agus a gcúraimí a bhaineann le hinimirce neamhdhleathach a chomhrac. Dá bhrí sin, ba cheart do na Ballstáit údaráis a ainmniú le bheith ina rialaitheoirí maidir le próiseáil na sonraí sa ródaire, tarchur na sonraí ón ródaire chuig na húdaráis inniúla teorann, agus próiseáil na sonraí sin ina dhiaidh sin chun seiceálacha teorann ag teorainneacha seachtracha a fheabhsú agus a éascú. Ba cheart do na Ballstáit na húdaráis sin a chur in iúl don Choimisiún agus do eu-LISA. Chun sonraí pearsanta a phróiseáil sa ródaire, ba cheart do na Ballstáit a bheith ina rialaitheoirí comhpháirteacha i gcomhréir le hAirteagal 26 de Rialachán (AE) 2016/679. Ba cheart na haeriompróirí, ar a seal, a bheith ina rialaitheoirí ar leithligh maidir le próiseáil sonraí API arb ionann iad agus sonraí pearsanta faoin Rialachán seo. Ar an mbonn sin, ba cheart na haeriompróirí agus na húdaráis inniúla teorann a bheith ina rialaitheoirí ar leithligh maidir leis na hoibríochtaí próiseála ar shonraí API faoin Rialachán seo. Ós rud é go bhfuil eu-LISA freagrach as dearadh, forbairt, óstáil agus bainistiú teicniúil an ródaire, ba cheart dó a bheith ina phróiseálaí chun sonraí API arb ionann iad agus sonraí pearsanta a phróiseáil tríd an ródaire, lena n-áirítear tarchur na sonraí ón ródaire chuig na húdaráis inniúla teorann agus stóráil na sonraí sin ar an ródaire a mhéid is gá stóráil den sórt sin chun críoch teicniúil. |
|
(37) |
Chun a áirithiú go gcuirfidh aeriompróirí rialacha an Rialacháin seo i bhfeidhm go héifeachtach, ba cheart foráil a dhéanamh maidir le hainmniú agus cumhachtú na n-údarás náisiúnta mar údaráis mhaoirseachta náisiúnta API a mbeidh sé de chúram orthu faireachán a dhéanamh ar chur i bhfeidhm na rialacha sin. Is féidir leis na Ballstáit a n-údaráis inniúla teorann a ainmniú mar údaráis mhaoirseachta náisiúnta API. I gcás rialacha an Rialacháin seo maidir le faireachán den sórt sin, lena n-áirítear maidir le pionóis a fhorchur i gcás inar gá, ba cheart nach ndéanfaí difear do chúraimí ná do chumhachtaí na n-údarás maoirseachta arna mbunú i gcomhréir le Rialachán (AE) 2016/679, lena n-áirítear maidir le próiseáil sonraí pearsanta faoin Rialachán seo. |
|
(38) |
Ba cheart do na Ballstáit foráil a dhéanamh maidir le pionóis éifeachtacha, chomhréireacha agus athchomhairleacha, lena n-áirítear pionóis airgeadais agus neamhairgeadais, i gcoinne na n-aeriompróirí sin a mhainníonn a n-oibleagáidí faoin Rialachán seo a chomhlíonadh, lena n-áirítear maidir le bailiú sonraí API trí mhodhanna uathoibrithe agus aistriú na sonraí i gcomhréir leis na hamchláir, na formáidí agus na prótacail is gá. Go háirithe, ba cheart do na Ballstáit a áirithiú go mbeidh mainneachtain leanúnach ag aeriompróirí ina gcáil mar dhaoine dlítheanacha a n-oibleagáid a chomhlíonadh maidir le haon sonraí API a aistriú chuig an ródaire i gcomhréir leis an Rialachán seo faoi réir pionóis airgeadais chomhréireacha suas le 2 % de láimhdeachas iomlán an aeriompróra sa bhliain airgeadais roimhe sin. Ina theannta sin, ba cheart do na Ballstáit a bheith in ann pionóis, lena n-áirítear pionóis airgeadais, a ghearradh ar aeriompróirí as cineálacha eile neamhchomhlíonta oibleagáidí faoin Rialachán seo. |
|
(39) |
Agus foráil á déanamh do rialacha maidir leis na pionóis is infheidhme maidir le haeriompróirí faoin Rialachán seo, d’fhéadfadh na Ballstáit a chur san áireamh an bhfuil sé indéanta go teicniúil agus go hoibríochtúil cruinneas iomlán sonraí a áirithiú. Ina theannta sin, nuair a fhorchuirtear pionóis, ba cheart a gcur i bhfeidhm agus a luach a bhunú. D’fhéadfadh údaráis mhaoirseachta náisiúnta API na gníomhaíochtaí a rinne an t-aeriompróir chun an tsaincheist a mhaolú a chur san áireamh, chomh maith lena leibhéal comhair leis na húdaráis náisiúnta. |
|
(40) |
Ba cheart struchtúr rialachais aonair a bheith ann chun críocha an Rialacháin seo agus Rialachán (AE) 2025/13. Agus é mar chuspóir cumarsáid a chumasú agus a chothú idir ionadaithe ó aeriompróirí agus ionadaithe ó údaráis na mBallstát atá inniúil faoin Rialachán seo agus faoi Rialachán (AE) 2025/13 chun sonraí API a tharchur ón ródaire, ba cheart dhá chomhlacht thiomnaithe a bhunú 2 bhliain ar a dhéanaí tar éis thús oibríochtaí an ródaire. Ba cheart ábhair theicniúla a bhaineann le húsáid agus feidhmiú an ródaire a phlé sa Ghrúpa Teagmhála API-PNR, grúpa inar cheart ionadaithe eu-LISA a bheith i láthair freisin. Ba cheart ábhair bheartais, amhail maidir le pionóis, a phlé sa Ghrúpa Saineolaithe API. |
|
(41) |
Ós rud é go bhforáiltear leis an Rialachán seo do rialacha nua a bhunú maidir le bailiú agus aistriú sonraí API chun éifeachtacht agus éifeachtúlacht seiceálacha teorann ag teorainneacha seachtracha a fheabhsú agus a éascú, ba cheart Treoir 2004/82/CE a aisghairm. |
|
(42) |
Ós rud é gur cheart do eu-LISA an ródaire a dhearadh, a fhorbairt, a óstáil agus a bhainistiú go teicniúil, is gá Rialachán (AE) 2018/1726 a leasú tríd an gcúram sin a chur le cúraimí eu-LISA. Chun tuarascálacha agus staidreamh an ródaire a stóráil ar an lárstóras um thuairisciú agus staidreamh (CRRS) a bunaíodh le Rialachán (AE) 2019/817 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (16), is gá an Rialachán sin a leasú. Chun tacú le forfheidhmiú an Rialacháin seo ag an údarás maoirseachta náisiúnta API, is gá a áireamh leis na leasuithe ar Rialachán (AE) 2019/817 forálacha maidir le staidreamh i dtaobh an bhfuil na sonraí API cruinn agus iomlán, mar shampla trína léiriú ar bailíodh na sonraí trí mhodhanna uathoibrithe. Tá sé tábhachtach freisin staidreamh iontaofa úsáideach a bhailiú a bhaineann le cur chun feidhme an Rialacháin seo chun tacú lena chuspóirí agus chun bonn eolais a chur faoi na meastóireachtaí faoin Rialachán seo. Níor cheart aon sonraí pearsanta a bheith i staidreamh den sórt sin. Dá bhrí sin, níor cheart do CRRS staidreamh a sholáthar atá bunaithe ar shonraí API ach amháin chun an Rialachán seo a chur chun feidhme agus chun faireachán éifeachtach a dhéanamh ar a chur i bhfeidhm. Leis na sonraí a tharchuireann an ródaire go huathoibríoch chuig CRRS chun na críche sin, níor cheart a bheith in ann na paisinéirí lena mbaineann a shainaithint. |
|
(43) |
Chun soiléireacht dhlíthiúil agus deimhneacht dhlíthiúil a mhéadú, chun rannchuidiú le cáilíocht sonraí a áirithiú, chun úsáid fhreagrach na modhanna uathoibrithe a áirithiú chun sonraí API meaisín-inléite a bhailiú faoin Rialachán seo agus chun a áirithiú go mbaileofar sonraí API de láimh in imthosca eisceachtúla agus le linn na hidirthréimhse, chun soiléireacht a thabhairt maidir leis na ceanglais theicniúla is infheidhme i ndáil le haeriompróirí agus a theastaíonn chun a áirithiú go ndéanfar na sonraí API a bhailigh siad faoin Rialachán seo a aistriú chuig an ródaire ar bhealach slán, éifeachtach agus tapa agus chun a áirithiú go ndéanfar sonraí míchruinne nó neamhiomlána nó sonraí nach bhfuil cothrom le dáta a thuilleadh a cheartú, a chomhlánú nó a nuashonrú, ba cheart an chumhacht chun gníomhartha a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 290 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh a tharmligean chuig an gCoimisiún chun deireadh a chur leis an idirthréimhse chun sonraí API a bhailiú de láimh; chun bearta a ghlacadh maidir leis na ceanglais theicniúla agus na rialacha oibríochtúla ar cheart d’aeriompróirí a chomhlíonadh maidir le modhanna uathoibrithe a úsáid chun sonraí API meaisín-inléite a bhailiú faoin Rialachán seo, chun sonraí API a bhailiú de láimh in imthosca eisceachtúla, agus chun sonraí API a bhailiú le linn na hidirthréimhse, lena n-áirítear maidir le ceanglais i ndáil le slándáil sonraí; chun rialacha mionsonraithe a leagan síos maidir leis na prótacail choiteanna agus na formáidí sonraí tacaithe atá le húsáid le haghaidh aistriú criptithe sonraí API ag aeriompróirí, lena n-áirítear ceanglais maidir le slándáil sonraí; agus chun rialacha mionsonraithe a leagan síos maidir le sonraí API a cheartú, a chomhlánú agus a nuashonrú. Tá sé tábhachtach, go háirithe, go rachadh an Coimisiún i mbun comhairliúcháin iomchuí le geallsealbhóirí ábhartha, lena n-áirítear aeriompróirí, le linn a chuid oibre ullmhúcháin, lena n-áirítear ar leibhéal na saineolaithe, agus go ndéanfaí na comhairliúcháin sin i gcomhréir leis na prionsabail a leagtar síos i gComhaontú Idirinstitiúideach an 13 Aibreán 2016 maidir le Reachtóireacht Níos Fearr (17). Go sonrach, chun rannpháirtíocht chomhionann in ullmhú na ngníomhartha tarmligthe a áirithiú, faigheann Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle na doiciméid uile ag an am céanna leis na saineolaithe sna Ballstáit, agus bíonn rochtain chórasach ag a gcuid saineolaithe ar chruinnithe ghrúpaí saineolaithe an Choimisiúin a bhíonn ag déileáil le hullmhú na ngníomhartha tarmligthe. Agus an úrscothacht á cur san áireamh, d’fhéadfadh athrú teacht ar na ceanglais theicniúla agus ar na rialacha oibríochtúla sin le himeacht ama. |
|
(44) |
Chun coinníollacha aonfhoirmeacha a áirithiú maidir leis an Rialachán seo a chur chun feidhme, is é sin maidir le tús a chur le hoibríochtaí an ródaire; na rialacha teicniúla agus nós imeachta le haghaidh na bhfíoruithe ar shonraí agus na bhfógraí sonraí; na rialacha teicniúla agus nós imeachta maidir le tarchur sonraí API ón ródaire chuig na húdaráis inniúla teorann ar bhealach lena n-áirithítear go mbeidh an tarchur slán, éifeachtach agus tapa agus nach mbeidh tionchar níos mó ná mar is gá aige ar thaisteal paisinéirí agus aeriompróirí, agus naisc agus comhtháthú na n-údarás inniúil teorann agus na n-aeriompróirí leis an ródaire, agus chun freagrachtaí na mBallstát mar rialaitheoirí comhpháirteacha a shonrú, amhail maidir le teagmhais slándála a shainaithint agus a bhainistiú, lena n-áirítear sáruithe i ndáil le sonraí pearsanta, agus an caidreamh idir na rialaitheoirí comhpháirteacha agus eu-LISA mar phróiseálaí, lena n-áirítear cúnamh eu-LISA do na rialaitheoirí i dtaca le bearta teicniúla agus eagraíochtúla iomchuí, a mhéid is féidir, d’fhonn oibleagáidí an rialaitheora a chomhlíonadh maidir le hiarrataí a fhreagairt ar fheidhmiú chearta na n-ábhar sonraí, ba cheart cumhachtaí cur chun feidhme a thabhairt don Choimisiún. Ba cheart na cumhachtaí sin a fheidhmiú i gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh. 182/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (18). |
|
(45) |
Ba cheart dóthain ama a thabhairt do na páirtithe leasmhara uile, agus go háirithe do na haeriompróirí agus do na húdaráis inniúla teorann, chun na hullmhúcháin is gá a dhéanamh ionas go mbeidh siad ábalta a n-oibleagáidí féin faoin Rialachán seo a chomhlíonadh, ag cur san áireamh nach féidir cuid de na hullmhúcháin sin, amhail na hullmhúcháin maidir leis na hoibleagáidí i dtaca leis an nasc leis an ródaire agus leis an gcomhtháthú leis an ródaire, a thabhairt chun críche ach amháin nuair a bheidh céimeanna deartha agus forbartha an ródaire curtha i gcrích agus nuair a chuirfidh an ródaire tús le hoibríochtaí. Dá bhrí sin, níor cheart feidhm a bheith ag an Rialachán seo ach ó dháta iomchuí tar éis an dáta a chuirfidh an ródaire tús le hoibríochtaí, mar a shonraíonn an Coimisiún i gcomhréir leis an Rialachán seo agus Rialachán (AE) 2025/13. Ba cheart, áfach, an Coimisiún a bheith in ann gníomhartha tarmligthe agus cur chun feidhme a ghlacadh faoin Rialachán seo cheana ó dháta níos luaithe, chun a áirithiú go mbeidh an córas a chuirtear ar bun leis an Rialachán seo ag feidhmiú chomh luath agus is féidir. |
|
(46) |
Ba cheart céimeanna deartha agus forbartha an ródaire a bhunaítear faoin Rialachán seo agus faoi Rialachán (AE) 2025/13 a thosú agus a chríochnú a luaithe is féidir, áfach, ionas gur féidir leis an ródaire tús a chur le hoibríochtaí a luaithe is féidir, rud a éilíonn freisin go nglacfar na gníomhartha tarmligthe agus cur chun feidhme ábhartha dá bhforáiltear leis an Rialachán seo. Chun na céimeanna sin a fhorbairt go rianúil agus go héifeachtach, ba cheart Bord Bainistíochta Cláir tiomnaithe a bhunú a mbeidh sé mar fheidhm aige maoirseacht a dhéanamh ar eu-LISA maidir lena chúraimí a chomhlíonadh le linn na gcéimeanna sin. Ba cheart dó scor de bheith ann 2 bhliain tar éis don ródaire tús a chur lena chuid oibríochtaí. Ina theannta sin, ba cheart comhlacht comhairleach tiomnaithe, an Grúpa Comhairleach API-PNR, a chruthú i gcomhréir le Rialachán (AE) 2018/1726, agus é de chuspóir aige saineolas a chur ar fáil do eu-LISA agus do Bhord Bainistíochta an Chláir maidir le céimeanna deartha agus forbartha an ródaire, agus do eu-LISA maidir leis an ródaire a óstáil agus a bhainistiú. Ba cheart Bord Bainistíochta an Chláir agus an Grúpa Comhairleach API-PNR a bhunú agus a oibriú de réir shamhlacha na mbord bainistíochta cláir agus na ngrúpaí comhairleacha atá ann cheana. |
|
(47) |
Ba cheart an Rialachán seo a bheith faoi réir meastóireachtaí tráthrialta chun faireachán ar chur i bhfeidhm éifeachtach an Rialacháin a áirithiú. Go háirithe, níor cheart bailiú sonraí API a bheith chun dochair d’eispéireas taistil paisinéirí dlisteanacha. Dá bhrí sin, ba cheart don Choimisiún measúnú ar thionchar an Rialacháin seo ar eispéireas taistil paisinéirí dlisteanacha a áireamh ina thuarascálacha meastóireachta tráthrialta ar chur i bhfeidhm an Rialacháin seo. Ba cheart a áireamh sa mheastóireacht freisin measúnú ar cháilíocht na sonraí arna seoladh ag an ródaire, chomh maith le feidhmíocht an ródaire i ndáil leis na húdaráis inniúla teorann. |
|
(48) |
Ba cheart an soiléiriú dá bhforáiltear leis an Rialachán seo maidir le cur i bhfeidhm sonraíochtaí a bhaineann le húsáid modhanna uathoibrithe agus Treoir 2004/82/CE á cur i bhfeidhm a sholáthar gan mhoill freisin. Dá bhrí sin, ba cheart feidhm a bheith ag na forálacha maidir leis na hábhair sin ó dháta theacht i bhfeidhm an Rialacháin seo. Ina theannta sin, ionas gur féidir an ródaire a úsáid go deonach a luaithe is féidir, ba cheart feidhm a bheith ag na forálacha maidir le húsáid den sórt sin, chomh maith le forálacha áirithe eile is gá chun a áirithiú go dtarlóidh úsáid den sórt sin ar bhealach freagrach, a luaithe is féidir, is é sin, ón tráth a chuirfidh an ródaire tús le hoibríochtaí. |
|
(49) |
Ós rud é go mbeidh costais bhreise choigeartaithe agus riaracháin do na haeriompróirí ag teastáil mar gheall ar an Rialachán seo, ba cheart athbhreithniú grinn a dhéanamh ar an ualach rialála foriomlán atá ar an earnáil eitlíochta. Sa chomhthéacs sin, ba cheart, sa tuarascáil ina ndéantar meastóireacht ar fheidhmiú an Rialacháin seo, measúnú a dhéanamh ar a mhéid a baineadh amach cuspóirí an Rialacháin seo agus ar a mhéid a bhí tionchar aige ar iomaíochas na hearnála. |
|
(50) |
Ní dochar an Rialachán seo d’inniúlachtaí na mBallstát maidir leis an dlí náisiúnta a bhaineann leis an tslándáil náisiúnta, ar choinníoll go gcomhlíonann dlí den sórt sin dlí an Aontais. |
|
(51) |
Ní dochar an Rialachán seo d’inniúlacht na mBallstát sonraí paisinéirí a bhailiú, faoina ndlí náisiúnta, ó sholáthraithe iompair seachas na soláthraithe sin a shonraítear sa Rialachán seo, ar choinníoll go gcomhlíonann dlí náisiúnta den sórt sin dlí an Aontais. |
|
(52) |
Ós rud é go mbaineann cuspóirí an Rialacháin seo, eadhon éifeachtacht agus éifeachtúlacht seiceálacha teorann ag teorainneacha seachtracha a fheabhsú agus a éascú agus an inimirce neamhdhleathach a chomhrac, le hábhair atá de chineál trasteorann go bunúsach, ní féidir leis na Ballstáit iad a ghnóthú go leordhóthanach ina n-aonar, agus is fearr is féidir iad ghnóthú ar leibhéal an Aontais. Dá bhrí sin, féadfaidh an tAontas bearta a ghlacadh i gcomhréir le prionsabal na coimhdeachta a leagtar amach in Airteagal 5 den Chonradh ar an Aontas Eorpach (CAE). I gcomhréir le prionsabal na comhréireachta a leagtar amach san Airteagal sin, ní théann an Rialachán seo thar a bhfuil riachtanach chun na cuspóirí sin a ghnóthú. |
|
(53) |
I gcomhréir le hAirteagail 1 agus 2 de Phrótacal Uimh. 22 maidir le seasamh na Danmhairge, atá i gceangal le CAE agus le CFAE, níl an Danmhairg rannpháirteach i nglacadh an Rialacháin seo agus níl sí faoi cheangal aige ná faoi réir a chur i bhfeidhm. Ós rud é go gcuireann an Rialachán seo le acquis Schengen, cinnfidh an Danmhairg, i gcomhréir le hAirteagal 4 den Phrótacal sin, laistigh de thréimhse 6 mhí tar éis don Chomhairle cinneadh a dhéanamh ar an Rialachán seo, an gcuirfidh sí chun feidhme ina dlí náisiúnta é. |
|
(54) |
Tá Éire rannpháirteach sa Rialachán seo i gcomhréir le hAirteagal 5(1) de Phrótacal Uimh. 19 maidir le acquis Schengen arna lánpháirtiú i gcreat an Aontais Eorpaigh atá i gceangal le CAE agus le CFAE, agus i gcomhréir le hAirteagal 6(2) de Chinneadh 2002/192/CE ón gComhairle (19). |
|
(55) |
Maidir leis an Íoslainn agus leis an Iorua, is é atá sa Rialachán seo forbairt ar fhorálacha acquis Schengen de réir bhrí an Chomhaontaithe arna thabhairt i gcrích ag Comhairle an Aontais Eorpaigh agus Poblacht na hÍoslainne agus Ríocht na hIorua maidir le comhlachas an dá thír sin le acquis Schengen a chur chun feidhme (20), a chur i bhfeidhm agus a fhorbairt, ar forálacha iad a thagann faoi réim an réimse dá dtagraítear in Airteagal 1, pointe A, de Chinneadh 1999/437/CE ón gComhairle (21). |
|
(56) |
Maidir leis an Eilvéis, is é atá sa Rialachán seo forbairt ar fhorálacha acquis Schengen de réir bhrí an Chomhaontaithe arna thabhairt i gcrích idir an tAontas Eorpach, an Comhphobal Eorpach agus Cónaidhm na hEilvéise maidir le comhlachas Chónaidhm na hEilvéise le acquis Schengen a chur chun feidhme, a chur i bhfeidhm agus a fhorbairt, (22) ar forálacha iad a thagann faoi réim an réimse dá dtagraítear in Airteagal 1, pointe A, de Chinneadh 1999/437/CE, arna léamh i gcomhar le hAirteagal 3 de Chinneadh 2008/146/CE ón gComhairle (23). |
|
(57) |
Maidir le Lichtinstéin, is éard atá sa Rialachán seo forbairt ar fhorálacha acquis Schengen de réir bhrí an Phrótacail idir an tAontas Eorpach, an Comhphobal Eorpach, Cónaidhm na hEilvéise agus Prionsacht Lichtinstéin i ndáil le haontachas Phrionsacht Lichtinstéin leis an gComhaontú idir an tAontas Eorpach, an Comhphobal Eorpach agus Cónaidhm na hEilvéise maidir le comhlachas Chónaidhm na hEilvéise le acquis Schengen a chur chun feidhme, a chur i bhfeidhm agus a fhorbairt (24), ar forálacha iad a thagann faoi réim an réimse dá dtagraítear in Airteagal 1, pointe A, de Chinneadh 1999/437/CE arna léamh i gcomhar le hAirteagal 3 de Chinneadh 2011/350/AE ón gComhairle (25). |
|
(58) |
Maidir leis an gCipir, is é atá sa Rialachán seo gníomh atá ag cur le acquis Schengen nó atá gaolmhar leis ar dhóigh eile, de réir bhrí Airteagal 3(1) d’Ionstraim Aontachais 2003. |
|
(59) |
Chuathas i gcomhairle leis an Maoirseoir Eorpach ar Chosaint Sonraí i gcomhréir le hAirteagal 42(1) de Rialachán (AE) 2018/1725 agus thug an Maoirseoir tuairim an 8 Feabhra 2023 (26), |
TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:
CAIBIDIL 1
FORÁLACHA GINEARÁLTA
Airteagal 1
Ábhar
Chun éifeachtacht agus éifeachtúlacht seiceálacha teorann ag teorainneacha seachtracha a fheabhsú agus a éascú agus chun inimirce neamhdhleathach a chomhrac, leagtar síos leis an Rialachán seo rialacha maidir leis an méid seo a leanas:
|
(a) |
réamhaisnéis faoi phaisinéirí (API) a bhailiú ag aeriompróirí; |
|
(b) |
sonraí API chuig an ródaire a aistriú ag aeriompróirí; |
|
(c) |
sonraí API a tharchur ón ródaire chuig na húdaráis inniúla teorann. |
Ní dochar an Rialachán seo do Rialacháin (AE) 2016/679 agus (AE) 2018/1725.
Airteagal 2
Raon feidhme
Tá feidhm ag an Rialachán seo maidir le haeriompróirí a bhíonn i mbun eitiltí isteach san Aontas.
Airteagal 3
Sainmhínithe
Chun críoch an Rialacháin seo tá feidhm ag na sainmhínithe seo a leanas:
|
(1) |
ciallaíonn ‘aeriompróir’ aeriompróir mar a shainmhínítear in Airteagal 3, pointe (1), de Threoir (AE) 2016/681 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (27); |
|
(2) |
ciallaíonn ‘seiceálacha teorann’ seiceálacha teorann mar a shainmhínítear in Airteagal 2, pointe 11, de Rialachán (AE) 2016/399; |
|
(3) |
ciallaíonn ‘eitiltí isteach san Aontas’ eitiltí a eitlíonn ó chríoch tríú tír nó ó chríoch Ballstáit nach bhfuil feidhm ag an Rialachán seo maidir léi nó leis, agus a bhfuil sé beartaithe go dtuirlingeoidís ar chríoch Ballstáit nó Ballstát a bhfuil feidhm ag an Rialachán seo maidir leis nó leo; |
|
(4) |
ciallaíonn ‘pointe trasnaithe teorann’ pointe trasnaithe teorann mar a shainmhínítear é in Airteagal 2, pointe 8, de Rialachán (AE) 2016/399; |
|
(5) |
ciallaíonn ‘eitilt sceidealaithe’ eitilt a oibrítear de réir amchlár socraithe, ar féidir leis an bpobal i gcoitinne ticéid a cheannach lena haghaidh; |
|
(6) |
ciallaíonn ‘eitilt neamhsceidealaithe’ eitilt nach n-oibrítear de réir amchlár socraithe agus nach gá gur cuid de bhealach rialta nó de bhealach sceidealaithe í; |
|
(7) |
ciallaíonn ‘údarás inniúil teorann’ an t-údarás a dtugann Ballstát an chumhacht dó seiceálacha teorann a dhéanamh agus a ainmníonn an Ballstát sin, agus faoina dtugann an Ballstát sin fógra i gcomhréir le hAirteagal 14(2); |
|
(8) |
ciallaíonn ‘paisinéir’ aon duine, seachas baill den chriú atá ar dualgas, a iompraítear nó atá le hiompar in aerárthach le toiliú an aeriompróra, agus an toiliú sin léirithe le clárú an duine sin ar an liosta paisinéirí; |
|
(9) |
ciallaíonn ‘réamhaisnéis faoi phaisinéirí’ nó ‘sonraí API’ sonraí paisinéirí agus an fhaisnéis eitilte dá dtagraítear in Airteagal 4(2) agus (3) faoi seach; |
|
(10) |
ciallaíonn ‘an ródaire’ an ródaire dá dtagraítear in Airteagal 11 den Rialachán seo agus in Airteagal 9 de Rialachán (AE) 2025/13; |
|
(11) |
ciallaíonn ‘sonraí pearsanta’ sonraí pearsanta mar a shainmhínítear in Airteagal 4, pointe (1), de Rialachán (AE) 2016/679; |
|
(12) |
ciallaíonn ‘sonraí tráchta eitilte fíor-ama’ faisnéis faoi thrácht eitilte isteach agus amach ag aerfort a chumhdaítear leis an Rialachán seo. |
CAIBIDIL 2
BAILIÚ, AISTRIÚ, STÓRÁIL AGUS SCRIOSADH SONRAÍ API
Airteagal 4
Bailiú sonraí API ag aeriompróirí
1. Baileoidh aeriompróirí sonraí API gach paisinéara ar eitiltí isteach san Aontas atá le haistriú chuig an ródaire i gcomhréir le hAirteagal 6. I gcás ina gcomhroinntear cód na heitilte idir aeriompróirí, is ar an aeriompróir a oibríonn an eitilt a bheidh an oibleagáid na sonraí API a aistriú.
2. Ní bheidh sna sonraí API ach na sonraí seo a leanas a bhaineann le gach paisinéir ar an eitilt:
|
(a) |
sloinne (ainm teaghlaigh), céadainm nó céadainmneacha (ainmneacha baiste); |
|
(b) |
dáta breithe, inscne agus náisiúntacht; |
|
(c) |
cineál agus uimhir an doiciméid taistil agus cód trí litir na tíre a d’eisigh an doiciméad taistil; |
|
(d) |
an dáta a rachaidh bailíocht an doiciméid taistil in éag; |
|
(e) |
an uimhir lena sainaithnítear taifead ainmneacha paisinéirí a úsáideann aeriompróir chun paisinéir a aimsiú laistigh dá chóras faisnéise (aimsitheoir PNR); |
|
(f) |
an fhaisnéis faoi shuíocháin a chomhfhreagraíonn don suíochán san aerárthach a shanntar do phaisinéir, i gcás ina bhfuil faisnéis den sórt sin ar fáil; |
|
(g) |
uimhir nó uimhreacha clibe bagáiste agus líon agus meáchan na málaí seiceáilte, i gcás ina bhfuil faisnéis den sórt sin ar fáil; |
|
(h) |
cód lena léirítear an modh a úsáideadh chun na sonraí dá dtagraítear i bpointí (a) go (d) a ghabháil agus a bhailíochtú. |
3. Ní chuimseofar sna sonraí API freisin ach an fhaisnéis eitilte seo a leanas maidir le heitilt gach paisinéara:
|
(a) |
uimhir aitheantais na heitilte nó, i gcás ina ndéantar cód na heitilte a chomhroinnt idir aeriompróirí, uimhreacha aitheantais na heitilte, nó, mura bhfuil uimhir den sórt sin ann, modhanna soiléire oiriúnacha eile chun an eitilt a shainaithint; |
|
(b) |
i gcás inarb infheidhme, an pointe trasnaithe teorann teacht isteach i gcríoch an Bhallstáit; |
|
(c) |
cód an aerfoirt teacht isteach nó, i gcás ina bhfuil sé beartaithe go dtuirlingeoidh an eitilt in aerfort amháin nó i roinnt aerfort laistigh de chríocha Ballstáit amháin nó níos mó a bhfuil feidhm ag an Rialachán seo maidir leo, cóid na n-aerfort cuarda ar chríocha na mBallstát lena mbaineann; |
|
(d) |
cód aerfort imeachta na heitilte; |
|
(e) |
cód aerfort an phointe bordála tosaigh, i gcás ina bhfuil sé ar fáil; |
|
(f) |
an dáta áitiúil imeachta agus an t -am áitiúil imeachta; |
|
(g) |
an dáta áitiúil sroichte agus an t-am áitiúil sroichte; |
|
(h) |
sonraí teagmhála an aeriompróra; |
|
(i) |
an fhormáid arna húsáid chun sonraí API a aistriú. |
Airteagal 5
Modhanna chun sonraí API a bhailiú
1. Baileoidh aeriompróirí na sonraí API de bhun Airteagal 4 ar bhealach lena n-áirithítear go bhfuil na sonraí API a aistríonn siad i gcomhréir le hAirteagal 6 cruinn, iomlán agus cothrom le dáta.
2. Baileoidh aeriompróirí na sonraí API dá dtagraítear in Airteagal 4(2), pointí (a) go (d), trí mhodhanna uathoibrithe a úsáid chun sonraí meaisín-inléite dhoiciméad taistil an phaisinéara lena mbaineann a bhailiú. Déanfaidh siad amhlaidh i gcomhréir leis na ceanglais theicniúla mhionsonraithe agus na rialacha oibríochtúla mionsonraithe dá dtagraítear i mír 7 den Airteagal seo, a luaithe a ghlacfar rialacha den sórt sin agus a thiocfaidh siad chun bheith infheidhme.
I gcás ina soláthraíonn aeriompróirí próiseas seiceála isteach ar líne, cuirfidh siad ar chumas paisinéirí na sonraí API dá dtagraítear in Airteagal 4(2), pointí (a) go (d), a sholáthar trí mhodhanna uathoibrithe le linn an phróisis seiceála isteach ar líne sin. Maidir le paisinéirí nach seiceálann isteach ar líne, cuirfidh aeriompróirí ar chumas na bpaisinéirí sin na sonraí API sin a sholáthar trí mhodhanna uathoibrithe le linn seiceáil isteach ag an aerfort le cúnamh ó bhoth féinseirbhíse nó ó bhall foirne na n-aeriompróirí ag an gcuntar.
I gcás ina bhfuil sé dodhéanta go teicniúil modhanna uathoibrithe a úsáid, ar bhonn eisceachtúil, baileoidh aeriompróirí na sonraí API dá dtagraítear in Airteagal 4(2), pointí (a) go (d), de láimh, mar chuid den tseiceáil isteach ar líne nó mar chuid den tseiceáil isteach ag an aerfort, ar bhealach lena n-áiritheofar go gcomhlíonfar mír 1 den Airteagal seo.
3. Beidh aon mhodh uathoibrithe a úsáideann aeriompróirí chun sonraí API a bhailiú faoin Rialachán seo iontaofa, slán agus cothrom le dáta. Áiritheoidh aeriompróirí go mbeidh sonraí API criptithe le linn aistriú sonraí den sórt sin ón bpaisinéir chuig an aeriompróir.
4. Le linn idirthréimhse, agus sa bhreis ar na modhanna uathoibrithe dá dtagraítear i mír 3, fágfaidh aeriompróirí go mbeidh paisinéirí in ann sonraí API a sholáthar de láimh mar chuid den tseiceáil isteach ar líne. I gcásanna den sórt sin, bainfidh aeriompróirí úsáid as teicnící fíoraithe sonraí chun a áirithiú go gcomhlíonfar mír 1.
5. Ní dhéanfaidh an idirthréimhse dá dtagraítear i mír 4 difear do cheart aeriompróirí sonraí API arna mbailiú mar chuid den tseiceáil isteach ar líne a fhíorú ag an aerfort roimh dhul ar bord an aerárthaigh chun comhlíonadh mhír 1 a áirithiú, i gcomhréir leis an dlí is infheidhme de chuid an Aontais.
6. Tugtar de chumhacht don Choimisiún gníomh tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 44, amhail ón dáta 4 bliana tar éis thús oibríochtaí an ródaire dá dtagraítear in Airteagal 34, agus ar bhonn meastóireacht ar infhaighteacht agus inrochtaineacht na modhanna uathoibrithe chun sonraí API a bhailiú, chun an idirthréimhse dá dtagraítear i mír 4 den Airteagal seo a fhoirceannadh.
7. Tugtar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 44 chun an Rialachán seo a fhorlíonadh trí cheanglais theicniúla mhionsonraithe agus rialacha oibríochtúla mionsonraithe a leagan síos chun na sonraí API dá dtagraítear i mír 2, pointí (a) go (d), a bhailiú, trí mhodhanna uathoibrithe a úsáid i gcomhréir le míreanna 2 agus 3 den Airteagal seo, agus chun na sonraí API a bhailiú de láimh in imthosca eisceachtúla i gcomhréir le mír 2 den Airteagal seo agus le linn na hidirthréimhse dá dtagraítear i mír 4 den Airteagal seo. Leis na ceanglais theicniúla agus na rialacha oibríochtúla sin áireofar ceanglais i ndáil le slándáil sonraí agus chun na modhanna uathoibrithe is iontaofa atá ar fáil a úsáid chun sonraí meaisín-inléite doiciméid taistil a bhailiú.
8. Aeriompróirí a úsáideann modhanna uathoibrithe chun an fhaisnéis dá dtagraítear in Airteagal 3(1) agus (2) de Threoir 2004/82/CE a bhailiú, beidh siad i dteideal é sin a dhéanamh agus na ceanglais theicniúla a bhaineann leis an úsáid sin dá dtagraítear i mír 7 den Airteagal seo á gcur i bhfeidhm acu, i gcomhréir leis an Treoir sin.
Airteagal 6
Oibleagáidí ar aeriompróirí maidir le haistriú sonraí API
1. Aistreoidh aeriompróirí na sonraí criptithe API chuig an ródaire trí mheán leictreonach chun iad a tharchur chuig na húdaráis inniúla teorann i gcomhréir le hAirteagal 14. Aistreoidh aeriompróirí na sonraí API i gcomhréir leis na rialacha mionsonraithe dá dtagraítear i mír 3 den Airteagal seo, a luaithe is a ghlacfar rialacha den sórt sin agus a thiocfaidh siad chun bheith infheidhme.
2. Déanfaidh aeriompróirí na sonraí API a aistriú sna cásanna seo a leanas:
|
(a) |
in aghaidh an phaisinéara tráth na seiceála isteach, ach tráth nach luaithe ná 48 n-uair an chloig roimh am imeachta sceidealaithe na heitilte; agus |
|
(b) |
i gcás na bpaisinéirí uile atá ar bord díreach tar éis dhúnadh na heitilte, is é sin a luaithe a bheidh na paisinéirí ar bord an aerárthaigh atá á ullmhú don imeacht agus nach féidir le paisinéirí dul ar bord an aerárthaigh a thuilleadh ná tuirlingt de. |
3. Tugtar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 44 chun an Rialachán seo a fhorlíonadh trí na rialacha mionsonraithe is gá a leagan síos maidir leis na prótacail choiteanna agus na formáidí sonraí tacaithe atá le húsáid le haghaidh aistriú criptithe sonraí API chuig an ródaire dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo, lena n-áirítear aistriú sonraí API tráth na seiceála isteach agus na ceanglais maidir le slándáil sonraí. Le rialacha mionsonraithe den sórt sin, áiritheofar go n-aistreoidh aeriompróirí sonraí API trí úsáid a bhaint as an struchtúr céanna agus an t-ábhar céanna.
Airteagal 7
Próiseáil sonraí API ag na húdaráis inniúla teorann
Sonraí API a fhaigheann na húdaráis inniúla teorann i gcomhréir leis an Rialachán seo, déanfaidh siad iad a phróiseáil chun éifeachtacht agus éifeachtúlacht seiceálacha teorann ag teorainneacha seachtracha a fheabhsú agus a éascú agus chun na gcríoch sin amháin agus chun an inimirce neamhdhleathach a chomhrac.
Ní dhéanfaidh na húdaráis inniúla teorann sonraí API a phróiseáil sa chaoi go mbeidh próifíliú daoine aonair dá dtagraítear in Airteagal 22 de Rialachán (AE) 2016/679 mar thoradh air ná ní dhéanfaidh siad idirdhealú in aghaidh daoine ar na forais a liostaítear in Airteagal 21 den Chairt.
Airteagal 8
Tréimhse stórála agus scriosadh sonraí API
1. Stórálfaidh aeriompróirí, ar feadh 48 n-uair an chloig ón nóiméad a gheobhaidh an ródaire na sonraí API a aistríodh chuige i gcomhréir le hAirteagal 6(2), pointí (a) agus (b), na sonraí API a bhailigh siad de bhun Airteagal 4. Scriosfaidh siad sonraí API den sórt sin láithreach agus go buan tar éis don tréimhse sin dul in éag, gan dochar don fhéidearthacht atá ag aeriompróirí na sonraí a choinneáil agus a úsáid i gcás inar gá le haghaidh ghnáthchúrsa a ngnó i gcomhréir leis an dlí is infheidhme, agus gan dochar d’Airteagal 16(1) agus (3).
2. Stórálfaidh na húdaráis inniúla teorann, ar feadh tréimhse 48 n-uair an chloig ón nóiméad a fhaigheann siad na sonraí API arna dtarchur chucu de bhun Airteagal 14 tar éis an aistrithe de bhun Airteagal 6(2), pointí (a) agus (b). Scriosfaidh siad sonraí API den sórt sin láithreach agus go buan nuair a rachaidh an tréimhse ama sin in éag.
I gcásanna eisceachtúla, ní fhéadfaidh na húdaráis inniúla teorann sonraí API a choinneáil ar feadh tréimhse bhreise suas le 48 n-uair an chloig ach amháin sa mhéid go dtagraíonn sonraí API den sórt sin do phaisinéirí nár chuir iad féin i láthair ag pointe trasnaithe teorann le linn na tréimhse ama dá dtagraítear sa chéad fhomhír seo.
Airteagal 9
Ceartú, comhlánú agus nuashonrú sonraí API
1. I gcás ina bhfaigheann aeriompróir amach gur próiseáladh go neamhdhleathach sonraí a stórálann sé faoin Rialachán seo, nó nach sonraí API iad na sonraí sin, déanfaidh sé na sonraí sin a scriosadh láithreach agus go buan. Más rud é gur aistríodh na sonraí sin chuig an ródaire, cuirfidh an t-aeriompróir Gníomhaireacht an Aontais Eorpaigh chun Bainistiú Oibríochtúil a dhéanamh ar Chórais Mhórscála TF sa Limistéar Saoirse, Slándála agus Ceartais (eu-LISA) ar an eolas láithreach. Ar fhaisnéis den sórt sin a fháil, déanfaidh eu-LISA an t-údarás inniúil teorann a fuair na sonraí arna dtarchur tríd an ródaire a chur ar an eolas láithreach. Déanfaidh an t-údarás inniúil teorann sin na sonraí sin a scriosadh láithreach agus go buan.
2. I gcás ina bhfaigheann aeriompróir amach go bhfuil na sonraí a stórálann sé faoin Rialachán seo míchruinn nó neamhiomlán nó nach bhfuil siad cothrom le dáta a thuilleadh, déanfaidh sé na sonraí sin a cheartú, a chomhlánú nó a nuashonrú láithreach. Ní dochar an méid sin don fhéidearthacht atá ag aeriompróirí na sonraí a choinneáil agus a úsáid i gcás inar gá le haghaidh ghnáthchúrsa a ngnó i gcomhréir leis an dlí is infheidhme.
3. I gcás ina bhfaigheann aeriompróir amach, tar éis aistriú na sonraí API faoi Airteagal 6(2), pointe (a), ach sula ndéanfar an t-aistriú faoi Airteagal 6(2), pointe (b), go bhfuil na sonraí a d’aistrigh sé míchruinn, aistreoidh an t-aeriompróir na sonraí API ceartaithe láithreach chuig an ródaire.
4. I gcás ina bhfaigheann aeriompróir amach, tar éis aistriú na sonraí API faoi Airteagal 6(2), pointe (a) nó (b), go bhfuil na sonraí a d’aistrigh sé míchruinn nó neamhiomlán nó nach bhfuil siad cothrom le dáta a thuilleadh, aistreoidh an t-aeriompróir na sonraí API ceartaithe, comhlánaithe nó nuashonraithe láithreach chuig an ródaire.
5. I gcás ina bhfaigheann údarás inniúil teorann amach, tar éis tharchur na sonraí API faoi Airteagal 14, go bhfuil na sonraí míchruinn nó neamhiomlán nó nach bhfuil siad cothrom le dáta a thuilleadh, scriosfaidh sé na sonraí sin láithreach, ach amháin má tá gá leis na sonraí sin chun a áirithiú go gcomhlíonfar na hoibleagáidí a leagtar síos sa Rialachán seo.
6. Tugtar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 44 chun an Rialachán seo a fhorlíonadh trí na rialacha mionsonraithe is gá a leagan síos maidir le sonraí API a cheartú, a chomhlánú agus a nuashonrú de réir bhrí an Airteagail seo.
Airteagal 10
Cearta bunúsacha
1. Maidir le bailiú agus próiseáil sonraí pearsanta i gcomhréir leis an Rialachán seo agus le Rialachán (AE) 2025/13 ag aeriompróirí agus údaráis inniúla, ní bheidh de thoradh air sin go ndéanfar idirdhealú in aghaidh daoine ar na forais a liostaítear in Airteagal 21 de Chairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh (‘an Chairt’).
2. Déanfar dínit an duine agus na cearta bunúsacha agus na prionsabail a aithnítear sa Chairt a urramú go hiomlán leis an Rialachán seo, lena n-áirítear an ceart go ndéanfar saol príobháideach an duine a urramú, an ceart chun tearmainn, an ceart go ndéanfar sonraí pearsanta a chosaint, an ceart chun saorghluaiseachta agus an ceart chun leigheasanna éifeachtacha dlí a fháil.
3. Tabharfar aird ar leith ar leanaí, daoine scothaosta, daoine faoi mhíchumas agus daoine leochaileacha. Tabharfar tús áite do leas an linbh agus an Rialachán seo á chur chun feidhme.
CAIBIDIL 3
FORÁLACHA A BHAINEANN LEIS AN RÓDAIRE
Airteagal 11
An ródaire
1. Déanfaidh eu-LISA ródaire a dhearadh, a fhorbairt, a óstáil agus a bhainistiú go teicniúil, i gcomhréir le hAirteagail 25 agus 26, chun aistriú na sonraí API criptithe ag aeriompróirí chuig na húdaráis inniúla teorann a éascú i gcomhréir leis an Rialachán seo.
2. Is é a bheidh sa ródaire:
|
(a) |
bonneagar lárnach, lena n-áirítear tacar comhpháirteanna teicniúla lenar féidir sonraí API criptithe a ghlacadh agus a tharchur; |
|
(b) |
bealach cumarsáide slán idir an bonneagar lárnach agus na húdaráis inniúla teorann, agus bealach cumarsáide slán idir an bonneagar lárnach agus na haeriompróirí, chun sonraí API a aistriú agus a tharchur agus le haghaidh aon chumarsáid a bhaineann leis sin; |
|
(c) |
bealach slán chun sonraí tráchta eitilte fíor-ama a fháil. |
3. Gan dochar d’Airteagal 12 den Rialachán seo, déanfaidh an ródaire, i gcás inarb iomchuí agus a mhéid is féidir go teicniúil, na comhpháirteanna teicniúla, lena n-áirítear comhpháirteanna crua-earraí agus bogearraí na seirbhíse gréasáin dá dtagraítear in Airteagal 13 de Rialachán (AE) 2017/2226, an geata iompróra dá dtagraítear in Airteagal 6(2), pointe (k), de Rialachán (AE) 2018/1240, agus an geata iompróra dá dtagraítear in Airteagal 45c de Rialachán (CE) Uimh. 767/2008, a chomhroinnt agus a athúsáid.
Déanfaidh eu-LISA an ródaire a dhearadh, a mhéid is féidir go teicniúil agus go hoibríochtúil, ar bhealach atá comhleanúnach agus comhsheasmhach leis na hoibleagáidí ar aeriompróirí a leagtar amach i Rialacháin (CE) Uimh. 767/2008, (AE) 2017/2226 agus (AE) 2018/1240.
4. Déanfaidh an ródaire na sonraí a asbhaint agus a chur ar fáil go huathoibríoch, i gcomhréir le hAirteagal 38 den Rialachán seo, don lárstóras um thuairisciú agus staidreamh (CRRS) arna bhunú le hAirteagal 39 de Rialachán (AE) 2019/817.
5. Déanfaidh eu-LISA an ródaire a dhearadh agus a fhorbairt ar bhealach ina bhfágtar go ndéanfar sonraí API a aistriú ó aeriompróirí chuig an ródaire i gcomhréir le hAirteagal 6, agus i gcás aon tarchur sonraí API ón ródaire chuig na húdaráis inniúla teorann i gcomhréir le hAirteagal 14 agus chuig CRRS i gcomhréir le hAirteagal 38(2), déanfar na sonraí API a chriptiú inn ar inn agus iad faoi bhealach.
Airteagal 12
Úsáid eisiach an ródaire
Chun críocha an Rialacháin seo, ní úsáidfear an ródaire ach amháin sna cásanna seo a leanas:
|
(a) |
ag aeriompróirí chun sonraí API criptithe a aistriú i gcomhréir leis an Rialachán seo; |
|
(b) |
ag na húdaráis inniúla teorann chun sonraí API criptithe a fháil i gcomhréir leis an Rialachán seo. |
Ní dochar an tAirteagal seo d’Airteagal 10 de Rialachán (AE) 2025/13.
Airteagal 13
Fíoruithe ar an bhformáid sonraí agus ar an aistriú
1. Fíoróidh an ródaire, ar bhealach uathoibrithe agus ar bhonn na sonraí tráchta eitilte fíor-ama, ar aistrigh an t-aeriompróir na sonraí API i gcomhréir le hAirteagal 6(1).
2. Fíoróidh an ródaire láithreach agus ar bhealach uathoibrithe, an gcomhlíonann na sonraí API a aistríodh chuige i gcomhréir le hAirteagal 6(1) na rialacha mionsonraithe maidir leis na formáidí sonraí tacaithe dá dtagraítear in Airteagal 6(3).
3. I gcás ina gcinntear leis an bhfíorú dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo nár aistrigh an t-aeriompróir na sonraí nó i gcás ina gcinntear leis an bhfíorú dá dtagraítear i mír 2 den Airteagal seo nach gcomhlíonann na sonraí na rialacha mionsonraithe maidir leis na formáidí sonraí tacaithe, tabharfaidh an ródaire fógra láithreach agus ar bhealach uathoibrithe don aeriompróir lena mbaineann agus d’údaráis inniúla teorann na mBallstát a raibh na sonraí le tarchur chucu de bhun Airteagal 14(1). I gcásanna den sórt sin, aistreoidh an t-aeriompróir na sonraí API láithreach i gcomhréir le hAirteagal 6.
4. Glacfaidh an Coimisiún gníomhartha cur chun feidhme lena sonrófar na rialacha mionsonraithe teicniúla agus nós imeachta is gá maidir leis na fíoruithe agus na fógraí dá dtagraítear i míreanna 1, 2 agus 3 den Airteagal seo. Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 43(2).
Airteagal 14
Sonraí API a tharchur ón ródaire chuig na húdaráis inniúla teorann
1. Le linn na bhfíoruithe ar an bhformáid sonraí agus ar an aistriú dá dtagraítear in Airteagal 13, tarchuirfidh an ródaire na sonraí API criptithe arna n-aistriú chuige de bhun Airteagal 6 nó Airteagal 9(3) agus (4) chuig údaráis inniúla teorann an Bhallstáit nó, i gcás ina bhfuil sé beartaithe go dtuirlingeoidh an eitilt ag aerfort amháin nó níos mó i gcríocha Ballstáit amháin nó níos mó a bhfuil feidhm ag an Rialachán seo maidir leo, chuig údaráis inniúla teorann na mBallstát dá dtagraítear in Airteagal 4(3), pointe (c). Tarchuirfidh sé na sonraí sin láithreach agus ar bhealach uathoibrithe, agus gan a n-inneachar a athrú ar aon bhealach, agus i gcomhréir leis na rialacha mionsonraithe dá dtagraítear i mír 5 den Airteagal seo, a luaithe a ghlacfar na rialacha sin agus a bheidh siad infheidhme.
Chun críocha an tarchuir sin, déanfaidh eu-LISA tábla comhfhreagrais idir na haerfoirt tionscnaimh agus cinn scríbe éagsúla agus na tíortha lena mbaineann siad a bhunú agus a choinneáil cothrom le dáta.
2. Ainmneoidh na Ballstáit údaráis inniúla teorann atá údaraithe chun na sonraí API arna dtarchur chucu ón ródaire a fháil i gcomhréir leis an Rialachán seo. Tabharfaidh siad fógra do eu-LISA agus don Choimisiún, faoi dháta chur i bhfeidhm an Rialacháin seo dá dtagraítear in Airteagal 46, an dara mír, faoi ainm agus faoi shonraí teagmhála na n-údarás inniúil teorann agus, i gcás inar gá, tabharfaidh siad fógra do eu-LISA agus don Choimisiún faoi aon nuashonrú ar an bhfaisnéis sin.
Déanfaidh an Coimisiún, ar bhonn na bhfógraí agus na nuashonruithe sin, liosta de na húdaráis inniúla teorann faoina dtugtar fógra a thiomsú agus a chur ar fáil go poiblí, lena n-áirítear a sonraí teagmhála.
3. Áiritheoidh na Ballstáit go ndeimhneoidh a n-údaráis inniúla teorann, tar éis dóibh sonraí API a fháil i gcomhréir le mír 1, don ródaire, láithreach agus ar bhealach uathoibrithe, go bhfuarthas na sonraí sin.
4. Áiritheoidh na Ballstáit nach mbeidh rochtain ach ag foireann chuí-údaraithe agus oilte a n-údarás inniúil teorann, arna n-ainmniú i gcomhréir le mír 2, ar na sonraí API arna dtarchur chucu tríd an ródaire. Leagfaidh siad síos na rialacha is gá chuige sin. Áireofar sna rialacha sin rialacha maidir le liosta de na baill foirne sin agus a bpróifílí a chruthú agus a nuashonrú go tráthrialta.
5. Glacfaidh an Coimisiún gníomhartha cur chun feidhme lena sonrófar na rialacha mionsonraithe teicniúla agus nós imeachta is gá maidir le tarchur na sonraí API ón ródaire dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo, lena n-áirítear maidir le ceanglais maidir le slándáil sonraí. Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 43(2).
Airteagal 15
Sonraí API a scriosadh ón ródaire
Na sonraí API arna n-aistriú chuig an ródaire de bhun an Rialacháin seo, ní dhéanfar iad a stóráil ar an ródaire ach a mhéid is gá chun an tarchur chuig na húdaráis inniúla teorann ábhartha a chur i gcrích i gcomhréir leis an Rialachán seo agus scriosfar iad ón ródaire láithreach, go buan agus ar bhealach uathoibrithe, i gcás ina ndeimhnítear, i gcomhréir le hAirteagal 14(3), go bhfuil tarchur na sonraí API chuig na húdaráis inniúla teorann ábhartha curtha i gcrích.
Airteagal 16
Gníomhaíochtaí i gcás ina bhfuil sé dodhéanta ar chúiseanna teicniúla an ródaire a úsáid
1. I gcás ina bhfuil sé dodhéanta ar chúiseanna teicniúla an ródaire a úsáid chun sonraí API a tharchur mar gheall ar chliseadh an ródaire, tabharfaidh eu-LISA fógra láithreach do na haeriompróirí agus do na húdaráis inniúla teorann faoin dodhéantacht theicniúil sin ar bhealach uathoibrithe. Sa chás sin, déanfaidh eu-LISA bearta láithreach chun aghaidh a thabhairt ar an dodhéantacht an ródaire a úsáid ar chúiseanna teicniúla agus tabharfaidh sé fógra láithreach do na haeriompróirí agus do na húdaráis inniúla teorann nuair a bheidh aghaidh tugtha go rathúil air.
Le linn na tréimhse ama idir na fógraí sin, ní bheidh feidhm ag Airteagal 6(1) ná ag Airteagal 8(1), sa mhéid go gcuirtear cosc ar aistriú sonraí API chuig an ródaire mar gheall ar an dodhéantacht theicniúil. Stórálfaidh aeriompróirí na sonraí API go dtí go mbeidh aghaidh tugtha go rathúil ar an dodhéantacht theicniúil. A luaithe a bheidh aghaidh tugtha go rathúil ar an dodhéantacht theicniúil, déanfaidh aeriompróirí na sonraí a aistriú chuig an ródaire i gcomhréir le hAirteagal 6(1).
I gcás ina bhfaightear na sonraí API tráth is déanaí ná 96 uair an chloig tar éis an ama imeachta dá dtagraítear in Airteagal 4(3)(f), ní dhéanfar na sonraí API a tharchur chuig na húdaráis inniúla teorann leis an ródaire, ach scriosfaidh sé na sonraí sin.
I gcás ina bhfuil sé dodhéanta ar chúiseanna teicniúla an ródaire a úsáid, agus i gcásanna eisceachtúla a bhaineann le cuspóirí an Rialacháin seo a fhágann gur gá do na húdaráis inniúla teorann sonraí API a fháil láithreach le linn na tréimhse ina bhfuil sé dodhéanta ar chúiseanna teicniúla an ródaire a úsáid, féadfaidh na húdaráis inniúla teorann iarraidh ar aeriompróirí úsáid a bhaint as aon mhodhanna iomchuí eile lena n-áirithítear an leibhéal slándála sonraí, cáilíochta sonraí agus cosanta sonraí is gá chun na sonraí API a aistriú go díreach chuig na húdaráis inniúla teorann. Déanfaidh na húdaráis inniúla teorann na sonraí API a fhaightear trí aon mhodhanna iomchuí eile a phróiseáil i gcomhréir leis na rialacha agus na coimircí a leagtar amach i Rialachán (AE) 2016/399 agus sa dlí náisiúnta is infheidhme.
Tar éis fógra a fháil ó eu-LISA go bhfuil aghaidh tugtha go rathúil ar an dodhéantacht theicniúil, agus i gcás ina ndeimhneofar i gcomhréir le hAirteagal 14(3), gur cuireadh tarchur na sonraí API chuig an údarás inniúil teorann ábhartha tríd an ródaire i gcrích, scriosfaidh an t-údarás inniúil teorann láithreach na sonraí API a fhaightear trí aon mhodhanna iomchuí eile.
2. I gcás ina bhfuil sé dodhéanta ar chúiseanna teicniúla an ródaire a úsáid chun sonraí API a tharchur mar gheall ar chliseadh córais nó bonneagair Ballstáit dá dtagraítear in Airteagal 23, tabharfaidh údaráis inniúla teorann an Bhallstáit sin fógra láithreach do na haeriompróirí, d’údaráis inniúla na mBallstát eile, do eu-LISA agus don Choimisiún faoin dodhéantacht theicniúil sin ar bhealach uathoibrithe. Sa chás sin, déanfaidh an Ballstát sin bearta láithreach chun aghaidh a thabhairt ar an dodhéantacht an ródaire a úsáid ar chúiseanna teicniúla agus tabharfaidh sé fógra láithreach do na haeriompróirí, d’údaráis inniúla na mBallstát eile, do eu-LISA agus don Choimisiún nuair a bheidh aghaidh tugtha go rathúil air. Stórálfaidh an ródaire na sonraí API go dtí go mbeidh aghaidh tugtha go rathúil ar an dodhéantacht theicniúil. A luaithe a bheidh aghaidh tugtha go rathúil ar an dodhéantacht theicniúil, déanfar na sonraí a tharchur leis an ródaire i gcomhréir le hAirteagal 14(1).
Le linn na tréimhse ama idir na fógraí sin, ní bheidh feidhm ag Airteagal 6(1) ná ag Airteagal 8(1), sa mhéid go gcuirtear cosc ar aistriú sonraí API chuig an ródaire mar gheall ar an dodhéantacht theicniúil. Stórálfaidh aeriompróirí na sonraí API go dtí go mbeidh aghaidh tugtha go rathúil ar an dodhéantacht theicniúil. A luaithe a bheidh aghaidh tugtha go rathúil ar an dodhéantacht theicniúil, déanfaidh aeriompróirí na sonraí a aistriú chuig an ródaire i gcomhréir le hAirteagal 6(1).
I gcás ina bhfaightear na sonraí API tráth is déanaí ná 96 uair an chloig tar éis an ama imeachta dá dtagraítear in Airteagal 4(3)(f), ní dhéanfar na sonraí API a tharchur chuig na húdaráis inniúla teorann leis an ródaire, ach scriosfaidh sé na sonraí sin.
I gcás ina bhfuil sé dodhéanta ar chúiseanna teicniúla an ródaire a úsáid, agus i gcásanna eisceachtúla a bhaineann le cuspóirí an Rialacháin seo a fhágann gur gá do na húdaráis inniúla teorann sonraí API a fháil láithreach le linn na tréimhse ina bhfuil sé dodhéanta ar chúiseanna teicniúla an ródaire a úsáid, féadfaidh na húdaráis inniúla teorann iarraidh ar aeriompróirí úsáid a bhaint as aon mhodhanna iomchuí eile lena n-áirithítear an leibhéal slándála sonraí, cáilíochta sonraí agus cosanta sonraí is gá chun na sonraí API a aistriú go díreach chuig na húdaráis inniúla teorann. Déanfaidh na húdaráis inniúla teorann na sonraí API a fhaightear trí aon mhodhanna iomchuí eile a phróiseáil i gcomhréir leis na rialacha agus na coimircí a leagtar amach i Rialachán (AE) 2016/399 agus sa dlí náisiúnta is infheidhme.
Tar éis fógra a fháil ó eu-LISA go bhfuil aghaidh tugtha go rathúil ar an dodhéantacht theicniúil, agus i gcás ina ndeimhneofar, i gcomhréir le hAirteagal 14(3), gur cuireadh tarchur na sonraí API chuig an údarás inniúil teorann ábhartha tríd an ródaire i gcrích, scriosfaidh an t-údarás inniúil teorann láithreach na sonraí API a fhaightear trí aon mhodhanna iomchuí eile.
3. I gcás ina bhfuil sé dodhéanta ar chúiseanna teicniúla an ródaire a úsáid chun sonraí API a aistriú mar gheall ar chliseadh córas nó bonneagair aeriompróra dá dtagraítear in Airteagal 24, tabharfaidh an t-aeriompróir sin fógra láithreach do na húdaráis inniúla teorann, do eu-LISA agus don Choimisiún faoin dodhéantacht theicniúil sin ar bhealach uathoibrithe. Sa chás sin, déanfaidh an t-aeriompróir sin bearta láithreach chun aghaidh a thabhairt ar an dodhéantacht an ródaire a úsáid ar chúiseanna teicniúla agus tabharfaidh sé fógra láithreach do eu-LISA agus don Choimisiún nuair a bheidh aghaidh tugtha go rathúil air.
Le linn na tréimhse ama idir na fógraí sin, ní bheidh feidhm ag Airteagal 6(1) ná ag Airteagal 8(1), sa mhéid go gcuirtear cosc ar aistriú sonraí API chuig an ródaire mar gheall ar an dodhéantacht theicniúil. Stórálfaidh aeriompróirí na sonraí API go dtí go mbeidh aghaidh tugtha go rathúil ar an dodhéantacht theicniúil. A luaithe a bheidh aghaidh tugtha go rathúil ar an dodhéantacht theicniúil, déanfaidh aeriompróirí na sonraí a aistriú chuig an ródaire i gcomhréir le hAirteagal 6(1). Mar sin féin, ní dhéanfar na sonraí API a tharchur chuig na húdaráis inniúla teorann leis an ródaire, ach scriosfaidh sé na sonraí, má fhaightear iad tráth is déanaí ná 96 uair an chloig tar éis an ama imeachta dá dtagraítear in Airteagal 4(3)(f).
I gcás ina bhfuil sé dodhéanta ar chúiseanna teicniúla an ródaire a úsáid, agus i gcásanna eisceachtúla a bhaineann le cuspóirí an Rialacháin seo a fhágann gur gá do na húdaráis inniúla teorann sonraí API a fháil láithreach le linn na tréimhse ina bhfuil sé dodhéanta ar chúiseanna teicniúla an ródaire a úsáid, féadfaidh na húdaráis inniúla teorann iarraidh ar aeriompróirí úsáid a bhaint as aon mhodhanna iomchuí eile lena n-áirithítear an leibhéal slándála sonraí, cáilíochta sonraí agus cosanta sonraí is gá chun na sonraí API a aistriú go díreach chuig na húdaráis inniúla teorann. Déanfaidh na húdaráis inniúla teorann na sonraí API a fhaightear trí aon mhodhanna iomchuí eile a phróiseáil i gcomhréir leis na rialacha agus na coimircí a leagtar amach i Rialachán (AE) 2016/399 agus sa dlí náisiúnta is infheidhme.
Tar éis fógra a fháil ó eu-LISA go bhfuil aghaidh tugtha go rathúil ar an dodhéantacht theicniúil, agus i gcás ina ndeimhneofar i gcomhréir le hAirteagal 14(3), gur cuireadh tarchur na sonraí API chuig an údarás inniúil teorann ábhartha tríd an ródaire i gcrích, scriosfaidh an t-údarás inniúil teorann láithreach na sonraí API a fhaightear trí aon mhodhanna iomchuí eile.
Nuair a bheidh aghaidh tugtha go rathúil ar an dodhéantacht theicniúil, cuirfidh an t-aeriompróir lena mbaineann, gan mhoill, tuarascáil faoi bhráid an údaráis maoirseachta náisiúnta API dá dtagraítear in Airteagal 36, ina mbeidh na sonraí uile is gá maidir leis an dodhéantacht theicniúil, lena n-áirítear na cúiseanna leis an dodhéantacht theicniúil, méid agus iarmhairtí na dodhéantachta teicniúla, chomh maith leis na bearta a rinneadh chun aghaidh a thabhairt uirthi.
CAIBIDIL 4
FORÁLACHA SONRACHA MAIDIR LE SONRAÍ PEARSANTA A CHOSAINT AGUS MAIDIR LEIS AN TSLÁNDÁIL
Airteagal 17
Logaí a choinneáil
1. Cruthóidh aeriompróirí logaí de na hoibríochtaí próiseála uile a bhaineann le sonraí API faoin Rialachán seo arna ndéanamh trí úsáid a bhaint as na modhanna uathoibrithe dá dtagraítear in Airteagal 5(2). Cumhdófar sna logaí sin dáta, am agus áit aistrithe na sonraí API. Ní áireofar aon sonraí pearsanta sna logaí sin, seachas an fhaisnéis is gá chun an duine ábhartha d’fhoireann an aeriompróra a shainaithint.
2. Coinneoidh eu-LISA logaí de na hoibríochtaí próiseála uile a bhaineann le haistriú agus tarchur sonraí API tríd an ródaire faoin Rialachán seo. Leis na logaí sin, cumhdófar an méid seo a leanas:
|
(a) |
an t-aeriompróir a d’aistrigh na sonraí API chuig an ródaire; |
|
(b) |
na húdaráis inniúla teorann ar tarchuireadh na sonraí API chucu tríd an ródaire; |
|
(c) |
dáta agus am an aistrithe nó an tarchuir dá dtagraítear i bpointí (a) agus (b), agus áit an aistrithe nó an tarchuir sin; |
|
(d) |
aon rochtain ag foireann eu-LISA is gá chun an ródaire a chothabháil, dá dtagraítear in Airteagal 26(3); |
|
(e) |
aon fhaisnéis eile a bhaineann leis na hoibríochtaí próiseála sin is gá chun faireachán a dhéanamh ar shlándáil agus ar shláine na sonraí API agus ar dhlíthiúlacht na n-oibríochtaí próiseála sin. |
Ní áireofar sna logaí sin aon sonraí pearsanta, seachas an fhaisnéis is gá chun an duine ábhartha d’fhoireann eu-LISA, dá dtagraítear i bpointe (d) den chéad fhomhír, a shainaithint.
3. Ní úsáidfear na logaí dá dtagraítear i míreanna 1 agus 2 den Airteagal seo ach chun slándáil agus sláine na sonraí API agus dlíthiúlacht na próiseála a áirithiú, go háirithe a mhéid a bhaineann le comhlíonadh na gceanglas a leagtar amach sa Rialachán seo, lena n-áirítear imeachtaí le haghaidh pionós as sáruithe ar na ceanglais sin i gcomhréir le hAirteagail 36 agus 37.
4. Déanfaidh aeriompróirí agus eu-LISA bearta iomchuí chun na logaí a chruthaigh siad de bhun mhíreanna 1 agus 2, faoi seach, a chosaint ar rochtain neamhúdaraithe agus ar rioscaí slándála eile.
5. Beidh rochtain ag an údarás maoirseachta náisiúnta API dá dtagraítear in Airteagal 36 agus ag údaráis inniúla teorann ar na logaí ábhartha dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo i gcás inar gá chun na gcríoch dá dtagraítear i mír 3 den Airteagal seo.
6. Coinneoidh aeriompróirí agus eu-LISA na logaí a chruthaigh siad de bhun mhíreanna 1 agus 2, faoi seach, ar feadh tréimhse bliana ón tráth a cruthaíodh na logaí sin. Nuair a rachaidh an tréimhse ama sin in éag, scriosfaidh siad na logaí sin láithreach agus go buan.
Mar sin féin, má tá gá leis na logaí sin le haghaidh nósanna imeachta chun faireachán a dhéanamh ar shlándáil agus ar shláine na sonraí API nó ar dhlíthiúlacht na n-oibríochtaí próiseála, nó chun an méid sin a áirithiú, amhail dá dtagraítear i mír 3, agus má tá na nósanna imeachta sin tosaithe cheana tráth a théann an tréimhse dá dtagraítear sa chéad fhomhír den mhír seo in éag, déanfaidh eu-LISA agus aeriompróirí na logaí sin a choinneáil chomh fada agus is gá le haghaidh na nósanna imeachta sin. Sa chás sin, scriosfaidh siad láithreach na logaí sin nuair nach bhfuil gá leo a thuilleadh le haghaidh na nósanna imeachta sin.
Airteagal 18
Freagrachtaí cosanta sonraí
1. Beidh aeriompróirí ina rialaitheoirí, de réir bhrí Airteagal 4, pointe (7), de Rialachán (AE) 2016/679, i dtaobh próiseáil sonraí API arb ionann iad agus sonraí pearsanta i ndáil le bailiú sonraí den sórt sin agus aistriú na sonraí sin chuig an ródaire faoin Rialachán seo.
2. Ainmneoidh gach Ballstát údarás inniúil mar rialaitheoir i gcomhréir leis an Airteagal seo. Tabharfaidh na Ballstáit fógra faoi na húdaráis sin don Choimisiún, do eu-LISA agus do na Ballstáit eile.
Beidh na húdaráis inniúla uile arna n-ainmniú ag na Ballstáit ina rialaitheoirí comhpháirteacha i gcomhréir le hAirteagal 26 de Rialachán (AE) 2016/679 chun sonraí pearsanta a phróiseáil sa ródaire.
3. Beidh eu-LISA ina phróiseálaí, de réir bhrí Airteagal 3, pointe (12), de Rialachán (AE) 2018/1725, i dtaobh próiseáil sonraí API arb ionann iad agus sonraí pearsanta faoin Rialachán seo tríd an ródaire, lena n-áirítear tarchur na sonraí ón ródaire chuig na húdaráis inniúla teorann agus stóráil na sonraí sin ar an ródaire ar chúiseanna teicniúla. Áiritheoidh eu-LISA go n-úsáidfear an ródaire i gcomhréir leis an Rialachán seo.
4. Glacfaidh an Coimisiún gníomhartha cur chun feidhme lena mbunófar freagrachtaí na rialaitheoirí comhpháirteacha faoi seach agus na hoibleagáidí faoi seach idir na rialaitheoirí comhpháirteacha agus an próiseálaí. Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 43(2).
Airteagal 19
Faisnéis do phaisinéirí
I gcomhréir le hAirteagal 13 de Rialachán (AE) 2016/679, soláthróidh aeriompróirí do phaisinéirí, ar eitiltí a chumhdaítear leis an Rialachán seo, faisnéis faoi chuspóir bhailiú a sonraí pearsanta, cineál na sonraí pearsanta a bailíodh, faighteoirí na sonraí pearsanta agus na modhanna chun a gcearta mar ábhair sonraí a fheidhmiú.
Cuirfear an fhaisnéis sin in iúl do phaisinéirí i scríbhinn agus i bhformáid atá inrochtana go héasca tráth na háirithinte agus tráth na seiceála isteach, gan beann ar na modhanna a úsáidtear chun na sonraí pearsanta a bhailiú tráth na seiceála isteach i gcomhréir le hAirteagal 5.
Airteagal 20
Slándáil
1. Áiritheoidh eu-LISA slándáil agus criptiú na sonraí API, go háirithe sonraí API arb ionann iad agus sonraí pearsanta, a phróiseálann sé de bhun an Rialacháin seo. Áiritheoidh na húdaráis inniúla teorann agus na haeriompróirí slándáil na sonraí API, go háirithe sonraí API arb ionann iad agus sonraí pearsanta, a phróiseálann siad de bhun an Rialacháin seo. Oibreoidh eu-LISA, na húdaráis inniúla teorann agus na haeriompróirí i gcomhar le chéile, i gcomhréir lena bhfreagrachtaí faoi seach agus i gcomhréir le dlí an Aontais, chun slándáil den sórt sin a áirithiú.
2. Déanfaidh eu-LISA na bearta is gá chun slándáil an ródaire agus na sonraí API, go háirithe sonraí API arb ionann iad agus sonraí pearsanta, arna dtarchur tríd an ródaire, lena n-áirítear trí phlean slándála, plean leanúnachais gnó agus plean athshlánaithe ó thubaiste a bhunú, a chur chun feidhme agus a nuashonrú go tráthrialta, chun an méid seo a leanas a dhéanamh:
|
(a) |
an ródaire a chosaint go fisiciúil, lena n-áirítear trí phleananna teagmhasacha a dhéanamh chun comhpháirteanna criticiúla de a chosaint; |
|
(b) |
cosc a chur ar aon phróiseáil neamhúdaraithe ar na sonraí API, lena n-áirítear aon rochtain neamhúdaraithe orthu agus cóipeáil, modhnú nó scriosadh na sonraí sin, le linn na sonraí API a aistriú chuig an ródaire agus uaidh agus le linn aon stóráil sonraí API ar an ródaire i gcás inar gá chun an tarchur a chur i gcrích, go háirithe trí bhíthin teicnící criptithe iomchuí; |
|
(c) |
a áirithiú nach mbeidh rochtain ag na daoine a bhfuil údarú rochtana acu ar an ródaire ach ar na sonraí atá cumhdaithe ag a n-údarú rochtana; |
|
(d) |
a áirithiú gur féidir a fhíorú agus a shuí cé na húdaráis inniúla teorann a dtarchuirtear na sonraí API chucu tríd an ródaire; |
|
(e) |
aon fhabht i bhfeidhmiú an ródaire a thuairisciú mar is ceart dá Bhord Bainistíochta; |
|
(f) |
faireachán a dhéanamh ar éifeachtacht na mbeart slándála a cheanglaítear faoin Airteagal seo agus faoi Rialachán (AE) 2018/1725, agus measúnú a dhéanamh ar na bearta slándála sin agus iad a nuashonrú i gcás inar gá sin i bhfianaise forbairtí teicneolaíocha nó oibríochtúla. |
Ní dhéanfaidh na bearta dá dtagraítear sa chéad fhomhír den mhír seo difear d’Airteagal 32 de Rialachán (AE) 2016/679 ná d’Airteagal 33 de Rialachán (AE) 2018/1725.
Airteagal 21
Féinfhaireachán
Déanfaidh aeriompróirí agus údaráis inniúla teorann faireachán ar a mhéid a chomhlíonann siad a n-oibleagáidí faoi seach faoin Rialachán seo, go háirithe maidir leis an bpróiseáil a dhéanann siad ar shonraí API arb ionann iad agus sonraí pearsanta. I gcás aeriompróirí, áireofar san fhaireachán fíorú tráthrialta ar na logaí dá dtagraítear in Airteagal 17(1).
Airteagal 22
Iniúchtaí ar chosaint sonraí pearsanta
1. Déanfaidh na húdaráis mhaoirseachta neamhspleácha dá dtagraítear in Airteagal 51 de Rialachán (AE) 2016/679 iniúchadh ar oibríochtaí próiseála ar shonraí API arb ionann iad agus sonraí pearsanta arna ndéanamh ag na húdaráis inniúla teorann chun críocha an Rialacháin seo uair amháin gach 4 bliana ar a laghad. Áiritheoidh na Ballstáit go mbeidh a ndóthain acmhainní agus saineolais ag a n-údaráis mhaoirseachta neamhspleácha chun na cúraimí a chuirtear orthu faoin Rialachán seo a chomhlíonadh.
2. Déanfaidh an Maoirseoir Eorpach ar Chosaint Sonraí iniúchadh ar oibríochtaí próiseála ar shonraí API arb ionann iad agus sonraí pearsanta arna ndéanamh ag eu-LISA chun críoch an Rialacháin seo, i gcomhréir leis na caighdeáin iniúchóireachta idirnáisiúnta ábhartha uair amháin sa bhliain ar a laghad. Seolfar tuarascáil ar an iniúchadh sin chuig Parlaimint na hEorpa, chuig an gComhairle, chuig an gCoimisiún, chuig na Ballstáit agus chuig eu-LISA. Tabharfar deis do eu-LISA barúlacha a thabhairt sula nglacfar na tuarascálacha.
3. Maidir leis na hoibríochtaí próiseála dá dtagraítear i mír 2 den Airteagal seo, arna iarraidh sin, soláthróidh eu-LISA faisnéis arna hiarraidh ag an Maoirseoir Eorpach ar Chosaint Sonraí, tabharfaidh sé rochtain don Mhaoirseoir Eorpach ar Chosaint Sonraí ar na doiciméid uile a iarrann an Maoirseoir agus ar na logaí dá dtagraítear in Airteagal 17(2), agus tabharfaidh sé cead don Mhaoirseoir Eorpach ar Chosaint Sonraí rochtain a fháil ar áitribh uile eu-LISA aon tráth.
CAIBIDIL 5
ÁBHAIR A BHAINEANN LEIS AN RÓDAIRE
Airteagal 23
Naisc údarás inniúil teorann leis an ródaire
1. Áiritheoidh na Ballstáit go mbeidh a n-údaráis inniúla teorann nasctha leis an ródaire. Maidir le córais agus bonneagar na n-údarás inniúil teorann chun sonraí API arna n-aistriú de bhun an Rialacháin seo a fháil agus a phróiseáil tuilleadh, áiritheoidh siad go mbeidh siad comhtháite leis an ródaire.
Leis an nasc leis an ródaire agus leis an gcomhtháthú leis an ródaire, áiritheoidh na Ballstáit go mbeidh a n-údarás inniúil teorann in ann na sonraí API a fháil agus tuilleadh próiseála a dhéanamh orthu, chomh maith le haon chumarsáid a bhaineann leis sin a mhalartú, ar bhealach dleathach, slán, éifeachtach agus tapa.
2. Glacfaidh an Coimisiún gníomhartha cur chun feidhme lena sonraítear na rialacha mionsonraithe is gá maidir leis na naisc agus an comhtháthú leis an ródaire dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo, lena n-áirítear maidir leis na ceanglais maidir le slándáil sonraí. Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 43(2).
Airteagal 24
Naisc aeriompróirí leis an ródaire
1. Áiritheoidh aeriompróirí go mbeidh siad nasctha leis an ródaire. Áiritheoidh siad go mbeidh a gcuid córas agus bonneagair chun sonraí API a aistriú chuig an ródaire de bhun an Rialacháin seo comhtháite leis an ródaire.
Leis an nasc agus an comhtháthú leis an ródaire, áiritheoidh na haeriompróirí go mbeidh siad in ann na sonraí API a aistriú chomh maith le haon chumarsáid a bhaineann leis sin a mhalartú, ar bhealach dleathach, slán, éifeachtach agus tapa. Chuige sin, déanfaidh aeriompróirí tástálacha ar aistriú sonraí API chuig an ródaire i gcomhar le eu-LISA i gcomhréir le hAirteagal 27(3).
2. Glacfaidh an Coimisiún gníomhartha cur chun feidhme lena sonraítear na rialacha mionsonraithe is gá maidir leis na naisc agus an comhtháthú leis an ródaire dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo, lena n-áirítear maidir leis na ceanglais maidir le slándáil sonraí. Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 43(2).
Airteagal 25
Cúraimí eu-LISA a bhaineann le dearadh agus forbairt an ródaire
1. Beidh eu-LISA freagrach as ailtireacht fhisiceach an ródaire a dhearadh, lena n-áirítear a chuid sonraíochtaí teicniúla a shainiú.
2. Beidh eu-LISA freagrach as an ródaire a fhorbairt, lena n-áirítear as aon oiriúnuithe teicniúla is gá d’oibriú an ródaire.
Is é a bheidh i bhforbairt an ródaire forbairt agus cur chun feidhme na sonraíochtaí teicniúla, tástáil agus bainistiú agus comhordú foriomlán an tionscadail ag an gcéim forbartha.
3. Áiritheoidh eu-LISA go ndéanfar an ródaire a dhearadh agus a fhorbairt sa chaoi go ndéanfaidh an ródaire na feidhmiúlachtaí a shonraítear sa Rialachán seo a sholáthar, agus go gcuirfidh an ródaire tús le hoibríochtaí a luaithe is féidir tar éis don Choimisiún na gníomhartha cur chun feidhme agus na gníomhartha tarmligthe dá bhforáiltear in Airteagal 5(7), Airteagal 6(3), Airteagal 9(6), Airteagal 23(2) agus Airteagal 24(2) den Rialachán seo a ghlacadh agus tar éis measúnú tionchair ar chosaint sonraí a dhéanamh i gcomhréir le hAirteagal 35 de Rialachán (AE) 2016/679.
4. Déanfaidh eu-LISA tacar tástála comhlíontachta a sholáthar do na húdaráis inniúla teorann, d’údaráis ábhartha eile na mBallstát agus d’aeriompróirí. Áireofar sa tacar tástála comhlíontachta timpeallacht tástála, ionsamhlóir, tacair sonraí tástála agus plean tástála. Leis an tacar tástála comhlíontachta, beifear in ann tástáil chuimsitheach a dhéanamh ar an ródaire dá dtagraítear i mír 5 agus beidh sé fós ar fáil tar éis don tástáil sin a bheith curtha i gcrích.
5. I gcás ina measfaidh eu-LISA gur cuireadh an chéim forbartha i gcrích, déanfaidh sé, gan moill mhíchuí, tástáil chuimsitheach ar an ródaire, i gcomhar leis na húdaráis inniúla teorann, le húdaráis ábhartha eile na mBallstát agus le haeriompróirí, agus cuirfidh sé toradh na tástála sin in iúl don Choimisiún.
Airteagal 26
Cúraimí eu-LISA a bhaineann le hóstáil agus bainistiú teicniúil an ródaire
1. Óstálfaidh eu-LISA an ródaire ar a shuíomhanna teicniúla.
2. Beidh eu-LISA freagrach as bainistiú teicniúil an ródaire, lena n-áirítear a chothabháil agus a fhorbairtí teicniúla, ar bhealach lena n-áiritheofar go ndéanfar na sonraí API a tharchur go slán, go héifeachtach agus go tapa tríd an ródaire, i gcomhréir leis an Rialachán seo.
Is é a bheidh i gceist le bainistiú teicniúil an ródaire na cúraimí uile agus na réitigh theicniúla uile is gá maidir le feidhmiú cuí an ródaire i gcomhréir leis an Rialachán seo a dhéanamh, gan bhriseadh, 24 uair an chloig sa lá, 7 lá sa tseachtain. Cuimseofar ann an obair chothabhála agus na forbairtí teicniúla is gá chun a áirithiú go bhfeidhmeoidh an ródaire ar leibhéal sásúil cáilíochta teicniúla, go háirithe maidir le hinfhaighteacht, cruinneas agus iontaofacht tharchur na sonraí API, i gcomhréir leis na sonraíochtaí teicniúla agus, a mhéid is féidir, i gcomhréir le riachtanais oibríochtúla na n-údarás inniúil teorann agus na n-aeriompróirí.
3. Ní bheidh rochtain ag foireann eu-LISA ar aon sonraí API arna dtarchur tríd an ródaire. Mar sin féin, ní chuirfidh an toirmeasc sin bac ar fhoireann eu-LISA rochtain den sórt sin a bheith acu a mhéid a bhfuil fíorghá leis chun an ródaire a chothabháil agus a bhainistiú go teicniúil.
4. Gan dochar do mhír 3 den Airteagal seo ná d’Airteagal 17 de Rialacháin Foirne Oifigigh an Aontais Eorpaigh, a leagtar síos i Rialachán (CEE, Euratom, CEGC) Uimh. 259/68 ón gComhairle (28), cuirfidh eu-LISA rialacha iomchuí rúndachta gairmiúla nó dualgais choibhéiseacha eile rúndachta i bhfeidhm maidir lena chuid ball foirne ar gá dóibh oibriú le sonraí API arna dtarchur tríd an ródaire. Beidh feidhm ag an oibleagáid sin chomh maith tar éis do bhaill foirne den sórt sin imeacht as oifig nó scor den fhostaíocht nó tar éis fhoirceannadh a ngníomhaíochtaí.
Airteagal 27
Cúraimí tacaíochta eu-LISA a bhaineann leis an ródaire
1. Arna iarraidh sin do na húdaráis inniúla teorann, d’údaráis ábhartha eile de chuid na mBallstát nó d’aeriompróirí, soláthróidh eu-LISA oiliúint dóibh maidir le húsáid theicniúil an ródaire agus maidir lena nasc agus lena gcomhtháthú leis an ródaire.
2. Tabharfaidh eu-LISA tacaíocht do na húdaráis inniúla teorann maidir le sonraí API a fháil tríd an ródaire de bhun an Rialacháin seo, go háirithe maidir le cur i bhfeidhm Airteagail 14 agus 23.
3. I gcomhréir le hAirteagal 24(1) agus trí úsáid a bhaint as an tacar tástála comhlíontachta dá dtagraítear in Airteagal 25(4), déanfaidh eu-LISA tástálacha, i gcomhar le haeriompróirí, ar aistriú sonraí API chuig an ródaire.
CAIBIDIL 6
RIALACHAS
Airteagal 28
Bord Bainistíochta Cláir
1. Faoin 28 Eanáir 2025, bunóidh Bord Bainistíochta eu-LISA Bord Bainistíochta Cláir. Beidh sé comhdhéanta de dheichniúr comhaltaí agus is é a n méid seo a leanas a bheidh ann:
|
(a) |
seachtar comhaltaí arna gceapadh ag Bord Bainistíochta eu-LISA as measc a chomhaltaí nó a chomhaltaí malartacha; |
|
(b) |
cathaoirleach an Ghrúpa Chomhairligh API-PNR dá dtagraítear in Airteagal 29; |
|
(c) |
comhalta amháin d’fhoireann eu-LISA arna cheapadh nó arna ceapadh ag a Stiúrthóir Feidhmiúcháin; agus |
|
(d) |
comhalta amháin arna cheapadh nó arna ceapadh ag an gCoimisiún. |
Maidir le pointe (a), ní thoghfar na comhaltaí arna gceapadh ag Bord Bainistíochta eu-LISA ach as measc a chomhaltaí nó a chomhaltaí malartacha as na Ballstáit sin a bhfuil feidhm ag an Rialachán seo maidir leo.
2. Dréachtóidh Bord Bainistíochta an Chláir a rialacha nós imeachta atá le glacadh ag Bord Bainistíochta eu-LISA.
Beidh an chathaoirleacht ag Ballstát atá ina chomhalta de Bhord Bainistíochta an Chláir.
3. Déanfaidh Bord Bainistíochta an Chláir maoirseacht ar chomhlíonadh éifeachtach chúraimí eu-LISA a bhaineann le dearadh agus forbairt an ródaire i gcomhréir le hAirteagal 25.
Arna iarraidh sin do Bhord Bainistíochta an Chláir, soláthróidh eu-LISA faisnéis atá mionsonraithe agus nuashonraithe faoi dhearadh agus forbairt an ródaire, lena n-áirítear faisnéis faoi na hacmhainní a leithdháileann eu-LISA.
4. Déanfaidh Bord Bainistíochta an Chláir tuarascálacha i scríbhinn maidir leis an dul chun cinn atá déanta i ndearadh agus forbairt an ródaire a chur faoi bhráid Bhord Bainistíochta eu-LISA go tráthrialta, agus trí huaire in aghaidh na ráithe ar a laghad.
5. Ní bheidh aon chumhacht chinnteoireachta ag Bord Bainistíochta an Chláir, ná ní bheidh aon sainordú aige chun ionadaíocht a dhéanamh thar ceann Bhord Bainistíochta eu-LISA ná a chomhaltaí.
6. Scoirfidh Bord Bainistíochta an Chláir de bheith ann faoi dháta chur i bhfeidhm an Rialacháin seo dá dtagraítear in Airteagal 46, an dara mír.
Airteagal 29
An Grúpa Comhairleach API-PNR
1. Amhail ón 28 Eanáir 2025, soláthróidh an Grúpa Comhairleach API-PNR, a bunaíodh de bhun Airteagal 27(1), pointe (de), de Rialachán (AE) 2018/1726, an saineolas is gá a bhaineann le API-PNR do Bhord Bainistíochta eu-LISA go háirithe i gcomhthéacs ullmhú a chláir oibre bhliantúil agus a thuarascála bliantúla ar ghníomhaíochtaí.
2. Aon uair a bheidh siad ar fáil, déanfaidh eu-LISA leaganacha de na sonraíochtaí teicniúla agus de na tacair tástála comhlíontachta dá dtagraítear in Airteagal 25(1), (2) agus (4), fiú leaganacha idirmheánacha, a sholáthar don Ghrúpa Comhairleach API-PNR.
3. Feidhmeoidh an Grúpa Comhairleach API-PNR na feidhmeanna seo a leanas:
|
(a) |
saineolas a sholáthar do eu-LISA agus do Bhord Bainistíochta an Chláir maidir le dearadh agus forbairt an ródaire i gcomhréir le hAirteagal 25; |
|
(b) |
saineolas a sholáthar do eu-LISA maidir le hóstáil agus bainistiú teicniúil an ródaire i gcomhréir le hAirteagal 26; |
|
(c) |
a thuairim a sholáthar do Bhord Bainistíochta an Chláir, arna iarraidh sin dó, maidir le dul chun cinn dhearadh agus fhorbairt an ródaire, lena n-áirítear maidir le dul chun cinn na sonraíochtaí teicniúla agus na dtacar tástála comhlíontachta dá dtagraítear i mír 2. |
4. Ní bheidh aon chumhacht chinnteoireachta ag an nGrúpa Comhairleach API-PNR, ná ní bheidh aon sainordú aige ionadaíocht a dhéanamh thar ceann Bhord Bainistíochta eu-LISA ná a chomhaltaí.
Airteagal 30
An Grúpa Teagmhála API-PNR
1. Faoi dháta chur i bhfeidhm an Rialacháin seo dá dtagraítear in Airteagal 46, an dara mír, bunóidh Bord Bainistíochta eu-LISA Grúpa Teagmhála API-PNR.
2. Cumasóidh an Grúpa Teagmhála API-PNR cumarsáid idir údaráis ábhartha na mBallstát agus aeriompróirí faoi ábhair theicniúla a bhaineann lena gcúraimí agus lena n-oibleagáidí faoi seach faoin Rialachán seo.
3. Beidh an Grúpa Teagmhála API-PNR comhdhéanta d’ionadaithe ó údaráis ábhartha de chuid na mBallstát agus ó aeriompróirí, de chathaoirleach an Ghrúpa Chomhairligh API-PNR agus de shaineolaithe eu-LISA.
4. Bunóidh Bord Bainistíochta eu-LISA rialacha nós imeachta an Ghrúpa Teagmhála API-PNR, tar éis tuairim a fháil ón nGrúpa Comhairleach API-PNR.
5. I gcás ina meastar gá a bheith leis, féadfaidh Bord Bainistíochta eu-LISA foghrúpaí den Ghrúpa Teagmhála API-PNR a bhunú freisin chun ábhair theicniúla shonracha a phlé a bhaineann le cúraimí agus oibleagáidí faoi seach údarás ábhartha de chuid na mBallstát agus aeriompróirí faoin Rialachán seo.
6. Ní bheidh aon chumhacht chinnteoireachta ag an nGrúpa Teagmhála API-PNR, lena n-áirítear a fhoghrúpaí, ná ní bheidh aon sainordú aige ionadaíocht a dhéanamh thar ceann Bhord Bainistíochta eu-LISA ná a chomhaltaí.
Airteagal 31
An Grúpa Saineolaithe API
1. Faoi dháta chur i bhfeidhm an Rialacháin seo dá dtagraítear in Airteagal 46, an dara mír, bunóidh an Coimisiún Grúpa Saineolaithe API i gcomhréir leis na rialacha cothrománacha maidir le cruthú agus oibriú ghrúpaí saineolaithe an Choimisiúin.
2. Cumasóidh an Grúpa Saineolaithe API cumarsáid i measc údaráis ábhartha de chuid na mBallstát, agus idir údaráis ábhartha de chuid na mBallstát agus aeriompróirí, faoi ábhair bheartais a bhaineann lena gcúraimí agus lena n-oibleagáidí faoi seach faoin Rialachán seo, lena n-áirítear maidir leis na pionóis dá dtagraítear in Airteagal 37.
3. Is é an Coimisiún a dhéanfaidh cathaoirleacht ar an nGrúpa Saineolaithe API agus bunófar é i gcomhréir leis na rialacha cothrománacha maidir le cruthú agus oibriú ghrúpaí saineolaithe an Choimisiúin. Beidh sé comhdhéanta d’ionadaithe ó údaráis ábhartha de chuid na mBallstát, d’ionadaithe ó aeriompróirí agus de shaineolaithe eu-LISA. I gcás inarb ábhartha chun a chúraimí a dhéanamh, féadfaidh an Grúpa Saineolaithe API cuireadh a thabhairt do gheallsealbhóirí ábhartha, go háirithe ionadaithe ó Pharlaimint na hEorpa, ón Maoirseoir Eorpach ar Chosaint Sonraí agus ó na húdaráis mhaoirseachta náisiúnta neamhspleácha, páirt a ghlacadh ina chuid oibre.
4. Déanfaidh an Grúpa Saineolaithe API a chuid cúraimí a dhéanamh i gcomhréir le prionsabal na trédhearcachta. Foilseoidh an Coimisiún miontuairiscí chruinnithe an Ghrúpa Saineolaithe API agus doiciméid ábhartha eile ar shuíomh gréasáin an Choimisiúin.
Airteagal 32
Costais arna dtabhú ag eu-LISA, ag an Maoirseoir Eorpach ar Chosaint Sonraí, ag na húdaráis mhaoirseachta náisiúnta agus ag na Ballstáit
1. Is ar bhuiséad ginearálta an Aontais a thitfidh na costais arna dtabhú ag eu-LISA i ndáil le bunú agus oibriú an ródaire faoin Rialachán seo.
2. Tacófar leis na costais arna dtabhú ag na Ballstáit i ndáil le cur chun feidhme an Rialacháin seo, go háirithe i ndáil leis an nasc agus leis an gcomhtháthú leis an ródaire dá dtagraítear in Airteagal 23, ó bhuiséad ginearálta an Aontais, i gcomhréir leis na rialacha incháilitheachta agus na rátaí cómhaoinithe a leagtar síos i ngníomhartha dlí an Aontais is infheidhme.
3. Is ar bhuiséad ginearálta an Aontais a thitfidh na costais arna dtabhú ag an Maoirseoir Eorpach ar Chosaint Sonraí i ndáil leis na cúraimí a chuirtear air faoin Rialachán seo.
4. Is ar na Ballstáit a thitfidh na costais arna dtabhú ag na húdaráis mhaoirseachta náisiúnta neamhspleácha i ndáil leis na cúraimí a chuirtear orthu faoin Rialachán seo.
Airteagal 33
Dliteanas maidir leis an ródaire
Má mhainníonn Ballstát nó aeriompróir a chuid oibleagáidí a chomhlíonadh faoin Rialachán seo agus an méid sin a bheith ina chúis damáiste don ródaire, is é an Ballstát nó an t-aeriompróir sin a bheidh faoi dhliteanas i leith damáiste den sórt sin, dá bhforáiltear i ndlí an Aontais is infheidhme nó sa dlí náisiúnta is infheidhme, mura rud é agus a mhéid a léirítear gur mhainnigh eu-LISA, Ballstát eile nó aeriompróir eile bearta réasúnacha a dhéanamh chun an damáiste sin a chosc nó chun a thionchar a íoslaghdú.
Airteagal 34
Tús oibríochtaí an ródaire
Cinnfidh an Coimisiún, gan moill mhíchuí, an dáta óna gcuirfidh an ródaire tús le hoibríochtaí trí bhíthin gníomh cur chun feidhme a luaithe a chuirfidh eu-LISA an Coimisiún ar an eolas gur cuireadh an tástáil chuimsitheach ar an ródaire dá dtagraítear in Airteagal 25(5) i gcrích go rathúil. Déanfar an gníomh cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 43(2).
Socróidh an Coimisiún nach mbeidh an dáta dá dtagraítear sa chéad mhír sa chaoi is nach mbeidh sé níos déanaí ná 30 lá ón dáta a ghlacfar an gníomh cur chun feidhme sin.
Airteagal 35
Úsáid dheonach an ródaire agus Treoir 2004/82/CE á cur i bhfeidhm
1. Beidh aeriompróirí i dteideal an ródaire a úsáid chun an fhaisnéis dá dtagraítear in Airteagal 3(1) agus (2) de Threoir 2004/82/CE a tharchur chuig ceann amháin nó níos mó de na húdaráis fhreagracha dá dtagraítear inti, i gcomhréir leis an Treoir sin, ar choinníoll gur chomhaontaigh an Ballstát lena mbaineann le húsáid den sórt sin, ó dháta iomchuí arna shocrú ag an mBallstát sin. Ní chomhaontóidh an Ballstát sin leis sin ach amháin tar éis dó a shuí, go háirithe maidir le nasc a údarás freagrach féin leis an ródaire agus le nasc an aeriompróra lena mbaineann, gur féidir an fhaisnéis a tharchur ar bhealach dleathach, slán, éifeachtach agus tapa.
2. I gcás ina dtosaíonn aeriompróir ag úsáid an ródaire i gcomhréir le mír 1 den Airteagal seo, leanfaidh sé d’úsáid a bhaint as an ródaire chun faisnéis den sórt sin a tharchur chuig údaráis fhreagracha an Bhallstáit lena mbaineann go dtí dáta chur i bhfeidhm an Rialacháin seo dá dtagraítear in Airteagal 46, an dara mír. Scoirfear den úsáid sin, áfach, ó dháta iomchuí arna shocrú ag an mBallstát sin, i gcás ina measann an Ballstát sin go bhfuil cúiseanna oibiachtúla ann lena n-éilítear scor den sórt sin agus inar chuir sé an t-aeriompróir ar an eolas dá réir sin.
3. Maidir leis an mBallstát lena mbaineann:
|
(a) |
rachaidh sé i gcomhairle le eu-LISA sula gcomhaontóidh sé le húsáid dheonach an ródaire i gcomhréir le mír 1; |
|
(b) |
seachas i gcásanna práinne a bhfuil údar cuí leo, tabharfaidh sé deis don aeriompróir lena mbaineann a thuairim a thabhairt ar a rún go scoirfidh sé d’úsáid den sórt sin i gcomhréir le mír 2 agus, i gcás inarb ábhartha, rachaidh sé i gcomhairle le eu-LISA ina leith sin freisin; |
|
(c) |
cuirfidh sé eu-LISA agus an Coimisiún ar an eolas láithreach faoi aon úsáid den sórt sin lenar chomhaontaigh sé agus faoi aon scor d’úsáid den sórt sin tríd an bhfaisnéis uile is gá, lena n-áirítear dáta tosaithe na húsáide, dáta an scoir agus na cúiseanna leis an scor, de réir mar is infheidhme, a sholáthar. |
CAIBIDIL 7
MAOIRSEACHT, PIONÓIS, STAIDREAMH AGUS LÁMHLEABHAR
Airteagal 36
Údarás maoirseachta náisiúnta API
1. Ainmneoidh na Ballstáit údarás maoirseachta náisiúnta API amháin nó níos mó a bheidh freagrach as faireachán a dhéanamh ar chur i bhfeidhm fhorálacha an Rialacháin seo ag aeriompróirí laistigh dá gcríoch agus as comhlíonadh na bhforálacha sin a áirithiú.
2. Áiritheoidh na Ballstáit go mbeidh ag na húdaráis mhaoirseachta náisiúnta API na hacmhainní uile agus na cumhachtaí imscrúdaithe agus forfheidhmiúcháin uile is gá chun a gcuid cúraimí a dhéanamh faoin Rialachán seo, lena n-áirítear trí na pionóis dá dtagraítear in Airteagal 37 a fhorchur i gcás inarb iomchuí. Áiritheoidh na Ballstáit go mbeidh feidhmiú na gcumhachtaí a thugtar don údarás maoirseachta náisiúnta API faoi réir coimircí iomchuí i gcomhréir leis na cearta bunúsacha a ráthaítear faoi dhlí an Aontais.
3. Tabharfaidh na Ballstáit, faoi dháta chur i bhfeidhm an Rialacháin seo dá dtagraítear in Airteagal 46, an dara mír, fógra don Choimisiún faoi ainm agus faoi shonraí teagmhála na n-údarás arna n-ainmniú acu faoi mhír 1 den Airteagal seo. Tabharfaidh siad fógra don Choimisiún gan mhoill faoi aon athrú nó leasú a dhéanfar orthu ina dhiaidh sin.
4. Ní dochar an tAirteagal seo do chumhachtaí na n-údarás maoirseachta dá dtagraítear in Airteagal 51 de Rialachán (AE) 2016/679.
Airteagal 37
Pionóis
1. Déanfaidh na Ballstáit na rialacha a bhaineann leis na pionóis is infheidhme maidir le sáruithe ar an Rialachán seo a leagan síos agus glacfaidh siad gach beart is gá lena áirithiú go gcuirfear chun feidhme iad. Beidh na pionóis dá bhforáiltear éifeachtach, comhréireach agus athchomhairleach.
2. Tabharfaidh na Ballstáit, faoi dháta chur i bhfeidhm an Rialacháin seo dá dtagraítear in Airteagal 46, an dara mír, fógra don Choimisiún faoi na rialacha sin agus na bearta sin agus tabharfaidh siad fógra dó, gan mhoill, faoi aon leasú ina dhiaidh sin lena ndéantar difear dóibh.
3. Áiritheoidh na Ballstáit go ndéanfaidh na húdaráis mhaoirseachta náisiúnta API, agus cinneadh á dhéanamh acu i dtaobh ar cheart pionós a fhorchur, agus cineál agus leibhéal an phionóis á chinneadh acu, imthosca ábhartha a chur san áireamh, lena bhféadfar an méid seo a leanas a áireamh:
|
(a) |
cineál, tromchúis agus fad an tsáraithe; |
|
(b) |
a mhéid atá locht ar an aeriompróir; |
|
(c) |
sáruithe a rinne an t-aeriompróir roimhe sin; |
|
(d) |
leibhéal foriomlán chomhar an aeriompróra leis na húdaráis inniúla; |
|
(e) |
méid an aeriompróra, amhail líon bliantúil na bpaisinéirí a iompraítear; |
|
(f) |
i dtaobh ar chuir údaráis mhaoirseachta náisiúnta API eile pionóis roimhe seo i bhfeidhm cheana féin ar an aeriompróir céanna as an sárú céanna. |
4. Áiritheoidh na Ballstáit go mbeidh mainneachtain leanúnach sonraí API a aistriú i gcomhréir le hAirteagal 6(1) faoi réir pionóis airgeadais chomhréireacha suas le 2 % de láimhdeachas iomlán an aeriompróra an bhliain ghnó roimhe sin. Áiritheoidh na Ballstáit go mbeidh mainneachtain oibleagáidí eile a leagtar amach sa Rialachán seo a chomhlíonadh faoi réir pionóis chomhréireacha, lena n-áirítear pionóis airgeadais.
Airteagal 38
Staidreamh
1. Chun tacú le cur chun feidhme an Rialacháin seo agus le faireachán a dhéanamh ar a chur i bhfeidhm, agus ar bhonn na faisnéise staidrimh dá dtagraítear i mír 5, foilseoidh eu-LISA staidreamh gach ráithe maidir le feidhmiú an ródaire agus maidir le comhlíonadh na n-oibleagáidí a leagtar amach sa Rialachán seo ag aeriompróirí. Ní bheifear in ann daoine aonair a shainaithint leis an staidreamh sin.
2. Chun na gcríoch a leagtar amach i mír 1, déanfaidh an ródaire na sonraí a liostaítear i mír 5 a tharchur go huathoibríoch chuig CRRS.
3. Chun tacú le cur chun feidhme an Rialacháin seo agus le faireachán a dhéanamh ar a chur i bhfeidhm, gach bliain, tiomsóidh eu-LISA sonraí staidrimh i dtuarascáil bhliantúil don bhliain roimhe sin. Foilseoidh sé an tuarascáil bhliantúil sin agus tarchuirfidh sé í chuig Parlaimint na hEorpa, chuig an gComhairle, chuig an gCoimisiún, chuig an Maoirseoir Eorpach ar Chosaint Sonraí, chuig an nGníomhaireacht Eorpach um an nGarda Teorann agus Cósta agus chuig na húdaráis mhaoirseachta náisiúnta API dá dtagraítear in Airteagal 36. Ní nochtfar sa tuarascáil bhliantúil modhanna oibre rúnda ná ní chuirfear imscrúduithe leanúnacha údaráis inniúla na mBallstát i mbaol léi.
4. Arna iarraidh sin don Choimisiún, soláthróidh eu-LISA staidreamh dó maidir le gnéithe áirithe a bhaineann le cur chun feidhme an Rialacháin seo chomh maith le staidreamh de bhun mhír 3.
5. Soláthróidh CRRS do eu-LISA an fhaisnéis staidrimh seo a leanas is gá don tuairisciú dá dtagraítear in Airteagal 45 agus chun staidreamh a ghiniúint i gcomhréir leis an Airteagal seo, ach gan bheith in ann na paisinéirí lena mbaineann a shainaithint leis an staidreamh sin maidir le sonraí API:
|
(a) |
náisiúntacht, inscne agus bliain bhreithe an phaisinéara; |
|
(b) |
an dáta agus an pointe bordála tosaigh, an dáta imeachta agus an t-aerfort imeachta, agus an dáta teacht isteach agus an t-aerfort teacht isteach; |
|
(c) |
an cineál doiciméid taistil, cód trí litir na tíre eisiúna agus dáta éaga bhailíocht an doiciméid taistil; |
|
(d) |
líon na bpaisinéirí a seiceáladh isteach ar an eitilt chéanna; |
|
(e) |
cód an aeriompróra a oibríonn an eitilt; |
|
(f) |
i dtaobh an eitilt sceidealaithe nó eitilt neamhsceidealaithe í an eitilt; |
|
(g) |
i dtaobh ar aistríodh sonraí API láithreach tar éis dhúnadh na heitilte; |
|
(h) |
i dtaobh an bhfuil sonraí pearsanta an phaisinéara cruinn, iomlán agus cothrom le dáta; |
|
(i) |
na modhanna teicniúla a úsáidtear chun na sonraí API a ghabháil. |
6. Chun críocha an tuairiscithe dá dtagraítear in Airteagal 45 agus chun staidreamh a ghiniúint i gcomhréir leis an Airteagal seo, déanfaidh eu-LISA na sonraí dá dtagraítear i mír 5 den Airteagal seo a stóráil in CRRS. Déanfaidh sé sonraí den sórt sin a stóráil ar feadh tréimhse 5 bliana i gcomhréir le mír 2, á áirithiú ag an am céanna nach mbeifear in ann na paisinéirí lena mbaineann a shainaithint leis na sonraí. Soláthróidh CRRS d’fhoireann chuí-údaraithe na n-údarás inniúil teorann agus d’údaráis ábhartha eile de chuid na mBallstát tuarascálacha agus staidreamh inoiriúnaithe maidir le sonraí API dá dtagraítear i mír 5 den Airteagal seo chun an Rialachán seo a chur chun feidhme agus faireachán a dhéanamh ar a chur i bhfeidhm.
7. Ní bheidh de thoradh ar úsáid na sonraí dá dtagraítear i mír 5 den Airteagal seo próifíliú daoine aonair dá dtagraítear in Airteagal 22 de Rialachán (AE) 2016/679 nó idirdhealú in aghaidh daoine ar na forais a liostaítear in Airteagal 21 den Chairt. Ní úsáidfear na sonraí dá dtagraítear i mír 5 den Airteagal seo chun iad a chur i gcomparáid ná chun iad a mheaitseáil le sonraí pearsanta ná chun iad a chomhcheangal le sonraí pearsanta.
8. Áireofar leis na nósanna imeachta arna gcur ar bun ag eu-LISA chun faireachán a dhéanamh ar fhorbairt agus feidhmiú an ródaire dá dtagraítear in Airteagal 39(2) de Rialachán (AE) 2019/817 an fhéidearthacht staidreamh tráthrialta a sholáthar chun an faireachán sin a áirithiú.
Airteagal 39
Lámhleabhar praiticiúil
Déanfaidh an Coimisiún, i ndlúthchomhar leis na húdaráis inniúla agus le húdaráis ábhartha eile na mBallstát, le haeriompróirí agus le comhlachtaí agus gníomhaireachtaí ábhartha de chuid an Aontais, lámhleabhar praiticiúil a ullmhú agus a chur ar fáil go poiblí, ina bhfuil treoirlínte, moltaí agus dea-chleachtais chun an Rialachán seo a chur chun feidhme, lena n-áirítear maidir le cearta bunúsacha a chomhlíonadh chomh maith le pionóis i gcomhréir le hAirteagal 37.
Cuirfear lámhleabhair ábhartha eile san áireamh sa lámhleabhar praiticiúil.
Glacfaidh an Coimisiún an lámhleabhar praiticiúil i bhfoirm moladh.
CAIBIDIL 8
GAOL LE HIONSTRAIMÍ EILE ATÁ ANN CHEANA
Airteagal 40
Treoir 2004/82/CE a aisghairm
Déantar Treoir 2004/82/CE a aisghairm ó dháta chur i bhfeidhm an Rialacháin seo, dá dtagraítear in Airteagal 46, an dara mír.
Airteagal 41
Leasuithe ar Rialachán (AE) 2018/1726
Leasaítear Rialachán (AE) 2018/1726 mar a leanas:
|
(1) |
cuirtear an t-airteagal seo a leanas isteach: ‘Airteagal 13a Cúraimí a bhaineann leis an ródaire I ndáil le Rialacháin (AE) 2025/12 (*1) agus (AE) 2025/13 (*2) ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, déanfaidh an Ghníomhaireacht na cúraimí a bhaineann leis an ródaire arna dtabhairt di leis na Rialacháin sin. (*1) Rialachán (AE) 2025/12 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 19 Nollaig 2024 maidir le réamhaisnéis faoi phaisinéirí a bhailiú agus a aistriú chun seiceálacha ag teorainneacha seachtracha a fheabhsú agus a éascú, lena leasaítear Rialachán (AE) 2018/1726 agus (AE)2019/817, agus lena n-aisghairtear Treoir 2004/82/CE ón gComhairle (IO L, 2025/12, 8.1.2025, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2025/12/oj)." (*2) Rialachán (AE) 2025/13 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 19 Nollaig 2024 maidir le réamhaisnéis faoi phaisinéirí a bhailiú agus a aistriú chun cionta sceimhlitheoireachta agus an choireacht thromchúiseach a chosc, a bhrath, a imscrúdú agus a ionchúiseamh, agus lena leasaítear Rialachán (AE) 2019/818 (IO L, 2025/13, 8.1.2025, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2025/13/oj).’;" |
|
(2) |
in Airteagal 17, cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 3: ‘3. Is i dTaillinn, an Eastóin, a bheidh suíomh na Gníomhaireachta. Is ar shuíomh teicniúil na Gníomhaireachta in Strasbourg, an Fhrainc, a rachfar i mbun na gcúraimí a bhaineann le forbairt agus bainistiú oibríochtúil dá dtagraítear in Airteagal 1(4) agus (5), Airteagail 3 go 9 agus Airteagail 11 agus 13a. Beidh suíomh cúltaca ann arb acmhainn dó oibriú córais mórscála TF a áirithiú i gcás ina dtarlódh cliseadh córais den sórt sin, agus déanfar an suíomh sin a shuiteáil in Sankt Johann im Pongau, an Ostair.’ |
|
(3) |
in Airteagal 19, leasaítear mír 1 mar a leanas:
|
|
(4) |
in Airteagal 27(1), cuirtear an pointe seo a leanas isteach:
|
Airteagal 42
Leasú ar Rialachán (AE) 2019/817
In Airteagal 39 de Rialachán (AE) 2019/817, cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhíreanna 1 agus 2:
‘1. Bunaítear an lárstóras um thuairisciú agus staidreamh (CRRS) chun tacú, i gcomhréir leis na hionstraimí dlí faoi seach lena rialaítear na córais sin, le cuspóirí EES, VIS, ETIAS agus SIS agus chun sonraí staidrimh traschórais agus tuairisciú anailíseach a sholáthar chun críoch beartais, oibriúcháin agus cáilíochta sonraí. Tacóidh CRRS freisin le cuspóirí Rialachán (AE) 2025/12 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (*3).
2. Déanfaidh eu-LISA CRRS a bhunú, a chur chun feidhme agus a óstáil ar a shuíomhanna teicniúla ina mbeidh na sonraí agus an staidreamh dá dtagraítear in Airteagal 63 de Rialachán (AE) 2017/2226, Airteagal 17 de Rialachán (CE) Uimh. 767/2008, Airteagal 84 de Rialachán (AE) 2018/1240, Airteagal 60 de Rialachán (AE) 2018/1861 agus Airteagal 16 de Rialachán (AE) 2018/1860, arna scaradh go loighciúil de réir córas faisnéise AE. Baileoidh eu-LISA freisin na sonraí agus an staidreamh ón ródaire dá dtagraítear in Airteagal 38(1) de Rialachán (AE) 2025/12. Is trí bhíthin rochtain rialaithe, shlán agus trí phróifílí úsáideoirí sonracha a thabharfar rochtain ar CRRS, chun críche tuairiscithe agus staidrimh amháin, do na húdaráis dá dtagraítear in Airteagal 63 de Rialachán (AE) 2017/2226, Airteagal 17 de Rialachán (CE) Uimh. 767/2008, Airteagal 84 de Rialachán (AE) 2018/1240, Airteagal 60 de Rialachán (AE) 2018/1861 agus Airteagal 45(2) de Rialachán (AE) 2025/12.
CAIBIDIL 9
FORÁLACHA CRÍOCHNAITHEACHA
Airteagal 43
Nós imeachta coiste
1. Tabharfaidh coiste cúnamh don Choimisiún. Beidh an coiste sin ina choiste de réir bhrí Rialachán (AE) Uimh. 182/2011.
2. I gcás ina ndéantar tagairt don mhír seo, beidh feidhm ag Airteagal 5 de Rialachán (AE) Uimh. 182/2011. I gcás nach dtugann an coiste aon tuairim, ní dhéanfaidh an Coimisiún an dréachtghníomh cur chun feidhme a ghlacadh agus beidh feidhm ag Airteagal 5(4), an tríú fomhír, de Rialachán (AE) Uimh. 182/2011.
Airteagal 44
An tarmligean a fheidhmiú
1. Is faoi réir na gcoinníollacha a leagtar síos san Airteagal seo a thugtar an chumhacht don Choimisiún chun gníomhartha tarmligthe a ghlacadh.
2. Déanfar an chumhacht chun gníomhartha tarmligthe a ghlacadh dá dtagraítear in Airteagal 5(6) agus (7), Airteagal 6(3) agus Airteagal 9(6) a thabhairt don Choimisiún go ceann tréimhse 5 bliana ón 28 Eanáir 2025. Déanfaidh an Coimisiún, tráth nach déanaí ná 9 mí roimh dheireadh na tréimhse 5 bliana, tuarascáil a tharraingt suas maidir le tarmligean na cumhachta. Déanfar tarmligean na cumhachta a fhadú go hintuigthe go ceann tréimhsí comhfhaid, mura rud é go gcuireann Parlaimint na hEorpa nó an Chomhairle in aghaidh an fhadaithe sin tráth nach déanaí ná 3 mhí roimh dheireadh gach tréimhse.
Maidir le gníomh tarmligthe arna ghlacadh de bhun Airteagal 5(6), má chuireann Parlaimint na hEorpa nó an Chomhairle agóid faoi mhír 6 den Airteagal seo in iúl, ní fhéadfaidh Parlaimint na hEorpa ná an Chomhairle cur i gcoinne an fhadaithe intuigthe dá dtagraítear sa chéad fhomhír den mhír seo.
3. Féadfaidh Parlaimint na hEorpa nó an Chomhairle tarmligean na cumhachta dá dtagraítear in Airteagal 5(7), Airteagal 6(3) agus Airteagal 9(6) a chúlghairm aon tráth. Le cinneadh chun cúlghairm a dhéanamh, cuirfear deireadh le tarmligean na cumhachta atá sonraithe sa chinneadh sin. Gabhfaidh éifeacht leis an lá tar éis fhoilsiú an chinnidh in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh nó ar dháta is déanaí a shonrófar sa chinneadh. Ní dhéanfaidh sé difear do bhailíocht aon ghnímh tharmligthe atá i bhfeidhm cheana.
4. Sula nglacfaidh sé gníomh tarmligthe, rachaidh an Coimisiún i mbun comhairliúchán le saineolaithe arna n-ainmniú ag gach Ballstát i gcomhréir leis na prionsabail a leagtar síos i gComhaontú Idirinstitiúideach an 13 Aibreán 2016 maidir le Reachtóireacht Níos Fearr.
5. A luaithe a ghlacfaidh sé gníomh tarmligthe, tabharfaidh an Coimisiún fógra, an tráth céanna, do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle faoi.
6. Ní thiocfaidh gníomh tarmligthe a ghlactar de bhun Airteagal 5(6) nó (7), Airteagal 6(3) nó Airteagal 9(6) i bhfeidhm ach amháin mura mbeidh aon agóid curtha in iúl ag Parlaimint na hEorpa nó ag an gComhairle laistigh de thréimhse 2 mhí tar éis fógra faoin ngníomh sin a thabhairt do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle nó más rud é, roimh dhul in éag na tréimhse sin, go mbeidh Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle araon tar éis a chur in iúl don Choimisiún nach ndéanfaidh siad aon agóid. Déanfar an tréimhse sin a fhadú 2 mhí ar thionscnamh Pharlaimint na hEorpa nó na Comhairle.
Airteagal 45
Faireachán agus meastóireacht
1. Áiritheoidh eu-LISA go mbeidh nósanna imeachta i bhfeidhm chun faireachán a dhéanamh ar fhorbairt an ródaire i bhfianaise cuspóirí a bhaineann le pleanáil agus costais agus chun faireachán a dhéanamh ar fheidhmiú an ródaire i bhfianaise cuspóirí a bhaineann le haschur teicniúil, cost-éifeachtacht, slándáil agus cáilíocht seirbhíse.
2. Faoin 29 Eanáir 2026 agus gach bliain ina dhiaidh sin le linn chéim forbartha an ródaire, cuirfidh eu-LISA tuarascáil ar fáil maidir le staid na himeartha i ndáil le forbairt an ródaire, agus cuirfidh sé an tuarascáil sin faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa agus na Comhairle. Beidh faisnéis mhionsonraithe sa tuarascáil faoi na costais a tabhaíodh agus faoi aon rioscaí a d’fhéadfadh tionchar a imirt ar na costais fhoriomlána a atá le titim ar bhuiséad ginearálta an Aontais i gcomhréir le hAirteagal 32.
3. A luaithe a chuirfidh an ródaire tús le hoibríochtaí, cuirfidh eu-LISA tuarascáil ar fáil ina mínítear go mionsonrach conas a gnóthaíodh na cuspóirí, go háirithe na cuspóirí a bhaineann le pleanáil agus costais, agus ina dtugtar cúiseanna le haon éagsúlachtaí, agus cuirfidh sé faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa agus na Comhairle í.
4. Faoin 29 Eanáir 2029, agus gach 4 bliana ina dhiaidh sin, cuirfidh an Coimisiún tuarascáil ar fáil ina bhfuil meastóireacht fhoriomlán ar an Rialachán seo, lena n-áirítear maidir leis an riachtanas atá le bailiú sonraí API agus an breisluach a bhaineann leis sin, lena n-áirítear measúnú ar an méid seo a leanas:
|
(a) |
cur i bhfeidhm an Rialacháin seo; |
|
(b) |
a mhéid a bhain an Rialachán seo a chuid cuspóirí amach; |
|
(c) |
tionchar an Rialacháin seo ar chearta bunúsacha a chosnaítear faoi dhlí an Aontais; |
|
(d) |
tionchar an Rialacháin seo ar eispéireas taistil paisinéirí dlisteanacha; |
|
(e) |
tionchar an Rialacháin seo ar iomaíochas na hearnála eitlíochta agus an t-ualach a bhí ar ghnólachtaí; |
|
(f) |
cáilíocht na sonraí arna dtarchur ag an ródaire chuig na húdaráis inniúla teorann; |
|
(g) |
feidhmíocht an ródaire i ndáil leis na húdaráis inniúla teorann. |
Chun críocha phointe (e) den chéad fhomhír, tabharfar aghaidh freisin sa tuarascáil ón gCoimisiún ar idirghníomhaíocht an Rialacháin seo le gníomhartha reachtacha ábhartha eile de chuid an Aontais, go háirithe Rialacháin (CE) Uimh. 767/2008, (AE) 2017/2226 agus (AE) 2018/1240, chun measúnú a dhéanamh ar thionchar foriomlán na n-oibleagáidí tuairiscithe gaolmhara ar aeriompróirí, sainaithneofar forálacha a d’fhéadfaí a nuashonrú agus a shimpliú, i gcás inarb iomchuí, chun an t-ualach ar aeriompróirí a mhaolú, agus breithniú a dhéanamh ar ghníomhaíochtaí agus bearta a d’fhéadfaí a dhéanamh chun an brú costais iomlán ar aeriompróirí a laghdú.
5. Cuirfidh an Coimisiún an tuarascáil mheastóireachta faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa, na Comhairle, an Mhaoirseora Eorpaigh ar Chosaint Sonraí agus Ghníomhaireacht an Aontais Eorpaigh um Chearta Bunúsacha. Más iomchuí, i bhfianaise na meastóireachta atá déanta, déanfaidh an Coimisiún togra reachtach a thíolacadh do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle d’fhonn an Rialachán seo a leasú.
6. Tabharfaidh na Ballstáit agus na haeriompróirí do eu-LISA agus don Choimisiún, arna iarraidh sin dóibh, an fhaisnéis is gá chun na tuarascálacha dá dtagraítear i míreanna 2, 3 agus 4 a dhréachtú, amhail sonraí a bhaineann le torthaí na réamhsheiceálacha arna ndéanamh i gcórais faisnéise an Aontais agus i mbunachair sonraí náisiúnta ag na teorainneacha seachtracha trí úsáid a bhaint as sonraí API. Go háirithe, soláthróidh na Ballstáit faisnéis chainníochtúil agus cháilíochtúil faoi shonraí API a bhailiú ó thaobh na hoibríochta de. Ní áireofar sonraí pearsanta san fhaisnéis arna soláthar. Féadfaidh Ballstáit staonadh ó fhaisnéis den sórt sin a sholáthar, más amhlaidh gur gá, agus a mhéid is gá, chun nach ndéanfar modhanna oibre rúnda a nochtadh nó imscrúduithe atá fós ar siúl ag na húdaráis inniúla teorann i mbaol. Áiritheoidh an Coimisiún go gcosnófar go hiomchuí aon fhaisnéis rúnda a sholáthraítear.
Airteagal 46
Teacht i bhfeidhm agus cur i bhfeidhm
Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
Beidh feidhm aige ó 2 bhliain ón dáta a chuirfidh an ródaire tús le hoibríochtaí, arna chinneadh ag an gCoimisiún i gcomhréir le hAirteagal 34.
Mar sin féin:
|
(a) |
Beidh feidhm ag Airteagal 5(7) agus (8), Airteagal 6(3), Airteagal 9(6), Airteagal 13(4), Airteagal 14(5), Airteagal 18(4), Airteagal 23(2), Airteagal 24(2), Airteagail 25, 28 agus 29, Airteagal 32(1) agus Airteagail 34, 43 agus 44 ón 28 Eanáir 2025; |
|
(b) |
Beidh feidhm ag Airteagal 5(6), Airteagail 12 agus 15, Airteagal 17(1), (3) agus (4), Airteagal 18(1), (2) agus (3), agus Airteagail 19, 20, 26, 27, 33 agus 35 ón dáta a chuirfidh an ródaire tús le hoibríochtaí, arna chinneadh ag an gCoimisiún i gcomhréir le hAirteagal 34. |
Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach sna Ballstáit i gcomhréir leis na Conarthaí.
Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 19 Nollaig 2024.
Thar ceann Pharlaimint na hEorpa
An tUachtarán
R. METSOLA
Thar ceann na Comhairle
An tUachtarán
BÓKA J.
(1) IO C 228, 29.6.2023, lch. 97.
(2) Seasamh ó Pharlaimint na hEorpa an 25 Aibreán 2024 (nár foilsíodh fós san Iris Oifigiúil) agus Cinneadh ón gComhairle an 12 Nollaig 2024.
(3) Rialachán (AE) 2016/399 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 9 Márta 2016 maidir le Cód an Aontais maidir leis na rialacha lena rialaítear gluaiseacht daoine thar theorainneacha (Cód Teorainneacha Schengen) (IO L 77, 23.3.2016, lch. 1).
(4) Treoir 2004/82/CE ón gComhairle an 29 Aibreán 2004 maidir leis an oibleagáid ar iompróirí sonraí paisinéirí a chur in iúl (IO L 261, 6.8.2004, lch. 24).
(5) Rialachán (AE) 2019/1157 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 20 Meitheamh 2019 maidir le neartú a dhéanamh ar shlándáil cártaí aitheantais shaoránaigh an Aontais agus doiciméad cónaithe arna n-eisiúint do shaoránaigh an Aontais agus baill dá dteaghlaigh a fheidhmíonn a gceart chun saorghluaiseachta (IO L 188, 12.7.2019, lch. 67).
(6) Rialachán (CE) Uimh. 2252/2004 ón gComhairle an 13 Nollaig 2004 maidir le caighdeáin do ghnéithe slándála agus do bhithmhéadracht i bpasanna agus i ndoiciméid taistil arna n-eisiúint ag Ballstáit (IO L 385, 29.12.2004, lch. 1).
(7) Treoir (AE) 2019/997 ón gComhairle an 18 Meitheamh 2019 lena mbunaítear Doiciméad Práinne Taistil AE agus lena n-aisghairtear Cinneadh 96/409/CBES (IO L 163, 20.6.2019, lch. 1).
(8) Rialachán (CE) Uimh. 1107/2006 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 5 Iúil 2006 maidir leis na cearta atá ag daoine faoi mhíchumas agus daoine faoi mhíchumas luaineachta agus iad ag taisteal d’aer (IO L 204, 26.7.2006, lch. 1).
(9) Rialachán (AE) 2016/679 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 27 Aibreán 2016 maidir le daoine nádúrtha a chosaint i ndáil le sonraí pearsanta a phróiseáil agus maidir le saorghluaiseacht sonraí den sórt sin, agus lena n-aisghairtear Treoir 95/46/CE (An Rialachán Ginearálta maidir le Cosaint Sonraí) (IO L 119, 4.5.2016, lch. 1).
(10) Rialachán (AE) 2025/13 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 19 Nollaig 2024 maidir le réamhaisnéis faoi phaisinéirí a bhailiú agus a aistriú chun cionta sceimhlitheoireachta agus an choireacht thromchúiseach a chosc, a bhrath, a imscrúdú agus a ionchúiseamh, agus lena leasaítear Rialachán (AE) 2019/818 (IO L, 2025/13, 8.1.2025, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2025/13/oj).
(11) Rialachán (AE) 2017/2226 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 30 Samhain 2017 lena mbunaítear Córas Dul Isteach/Imeachta (EES) chun sonraí faoi dhul isteach agus imeacht agus sonraí faoi dhiúltú cead isteach náisiúnach tríú tír a chlárú agus iad ag trasnú theorainneacha seachtracha na mBallstát agus lena gcinntear na coinníollacha ar a dtabharfar rochtain ar EES chun críoch fhorghníomhú an dlí, agus lena leasaítear an Coinbhinsiún lena ndéantar Comhaontú Schengen a chur chun feidhme agus Rialachán (CE) Uimh. 767/2008 agus Rialachán (AE) Uimh. 1077/2011 (IO L 327, 9.12.2017, lch. 20).
(12) Rialachán (AE) 2018/1240 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 12 Meán Fómhair 2018 lena mbunaítear Córas Eorpach um Fhaisnéis agus Údarú Taistil (ETIAS) agus lena leasaítear Rialacháin (AE) Uimh. 1077/2011, (AE) Uimh. 515/2014, (AE) 2016/399, (AE) 2016/1624 agus (AE) 2017/2226 (IO L 236, 19.9.2018, lch. 1).
(13) Rialachán (CE) Uimh. 767/2008 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 9 Iúil 2008 maidir leis an gCóras Faisnéise Víosaí (VIS) agus maidir le faisnéis a mhalartú idir Ballstáit i ndáil le víosaí gearrfhanachta, víosaí fadfhanachta agus ceadanna cónaithe (Rialachán VIS) (IO L 218, 13.8.2008, lch. 60).
(14) Rialachán (AE) 2018/1726 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 14 Samhain 2018 maidir le Gníomhaireacht an Aontais Eorpaigh chun Bainistiú Oibríochtúil a dhéanamh ar Chórais Mhórscála TF sa Limistéar Saoirse, Slándála agus Ceartais (eu-LISA), agus lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 1987/2006 agus Cinneadh 2007/533/CGB ón gComhairle agus lena n-aisghairtear Rialachán (AE) Uimh. 1077/2011 (IO L 295, 21.11.2018, lch. 99).
(15) Rialachán (AE) 2018/1725 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Deireadh Fómhair 2018 maidir le daoine nádúrtha a chosaint i ndáil le sonraí pearsanta a phróiseáil ag institiúidí, comhlachtaí, oifigí agus gníomhaireachtaí an Aontais agus maidir le saorghluaiseacht sonraí den sórt sin, agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 45/2001 agus Cinneadh Uimh. 1247/2002/CE (IO L 295, 21.11.2018, lch. 39).
(16) Rialachán (AE) 2019/817 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 20 Bealtaine 2019 maidir le creat a bhunú le haghaidh idir-inoibritheacht idir córais faisnéise AE i réimse na dteorainneacha agus na víosaí agus lena leasaítear Rialacháin (CE) Uimh. 767/2008, (AE) 2016/399, (AE) 2017/2226, (AE) 2018/1240, (AE) 2018/1726 agus (AE) 2018/1861 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus Cinntí 2004/512/CE agus 2008/633/CGB ón gComhairle, (IO L 135, 22.5.2019, lch. 27).
(17) IO L 123, 12.5.2016, lch. 1.
(18) Rialachán (AE) Uimh. 182/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Feabhra 2011 lena leagtar síos na rialacha agus na prionsabail ghinearálta a bhaineann leis na sásraí maidir le rialú ag na Ballstáit ar fheidhmiú cumhachtaí cur chun feidhme ag an gCoimisiún (IO L 55, 28.2.2011, lch. 13).
(19) Cinneadh 2002/192/CE ón gComhairle an 28 Feabhra 2002 maidir leis an iarraidh ó Éirinn a bheith rannpháirteach i roinnt forálacha de acquis Schengen (IO L 64, 7.3.2002, lch. 20).
(20) IO L 176, 10.7.1999, lch. 36.
(21) Cinneadh 1999/437/CE ón gComhairle an 17 Bealtaine 1999 maidir le socruithe áirithe i dtaca le cur i bhfeidhm an Chomhaontaithe arna thabhairt i gcrích ag Comhairle an Aontais Eorpaigh agus Poblacht na hÍoslainne agus Ríocht na hIorua maidir le comhlachas an dá thír sin le acquis Schengen a chur chun feidhme, a chur i bhfeidhm agus a fhorbairt (IO L 176, 10.7.1999, lch. 31).
(22) IO L 53, 27.2.2008, lch. 52.
(23) Cinneadh 2008/146/CE ón gComhairle an 28 Eanáir 2008 maidir le tabhairt i gcrích an Chomhaontaithe, thar ceann an Chomhphobail Eorpaigh, idir an tAontas Eorpach, an Comhphobal Eorpach agus Cónaidhm na hEilvéise maidir le comhlachas Chónaidhm na hEilvéise le acquis Schengen a chur chun feidhme, a chur i bhfeidhm agus a fhorbairt (IO L 53, 27.2.2008, lch. 1).
(24) IO L 160, 18.6.2011, lch. 21.
(25) Cinneadh 2011/350/AE ón gComhairle an 7 Márta 2011 maidir le tabhairt i gcrích an Phrótacail, thar ceann an Aontais Eorpaigh, idir an tAontas Eorpach, an Comhphobal Eorpach, Cónaidhm na hEilvéise agus Prionsacht Lichtinstéin i ndáil le haontachas Phrionsacht Lichtinstéin leis an gComhaontú idir an tAontas Eorpach, an Comhphobal Eorpach agus Cónaidhm na hEilvéise maidir le comhlachas Chónaidhm na hEilvéise le acquis Schengen a chur chun feidhme, a chur i bhfeidhm agus a fhorbairt, a bhaineann le seiceálacha ag na teorainneacha inmheánacha a dhíothú agus le gluaiseacht daoine (IO L 160, 18.6.2011, lch. 19).
(26) IO C 84, 7.3.2023, lch. 2.
(27) Treoir (AE) 2016/681 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 27 Aibreán 2016 maidir le húsáid sonraí as an Taifead Ainmneacha Paisinéirí (PNR) chun cionta sceimhlitheoireachta agus coireacht thromchúiseach a chosc, a bhrath, a imscrúdú agus a ionchúiseamh (IO L 119, 4.5.2016, lch. 132).
ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2025/12/oj
ISSN 1977-0839 (electronic edition)