European flag

Iris Oifigiúil
an Aontais Eorpaigh

GA

Sraith C


C/2025/667

10.2.2025

MOLADH ÓN gCOMHAIRLE

an 21 Eanáir 2025

lena bhformhuinítear plean fioscach-struchtúrach meántéarmach náisiúnta na hÉireann

(C/2025/667)

TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 121 de,

Ag féachaint do Rialachán (AE) 2024/1263 ón gComhairle, agus go háirithe Airteagal 17 de,

Ag féachaint don mholadh ón gCoimisiún,

De bharr an mhéid seo a leanas:

BREITHNITHE GINEARÁLTA

(1)

Tháinig creat rialachais eacnamaíoch athchóirithe an Aontais i bhfeidhm an 30 Aibreán 2024. Rialachán (AE) 2024/1263 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le beartais eacnamaíocha a chomhordú go héifeachtach agus maidir le faireachas buiséadach iltaobhach (1), mar aon le Rialachán (CE) Uimh. 1467/97 leasaithe maidir leis an nós imeachta um easnamh iomarcach a chur chun feidhme (2), agus le Treoir 2011/85/AE leasaithe ón gComhairle maidir le creataí buiséadacha na mBallstát (3), is príomhghnéithe de chreat rialachais eacnamaíoch athchóirithe an Aontais iad. Is é is aidhm don chreat airgeadas poiblí atá fónta inbhuanaithe, mar aon le fás inbhuanaithe cuimsitheach agus athléimneacht, a chur chun cinn trí bhíthin athchóirithe agus infheistíochtaí, agus easnaimh iomarcacha rialtais a chosc. Lena chois sin, cuireann sé úinéireacht náisiúnta chun cinn agus díríonn sé níos mó ar an meántéarma agus, ina theannta sin, tá forfheidhmiú níos éifeachtaí agus níos comhleanúnaí na rialacha i gceist leis.

(2)

Na pleananna fioscach-struchtúracha meántéarmacha náisiúnta a chuireann na Ballstáit faoi bhráid na Comhairle agus an Choimisiúin, tá siad i gcroílár an chreata nua rialachais eacnamaíoch. Ba cheart dhá chuspóir a bhaint amach leis na pleananna: (i) faoi dheireadh na tréimhse coigeartúcháin, a áirithiú, inter alia, go mbeidh fiachas rialtais ghinearálta ar chonair inchreidte anuas, nó go bhfanfaidh sé ar leibhéil stuama, agus go dtabharfar agus go gcoinneofar an t-easnamh rialtais faoi bhun luach tagartha 3 % de OTI sa mheántéarma, agus (ii) a áirithiú go soláthrófar athchóirithe agus infheistíochtaí lena bhfreagrófar ar na príomhdhúshláin arna sainaithint i gcomhthéacs an tSeimeastair Eorpaigh agus lena dtabharfar aghaidh ar thosaíochtaí comhchoiteanna an Aontais. Chuige sin, ba cheart gealltanas meántéarmach maidir le conair ghlanchaiteachais (4) a chur isteach i ngach plean, lena mbunaítear go héifeachtach sriantacht buiséid ar feadh ré an phlean, lena gcumhdaítear 4 nó 5 bliana (ag brath ar ghnáth-théarma an reachtais i mBallstát). Ina theannta sin, ba cheart míniú a thabhairt sa phlean ar an gcaoi a n-áiritheoidh an Ballstát go soláthrófar athchóirithe agus infheistíochtaí lena bhfreagrófar ar na príomhdhúshláin arna sainaithint i gcomhthéacs an tSeimeastair Eorpaigh, go háirithe sna moltaí tírshonracha (lena n-áirítear na moltaí sin a bhaineann leis an nós imeachta um míchothromaíochtaí maicreacnamaíocha, más infheidhme), agus ar an gcaoi a dtabharfaidh an Ballstát sin aghaidh ar thosaíochtaí comhchoiteanna an Aontais. Leis an tréimhse le haghaidh coigeartú fioscach, cumhdaítear tréimhse 4 bliana, tréimhse a bhféadfar síneadh suas le 3 bliana a chur léi má thugann an Ballstát gealltanas i leith sraith athchóirithe agus infheistíochtaí ábhartha a sholáthar a chomhlíonann na critéir a leagtar amach i Rialachán (AE) 2024/1263.

(3)

Tar éis thíolacadh an phlean, déanfaidh an Coimisiún measúnú cé acu a chomhlíonann nó nach gcomhlíonann sé ceanglais Rialachán (AE) 2024/1263.

(4)

Déanfaidh an Chomhairle, ar mholadh a fháil ón gCoimisiún, moladh a ghlacadh ansin ina leagtar amach conair ghlanchaiteachais an Bhallstáit lena mbaineann agus, i gcás inarb infheidhme, déanfaidh sí formhuiniú ar an tsraith gealltanas athchóirithe agus infheistíochta atá ina mbonn taca le síneadh a chur leis an tréimhse coigeartúcháin fhioscaigh.

BREITHNITHE MAIDIR LE PLEAN FIOSCACH-STRUCHTÚRACH MEÁNTÉARMACH NÁISIÚNTA NA hÉIREANN

(5)

An 15 Deireadh Fómhair 2024, chuir Éire a plean fioscach-struchtúrach meántéarmach náisiúnta faoi bhráid na Comhairle agus an Choimisiúin. Rinneadh an tíolacadh tar éis síneadh a bheith curtha leis an sprioc-am a leagtar amach in Airteagal 36 de Rialachán (AE) 2024/1263, mar a comhaontaíodh leis an gCoimisiún i bhfianaise na gcúiseanna a sholáthair Éire.

An próiseas sular tíolacadh an plean

(6)

Bhí Éire incháilithe chun faisnéis theicniúil a fháil, ach níor iarr sí í. An 21 Meitheamh 2024, sholáthair an Coimisiún d’Éirinn na príomhchoinníollacha tosaigh agus na toimhdí bunúsacha a úsáideadh sa chreat réamh-mheastacháin fiachais meántéarmach rialtais (5), dá dtagraítear in Aithris (25) de Rialachán (AE) 2024/1263, agus d’fhoilsigh sé iad an 15 Deireadh Fómhair 2024 (6).

(7)

I gcomhréir le hAirteagal 12 de Rialachán (AE) 2024/1263, chuaigh Éire agus an Coimisiún i mbun idirphlé teicniúil i mí Mheán Fómhair 2024. Bhí an t-idirphlé dírithe ar an gconair ghlanchaiteachais atá beartaithe ag Éirinn agus ar na toimhdí bunúsacha a bhaineann léi (go háirithe fás OTI ionchasaigh agus coigeartuithe sreabhaidh i leith stoic), chomh maith leis an soláthar atá beartaithe maidir le hathchóirithe agus infheistíochtaí lena bhfreagrófar ar na príomhdhúshláin arna sainaithint i gcomhthéacs an tSeimeastair Eorpaigh agus thosaíochtaí comhchoiteanna an Aontais maidir leis an aistriú cóir digiteach agus glas, an athléimneacht shóisialta agus eacnamaíoch, an tslándáil fuinnimh agus neartú na gcumas cosanta.

(8)

I mí na Bealtaine 2024, i gcomhréir le hAirteagal 11(3) agus Airteagal 36(1), pointe (c), de Rialachán (AE) 2024/1263, de réir faisnéis a sholáthair Éire sa phlean, chuaigh Éire i mbun próiseas comhairliúcháin leis an tsochaí shibhialta, comhpháirtithe sóisialta, údaráis réigiúnacha agus páirtithe leasmhara ábhartha eile. De réir na faisnéise a chuir Éire ar fáil ina plean, d’óstáil an rialtas an tIdirphlé Náisiúnta Eacnamaíoch (NED), imeacht bliantúil ag a gcuirtear fóram ar fáil do pháirtithe leasmhara chun plé a dhéanamh leis an rialtas maidir le tosaíochtaí eacnamaíocha agus sóisialta. Áiríodh sa phlé ag NED 2024 fócas meántéarmach i gcomhthéacs oibleagáidí an rialtais faoi chreat fioscach athbhreithnithe an Aontais.

(9)

Thug Comhairle Chomhairleach Bhuiséadach na hÉireann (IFAC) tuairim uaithi maidir leis an réamhaisnéis mhaicreacnamaíoch agus na toimhdí maicreacnamaíocha atá ina mbonn taca faoin gconair ghlanchaiteachais ilbhliantúil (7). D’fhormhuinigh Comhairle Chomhairleach Bhuiséadach na hÉireann na réamhaisnéisí maicreacnamaíocha atá ina mbonn taca faoin mbuiséad náisiúnta le haghaidh 2025 an 23 Meán Fómhair 2024, mar bhí sí sásta go raibh na réamhaisnéisí laistigh de raon in-fhormhuinithe. Measann Comhairle Chomhairleach Bhuiséadach na hÉireann go bhfuil formhuiniú tugtha aici tráth atá an geilleagar ag feidhmiú os cionn a phoitéinsil agus rioscaí a bhaineann le srianta acmhainne ar bhonn intíre ann.

Próisis eile lena mbaineann

(10)

An 15 Deireadh Fómhair 2024, thíolaic Éire a Dréachtphlean Buiséadach le haghaidh 2025. Ghlac an Coimisiún tuairim maidir leis an Dréachtphlean Buiséadach sin an 26 Samhain 2024 (8).

(11)

An 21 Deireadh Fómhair 2024 chuir an Chomhairle sraith moltaí tírshonracha faoi bhráid na hÉireann i gcomhthéacs an tSeimeastair Eorpaigh (9).

ACHOIMRE AR AN bPLEAN AGUS ANMEASÚNÚ ÓN gCOIMISIÚN AIR SIN

(12)

I gcomhréir le hAirteagal 16 de Rialachán (AE) 2024/1263, rinne an Coimisiún measúnú ar an bplean mar a leanas:

Comhthéacs: staid agus ionchas maicreacnamaíoch agus fioscach

(13)

Tháinig crapadh 5,5 % ar an ngníomhaíocht eacnamaíoch in Éirinn in 2023, mar gheall ar laghdú ar ghlanonnmhairí, go príomha in earnálacha sonracha a bhfuil cuideachtaí ilnáisiúnta i réim iontu, agus d’fhan an geilleagar intíre láidir. De réir Réamhaisnéis an Fhómhair 2024 ón gCoimisiún Eorpach, meastar go dtiocfaidh laghdú ar an ngeilleagar faoi 0,5 % in 2024, mar gheall ar an míshocracht leanúnach sna hearnálacha a bhfuil cuideachtaí ilnáisiúnta i réim iontu. In 2025, tá an fíor-OTI le méadú faoi 4,0 %, mar gheall ar gheilleagar láidir intíre agus fás leanúnach ar onnmhairí. In 2026, meastar go dtiocfaidh méadú 3,6 % ar an bhfíor-OTI, ós rud é go bhfuil an t-éileamh intíre agus onnmhairí ag rannchuidiú go dearfach leis an bhfás. I gcaitheamh na tréimhse réamhaisnéise (i.e., 2024-2026), meastar go dtiocfaidh méadú beag ar fhás OTI ionchasaigh in Éirinn ó 2,6 % in 2024 go 2,9 % in 2025, agus ansin go dtiocfaidh laghdú beag air in 2026 go 2,7 %. Is éard a spreag é sin laghdú a bheith ag teacht de réir a chéile ar an rannchuidiú saothair agus méadú a bheith ag teacht ar rannchuidiú carntha caipitil tar éis laghdú in 2024. Ba é 4,3 % an ráta dífhostaíochta in 2023, agus réamh-mheasann an Coimisiún gur 4,4 % a bheidh ann in 2024 agus 4,4 % in 2025 agus 4,5 % in 2026. Meastar go dtiocfaidh laghdú ar an mboilsciú (díbhoilsceoir OTI) ó 3,6 % in 2023 go 3,3 % in 2024, agus go sroichfidh sé 2,1 % in 2025 agus 1,7 % in 2026.

(14)

Maidir le forbairtí fioscacha, in 2023 is é a bhí i mbarrachas rialtais ghinearálta na hÉireann 1,5 % de OTI. De réir Réamhaisnéis an Fhómhair 2024 ón gCoimisiún Eorpach, beidh an barrachas cothrom le 4,4 % de OTI in 2024 agus tiocfaidh laghdú air go 1,4 % de OTI in 2025 agus, ar bhonn ‘gan beartas a athrú’, go dtí 1,3 % in 2026. Áirítear i Réamhaisnéis an Fhómhair 2024 ón gCoimisiún dréachtbhuiséad na hÉireann le haghaidh 2025 a mhol an rialtas don pharlaimint náisiúnta i mí Dheireadh Fómhair. Ba é 43,3 % de OTI an fiachas rialtais ghinearálta ag deireadh 2023. De réir Réamhaisnéis an Fhómhair 2024 ón gCoimisiún Eorpach, maidir leis an gcóimheas fiachais, meastar go dtiocfaidh laghdú air go 41,6 % de OTI ag deireadh 2024. Réamh-mheastar go dtiocfaidh laghdú air go 38,3 % de OTI ag deireadh 2025 agus 36,8 % ag deireadh 2026. Sa réamhaisnéis fhioscach ón gCoimisiún, ní bhreithnítear na gealltanais bheartais sna pleananna meántéarmacha le fírinne go dtí go gcuirtear taca fúthu le bearta beartais nithiúla arna bhfógairt go hinchreidte agus arna sonrú go leordhóthanach.

An chonair ghlanchaiteachais agus na príomhthoimhdí maicreacnamaíocha sa phlean

(15)

Cumhdaítear le plean fioscach-struchtúrach meántéarmach náisiúnta na hÉireann an tréimhse 2025-2029 agus cuirtear coigeartú fioscach i láthair ann i gcaitheamh 4 bliana.

(16)

Tá an fhaisnéis uile a cheanglaítear le hAirteagal 13 de Rialachán (AE) 2024/1263 sa phlean.

(17)

Tugtar gealltanas sa phlean i leith na conaire glanchaiteachais a léirítear i dTábla 1, a chomhfhreagraíonn do mheánfhás glanchaiteachais 5,3 % i gcaitheamh na mblianta 2025-2029. Tuairiscítear go n-eascraíonn príomhchomhardú struchtúrach 2,3 % de OTI ag deireadh na tréimhse coigeartúcháin (2028) as an gconair ghlanchaiteachais ar tugadh gealltanas ina leith sa phlean. Glactar leis sa phlean go dtiocfaidh laghdú de réir a chéile ó 3,1 % in 2024 go 2,8 % faoi 2027 ar fhás OTI ionchasaigh sula dtiocfaidh méadú go 3,6 % air in 2028. Ina theannta sin, meastar sa phlean go dtiocfaidh laghdú ar ráta fáis díbhoilsceora OTI ó 3,2 % in 2024 go 2,1 % in 2025 agus go bhfanfaidh sé ar an leibhéal sin go dtí 2028.

Tábla 1: An chonair ghlanchaiteachais agus na príomhthoimhdí i bplean na hÉireann

 

2024

2025

2026

2027

2028

2029

Meánfhás i rith thréimhse bhailíochta an phlean 2025-2029

An meán i rith na tréimhse coigeartúcháin 2025-2028

Fás glanchaiteachais (ar bhonn bliantúil, %)

9,8

5,1

6,5

4,9

5,4

4,7

5,3

5,5

Fás glanchaiteachais (ar bhonn carnach, ón mbonnbhliain 2023, %)

9,8

15,4

22,8

28,9

35,8

42,3

n/b

n/b

Fás OTI ionchasaigh (%)

3,1

3,2

2,9

2,8

3,6

3,5

3,2

3,1

Boilsciú (fás díbhoilsceora OTI) (%)

3,2

2,1

2,1

2,1

2,1

2,1

2,1

2,1

Foinse: plean fioscach-struchtúrach meántéarmach na hÉireann agus ríomhanna ón gCoimisiún.

Impleachtaí ghealltanais ghlanchaiteachais an phlean maidir le fiachas rialtais ghinearálta

(18)

Dá dtiocfadh an chonair ghlanchaiteachais a bhfuil gealltanas tugtha ina leith sa phlean mar aon leis na toimhdí bunúsacha i gcrích, thiocfadh laghdú de réir a chéile ar fhiachas rialtais ghinearálta, de réir an phlean, ó 41,4 % in 2024 go 34,0 % de OTI ag deireadh na tréimhse coigeartúcháin (2028), de réir an tábla seo a leanas. Tar éis an choigeartaithe, sa mheántéarma (i.e. go dtí 2038), meastar go leanfaidh an cóimheas fiachais de bheith ag laghdú go mór faoi bhun 60 % de OTI síos go 18,8 % de OTI faoi 2038.

Tábla 2: Forbairtí maidir le fiachas agus comhardú rialtais ghinearálta i bplean na hÉireann

 

2023

2024

2025

2026

2027

2028

2029

2038

Fiachas rialtais (% de OTI)

43,4

41,4

37,9

36

34,8

34

33,1

18,8

Comhardú rialtais (% de OTI)

1,6

4,5

1,7

1,4

1,1

1,6

1,5

0,6

Foinse: plean fioscach-struchtúrach meántéarmach na hÉireann.

Dá bhrí sin, de réir an phlean, d’fhanfadh fiachas rialtais ghinearálta faoi bhun luach tagartha an Chonartha, is é sin 60 % de OTI, sa mheántéarma. Dá bhrí sin, bunaithe ar ghealltanais bheartais agus toimhdí maicreacnamaíocha an phlean, tá an chonair ghlanchaiteachais a luaitear sa phlean comhsheasmhach leis an gceanglas maidir le fiachas a leagtar amach in Airteagal 16(2) de Rialachán (AE) 2024/1263.

Impleachtaí ghealltanais ghlanchaiteachais an phlean maidir leis an gcomhardú rialtais ghinearálta

(19)

Bunaithe ar chonair ghlanchaiteachais agus toimhdí an phlean, bheadh an barrachas rialtais ghinearálta cothrom le 1,7 % de OTI in 2025, laghdódh sé go 1,4 % in 2026 agus go 1,1 % in 2027 agus mhéadódh sé go 1,6 % in 2028. Dá bhrí sin, de réir an phlean, ní sháródh an comhardú rialtais ghinearálta luach tagartha 3 % de OTI ag deireadh na tréimhse coigeartúcháin (2028). Ina theannta sin, sna 10 mbliana tar éis na tréimhse coigeartúcháin (i.e. go dtí 2038), ní sháródh an t-easnamh rialtais 3 % de OTI. Dá bhrí sin, bunaithe ar ghealltanais bheartais agus toimhdí maicreacnamaíocha an phlean, bheadh an chonair ghlanchaiteachais a chuirtear ar aghaidh sa phlean comhsheasmhach leis an gceanglas maidir leis an easnamh a leagtar amach in Airteagal 16(2) de Rialachán (AE) 2024/1263.

Toimhdí maicreacnamaíocha an phlean

(20)

Tá an plean bunaithe ar thacar toimhdí atá éagsúil le toimhdí an Choimisiúin a tarchuireadh go hÉirinn an 21 Meitheamh 2024. Go sonrach, úsáidtear toimhdí éagsúla sa phlean i gcás ocht n-athróg, eadhon: an túsphointe (an príomhchomhardú struchtúrach in 2024), fás OTI ionchasaigh, fás díbhoilsceora OTI, fás fíor-OTI, ráta úis intuigthe ainmniúil, coigeartuithe sreabhaidh i leith stoic, bearta aonuaire, agus dúnadh na bearna aschuir. Thairis sin, imíonn an plean ón toimhde ‘gan beartas fioscach a athrú’ tar éis na tréimhse coigeartúcháin leis an toimhde go ndéanfar tuilleadh dí-chomhdhlúthú fioscach le linn na mblianta 2029 agus 2030. Tugtar measúnú ar na difríochtaí sin idir na toimhdí thíos. Liostaítear thíos na difríochtaí i dtoimhdí a bhfuil an tionchar is mó acu ar mheánfhás glanchaiteachais, mar aon le measúnú ar gach difríocht a bhreithnítear gan aon rud eile san áireamh.

(21)

Glactar leis sa phlean go mbeidh príomhchomhardú struchtúrach níos mó ann in 2024, is é sin barrachas 3,7 % de OTI, ach bhí coinne ag an gCoimisiún le barrachas 2,5 % de OTI in earrach 2024. Léiríonn an staid fhioscach tosaigh athbhreithnithe sin mar aon leis na dálaí maicreacnamaíocha nuashonraithe lena ngabhann le haghaidh 2024 sa phlean an fhaisnéis is déanaí dá bhfuil ar fáil ó bhí an t-earrach ann. Tá sin i gcomhréir le Réamhaisnéis an Fhómhair 2024 ón gCoimisiún. Dá bhrí sin, meastar go bhfuil údar cuí leis an difríocht sin. Gan aon rud eile san áireamh, méadaíonn sé an mheán-uasteorainn fáis ar ghlanchaiteachas i rith na tréimhse coigeartúcháin i gcomparáid le toimhdí an Choimisiúin.

—

Sa phlean, tá an fás OTI ionchasaigh i rith thréimhse an phlean 0,3 % níos lú ar an meán i gcomparáid le toimhdí an Choimisiúin a comhroinneadh an 21 Meitheamh 2024. Léiríonn sin sonraí olltoraidh níos déanaí ná na sonraí olltoraidh in earrach 2024, agus úsáid á baint as modheolaíocht an Aontais a comhaontaíodh go comhchoiteann. Thairis sin, glactar leis sa phlean freisin go bhfuil fás fíor-OTI níos lú agus go ndúnfar an bhearna aschuir níos luaithe ná mar a mheastar i dtoimhdí an Choimisiúin. Go deimhin, de réir mhodheolaíocht an Choimisiúin, bheadh éifeachtaí iolraitheora níos mó ar fhás fíor-OTI mar thoradh ar leathnú fioscach phlean na hÉireann agus dhúnfaí an bhearna aschuir faoi 2033, cé go bhfuil sé le dúnadh cheana féin in 2030 de réir an phlean. Dá bhrí sin, meastar go bhfuil na toimhdí sin stuama agus, dá bhrí sin, go bhfuil údar cuí leo. Le chéile, is é an tionchar a imríonn siad meánfhás glanchaiteachais níos lú i rith na tréimhse coigeartúcháin sa phlean ná mar atá de réir thoimhdí an Choimisiúin.

—

Glactar leis sa phlean go mbeidh fás díbhoilsceora OTI 0,1 % níos mó ar an meán i rith thréimhse an phlean i gcomparáid le toimhdí an Choimisiúin. Léiríonn sé sonraí olltoraidh níos déanaí ná sonraí olltoraidh earrach 2024. Dá bhrí sin, meastar go bhfuil údar cuí leis an toimhde sin. Gan aon rud eile san áireamh, cuireann sin le meánfhás glanchaiteachais níos mó i rith na tréimhse coigeartúcháin sa phlean ná mar atá de réir thoimhdí an Choimisiúin.

—

Glactar leis sa phlean go bhfuil na coigeartuithe sreabhaidh i leith stoic níos mó ná na coigeartuithe sreabhaidh i leith stoic i dtoimhdí an Choimisiúin mar gheall ar bhunú cistí coigiltis nua. Is féidir an toimhde sa phlean ar lú a fhabhar a mhíniú trí spleáchas an phlean ar shonraí níos déanaí. Dá bhrí sin, meastar go bhfuil údar cuí leis an toimhde sin.

Níl tionchar mór ag na difríochtaí atá fágtha ar mheánfhás an ghlanchaiteachais i gcomparáid le toimhdí an Choimisiúin. Ar an iomlán, is é toradh na ndifríochtaí uile sna toimhdí le chéile uasteorainn fáis theoiriciúil ghlanchaiteachais atá níos mó ná an méid ba ghá chun na rialacha fioscacha is infheidhme a chomhlíonadh bunaithe ar thoimhdí an Choimisiúin ó earrach 2024. Mar sin féin, geallann Éire sa phlean conair ghlanchaiteachais níos lú ná an uasteorainn theoiriciúil sin agus níos lú freisin ná mar ba ghá chun na rialacha fioscacha de réir thoimhdí an Choimisiúin a chomhlíonadh. Cuirfidh an Coimisiún an measúnú thuas ar thoimhdí an phlean san áireamh i measúnuithe a dhéanfaidh sé amach anseo ar chomhlíonadh na conaire glanchaiteachais.

Straitéis fhioscach an phlean

(22)

De réir na straitéise fioscaí táscaí sa phlean, cuirfear na gealltanais maidir le glanchaiteachas i gcrích go príomha trí sheirbhísí poiblí breise a sholáthar chun freastal ar riachtanais daonra atá ag dul i méid go mear. Thairis sin, maoineoidh Éire breiseanna leis an stoc caipitil phoiblí trí ráta infheistíochta na hearnála poiblí a mhéadú. Ar deireadh, tá dhá fheithicil choigiltis níos fadtéarmaí bunaithe ag Éirinn toisc go meastar gur ‘amhantar’ é sciar mór den cháin chorparáide. Cé go léirítear sna réamh-mheastacháin maidir le comharduithe rialtais ghinearálta barrachais rialtais ghinearálta leanúnacha, dírítear sa straitéis ar thaobh an chaiteachais mar gheall ar thionchar suntasach ioncam ‘amhantar’ ar an gcomhardú ceannlíne. Tá sonraíocht na mbeart beartais atá le glacadh le dearbhú nó le coigeartú agus le cainníochtú sna buiséid bhliantúla. Ina theannta sin, sonraítear sa Dréachtphlean Buiséadach le haghaidh 2025 na bearta beartais trína mbainfear amach an gealltanas glanchaiteachais le haghaidh 2025 (10).

Rúin infheistíochtaí agus athchóirithe sa phlean a fhreagraíonn ar na príomhdhúshláin arna sainaithint i gcomhthéacs an tSeimeastair Eorpaigh agus lena dtugtar aghaidh ar thosaíochtaí comhchoiteanna an Aontais

(23)

Déantar cur síos sa phlean ar rúin bheartais a bhaineann le hathchóirithe agus infheistíochtaí chun freagairt ar na príomhdhúshláin arna sainaithint i gcomhthéacs an tSeimeastair Eorpaigh, go háirithe na moltaí tírshonracha, agus chun aghaidh a thabhairt ar thosaíochtaí comhchoiteanna an Aontais. Áirítear thart ar 40 beart sa phlean, agus faigheann 12 cheann díobh tacaíocht airgeadais ón tSaoráid Téarnaimh agus Athléimneachta.

(24)

Maidir leis an tosaíocht chomhchoiteann a bhaineann le haistriú cóir glas agus digiteach, lena n-áirítear na cuspóirí aeráide a leagtar amach i Rialachán (AE) 2021/1119, leagtar amach sa phlean sraith chomhsheasmhach athchóirithe agus infheistíochtaí. Leis na bearta maidir le maolú ar an athrú aeráide (moltaí tírshonracha in 2019, 2020, 2022 agus 2023), áirítear méadú ar an ráta cánach carbóin agus an Bille (leasú) um Ghníomhú ar son na hAeráide agus um Fhorbairt Ísealcharbóin, a bhfuil an dá cheann acu san áireamh leis an bplean téarnaimh agus athléimneachta agus sa Phlean Náisiúnta Fuinnimh agus Aeráide. Bunaítear leis an mbille creat atá ceangailteach ó thaobh dlí de, lena ngabhann spriocanna agus gealltanais, agus lena gcuirtear an cuspóir aeráidneodracht a bhaint amach faoi 2050 ar bhonn reachtúil, agus lena n-áirítear buiséid charbóin 5 bliana mar aon le Pleananna Gníomhaíochta Aeráide a ghlacadh. Tagraíonn bearta maidir le huisce agus fuíolluisce (moltaí tírshonracha in 2019, 2020, 2022, 2023 agus 2024) don tríú Plean Bainistíochta Abhantraí de chuid na hÉireann. Leagtar amach sa phlean bearta chun an t-aistriú digiteach a chumasú (moltaí tírshonracha in 2019 agus 2020) mar a léirítear sa Straitéis Náisiúnta Dhigiteach, Harnessing Digital [Leas a bhaint as an teicneolaíocht dhigiteach] agus spriocanna digiteacha a bhaint amach mar a léirítear sa Treochlár Straitéiseach don Deacáid Dhigiteach. Áirítear leis sin infheistíochtaí i scileanna digiteacha (cuid acu san áireamh leis an bplean téarnaimh agus athléimneachta), rochtain ar sheirbhísí poiblí digiteacha agus úsáid na seirbhísí sin (cuid acu san áireamh leis an bplean téarnaimh agus athléimneachta), go háirithe trí dheontais agus cúnamh do FBManna, tacaíocht do chuideachtaí chun digiteáil a dhéanamh (cuid acu san áireamh leis an bplean téarnaimh agus athléimneachta), cibearshlándáil trí acmhainní méadaithe don Lárionad Náisiúnta Cibearshlándála, agus nascacht trí Phlean Náisiúnta Leathanbhanda a chur chun feidhme ina bhfuil sé ina sprioc gach teaghlach agus gnólacht Éireannach a bheith cumhdaithe le líonra gigighiotáin tráth nach déanaí ná 2028 agus gach limistéar ina bhfuil daonra a bheith cumhdaithe le 5G tráth nach déanaí ná 2030.

(25)

Maidir le tosaíocht chomhchoiteann na hathléimneachta sóisialta agus eacnamaíche, lena n-áirítear Colún Eorpach na gCeart Sóisialta, leagtar amach sa phlean bearta chun soláthar tithíochta sóisialta agus inacmhainne a mhéadú (moltaí tírshonracha in 2019 agus 2020) tríd an bplean ‘Tithíocht do Chách’ a chur chun feidhme (tá roinnt gníomhaíochtaí san áireamh leis an bplean téarnaimh agus athléimneachta), agus tríd an athchóiriú pleanála. Ar na bearta chun tacú le timpeallacht ghnó na bhfiontar, go háirithe FBManna intíre (moltaí tírshonracha in 2019 agus 2020), tá gníomhaíochtaí a leagtar amach sa Pháipéar Bán maidir le Fiontraíocht. Áirítear ar na bearta chun tacú le taighde agus nuálaíocht (moltaí tírshonracha in 2019 agus 2020) gníomhaireacht maoinithe taighde agus nuálaíochta iomaíoch nua a chruthú, ollscoileanna teicneolaíochta a neartú (tá roinnt gníomhaíochtaí san áireamh leis na cláir théarnaimh agus athléimneachta (PTA) agus Chiste Forbraíochta Réigiúnaí na hEorpa (CFRE) agus infheistíochtaí eile a foilsíodh i straitéis Impact 2030. I gcomhréir le Colún Eorpach na gCeart Sóisialta, leagtar amach sa phlean freisin raon tionscnamh maidir le comhdheiseanna agus rochtain ar an margadh saothair. Áirítear ar bhearta maidir le scileanna (moltaí tírshonracha in 2020 agus 2023) Comhairle Náisiúnta Scileanna nua a bhunú, cistí ón gCiste Náisiúnta Oiliúna a scaoileadh, infheistíocht reatha agus chaipitil a mhéadú (tá roinnt gníomhaíochtaí san áireamh leis an bplean téarnaimh agus athléimneachta), samhail náisiúnta aonair phrintíseachta a fhorbairt agus athchóirithe in earnáil an oideachais threasaigh. Déantar tagairt sa phlean don chreat trína bhfuil rún ag Éirinn na deiseanna suntasacha uas-scilithe atá ar fáil faoi láthair a éascú a thuilleadh, go háirithe i gcás grúpaí leochaileacha agus daoine a chónaíonn i dteaghlaigh ina bhfuil déine oibre íseal (moltaí tírshonracha in 2019). Leagtar amach sa phlean raon tionscnamh maidir le dálaí oibre córa, lena n-áirítear pá maireachtála náisiúnta a thabhairt isteach cothrom le 60 % den phá airmheánach in aghaidh na huaire faoi mhí Eanáir 2026. Leagtar amach sa phlean freisin tionscnaimh maidir le cosaint shóisialta agus cuimsiú sóisialta, lena n-áirítear infheistíochtaí gníomhachtúcháin i leith an mhargaidh saothair (moltaí tírshonracha in 2019) lena ndírítear ar ghrúpaí leochaileacha mar a leagtar amach sa straitéis um Bealaí chun Oibre. Comhlánaítear é sin le hathchóirithe san earnáil cúraim leanaí (moltaí tírshonracha in 2019), lena n-áirítear fóirdheontais uilíocha agus fóirdheontais a bhaineann le hioncam faoin Scéim Náisiúnta Cúraim Leanaí, agus gealltanais laghdaithe bochtaineachta a leagtar amach faoin Treochlár um Chuimsiú Sóisialta. Maidir leis na cohóirt tosaíochta a luaitear i gcomhthéacs an tSeimeastair Eorpaigh, tagraítear sa phlean don Straitéis Náisiúnta Míchumais agus don dara Straitéis Náisiúnta um Chuimsiú an Lucht Siúil agus na Romach.

(26)

Maidir leis an tosaíocht chomhchoiteann i ndáil leis an tslándáil fuinnimh, leagtar amach sa phlean bearta atá dírithe ar an spleáchas foriomlán ar bhreoslaí iontaise a laghdú, go háirithe trí infheistíochtaí san fhuinneamh in-athnuaite amach ón gcósta (moltaí tírshonracha in 2022 agus 2023) (tá roinnt gníomhaíochtaí san áireamh leis an bplean téarnaimh agus athléimneachta) agus nascóirí eangaí (moltaí tírshonracha in 2022, 2023 agus 2024) le Tuaisceart Éireann agus leis an bhFrainc. Áirítear ar bhearta chun athléimneacht an chórais fuinnimh a threisiú cistiú do theaghlaigh bhochta chun feidhmíocht fuinnimh foirgneamh príobháideach a fheabhsú (moltaí tírshonracha in 2022, 2023 agus 2024) (tá roinnt gníomhaíochtaí san áireamh i gcláir PTA agus CFRE) chomh maith le gníomhaíochtaí maidir le stóráil fuinnimh agus freagairt ar an éileamh (moltaí tírshonracha in 2022, 2023 agus 2024) a áirítear sa straitéis maidir le Slándáil Fuinnimh in Éirinn.

(27)

Maidir le tosaíocht chomhchoiteann na gcumas cosanta, ní áirítear aon bheart sa phlean.

(28)

Ina theannta sin, leagtar amach sa phlean bearta beartais chun aghaidh a thabhairt ar inbhuanaitheacht fhioscach fhadtéarmach. Áirítear ar na bearta maidir le costéifeachtacht agus inrochtaineacht an chórais cúraim sláinte (moltaí tírshonracha in 2019 agus 2024) a leagtar amach sa Chreat Straitéiseach don tSláinte Dhigiteach 48 dtionscnamh straitéiseacha maidir le réitigh sláinte digití, lena mbunaítear Coimisiún neamhspleách um Chúram do Dhaoine Scothaosta, chomh maith le 4 ospidéal roghnacha nua a bhunú, cúram príomhúil agus cúram pobail níos fearr a fhorbairt agus feidhmeannacht na seirbhíse sláinte a athstruchtúrú faoin athchóiriú Sláintecare (tá roinnt gníomhaíochtaí san áireamh leis an bplean téarnaimh agus athléimneachta). I measc na mbeart chun inbhuanaitheacht chóras na bpinsean a fheabhsú (moltaí tírshonracha in 2019, 2022 agus 2023), áirítear sochair shóisialta phá-choibhneasa a thabhairt isteach, scéim pinsean uathchláraithe d’fhostaithe roghnaithe, dhá fheithicil choigiltis fhadtéarmacha a bhunú (an Ciste um Éire sa Todhchaí agus an Ciste Bonneagair, Aeráide agus Dúlra) chomh maith le treochlár comhaontaithe maidir le méaduithe ar ranníocaíochtaí slándála sóisialta. Luaitear sa phlean go leanfaidh Éire d’aghaidh a thabhairt ar phleanáil ionsaitheach cánach (moltaí tírshonracha in 2019 agus 2020) trína Treochlár maidir le Cáin Chorparáide a chur chun feidhme (tá roinnt gníomhaíochtaí san áireamh leis an bplean téarnaimh agus athléimneachta).

(29)

Cuirtear faisnéis ar fáil sa phlean maidir leis an gcomhsheasmhacht agus, i gcás inarb iomchuí, comhlántacht, le cistí an bheartais comhtháthaithe agus le plean téarnaimh agus athléimneachta na hÉireann. Tá faisnéis sa phlean maidir le méid agus cuspóirí chistí éagsúla an bheartais comhtháthaithe. Tá tábla sa phlean ina leagtar amach cé na hathchóirithe struchtúracha agus na tosaíochtaí infheistíochta a dtabharfar aghaidh orthu i bpáirt trí bhearta a áirítear i bplean téarnaimh agus athléimneachta na hÉireann agus/nó i gcistí an bheartais comhtháthaithe.

(30)

Is é is aidhm don phlean rannchuidiú chun riachtanais infheistíochta poiblí na hÉireann a bhaineann le tosaíochtaí comhchoiteanna an Aontais a chomhlíonadh. Maidir leis an tosaíocht chomhchoiteann d’aistriú cóir glas agus digiteach, tugtar achoimre ghinearálta sa phlean ar infheistíochtaí leanúnacha chun astaíochtaí gás ceaptha teasa a laghdú, chun bainistiú uisce agus fuíolluisce a fheabhsú agus chun tacú leis an gclaochlú digiteach. Maidir le tosaíocht chomhchoiteann na hathléimneachta sóisialta agus eacnamaíche, tugtar breac-chuntas ginearálta sa phlean ar infheistíochtaí leanúnacha a bhaineann le tacaíocht a thabhairt d’fhiontair, taighde agus nuálaíocht, scileanna, gníomhachtú an mhargaidh saothair, cúram leanaí agus tithíocht. Maidir le tosaíocht chomhchoiteann na slándála fuinnimh, tugtar breac-chuntas ginearálta sa phlean ar infheistíochtaí a bhaineann le hiarfheistiú, fuinneamh in-athnuaite amach ón gcósta agus nascóirí eangaí.

Conclúid an mheasúnaithe ón gCoimisiún

(31)

Ar an iomlán, tá an Coimisiún den tuairim go gcomhlíonann plean na hÉireann ceanglais Rialachán (AE) 2024/1263.

(32)

I gcomhréir le hAirteagal 17 de Rialachán (AE) 2024/1263, ba cheart don Chomhairle an chonair ghlanchaiteachais mar a leagtar amach sa phlean í a mholadh d’Éirinn.

CONCLÚID FHORIOMLÁN ÓN gCOMHAIRLE

(33)

Is díol sásaimh don Chomhairle plean fioscach-struchtúrach meántéarmach na hÉireann agus measann sí go gcabhródh a chur chun feidhme iomlán le hairgeadas poiblí fónta a áirithiú agus le tacú le hinbhuanaitheacht an fhiachais phoiblí chomh maith le fás inbhuanaithe cuimsitheach.

(34)

Tugann an Chomhairle dá haire an measúnú ón gCoimisiún ar an bplean. Mar sin féin, iarrann an Chomhairle ar an gCoimisiún a mheasúnú ar phleananna amach anseo a chur i láthair i ndoiciméad ar leithligh ó na moltaí ón gCoimisiún le haghaidh moltaí ón gComhairle.

(35)

Tugann an Chomhairle dá haire an measúnú ón gCoimisiún ar an gconair ghlanchaiteachais agus na príomhthoimhdí maicreacnamaíocha sa phlean chomh maith leis na himpleachtaí a bhaineann le conair ghlanchaiteachais an phlean d’easnamh agus fiachas rialtais. Tugann an Chomhairle dá haire an measúnú ón gCoimisiún go bhfuil údar cuí ar an iomlán leis na toimhdí maicreacnamaíocha agus fioscacha, cé go bhfuil siad éagsúil i gcásanna áirithe le toimhdí an Choimisiúin, lena n-áirítear chun freastal ar shonraí maicreacnamaíocha agus fioscacha nuashonraithe, agus go bhfuil argóintí eacnamaíocha fónta mar bhonn taca leo. Tugann an Chomhairle dá haire straitéis fhioscach leathan an phlean agus na rioscaí don ionchas, a d’fhéadfadh difear a dhéanamh do theacht chun cinn an cháis mhaicreacnamaíoch agus do na toimhdí bunúsacha agus do sheachadadh chonair ghlanchaiteachais an phlean. Tugann an Chomhairle dá haire go háirithe gur fearr le húdaráis na hÉireann méadracht mhodhnaithe a úsáid le haghaidh anailísí intíre ar ioncam náisiúnta mar gheall ar an saobhadh a eascraíonn as scála coibhneasta na hearnála ilnáisiúnta in Éirinn. Ar an gcaoi chéanna, bíonn tionchar ag ioncam ó cháin chorparáide amhantair a d’fhéadfadh a bheith ann ar phríomhstaid fhioscach na hÉireann, rud a dhéantar a scagadh ar an gcaoi chéanna i gcuid mhór de mheastóireachtaí fioscacha intíre na hÉireann. Dá réir sin, tugann an Chomhairle dá haire gur bunaíodh dhá fheithicil choigiltis chun maoláin fhioscacha a fhorbairt; ceann a úsáidfear chun déileáil le dúshláin struchtúracha amach anseo agus ceann eile a oibreoidh ar bhealach frith-thimthriallach i gcás cor chun donais eacnamaíoch nó fioscach agus a chuideoidh le spriocanna aeráide agus comhshaoil na hÉireann a bhaint amach. Tugann an Chomhairle dá haire freisin go bhféadfadh rioscaí geopholaitiúla brú a chur ar chaiteachas cosanta.

(36)

Tá an Chomhairle ag súil go mbeidh Éire réidh chun a straitéis fhioscach a choigeartú de réir mar is gá chun a conair ghlanchaiteachais a áirithiú. Tá rún daingean ag an gComhairle dlúthfhaireachán a dhéanamh ar fhorbairtí eacnamaíocha agus fioscacha, lena n-áirítear iad siúd is bonn le cás an phlean.

(37)

Measann an Chomhairle go bhfuil gá le tuilleadh plé chun teacht ar chomhthuiscint maidir leis na himpleachtaí bliantúla faireachais a bhaineann leis na rátaí fáis carnacha glanchaiteachais in am don chéad bhabhta eile den fhaireachas fioscach.

(38)

Tugann an Chomhairle dá haire an tuairisc ón gCoimisiún ar na riachtanais agus na rúin infheistíochtaí agus athchóirithe a fhreagraíonn ar na príomhdhúshláin arna sainaithint i gcomhthéacs an tSeimeastair Eorpaigh, agus cuireann sí i bhfios go láidir a thábhachtaí atá sé a áirithiú go gcuirfear na hathchóirithe agus na hinfheistíochtaí sin i gcrích. Déanfaidh an Chomhairle, ar bhonn tuarascálacha a thíolacfaidh an Coimisiún, measúnú ar na hathchóirithe agus na hinfheistíochtaí sin agus déanfaidh sí faireachán ar a gcur chun feidhme faoi chuimsiú an tSeimeastair Eorpaigh.

(39)

Tá an Chomhairle ag tnúth leis na tuarascálacha bliantúla ar dhul chun cinn ó Éirinn ina mbeidh, go háirithe, faisnéis faoin dul chun cinn i gcur chun feidhme na conaire glanchaiteachais mar a leag an Chomhairle síos í, agus faoi chur chun feidhme athchóirithe agus infheistíochtaí níos leithne i gcomhthéacs an tSeimeastair Eorpaigh.

AG MOLADH LEIS SEO go ndéanfadh Éire mar a leanas:

1.

a áirithiú nach sáróidh an fás glanchaiteachais na huasmhéideanna a bhunaítear in Iarscríbhinn I a ghabhann leis an Moladh seo.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 21 Eanáir 2025.

Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán

A. DOMAŃSKI


(1)  Rialachán (AE) 2024/1263 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 29 Aibreán 2024 maidir le beartais eacnamaíocha a chomhordú go héifeachtach agus maidir le faireachas buiséadach iltaobhach agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 1466/97 ón gComhairle (IO L, 2024/1263, 30.4.2024, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2024/1263/oj).

(2)  Rialachán (AE) 2024/1264 ón gComhairle an 29 Aibreán 2024 lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 1467/97 maidir le dlús a chur le cur chun feidhme an nós imeachta um easnamh iomarcach agus soiléiriú a dhéanamh air (IO L, 2024/1264, 30.4.2024, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2024/1264/oj).

(3)  Treoir (AE) 2024/1265 ón gComhairle an 29 Aibreán 2024 lena leasaítear Treoir 2011/85/AE maidir le ceanglais le haghaidh chreataí buiséadacha na mBallstát (IO L, 2024/1265, 30.4.2024, ELI: http://data.europa.eu/eli/dir/2024/1265/oj).

(4)  Glanchaiteachas, mar a shainmhínítear é in Airteagal 2 de Rialachán (AE) 2024/1263, is é sin caiteachas rialtais atá glan: (i) ar chaiteachas úis, (ii) ar bhearta lánroghnacha ioncaim, (iii) ar chaiteachas ar chláir an Aontais arna meaitseáil go hiomlán le hioncam ó chistí an Aontais, (iv) ar chaiteachas náisiúnta ar chómhaoiniú clár arna gcistiú ag an Aontas, (v) ar ghnéithe timthriallacha den chaiteachas ar shochar dífhostaíochta, agus (vi) ar bhearta aonuaire agus bearta sealadacha eile.

(5)  Tá na príomhchoinníollacha tosaigh agus na toimhdí bunúsacha i gcomhréir leis an modheolaíocht a thuairiscítear i bhFaireachán an Choimisiúin ar Inbhuanaitheacht Fiachais 2023 (https://economy-finance.ec.europa.eu/publications/debt-sustainability-monitor-2023_en). Is ar Réamhaisnéis an Earraigh 2024 ón gCoimisiún Eorpach agus ar a síneadh meántéarmach suas le 2033 atá siad bunaithe, agus tá fás fadtéarmach OTI agus na costais aosaithe i gcomhréir le Tuarascáil chomhpháirteach 2024 ar an Aosú ón gCoimisiún agus ón gComhairle (https://economy-finance.ec.europa.eu/publications/2024-ageing-report-economic-and-budgetary-projections-eu-member-states-2022-2070_en).

(6)   https://economy-finance.ec.europa.eu/economic-and-fiscal-governance/national-medium-term-fiscal-structural-plans_en#ireland.

(7)  Leis na réamh-mheastacháin mhaicreacnamaíocha i mBuiséad 2025, cumhdaítear na blianta ó 2024 go 2030.

(8)  An Tuairim ón gCoimisiún maidir le Dréachtphlean Buiséadach na hÉireann, 26.11.2024, C(2024)9056 final.

(9)  Moladh ón gComhairle an 21 Deireadh Fómhair 2024 maidir le beartais eacnamaíocha, bhuiséadacha, fostaíochta agus struchtúracha na hÉireann.

(10)  Féach an Tuairim ón gCoimisiún maidir le Dréachtphlean Buiséadach na hÉireann, 26.11.2024, C(2024)9056 final.


IARSCRÍBHINN I

Uasrátaí fáis glanchaiteachais

(rátaí fáis bliantúla agus carnacha, i dtéarmaí ainmniúla)

Éire

Bliain

2025

2026

2027

2028

2029

Rátaí fáis (%)

Bliantúla

5,1

6,5

4,9

5,4

4,7

Carnacha (*1)

15,4

22,8

28,9

35,8

42,3


(*1)  Ríomhtar na rátaí fáis carnacha faoi threoir na bonnbhliana 2023. Úsáidtear na rátaí fáis carnacha san fhaireachán bliantúil ar chomhlíonadh ex postsa chuntas rialaithe.


ELI: http://data.europa.eu/eli/C/2025/667/oj

ISSN 1977-107X (electronic edition)