AN COIMISIÚN EORPACH
An Bhruiséil,24.5.2023
COM(2023) 614 final
Moladh le haghaidh
MOLADH ÓN gCOMHAIRLE
maidir le Clár Náisiúnta na Laitvia um Athchóiriú don bhliain 2023 agus lena dtugtar tuairim ón gComhairle maidir le Clár Cobhsaíochta na Laitvia
{SWD(2023) 614 final}
Moladh le haghaidh
MOLADH ÓN gCOMHAIRLE
maidir le Clár Náisiúnta na Laitvia um Athchóiriú don bhliain 2023 agus lena dtugtar tuairim ón gComhairle maidir le Clár Cobhsaíochta na Laitvia
TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,
Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagail 121(2) agus 148(4) de,
Ag féachaint do Rialachán (CE) Uimh. 1466/97 ón gComhairle an 7 Iúil 1997 maidir leis an bhfaireachas ar riochtaí buiséadacha, agus an faireachas ar bheartais eacnamaíocha agus a gcomhordú, a neartú agus go háirithe Airteagal 5(2) de,
Ag féachaint do Rialachán (AE) Uimh. 1176/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Samhain 2011 maidir le míchothromaíochtaí maicreacnamaíocha a chosc agus a cheartú, agus go háirithe Airteagal 6(1) de,
Ag féachaint don mholadh ón gCoimisiún Eorpach,
Ag féachaint do na rúin ó Pharlaimint na hEorpa,
Ag féachaint do na conclúidí ón gComhairle Eorpach,
Ag féachaint don tuairim ón gCoiste Fostaíochta,
Ag féachaint don tuairim ón gCoiste Eacnamaíoch agus Airgeadais,
Ag féachaint don tuairim ón gCoiste um Chosaint Shóisialta,
Ag féachaint don tuairim ón gCoiste um Beartas Eacnamaíoch,
De bharr an mhéid seo a leanas:
(1)Tháinig Rialachán (AE) 2021/241 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, lenar bunaíodh an tSaoráid Téarnaimh agus Athléimneachta, i bhfeidhm an 19 Feabhra 2021. Is rud í an tSaoráid Téarnaimh agus Athléimneachta a sholáthraíonn tacaíocht airgeadais do na Ballstáit chun athchóirithe agus infheistíochtaí a chur chun feidhme, ionas gurb é atá i gceist léi spreagadh airgeadais atá maoinithe ag an Aontas. I gcomhréir le tosaíochtaí an tSeimeastair Eorpaigh, cuidíonn sí leis an téarnamh eacnamaíoch agus sóisialta, agus le hathchóirithe agus infheistíochtaí inbhuanaithe a chur chun feidhme, go háirithe chun an t‑aistriú glas agus digiteach a chur chun cinn agus chun cur le hathléimneacht gheilleagair na mBallstát. Cuidíonn sí freisin ó thaobh an t‑airgeadas poiblí a neartú agus borradh a chur faoin bhfás agus faoin gcruthú post sa mheántéarma agus san fhadtéarma, ó thaobh an comhtháthú críochach a fheabhsú laistigh den Aontas agus ó thaobh tacú le cur chun feidhme leanúnach Cholún Eorpach na gCeart Sóisialta. Rinneadh an ranníocaíocht airgeadais uasta in aghaidh an Bhallstáit faoin tSaoráid Téarnaimh agus Athléimneachta a thabhairt cothrom le dáta an 30 Meitheamh 2022, i gcomhréir le hAirteagal 11(2) de Rialachán (AE) 2021/241.
(2)An 22 Samhain 2022, ghlac an Coimisiún Suirbhé Bliantúil 2023 don Fhás Inbhuanaithe, rud a chuir tús le Seimeastar Eorpach 2023 le haghaidh chomhordú an bheartais eacnamaíoch. An 23 Márta 2023, d’fhormhuinigh an Chomhairle Eorpach tosaíochtaí an tsuirbhé, tosaíochtaí atá dírithe ar na ceithre ghné den inbhuanaitheacht iomaíoch. An 22 Samhain 2022, ar bhonn Rialachán (AE) Uimh. 1176/2011, ghlac an Coimisiún freisin Tuarascáil 2023 maidir leis an Sásra Foláirimh, ar tuarascáil í inar sainaithníodh go bhfuil an Laitvia ar cheann de na Ballstáit a bhféadfadh míchothromaíochtaí a bheith ag baint di, nó a d’fhéadfadh a bheith i mbaol míchothromaíochtaí, agus a mbeadh grinn-athbhreithniú ag teastáil ina leith. An 24 Feabhra 2023, ghlac an Coimisiún tuairim freisin maidir le dréachtphlean buiséadach na Laitvia don bhliain 2023. Ghlac an Coimisiún moladh freisin le haghaidh moladh ón gComhairle maidir le beartas eacnamaíoch an limistéir euro, moladh a d’fhormhuinigh an Chomhairle Eorpach an 23 Márta 2023 agus a ghlac an Chomhairle an 16 Bealtaine 2023, chomh maith leis an togra le haghaidh Thuarascáil Chomhpháirteach 2023 ar Fhostaíocht ina ndéantar anailís ar chur chun feidhme na dTreoirlínte do Bheartas Fostaíochta agus phrionsabail Cholún Eorpach na gCeart Sóisialta, togra a ghlac an Chomhairle an 13 Márta 2023.
(3)Cé go bhfuil athléimneacht shuntasach á léiriú ag geilleagair an Aontais, tá drochthionchar ag an gcomhthéacs geopholaitiúil orthu fós. Agus an tAontas ag seasamh go daingean leis an Úcráin, tá clár oibre beartais eacnamaíoch agus shóisialta an Aontais dírithe sa ghearrthéarma ar dhrochthionchar na suaití fuinnimh a laghdú, i gcás teaghlaigh leochaileacha agus cuideachtaí leochaileacha araon, agus ar iarrachtaí a choinneáil ar bun chun an t‑aistriú glas agus digiteach a bhaint amach sa mheántéarma, sin agus tacaíocht a tabhairt don fhás inbhuanaithe cuimsitheach, an chobhsaíocht mhaicreacnamaíoch a chosaint agus an athléimneacht a mhéadú. Tá sé dírithe go láidir freisin ar iomaíochas agus táirgiúlacht an Aontais a mhéadú.
(4)An 1 Feabhra 2023, d’eisigh an Coimisiún Teachtaireacht maidir le ‘Plean Tionsclaíoch an Chomhaontaithe Ghlais don Ré Ghlan-Nialasach’ chun borradh a chur faoi iomaíochas thionscal glan-nialasachta an Aontais agus chun tacú leis an aistriú tapa chuig an aeráidneodracht. Is comhlánú é an plean ar na hiarrachtaí atá ar siúl faoin gComhaontú Glas don Eoraip agus faoi REPowerEU. Is é is aidhm dó timpeallacht níos tacúla a sholáthar chun acmhainneacht mhonaraíochta an Aontais a mhéadú i dtaca leis na teicneolaíochtaí glan-nialasachta agus leis na táirgí glan-nialasachta a bhfuil gá leo chun spriocanna uaillmhianacha aeráide an Aontais a bhaint amach, agus chun an rochtain a áirithiú ar amhábhair chriticiúla ábhartha, lena n‑áirítear é sin a dhéanamh tríd an bhfoinsiú a éagsúlú, trí shaothrú cuí a dhéanamh ar acmhainní geolaíocha sna Ballstáit agus trí athchúrsáil na n‑amhábhar a uasmhéadú. Is ar cheithre cholún atá an plean bunaithe: timpeallacht rialála intuartha agus shimplithe, rochtain ar mhaoiniú a bhrostú, scileanna a fheabhsú, agus trádáil oscailte do shlabhraí soláthair athléimneacha. An 16 Márta 2023, d’eisigh an Coimisiún freisin an Teachtaireacht dar teideal ‘Iomaíochas fadtéarmach an Aontais: níos faide ar aghaidh ná 2030’, teachtaireacht a leagadh amach de réir naoi spreagadh a threisíonn a chéile ar mhaithe le hoibriú i dtreo creat rialála lena bhfeabhsófaí an fás. Sa Teachtaireacht, leagtar amach tosaíochtaí beartais arb é is aidhm dóibh feabhsuithe struchtúracha, infheistíochtaí dea-dhírithe agus bearta rialála a áirithiú le haghaidh iomaíochas fadtéarmach an Aontais agus a Bhallstát. Cuidíonn na moltaí thíos ó thaobh aghaidh a thabhairt ar na tosaíochtaí sin.
(5)In 2023, tá an Seimeastar Eorpach um chomhordú an bheartais eacnamaíoch fós ag forbairt i gcomhréir le cur chun feidhme na Saoráide Téarnaimh agus Athléimneachta. Tá cur chun feidhme iomlán na bpleananna téarnaimh agus athléimneachta fós riachtanach chun go mbainfear amach na tosaíochtaí beartais faoin Seimeastar Eorpach, ós rud é go dtugann na pleananna aghaidh ar iomlán na moltaí tírshonracha ábhartha a eisíodh le blianta beaga anuas, nó ar fhothacar nach beag díobh. Tá moltaí tírshonracha 2019, 2020 agus 2022 fós chomh hábhartha céanna maidir le pleananna téarnaimh agus athléimneachta arna n‑athbhreithniú, arna dtabhairt cothrom le dáta nó arna leasú i gcomhréir le hAirteagail 14, 18 agus 21 de Rialachán (AE) 2021/241.
(6)Is é is aidhm do Rialachán REPowerEU arna ghlacadh an 27 Feabhra 2023, deireadh a chur go tapa le spleáchas an Aontais ar allmhairí breosla iontaise ón Rúis. Cuirfidh sé sin leis an tslándáil fuinnimh agus le héagsúlacht sholáthar fuinnimh an Aontais, agus ag an am céanna, méadóidh sé acmhainneachtaí stórála, an éifeachtúlacht fuinnimh, agus glacadh na bhfoinsí in-athnuaite fuinnimh. Leis an Rialachán sin, cuirtear ar chumas na mBallstát caibidil nua REPowerEU a chur lena bplean náisiúnta téarnaimh agus athléimneachta chun go maoineofar athchóirithe agus infheistíochtaí tábhachtacha a chuideoidh le cuspóirí REPowerEU a bhaint amach. Ina theannta sin, cuideoidh na hathchóirithe agus na hinfheistíochtaí céanna ó thaobh borradh a chur faoi iomaíochas thionscal glan-nialasachta an Aontais mar a leagtar amach i bPlean Tionsclaíoch an Chomhaontaithe Ghlais do Ré na Glan-Nialasachta, agus rachaidh siad i ngleic leis na moltaí tírshonracha a bhaineann le fuinneamh arna n‑eisiúint chuig na Ballstáit in 2022 agus, i gcás inarb infheidhme, in 2023. Le Rialachán REPowerEU, tugtar isteach catagóir nua de thacaíocht airgeadais neamh-in-aisíoctha, atá á cur ar fáil do na Ballstáit chun athchóirithe agus infheistíochtaí nua a bhaineann le fuinneamh a mhaoiniú faoina bplean téarnaimh agus athléimneachta.
(7)An 8 Márta 2023 ghlac an Coimisiún Teachtaireacht lena gcuirtear treoraíocht ar fáil maidir leis an mbeartas fioscach don bhliain 2024. Is é is aidhm di tacú le hullmhú chláir na mBallstáit um chobhsaíocht agus um chóineasú, agus an comhordú beartais a neartú ar an gcaoi sin. Thug an Coimisiún chun cuimhne go ndéanfar clásal éalaithe ginearálta an Chomhshocraithe Cobhsaíochta agus Fáis a dhíghníomhachtú i ndeireadh 2023. D’éiligh an Coimisiún go mbeadh beartais fhioscacha ann in 2023-2024 a d’áiritheodh an inbhuanaitheacht fiachais sa mheántéarma agus a mhéadódh an acmhainneacht fáis ar bhealach inbhuanaithe chomh maith. Iarradh ar na Ballstáit a leagan amach ina gclár um chobhsaíocht agus um chóineasú don bhliain 2023 conas a áiritheoidh a bplean fioscach go n‑urramófar luach tagartha an easnaimh, is é sin 3 % de OTI, chomh maith le laghdú inchreidte leanúnach an fhiachais, sin nó conas a choinneofar an fiachas ar leibhéal stuama sa mheántéarma. D’iarr an Coimisiún ar na Ballstáit deireadh a chur de réir a chéile le beartais fhioscacha náisiúnta a tugadh isteach chun teaghlaigh agus gnólachtaí a chosaint ar shuaitheadh na bpraghsanna fuinnimh, agus deireadh a chur ar dtús leis na beartais is lú a spriocdhíríodh. Thug sé le fios gur cheart do na Ballstáit, dá mba rud é gur ghá síneadh a chur le bearta tacaíochta mar gheall ar bhrú a bheith ann an athuair ó thaobh phraghsanna an fhuinnimh de, gur cheart dóibh na bearta sin a spriocdhíriú ar theaghlaigh leochaileacha agus ar ghnólachtaí leochaileacha ar bhealach i bhfad níos fearr ná mar a rinneadh roimhe seo. Mhol an Coimisiún go ndéanfaí moltaí fioscacha a chainníochtú agus a dhifreáil, agus go ndéanfaí iad a fhoirmliú ar bhonn an ghlanchaiteachais phríomhúil, mar a mholtar ina Theachtaireacht maidir le treoirlínte le haghaidh athchóiriú ar chreat rialachais eacnamaíoch an Aontais Eorpaigh. Mhol sé gur cheart do na Ballstáit uile leanúint ar aghaidh ag cosaint na hinfheistíochta a mhaoinítear go náisiúnta agus a áirithiú go n‑úsáidfear an tSaoráid Téarnaimh agus Athléimneachta agus cistí eile an Aontais go héifeachtach, go háirithe i bhfianaise an aistrithe ghlais agus dhigitigh agus na gcuspóirí athléimneachta. Thug an Coimisiún le fios go molfadh sé don Chomhairle tús a chur, in earrach na bliana 2024, leis na nósanna imeachta um easnamh iomarcach atá bunaithe ar easnaimh, ar bhonn na sonraí olltoraidh maidir le 2023, i gcomhréir leis na forálacha dlíthiúla atá ann faoi láthair.
(8)An 26 Aibreán 2023, chuir an Coimisiún isteach tograí reachtacha chun athchóiriú cuimsitheach ar rialacha rialachais eacnamaíoch an Aontais a chur chun feidhme. Is é is príomhchuspóir do na tograí inbhuanaitheacht an fhiachais phoiblí a neartú agus fás inbhuanaithe agus cuimsitheach a chur chun cinn sna Ballstáit uile trí athchóirithe agus trí infheistíochtaí. Tá sé d’aidhm ag na tograí níos mó smachta do na Ballstáit ar dhearadh a bpleananna meántéarmacha, agus córas forfheidhmiúcháin níos déine á chur i bhfeidhm san am céanna chun a áirithiú go gcomhlíonfaidh na Ballstáit na gealltanais a thugann siad ina bpleananna meántéarmacha struchtúracha fioscacha. Is é an cuspóir atá ann an obair reachtach a thabhairt i gcrích in 2023.
(9)An 30 Aibreán 2021, chuir an Laitvia a plean náisiúnta téarnaimh agus athléimneachta faoi bhráid an Choimisiúin, i gcomhréir le hAirteagal 18(1) de Rialachán (AE) 2021/241. De bhun Airteagal 19 de Rialachán (AE) 2021/241, rinne an Coimisiún measúnú ar ábharthacht, éifeachtacht, éifeachtúlacht agus comhleanúnachas an phlean téarnaimh agus athléimneachta, i gcomhréir leis na treoirlínte measúnaithe in Iarscríbhinn V a ghabhann leis an Rialachán sin. An 13 Iúil 2021, ghlac an Chomhairle a cinneadh maidir le formheas an mheasúnaithe ar an bplean téarnaimh agus athléimneachta le haghaidh na Laitvia. Tá scaoileadh na dtráthchodanna ag brath ar chinneadh ón gCoimisiún, arna dhéanamh i gcomhréir le hAirteagal 24(5) de Rialachán (AE) 2021/241, go bhfuil na clocha míle agus na spriocanna ábhartha a leagtar amach sa Chinneadh Cur Chun Feidhme ón gComhairle comhlíonta go sásúil ag an Laitvia. Tuigtear gurb é atá i gceist le comhlíonadh sásúil, nach ndeachthas siar ar ghnóthú na gcloch míle agus na spriocanna a gnóthaíodh roimhe sin.
(10)An 25 Aibreán 2023, chuir an Laitvia isteach a Clár Náisiúnta 2023 um Athchóiriú agus, an 17 Aibreán 2023, chuir sí isteach a Clár Cobhsaíochta 2023, i gcomhréir le hAirteagal 4(1) de Rialachán (CE) Uimh. 1466/97. Chun na naisc atá eatarthu a chur san áireamh, rinneadh measúnú ar an dá chlár le chéile. I gcomhréir le hAirteagal 27 de Rialachán (AE) 2021/241, is léiriú é an Clár Náisiúnta um Athchóiriú don bhliain 2023 ar thuairisciú leathbhliantúil na Laitvia maidir leis an dul chun cinn atá déanta ó thaobh a plean téarnaimh agus athléimneachta a bhaint amach.
(11)D’fhoilsigh an Coimisiún tuarascáil tíre 2023 maidir leis an Laitvia an 24 Bealtaine 2023. Rinneadh measúnú sa tuarascáil sin ar dhul chun cinn na Laitvia ó thaobh aghaidh a thabhairt ar na moltaí tírshonracha ábhartha a ghlac an Chomhairle idir 2019 agus 2022, agus measadh cur chun feidhme phlean téarnaimh agus athléimneachta na Laitvia. Ar bhonn na hanailíse sin, léiríodh sa tuarascáil tíre na bearnaí atá ann i ndáil leis na dúshláin nár tugadh aghaidh orthu sa phlean téarnaimh agus athléimneachta, sin nó nár tugadh aghaidh orthu ach go páirteach, mar aon le dúshláin nua agus dúshláin atá ag teacht chun cinn. Rinneadh measúnú inti freisin ar dhul chun cinn na Laitvia ó thaobh Colún Eorpach na gCeart Sóisialta a chur chun feidhme agus ó thaobh príomhspriocanna an Aontais maidir le fostaíocht, scileanna agus laghdú na bochtaineachta a bhaint amach, sin agus ar an dul chun cinn i dtreo Spriocanna Forbartha Inbhuanaithe na Náisiún Aontaithe a bhaint amach.
(12)Rinne an Coimisiún grinn-athbhreithniú faoi Airteagal 5 de Rialachán (AE) Uimh. 1176/2011 maidir leis an Laitvia agus d’fhoilsigh sé a chuid conclúidí an 24 Bealtaine 2023. Tháinig sé ar an gconclúid nach bhfuil míchothromaíochtaí maicreacnamaíocha sa Laitvia. Go háirithe, ní fadhb shuntasach fós iad na leochaileachtaí a bhaineann le hiasachtaíocht sheachtrach agus tithíocht; tá rioscaí ann don iomaíochas, ach ar an iomlán is cosúil go bhfuil siad faoi smacht sna blianta beaga romhainn. Bhí méadú suntasach ar an easnamh sa chuntas reatha le déanaí, ach meastar go dtiocfaidh laghdú suntasach ar an easnamh i mbliana agus a thuilleadh in 2024. Tá coinne leis go gur cobhsaí, ar an mórchóir, a bheidh glanstaid infheistíochta idirnáisiúnta na Laitvia, ar glanstaid í ar tháinig feabhas mór uirthi le 10 mbliana anuas. Mar sin féin, tá an baol ann go gcuirfidh boilsciú agus brúnna pá isteach ar iomaíochas na Laitvia, go háirithe ós rud é go bhfuil an boilsciú lárnach i bhfad os cionn mheán an limistéir euro. Cé go bhfuil fás ar phraghas na dtithe ardaithe le déanaí, ní cosúil go bhfuil róluacháil shuntasach ar phraghas tithe. Thairis sin, tháinig moill ar fhás praghsanna tithe go déanach in 2022, bhí an t‑iasachtú morgáiste lag, agus tá fiachas teaghlaigh teoranta agus é ag titim i dtéarmaí ioncam teaghlaigh. Tá príomhdhúshláin eacnamaíocha struchtúracha roimh an Laitvia, dúshláin a bhaineann le meath ar an soláthar saothair, rud a chuir le méaduithe tapa ar chostais aonaid saothair agus a d’fhéadfadh cur isteach ar an iomaíochas sa mheántéarma. Tá an socrú beartais fabhrach ar an iomlán, cé go bhféadfadh roinnt iarrachtaí breise a bheith ina gcuidiú chun aghaidh a thabhairt ar na rioscaí a bhaineann leis na leochaileachtaí sainaitheanta. Chuige sin, bheadh tábhacht le beartais chun iomaíochas a chosaint, lena n‑áirítear bearta chun cáilíocht agus cainníocht an tsoláthair saothair a mhéadú. Dá ndéanfaí an próiseas ceadaithe tógála a ghiorrú, chuideofaí le tacú leis an soláthar tithíochta agus chuirfí feabhas ar staid an mhargaidh tithíochta.
(13)Bunaithe ar shonraí arna mbailíochtú ag Eurostat, tháinig laghdú ar easnamh rialtais ghinearálta na Laitvia ó 7.1 % de OTI in 2021 go 4.4 % in 2022, agus thit fiachas rialtais ghinearálta ó 43.7 % de OTI ag deireadh 2021 go 40.8 % ag deireadh 2022. An 24 Bealtaine 2023, d’fhoilsigh an Coimisiún tuarascáil faoi Airteagal 126(3) CFAE; Pléadh staid bhuiséadach na Laitvia sa tuarascáil sin, ós rud é go raibh a heasnamh rialtais ghinearálta in 2022 os cionn 3 % de luach tagartha an Chonartha maidir le OTI. Thángthas ar an gconclúid sa tuarascáil nár comhlíonadh critéar an easnaimh. I gcomhréir lena Theachtaireacht an 8 Márta 2023, níor mhol an Coimisiún nósanna imeachta nua um easnamh iomarcach a thionscnamh in earrach 2023; luaigh an Coimisiún ina dhiaidh sin go molfadh sé don Chomhairle tús a chur, in earrach na bliana 2024, leis na nósanna imeachta um easnamh iomarcach atá bunaithe ar easnaimh, ar bhonn na sonraí olltoraidh maidir le 2023. Ba cheart don Laitvia é sin a chur san áireamh i bhfeidhmiú bhuiséad 2023 na Laitvia agus in ullmhú an Dréachtphlean Bhuiséadaigh do 2024.
(14)Na bearta beartais fhioscaigh a glacadh chun tionchar eacnamaíoch agus sóisialta an mhéadaithe ar phraghsanna fuinnimh a mhaolú, bhí tionchar ag na bearta sin ar an gcomhardú ginearálta rialtais. In 2022, áiríodh ar na bearta méadaithe caiteachais sin cúiteamh costais ar théamh (bunaithe ar an bhfoinse fuinnimh a úsáidtear) agus laghdú ar bhillí leictreachais do theaghlaigh; sochair mhíosúla do theaghlaigh leochaileacha agus do theaghlaigh a bhfuil leanaí acu chomh maith le hinnéacsú pinsean ar bhonn níos luaithe; deontais do chuideachtaí dianfhuinnimh agus cúiteamh as costais leictreachais a mhéadú do chuideachtaí. Measann an Coimisiún gur 1.5 % de OTI in 2022 atá i nglanchostas buiséadach na mbeart sin. Ina theannta sin, an costas buiséadach i leith daoine easáitithe as an Úcráin a chosaint go sealadach, bhí tionchar aige sin ar an gcomhardú ginearálta rialtais, agus meastar gur 0.2 % de OTI a bhí ann in 2022. An tráth céanna thit costas measta bhearta éigeandála sealadacha COVID-19 go 1.2 % de OTI in 2022, ó 5.0 % in 2021.
(15)An 18 Meitheamh 2021, mhol an Chomhairle go gcoinneodh an Laitvia staid fhioscach thacúil in 2022, lena n‑áirítear an spreagadh a cuireadh ar fáil leis an tSaoráid Téarnaimh agus Athléimneachta, agus go gcaomhnódh sí infheistíocht a mhaoinítear go náisiúnta. Mhol an Chomhairle freisin don Laitvia an fás ar chaiteachas reatha arna mhaoiniú go náisiúnta a choinneáil faoi rialú.
(16)De réir na meastachán ón gCoimisiún, bhí an staid fhioscach neodrach in 2022, ag 0.0 % de OTI, rud a bhí iomchuí i gcomhthéacs an bhoilscithe ard. Mar a mhol an Chomhairle, lean an Laitvia de thacaíocht a thabhairt don téarnamh le hinfheistíochtaí arna maoiniú ag an tSaoráid Téarnaimh agus Athléimneachta. Is é 1.1 % de OTI in 2022 (1.3 % de OTI in 2021) a bhí sa chaiteachas arna mhaoiniú ag deontais ón tSaoráid Téarnaimh agus Athléimneachta agus ag cistí eile de chuid an Aontais. Mar gheall ar shrianta acmhainneachta agus ardú ar phraghsanna tógála, cuireadh moill ar roinnt infheistíochtaí a maoiníodh le deontais ón tSaoráid Téarnaimh agus Athléimneachta agus le cistí eile de chuid an Aontais in 2022, rud a d’fhág gur tháinig laghdú beag ar chaiteachas. Leis an infheistíocht arna maoiniú go náisiúnta soláthraíodh rannchuidiú crapthach 1.2 pointe céatadáin don staid fhioscach. Dá bhrí sin, níor chaomhnaigh an Laitvia infheistíocht arna maoiniú go náisiúnta, rud nach bhfuil i gcomhréir leis an moladh ón gComhairle. San am céanna, leis an méadú ar chaiteachas reatha príomhúil arna mhaoiniú go náisiúnta (glan ar bhearta nua ioncaim) soláthraíodh rannchuidiú crapthach de 0.3 pointe céatadáin don staid fhioscach. Dá bhrí sin, choinnigh an Laitvia smacht ar an bhfás ar chaiteachas reatha arna mhaoiniú go náisiúnta.
(17)An cás maicreacnamaíoch atá mar bhuntaca leis na réamh-mheastacháin bhuiséadacha sa Chlár Cobhsaíochta faichilleach, tá sé faichilleach in 2023 agus réadúil ina dhiaidh sin. Measann an rialtas go n‑éireoidh an fíor-OTI marbhánta in 2023 agus go dtiocfaidh méadú 2.0 % air in 2024. I gcomparáid leis sin, tuartar i réamhaisnéis an earraigh 2023 ón gCoimisiún go mbeidh fíorfhás OTI níos airde de 1.4 % in 2023 agus 2.8 % in 2024, lena léirítear ionchorprú eisiúintí nua sonraí i gcomparáid leis an gClár Cobhsaíochta, is é sin athbhreithnithe sonraí ar fhás OTI 2022 chomh maith leis an tobmheastachán don chéad ráithe de 2023, ar nithe iad araon a chuir le fás OTI ar leibhéal níos airde ná mar a coinne leis roimhe sin. Mar sin féin, i dtéarmaí ainmniúla, is cóngaraí fás OTI don dá réamhaisnéis ina bhfuil coinne le fás 11.7 % agus 5.5 % do 2023 agus 2024, sa Chlár Cobhsaíochta agus 10.5 % agus 5.6 % den fhás atá tuartha ag an gCoimisiún do na blianta faoi seach.
(18)Ina Chlár Cobhsaíochta 2023, measann an Rialtas go laghdófar an t‑easnamh rialtais ghinearálta go 4.0 % de OTI in 2023. Is léiriú é an coigeartú easnaimh in 2023 ar fhorbairtí caiteachais go príomha. Meastar go n‑eascróidh rannchuidiú laghdaithe easnaimh as deireadh a chur le formhór na mbeart tacaíochta a bhaineann leis an bpaindéim agus maidir leis an gcaiteachas cnapshuime in 2022 chun cúlchiste náisiúnta gáis a chruthú, ní mheastar go mbeidh sin ann le haghaidh 2023. Tá sé beartaithe na coigiltis sin a fhritháireamh go páirteach le bearta caiteachais a áirítear i bpacáiste buiséid 2023, amhail méadú pá don riarachán poiblí agus don phearsanra leighis, caiteachas reatha níos airde ar sheirbhísí cúraim sláinte, eolaíocht, taighde agus ardoideachas chomh maith le pacáiste suntasach infheistíochta poiblí don chosaint agus don tslándáil inmheánach. Thairis sin, táthar ag súil le caiteachas níos airde le haghaidh pinsean agus liúntas mar gheall ar chomhéifeachtaí innéacsaithe níos airde. De réir an Chláir, táthar ag súil go dtiocfaidh méadú ar chóimheas fiachais an rialtais ghinearálta le OTI ó 40.8 % ag deireadh 2022 go 39.6°% ag deireadh 2023. Tuartar i réamhaisnéis earraigh 2023 ón gCoimisiún go mbeidh easnamh rialtais 3.8 % de OTI ann do 2023. Tá sé sin i gcomhréir leis an easnamh atá réamh-mheasta sa Chlár Cobhsaíochta. Tuartar i réamhaisnéis earraigh an Choimisiúin 2023 go mbeidh cóimheas níos ísle fiachais rialtais ghinearálta le OTI, 39.8 % ag deireadh 2023.
(19)Meastar go leanfaidh na bearta arna nglacadh chun tionchar eacnamaíoch agus sóisialta an mhéadaithe ar phraghsanna fuinnimh a mhaolú ar chomhardú an rialtais in 2023. Is éard atá iontu den chuid is mó bearta ar cuireadh síneadh leo ó 2022. Tuartar glanchostas buiséadach na mbeart tacaíochta i réamhaisnéis earraigh 2023 ón gCoimisiún ag 1.0 % de OTI in 2023. De réir dealraimh, níl formhór na mbeart in 2023 dírithe ar na teaghlaigh ná na gnólachtaí is leochailí, ná ní chaomhnaíonn siad an comhartha praghais go hiomlán chun an t‑éileamh fuinnimh a laghdú agus an éifeachtúlacht fuinnimh a mhéadú. Mar thoradh air sin, meastar i réamhaisnéis an earraigh 2023 ón gCoimisiún gurb é 0.1 % de OTI in 2023 (i gcomparáid le 0.5 % de OTI in 2022) méid na mbeart tacaíochta spriocdhírithe, atá le cur san áireamh sa mheasúnú ar chomhlíontacht an mholta do 2023. Meastar go dtiocfaidh méadú 0.1 pointe céatadáin de OTI ar chostas buiséadach na cosanta sealadaí ar dhaoine easáitithe ón Úcráin i gcomparáid le 2022. Ar deireadh, tá coinne leis go dtairbheoidh comhardú rialtais 2023 de dheireadh a chur de réir a chéile le bearta éigeandála sealadacha COVID-19, bearta arb é atá iontu 1.2 % de OTI.
(20)An 12 Iúil 2022, mhol an Chomhairle go ndéanfadh an Laitvia gníomhaíocht chun a áirithiú go mbeidh fás an chaiteachais reatha phríomha a mhaoinítear go náisiúnta i gcomhréir le seasamh foriomlán neodrach beartais in 2023, agus tacaíocht leanúnach shealadach spriocdhírithe á cur san áireamh le haghaidh na dteaghlach agus na ngnólachtaí is leochailí i dtaobh méaduithe ar phraghsanna fuinnimh agus le haghaidh daoine atá ag teitheadh ón Úcráin. Ba cheart don Laitvia a bheith réidh chun an caiteachas atá ann faoi láthair a chur in oiriúint don staid atá ag síorathrú. Moladh don Laitvia freisin cur le hinfheistíocht phoiblí le haghaidh an aistrithe ghlais agus an aistrithe dhigitigh, agus le haghaidh na slándála fuinnimh, agus tionscnamh REPowerEU á chur san áireamh, lena n‑áirítear é sin a dhéanamh trí leas a bhaint as an tSaoráid Téarnaimh agus Athléimneachta agus as cistí eile de chuid an Aontais.
(21)In 2023, tá sé tuartha i réamhaisnéis an earraigh 2023 ón gCoimisiún go mbeidh an staid fhioscach fhairsingithe (- 0.9 % de OTI) i gcomhthéacs ráta ard boilscithe. Leanann sé sin staid fhioscach neodrach in 2022 (0.0 % de OTI). Leis an bhfás ar chaiteachas reatha príomhúil arna mhaoiniú go náisiúnta (glan ar bhearta lánroghnacha ioncaim) in 2023, réamh-mheastar go soláthrófar rannchuidiú fairsingiúcháin de 0.5 % de OTI don staid fhioscach. Áirítear leis sin costas laghdaithe na mbeart tacaíochta spriocdhírithe do theaghlaigh agus do ghnólachtaí is leochailí ó thaobh ardú praghsanna fuinnimh de 0.4 % den OTI. Áirítear leis sin freisin costais is airde chun cosaint shealadach a thabhairt do dhaoine easáitithe ón Úcráin (0.1 % de OTI). Dá bhrí sin, an rannchuidiú fairsingiúcháin leis an gcaiteachas reatha príomha a mhaoinítear go náisiúnta, níl an ranníocaíocht sin mar thoradh ar an tacaíocht shealadach spriocdhírithe do na teaghlaigh agus na gnólachtaí is leochailí i dtaobh méaduithe ar phraghsanna fuinnimh agus do dhaoine atá ag teitheadh ón Úcráin. Is iad bearta caiteachais a áirítear i bpacáiste buiséid 2023, amhail méadú pá do phearsanra riaracháin agus leighis, a spreagann an fás leathnaithe i gcaiteachas príomha reatha a mhaoinítear go náisiúnta (glan ar bhearta lánroghnacha ioncaim), amhail méadú pá do phearsanra riaracháin agus leighis, maoiniú breise caiteachais reatha maidir le hoinceolaíocht, eolaíocht agus taighde agus caiteachas reatha lánroghnach eile ar riarachán náisiúnta chomh maith le caiteachas níos airde ar phinsin agus ar liúntais. Go hachomair, níl fás réamh-mheasta an chaiteachais phríomha reatha arna mhaoiniú go náisiúnta i gcomhréir leis an moladh ón gComhairle. Meastar go mbeidh caiteachas arna mhaoiniú ag deontais ón tSaoráid Téarnaimh agus Athléimneachta agus ag cistí eile de chuid an Aontais cothrom le 2.2 % de OTI in 2023, agus meastar go soláthróidh infheistíocht arna maoiniú go náisiúnta rannchuidiú fairsingiúcháin don staid fhioscach de 1.0 pointe céatadáin. Dá bhrí sin, tá sé beartaithe ag an Laitvia infheistíocht bhreise a mhaoiniú tríd an tSaoráid Téarnaimh agus Athléimneachta agus trí chistí eile de chuid an Aontais, agus meastar go ndéanfar infheistíocht arna maoiniú go náisiúnta a chaomhnú. Tá sé beartaithe aige infheistíocht phoiblí a mhaoiniú le haghaidh na n‑aistrithe glasa agus digiteacha, agus le haghaidh na slándála fuinnimh, amhail feithiclí leictreacha a cheannach don iompar poiblí, éifeachtúlacht fuinnimh foirgneamh ilárasán agus airíonna gnó a fheabhsú, na líonraí tarchurtha agus dáileacháin leictreachais a nuachóiriú, acmhainneacht freagartha na seirbhísí tarrthála a neartú, ardáin dhigiteacha rialachais agus córais san earnáil phoiblí a lárú, scileanna digiteacha agus digitiú na bpróiseas i ngnólachtaí a fhorbairt, bonneagar leathanbhanda a fhorbairt chomh maith leis an digitiú a chothú in earnáil an oideachais, a mhaoinítear den chuid is mó leis an tSaoráid Téarnaimh agus Athléimneachta agus le cistí eile de chuid an Aontais.
(22)De réir an Chláir Chobhsaíochta, meastar go dtiocfaidh laghdú ar an easnamh rialtais ghinearálta go dtí 2.5°% de OTI in 2024. Is léiriú é an laghdú in 2024 den chuid is mó ar dheireadh a chur de réir a chéile le bearta tacaíochta chun tionchar praghsanna arda fuinnimh a mhaolú agus easpa caiteachais reatha a bhaineann le paindéim COVID-19 agus bailchríoch a chur in 2023 ar infheistíocht chun tacú leis an téarnamh ón bpaindéim. Leis an gclár, táthar ag súil go dtiocfaidh méadú beag go 39.7 % ar chóimheas an rialtais ghinearálta maidir le fiachas le OTI ag deireadh 2024. Bunaithe ar bhearta beartais atá aitheanta ag scoithdháta na réamhaisnéise, tuartar i réamhaisnéis an earraigh 2023 ón gCoimisiún easnamh rialtais 2.7 % den OTI in 2024. Tá sé sin i gcomhréir leis an easnamh atá réamh-mheasta sa chlár. Tuartar i réamhaisnéis earraigh an Choimisiúin in 2023 go mbeidh cóimheas níos ísle fiachais rialtais ghinearálta le OTI, de 40.5 % ag deireadh 2024, mar gheall ar an easnamh níos ísle den chuid is mó.
(23)Beartaítear leis an gClár Cobhsaíochta deireadh a chur de réir a chéile leis na bearta tacaíochta fuinnimh ar fad in 2024. Glacann an Coimisiún leis freisin go ndéanfar bearta tacaíochta fuinnimh a chéimniú amach go hiomlán in 2024. Braitheann sé sin ar an toimhde nach dtiocfaidh aon mhéadú athnuaite ar phraghsanna fuinnimh.
(24)Éilítear le Rialachán (CE) Uimh. 1466/97 ón gComhairle go gcuirfear feabhas bliantúil ar chomhardú struchtúrach an bhuiséid i dtreo an chuspóra mheántéarmaigh, arna shocrú mar thagarmharc ag 0.5 % de OTI. Agus breithnithe inbhuanaitheachta fioscaí á gcur san áireamh, agus an gá atá leis an easnamh a laghdú go dtí faoi bhun 3 % de luach tagartha OTI, bheadh sé iomchuí feabhas a chur ar an gcomhardú struchtúrach de 0.5 % de OTI ar a laghad do 2024. Chun feabhas den sórt sin a áirithiú, níor cheart go rachadh an fás ar ghlanchaiteachas príomhúil arna mhaoiniú go náisiúnta in 2024 thar 3.0 %, mar a léirítear sa mholadh seo. Cuideoidh sé sin freisin leis an bpríomhbhoilsciú a laghdú, rud atá go mór os cionn mheán an limistéir euro, agus a d’fhéadfadh a bheith ina chúis le caillteanais iomaíochais dá mairfeadh an t‑iomaíochas. An tráth céanna, ba cheart deireadh a chur de réir a chéile leis na bearta tacaíochta fuinnimh atá fágtha (a measann an Coimisiún faoi láthair gur 1.0 % de OTI in 2023 iad), agus sin ag brath ar fhorbairtí sa mhargadh fuinnimh agus go dtosóidh sé ó na bearta is lú ar díríodh orthu, agus ba cheart na coigiltis ghaolmhara a úsáid chun an t‑easnamh rialtais a laghdú. Bunaithe ar mheastacháin an Choimisiúin, is é an toradh a bheadh air sin go dtiocfadh fás ar ghlanchaiteachas príomhúil faoi bhun an uasráta fáis atá molta do 2024. Go hachomair, de réir réamh-mheastachán earraigh 2023 an Choimisiúin, níl fás réamh-mheasta an chaiteachais phríomha reatha arna mhaoiniú go náisiúnta in 2023 i gcomhréir leis an moladh ón gComhairle. Dá ndeimhneofaí sin, bheadh fás níos ísle i nglanchaiteachas príomhúil in 2024 iomchuí.
(25)Má ghlactar leis nach bhfuil aon athrú ar bheartais, tá sé beartaithe ag réamhaisnéis earraigh an Choimisiúin 2023 glanchaiteachas príomhúil a mhaoiniú go náisiúnta chun fás ag 1.3 % in 2024, rud atá faoi bhun an ráta fáis atá molta.
(26)De réir na sonraí a bhailíochtaigh Eurostat, thit fiachas ginearálta an rialtais ó 5,5 % de OTI in 2023 go 6,1 % de OTI in 2024. Is léiriú é sin ar infheistíocht níos airde arna maoiniú go náisiúnta agus ar infheistíocht níos airde arna maoiniú ag an Aontas, lena n‑áirítear tríd an tSaoráid Téarnaimh agus Athléimneachta.
(27)Leagtar amach sa Chlár Cobhsaíochta conair fhioscach mheántéarmach go dtí 2026. De réir an chláir, meastar go dtiocfaidh laghdú ar an easnamh rialtais ghinearálta go 2.2 % de OTI in 2025, agus go 0.7 % faoi 2026. Dá bhrí sin, tá sé beartaithe go laghdófar an t‑easnamh rialtais ghinearálta faoi bhun 3 % de OTI faoi 2024 agus go bhfanfaidh sé faoi bhun 3 % de OTI thar thréimhse an chláir. De réir an chláir, táthar ag súil go dtiocfaidh laghdú ar chóimheas fiachais le OTI an rialtais ghinearálta ó 39.7 % ag deireadh 2024 go 38.9 % faoi dheireadh 2026.
(28)Tá ioncam cánach na Laitvia mar sciar den OTI go mór faoi bhun mheán an Aontais, rud a theorannaíonn an maoiniú do sheirbhísí poiblí. Cuireann sé sin teorainn le soláthar seirbhísí poiblí, go háirithe i gcúram sláinte agus cosaint shóisialta. Is beag cáin a ghearrtar ar chaipiteal agus ar mhaoin i gcomparáid le meán an Aontais Eorpaigh agus is féidir leo ioncam ó cháin a mhéadú. Thairis sin, bailíonn an Laitvia ioncam réasúnta íseal ó chánachas saothair in ainneoin rátaí cánach réasúnta ard. Tugann sé sin le fios go bhfuil gá le hiarrachtaí leanúnacha chun comhlíonadh cánach a fheabhsú agus chun dul i ngleic leis an scáthgheilleagar. Tá an bhochtaineacht agus an neamhionannas fós ard, go háirithe mar gheall ar chaiteachas íseal ar chosaint shóisialta. Tá feabhas tagtha ar leordhóthanacht an líontáin sábháilteachta sóisialta, ach tá baol na bochtaineachta nó an eisiaimh shóisialta fós ard, go háirithe do na daoine is leochailí. Tá an baol bochtaineachta nó eisiaimh shóisialta sa tseanaois ar an mbaol is airde san Aontas (45.9 % i gcomparáid le 19.5 % san Aontas in 2021) agus tá sé fós an-ard do dhaoine faoi mhíchumas (41.2 % i gcoinne 29.7 % san Aontas in 2021). Is dúshlán fós é rochtain ar sheirbhísí sóisialta atá bunaithe ar riachtanais aonair agus cáilíocht na seirbhísí sin mar gheall ar ghanntanas agus ualach ard oibre na n‑oibrithe sóisialta chomh maith le héagothromaíochtaí ar fud na mbardas. Tá an córas cúraim fhadtéarmaigh ilroinnte, agus tá dul chun cinn teoranta déanta san aistriú ó chúram institiúideach go cúram baile agus seirbhísí pobalbhunaithe. Tá leordhóthanacht agus infhaighteacht tithíochta sóisialta teoranta mar gheall ar mhaoiniú fadtéarmach neamhleor. Tá an caiteachas poiblí ar chúram sláinte mar sciar de OTI íseal i gcomparáid le meán an Aontais, agus tá súil leis go dtiocfaidh laghdú air sna pleananna buiséadacha meántéarmacha, go háirithe ó 5.6 % de OTI in 2022 go 3.6 % in 2026 de réir Chlár Cobhsaíochta 2023. Tá sé sin go mór faoi bhun an mhaoinithe phoiblí is gá le haghaidh cúram sláinte, arb ionann é agus 6 % de OTI faoi 2027, mar a léirítear sna Treoirlínte maidir leis an mBeartas Sláinte Poiblí 2021-2027. Cé go bhfuil deireadh á chur de réir a chéile le tacaíocht shealadach ó COVID-19, den chuid is mó, tá pleananna maidir le maoiniú inbhuanaithe an chúraim sláinte in easnamh freisin. Ina theannta sin, tá ganntanas lucht saothair sláinte, go háirithe altraí, os comhair na Laitvia. Mar thoradh air sin, tá rochtain thráthúil chomhionann ar chúram sláinte teoranta.
(29)I gcomhréir le hAirteagal 19(3), pointe (b) de Rialachán (AE) 2021/241 agus le critéar 2.2 d’Iarscríbhinn V a ghabhann leis, áirítear sa phlean téarnaimh agus athléimneachta tacar fairsing athchóirithe agus infheistíochtaí a threisíonn a chéile agus atá le cur chun feidhme faoi 2026. Tá cur chun feidhme phlean téarnaimh agus athléimneachta na Laitvia faoi lán seoil. Tá 1 iarraidh ar íocaíocht curtha isteach ag an Laitvia, a chomhfhreagraíonn do 9 ngarsprioc agus a raibh eisíocaíocht fhoriomlán EUR 201 mhilliún mar thoradh air. Mar thoradh ar imthosca oibiachtúla a bhaineann le méaduithe ar phraghsanna fuinnimh agus ábhar tógála, agus ar shrianta an tslabhra soláthair mar gheall ar ionsaí na Rúise i gcoinne na hÚcráine, tá sé ar intinn ag an Laitvia modhnuithe ar an bplean a chur isteach, chomh maith le caibidil REPowerEU chun dlús a chur le dícharbónú an gheilleagair agus chun spleáchas ar bhreoslaí iontaise a laghdú. Trí chaibidil nua REPowerEU a thabhairt isteach go tapa i bplean athléimneachta agus téarnaimh, féadfar athchóirithe agus infheistíochtaí breise a mhaoiniú chun tacú le cuspóirí straitéiseacha na Laitvia i réimse an fhuinnimh agus an aistrithe ghlais. Ar mhaithe leis an bplean téarnaimh agus athléimneachta a chur chun feidhme go rathúil, sin agus bearta eacnamaíocha agus fostaíochta eile taobh amuigh den phlean, tá sé tábhachtach i gcónaí údaráis áitiúla agus réigiúnacha, comhpháirtithe sóisialta agus páirtithe leasmhara ábhartha eile a bheith rannpháirteach ar bhonn córasach éifeachtach, chun a áirithiú go bhfuil freagracht i leith an chláir oibre beartais fhoriomláin roinnte go forleathan.
(30)D’fhormheas an Coimisiún doiciméid uile chlársceidealaithe bheartas comhtháthaithe na Laitvia in 2022. Tá sé ríthábhachtach go rachfar ar aghaidh le cláir an bheartais chomhtháthaithe a chur chun feidhme go tapa sa chaoi gur comhlánú a bheidh iontu ar an bplean téarnaimh agus athléimneachta agus go mbeidh sineirge ann idir iad féin agus an plean sin, an chaibidil REPowerEU san áireamh, ionas go ndéanfar an t‑aistriú glas agus digiteach a chur i gcrích, go méadófar an athléimneacht eacnamaíoch agus shóisialta, agus go mbeidh forbairt chríochach chothrom ann freisin sa Laitvia.
(31)Seachas na dúshláin eacnamaíocha agus shóisialta a dtugtar aghaidh orthu sa phlean téarnaimh agus athléimneachta, tá roinnt dúshlán breise os comhair na Laitvia, lena n‑áirítear rochtain ar chreidmheas bainc.
(32)B’ionann an sreabhadh creidmheasa ón earnáil phríobháideach agus 1 % de OTI in 2021, rud a bhí go mór faoi bhun ráta fáis an gheilleagair. Is é an toradh atá air sin laghdú breise ar fhiachas na hearnála príobháidí, atá ar na cinn is ísle san AE. Is léiriú é an fás lag sin ar chreidmheas go pointe áirithe ar éileamh lag, ach tá tionchar ag roinnt dúshlán air freisin ó thaobh an tsoláthair de. Tá sé an-deacair ag fiontair bheaga agus mheánmhéide creidmheas a fháil. Is mar gheall ar riosca creidmheasa níos airde a bhaineann leis sin, i bpáirt, ach freisin mar gheall ar chostas ard creidmheasa agus rómhaorlathais. Ina theannta sin, fágann leachtacht lag na sócmhainní atá ar fáil le haghaidh comhthaobhachta, go bhfuil sé thar a bheith deacair creidmheas a fháil lasmuigh de réigiún Ríge. Cruthaíonn sin bacainn shuntasach maidir le hiasachtú morgáistí agus iasachtú do ghnólachtaí. Bhí iarrachtaí beartais dírithe go príomha ar thacú le hiasachtú trí dheontais phoiblí a chur le chéile. Baineann costas suntasach leis sin, áfach, do bhuiséad an rialtais agus, dá bhrí sin, ní bealach inbhuanaithe é chun borradh a chur faoin iasachtú. Chun na srianta ar an soláthar creidmheasa a mhaolú, tá gá le feabhsuithe ginearálta ar thrédhearcacht agus ar mhuinín as an timpeallacht ghnó, lena n‑áirítear laghdú ar mhéid an scáthgheilleagair. Ina theannta sin, dá gcuirfí feabhas ar an bpróiseas dócmhainneachta chun ráta ard athstruchtúrúcháin gnó a bhaint amach agus d’fhéadfadh rátaí téarnaimh iasachtaí níos airde a bheith ann, laghdófaí na rioscaí a bhraitear leis na bainc agus chuirfí borradh faoin iasachtú. D’fhéadfadh scéimeanna iasachta agus ráthaíochta spriocdhírithe cabhrú le laghdú a dhéanamh ar na rioscaí leachtachta a bhíonn ag bainc agus iad ag glacadh comhthaobhachta i margaí atá réasúnta neamhleachtach. D’fhéadfadh scéimeanna iasachtaithe poiblí le haghaidh réimsí infheistíochta a bhfuil tábhacht straitéiseach ag baint leo, amhail an t‑aistriú glas agus an fhorbairt réigiúnach, iomaíocht éifeachtach a mhéadú sa mhargadh baincéireachta nó bearna sa mhargadh a líonadh ina bhfuil maoiniú bainc róchostasach nó nach bhfuil fáil air. Ina theannta sin, cuireann scéimeanna ráthaíochta poiblí agus iasachtaithe bealach i bhfad níos éifeachtúla ó thaobh costais de ar fáil chun tacú le hiasachtaí príobháideacha ná scéimeanna deontais. Chomh maith leis na bacainní ar mhaoiniú na mbanc, tá margadh na Laitvia le haghaidh foinsí airgeadais malartacha tearcfhorbartha agus d”fhéadfadh sé feabhas a chur ar an rochtain atá ag gnólachtaí ar mhaoiniú.
(33)D’áirithigh an Laitvia a neamhspleáchas ar ghás na Rúise tar éis chinneadh na Parlaiminte i mí Iúil 2022 stop a chur le gás nádúrtha na Rúise a cheannach ón 1 Eanáir 2023. Bhí soláthraithe gáis intíre in ann foinsí malartacha gáis nádúrtha a aimsiú a bhuí le hallmhairí gáis nádúrtha leachtaithe(LNG) ó chríochfort Klaipeda LNG na Liotuáine agus ó chríochfort nua GNL na Fionlainne in Inkoo. Léirigh an staid reatha gur gá dlús a chur le leathadh amach mall na suiteálacha chun leictreachas a ghiniúint ó fhoinsí in-athnuaite fuinnimh. Tá ceann de na sciartha is airde d’fhuinneamh in-athnuaite san Aontas ag an Laitvia, cé gur tháinig an sciar sin slán ó 2020 go 2021. Bhainfeadh an Laitvia tairbhe as dlús a chur lena hiarrachtaí maidir le glacadh cumhachta gaoithe agus gréine, arb é an réiteach is inmharthana agus is fadtéarmaí é chun sciar na bhfoinsí in-athnuaite fuinnimh a mhéadú. Áirítear i bplean téarnaimh agus athléimneachta na Laitvia bearta arb é is aidhm dóibh infheistíochtaí príobháideacha i bhfuinneamh gaoithe ar tír mór a éascú. Mar sin féin, d’fhéadfaí iarrachtaí breise a dhéanamh chun dlús a chur le húsáid fuinnimh in-athnuaite chun leictreachas a ghiniúint, a théamh agus a fhuarú. Is éard a bheadh i gceist leis sin an eangach leictreachais a nuachóiriú, giniúint dhíláraithe leictreachais in-athnuaite a chur chun cinn, solúbthacht an chórais chumhachta (freagairt don éileamh agus stóráil), nósanna imeachta deonaithe ceadanna a fheabhsú tuilleadh agus creat dlíthiúil agus dreasachtaí a bhunú chun pobail fuinnimh a chur chun cinn. Dá gcríochnófaí sioncrónú na Laitvia le heangach leictreachais an Aontais, chuirfí leis an acmhainneacht tarchurtha ionas go bhféadfaí sciar méadaitheach d’fhoinsí in-athnuaite amach ón gcósta agus ar tír a chomhtháthú isteach san eangach. Tá gréasán leictreachais na Laitvia, cosúil le gréasán Ballstát Baltach eile, neamhchosanta i gcónaí toisc go bhfuil sé sioncronaithe le heangach cumhachta BRELL (an Bhealarúis, an Rúis, an Eastóin, an Liotuáin agus an Laitvia). Tá dul chun cinn á dhéanamh maidir le sioncrónú réigiúnach na heangaí leictreachais leis an gcuid eile den Aontas, ach ní mór é a thabhairt chun críche fós. Chuige sin, tá gá le comhar leis an Eastóin agus leis an Liotuáin. Tháinig laghdú 30 % ar thomhaltas gáis nádúrtha na Laitvia sa tréimhse idir Lúnasa 2022 agus Márta 2023, i gcomparáid leis an meántomhaltas gáis le linn na tréimhse céanna sna 5 bliana roimhe sin, thar an sprioc laghdaithe 15 %. D’fhéadfadh an Laitvia leanúint de na hiarrachtaí chun an t‑éileamh ar ghás a laghdú go sealadach go dtí an 31 Márta 2024.
(34)Ba cheart don Laitvia dlús a chur lena hiarrachtaí bearta éifeachtúlachta fuinnimh a uas-scálú chun a stoc foirgneamh chomh maith le hiompar agus tionsclaíocht a dhícharbónú agus bearta nua maoinithe agus tacaíochta a chur i bhfeidhm chun spriocanna athchóirithe a straitéise athchóirithe fadtéarmaí a bhaint amach.
(35)Tá scrogaill á gcruthú san aistriú chuig geilleagar glan-nialasach i ngeall ar ghanntanais saothair agus scileanna in earnálacha agus i ngairmeacha atá ríthábhachtach don aistriú glas, lena n‑áirítear monarú, imlonnú agus cothabháil teicneolaíochtaí glan-nialasachta. Chun go laghdófar na ganntanais scileanna agus chun go gcuirfear an cuimsiú sa lucht saothair agus athshannadh an lucht saothair chun cinn, tá sé ríthábhachtach córais oideachais agus oiliúna ar ardchaighdeán a bheith ann a fhreagraíonn d’athruithe ar riachtanais an mhargaidh saothair, chomh maith le bearta spriocdhírithe maidir leis an uas-sciliú agus an t‑athsciliú. Chun leas a bhaint as soláthar saothair nach bhfuil leas á bhaint as go fóill, ní mór na bearta sin a bheith inrochtana, go háirithe i gcás daoine aonair agus i gcás na n‑earnálacha agus na réigiún is mó a ndéanann an t‑aistriú glas difear dóibh. In 2022, tuairiscíodh ganntanas lucht saothair in 25 as 436 ghairm bheatha a raibh scileanna nó eolas sonrach ag teastáil dóibh le haghaidh an aistrithe ghlais, lena n‑áirítear leictreoirí agus innealtóirí meicniúla. Tuairiscíodh na ganntanais lucht saothair mar thoisc a chuir srian ar tháirgeadh i dtionscal agus i dtógáil.
(36)I bhfianaise mheasúnú an Choimisiúin, rinne an Chomhairle scrúdú ar an gClár Cobhsaíochta don bhliain 2022 agus léirítear a tuairim i moladh (1) thíos.
(37)I bhfianaise na n‑idirnasc dlúth idir geilleagair Bhallstáit an limistéir euro agus a rannchuidiú comhchoiteann le feidhmiú an Aontais Eacnamaíoch agus Airgeadais, mhol an Chomhairle go ngníomhódh Ballstáit an limistéir euro, trína bpleananna téarnaimh agus athléimneachta i measc rudaí eile, chun (i) inbhuanaitheacht fiachais a chaomhnú agus staonadh ó thacaíocht leathan a thabhairt don éileamh comhiomlán in 2023, spriocdhíriú níos fearr a dhéanamh maidir leis na bearta fioscacha arna nglacadh chun tionchar na bpraghsanna arda fuinnimh a mhaolú, agus machnamh a dhéanamh ar bhealaí iomchuí chun an tacaíocht a laghdú de réir mar a laghdaíonn an brú i dtaca leis na praghsanna fuinnimh; (ii) infheistíocht phoiblí ard a choinneáil ar bun agus infheistíocht phríobháideach a chur chun cinn chun tacú leis an aistriú glas agus digiteach; (iii) tacú le forbairtí pá a mhaolaíonn an caillteanas ó thaobh cumhacht ceannaigh de agus srian a chur ag an am céanna ar éifeachtaí indíreacha ar an mboilsciú, sin agus tuilleadh feabhais a chur ar bheartais ghníomhacha maidir leis an margadh saothair mar aon le dul i ngleic le ganntanais scileanna; (iv) feabhas a chur ar an timpeallacht ghnó agus a áirithiú go bhfuil an tacaíocht fuinnimh a thugtar do chuideachtaí cost-éifeachtúil, sealadach, agus spriocdhírithe ar ghnólachtaí inmharthana, agus go bhfuil dreasachtaí le haghaidh an aistrithe ghlais ag baint léi i gcónaí; agus (v) cobhsaíocht mhacrairgeadais a chaomhnú agus faireachán a dhéanamh ar rioscaí, agus leanúint ag an am céanna den obair chun an tAontas Baincéireachta a chur i gcrích. I gcás na Laitvia, cuidíonn moltaí (1), (2), (3) agus (4) leis an gcéad, an dara, an tríú agus an ceathrú moladh ón limistéar euro a chur chun feidhme.
AG MOLADH LEIS SEO go ngníomhódh an Laitvia in 2023 agus 2024 chun an méid seo a leanas a dhéanamh:
1.Deireadh a chur leis na bearta tacaíochta fuinnimh atá i bhfeidhm faoi dheireadh 2023, agus úsáid á baint as an gcoigilteas gaolmhar chun easnamh an rialtais a laghdú. Ba cheart go mbeadh gá le bearta tacaíochta chun méaduithe ar phraghsanna fuinnimh a athnuachan, chun a áirithiú go ndíreofar orthu sin ar theaghlaigh agus ar ghnólachtaí leochaileacha a chosaint, inacmhainne go fioscach, agus ar dhreasachtaí le haghaidh coigilteas fuinnimh a chaomhnú.
Beartas fioscach stuama a áirithiú, go háirithe trí theorainn nach mó ná 3.0 % a chur leis an méadú ainmniúil ar ghlanchaiteachas príomhúil arna mhaoiniú go náisiúnta in 2024.
Infheistíocht phoiblí arna maoiniú go náisiúnta a chaomhnú agus a áirithiú go n‑ionsúfar deontais RRF agus cistí eile de chuid an Aontais go héifeachtach, go háirithe chun an t‑aistriú glas agus an t‑aistriú digiteach a chothú.
I gcás na tréimhse tar éis 2024, leanfaidh siad de straitéis fhioscach mheántéarmach a shaothrú maidir le comhdhlúthú inbhuanaithe de réir a chéile, mar aon le hinfheistíochtaí agus athchóirithe atá fabhrach d’fhás inbhuanaithe níos airde, chun staid fhioscach mheántéarmach stuama a bhaint amach.
Cánachas a leathnú, lena n‑áirítear maoin agus caipiteal, agus leordhóthanacht an chúraim sláinte agus na cosanta sóisialta a neartú.
2.Leanúint dá phlean téarnaimh agus athléimneachta a chur chun feidhme go leanúnach agus bailchríoch a chur go pras ar chaibidil REPowerEU d’fhonn tús a chur lena chur chun feidhme go tapa. Leanúint ar aghaidh le cur chun feidhme tapa chláir an bheartais chomhtháthaithe, i ndlúthchomhlántacht agus i sineirgíocht leis an bplean téarnaimh agus athléimneachta.
3.Rochtain ar mhaoiniú a fheabhsú d’fhiontair bheaga agus mheánmhéide trí scéimeanna iasachtaithe phoiblí agus scéimeanna ráthaíochta lena ndírítear ar infheistíochtaí a bhfuil tábhacht straitéiseach ag baint leo a éascú, go háirithe i réimsí an aistrithe ghlais agus na forbartha réigiúnaí.
4.Spleáchas foriomlán ar bhreoslaí iontaise a laghdú trí dhlús a chur le húsáid foinsí in-athnuaite fuinnimh, go háirithe fuinneamh gaoithe ar tír agus amach ón gcósta chomh maith le fuinneamh gréine, agus trí bhearta éifeachtúlachta fuinnimh a neartú, e.g. trí mhaoiniú nua agus trí bhearta tacaíochta chun spriocanna na straitéise athchóirithe fadtéarmaí a bhaint amach. Acmhainn leordhóthanach idirnaisc a áirithiú chun cinnteacht an tsoláthair a mhéadú agus leanúint de shioncrónú le heangach leictreachais an Aontais. Cur leis na hiarrachtaí beartais atá dírithe ar sholáthar agus ar shealbhú na scileanna atá ag teastáil le haghaidh an aistrithe ghlais.
Arna dhéanamh sa Bhruiséil,
Thar ceann na Comhairle
An tUachtarán