|
Iris Oifigiúil |
GA Sraith L |
|
2026/1833 |
22.7.2026 |
CINNEADH (CBES) 2026/1833 ÓN gCOISTE POLAITIÚIL AGUS SLÁNDÁLA
an 14 Iúil 2026
lena gcuirtear síneadh le sainordú Cheann Misin Mhisean Comhairleach an Aontais i bPoblacht na hAfraice Láir (EUAM RCA) (EUAM RCA /1/2026)
TÁ AN COISTE POLAITIÚIL AGUS SLÁNDÁLA,
Ag féachaint don Chonradh ar an Aontas Eorpach, agus go háirithe Airteagal 38, an tríú mír, de,
Ag féachaint do Chinneadh (CBES) 2019/2110 ón gComhairle an 9 Nollaig 2019 maidir le Misean Comhairleach CBSC an Aontais Eorpaigh i bPoblacht na hAfraice Láir (EUAM RCA) (1), agus go háirithe Airteagal 8(1) de,
De bharr an mhéid seo a leanas:
|
(1) |
De bhun Airteagal 8(1) de Chinneadh (CBES) 2019/2110, údaraítear an Coiste Polaitiúil agus Slándála, i gcomhréir le hAirteagal 38, an tríú mír, den Chonradh, na cinntí ábhartha a dhéanamh chun rialú polaitiúil agus treoir straitéiseach Mhisean Comhairleach CBSC an Aontais Eorpaigh i bPoblacht na hAfraice Láir (EUAM RCA) a fheidhmiú, lena n-áirítear an cinneadh Ceann Misin a cheapadh, ar thogra ó Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála (‘an tArdionadaí’). |
|
(2) |
An 27 Lúnasa 2025, ghlac an Coiste Polaitiúil agus Slándála Cinneadh (CBES) 2025/1773 (2), lena gceaptar Gail VAN HOEVER ina Cheann Misin EUAM RCA ón 15 Meán Fómhair 2025 go dtí an 7 Lúnasa 2026. |
|
(3) |
An 30 Meitheamh 2026, mhol Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála síneadh a chur le sainordú Gail VAN HOEVER mar Cheann Misin EUAM RCA ón 8 Lúnasa 2026 go dtí an 7 Samhain 2026. |
|
(4) |
Ba cheart cinneadh a dhéanamh maidir leis an gCeann Misin EUAM RCA ón 8 Lúnasa 2026 go dtí an 7 Samhain 2026 a cheapadh, |
TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
Leis seo, cuirtear síneadh le sainordú Gail VAN HOEVER mar Cheann Misin Mhisean Comhairleach an Aontais Eorpaigh i bPoblacht na hAfraice Láir (EUAM RCA) ón 8 Lúnasa 2026 go dtí an 7 Samhain 2026.
Airteagal 2
Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm ar dháta a ghlactha.
Beidh feidhm aige faoi réir cinneadh a bheith glactha ag an gComhairle lena gcuirtear síneadh le sainordú EUAM RCA tar éis an 7 Lúnasa 2026.
Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 14 Iúil 2026.
Thar ceann an Choiste Pholaitiúil agus Slándála
An Cathaoirleach
L. MANDEL VENSILD
(1) IO L 318, 10.12.2019, lch. 141, ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2019/2110/oj.
(2) Cinneadh (CBES) 2025/1773 ón gCoiste Polaitiúil agus Slándála an 27 Lúnasa 2025 lena gceaptar Ceann Misin Mhisean Comhairleach CBSC an Aontais Eorpaigh i bPoblacht na hAfraice Láir (EUAM RCA) (EUAM RCA/1/2025) (IO L, 2025/1773, 2.9.2025, ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2025/1773/oj).
ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2026/1833/oj
ISSN 1977-0839 (electronic edition)