|
Iris Oifigiúil |
GA Sraith C |
|
C/2025/4093 |
16.7.2025 |
Fógra le haghaidh na ndaoine agus na n-eintiteas atá faoi réir na mbeart sriantach dá bhforáiltear i gCinneadh (CBES) 2023/891 ón gComhairle, arna leasú le Cinneadh (CBES) 2025/1435 ón gComhairle, agus i Rialachán (AE) 2023/888 ón gComhairle, arna chur chun feidhme le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2025/1434 ón gComhairle, a bhaineann le bearta sriantacha i bhfianaise gníomhaíochtaí lena ndéantar Poblacht na Moldóive a dhíchobhsú
(C/2025/4093)
Dírítear aird na ndaoine agus na n-eintiteas atá faoi réir na mbeart sriantach dá bhforáiltear i gCinneadh (CBES) 2023/891 ón gComhairle (1) a bhaineann le bearta sriantacha i bhfianaise gníomhaíochtaí lena ndéantar Poblacht na Moldóive a dhíchobhsú, arna leasú le Cinneadh (CBES) 2025/1435 ón gComhairle (2) agus i Rialachán (AE) 2023/888 ón gComhairle (3) a bhaineann le bearta sriantacha i bhfianaise gníomhaíochtaí lena ndéantar Poblacht na Moldóive a dhíchobhsú, arna chur chun feidhme le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2025/1434 (4) ón gComhairle, ar an bhfaisnéis seo a leanas.
Chinn Comhairle an Aontais Eorpaigh gur cheart na daoine agus na heintitis sin a áireamh ar liosta na ndaoine, na n-eintiteas agus na gcomhlachtaí atá faoi réir bearta sriantacha dá bhforáiltear i gCinneadh (CBES) 2023/891 agus i Rialachán (AE) 2023/888 a bhaineann le bearta sriantacha i bhfianaise gníomhaíochtaí lena ndéantar Poblacht na Moldóive a dhíchobhsú. Tugtar na forais leis na daoine sin agus na heintitis sin a ainmniú sna hiontrálacha ábhartha sna hiarscríbhinní sin.
Cuirtear in iúl do na daoine sin agus don eintiteas sin gur féidir iarratas a dhéanamh chuig údaráis inniúla an Bhallstáit ábhartha nó na mBallstát ábhartha mar a léirítear ar na suíomhanna gréasáin a liostaítear in Iarscríbhinn II a ghabhann le Rialachán (AE) 2023/888, chun údarú a fháil le cistí reoite a úsáid chun freastal ar riachtanais bhunúsacha nó chun íocaíochtaí sonracha a dhéanamh (cf. Airteagal 3 den Rialachán).
Féadfaidh na daoine agus na heintitis lena mbaineann iarraidh ar athbhreithniú an chinnidh iad a áireamh ar an liosta thuasluaite, mar aon le doiciméadacht tacaíochta, a chur faoi bhráid na Comhairle, roimh an 3 Samhain 2025 ag an seoladh seo a leanas:
|
Comhairle an Aontais Eorpaigh |
|
An Ardrúnaíocht |
|
RELEX.1 |
|
Rue de la Loi/Wetstraat 175 |
|
1048 Bruxelles/Brussel |
|
BELGIQUE/BELGIË |
|
ríomhphost: sanctions@consilium.europa.eu |
Cuirtear in iúl do na ndaoine agus do na heintitis lena mbaineann freisin gur féidir an cinneadh ón gComhairle a chonspóid os comhair Chúirt Ghinearálta an Aontais Eorpaigh, i gcomhréir leis na coinníollacha a leagtar síos sa dara mír d’Airteagal 275, agus sa cheathrú agus sa séú mír d’Airteagal 263, den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh.
(1) IO L 114, 2.5.2023, lch. 15.
(2) IO L, 2025/1435, 15.7.2025, ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2025/1435/oj.
(3) IO L 114, 2.5.2023, lch. 1.
(4) IO L, 2025/1434, 15.7.2025, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2025/1434/oj.
ELI: http://data.europa.eu/eli/C/2025/4093/oj
ISSN 1977-107X (electronic edition)