|
28.7.2023 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
C 267/25 |
P9_TA(2023)0021
Iarraidh ar chosaint phribhléidí agus dhíolúintí Helmut Geuking
Cinneadh ó Pharlaimint na hEorpa an 2 Feabhra 2023 maidir le hiarraidh ar chosaint phribhléidí agus dhíolúintí Helmut Geuking (2022/2052(IMM))
(2023/C 267/04)
Tá Parlaimint na hEorpa,
|
— |
ag féachaint don iarraidh ó Helmut Geuking, dar dáta an 11 Bealtaine 2022 agus a fógraíodh sa suí iomlánach an 18 Bealtaine 2022, chun a phribhléidí agus a dhíolúintí a chosaint i ndáil leis na himeachtaí sibhialta atá ar feitheamh os comhair Chúirt Réigiúnach Hamburg (uimhir thagartha 324 O 276/20), |
|
— |
tar éis di éisteacht a thabhairt do Helmut Geuking i gcomhréir le Riail 9(6) dá Rialacha Nós Imeachta, |
|
— |
ag féachaint d’Airteagal 8 de Phrótacal Uimh. 7 ar Phribhléidí agus Díolúintí an Aontais Eorpaigh, agus d’Airteagal 6(2) d’Ionstraim an 20 Meán Fómhair 1976 maidir le toghadh Fheisirí de Pharlaimint na hEorpa trí vótáil chomhchoiteann dhíreach, |
|
— |
ag féachaint do na breithiúnais a thug Cúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh an 21 Deireadh Fómhair 2008, an 19 Márta 2010, an 6 Meán Fómhair 2011, an 17 Eanáir 2013 agus an 19 Nollaig 2019 (1), |
|
— |
ag féachaint do Riail 5(2) agus do Rialacha 7 agus 9 dá Rialacha Nós Imeachta, |
|
— |
ag féachaint don tuarascáil ón gCoiste um Ghnóthaí Dlíthiúla (A9-0013/2023), |
|
A. |
de bhrí gur iarr Helmut Geuking, Feisire de Pharlaimint na hEorpa, go gcosnófaí a dhíolúine pharlaiminteach i ndáil le himeachtaí sibhialta os comhair Chúirt Réigiúnach Hamburg; |
|
B. |
de bhrí go bhfuil cuideachta Ghearmánach, ceann dá fochuideachtaí agus saineolaí ar atheagrúcháin cuideachtaí arna bhfostú ag an bhfochuideachta sin ag déanamh agairt ar Helmut Geuking maidir le faoiseamh urghaire, cúiteamh airgeadaíochta agus damáistí, i ndáil le ráitis a rinne sé in aghaidh na ngearánach ó áitreabh Pharlaimint na hEorpa sa Bhruiséil agus i bhfíseán a foilsíodh ar YouTube agus i nuachtán Gearmánach áitiúil i mí na Bealtaine agus i mí an Mheithimh 2020 faoi seach; de bhrí gur líomhnaíodh, sna ráitis sin, gur cháin Helmut Geuking an chuideachta Ghearmánach as comhdú a dhéanamh ar dhócmhainneacht don fhochuideachta agus as 200 fostaí a leagan as a bpost gan pacáiste téarfa agus, ag an am céanna, foireann peile Ghearmánach a urrú ar mhéid is ionann agus na slánaíochtaí ba cheart, dar leis, a íoc leis na fostaithe a briseadh as a bpost; |
|
C. |
de bhrí, idir an dá linn, gur scrios Helmut Geuking an ráiteas físe; |
|
D. |
de bhrí go gcumhdaítear freisin leis an díolúine ó imeachtaí dlíthiúla a theachtann Feisirí de Pharlaimint na hEorpa díolúine ó imeachtaí sibhialta; |
|
E. |
de bhrí, chun bheith éifeachtach, nach mór don chosaint sin an t-iarratas ar fhaoiseamh eatramhach agus na príomhimeachtaí araon a chumhdach; |
|
F. |
de bhrí go bhfuil sé de lánrogha ag an bParlaimint maidir leis an treo is mian léi a thabhairt do chinneadh tar éis iarraidh a fháil óna Feisire díolúine a chosaint (2); |
|
G. |
de bhrí go bhforáiltear in Airteagal 8 den Phrótacal (Uimh. 7) ar Phribhléidí agus Díolúintí an Aontais Eorpaigh nach mbeidh Feisirí Pharlaimint na hEorpa inchurtha faoi aon saghas fiosrúcháin, coinneála ná imeachtaí dlíthiúla i leith tuairimí a thug siad nó vótaí a chaith siad ag comhlíonadh a ndualgas dóibh; |
|
H. |
de bhrí go ndearnadh na ráitis a rinne Helmut Geuking go soiléir ina cháil mar Chomhalta iomlán den Choiste um Fhostaíocht agus um Ghnóthaí Sóisialta de Pharlaimint na hEorpa, arb é an coiste atá freagrach as an mbeartas fostaíochta agus gach gné den bheartas sóisialta lena n-áirítear dálaí oibre, slándáil shóisialta, cuimsiú sóisialta agus cosaint shóisialta agus cearta oibrithe (inter alia) agus de bhrí gur léir, dá bhrí sin, go ndearnadh na ráitis sin i gcomhthéacs fheidhmiú a shainordaithe mar Fheisire de Pharlaimint na hEorpa; |
|
I. |
de bhrí, thairis sin, sa chás sin, gurb ionann méid na ndamáistí arna n-éileamh ag na gearánaigh, lena n-áirítear urghaire toirmisc, damáistí agus cúiteamh airgeadaíochta, agus EUR 620 000 agus, dá bhrí sin, go ndealraíonn sé gurb ionann iad agus ‘damáistí pionósacha’, i.e. go bhfuil an méid a iarradh ceaptha go príomha mar dhíspreagadh in aghaidh athdhéanamh an ráitis ag Helmut Geuking agus chun cosc a chur ar aithriseoirí ionchasacha ráitis chomhchosúla a dhéanamh; de bhrí gur scrios Helmut Geuking an ráiteas físe go pras; de bhrí go raibh, thairis sin, tráth a rinne Helmut Geuking na ráitis, díospóireacht phoiblí á déanamh cheana féin trí thuarascálacha éagsúla sna meáin, agus gur dhealraigh sé nach raibh na hiarratasóirí sna himeachtaí sibhialta ag tabhairt freagra do na tuarascálacha sin; |
|
J. |
de bhrí gurb é is cuspóir do dhíolúine pharlaiminteach ná Parlaimint na hEorpa agus a Feisirí a chosaint ar imeachtaí dlíthiúla a bhaineann le gníomhaíochtaí a dhéantar agus dualgais pharlaiminteacha á gcomhlíonadh agus nach féidir a scaradh ó na dualgais sin; |
|
K. |
de bhrí, de bhun Riail 5 dá Rialacha Nós Imeachta, go ngníomhóidh an Pharlaimint, i bhfeidhmiú a cumhachtaí i ndáil le pribhléidí agus díolúintí, chun a hiomláine mar thionól reachtach daonlathach a chaomhnú agus chun neamhspleáchas a Feisirí a áirithiú le linn dóibh a gcuid dualgas a chomhlíonadh; |
1.
ag cinneadh pribhléidí agus díolúintí Helmut Geuking a chosaint;
2.
á threorú dá hUachtarán an cinneadh seo agus tuarascáil a coiste fhreagraigh a chur ar aghaidh chuig údaráis inniúla na Gearmáine agus chuig Helmut Geuking.
(1) Breithiúnas ón gCúirt Bhreithiúnais an 21 Deireadh Fómhair 2008, Marra v De Gregorio agus Clemente, C-200/07 agus C-201/07, ECLI:EU:C:2008:579; breithiúnas ón gCúirt Ghinearálta an 19 Márta 2010, Gollnisch v an Pharlaimint, T-42/06, ECLI:EU:T:2010:102; breithiúnas ón gCúirt Bhreithiúnais an 6 Meán Fómhair 2011, Patriciello, C-163/10, ECLI: EU:C:2011:543; breithiúnas ón gCúirt Ghinearálta an 17 Eanáir 2013, Gollnisch v an Pharlaimint, T-346/11 agus T-347/11, ECLI:EU:T:2013:23; breithiúnas ón gCúirt Bhreithiúnais an 19 Nollaig 2019, Junqueras Vies, C-502/19, ECLI:EU:C:2019:1115.
(2) Cás T-42/06, Gollnisch v an Pharlaimint, a luaitear thuas, mír 101.