An Bhruiséil,28.10.2026

COM(2026) 586 final

IARSCRÍBHINN

a ghabhann le

Togra le haghaidh

CINNEADH ÓN gCOMHAIRLE

maidir leis an seasamh atá le glacadh, thar ceann an Aontais Eorpaigh, i gComhchoiste LEE maidir le leasú ar Iarscríbhinn IV (Fuinneamh) agus Iarscríbhinn XXI (Staidreamh) a ghabhann le Comhaontú LEE









(staidreamh i dtaca le fuinneamh)


IARSCRÍBHINN

DRÉACHTCHINNEADH …/… Ó CHOMHCHOISTE LEE

Uimh. 

an

lena leasaítear Iarscríbhinn IV (Fuinneamh) agus Iarscríbhinn XXI (Staidreamh) a ghabhann le Comhaontú LEE

TÁ COMHCHOISTE LEE,

Ag féachaint don Chomhaontú ar an Limistéar Eorpach Eacnamaíoch (‘Comhaontú LEE’), agus go háirithe Airteagal 98 de,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)Rialachán (AE) 2016/1952 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 26 Deireadh Fómhair 2016 maidir le staidreamh Eorpach i ndáil le praghsanna gáis nádúrtha agus leictreachais agus lena n-aisghairtear Treoir 2008/92/CE 1 , tá sé le hionchorprú i gComhaontú LEE.

(2)Le Rialachán (AE) 2016/1952, aisghairtear Treoir 2008/92/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle 2 , atá ionchorpraithe i gComhaontú LEE agus atá le haisghairm, dá réir sin, faoi Chomhaontú LEE.

(3)Dá bhrí sin, ba cheart Iarscríbhinní IV agus XXI a ghabhann le Comhaontú LEE a leasú dá réir,

TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Scriostar pointe 7 (Treoir 2008/92/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle) d’Iarscríbhinn IV a ghabhann le Comhaontú LEE.

Airteagal 2

In ionad phointe 26 (Treoir 2008/92/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle) d’Iarscríbhinn XXI a ghabhann le Comhaontú LEE, cuirtear an méid seo a leanas:

‘32016 R 1952: Rialachán (AE) 2016/1952 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 26 Deireadh Fómhair 2016 maidir le staidreamh Eorpach i ndáil le praghsanna gáis nádúrtha agus leictreachais agus lena n-aisghairtear Treoir 2008/92/CE (IO L 311, 17.11.2016, lch. 1).

Chun críocha an Chomhaontaithe seo, tá forálacha an Rialacháin oiriúnaithe mar a leanas:

(a)In Airteagal 9(2), cuirfear isteach na focail ‘, nó, a mhéid a bhaineann le Stáit CSTE, laistigh de thrí mhí ó theacht i bhfeidhm Chinneadh Uimh. …/... ó Chomhchoiste LEE an ... [an Cinneadh seo]’ i ndiaidh na bhfocal ‘faoi mhí Lúnasa 2017’.

(b)Díolmhófar an Íoslainn agus an Iorua ó tharchur na sonraí a cheanglaítear in Iarscríbhinn I.

(c)Díolmhófar Lichtinstéin ó tharchur na sonraí praghais fuinnimh le haghaidh na mbandaí tomhaltais seo a leanas i gcás na gcustaiméirí neamhtheaghlaigh:

a.Le haghaidh leictreachais: IA, IB, ID, IE, IF agus IG.

b.Le haghaidh gás nádúrtha: I1, I2, I4 I5 agus I6.’

Airteagal 2

Is téacs barántúil a bheidh i dtéacs Rialachán Tarmligthe (AE) 2016/1952 san Íoslainnis agus san Ioruais, téacs atá le foilsiú i bhForlíonadh LEE d’Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Airteagal 3

Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm an […], ar choinníoll go mbeidh na fógraí uile dá bhforáiltear faoi Airteagal 103(1) de Chomhaontú LEE tugtha 3*.

Airteagal 4

Foilseofar an Cinneadh seo i Roinn LEE, agus i bhForlíonadh LEE, d’Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

   Thar ceann Chomhchoiste LEE

   An tUachtarán
   
   
   
   The Secretaries
   Chomhchoiste LEE
   

(1)    IO L 311, 17.11.2016, lch. 1.
(2)    IO L 298, 7.11.2008, lch. 9.
(3) *    [Ní shonraítear aon cheanglas bunreachtúil.] [Sonraítear ceanglais bhunreachtúla.]