An Bhruiséil,28.10.2026

COM(2026) 586 final

2026/0334(NLE)

Togra le haghaidh

CINNEADH ÓN gCOMHAIRLE

maidir leis an seasamh atá le glacadh, thar ceann an Aontais Eorpaigh, i gComhchoiste LEE maidir le leasú ar Iarscríbhinn IV (Fuinneamh) agus Iarscríbhinn XXI (Staidreamh) a ghabhann le Comhaontú LEE

(staidreamh i dtaca le fuinneamh)

(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)


MEABHRÁN MÍNIÚCHÁIN

1.Ábhar an togra

Baineann an togra seo leis an gcinneadh lena mbunaítear an seasamh atá le glacadh thar ceann an Aontais i gComhchoiste LEE i dtaca leis an gCinneadh ó Chomhchoiste LEE a bhfuil sé beartaithe a ghlacadh a bhaineann le leasú ar Iarscríbhinn IV (Fuinneamh) agus Iarscríbhinn XXI (Staidreamh) a ghabhann le Comhaontú LEE.

2.Comhthéacs an togra

2.1.Comhaontú LEE

Leis an gComhaontú maidir leis an Limistéar Eorpach Eacnamaíoch (‘Comhaontú LEE’) ráthaítear cearta agus oibleagáidí comhionanna laistigh den Mhargadh Inmheánach do shaoránaigh agus oibreoirí eacnamaíocha in LEE. Déantar foráil ann maidir le cuimsiú reachtaíochta de chuid an Aontais lena gcumhdaítear na ceithre shaoirse ar fud na 30 Stát in LEE, mar atá Ballstáit an Aontais, an Iorua, an Íoslainn agus Lichtinstéin. Ina theannta sin, cumhdaítear le Comhaontú LEE comhar i réimsí tábhachtacha eile amhail taighde agus forbairt, oideachas, beartais shóisialta, an comhshaol, cosaint tomhaltóirí, turasóireacht agus cultúr, réimsí a dtugtar beartais ‘tionlacain agus chothrománacha’ orthu i dteannta a chéile. Tháinig Comhaontú LEE i bhfeidhm an 1 Eanáir 1994. Is páirtí i gComhaontú LEE é an tAontas in éineacht lena Bhallstáit.

2.2.Comhchoiste LEE

Tá Comhchoiste LEE freagrach as Comhaontú LEE a bhainistiú. Is fóram é chun tuairimí a bhaineann le feidhmiú Chomhaontú LEE a mhalartú. Is de chomhthoil a dhéanann sé a chuid cinntí agus tá na cinntí sin ina gceangal ar na Páirtithe. Is í Ardrúnaíocht an Choimisiúin Eorpaigh atá freagrach as ceisteanna a bhaineann le LEE a chomhordú ar thaobh an Aontais.

2.3.An gníomh ó Chomhchoiste LEE atá beartaithe

Tá coinne leis go nglacfaidh Comhchoiste LEE Cinneadh ó Chomhchoiste LEE (‘an gníomh atá beartaithe’) i dtaca le leasú ar Iarscríbhinn IV (Fuinneamh) agus Iarscríbhinn XXI (Staidreamh) a ghabhann le Comhaontú LEE.

Is éard is cuspóir don ghníomh atá beartaithe Rialachán (AE) 2016/1952 maidir le staidreamh Eorpach i ndáil le praghsanna gáis nádúrtha agus leictreachais agus lena n-aisghairtear Treoir 2008/92/CE 1 a ionchorprú i gComhaontú LEE. Ós rud é go bhfuil Treoir 2008/92/CE cuimsithe cheana i gComhaontú LEE, is gá, dá bhrí sin, í a aisghairm faoi Chomhaontú LEE.

Beidh an gníomh atá beartaithe ina cheangal ar na páirtithe i gcomhréir le hAirteagail 103 agus 104 de Chomhaontú LEE.

3.An seasamh atá le glacadh thar ceann an Aontais

Cuireann an Coimisiún an dréacht‑Chinneadh ó Chomhchoiste LEE atá i gceangal leis seo faoi bhráid na Comhairle lena ghlacadh mar sheasamh an Aontais. Nuair a ghlacfar é, ba cheart an seasamh a chur i láthair a luaithe is féidir i gComhchoiste LEE.

Leis an dréacht-Chinneadh ó Chomhchoiste LEE atá i gceangal leis seo, tugtar isteach oiriúnuithe nach oiriúnuithe de chineál teicniúil amháin iad agus a ceapadh chun bunús na n-oibleagáidí tuairiscithe a athrú, rud a théann thar na nithe a bhféadfaí a mheas nach bhfuil iontu ach oiriúnuithe teicniúla de réir bhrí Rialachán (CE) Uimh. 2894/94 ón gComhairle 2 . Dá bhrí sin, is í an Chomhairle a leagfaidh síos seasamh an Aontais.

4.Bunús dlí

4.1.Bunús dlí don nós imeachta

4.1.1.Prionsabail

In Airteagal 218(9) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (CFAE) déantar foráil maidir le cinntí lena mbunaítear ‘na seasaimh a ghlacfar thar ceann an Aontais i gcomhlacht arna chur ar bun le comhaontú, nuair a iarrtar ar an gcomhlacht sin gníomhartha a ghlacadh a bhfuil éifeachtaí dlíthiúla leo, seachas gníomhartha lena bhforlíonfar nó lena leasófar creat institiúideach an chomhaontaithe.’

Thairis sin, cuimsítear sa choincheap ‘gníomhartha a bhfuil éifeachtaí dlíthiúla leo’ gníomhartha a bhfuil éifeachtaí dlíthiúla leo de bhua na rialacha de chuid an dlí idirnáisiúnta lena rialaítear an comhlacht atá i gceist. Cuimsítear ann freisin ionstraimí nach bhfuil éifeacht cheangailteach leo faoin dlí idirnáisiúnta, ach a d’fhéadfadh ‘tionchar cinntitheach a imirt ar inneachar na reachtaíochta a ghlacfaidh reachtóir an Aontais Eorpaigh’ 3 .

4.1.2.Feidhm maidir leis an gcás seo

Is comhlacht é Comhchoiste LEE a cuireadh ar bun le comhaontú, is é sin, Comhaontú LEE. An gníomh a iarrtar ar Chomhchoiste LEE a ghlacadh, is gníomh é a bhfuil éifeachtaí dlíthiúla leis. Beidh an gníomh atá beartaithe ceangailteach faoin dlí idirnáisiúnta i gcomhréir le hAirteagail 103 agus 104 de Chomhaontú LEE.

Leis an ngníomh atá beartaithe, ní dhéantar creat institiúideach an Chomhaontaithe a fhorlíonadh ná a leasú. Dá bhrí sin, is é Airteagal 218(9) CFAE i gcomhar le hAirteagal 1(3) de Rialachán (CE) Uimh. 2894/94 ón gComhairle bunús dlí nós imeachta an chinnidh atá beartaithe.

4.2.Bunús dlí substainteach

4.2.1.Prionsabail

An bunús dlí substainteach maidir le cinneadh faoi Airteagal 218(9) CFAE i gcomhar le hAirteagal 1(3) de Rialachán (CE) Uimh. 2894/94 ón gComhairle, braitheann sé go príomha ar bhunús dlí substainteach an ghnímh dlí de chuid an Aontais atá le hionchorprú i gComhaontú LEE.

Má shaothraítear dhá aidhm leis an ngníomh atá beartaithe nó má tá dhá chomhpháirt ann agus más féidir a shainaithint gur príomhaidhm nó príomh-chomhpháirt atá i gceann de na haidhmeanna nó de na comhpháirteanna sin, agus gan sa cheann eile ach aidhm nó comhpháirt theagmhasach, ní mór an cinneadh faoi Airteagal 218(9) CFAE a bhunú ar bhunús dlí substainteach aonair, is é sin an bunús dlí a cheanglaítear leis an bpríomhaidhm nó leis an bpríomh-chomhpháirt.

4.2.2.Feidhm maidir leis an gcás seo

Ós rud é go ndéantar Rialachán (AE) 2016/1952 a ionchorprú i gComhaontú LEE leis an gCinneadh ón gComhchoiste, is iomchuí an cinneadh seo ón gComhairle a bhunú ar an mbunús dlí substainteach céanna agus atá ag an ngníomh atá á ionchorprú. Dá bhrí sin, is é Airteagal 338 CFAE bunús dlí substainteach an chinnidh atá beartaithe.

4.3.Conclúid

Is é an bunús dlí ba cheart a bheith leis an gcinneadh atá beartaithe Airteagal 338 CFAE, i gcomhar le hAirteagal 218(9) CFAE agus Airteagal 1(3) de Rialachán (CE) Uimh. 2894/94 ón gComhairle.

5.Foilsiú an ghnímh atá beartaithe

Ós rud é go leasófar Iarscríbhinn IV (Fuinneamh) agus Iarscríbhinn XXI (Staidreamh) a ghabhann le Comhaontú LEE leis an ngníomh ó Chomhchoiste LEE, is iomchuí é a fhoilsiú in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh tar éis a ghlactha.

2026/0334 (NLE)

Togra le haghaidh

CINNEADH ÓN gCOMHAIRLE

maidir leis an seasamh atá le glacadh, thar ceann an Aontais Eorpaigh, i gComhchoiste LEE maidir le leasú ar Iarscríbhinn IV (Fuinneamh) agus Iarscríbhinn XXI (Staidreamh) a ghabhann le Comhaontú LEE

(staidreamh i dtaca le fuinneamh)


(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 338 de, i gcomhar le hAirteagal 218(9) de,

Ag féachaint do Rialachán (CE) Uimh. 2894/94 ón gComhairle an 28 Samhain 1994 maidir le socruithe le haghaidh chur chun feidhme an Chomhaontaithe maidir leis an Limistéar Eorpach Eacnamaíoch 4 , agus go háirithe Airteagal 1(3) de,

Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)Tháinig an Comhaontú maidir leis an Limistéar Eorpach Eacnamaíoch 5 (‘Comhaontú LEE’) i bhfeidhm an 1 Eanáir 1994.

(2)De bhun Airteagal 98 de Chomhaontú LEE, féadfaidh Comhchoiste LEE a chinneadh Iarscríbhinn IV (Fuinneamh) agus Iarscríbhinn XXI (Staidreamh) a ghabhann le Comhaontú LEE, inter alia, a leasú.

(3)Rialachán (AE) 2016/1952 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle 6 , ba cheart é a ionchorprú i gComhaontú LEE.

(4)Dá bhrí sin, ba cheart Iarscríbhinn IV (Fuinneamh) agus Iarscríbhinn XXI (Staidreamh) a ghabhann le Comhaontú LEE a leasú dá réir.

(5)Beidh na gníomhartha atá beartaithe ina gceangal ar na páirtithe i gcomhréir le hAirteagail 103 agus 104 de Chomhaontú LEE.

(6)Dá bhrí sin, is gá an seasamh atá le glacadh i gComhchoiste LEE a shuí maidir le leasú ar Iarscríbhinn XXI (Staidreamh) a ghabhann le Comhaontú LEE,

TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Maidir leis an seasamh atá le glacadh, thar ceann an Aontais, i gComhchoiste LEE i ndáil leis an leasú atá beartaithe ar Iarscríbhinn IV (Fuinneamh) agus Iarscríbhinn XXI (Staidreamh) a ghabhann le Comhaontú LEE, beidh sé bunaithe ar an dréacht‑Chinneadh ó Chomhchoiste LEE atá i gceangal leis an gCinneadh seo.

Airteagal 2

Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm ar dháta a ghlactha.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil,

   Thar ceann na Comhairle

   An tUachtarán

(1)    Rialachán (AE) 2016/1952 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 26 Deireadh Fómhair 2016 maidir le staidreamh Eorpach i ndáil le praghsanna gáis nádúrtha agus leictreachais agus lena n-aisghairtear Treoir 2008/92/CE, IO L 311, 17.11.2016, lch. 1.
(2)    Rialachán (CE) Uimh. 2894/94 ón gComhairle an 28 Samhain 1994 maidir le socruithe le haghaidh chur chun feidhme an Chomhaontaithe maidir leis an Limistéar Eorpach Eacnamaíoch, IO L 305, 30.11.1994, lch. 6.
(3)    Breithiúnas na Cúirte Breithiúnais an 7 Deireadh Fómhair 2014, An Ghearmáin v An Chomhairle, C-399/12, ECLI:EU:C:2014:2258, míreanna 61 go 64.
(4)    IO L 305, 30.11.1994, lch. 6.
(5)    IO L 1, 3.1.1994, lch. 3.
(6)    Rialachán (AE) 2016/1952 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 26 Deireadh Fómhair 2016 maidir le staidreamh Eorpach i ndáil le praghsanna gáis nádúrtha agus leictreachais agus lena n-aisghairtear Treoir 2008/92/CE, IO L 311, 17.11.2016, lch. 1.