|
Iris Oifigiúil |
GA Sraith L |
|
2024/1647 |
1.7.2024 |
CINNEADH (AE) 2024/1647 ÓN gCOMHAIRLE
an 30 Bealtaine 2024
maidir le tabhairt i gcrích, thar ceann an Aontais, an Chomhaontaithe Comhpháirtíochta Eacnamaíche idir an tAontas Eorpach, de pháirt, agus Poblacht na Céinia, Comhalta de Chomhphobal na hAfraice Thoir, den pháirt eile
TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,
Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 207(4), an chéad fhomhír, i gcomhar le hAirteagal 218(6), pointe (a)(v) de,
Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach (1),
Ag féachaint don toiliú ó Pharlaimint na hEorpa (2),
De bharr an mhéid seo a leanas:
|
(1) |
An 12 Meitheamh 2002, d’údaraigh an Chomhairle an Coimisiún tús a chur leis an gcaibidlíocht, thar ceann an Aontais, i leith Comhaontú Comhpháirtíochta Eacnamaíche) le Grúpa Stát na hAfraice, Mhuir Chairib agus an Aigéin Chiúin. |
|
(2) |
Tugadh an chaibidlíocht idir an tAontas agus Stáit Comhpháirtíochta Chomhphobal na hAfraice Thoir (Poblacht na Burúine, Poblacht na Céinia, Poblacht Ruanda, Poblacht Aontaithe na Tansáine, agus Poblacht Uganda) maidir le Comhaontú Comhpháirtíochta Eacnamaíche idir an tAontas Eorpach agus Stáit Comhpháirtíochta Chomhphobal na hAfraice Thoir i gcrích an 14 Deireadh Fómhair 2014 agus cuireadh inisealacha leis an 16 Deireadh Fómhair 2014. |
|
(3) |
Shínigh agus dhaingnigh Poblacht na Céinia (‘an Chéinia’) Comhaontú Comhpháirtíochta Eacnamaíche idir an tAontas Eorpach agus Stáit Comhpháirtíochta Chomhphobal na hAfraice Thoir an 1 Meán Fómhair agus an 28 Meán Fómhair 2016, faoi seach ionas go dtiocfaidh an Comhaontú Comhpháirtíochta Eacnamaíche idir an tAontas Eorpach agus Stáit Comhpháirtíochta Chomhphobal na hAfraice Thoir i bhfeidhm, ní mór do gach comhalta de Chomhphobal na hAfraice Thoir é a shíniú agus a dhaingniú. Go dtí seo, tá síniú agus daingniú an chomhaontuithe ag na comhaltaí eile de Chomhphobal na hAfraice Thoir fós ar feitheamh, rud a chuireann cosc ar an gComhaontú Comhpháirtíochta Eacnamaíche idir an tAontas Eorpach agus Stáit Comhpháirtíochta Chomhphobal na hAfraice Thoir teacht i bhfeidhm. |
|
(4) |
An 19 Nollaig 2019, thug an Chomhairle treoracha caibidlíochta 2002 ón gCoimisiún cothrom le dáta trí chaibidil maidir le trádáil agus forbairt inbhuanaithe a thabhairt i gcrích a áireamh i gcomhaontaithe comhpháirtíochta eacnamaíche. |
|
(5) |
An 27 Feabhra 2021, i gCruinniú Mullaigh Chomhphobal na hAfraice Thoir tugadh cead do comhaltaí aonair de Chomhphobal na hAfraice Thoir dul ar aghaidh le cur chun feidhme déthaobhach an Chomhaontuithe Comhpháirtíochta Eacnamaíche idir an tAontas Eorpach agus Stáit Comhpháirtíochta Chomhphobal na hAfraice Thoir faoi phrionsabal na ‘geoiméadrachta athraitheacha’. An 4 Bealtaine 2021, thug an Chéinia fógra don Choimisiún maidir lena hiarraidh dul chun cinn a dhéanamh sa chiall sin. |
|
(6) |
An 17 Feabhra 2022, shínigh an tAontas agus an Chéinia Ráiteas Comhpháirteach ar imeall an Chruinnithe Mullaigh idir an tAontas Eorpach agus an tAontas Afracach inar comhaontaíodh an chaibidlíocht a chur chun cinn maidir le Comhaontú Comhpháirtíochta Eacnamaíche idir an tAontas agus an Chéinia (‘an Comhaontú’), atá le bheith fós ar oscailt le go n-aontóidh Stáit Comhpháirtithe eile de Chomhphobal na hAfraice Thoir dó. |
|
(7) |
An 24 Bealtaine 2023, tugadh an chaibidlíocht maidir leis an gComhaontú i gcrích. |
|
(8) |
I gcomhréir le Cinneadh (AE) 2023/2853 ón gComhairle (3), síníodh an Comhaontú an 18 Nollaig 2023, faoi réir a thabhairt i gcrích tráth níos déanaí. |
|
(9) |
Ba cheart an Comhaontú a a fhormheas thar ceann an Aontais Eorpaigh, |
TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
Leis seo, déantar an Comhaontú Comhpháirtíochta Eacnamaíche idir an tAontas Eorpach, de pháirt, agus Poblacht na Céinia, Comhalta de Chomhphobal na hAfraice Thoir, den pháirt eile (4) (‘an Comhaontú’) a fhormheas, thar ceann an Aontais.
Airteagal 2
Tabharfaidh Uachtarán na Comhairle, thar ceann an Aontais, an fógra dá bhforáiltear in Airteagal 139(3) den Chomhaontú (5).
Airteagal 3
Ní fhorléireofar aon ní sa Comhaontú mar ní lena dtugtar cearta nó lena bhforchuirtear oibleagáidí is féidir a agairt go díreach os comhair chúirteanna nó bhinsí an Aontais Eorpaigh nó na mBallstát.
Airteagal 4
Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm ar dháta a ghlactha.
Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 30 Bealtaine 2024.
Thar ceann na Comhairle
An tUachtarán
H. LAHBIB
(1) Níor foilsíodh go fóill san Iris Oifigiúil í.
(2) Thug Parlaimint na hEorpa a toiliú ina leith an 29 Feabhra 2024.
(3) Cinneadh (AE) 2023/2853 ón gComhairle an 12 Nollaig 2023 maidir le tabhairt i gcrích, thar ceann an Aontais, an Chomhaontaithe Comhpháirtíochta Eacnamaíche idir an tAontas Eorpach, de pháirt, agus Poblacht na Céinia, Comhalta de Chomhphobal na hAfraice Thoir, den pháirt eile (IO L, 2023/2853, 19.12.2023, ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2023/2853/oj).
(4) Foilsíodh téacs an Chomhaontaithe in IO L, 2024/1648, 1.7.2024, ELI: http://data.europa.eu/eli/agree_internation/2024/1648/oj.
(5) Déanfaidh Ardrúnaíocht na Comhairle dáta theacht i bhfeidhm an Chomhaontaithe a fhoilsiú in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2024/1647/oj
ISSN 1977-0839 (electronic edition)