AN COIMISIÚN EORPACH
An Bhruiséil,1.3.2022
JOIN(2022) 32 final/2 DOWNGRADED on 14.3.2023
2022/0067(NLE)
Togra comhpháirteach le haghaidh
RIALACHÁN ÓN gCOMHAIRLE
lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 833/2014 ón gComhairle a bhaineann le bearta sriantacha i bhfianaise ghníomhaíochtaí na Rúise i ndíchobhsú staid na hÚcráine
E
2022/0067 (NLE)
Togra comhpháirteach le haghaidh
RIALACHÁN ÓN gCOMHAIRLE
lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 833/2014 ón gComhairle a bhaineann le bearta sriantacha i bhfianaise ghníomhaíochtaí na Rúise i ndíchobhsú staid na hÚcráine
TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,
Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 215 de,
Ag féachaint do Chinneadh (CBES) 2022/XXX an XX Feabhra 2022 lena leasaítear Cinneadh 2014/512/CBES a bhaineann le bearta sriantacha i bhfianaise ghníomhaíochtaí na Rúise i ndíchobhsú staid na hÚcráine,
Ag féachaint don togra comhpháirteach ó Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála agus ón gCoimisiún Eorpach,
De bharr an mhéid seo a leanas:
(1)An 31 Iúil 2014, ghlac an Chomhairle Rialachán (AE) Uimh. 833/2014 a bhaineann le bearta sriantacha i bhfianaise ghníomhaíochtaí na Rúise i ndíchobhsú staid na hÚcráine.
(2)Tugtar éifeacht le Rialachán (AE) Uimh. 833/2014 do bhearta áirithe dá bhforáiltear i gCinneadh 2014/512/CBES ón gComhairle.
(3)An [DÁTA], ghlac an Chomhairle Cinneadh (CBES) 2022/XXX lena leasaítear Cinneadh 2014/512/CBES agus lena bhforchuirtear bearta sriantacha breise maidir le soláthar seirbhísí teachtaireachtaí airgeadais d’institiúidí creidmheasa áirithe de chuid na Rúise agus a bhfochuideachtaí Rúiseacha agus, faoi réir eisceachtaí áirithe, an rannpháirtíocht le Ciste Infheistíochta Dírí na Rúise. Cuirtear toirmeasc leis freisin, faoi réir eisceachtaí áirithe, ar sholáthar nótaí bainc euro don Rúis.
(4)Tagann na bearta sin faoi raon feidhme an Chonartha agus, dá bhrí sin, go háirithe d’fhonn a áirithiú go gcuirfear i bhfeidhm iad go haonfhoirmeach i ngach Ballstát, tá gá le gníomhaíocht rialála ar leibhéal an Aontais.
(5)Ba cheart, dá bhrí sin, Rialachán (AE) Uimh. 833/2014 a leasú dá réir.
TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
Leasaítear Rialachán (AE) 833/2014 mar a leanas:
(1)Cuirtear míreanna 3 agus 4 le hAirteagal 2e:
3.‘Beidh toirmeasc ar infheistíocht a dhéanamh i dtionscadail arna gcómhaoiniú ag Ciste Infheistíochta Dírí na Rúise, ar bheith páirteach iontu nó ar rannchuidiú leo ar bhealach eile.
4.De mhaolú ar mhír 3, féadfaidh na húdaráis inniúla, faoi choinníollacha a mheasann siad a bheith iomchuí, údarú a thabhairt infheistíocht a dhéanamh i dtionscadail arna gcómhaoiniú ag Ciste Infheistíochta Dírí na Rúise, a bheith páirteach iontu nó rannchuidiú leo, tar éis do na húdaráis sin a chinneadh go bhfuil an infheistíocht, rannpháirtíocht nó rannchuidiú sin dlite faoi chonarthaí a tugadh i gcrích roimh [dháta theacht i bhfeidhm an Rialacháin] nó faoi chonarthaí coimhdeacha atá riachtanach chun conarthaí den sórt sin a fhorghníomhú.’
(2)Cuirtear na hAirteagail seo a leanas isteach:
‘Airteagal 5h
Amhail ón [10 lá tar éis theacht i bhfeidhm an Rialacháin], beidh toirmeasc ar sheirbhísí teachtaireachtaí airgeadais speisialaithe, a úsáidtear chun sonraí airgeadais a mhalartú, a sholáthar do na daoine dlítheanacha, na heintitis nó na comhlachtaí a liostaítear in Iarscríbhinn XIV nó d’aon duine dlítheanach, eintiteas nó comhlacht arna bhunú sa Rúis a bhfuil 50 % nó níos mó dá chearta dílseánaigh faoi úinéireacht dhíreach nó indíreach ag eintiteas a liostaítear in Iarscríbhinn XIV.
Airteagal 5i
1.Beidh toirmeasc ar nótaí bainc arna sloinneadh in euro a dhíol, a sholáthar, a aistriú nó a onnmhairiú chuig an Rúis nó chuig aon duine nádúrtha nó dlítheanach, aon eintiteas nó comhlacht sa Rúis, lena n‑áirítear rialtas agus Banc Ceannais na Rúise, nó lena n‑úsáid sa Rúis.
2.Ní bheidh feidhm ag an toirmeasc i mír 1 maidir le díol, soláthar, aistriú nó onnmhairiú nótaí bainc arna sloinneadh in euro ar choinníoll gur gá an díol, an soláthar, an t‑aistriú nó an t‑onnmhairiú sin le haghaidh an mhéid seo a leanas:
(a)úsáid phearsanta ag daoine nádúrtha atá ag taisteal chun na Rúise nó daoine dá neasteaghlach atá ag taisteal ina dteannta; nó
(b)cuspóirí oifigiúla misean taidhleoireachta, post consalach nó eagraíochtaí idirnáisiúnta sa Rúis a bhfuil díolúintí acu i gcomhréir leis an dlí idirnáisiúnta.
(3)Cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 12:
‘Airteagal 12
Toirmeascfar páirt a ghlacadh, go feasach agus d’aon ghnó, i ngníomhaíochtaí arb é is cuspóir dóibh nó is éifeacht leo dul timpeall ar thoirmisc sa Rialachán seo, lena n‑áirítear dul timpeall ar thoirmisc trí ghníomhú in ionad daoine nádúrtha nó dlítheanacha, eintiteas nó comhlachtaí dá dtagraítear in Airteagail 2e(3), 5, 5a, 5b, 5e, 5f, 5h agus 5i nó trí ghníomhú chun a dtairbhe trí úsáid na n‑eisceachtaí in Airteagail 2e(4), 5(6), 5a(2), 5b(2), 5e(2). 5f(2) nó 5i(2).’
(4)Cuirtear isteach Iarscríbhinn XIV i gcomhréir leis an Iarscríbhinn a ghabhann leis an Rialachán seo.
Airteagal 2
Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.
Arna dhéanamh sa Bhruiséil,
Thar ceann na Comhairle
An tUachtarán