European flag

Iris Oifigiúil
an Aontais Eorpaigh

GA

Sraith L


2025/2465

3.12.2025

CINNEADH (AE) 2025/2465 ÓN gCOMHAIRLE

an 24 Samhain 2025

maidir le síniú, thar ceann an Aontais Eorpaigh, an Chomhaontaithe maidir le Trádáil Digiteach idir an tAontas Eorpach agus Poblacht na Cóiré

TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 207(4), an chéad fhomhír, i gcomhar le hAirteagal 218(5) de,

Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

An 27 Meitheamh 2023, d’údaraigh an Chomhairle an Coimisiún tús a chur le caibidlíocht le Poblacht na Cóiré le haghaidh comhaontú maidir le disciplíní trádála digití.

(2)

An 10 Márta 2025, thug an Coimisiún an chaibidlíocht le haghaidh an Chomhaontaithe maidir le Trádáil Digiteach idir an tAontas Eorpach agus Poblacht na Cóiré (‘an Comhaontú’) i gcrích go rathúil thar ceann an Aontais.

(3)

Dá bhrí sin, ba cheart an Comhaontú a shíniú.

(4)

Chuathas i gcomhairle leis an Maoirseoir Eorpach ar Chosaint Sonraí i gcomhréir le hAirteagal 42(1) de Rialachán (AE) 2018/1725 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (1) agus thug sé a thuairim uaidh an 3 Samhain 2025,

TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Leis seo, déantar síniú an Chomhaontaithe maidir le Trádáil Digiteach idir an tAontas Eorpach agus Poblacht na Cóiré (‘an Comhaontú’) a údarú, thar ceann an Aontais, faoi réir thabhairt i gcrích an Chomhaontaithe sin (2).

Airteagal 2

Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm ar dháta a ghlactha.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 24 Samhain 2025.

Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán

L. LØKKE RASMUSSEN


(1)  Rialachán (AE) 2018/1725 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Deireadh Fómhair 2018 maidir le daoine nádúrtha a chosaint i ndáil le sonraí pearsanta a phróiseáil ag institiúidí, comhlachtaí, oifigí agus gníomhaireachtaí an Aontais agus maidir le saorghluaiseacht sonraí den sórt sin, agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 45/2001 agus Cinneadh Uimh. 1247/2002/CE (IO L 295, 21.11.2018, lch. 39, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2018/1725/oj).

(2)  Foilseofar téacs an Chomhaontaithe in éineacht leis an gcinneadh maidir lena thabhairt i gcrích.


ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2025/2465/oj

ISSN 1977-0839 (electronic edition)