18.3.2022   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L 91/1


CINNEADH (AE) 2022/449 ÓN gCOMHAIRLE

an 17 Márta 2022

maidir le síniú, thar ceann an Aontais, agus cur i bhfeidhm sealadach an Chomhaontaithe idir an tAontas Eorpach agus Poblacht na Moldóive maidir le gníomhaíochtaí oibríochtúla arna ndéanamh ag an nGníomhaireacht Eorpach um an nGarda Teorann agus Cósta i bPoblacht na Moldóive

TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 77(2)(b) agus (d) agus Airteagal 79(2)(c), i gcomhar le hAirteagal 218(5) de,

Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

I gcúinsí ina gceanglaítear foirne bainistithe teorann a imscaradh ó bhuanchór de chuid an Gharda Teorann agus Cósta Eorpaigh chuig tríú tír ina bhfeidhmeoidh baill na bhfoirne cumhachtaí feidhmiúcháin, le hAirteagal 73(3) de Rialachán (AE) 2019/1896 (1) iarrtar go dtabharfaidh an tAontas comhaontú stádais i gcrích leis an tríú tír lena mbaineann ar bhonn Airteagal 218 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh.

(2)

Ar an 14 Márta 2022 (2), thug an Chomhairle údarás don Choimisiún tús a chur leis an gcaibidlíocht le Poblacht na Moldóive chun teacht ar chomhaontú maidir le gníomhaíochtaí oibríochtúla arna ndéanamh ag an nGníomhaireacht Eorpach um an nGarda Teorann agus Cósta i bPoblacht na Moldóive (‘an Comhaontú’).

(3)

Tugadh an chaibidlíocht chun críche go rathúil nuair a cuireadh inisealacha leis an gComhaontú.

(4)

Is é atá sa Chinneadh seo forbairt ar fhorálacha acquis Schengen nach bhfuil Éire rannpháirteach iontu, i gcomhréir le Cinneadh 2002/192/CE ón gComhairle (3); dá bhrí sin, níl Éire rannpháirteach i nglacadh an Chinnidh seo agus níl sí faoi cheangal aige ná faoi réir a chur i bhfeidhm.

(5)

I gcomhréir le hAirteagail 1 agus 2 de Phrótacal Uimh. 22 maidir le seasamh na Danmhairge, atá i gceangal leis an gConradh ar an Aontas Eorpach agus leis an gConradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, níl an Danmhairg rannpháirteach i nglacadh an Chinnidh seo, ná níl sí faoi cheangal aige ná faoi réir a chur i bhfeidhm. Ós rud é go gcuireann an Cinneadh seo le acquis Schengen, cinnfidh an Danmhairg, i gcomhréir le hAirteagal 4 den Phrótacal sin, laistigh de thréimhse 6 mhí tar éis don Chomhairle an Cinneadh seo a ghlacadh, an gcuirfidh sí chun feidhme ina dlí náisiúnta é.

(6)

Ba cheart an Comhaontú a shíniú, agus an Dearbhú Comhpháirteach atá i gceangal leis maidir leis an Íoslainn, an Iorua, an Eilvéis agus Lichtinstéin a fhormheas, thar ceann an Aontais.

(7)

D‘fhonn a áirithiú go bhféadfar buanchór de chuid an Gharda Teorann agus Cósta Eorpaigh a imscaradh go práinneach ar chríoch Phoblacht na Moldóive d’fhonn cabhrú le hinsreabhadh na ndaoine tar éis an fogha arna thabhairt ag Cónaidhm na Rúise faoin Úcráin, ba cheart an Comhaontú a chur i bhfeidhm ar bhonn sealadach, go dtí go gcomhlánófar na nósanna imeachta is gá chun go dtiocfaidh sé i bhfeidhm,

TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Leis seo, údaraítear an Comhaontú idir an tAontas Eorpach agus Poblacht na Moldóive maidir le gníomhaíochtaí oibríochtúla arna ndéanamh ag an nGníomhaireacht Eorpach um an nGarda Teorann agus Cósta i bPoblacht na Moldóive (an “Comhaontú”) a shíniú thar ceann an Aontais, faoi réir an Comhaontú sin a thabhairt i gcrích. (4)

Airteagal 2

Déanfar an Dearbhú Comhpháirteach atá i gceangal leis an gCinneadh seo a fhormheas thar ceann an Aontais.

Airteagal 3

Leis seo, údaraítear d'Uachtarán na Comhairle an duine (na daoine) a ainmniú a mbeidh sé de chumhacht aige/acu an Comhaontú a shíniú, thar ceann an Aontais.

Airteagal 4

Cuirfear an Comhaontú i bhfeidhm ar bhonn sealadach i gcomhréir le hAirteagal 22(2), an dara fomhír, den Chomhaontú, ó dháta a shínithe, go dtí go gcomhlánófar na nósanna imeachta is gá chun go dtiocfaidh sé i bhfeidhm.

Airteagal 5

Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm ar dháta a ghlactha.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, 17 Márta 2022

Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán

J.-Y. LE DRIAN


(1)  Rialachán (AE) 2019/1896 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 13 Samhain 2019 maidir leis an nGarda Teorann agus Cósta Eorpach agus lena n-aisghairtear Rialacháin (AE) Uimh. 1052/2013 agus (AE) 2016/1624 (IO L 295, 14.11.2019, lch. 1).

(2)  Cinneadh (AE) 2022/426 ón gComhairle an 14 Márta 2022 lena n-údaraítear tús a chur leis an gcaibidlíocht i ndáil le comhaontú stádais idir an tAontas Eorpach agus Poblacht na Moldóive maidir le gníomhaíochtaí oibríochtúla arna ndéanamh ag an nGníomhaireacht Eorpach um an nGarda Teorann agus Cósta i bPoblacht na Moldóive (IO L 87, 15.3.2022, lch. 22).

(3)  Cinneadh 2002/192/CE ón gComhairle an 28 Feabhra 2002 maidir leis an iarraidh ó Éirinn a bheith rannpháirteach i roinnt forálacha de acquis Schengen, IO L 64, 7.3.2002, lch. 20.

(4)  Tá téacs an Chomhaontaithe foilsithe in IO L 91, 18.3.2022, lch. 4.


DEARBHÚ COMHPHÁIRTEACH MAIDIR LEIS AN ÍOSLAINN, AN IORUA, AN EILVÉIS AGUS LICHTINSTÉIN

Tugann na Páirtithe sa Chomhaontú idir an tAontas Eorpach agus Poblacht na Moldóive maidir le gníomhaíochtaí oibríochtúla arna ndéanamh ag an nGníomhaireacht Eorpach um an nGarda Teorann agus Cósta i bPoblacht na Moldóive dá n-aire an dlúthchaidreamh idir an tAontas Eorpach agus an Iorua, an Íoslainn, an Eilvéis agus Lichtinstéin, go háirithe de bhua Chomhaontuithe an 18 Bealtaine 1999 agus an 26 Deireadh Fómhair 2004 maidir le comhlachas na dtíortha sin le acquis Schengen a chur chun feidhme, a chur i bhfeidhm agus a fhorbairt.

I gcúinsí den sórt sin, is inmhianaithe go ndéanfadh údaráis na hIorua, na hÍoslainne, na hEilvéise agus Lichtinstéin, ar thaobh amháin, agus Poblacht na Moldóive, ar an taobh eile, comhaontuithe déthaobhacha a thabhairt i gcrích gan mhoill maidir le gníomhaíochtaí arna gcur i gcrích ag an nGníomhaireacht Eorpach um an nGarda Teorann agus Cósta i bPoblacht na Moldóive i dtéarmaí atá comhchosúil le gníomhaíochtaí an Chomhaontaithe idir an tAontas Eorpach agus Poblacht na Moldóive maidir le gníomhaíochtaí oibríochtúla arna ndéanamh ag an nGníomhaireacht Eorpach um an nGarda Teorann agus Cósta i bPoblacht na Moldóive.