|
17.6.2020 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
L 193/1 |
CINNEADH (AE) 2020/788 ÓN gCOMHAIRLE
an 9 Meitheamh 2020
maidir le hathnuachan an Chomhaontaithe le haghaidh comhar san eolaíocht agus sa teicneolaíocht idir an Comhphobal Eorpach agus an Úcráin
TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,
Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 186, i gcomhar le hAirteagal 218(6), an dara fomhír, pointe (a)(v) de,
Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,
Ag féachaint don toiliú ó Pharlaimint na hEorpa (1),
De bharr an mhéid seo a leanas:
|
(1) |
Le Cinneadh 2003/96/CE (2), d’fhormheas an Chomhairle tabhairt i gcrích an Chomhaontaithe le haghaidh comhar san eolaíocht agus sa teicneolaíocht idir an Comhphobal Eorpach agus an Úcráin (3) (“an Comhaontú”). Síníodh an Comhaontú i gCóbanhávan an 4 Iúil 2002 agus tháinig sé i bhfeidhm an 11 Feabhra 2003. |
|
(2) |
Foráladh le pointe (b) d’Airteagal 12 den Chomhaontú go dtabharfaí an Comhaontú i gcrích le haghaidh tréimhse tosaigh dar críoch an 31 Nollaig 2002 agus go bhféadfaí é a athnuachan de chomhthoil na bpáirtithe ar feadh tréimhsí breise cúig bliana. |
|
(3) |
Ar bhonn Chinntí 2003/737/CE (4), 2011/182/AE (5) agus (AE) 2015/344 (6) ón gComhairle, athnuadh an Comhaontú ar feadh trí thréimhse bhreise cúig bliana gach uair, le héifeacht chúlghabhálach ón 8 Samhain 2009 agus ón 8 Samhain 2014, don dá athnuachan dheireanacha. Chuaigh an Comhaontú in éag an 7 Samhain 2019. |
|
(4) |
Tá an Úcráin ina gníomhaí tábhachtach maidir leis an eolaíocht, an teicneolaíocht agus an nuálaíocht i gcomharsanacht an Aontais. Chun go leanfar den chomhar a éascú i réimsí tosaíochta comhchoiteanna ó thaobh na heolaíochta agus na teicneolaíochta, measann an dá pháirtí gur lena gcomhleas a bheadh sé an Comhaontú a athnuachan. |
|
(5) |
Dheimhnigh an dá pháirtí go bhfuil sé ar intinn acu an Comhaontú a athnuachan go ceann tréimhse bhreise cúig bliana. Ba cheart inneachar an Chomhaontaithe athnuaite a bheith comhionann le hinneachar an Chomhaontaithe atá ann faoi láthair. Ar mhaithe le leanúnachas an Chomhaontaithe a áirithiú, ba cheart éifeacht chúlghabhálach a bheith ag an athnuachan amhail ón 8 Samhain 2019. |
|
(6) |
Ba cheart dá bhrí sin athnuachan an Chomhaontaithe a fhormheas thar ceann an Aontais, |
TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
Leis seo, déantar athnuachan an Chomhaontaithe le haghaidh comhar san eolaíocht agus sa teicneolaíocht idir an Comhphobal Eorpach agus an Úcráin go ceann tréimhse bhreise cúig bliana a fhormheas thar ceann an Aontais.
Gabhfaidh éifeacht chúlghabhálach le hathnuachan an Chomhaontaithe amhail ón 8 Samhain 2019.
Airteagal 2
Leis seo, tugtar údarú d’Uachtarán na Comhairle an duine (nó na daoine) a ainmniú dá dtabharfar de chumhacht a chur in iúl don Úcráin, ag gníomhú dó (dóibh) thar ceann an Aontais agus i gcomhréir le pointe (a) d’Airteagal 12 den Chomhaontú, fógra a thabhairt á rá go bhfuil a chuid nósanna imeachta inmheánacha is gá chun go ndéanfaí an Comhaontú a athnuachan tugtha chun críche ag an Aontas.
Airteagal 3
Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm an dáta a ghlacfar é.
Arna dhéanamh sa Bhruiséil, 9 Meitheamh 2020.
Thar ceann na Comhairle
An tUachtarán
A. METELKO-ZGOMBIĆ
(1) Toiliú an 13 Bealtaine 2020 (nár foilsíodh fós san Iris Oifigiúil).
(2) Cinneadh 2003/96/CE ón gComhairle an 6 Feabhra 2003 maidir le tabhairt i gcrích an Chomhaontaithe le haghaidh comhar eolaíochta agus teicneolaíochta idir an Comhphobal Eorpach agus an Úcráin (IO L 36, 12.2.2003, lch. 31).
(3) IO L 36, 12.2.2003, lch. 32.
(4) Cinneadh 2003/737/CE ón gComhairle an 22 Meán Fómhair 2003 maidir le tabhairt i gcrích comhaontaithe lena n-athnuaitear an Comhaontú le haghaidh comhar eolaíochta agus teicneolaíochta idir an Comhphobal Eorpach agus an Úcráin (IO L 267, 17.10.2003, lch. 24).
(5) Cinneadh 2011/182/AE ón gComhairle an 9 Márta 2011 maidir le hathnuachan an Chomhaontaithe le haghaidh comhar eolaíochta agus teicneolaíochta idir an Comhphobal Eorpach agus an Úcráin (IO L 79, 25.3.2011, lch. 3).
(6) Cinneadh (AE) 2015/344 ón gComhairle an 17 Feabhra 2015 maidir le hathnuachan an Chomhaontaithe le haghaidh comhar san eolaíocht agus sa teicneolaíocht idir an Comhphobal Eorpach agus an Úcráin (IO L 60, 4.3.2015, lch. 37).