28.2.2022   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L 55/12


CINNEADH (AE) 2022/314 ÓN gCOMHAIRLE

an 15 Feabhra 2022

a bhaineann le haontachas an Aontais Eorpaigh leis an gCoinbhinsiún um Chaomhnú agus um Bainistiú Acmhainní Iascaigh na Mórmhara san Aigéan Ciúin Thuaidh

TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 43, i gcomhar le hAirteagal 218(6), an dara fomhír, pointe (a), de,

Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,

Ag féachaint don toiliú ó Pharlaimint na hEorpa (1),

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

An 22 Meitheamh 2018, thug an Chomhairle údarú don Choimisiún tús a chur leis an gcaibidlíocht le Coimisiún Iascaigh an Aigéin Chiúin Thuaidh maidir le haontachas an Aontais don Choinbhinsiún um Chaomhnú agus um Bainistiú Acmhainní Iascaigh na Mórmhara san Aigéan Ciúin Thuaidh (“an Coinbhinsiún”).

(2)

Tá an tAontas inniúil ar bhearta a ghlacadh chun acmhainní bitheolaíocha mara a chaomhnú faoin gcomhbheartas iascaigh agus ar chomhaontuithe a dhéanamh le tríú tíortha agus le heagraíochtaí idirnáisiúnta.

(3)

De bhun Chinneadh 98/392/CE ón gComhairle (2), is páirtí conarthach é an tAontas i gCoinbhinsiún na Náisiún Aontaithe maidir le Dlí na Farraige (“Unclos”) an 10 Nollaig 1982, ar coinbhinsiún é lena gceanglaítear ar pháirtithe conarthacha uile in Unclos oibriú i gcomhar le chéile i dtaca le hacmhainní bitheolaíocha na farraige a chaomhnú agus a bhainistiú.

(4)

De bhun Chinneadh 98/414/CE ón gComhairle (3), is páirtí conarthach é an tAontas sa Chomhaontú maidir le forálacha Choinbhinsiún na Náisiún Aontaithe maidir le Dlí na Farraige an 10 Nollaig 1982 a chur chun feidhme, i ndáil le caomhnú agus le bainistiú stoc éisc traslimistéir agus stoc éisc mór-imirceach.

(5)

Ag an séú seisiún bliantúil a bhí ag Coimisiún Iascaigh an Aigéin Chiúin Thuaidh ón 23 go dtí an 25 Feabhra 2021, d’iarr sé ar an Aontas aontú don Choinbhinsiún.

(6)

Trí aontú don Choinbhinsiún, ba cheart go gcuirfí le comhsheasmhacht chur chuige an Aontais i leith an chaomhnaithe ar fud aigéin an domhain agus go neartófaí tiomantas an Aontais i dtaca le caomhnú fadtéarmach agus úsáid inbhuanaithe na n-acmhainní iascaigh ar fud an domhain freisin. I gcomhréir leis an teachtaireacht chomhpháirteach ó Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála agus ón gCoimisiún an 10 Samhain 2016 maidir le International ocean governance: an agenda for the future of our oceans [Rialachas idirnáisiúnta na n-aigéan: clár oibre le haghaidh thodhchaí ár n-aigéan] agus na conclúidí ón gComhairle an 3 Aibreán 2017 maidir leis an teachtaireacht chomhpháirteach sin, lena gcuirtear chun cinn bearta chun tacú le heagraíochtaí réigiúnacha bainistithe iascaigh agus chun feabhas a chur ar éifeachtacht na n-eagraíochtaí sin, agus i gcás inarb ábhartha, is gné lárnach de ghníomhaíocht an Aontais sna heagraíochtaí sin é feabhas a chur ar a rialachas.

(7)

Chuathas i gcomhairle leis an Maoirseoir Eorpach ar Chosaint Sonraí i gcomhréir le hAirteagal 42(1) de Rialachán (AE) 2018/1725 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (4), agus thug sé barúlacha foirmiúla an 27 Lúnasa 2021. Caithfear le sonraí pearsanta a phróiseálann na Ballstáit nó an Coimisiún faoi chuimsiú an Choinbhinsiúin i gcomhréir leis na forálacha infheidhme de Rialachán (AE) 2016/679 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (5) agus Rialachán (AE) 2018/1725.

(8)

Ba cheart don Aontas, dá bhrí sin, aontú don Choinbhinsiún,

TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Formheastar leis seo, thar ceann an Aontais, aontachas an Aontais Eorpaigh leis an gCoinbhinsiún um Chaomhnú agus um Bainistiú Acmhainní Iascaigh na Mórmhara san Aigéan Ciúin Thuaidh.

Tá téacs an Choinbhinsiúin i gceangal leis an gCinneadh seo.

Airteagal 2

Ainmneoidh Uachtarán na Comhairle an duine/na daoine a chumhachtaítear chun an ionstraim aontachais dá bhforáiltear in Airteagal 24(4) den Choinbhinsiún a thaisceadh, thar ceann an Aontais.

Airteagal 3

Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm ar dháta a ghlactha. (6)

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, 15 Feabhra 2022.

Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán

J.-Y. LE DRIAN


(1)  Toiliú ón 15 Feabhra 2022 (nár foilsíodh fós san Iris Oifigiúil).

(2)  Cinneadh 98/392/CE ón gComhairle an 23 Márta 1998 maidir leis an gComhphobal Eorpach do thabhairt i gcrích Choinbhinsiún na Náisiún Aontaithe maidir le Dlí na Farraige an 10 Nollaig 1982 agus Chomhaontú an 28 Iúil 1994 maidir le cur chun feidhme Chuid XI de (IO L 179, 23.6.1998, lch. 1).

(3)  Cinneadh 98/414/CE ón gComhairle an 8 Meitheamh 1998 maidir le daingniú ag an gComhphobal Eorpach don Chomhaontú a bhaineann le forálacha Choinbhinsiún na Náisiún Aontaithe maidir le Dlí na Farraige an 10 Nollaig 1982 a chur chun feidhme i ndáil le caomhnú agus le bainistiú stoc éisc traslimistéir agus stoc éisc mórimirceach (IO L 189, 3.7.1998, lch. 14).

(4)  Rialachán (AE) 2018/1725 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Deireadh Fómhair 2018 maidir le daoine nádúrtha a chosaint i ndáil le sonraí pearsanta a phróiseáil ag institiúidí, comhlachtaí, oifigí agus gníomhaireachtaí an Aontais agus maidir le saorghluaiseacht sonraí den sórt sin, agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 45/2001 agus Cinneadh Uimh. 1247/2002/CE (IO L 295, 21.11.2018, lch. 39).

(5)  Rialachán (AE) 2016/679 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 27 Aibreán 2016 maidir le daoine nádúrtha a chosaint i ndáil le sonraí pearsanta a phróiseáil agus maidir le saorghluaiseacht sonraí den sórt sin, agus lena n-aisghairtear Treoir 95/46/CE (An Rialachán Ginearálta maidir le Cosaint Sonraí) (IO L 119, 4.5.2016, lch. 1).

(6)  Foilseoidh Ardrúnaíocht na Comhairle an dáta a dtiocfaidh an Coinbhinsiún i bhfeidhm don Aontas in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.