25.3.2022   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L 98/82


CINNEADH CUR CHUN FEIDHME (AE) 2022/482 ÓN gCOIMISIÚN

an 16 Márta 2022

maidir leis an iarraidh ar chlárú an tionscnaimh Eorpaigh ó na saoránaigh dar teideal “Fur Free Europe” [An Eoraip Saor ó Fhionnadh] de bhun Rialachán (AE) 2019/788 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle

(a bhfuil fógra tugtha ina leith faoi dhoiciméad C(2022) 1530)

(Is ag an téacs sa Bhéarla a bheidh an t-údarás agus aige sin amháin)

TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

Ag féachaint do Rialachán (AE) 2019/788 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 17 Aibreán 2019 maidir leis an Tionscnamh Eorpach ó na saoránaigh (1), agus go háirithe Airteagal 6(2) agus (3) de,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

Cuireadh iarraidh ar chlárú an tionscnaimh Eorpaigh ó na saoránaigh dar teideal “An Eoraip Saor ó Fhionnadh” faoi bhráid an Choimisiúin an 25 Eanáir 2022.

(2)

Is iad cuspóirí an tionscnaimh mar atá curtha in iúl ag na heagraithe san iarscríbhinn a ghabhann leis an tionscnamh “toirmeasc ar fud an Aontais a bhaint amach maidir leis na nithe seo a leanas: (a) ainmhithe a choinneáil agus a mharú, inarb é an príomhchuspóir nó an t-aon chuspóir amháin atá leis fionnadh a tháirgeadh; (b) fionnadh ó ainmhithe feirmshaothraithe, agus táirgí a bhfuil fionnadh den sórt sin iontu, a chur ar mhargadh an Aontais ” .

(3)

Tugtar tuilleadh sonraí in iarscríbhinn agus i ndoiciméad breise ar ábhar, ar chuspóirí agus ar chúlra an tionscnaimh, ina leagtar amach agus ina sonraítear na cúiseanna atá ann chun tacú le deireadh a chur le feirmeoireacht fionnaidh. Maíonn na heagraithe go bhfuil feirmeoireacht fionnaidh cruálach ó nádúr, ós rud é go bhfuil formhór mór na n-ainmhithe a choinnítear le haghaidh a tháirgthe fós fiáin go bunúsach, agus gur mian le tromlach mór shaoránaigh an Aontais go gcuirfí toirmeasc ar fheirmeoireacht fionnaidh. Cuireann feirmeoireacht fionnaidh sláinte ainmhithe agus sláinte an duine i mbaol chomh maith leis an mbithéagsúlacht dhúchasach. Déanann na heagraithe tagairt do thionscnaimh de chuid Ballstát áirithe chun deireadh a chur le táirgeadh fionnaidh ar an leibhéal náisiúnta. An tráth céanna, is iad na héagsúlachtaí náisiúnta sin is cúis le saobhadh i margadh inmheánach an Aontais, rud a thugann údar, dar leo, le toirmeasc iomlán ar fud an Aontais faoi Airteagal 114 CFAE. Maíonn siad freisin nár cheart go gceadófaí fionnadh feirmshaothraithe agus táirgí a bhfuil fionnadh den sórt sin iontu a mhargú san Aontas.

(4)

A mhéid a bhaineann le cuspóirí an tionscnaimh chun toirmeasc ar fud an Aontais ar fheirmeoireacht fionnaidh agus ar thráchtálú fionnaidh a bhaint amach san Aontas, sa mhéid go bhfuil sé d’aidhm acu feidhmiú an mhargaidh inmheánaigh a fheabhsú, tá sé de chumhacht ag an gCoimisiún tograí le haghaidh gníomhartha dlíthiúla a thíolacadh ar bhonn Airteagal 114 CFAE. Ina theannta sin, a mhéid a bhaineann leis an gcuspóir toirmeasc ar fud an Aontas ar fheirmeoireacht fionnaidh a bhaint amach, féadfar gníomh dlíthiúil de chuid an Aontais a ghlacadh chun na Conarthaí a chur chun feidhme le haghaidh na bhforálacha atá riachtanach chun cuspóirí an chomhbheartais talmhaíochta a shaothrú ar bhonn Airteagal 43(2) CFAE.

(5)

Ar na cúiseanna sin, is léir nach bhfuil aon chuid den tionscnamh, go follasach, lasmuigh de chreat chumhachtaí an Choimisiúin chun togra le haghaidh gníomh dlí de chuid an Aontais a thíolacadh chun críche na Conarthaí a chur chun feidhme.

(6)

Is conclúid é sin atá gan dochar don mheasúnú ar cé acu a chomhlíonfaí nó nach gcomhlíonfaí, sa chás seo, na coinníollacha nithiúla fíorasacha agus substainteacha is gá le go ngníomhóidh an Coimisiún, lena n-áirítear comhlíonadh phrionsabail na comhréireachta agus na coimhdeachta agus comhoiriúnacht le cearta bunúsacha.

(7)

Tá fianaise iomchuí curtha ar fáil ag an ngrúpa eagraithe go gcomhlíonann sé na ceanglais a leagtar síos in Airteagal 5(1) agus (2) de Rialachán (AE) 2019/788 agus gur i gcomhréir le hAirteagal 5(3), an chéad fhomhír, den Rialachán sin atá na teagmhálaithe ainmnithe aige.

(8)

Ní tionscnamh é ar léir é a bheith míchuí, suaibhreosach ná cráiteach, ná ní léir go bhfuil sé contrártha go follasach do luachanna an Aontais mar a leagtar amach in Airteagal 2 den Chonradh ar an Aontas Eorpach ná do na cearta a chuimsítear i gCairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh.

(9)

Ba cheart an tionscnamh dar teideal “An Eoraip Saor ó Fhionnadh” a chlárú dá bhrí sin.

(10)

Leis an gconclúid gur comhlíonadh na coinníollacha maidir le clárú faoi Airteagal 6(3) de Rialachán (AE) 2019/788 ní thugtar le tuiscint go ndearbhaíonn an Coimisiún in aon chor go bhfuil ábhar an tionscnaimh cruinn fíorasach, agus is é grúpa eagraithe an tionscnaimh amháin atá freagrach as an méid sin. Ní chuireann ábhar an tionscnaimh ach tuairimí an ghrúpa eagraithe in iúl, agus ní féidir a thuiscint in aon chor gurb iad tuairimí an Choimisiúin a léiríonn sé,

TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Clárófar an tionscnamh Eorpach ó na saoránaigh dar teideal “An Eoraip Saor ó Fhionnadh”.

Airteagal 2

Is chuig grúpa eagraithe an tionscnaimh Eorpaigh ó na saoránaigh dar teideal “An Eoraip Saor ó Fhionnadh”, grúpa a bhfuil Elise FLEURY agus Agnese MARCON ag gníomhú thar a cheann mar theagmhálaithe, a dhírítear an Cinneadh seo.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, 16 Márta 2022.

Thar ceann an Choimisiúin

Věra JOUROVÁ

Leas-Uachtarán


(1)   IO L 130, 17.5.2019, lch. 55.