|
19.10.2020 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
L 345/6 |
CINNEADH (AE) 2020/1508 ÓN gCOMHAIRLE
an 12 Deireadh Fómhair 2020
maidir leis an seasamh atá le glacadh thar ceann an Aontais Eorpaigh laistigh Choiste Eorpach um dhréachtú caighdeán i réimse na loingseoireachta intíre (CECLI) agus laistigh den Choimisiún Lárnach um Loingseoireacht ar an Réin (CLLR) maidir le caighdeáin a ghlacadh i ndáil le ceanglais theicniúla le haghaidh soithí uiscebhealaí intíre
TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,
Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 91(1), i gcomhar le hAirteagal 218(9) de,
Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,
De bharr an mhéid seo a leanas:
|
(1) |
An Coinbhinsiún athbhreithnithe maidir le Loingseoireacht ar an Réin an 17 Deireadh Fómhair 1868, a leasaíodh leis an gCoinbhinsiún lena leasaítear an Coinbhinsiún Athbhreithnithe maidir le Loingseoireacht ar an Réin, a glacadh an 20 Samhain 1963, tháinig sé i bhfeidhm an 14 Aibreán 1967. |
|
(2) |
De bhun an Choinbhinsiúin sin, tá an Coimisiúin Lárnach um Loingseoireacht ar an Réin (CLLR) in ann ceanglais theicniúla le haghaidh soithí uiscebhealaí intíre a ghlacadh. |
|
(3) |
Le gníomhaíocht de chuid an Aontais in earnáil na loingseoireachta intíre, ba cheart é bheith mar aidhm léi an aonfhoirmeacht a áirithiú i bhforbairt ceanglas teicniúil atá le cur i bhfeidhm san Aontas maidir le soithí uiscebhealaí intíre san Aontas. |
|
(4) |
An Coiste Eorpach um ullmhú caighdeán i réimse na loingseoireachta intíre (CECLI), cruthaíodh é an 3 Meitheamh 2015 faoi chuimsiú CLLR chun caighdeáin theicniúla a fhorbairt le haghaidh uiscebhealaí intíre i réimsí éagsúla, go háirithe a mhéid a bhaineann le soithí, teicneolaíocht faisnéise agus criú. |
|
(5) |
Ar mhaithe le hiompar éifeachtúil ar uiscebhealaí intíre, tá sé tábhachtach comhsheasmhacht a bheith ann maidir leis na ceanglais theicniúla le haghaidh soithí agus na ceanglais sin a bheith chomh comhchuibhithe agus is féidir faoi réimeanna dlíthiúla éagsúla san Eoraip. Go háirithe, Ballstáit atá ina gcomhaltaí de CLLR freisin, ba cheart dóibh tacú le cinntí lena ndéantar rialacha CLLR a chomhchuibhiú leis na rialacha a chuirtear i bhfeidhm san Aontas. |
|
(6) |
An caighdeán Eorpach lena leagtar síos Ceanglais Theicniúla le haghaidh Soithí loingseoireachtaí intíre (caighdeán “ES-TRIN”) 2021/1 agus Caighdeán Tástála comhlántach 2021/3.0 le haghaidh AIS Intíre, táthar ag súil go nglacfaidh CECLI iad ag an gcruinniú a bheidh aige an 13 Deireadh Fómhair 2020. |
|
(7) |
Le caighdeán ES-TRIN 2021/1, leagtar síos ceanglais theicniúla aonfhoirmeacha atá riachtanach chun sábháilteacht soithí uiscebhealaí intíre a áirithiú. Áirítear ann forálacha maidir le longthógáil, feistiú agus trealamhú le haghaidh soithí uiscebhealaí intíre, forálacha speisialta maidir le haicmí sonracha soithí amhail soithí paisinéirí, conbhuanna a bhrúitear agus soithí coimeádáin, forálacha maidir le trealamh an chórais aitheantais uathoibríoch, forálacha maidir le haitheantas soithigh, samhail de na deimhnithe agus samhail den chlár, forálacha idirthréimhseacha agus treoracha maidir leis an gcaighdeán teicniúil a chur i bhfeidhm. Le Caighdeán Tástála 2021/3.0 le haghaidh AIS Intíre, sainítear na ceanglais oibriúcháin agus feidhmiúcháin maidir le Trealamh longiompartha AISiIntíre, i dteannta na modhanna tástála agus na torthaí tástála a cheanglaítear ina leith. |
|
(8) |
Is iomchuí an seasamh atá le glacadh thar ceann an Aontais laistigh de CECLI a leagan síos, mar go mbeidh caighdeán ES-TRIN 2021/1 in ann tionchar cinntitheach a imirt ar inneachar dhlí an Aontais, eadhon Treoir (AE) 2016/1629 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (1). In Iarscríbhinn II a ghabhann leis an Treoir sin tagraítear do na ceanglais a sholáthraítear i gcaighdeán ES-+TRIN 2019/1 mar na ceanglais theicniúla le haghaidh árthach. Tá de chumhacht ag an gCoimisiún an tagairt sin a nuashonrú ionas go dtagraítear don leagan is déanaí de chaighdeán ES-TRIN, agus dáta chur i bhfeidhm an leagain sin a shocrú. |
|
(9) |
Ina theannta sin, táthar ag súil go ndéanfaidh CLLR, ag an gcruinniú a bheidh aige an 3 Nollaig 2020, rún a ghlacadh lena leasófar Rialacháin CLLR chun tagairt do chaighdeán ES-TRIN 2021/1 agus do Chaighdeán Tástála comhlántach 2021/3.0 a áireamh le haghaidh AIS Intíre. Is iomchuí freisin, dá bhrí sin, an seasamh atá le glacadh thar ceann an Aontais laistigh de CLLR a bhunú. |
|
(10) |
Níl an tAontas ina chomhalta de CLLR ná de CECLI. Dá bhrí sin, ba cheart na Ballstáit sin den Aontas atá ina gcomhaltaí díóbh, seasamh an Aontais a chur in iúl laistigh de na comhlachtaí sin, ag gníomhú dóibh go comhpháirteach chun leasanna an Aontais. |
TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
1. Is é an seasamh atá le glacadh thar ceann an Aontais laistigh den Choiste Eorpach um ullmhú caighdeán i réimse na loingseoireachta intíre (CECLI) an 13 Deireadh Fómhair 2020, aontú le glacadh an Chaighdeáin Eorpaigh lena leagtar síos ceanglais theicniúla le haghaidh Soithí Loingseoireachta Intíre (“caighdeán ES-TRIN”) 2021/1 agus le glacadh Chaighdeán Tástála comhlántach 2021/3.0 le haghaidh AIS Intíre.
2. Is é an seasamh atá le glacadh thar ceann an Aontais ag an gcruinniú iomlánach den Choimisiún Lárnach um Loingseoireacht ar an Réin (CLLR), ina socrófar ceanglais theicniúla le haghaidh soithí uiscbhealaí intíre, tacú le gach togra lena ndéantar na ceanglais theicniúla a ailíniú leis na ceanglais theicniúla sin atá i gcaighdeán ES-TRIN 2021/1 agus i gCaighdeán Tástála comhlántach 2021/3.0 le haghaidh AIS Intíre.
Airteagal 2
1. Is iad na Ballstáit sin den Aontas atá ina gcomhaltaí de CECLI a dhéanfaidh an seasamh mar a leagtar amach é in Airteagal 1(1) a chur in iúl, ag gníomhú go comhpháirteach dóibh chun leasanna an Aontais.
2. Is iad na Ballstáit sin den Aontas atá ina gcomhaltaí de CLLR a dhéanfaidh an seasamh mar a leagtar amach é in Airteagal 1(2) a chur in iúl, ag gníomhú go comhpháirteach dóibh chun leasanna an Aontais.
Airteagal 3
Féadfar teacht ar chomhaontú maidir le mionathruithe teicniúla ar na seasaimh dá dtagraítear in Airteagal 1 gan cinneadh eile ógComhairle.
Airteagal 4
Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm ar an lá a ghlacfar é.
Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 12 Deireadh Fómhair 2020.
Thar ceann na Comhairle
An tUachtarán
M. ROTH
(1) Treoir (AE) 2016/1629 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 14 Meán Fómhair 2016 lena leagtar síos ceanglais theicniúla le haghaidh soithí uiscebhealaí intíre, lena leasaítear Treoir 2009/100/CE agus lena n‐aisghairtear Treoir 2006/87/CE (IO L 252, 16.9.2016, lch. 118).