An Bhruiséil,31.1.2025

COM(2025) 23 final

2025/0009(NLE)

Togra le haghaidh

CINNEADH ÓN gCOMHAIRLE

maidir le tabhairt i gcrích, thar ceann an Aontais Eorpaigh, an Chomhaontaithe Trádála Digití idir an tAontas Eorpach agus Poblacht Shingeapór


MEABHRÁN MÍNIÚCHÁIN

1.COMHTHÉACS AN TOGRA

•Forais agus cuspóirí an togra

D’údaraigh an Chomhairle tús a chur le caibidlíocht i leith disciplíní trádála digití le Poblacht Shingeapór (‘Singeapór’) an 27 Meitheamh 2023 1 . Chuir an Coimisiún, thar ceann an Aontais, agus Singeapór tús leis an gcaibidlíocht an 20 Iúil 2023 2 . Tugadh an chaibidlíocht i gcrích i bprionsabal an 25 Iúil 2024 3 .

Is éard atá mar thoradh ar an gcaibidlíocht Comhaontú Trádála Digití nua-aimseartha neamhspleách idir an tAontas Eorpach (‘an tAontas’) agus Singeapór (‘CTDAES’), ina bhfuil gealltanais uaillmhianacha cheangailteacha maidir leis an trádáil dhigiteach. Le CTDAES cuirfear feabhas ar chosaint tomhaltóirí ar líne, cuirfear deimhneacht dhlíthiúil ar fáil do ghnólachtaí ar mian leo dul i mbun trádáil dhigiteach trasteorann, agus tabharfar aghaidh ar bhacainní gan údar ar an trádáil dhigiteach. Comhlánófar le CTDAES an Comhaontú Saorthrádála idir an tAontas agus Singeapór 4 tríd an gcaidreamh déthaobhach trádála atá ann cheana idir an tAontas agus Singeapór a dhoimhniú agus trí bhun taca a chur faoi.

Is éard atá sa trádáil dhigiteach thart ar 25 % den trádáil idirnáisiúnta go léir agus tá sí ag fás ar luas níos gasta ná an trádáil thraidisiúnta 5 . Tá an tAontas ar thús cadhnaíochta ar fud an domhain maidir le honnmhairí agus allmhairí seirbhísí atá insoláthartha go digiteach, arbh é a bhí iontu EUR 1.3 trilliún in 2022, nó 54 % de thrádáil iomlán an Aontais i seirbhísí.

Tiocfaidh CTDAES i bhfeidhm nuair a bheidh a gceanglais agus a nósanna imeachta féin maidir le síniú agus tabhairt i gcrích comhlíonta ag an Aontas agus ag Singeapór agus nuair a bheidh fógraí i scríbhinn malartaithe acu ina leith.

•Comhsheasmhacht le forálacha beartais atá sa réimse beartais cheana

Tá an togra seo comhsheasmhach le hathbhreithniú 2021 ar bheartas trádála an Aontais 6 inar aithníodh rannchuidiú bheartas trádála digití an Aontais le claochlú digiteach an Aontais agus inar fógraíodh go raibh sé beartaithe ag an Aontas dlús a chur leis an rannpháirtíocht dhéthaobhach agus cuardach a dhéanamh ar chreataí comhair níos láidre maidir le saincheisteanna digiteacha a bhaineann le trádáil le comhpháirtithe atá ar aon intinn leis. Tá sé comhsheasmhach freisin le cuspóir straitéis slándála eacnamaíche an Aontais 2023 comhpháirtíochtaí a shaothrú le tíortha atá ar aon intinn leis 7 . Is comhaontú nua-aimseartha neamhspleách é CTDAES ina bhfuil gealltanais uaillmhianacha cheangailteacha maidir leis an trádáil dhigiteach idir an tAontas agus Singeapór.

Leis an togra cuirtear leis an gComhaontú Comhpháirtíochta agus Comhair idir an tAontas Eorpach agus Singeapór 8 agus an Comhaontú Saorthrádála, lena léirscaoileadh agus lena bhfeabhsaíodh an caidreamh trádála déthaobhach idir an tAontas agus Singeapór cheana féin. Le CTDAES tugtar éifeacht d’fhorálacha trádála an Chomhaontaithe Comhpháirtíochta agus Comhair agus, in éineacht leis an gComhaontú Saorthrádála, cruthaítear an limistéar saorthrádála idir an tAontas agus Singeapór.

Tá an togra comhsheasmhach le straitéis an Aontais maidir le comhar sa réigiún Ind-Chiúin-Aigéanach 9 inar aithníodh go bhfuil an réigiún ar thús cadhnaíochta sa gheilleagar digiteach agus inar moladh Comhpháirtíochtaí Digiteacha a bhunú le príomh-chomhpháirtithe sa réigiún, lena n‑áirítear le Singeapór.

Le CTDAES cuirtear leis na Prionsabail Trádála Digití idir an tAontas Eorpach agus Singeapór, ceann de phríomhspriocanna na Compháirtíochta Digití idir an tAontas agus Singeapór 10 . Le CTDAES aithnítear gurb í an Chomhpháirtíocht Dhigiteach idir an tAontas agus Singeapór an príomhfhóram le haghaidh comhar rialála maidir le beartais dhigiteacha.

Tá CTDAES comhsheasmhach freisin le toradh an Tionscnaimh Chomhpháirtigh maidir le Ríomhthráchtáil 11 , atá mar thoradh ar chaibidlíocht iltaobhach i measc níos mó ná 90 Comhalta den Eagraíocht Dhomhanda Trádála.

•Comhsheasmhacht le beartais eile de chuid an Aontais

Tá an togra i gcomhréir le reachtaíocht an Aontais maidir leis an margadh inmheánach i réimse an gheilleagair dhigitigh agus sonraí. Áirithítear leis an togra freisin go n‑urramófar go hiomlán na cearta bunúsacha chun cosaint sonraí pearsanta agus príobháideachais agus creat rialála an Aontais sa réimse sin. In CTDAES dearbhaítear an ceart chun rialála agus áirithítear spás rialála leordhóthanach chun cuspóirí beartais phoiblí a shaothrú sna réimsí sin.

2.BUNÚS DLÍ, COIMHDEACHT AGUS COMHRÉIREACHT

•An bunús dlí

Is é Airteagal 207 CFAE an bunús dlí substainteach.

Tá CTDAES le síniú ag an Aontas de bhun cinneadh ón gComhairle atá bunaithe ar Airteagal 218(5) CFAE agus le tabhairt i gcrích ag an Aontas de bhun cinneadh ón gComhairle atá bunaithe ar Airteagal 218(6) CFAE, tar éis toiliú a fháil ó Pharlaimint na hEorpa.

•Coimhdeacht (i gcás inniúlacht neamheisiach)

Ní bhaineann le hábhar.

•Comhréireacht

Is iomchuí an modh iad comhaontuithe trádála chun rialú a dhéanamh ar rochtain ar an margadh agus réimsí gaolmhara an chaidrimh eacnamaíoch chuimsithigh le tríú tír lasmuigh den Aontas. Níl aon rogha eile ann chun gealltanais agus iarrachtaí léirscaoilte den sórt sin a dhéanamh ceangailteach ó thaobh an dlí.

•An rogha ionstraime

Tá an togra seo i gcomhréir le hAirteagal 218(6)(a) CFAE, lena mbeartaítear go nglacfaidh an Chomhairle cinntí maidir le comhaontuithe idirnáisiúnta a thabhairt i gcrích tar éis toiliú a fháil ó Pharlaimint na hEorpa. Níl aon ionstraim dlí eile ann a d’fhéadfaí a úsáid chun an cuspóir a chuirtear in iúl sa togra seo a bhaint amach.

3.TORTHAÍ AR MHEASTÓIREACHTAÍ EX POST, AR CHOMHAIRLIÚCHÁIN LEIS NA PÁIRTITHE LEASMHARA AGUS AR MHEASÚNUITHE TIONCHAIR

•Meastóireachtaí ex post/seiceálacha oiriúnachta ar an reachtaíocht atá ann cheana

Rinneadh an caidreamh trádála déthaobhach idir an tAontas agus Singeapór a léirscaoileadh agus a fheabhsú cheana féin leis an gcomhaontú saorthrádála idir an tAontas agus Singeapór a tháinig i bhfeidhm in 2019. Cé gur comhaontú saorthrádála cuimsitheach é sin lena ndéantar foráil maidir le gealltanais shubstaintiúla le haghaidh trádáil in earraí agus i seirbhísí idir na páirtithe, ní dhéantar foráil ann maidir le rialacha cuimsitheacha i ndáil leis an trádáil dhigiteach.

•Comhairliúcháin leis na páirtithe leasmhara

Chuathas i gcomhairle le páirtithe leasmhara i gcomhthéacs staidéir ar na tionchair a d’fhéadfadh a bheith ag CTDAES, staidéar a rinne conraitheoir seachtrach, chun tacú leis an gcaibidlíocht 12 .

Roimh an gcaibidlíocht agus lena linn, cuireadh Ballstáit an Aontais ar an eolas go rialta agus chuathas i gcomhairle leo ó bhéal agus i scríbhinn maidir leis na gnéithe éagsúla den chaibidlíocht trí Choiste na Comhairle um Beartas Trádála. Coinníodh Parlaimint na hEorpa ar an eolas freisin agus chuathas i gcomhairle léi trína Coiste um Thrádáil Idirnáisiúnta, agus go háirithe trína Grúpa Faireacháin um Shingeapór.

Thairis sin, le linn na caibidlíochta, d’fhoilsigh an Coimisiún ar a shuíomh gréasáin tuarascálacha maidir leis na babhtaí caibidlíochta, maidir le moltaí an Aontais maidir le téacsanna agus phreaseisiúintí an Aontais, chomh maith le téacs an chomhaontaithe tar éis an chaibidlíocht a thabhairt chun críche i bprionsabal.

•Bailiú agus úsáid saineolais

Rinne conraitheoir seachtrach an staidéar ar na tionchair a d’fhéadfadh a bheith ag CTDAES 13 .

•Measúnú tionchair

Deimhníodh sa staidéar ar na tionchair a d’fhéadfadh a bheith ag CTDAES, ar staidéar é a rinneadh chun tacú leis an gcaibidlíocht le haghaidh CTDAES, an tionchar dearfach a d’fhéadfadh a bheith ag an gcomhaontú 14 . Baineadh úsáid as an staidéar chun scrúdú a dhéanamh ar ghnéithe ábhartha de gheilleagar digiteach Shingeapór chomh maith le cleachtais an Aontais agus Shingeapór féin maidir leis an trádáil dhigiteach, agus tuairimí na bpáirtithe leasmhara á gcur san áireamh.

•Oiriúnacht rialála agus simpliú

Ní bhaineann le hábhar.

•Cearta bunúsacha

Tá an togra comhoiriúnach go hiomlán leis an gCairt um Chearta Bunúsacha. Le CTDAES caomhnaítear go hiomlán an spás rialála chun cearta bunúsacha a chosaint, lena n‑áirítear na cearta bunúsacha chun cosaint sonraí pearsanta agus chun príobháideachais.

4.IMPLEACHTAÍ BUISÉADACHA

Ní bhaineann le hábhar.

5.EILIMINTÍ EILE

•Pleananna cur chun feidhme, agus socruithe faireacháin, meastóireachta agus tuairiscithe

Le CTDAES déantar forálacha institiúideacha an Chomhaontaithe Saorthrádála infheidhme, trí chrostagairt, ar forálacha iad lena soláthraítear struchtúr do chomhlachtaí cur chun feidhme ábhartha an Chomhaontaithe Saorthrádála chun faireachán a dhéanamh ar chur chun feidhme, ar oibriú agus ar thionchar CTDAES.

Tá forálacha tiomnaithe in CTDAES freisin maidir le rannpháirtíocht páirtithe leasmhara lena soláthraítear bonn do pháirtithe leasmhara chun rannchuidiú le cur chun feidhme an chomhaontaithe.

•Doiciméid mhíniúcháin (i gcás treoracha)

Ní bhaineann le hábhar.

•Míniúchán mionsonraithe ar fhorálacha sonracha an togra

Is comhaontú neamhspleách é CTDAES atá le cur i bhfeidhm faoi chuimsiú an Chomhaontaithe Comhpháirtíochta agus Comhair agus lena gcruthaítear, in éineacht leis an gComhaontú Saorthrádála, an limistéar saorthrádála idir an tAontas agus Singeapór.

I bhforálacha ginearálta chaibidil a haon CTDAES leagtar amach cuspóirí agus raon feidhme an chomhaontaithe, agus na sainmhínithe a úsáidtear ar fud an chomhaontaithe.

I gCaibidil a dó CTDAES cuimsítear corpas an chomhaontaithe agus áirítear inti na gealltanais maidir leis an trádáil dhigiteach. Is de chineál ceangailteach iad na gealltanais agus cuimsíonn siad idir ghealltanais maidir le sreafaí sonraí trasteorann agus cosaint tomhaltóirí ar líne, agus ghealltanais maidir le cód foinseach bogearraí a chosaint. Tá sé d’aidhm ag na gealltanais go ginearálta feabhas a chur ar chosaint tomhaltóirí ar líne, deimhneacht dhlíthiúil a sholáthair do ghnólachtaí, agus aghaidh a thabhairt ar bhacainní gan údar ar an trádáil dhigiteach.

I Roinn A de chaibidil a dó, maidir le sreafaí sonraí a bhfuil muinín astu, áirítear forálacha atá i gcomhréir le cleachtas an Aontais ar bhonn fhorálacha cothrománacha 2018 maidir le sreafaí sonraí trasteorann agus cosaint sonraí pearsanta agus príobháideachais i gcomhaontuithe trádála 15 , lena n‑aithnítear ceart gach Páirtí an leibhéal iomchuí cosanta príobháideachais agus sonraí pearsanta a chinneadh.

I gCaibidil a trí CTDAES déantar foráil maidir le heisceachtaí cothrománacha, sásra um réiteach díospóidí, creat institiúideach, agus forálacha críochnaitheacha an chomhaontaithe. I gcás inarb ábhartha, leis an teideal déantar forálacha ábhartha an Chomhaontaithe Saorthrádála infheidhme, trí chrostagairt, ar forálacha iad lena soláthraítear an creat chun CTDAES a chur i bhfeidhm.

2025/0009 (NLE)

Togra le haghaidh

CINNEADH ÓN gCOMHAIRLE

maidir le tabhairt i gcrích, thar ceann an Aontais Eorpaigh, an Chomhaontaithe Trádála Digití idir an tAontas Eorpach agus Poblacht Shingeapór

TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 207(4), an chéad fhomhír, i gcomhar le hAirteagal 218(6)(a) de,

Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,

Chuathas i gcomhairle leis an Maoirseoir Eorpach ar Chosaint Sonraí i gcomhréir le hAirteagal 42(1) de Rialachán (AE) 2018/1725 agus thug sé a thuairim uaidh an [dáta na tuairime],

Ag féachaint don toiliú ó Pharlaimint na hEorpa,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)An 27 Meitheamh 2023 d’údaraigh an Chomhairle don Choimisiún tús a chur le caibidlíocht i leith disciplíní trádála digití le Poblacht Shingeapór.

(2)An 25 Iúil 2024 thug an Coimisiún an chaibidlíocht maidir leis an gComhaontú Trádála Digití idir an tAontas Eorpach agus Poblacht Shingeapór (‘an Comhaontú’) i gcrích go rathúil thar ceann an Aontais.

(3)I gcomhréir le Cinneadh [XXX] ón gComhairle an [...] 16 , síníodh an Comhaontú an [..], faoi réir a thabhairt i gcrích tráth níos déanaí.

(4)Ba cheart an Comhaontú a fhormheas thar ceann an Aontais Eorpaigh.

(5)I gcomhréir leis na Conarthaí, is faoin gCoimisiún atá sé a áirithiú go dtabharfaí an fógra dá bhforáiltear in Airteagal 38 den Chomhaontú do Phoblacht Shingeapór thar ceann an Aontais, chun toiliú an Aontais a bheith faoi cheangal ag an gComhaontú a chur in iúl,

TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Leis seo déantar an Comhaontú Trádála Digití idir an tAontas Eorpach agus Poblacht Shingeapór (‘an Comhaontú’) a fhormheas thar ceann an Aontais Eorpaigh.

Tá téacs an Chomhaontaithe i gceangal leis an gCinneadh seo.

Airteagal 2 

Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm lá a ghlactha.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil,

   Thar ceann na Comhairle

   An tUachtarán

(1)    Cinneadh 8886/23 ón gComhairle.
(2)    https://policy.trade.ec.europa.eu/news/joint-statement-launch-negotiations-eu-singapore-digital-trade-agreement-2023-07-20_ga
(3)    https://ec.europa.eu/commission/presscorner/detail/ga/statement_24_3983
(4)    IO L 294, 14.11.2019.
(5)    ECFE, Of bytes and trade: Quantifying the impact of digitalisation on trade, Bealtaine 2023.
(6)    COM(2021) 66 final.
(7)    JOIN(2023) 20 final.
(8)    IO L 189, 26.7.2018.
(9)    JOIN(2021) 24 final.
(10)    https://digital-strategy.ec.europa.eu/en/library/eu-singapore-digital-partnership
(11)    Ráiteas ó chomhthionóil an Tionscnaimh Chomhpháirtigh maidir le Ríomhthráchtáil an 26 Iúil 2024 (INF/ECOM/87).
(12)    https://www.eeas.europa.eu/delegations/singapore/study-potential-impacts-future-eu-singapore-digital-trade-agreement_en?s=178
(13)    Ibid.
(14)    Ibid.
(15)    https://ec.europa.eu/newsroom/just/items/627665/en
(16)    IO L    lch. [...].