16.5.2022   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L 137/82


CINNEADH (CBES) 2022/744 ÓN gCOISTE POLAITIÚIL AGUS SLÁNDÁLA

an 10 Bealtaine 2022

lena gcuirtear síneadh le sainordú Cheann Misin Mhisean Comhairleach an Aontais Eorpaigh le haghaidh Athchóiriú na hEarnála Sibhialtaí Slándála san Úcráin (EUAM Ukraine) (EUAM UKRAINE/1/2022)

TÁ AN COISTE POLAITIÚIL AGUS SLÁNDÁLA,

Ag féachaint don Chonradh ar an Aontas Eorpach, agus go háirithe Airteagal 38, an tríú mír, de,

Ag féachaint do Chinneadh 2014/486/CBES ón gComhairle an 22 Iúil 2014 maidir le Misean Comhairleach an Aontais Eorpaigh le haghaidh Athchóiriú na hEarnála Slándála Sibhialta san Úcráin (EUAM Ukraine) (1), agus go háirithe Airteagal 7(1) de,

Ag féachaint don togra ó Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

De bhun Chinneadh 2014/486/CBES, údaraítear don Choiste Polaitiúil agus Slándála, i gcomhréir le hAirteagal 38 den Chonradh, na cinntí ábhartha a ghlacadh chun rialú polaitiúil agus treoir straitéiseach Mhisean Comhairleach an Aontais Eorpaigh le haghaidh Athchóiriú na hEarnála Slándála Sibhialta san Úcráin (EUAM Ukraine) a fheidhmiú, lena n-áirítear an cinneadh Ceann Misin a cheapadh.

(2)

An 4 Meitheamh 2019, ghlac an Coiste Polaitiúil agus Slándála Cinneadh (CBES) 2019/992 (2), lena gceaptar Antti HARTIKAINEN mar Cheann Misin don tréimhse ón 1 Iúil 2019 go dtí an 30 Meitheamh 2020.

(3)

An 8 Meitheamh 2020, ghlac an Chomhairle Cinneadh (CBES) 2020/754 (3), lena gcuirtear síneadh le sainordú Antti HARTIKAINEN mar Cheann Misin go dtí an 31 Bealtaine 2021.

(4)

An 20 Bealtaine 2021, ghlac an Chomhairle Cinneadh (CBES) 2021/813 (4), lena gcuirtear síneadh le sainordú EUAM Ukraine go dtí an 31 Bealtaine 2024.

(5)

An 20 Bealtaine 2021, ghlac an Coiste Polaitiúil agus Slándála Cinneadh (CBES) 2021/868 (5), lena gcuirtear síneadh le sainordú Antti HARTIKAINEN mar Cheann Misin go dtí an 31 Bealtaine 2022.

(6)

Tá molta ag Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála síneadh a chur le sainordú Antti HARTIKAINEN mar Cheann Misin EUAM Ukraine ón 1 Meitheamh 2022 go dtí an 31 Bealtaine 2023,

TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Leis seo, cuirtear síneadh le sainordú Antti HARTIKAINEN mar Cheann Misin Mhisean Comhairleach an Aontais Eorpaigh le haghaidh Athchóiriú na hEarnála Slándála Sibhialta san Úcráin (EUAM Ukraine) go dtí an 31 Bealtaine 2023.

Airteagal 2

Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm ar dháta a ghlactha.

Beidh feidhm aige ón 1 Meitheamh 2022.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, 10 Bealtaine 2022.

Thar ceann an Choiste Pholaitiúil agus Slándála

D. PRONK

An Cathaoirleach


(1)   IO L 217, 23.7.2014, lch. 42.

(2)  Cinneadh (CBES) 2019/992 ón gCoiste Polaitiúil agus Slándála an 4 Meitheamh 2019 maidir le Ceann Misin Mhisean Comhairleach an Aontais Eorpaigh le haghaidh Athchóiriú na hEarnála Slándála Sibhialta san Úcráin a cheapadh (EUAM Ukraine/1/2019) (IO L 160, 18.6.2019, lch. 24).

(3)  Cinneadh (CBES) 2020/754 ón gComhairle an 8 Meitheamh 2020, lena gcuirtear síneadh le sainordú Cheann Misin Mhisean Comhairleach an Aontais Eorpaigh (EUAM Ukraine) (IO L 179 I, 9.6.2020, lch. 1).

(4)  Cinneadh (CBES) 2021/813 ón gComhairle an 20 Bealtaine 2021 lena leasaítear Cinneadh 2014/486/CBES maidir le Misean Comhairleach an Aontais Eorpaigh le haghaidh Athchóiriú na hEarnála Slándála Sibhialtaí san Úcráin (EUAM Ukraine) (IO L 180, 21.5.2021, lch. 149).

(5)  Cinneadh (CBES) 2021/868 ón gCoiste Polaitiúil agus Slándála an 20 Bealtaine 2021 maidir le síneadh a chur le sainordú Cheann Misin Mhisean Comhairleach an Aontais Eorpaigh (EUAM Ukraine) (EUAM UKRAINE/1/2021) (IO L 191, 31.5.2021, lch. 2).