4.2.2022   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L 25/17


CINNEADH (CBES) 2022/153 ÓN gCOMHAIRLE

an 3 Feabhra 2022

lena leasaítear Cinneadh 2011/486/CBES a bhaineann le bearta sriantacha atá dírithe ar dhaoine aonair, ar ghrúpaí, ar ghnóthais agus ar eintiteas áirithe i bhfianaise na staide san Afganastáin

TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar an Aontas Eorpach, agus go háirithe Airteagal 29 de,

Ag féachaint do Chinneadh 2011/486/CBES ón gComhairle an 1 Lúnasa 2011 a bhaineann le bearta sriantacha atá dírithe ar dhaoine aonair, ar ghrúpaí, ar ghnóthais agus ar eintitis áirithe i bhfianaise na staide san Afganastáin (1),

Ag féachaint don togra ó Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

An 1 Lúnasa 2011, ghlac an Chomhairle Cinneadh 2011/486/CBES.

(2)

An 22 Nollaig 2021, ghlac Comhairle Slándála na Náisiún Aontaithe Rún 2615 (2021) lena gcuirtear in iúl gur cúis mhór imní di an staid dhaonnúil san Afganastáin, lena n-áirítear neamhshlándáil an tsoláthair bia agus ag meabhrú di go ndearnadh difear díréireach do mhná, do pháistí agus do mhionlaigh.

(3)

Chinn Comhairle Slándála na Náisiún Aontaithe, i Rún 2615 (2021) uaithi, nach sárú iad cúnamh daonnúil agus gníomhaíochtaí eile a thacaíonn le riachtanais bhunúsacha an duine san Afganastáin ar mhír 1(a) de Rún 2255 (2015) ó Chomhairle Slándála na Náisiún Aontaithe agus, ag an am céanna, spreag sí go láidir na soláthraithe atá ag brath ar Rún 2615 (2021) ó Chomhairle Slándála na Náisiún Aontaithe chun iarrachtaí réasúnacha a úsáid chun fabhrú sochar ar bith chuig daoine aonair nó eintitis ainmnithe ar Liosta Smachtbhannaí de bhun Rún 1988 (2011) ó Chomhairle Slándála na Náisiún Aontaithe a íoslaghdú, bíodh an fabhrú sin mar thoradh ar sholáthar díreach nó atreorú.

(4)

Ba cheart, dá bhrí sin, Cinneadh 2011/486/CBES a leasú dá réir sin.

(5)

Tá gá le tuilleadh gníomhaíochta ón Aontas chun bearta áirithe den Chinneadh seo a chur chun feidhme,

TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

In Airteagal 4 de Chinneadh 2011/486/CBES, cuirtear an mhír seo a leanas leis:

“6.   Ní bheidh feidhm ag mír 1 agus mír 2 maidir le cistí, acmhainní eile airgeadais nó acmhainní eacnamaíocha a phróiseáil agus a íoc ná maidir le soláthar earraí agus seirbhísí is gá chun a áirithiú go seachadfar go tráthúil cabhair dhaonnúil agus gníomhaíochtaí eile a thacaíonn le riachtanais bhunúsacha an duine san Afganastáin nó chun tacú le gníomhaíochtaí den sórt sin.”.

Airteagal 2

Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm an lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, 3 Feabhra 2022.

Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán

J.-Y. LE DRIAN


(1)   IO L 199, 2.8.2011, lch. 57.