|
Iris Oifigiúil |
GA Sraith L |
|
2025/2376 |
24.11.2025 |
CINNEADH (AE) 2025/2376 ÓN gCOMHAIRLE
an 4 Samhain 2025
maidir le síniú, thar ceann an Aontais Eorpaigh, an Chomhaontaithe idir an tAontas Eorpach agus Ríocht Aontaithe na Breataine Móire agus Thuaisceart Éireann maidir le comhar i dtaca le cur i bhfeidhm a ndlíthe iomaíochta faoi seach
TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,
Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagail 103 agus 352, i gcomhar le hAirteagal 218(5) agus Airteagal 218(8), an dara fomhír, de,
Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,
De bharr an mhéid seo a leanas:
|
(1) |
An 8 Meitheamh 2023, d’údaraigh an Chomhairle an Coimisiún tús a chur le caibidlíocht le Ríocht Aontaithe na Breataine Móire agus Thuaisceart Éireann (‘an Ríocht Aontaithe’) le haghaidh comhaontú forlíontach, de réir bhrí Airteagal 2 den Chomhaontú Trádála agus Comhair idir an tAontas Eorpach agus an Comhphobal Eorpach do Fhuinneamh Adamhach, de pháirt, agus Ríocht Aontaithe na Breataine Móire agus Thuaisceart Éireann, den pháirt eile (1), an 30 Nollaig 2020 (‘an Comhaontú Trádála agus Comhair’), maidir le comhar in ábhair iomaíochta. |
|
(2) |
Rinne an Coimisiún, thar ceann an Aontais, Comhaontú a chaibidil idir an tAontas agus an Ríocht Aontaithe, maidir le comhar i ndáil le cur i bhfeidhm a ndlíthe iomaíochta faoi seach (‘an Comhaontú’). Tá an chaibidlíocht curtha i gcrích ar an leibhéal teicniúil. |
|
(3) |
Is é is cuspóir don Chomhaontú creat a chur chun cinn agus a sholáthar le haghaidh an chomhair agus an chomhordaithe atá ann cheana in ábhair iomaíochta idir údaráis iomaíochta an Aontais agus a Bhallstát, de pháirt, agus údaráis iomaíochta na Ríochta Aontaithe, den pháirt eile, d’fhonn dlíthe iomaíochta an Aontais agus na Ríochta Aontaithe a fhorfheidhmiú ar bhealach níos éifeachtaí. Cé go n-oibríonn údaráis iomaíochta an Aontais agus na Ríochta Aontaithe i gcomhar ar bhonn Airteagal 361(2) den Chomhaontú Trádála agus Comhair, luaitear in Airteagal 361(4) go bhféadfaidh na comhpháirtithe comhaontú ar leithligh a dhéanamh maidir le comhar agus comhordú in ábhair iomaíochta. Mar sin, is comhaontú forlíontach de réir bhrí Airteagal 2 ar an gComhaontú Trádála agus Comhair é an Comhaontú. |
|
(4) |
D’aithin an Coimisiún trí bhíthin Chinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2021/1772 ón gCoimisiún (2) go n-áirithíonn an Ríocht Aontaithe leibhéal leordhóthanach cosanta do shonraí pearsanta a aistrítear faoi raon feidhme Rialachán (AE) 2016/679 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (3) ón Aontas chuig an Ríocht Aontaithe. |
|
(5) |
Dá bhrí sin, ba cheart an Comhaontú a bheith sínithe thar ceann an Aontais, faoi réir a thabhairt i gcrích ar dháta níos déanaí. |
|
(6) |
Chuathas i gcomhairle leis an Maoirseoir Eorpach ar Chosaint Sonraí i gcomhréir le hAirteagal 42(1) de Rialachán (AE) 2018/1725 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (4) agus thug sé a thuairim uaidh an 15 Iúil 2025 (5), |
TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
Leis seo, údaraítear an Comhaontú idir an tAontas Eorpach agus Ríocht Aontaithe na Breataine Móire agus Thuaisceart Éireann maidir le comhar i dtaca le cur i bhfeidhm a ndlíthe iomaíochta faoi seach a shíniú thar ceann an Aontais, faoi réir an Comhaontú sin a thabhairt i gcrích (6).
Airteagal 2
Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm ar dháta a ghlactha.
Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 4 Samhain 2025.
Thar ceann na Comhairle
An tUachtarán
L. AAGAARD
(1) Comhaontú Trádála agus Comhair idir an tAontas Eorpach agus an Comhphobal Eorpach do Fhuinneamh Adamhach, de pháirt, agus Ríocht Aontaithe na Breataine Móire agus Thuaisceart Éireann, den pháirt eile (IO L 149, 30.4.2021, lch. 10, ELI: http://data.europa.eu/eli/agree_internation/2021/689(1)/oj).
(2) Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2021/1772 ón gCoimisiún an 28 Meitheamh 2021 de bhun Rialachán (AE) 2016/679 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le cosaint leordhóthanach ar shonraí pearsanta ag an Ríocht Aontaithe (IO L 360, 11.10.2021, lch. 1, ELI: http://data.europa.eu/eli/dec_impl/2021/1772/oj).
(3) Rialachán (AE) 2016/679 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 27 Aibreán 2016 maidir le daoine nádúrtha a chosaint i ndáil le sonraí pearsanta a phróiseáil agus maidir le saorghluaiseacht sonraí den sórt sin, agus lena n-aisghairtear Treoir 95/46/CE (an Rialachán Ginearálta maidir le Cosaint Sonraí) (IO L 119, 4.5.2016, lch. 1, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2016/679/oj).
(4) Rialachán (AE) 2018/1725 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Deireadh Fómhair 2018 maidir le daoine nádúrtha a chosaint i ndáil le sonraí pearsanta a phróiseáil ag institiúidí, comhlachtaí, oifigí agus gníomhaireachtaí an Aontais agus maidir le saorghluaiseacht sonraí den sórt sin, agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 45/2001 agus Cinneadh Uimh. 1247/2002/CE (IO L 295, 21.11.2018, lch. 39, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2018/1725/oj).
(5) https://www.edps.europa.eu/data-protection/our-work/publications/opinions/2025-07-15-opinion-132025-proposals-council-decisions-signing-and-conclusion-agreement-between-european-union-and-united-kingdom-great-britain-and_en.
(6) Foilseofar téacs an Chomhaontaithe in éineacht leis an gCinneadh maidir lena thabhairt i gcrích.
ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2025/2376/oj
ISSN 1977-0839 (electronic edition)