|
6.9.2022 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
C 342/275 |
P9_TA(2022)0018
Iarraidh ar dhíolúine Jörg Meuthen a tharscaoileadh
Cinneadh ó Pharlaimint na hEorpa an 15 Feabhra 2022 maidir leis an iarraidh ar dhíolúine Jörg Meuthen a tharscaoileadh (2021/2160(IMM))
(2022/C 342/26)
Tá Parlaimint na hEorpa,
|
— |
ag féachaint don iarraidh ar dhíolúine Jörg Meuthen ó Ionchúisitheoir Poiblí Bheirlín a tharscaoileadh, arna cur ar aghaidh i litir dar dáta an 16 Meitheamh 2021 ó Aireacht Chónaidhme Dlí agus Cirt agus Cosanta Tomhaltóirí na Gearmáine, i gcomhar le réamh-imscrúdú i dtaobh cion coiriúil amhrasta, agus a cuireadh i bhfios ag suí iomlánach an 5 Iúil 2021, |
|
— |
tar éis éisteacht le Jörg Meuthen, i gcomhréir le hAirteagal 9(6) dá Rialacha Nós Imeachta, |
|
— |
ag féachaint d’Airteagail 8 agus 9 de Phrótacal Uimh. 7 ar Phribhléidí agus Díolúintí an Aontais Eorpaigh agus d’Airteagal 6(2) d’Ionstraim an 20 Meán Fómhair 1976 maidir le toghadh chomhaltaí Pharlaimint na hEorpa trí vótáil chomhchoiteann dhíreach, |
|
— |
ag féachaint do na breithiúnais a thug Cúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh an 21 Deireadh Fómhair 2008, an 19 Márta 2010, an 6 Meán Fómhair 2011, an 17 Eanáir 2013 agus an 19 Nollaig 2019 (1), |
|
— |
ag féachaint d’Airteagal 46(2), (3) agus (4) de Dhlí Bunúsach Phoblacht Chónaidhme na Gearmáine agus d’Airteagal 192 de “Richtlinien für das Strafverfahren und das Bußgeldverfahren” (Treoirlínte d’imeachtaí coiriúla agus d’imeachtaí riaracháin), |
|
— |
ag féachaint do Riail 5(2), do Riail 6(1) agus do Riail 9 dá Rialacha Nós Imeachta, |
|
— |
ag féachaint don tuarascáil ón gCoiste um Ghnóthaí Dlíthiúla (A9-0016/2022), |
|
A. |
de bhrí gur iarr an t-ionchúisitheoir poiblí i mBeirlín díolúine Jörg Meuthen, Feisire de Pharlaimint na hEorpa a toghadh don Ghearmáin, a tharscaoileadh d’fhonn imeachtaí coiriúla a thionscnamh de réir bhrí Airteagal 152(2) de Chód Nós Imeachta Coiriúil na Gearmáine (Strafprozessordnung) maidir le claonchasadh coiriúil de réir bhrí Airteagal 266 den Chód Coiriúil agus maidir le hamhras faoi chion coiriúil de réir bhrí Airteagal 31d (1)(1) den Acht um Páirtithe Polaitiúla (Parteiengesetz); |
|
B. |
de bhrí, ina cháil mar urlabhraí cónaidhme don pháirtí “Alternative für Deutschland” (AfD) do na blianta 2016, 2017 agus 2018, go líomhnaítear go ndearna Jörg Meuthen na nithe seo a leanas:
|
|
C. |
de bhrí gur toghadh Jörg Meuthen ina Fheisire de Pharlaimint na hEorpa le héifeacht ón 8 Samhain 2017; |
|
D. |
de bhrí nach mbaineann na cionta líomhnaithe le tuairimí a nochtadh nó vótaí a caitheadh le linn don Fheisire de Pharlaimint na hEorpa a bheith i mbun a chuid dualgas chun críocha Airteagal 8 de Phrótacal Uimh. 7 ar Phribhléidí agus Díolúintí an Aontais Eorpaigh; |
|
E. |
de bhrí go bhforáiltear le hAirteagal 9 de Phrótacal Uimh. 7 ar Phribhléidí agus Díolúintí an Aontais Eorpaigh go dteachtfaidh Feisirí de Pharlaimint na hEorpa i gcríoch a Stáit féin na díolúintí a thugtar do chomhaltaí pharlaimint a Stáit féin; |
|
F. |
de bhrí go bhforáiltear mar seo a leanas le hAirteagal 46(2), (3) agus (4) de Dhlí Bunúsach Phoblacht Chónaidhme na Gearmáine:
|
|
G. |
de bhrí go rialaíonn Airteagal 192 den “Richtlinien für das Strafverfahren und das Bußgeldverfahren” díolúine Feisire de Pharlaimint na hEorpa a tharscaoileadh agus, de bhrí, go háirithe, go bhforáiltear le mír 1 an méid seo a leanas:
|
|
H. |
de bhrí nach féidir le Parlaimint na hEorpa ról cúirte a ghlacadh, agus de bhrí nach féidir, i nós imeachta um dhíolúine a tharscaoileadh, Feisire a mheas mar chosantóir (2); |
|
I. |
de bhrí gurb é is cuspóir do dhíolúine pharlaiminteach ná Parlaimint na hEorpa agus a Fheisirí a chosaint ar imeachtaí dlíthiúla a bhaineann le gníomhaíochtaí a dhéantar agus dualgais pharlaiminteacha á gcomhlíonadh agus nach féidir a scaradh ó na dualgais sin; |
|
J. |
de bhrí nár aimsigh an Pharlaimint, sa chás seo, aon fhianaise ar fumus persecutionis, i.e. gnéithe fíorasacha a thugann le fios gurb é is intinn fholuiteach leis an imeacht dhlíthiúil dochar a dhéanamh do ghníomhaíocht pholaitiúil Feisire agus, dá bhrí sin, do Pharlaimint na hEorpa; |
|
1. |
á chinneadh an iarraidh ar dhíolúine Jörg Meuthen a tharscaoileadh; |
|
2. |
á threorú dá hUachtarán an cinneadh seo agus tuarascáil a coiste fhreagraigh a chur ar aghaidh láithreach chuig údaráis inniúla na Gearmáine agus chuig Jörg Meuthen. |
(1) Breithiúnas ón gCúirt Bhreithiúnais an 21 Deireadh Fómhair 2008, Marra v De Gregorio agus Clemente, C 200/07 agus C-201/07, ECLI:EU:C:2008:579; Breithiúnas ón gCúirt Ghinearálta an 19 Márta 2010, Gollnisch v an Pharlaimint, T-42/06, ECLI:EU:T:2010:102. Breithiúnas ón gCúirt Bhreithiúnais an 6 Meán Fómhair 2011, Patriciello, C 163/10, ECLI:EU:C:2011:543; Breithiúnas ón gCúirt Ghinearálta an 17 Eanáir 2013, Gollnisch v an Pharlaimint, T-346/11 agus T-347/11, ECLI:EU:T:2013:23; Breithiúnas ón gCúirt Bhreithiúnais an 19 Nollaig 2019, Junqueras Vies, C-502/19, ECLI:EU:C:2019:1115.
(2) Breithiúnas ón gCúirt Ghinearálta an 30 Aibreán 2019, Briois v an Pharlaimint, T-214/18, ECLI:EU:T:2019:266.