|
Iris Oifigiúil |
GA Sraith L |
|
2024/3236 |
23.12.2024 |
RIALACHÁN (AE) 2024/3236 Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE
an 19 Nollaig 2024
lena leasaítear Rialacháin (AE) 2021/1057 agus (AE) 2021/1058 a mhéid a bhaineann le Tacaíocht Éigeandála Réigiúnach don Atógáil (RESTORE)
TÁ PARLAIMINT NA hEORPA AGUS COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,
Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 164, Airteagal 175(3) agus Airteagal 178 de,
Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,
Tar éis dóibh an dréachtghníomh reachtach a chur chuig na parlaimintí náisiúnta,
Ag féachaint don tuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa (1),
Ag féachaint don tuairim ó Choiste na Réigiún (2),
Ag gníomhú dóibh i gcomhréir leis an ngnáthnós imeachta reachtach (3),
De bharr an mhéid seo a leanas:
|
(1) |
Bhí tionchar tubaisteach ag na tuilte agus na falscaí a tharla le déanaí i Lár, in Oirthear agus i nDeisceart na hEorpa ar an bpobal atá ina gcónaí sna réigiúin sin. Beidh gá le hoibreacha atógála fairsinge in go leor cathracha, bailte agus sráidbhailte chun bonneagar agus trealamh a ndearnadh damáiste dóibh a dheisiú. Tá gá le bearta láithreacha chun iarmhairtí sóisialta agus eacnamaíocha na dtubaistí nádúrtha sin a mhaolú. Ina theannta sin, tá cúnamh ábhartha bunúsach ag teastáil ó dhaoine láithreach. Thairis sin, tá gá le tacaíocht do chaomhnú post chun cuidiú le fostaithe agus le daoine féinfhostaithe a bpoist a choinneáil ar feadh tréimhse teoranta ama i gcás nach bhfuil siad in ann rochtain a fháil ar a ngnátháit fostaíochta de dheasca tubaiste nádúrtha. Chun dul i ngleic le héifeacht mhillteanach tubaistí nádúrtha ar shláinte daoine, ba cheart rochtain ar chúram sláinte a bheith indéanta freisin, lena gcuimsítear daoine nach mbaineann leochaileacht shocheacnamaíoch láithreach leo. Tugann an fhianaise le fios gur dócha go dtiocfaidh méadú ar tharluithe tubaistí nádúrtha san am atá le teacht. Dá bhrí sin, is iomchuí creat sealadach a chruthú lena ndéantar foráil maidir le solúbthacht agus tacaíocht airgeadais, agus san am céanna, cineál straitéiseach fadtéarmach infheistíochtaí an bheartais comhtháthaithe á chaomhnú. |
|
(2) |
Chun an t-ualach ar bhuiséid na mBallstát lena mbaineann a laghdú go tapa agus chun an riosca go mbeidh éagothromaíochtaí críochacha nua ann a mhaolú, ba cheart tacaíocht éifeachtach ó Chiste Sóisialta na hEorpa Plus (CSE+) arna bhunú le Rialachán (AE) 2021/1057 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (4) agus ó Chiste Forbraíochta Réigiúnaí na hEorpa (CFRE), agus ón gCiste Comhtháthaithe arna rialú le Rialachán (AE) 2021/1058 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (5) a sholáthar do Bhallstáit, réigiúin, údaráis áitiúla agus daoine a ndearna tubaistí nádúrtha den sórt sin difear mór dóibh, sa bhreis ar na hacmhainní atá ar fáil ó Chiste Dlúthpháirtíochta an Aontais Eorpaigh (CDAE) arna bhunú le Rialachán (CE) Uimh. 2012/2002 (6). |
|
(3) |
Chun solúbthacht bhreise a sholáthar do Bhallstáit a ndearna tubaistí nádúrtha difear dóibh, ba cheart cuspóir sonrach nua a sholáthar faoin sprioc i gcomhair Infheistíocht le haghaidh post agus fáis chun tacaíocht airgeadais CFRE agus an Chiste Comhtháthaithe a dhíriú ar atógáil mar fhreagairt ar thubaistí den sórt sin. |
|
(4) |
Le cuspóir beartais 2, lena gcuirtear chun cinn Eoraip athléimneach, níos glaise, a fheidhmeoidh ar bheagán carbóin agus a aistreoidh chuig geilleagar carbóin glan-nialasach trí aistriú fuinnimh glan agus cóir, infheistíocht ghlas agus ghorm, an geilleagar ciorclach, maolú ar an athrú aeráide agus oiriúnú aeráide agus cosc agus bainistiú rioscaí, agus soghluaisteacht uirbeach inbhuanaithe, dá dtagraítear in Airteagal 5(1), pointe (b), de Rialachán (AE) 2021/1060 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (7), faoinar cheart an cuspóir sonrach nua a thabhairt isteach, tacaítear go díreach le cuspóirí an Chomhaontaithe Ghlais don Eoraip. Tá sé d’aidhm ag an Teachtaireacht ón gCoimisiún an 24 Feabhra 2021 dar teideal ‘Forging a climate-resilient Europe - the new EU Strategy on Adaptation to Climate Change’ [An Eoraip a fhorbairt sa tslí go mbeidh sí athléimneach – Straitéis Nua an Aontais Eorpaigh maidir le hOiriúnú don Athrú Aeráide] bearta oiriúnúcháin a fhorbairt chun rioscaí a bhaineann le tubaistí atá mar thoradh ar an athrú aeráide a bhainistiú, amhail tuilte, falscaithe nó triomaigh. Ba cheart leanúnachas agus atreisiú na n-infheistíochtaí atá beartaithe i gcosc tubaistí agus in ullmhacht maidir le tubaistí, chomh maith le hoiriúnú don athrú aeráide, a áirithiú, chun maolú a dhéanamh ar thionchar na dtubaistí nádúrtha a tharlaíonn níos minice ná riamh, lena n-áirítear tubaistí arb í an aeráid is cúis leo. Níor cheart iarrachtaí atógála dul chun dochair d’infheistíochtaí i gcosc agus ullmhacht struchtúrach fhadtéarmach maidir le tubaistí. Ba cheart cur i bhfeidhm díonadh ar an athrú aeráide agus an phrionsabail ‘gan dochar suntasach a dhéanamh’ a áirithiú agus infheistíocht á déanamh i mbonneagar chun athléimneacht an bhonneagair arna chistiú ag an Aontas a fheabhsú i bhfianaise tubaistí a bheidh ann amach anseo, tubaistí a tharlóidh níos minice agus níos déine, arb é an t-athrú aeráide is cúis leo. |
|
(5) |
I gcomhréir le raon feidhme na tacaíochta ó CFRE mar a leagtar amach i Rialachán (AE) 2021/1058, féadfar a chumhdach le tacaíocht d’atógáil mar fhreagairt ar thubaistí nádúrtha faoin gcuspóir sonrach nua athchóiriú bonneagair a ndearnadh damáiste dó nó a scriosadh, amhail bonneagar poiblí nó infheistíocht i gcaipiteal seasta le haghaidh gnólachtaí agus trealaimh, lena n-áirítear tacaíocht ag suíomh difriúil nó i bhformáid nach bhfuil comhionann leis an gceann bunaidh, más gá, ar bhealach athléimneach inbhuanaithe. Ina theannta sin, féadfar tacú le limistéir nádúrtha, an bhithéagsúlacht agus bonneagar glas a athchóiriú, lena n-áirítear tacaíocht athchóirithe ar láithreáin Natura 2000. D’fhéadfadh bearta ábhartha a bhaineann leis an athfhoraoisiú a bheith san áireamh leis sin. Féadfar, leis an gCiste Comhtháthaithe, tacaíocht a sholáthar freisin don chuspóir sonrach nua a mhéid atá sé i gcomhréir le raon feidhme na tacaíochta ón gCiste Comhtháthaithe a leagtar amach i Rialachán (AE) 2021/1058. |
|
(6) |
I gcomhthéacs na hatógála mar fhreagairt ar thubaistí nádúrtha, ba cheart tosaíocht a thabhairt sa phróiseas roghnúcháin d’oibríochtaí atá bunaithe ar an bprionsabal ‘atógáil chun feabhais’. Is éard atá i gceist leis an bprionsabal sin úsáid a bhaint as na céimeanna téarnaimh, athshlánaithe agus atógála tar éis tubaiste chun athléimneacht pobal a mhéadú trí bhearta laghdaithe rioscaí tubaiste a chomhtháthú, mar a léirítear i gCreat Sendai na Náisiún Aontaithe um Laghdú Rioscaí Tubaiste 2015-2030. San am céanna, ba cheart an tacaíocht a thabharfar do na hoibríochtaí roghnaithe leanúint de bheith comhréireach agus an gaol is fearr idir an méid tacaíochta agus an cuspóir maidir le hathléimneacht ó thubaistí a áirithiú. Thairis sin, má tá Ballstát incháilithe le haghaidh tacaíocht ó CDAE chun maoiniú a dhéanamh ar oibríochtaí riachtanacha éigeandála agus téarnaimh lena gcuirtear an bonneagar ar ais sa riocht ina raibh sé sular tharla an tubaiste nádúrtha, féadfar tacaíocht ó CFRE agus ón gCiste Comhtháthaithe a úsáid ar bhealach comhlántach le CDAE chun feabhas a chur ar fheidhmiúlacht an bhonneagair dá ndearnadh difear chun feabhas a chur ar a acmhainneacht, a inbhuanaitheacht agus a athléimneacht i leith tubaistí nádúrtha a bheidh ann amach anseo a sheasamh. Is é is cuspóir don tacaíocht ó CFRE agus ón gCiste Comhtháthaithe an athléimneacht agus ullmhacht maidir le rioscaí a mhéadú. |
|
(7) |
Chun ró-íocaíocht a eisiamh, ba cheart do na Ballstáit a áirithiú nach mbeidh forluí idir an tacaíocht a chumhdaítear le CSE+, le CFRE nó leis an gCiste Comhtháthaithe agus tacaíocht a fhaightear ó ionstraim eile de chuid an Aontais, ó ionstraim náisiúnta nó ó scéim árachais phríobháidigh. |
|
(8) |
Chun freagairt do thionchar tubaistí nádúrtha, ba cheart cead a bheith ag Ballstáit, trí thosaíochtaí tiomnaithe, cuidiú spriocdhírithe, tapa agus láithreach a sholáthar chun iarmhairtí diúltacha socheacnamaíocha na dtubaistí sin a mhaolú. Ina theannta sin, ba cheart na Ballstáit a bheith in ann tacú, laistigh den tosaíocht thiomnaithe nó lasmuigh di, le bearta sealadacha do dhaoine a ndéanann tubaistí nádúrtha difear díreach dóibh i bhfoirm bia agus/nó cúnaimh ábhartha bhunúsaigh gan oibleagáid a bheith orthu bearta tionlacain a sholáthar. Ba cheart do na Ballstáit freisin, i gcás ina bhfuil géarghá leis agus ina bhfuil údar cuí leis, foráil a dhéanamh maidir le scéimeanna oibre gearr-ama chun fostaithe agus cur ar chumas dhaoine féinfhostaithe a ndéanann iarmhairtí tubaistí nádúrtha difear dóibh a bpoist a choinneáil gan bearta gníomhacha a sholáthar, mura bhforchuirtear na bearta sin leis an dlí náisiúnta, chomh maith le bearta chun rochtain ar chúram sláinte a áirithiú lena n-áirítear rochtain do dhaoine nach mbaineann leochaileacht shocheacnamaíoch láithreach leo. Dá bhrí sin, is iomchuí foráil a dhéanamh maidir le solúbthachtaí le haghaidh na mbeart sealadach sin ar feadh tréimhse theoranta faoi Rialachán (AE) 2021/1057. |
|
(9) |
Ba cheart na hacmhainní chun tacú leis an bhfreagairt do thubaistí nádúrtha a chlársceidealú faoi thosaíocht thiomnaithe amháin nó níos mó ag a bhfuil ráta cómhaoinithe suas le 95 %. Tá na Ballstáit in ann úsáid a bhaint as na féidearthachtaí atá ann cheana chun leithdháiltí a aistriú idir cistí beartais comhtháthaithe dá bhforáiltear i Rialachán (AE) 2021/1060 chun na hacmhainní atá ar fáil faoi na tosaíochtaí tiomnaithe sin a mhéadú. Tá siad in ann acmhainní a ath-leithdháileadh freisin ó aon cheann de na cuspóirí beartais agus na rialacha is infheidhme á n-urramú san am céanna. |
|
(10) |
Ba cheart na hacmhainní foriomlána atá clársceidealaithe faoi na tosaíochtaí tiomnaithe a theorannú d’uasmhéid 10 % de leithdháileadh náisiúnta iomlán tosaigh an Bhallstáit le haghaidh CSE+ agus CFRE. Ba cheart é a bheith indéanta na hacmhainní sin a chlársceidealú trí leasú cláir amháin nó níos mó agus iad a nascadh le tubaiste amháin nó níos mó. Maidir leis an bprionsabal go bhfuil íocaíochtaí ón gCoimisiún le déanamh i gcomhréir le leithreasuithe buiséadacha agus faoi réir cistithe atá ar fáil, ba cheart feidhm leanúint de bheith ag an bprionsabal sin. |
|
(11) |
Chun tacaíocht láithreach a sholáthar d’infheistíochtaí le haghaidh atógáil mar fhreagairt ar thubaistí nádúrtha agus chun iarmhairtí socheacnamaíocha diúltacha na dtubaistí nádúrtha sin a mhaolú, ba cheart méid breise réamh-mhaoinithe eisceachtúil a sholáthar i ndáil leis na tosaíochtaí tiomnaithe. Ba cheart na rialacha is infheidhme maidir leis na méideanna sin de réamh-mhaoiniú eisceachtúil a bheith comhsheasmhach leis na rialacha is infheidhme maidir le réamh-mhaoiniú dá bhforáiltear i Rialachán (AE) 2021/1060. |
|
(12) |
Chun é a chur ar a gcumas do na Ballstáit aghaidh a thabhairt go hiomlán ar iarmhairtí tubaistí nádúrtha a tharlaíonn idir 1 Eanáir 2024 agus 31 Nollaig 2025, ba cheart a n-údaráis bhainistíochta a bheith in ann oibríochtaí tacaíochta atá críochnaithe go fisiceach nó curtha chun feidhme go hiomlán a roghnú sula gcuirfear an t-iarratas ar chistiú faoin gclár faoi bhráid an údaráis bainistíochta, ar choinníoll gur freagairt ar an tubaiste nádúrtha sin atá san oibríocht. |
|
(13) |
Ós rud é nach féidir leis na Ballstáit cuspóir an Rialacháin seo, eadhon, i bhfianaise na dtuillte agus na bhfalscaí le déanaí i Lár, Oirthear agus Deisceart na hEorpa, iarmhairtí socheacnamaíocha diúltacha na dtubaistí nádúrtha a mhaolú trí Rialacháin (AE) 2021/1057 agus (AE) 2021/1058 a leasú, a ghnóthú go leordhóthanach agus gur fearr is féidir iad a ghnóthú ar leibhéal an Aontais, féadfaidh an tAontas bearta a ghlacadh, i gcomhréir le prionsabal na coimhdeachta a leagtar amach in Airteagal 5 den Chonradh ar an Aontas Eorpach. I gcomhréir le prionsabal na comhréireachta a leagtar amach san Airteagal sin, ní théann an Rialachán seo thar a bhfuil riachtanach chun na cuspóirí sin a ghnóthú. |
|
(14) |
Ba cheart, dá bhrí sin, Rialacháin (AE) 2021/1057 agus (AE) 2021/1058 a leasú dá réir sin. |
|
(15) |
I bhfianaise éifeachtaí millteanacha na dtubaistí nádúrtha le déanaí agus na práinne atá le tacaíocht láithreach a sholáthar do na Ballstáit láithreach, meastar gur gá úsáid a bhaint as an eisceacht ar an tréimhse 8 seachtaine dá dtagraítear in Airteagal 4 de Phrótacal Uimh. 1 maidir le ról na bParlaimintí náisiúnta san Aontas Eorpach, atá i gceangal leis an gConradh ar an Aontas Eorpach, an Conradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh agus an Conradh ag bunú an Chomhphobail Eorpaigh do Fhuinneamh Adamhach. |
|
(16) |
I bhfianaise na práinne atá leis an staid a bhaineann le tubaistí nádúrtha, is iomchuí go dtiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh, |
TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
Leasuithe ar Rialachán (AE) 2021/1057
I Rialachán (AE) 2021/1057, cuirtear an t-airteagal seo a leanas isteach:
‘Airteagal 12b
Tacaíocht chun iarmhairtí diúltacha socheacnamaíocha tubaistí nádúrtha a mhaolú
1. Féadfaidh na Ballstáit CSE+ a úsáid chun tacaíocht a sholáthar chun iarmhairtí socheacnamaíocha diúltacha tubaistí nádúrtha, a tharlaíonn idir an 1 Eanáir 2024 agus an 31 Nollaig 2025, a mhaolú. Chun críoch an Airteagail seo, tuigfear gurb é atá i dtubaiste nádúrtha mórthubaiste nádúrtha nó tubaiste nádúrtha réigiúnach mar a shainmhínítear iad, faoi seach, in Airteagal 2(2) agus (3) de Rialachán (CE) Uimh. 2012/2002 ón gComhairle (*1). D’fhéadfaí a áireamh leis sin tubaiste nádúrtha as a n-eascraíonn damáiste díreach atá faoi bhun na dtairseach a shocraítear in Airteagal 2(2) agus (3) den Rialachán sin, ar choinníoll gur aithin údarás poiblí inniúil de chuid an Bhallstáit í mar thubaiste nádúrtha. I gcás ina dtarlaíonn an tubaiste nádúrtha as a n-eascraíonn damáiste díreach atá faoi bhun na dtairseach a shocraítear in Airteagal 2(2) agus (3) de Rialachán (CE) Uimh. 2012/2002 tar éis an 24 Nollaig 2024, measfar gur tubaiste nádúrtha í ar choinníoll gur aithin údarás poiblí inniúil an Bhallstáit ábhartha í amhlaidh laistigh de 12 sheachtain ón dáta a tharla an damáiste den chéad uair mar thoradh ar an tubaiste nádúrtha sin.
2. Chun críocha mhír 1 den Airteagal seo, féadfar acmhainní a chlársceidealú faoi thosaíochtaí tiomnaithe na gclár lena mbaineann. Ar feadh na clárthréimhse ar fad, maidir leis na hacmhainní foriomlána le haghaidh na dtosaíochtaí tiomnaithe sin a leithdháiltear ó CSE+, agus ó CFRE agus ón gCiste Comhtháthaithe de bhun Airteagail 3(1b), de Rialachán (AE) 2021/1058, beidh siad teoranta, d’uasmhéid 10 % den leithdháileadh náisiúnta iomlán tosaigh de CSE+ agus de CFRE. Tíolacfar an leasú ar chlár lena mbaineann laistigh de 6 mhí ón dáta a tharla an tubaiste nádúrtha nó, i gcás inar tharla an tubaiste nádúrtha roimh an 24 Nollaig 2024, faoin 25 Meitheamh 2025.
3. Féadfaidh na tosaíochtaí tiomnaithe dá dtagraítear i mír 2 den Airteagal seo tacú le haon cheann de na cuspóirí sonracha a leagtar amach in Airteagal 4(1) den Rialachán seo.
4. I gcás ina bhfuil géarghá leis mar bheart sealadach, d’fhéadfadh gur incháilithe do chistiú ar feadh uastréimhse 18 mí ón dáta a tharla an tubaiste nádúrtha scéimeanna oibre gearr-ama arb é is aidhm dóibh freagairt a thabhairt d’iarmhairtí tubaiste nádúrtha gan gá a bheith ann iad a chomhcheangal le bearta gníomhacha, chomh maith le rochtain ar chúram sláinte, lena n-áirítear le haghaidh daoine nach mbaineann leochaileacht shocheacnamaíoch láithreach leo.
5. De mhaolú ar Airteagal 19(4), ní cheanglófar ar na Ballstáit seachadadh bia agus/nó cúnaimh ábhartha bhunúsaigh a chomhlánú le bearta tionlacain faoin gcuspóir sonrach a leagtar amach in Airteagal 4(1), pointe (m), i gcás ina mbeidh an seachadadh sin le freagairt d’iarmhairtí tubaiste nádúrtha. Féadfaidh seachadadh bia agus/nó cúnaimh ábhartha bhunúsaigh den sórt sin gan bearta tionlacain a bheith incháilithe do mhaoiniú go ceann sé mhí ar a mhéad ón dáta a tharla an tubaiste nádúrtha agus i gcás ar bith tar éis an 1 Eanáir 2024.
6. De mhaolú ar Airteagal 63(6) de Rialachán (AE) 2021/1060, féadfaidh an t-údarás bainistíochta lena mbaineann tacaíocht a roghnú, faoi thosaíocht thiomnaithe, oibríochtaí atá críochnaithe go fisiceach nó curtha chun feidhme go hiomlán sula gcuirtear an t-iarratas ar chistiú faoi bhráid an údaráis bainistíochta, ar choinníoll go dtugann an oibríocht sin freagairt ar thubaiste nádúrtha a tharlaíonn [idir] an 1 Eanáir 2024 agus an 31 Nollaig 2025.
7. Íocfaidh an Coimisiún 25 % den leithdháileadh ar na tosaíochtaí tiomnaithe dá dtagraítear i mír 2 den Airteagal seo, i gcomhréir leis an gcinneadh lena bhformheastar an leasú ar an gclár mar réamh-mhaoiniú eisceachtúil de bhreis ar an réamh-mhaoiniú bliantúil don chlár dá bhforáiltear in Airteagal 90(1) agus (2) de Rialachán (AE) 2021/1060. Íocfar an réamh-mhaoiniú eisceachtúil sin laistigh de 60 lá tar éis ghlacadh an chinnidh ón gCoimisiún lena bhformheastar an leasú ar an gclár, faoi réir na gcistí a bheith ar fáil. I gcás ina ndéanfar an leithdháileadh ar na tosaíochtaí sin a mhéadú ina dhiaidh sin, íocfar méid réamh-mhaoiniúcháin breise a chomhfhreagróidh do 25 % den mhéadú.
I gcomhréir le hAirteagal 90(5), an chéad fhomhír, de Rialachán (AE) 2021/1060, déanfar an méid a íoctar mar réamh-mhaoiniú eisceachtúil a imréiteach ó chuntais an Choimisiúin tráth nach déanaí ná an bhliain chuntasaíochta deiridh.
I gcomhréir le hAirteagal 90(6) de Rialachán (AE) 2021/1060, úsáidfear aon ús arna ghiniúint leis an réamh-mhaoiniú eisceachtúil le haghaidh an chláir lena mbaineann ar an dóigh chéanna le CSE+ agus áireofar sna cuntais don bhliain chuntasaíochta deiridh é.
I gcomhréir le hAirteagal 97(1) de Rialachán (AE) 2021/1060, ní chuirfear an réamh-mhaoiniú eisceachtúil ar fionraí.
I gcomhréir le hAirteagal 105(1) de Rialachán (AE) 2021/1060, áireofar an réamh-mhaoiniú eisceachtúil a íoctar sa réamh-mhaoiniú atá le cur san áireamh chun na méideanna atá le saoradh a ríomh.
8. De mhaolú ar Airteagal 112(3) de Rialachán (AE) 2021/1060, is é 95 % an t-uasráta cómhaoinithe le haghaidh tosaíocht thiomnaithe a bunaíodh chun tacú le hiarmhairtí diúltacha socheacnamaíocha tubaiste nádúrtha a mhaolú de bhun mhír 2 den Airteagal seo.
Maidir le tacaíocht ó ionstraim eile de chuid an Aontais, ó ionstraim náisiúnta nó ó scéim árachais phríobháidigh, tacaíocht a fuarthas le haghaidh oibríochtaí a roghnaíodh mar fhreagairt ar thubaiste nádúrtha, áiritheoidh na Ballstáit go ndéanfar an tacaíocht sin a asbhaint ón gcaiteachas a áirítear san iarratas ar íocaíocht arna chur faoi bhráid an Choimisiúin.’.
Airteagal 2
Leasuithe ar Rialachán (AE) 2021/1058
Leasaítear Rialachán (AE) 2021/1058 mar a leanas:
|
1. |
leasaítear Airteagal 3 mar a leanas:
|
|
2. |
i dTábla 1 d’Iarscríbhinn I, cuirtear an ró seo a leanas isteach faoi chuspóir beartais 2: ‘
’. |
Airteagal 3
Dáta theacht i bhfeidhm
Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.
Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 19 Nollaig 2024.
Thar ceann Pharlaimint na hEorpa
An tUachtarán
R. METSOLA
Thar ceann na Comhairle
An tUachtarán
BÓKA J.
(1) Tuairim an 4 Nollaig 2024 (nár foilsíodh fós san Iris Oifigiúil).
(2) Tuairim an 21 Samhain 2024 (nár foilsíodh fós san Iris Oifigiúil).
(3) Seasamh ó Pharlaimint na hEorpa an 17 Nollaig 2024 (nár foilsíodh go fóill san Iris Oifigiúil) agus Cinneadh ón gComhairle an 18 Nollaig 2024.
(4) Rialachán (CE) Uimh. 2012/2002 ón gComhairle an 11 Samhain 2002 lena mbunaítear Ciste Dlúthpháirtíochta an Aontais Eorpaigh (IO L 311, 14.11.2002, lch. 3).
(5) Rialachán (AE) 2021/1058 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 24 Meitheamh 2021 maidir le Ciste Forbraíochta Réigiúnaí na hEorpa agus an Ciste Comhtháthaithe (IO L 231, 30.6.2021, lch. 60, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2021/1058/oj).
(6) Rialachán (AE) 2021/1057 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 24 Meitheamh 2021 lena mbunaítear Ciste Sóisialta na hEorpa Plus (CSE+) agus lena n-aisghairtear Rialachán (AE) Uimh. 1296/2013 (IO L 231, 30.6.2021, lch. 21, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2021/1057/oj).
(7) Rialachán (AE) 2021/1060 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 24 Meitheamh 2021 lena leagtar síos forálacha coiteanna maidir le Ciste Forbraíochta Réigiúnaí na hEorpa, Ciste Sóisialta na hEorpa Plus, an Ciste Comhtháthaithe, an Ciste um Aistriú Cóir agus an Ciste Eorpach Muirí, Iascaigh agus Dobharshaothraithe agus rialacha airgeadais maidir leis na cistí sin agus maidir leis an gCiste um Thearmann, Imirce agus Lánpháirtíocht, an Ciste Slándála Inmheánaí agus an Ionstraim le haghaidh Tacaíocht Airgeadais don Bhainistiú Teorainneacha agus don Bheartas Víosaí (IO L 231, 30.6.2021, lch. 159, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2021/1060/oj).
ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2024/3236/oj
ISSN 1977-0839 (electronic edition)