|
16.11.2020 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
L 383/1 |
CINNEADH (AE) 2020/1704 ÓN gCOMHAIRLE
an 23 Deireadh Fómhair 2020
maidir le síniú, thar ceann an Aontais, agus cur i bhfeidhm sealadach an Chomhaontaithe i bhfoirm Malartú Litreacha idir an tAontas Eorpach agus Poblacht Ioslamach na Máratáine maidir le síneadh a chur leis an bPrótacal lena leagtar amach na deiseanna iascaireachta agus an ranníocaíocht airgeadais dá bhforáiltear sa Chomhaontú Comhpháirtíochta Iascaigh idir an Comhphobal Eorpach agus Poblacht Ioslamach na Máratáine, arb é dáta a dhul in éag an 15 Samhain 2020
TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,
Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 43 de, i gcomhar le hAirteagal 218, mír 5 de,
Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,
De bharr an mhéid seo a leanas:
|
(1) |
Tháinig an Comhaontú Comhpháirtíochta Iascaigh idir an Comhphobal Eorpach agus Poblacht Ioslamach na Máratáine (1) (“Comhaontúi bhfoirm Malartú Litreacha”), arna fhormheas le Rialachán (CE) Uimh. 1801/2006 ón gComhairle (2), i bhfeidhm an 8 Lúnasa 2008. |
|
(2) |
An Prótacal a ghabhann leis an gcomhaontú lena leagtar amach na deiseanna iascaireachta agus an ranníocaíocht airgeadais, a tháinig i bhfeidhm an lá céanna agus a bhí le bheith i bhfeidhm ar feadh dhá bhliain, rinneadh é a ionadú roinnt uaireanta. |
|
(3) |
An 8 Iúil 2019 d’údaraigh an Chomhairle an Coimisiún le tosú ar chaibidlíocht le Poblacht Ioslamach na Máratáine (“an Mháratáin”) chun comhaontú comhpháirtíochta nua a thabhairt i gcrích in earnáil na hiascaireachta inbhuanaithe agus Prótacal lena gcuirfí an comhaontú sin chun feidhme a thabhairt i gcrích. |
|
(4) |
Ionas nach mbeadh na gníomhaíochtaí iascaireachta ar fionraí ar feadh i bhfad, d’údaraigh an Chomhairle an Coimisiún freisin le síneadh a chaibidliú ar feadh tréimhse uasta aon bhliain amháin ar an bPrótacal a ghabhann leis an gComhaontú atá i bhfeidhm (3) a bhí le dul in éag an 15 Samhain 2019 (“Prótacal”). Ar an 8 Samhain 2019, ghlac an Chomhairle Cinneadh (AE) 2019/1918 (4) maidir leis an síneadh sin. |
|
(5) |
Idir Meán Fómhair 2019 agus Feabhra 2020, bhí ceithre bhabhta caibidlíochta ann leis an Máratáin d’fhonn comhaontú agus Prótacal nua a thabhairt i gcrích. Ní raibh rath ar na caibidlíochtaí sin. |
|
(6) |
I bhfianaise na ndálaí sláinte atá ann faoi láthair de dheasca phaindéim COVID-19, is léir nach ndéanfar an chaibidlíocht maidir leis an gcomhaontú nua agus leis an bPrótacal nua a thabhairt i gcrích in am agus dá bhrí sin nach bhféadfaí briseadh ar ghníomhaíochtaí iascaireachta a sheachaint, d’ainneoin an chéad sínte leis an bPrótacal. Sa chomhthéacs sin, d’údaraigh an Chomhairle an Coimisiún an 26 Meitheamh 2020 síneadh bliana amháin ar a mhéad ar an bPrótacal a chaibidliú. |
|
(7) |
Agus an chaibidlíocht maidir leis an gcomhaontú nua agus leis an bPrótacal nua a thabhairt i gcrích le críochnú, chaibidligh an Coimisiún, thar ceann an Aontais, Comhaontú i bhfoirm Malartú Litreacha maidir leis an dara síneadh bliana amháin ar a mhéad ar an bPrótacal lena leagtar amach na deiseanna iascaireachta agus an ranníocaíocht airgeadais dá bhforáiltear sa chomhaontú (“Comhaontú i bhfoirm Malartú Litreacha”). Ag deireadh na caibidlíochta sin, cuireadh inisealacha leis an gComhaontú i bhfoirm Malartú Litreacha an 7 Iúil 2020. |
|
(8) |
Is é is cuspóir don Chomhaontú i bhfoirm Malartú Litreacha a chur ar chumas an Aontais agus na Máratáine leanúint de bheith ag obair go dlúth le chéile chun beartas iascaigh inbhuanaithe a chur chun cinn agus acmhainní iascaigh in uiscí na Máratáine a shaothrú ar bhealach fónta, agus ligean do shoithí de chuid an Aontais a ngníomhaíochtaí iascaireachta a dhéanamh sna huiscí sin. |
|
(9) |
Chun a áirithiú go rachaidh gníomhaíochtaí iascaireachta shoithí an Aontais atá ag oibriú in uiscí na Máratáine ar aghaidh gan bhriseadh, is iomchuí an Comhaontú i bhfoirm Malartú Litreacha a chur i bhfeidhm go sealadach ón 16 Samhain 2020 amach nó ó dháta shíniú an Mhalartaithe Litreacha sin amach má shínítear dá éis sin é, i gcomhréir le pointe 6 ann. |
|
(10) |
Ba cheart an Comhaontú i bhfoirm Malartú Litreacha a shíniú agus a chur i bhfeidhm ar bhonn sealadach, go dtí go gcomhlánófar na nósanna imeachta is gá chun go dtiocfaidh sé i bhfeidhm, |
TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
Leis seo, údaraítear an Comhaontú i bhfoirm Malartú Litreacha idir an tAontas Eorpach agus Poblacht Ioslamach na Máratáine maidir le síneadh a chur leis an bPrótacal lena leagtar amach na deiseanna iascaireachta agus an ranníocaíocht airgeadais dá bhforáiltear sa Chomhaontú Comhpháirtíochta Iascaigh idir an Comhphobal Eorpach agus Poblacht Ioslamach na Máratáine, arb é dáta a dhul in éag an 15 Samhain 2020, i bhfoirm Malartú Litreacha, a shíniú thar ceann an Aontais, faoi réir an comhaontú sin a thabhairt i gcrích (5)
Airteagal 2
Leis seo, údaraítear d’Uachtarán na Comhairle an duine (na daoine) a ainmniú a mbeidh sé de chumhacht aige/acu an Comhaontú i bhfoirm Malartú Litreacha a shíniú, thar ceann an Aontais.
Airteagal 3
Cuirfear an Comhaontú i bhfoirm Malartú Litreacha i bhfeidhm ar bhonn sealadach ón 16 Samhain 2020 amach nó ó dháta shíniú an Mhalartaithe Litreacha sin amach má shínítear dá éis sin é (6), go dtí go gcomhlánófar na nósanna imeachta is gá chun go dtiocfaidh sé i bhfeidhm.
Airteagal 4
Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm ar lá a ghlactha.
Arna dhéanamh i Lucsamburg, 23 Deireadh Fómhair 2020.
Thar ceann na Comhairle
An tUachtarán
S. SCHULZE
(1) IO L 343, 8.12.2006,lch. 4.
(2) Rialachán (CE) Uimh. 1801/2006 ón gComhairle an 30 Samhain 2006 maidir le tabhairt i gcrích an Chomhaontaithe Comhpháirtíochta Iascaigh idir an Comhphobal Eorpach agus Poblacht Ioslamach na Máratáine (IO L 343, 8.12.2006, lch. 1).
(3) Prótacal lena leagtar síos na deiseanna iascaireachta agus an ranníocaíocht airgeadais dá bhforáiltear sa Chomhaontú Comhpháirtíochta Iascaigh idir an Comhphobal Eorpach agus Poblacht Ioslamach na Máratáine ar feadh tréimhse 4 bliana (IO L 315, 1.12.2015, lch. 3).
(4) Cinneadh (AE) 2019/1918 ón gComhairle an 8 Samhain 2019 maidir le síniú, thar ceann an Aontais Eorpaigh, agus cur i bhfeidhm sealadach an Chomhaontaithe i bhfoirm Malartú Litreacha idir an Comhphobal Eorpach agus Poblacht Ioslamach na Máratáine maidir le síneadh a chur leis an bPrótacal lena leagtar amach na deiseanna iascaireachta agus an ranníocaíocht airgeadais dá bhforáiltear sa Chomhaontú Comhpháirtíochta Iascaigh idir an Comhphobal Eorpach agus Poblacht Ioslamach na Máratáine, arb é dáta a dhul in éag an 15 Samhain 2019 (IO L 297 I, 18.11.2019, lch. 1).
(5) Níl ann do théacs na hIarscíbhinne sa Ghaeilge.
(6) Déanfaidh Ardrúnaíocht na Comhairle dáta chur i bhfeidhm sealadach an Chomhaontaithe i bhfoirm Malartú Litreacha a fhoilsiú in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.