|
Iris Oifigiúil |
GA Sraith C |
|
C/2026/3358 |
24.6.2026 |
CINNEADH ÓN gCOMHAIRLE
an 16 Meitheamh 2026
lena nglactar seasamh ón gComhairle maidir le dréachtbhuiséad leasaitheach Uimh. 1 a ghabhann le buiséad ginearálta 2026
(C/2026/3358)
TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,
Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 314 de, i gcomhar leis an gConradh ag bunú an Chomhphobail Eorpaigh do Fhuinneamh Adamhach, agus go háirithe Airteagal 106a de,
Ag féachaint do Rialachán (AE, Euratom) 2024/2509 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Meán Fómhair 2024 maidir leis na rialacha airgeadais is infheidhme maidir le buiséad ginearálta an Aontais (athmhúnlú) (1), agus go háirithe Airteagal 44 de,
De bharr an mhéid seo a leanas:
|
–– |
glacadh buiséad an Aontais don bhliain airgeadais 2026 go cinntitheach an 26 Samhain 2025 (2);thíolaic an Coimisiún togra, an 10 Aibreán 2026, ina raibh dréachtbhuiséad leasaitheach Uimh. 1 a ghabhann le buiséad ginearálta 2026, |
TAR ÉIS A CHINNEADH MAR A LEANAS:
Airteagal aonair
Glacadh an seasamh ón gComhairle maidir le dréachtbhuiséad leasaitheach Uimh. 1 a ghabhann le buiséad ginearálta 2026 an 16 Meitheamh 2026.
Is féidir breathnú ar an téacs iomlán (3) nó é a íoslódáil ó shuíomh gréasáin na Comhairle:
https://www.consilium.europa.eu/ga/documents/public-register/public-register-search.
Arna dhéanamh i Lucsamburg, an 16 Meitheamh 2026.
Thar ceann na Comhairle
An tUachtarán
M. RAOUNA
(1) IO L, 2024/2509, 26.9.2024, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2024/2509/oj.
(2) IO L, 2026/72, 26.2.2026, ELI: http://data.europa.eu/eli/budget/2026/72/oj.
(3) 9919/26 + ADD 1.
ELI: http://data.europa.eu/eli/C/2026/3358/oj
ISSN 1977-107X (electronic edition)