5.10.2022   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L 258/48


CINNEADH (AE, Euratom) 2022/1695 Ó PHARLAIMINT NA hEORPA

an 4 Bealtaine 2022

maidir le hurscaoileadh i leith chur chun feidhme bhuiséad na Gníomhaireachta Feidhmiúcháin Taighde (an Ghníomhaireacht Feidhmiúcháin Eorpach um Thaighde anois) (REA) don bhliain airgeadais 2020

TÁ PARLAIMINT NA hEORPA,

—

ag féachaint do bhuiséad ginearálta an Aontais Eorpaigh don bhliain airgeadais 2020 (1),

—

ag féachaint do chuntais chomhdhlúite an Aontais Eorpaigh don bhliain airgeadais 2020 (COM(2021) 381 — C9-0258/2021) (2),

—

ag féachaint do chuntais bhliantúla chríochnaitheacha na Gníomhaireachta Feidhmiúcháin Taighde don bhliain airgeadais 2020 (3),

—

ag féachaint don tuarascáil ón gCoimisiún maidir leis an obair leantach ar urscaoileadh don bhliain airgeadais 2019 (COM(2021) 405), agus do na freagraí mionsonraithe ar na hiarrataí sonracha arna ndéanamh ag Parlaimint na hEorpa,

—

ag féachaint don tuarascáil bhliantúil ón gCoimisiún chuig an údarás um urscaoileadh maidir leis na hiniúchtaí inmheánacha a rinneadh in 2020 (COM(2021) 292), agus don doiciméad inmheánach oibre de chuid an Choimisiúin a ghabhann léi (SWD(2021) 132),

—

ag féachaint don tuarascáil bhliantúil ón gCúirt Iniúchóirí maidir le gníomhaireachtaí an Aontais don bhliain airgeadais 2020, mar aon leis na freagraí ó na gníomhaireachtaí (4),

—

ag féachaint don ráiteas dearbhaithe (5) i dtaobh bheachtas na gcuntas agus dhlíthiúlacht agus rialtacht na n-idirbheart is bun leo a sholáthair an Chúirt Iniúchóirí don bhliain airgeadais 2020, de bhun Airteagal 287 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

—

ag féachaint don mholadh ón gComhairle an 15 Márta 2022 maidir leis an urscaoileadh atá le tabhairt do na gníomhaireachtaí i ndáil le cur chun feidhme an bhuiséid don bhliain airgeadais 2020 (06004/2022 — C9-0103/2022),

—

ag féachaint d’Airteagail 317, 318 agus 319 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

—

ag féachaint d’Airteagal 106a den Chonradh ag bunú an Chomhphobail Eorpaigh do Fhuinneamh Adamhach,

—

ag féachaint do Rialachán (AE, Euratom) 2018/1046 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 18 Iúil 2018 maidir leis na rialacha airgeadais is infheidhme maidir le buiséad ginearálta an Aontais, lena leasaítear Rialacháin (AE) Uimh. 1296/2013, (AE) Uimh. 1301/2013, (AE) Uimh. 1303/2013, (AE) Uimh. 1304/2013, (AE) Uimh. 1309/2013, (AE) Uimh. 1316/2013, (AE) Uimh. 223/2014, (AE) Uimh. 283/2014, agus Cinneadh Uimh. 541/2014/AE agus lena n-aisghairtear Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 966/2012 (6), agus go háirithe Airteagail 69, 260, 261 agus 262 de,

—

ag féachaint do Rialachán (CE) Uimh. 58/2003 ón gComhairle an 19 Nollaig 2002 lena leagtar síos an reacht maidir le cúraimí áirithe a thabhairt do ghníomhaireachtaí feidhmiúcháin maidir le cláir Chomhphobail a bhainistiú (7), agus go háirithe Airteagal 14(3) de,

—

ag féachaint do Rialachán (CE) Uimh. 1653/2004 ón gCoimisiún an 21 Meán Fómhair 2004 maidir le rialachán caighdeánach airgeadais do na gníomhaireachtaí feidhmiúcháin de bhun Rialachán (CE) Uimh. 58/2003 ón gComhairle lena leagtar síos an reacht maidir le cúraimí áirithe a chur ar iontaoibh gníomhaireachtaí feidhmiúcháin i dtaca le cláir Chomhphobail a bhainistiú (8), agus go háirithe Airteagal 66, an chéad mhír agus an dara mír, de,

—

ag féachaint do Chinneadh Cur Chun Feidhme 2013/778/AE ón gCoimisiún an 13 Nollaig 2013 lena mbunaítear an Ghníomhaireacht Feidhmiúcháin Taighde agus lena n-aisghairtear Cinneadh 2008/46/CE (9),

—

ag féachaint do Chinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2021/173 ón gCoimisiún an 12 Feabhra 2021 lena mbunaítear an Ghníomhaireacht Feidhmiúcháin Eorpach um an Aeráid, Bonneagar agus Comhshaol, an Ghníomhaireacht Feidhmiúcháin Eorpach um an tSláinte agus an Digitiú, an Ghníomhaireacht Feidhmiúcháin Eorpach um Thaighde, Gníomhaireacht Feidhmiúcháin na Comhairle Nuálaíochta Eorpaí agus na bhFiontar Beag agus Meánmhéide, Gníomhaireacht Feidhmiúcháin na Comhairle Eorpaí um Thaighde, agus an Ghníomhaireacht Feidhmiúcháin Eorpach um Oideachas agus Cultúr agus lena n-aisghairtear Cinntí Cur Chun Feidhme 2013/801/AE, 2013/771/AE, 2013/778/AE, 2013/779/AE, 2013/776/AE agus 2013/770/AE (10),

—

ag féachaint do Riail 99 agus d’Iarscríbhinn V a ghabhann lena Rialacha Nós Imeachta,

—

ag féachaint don tuairim ón gCoiste um Ghnóthaí Eachtracha, ón gCoiste um Fhorbairt, ón gCoiste um Fhostaíocht agus um Ghnóthaí Sóisialta, ón gCoiste um an gComhshaol, ón gCoiste um Iompar agus um Thurasóireacht, ón gCoiste um Fhorbairt Réigiúnach, ón gCoiste um Chultúr agus um Oideachas, ón gCoiste um Shaoirsí Sibhialta, um Cheartas agus um Ghnóthaí Baile, ón gCoiste um Chearta na mBan agus um Chomhionannas Inscne,

—

ag féachaint don litir ón gCoiste um Thalmhaíocht agus um Fhorbairt Tuaithe,

—

ag féachaint don tuarascáil ón gCoiste um Rialú Buiséadach (A9-0127/2022),

 

1.

ag tabhairt urscaoileadh do Stiúrthóir Ghníomhaireacht Feidhmiúcháin na Comhairle Eorpaí um Thaighde i leith chur chun feidhme bhuiséad na Gníomhaireachta don bhliain airgeadais 2020;

2.

ag leagan amach a bharúlacha sa rún atá ina chuid dhílis de na cinntí maidir le hurscaoileadh i leith chur chun feidhme bhuiséad ginearálta an Aontais Eorpaigh don bhliain airgeadais 2020, Roinn III — an Coimisiún agus gníomhaireachtaí feidhmiúcháin;

3.

á threorú dá hUachtarán an cinneadh seo, an cinneadh maidir le hurscaoileadh i ndáil le cur chun feidhme bhuiséad ginearálta an Aontais Eorpaigh don bhliain airgeadais 2020, Roinn III — an Coimisiún agus an rún ar cuid dhílis de na cinntí sin é, a chur chuig Stiúrthóir na Gníomhaireachta Feidhmiúcháin Eorpaí um Thaighde, chuig an gComhairle, chuig an gCoimisiún agus chuig an gCúirt Iniúchóirí, agus socrú a dhéanamh go bhfoilseofar in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh (sraith L) iad.

 

An tUachtarán

Roberta METSOLA

An tArdrúnaí

Klaus WELLE


(1)   IO L 57, 27.2.2020.

(2)   IO C 436, 28.10.2021, lch. 1.

(3)   IO C 459, 12.11.2021, lch. 48.

(4)   IO C 439, 29.10.2021, lch. 3.

(5)   IO C 430, 25.10.2021, lch. 7.

(6)   IO L 193, 30.7.2018, lch. 1.

(7)   IO L 11, 16.1.2003, lch. 1.

(8)   IO L 297, 22.9.2004, lch. 6.

(9)   IO L 346, 20.12.2013, lch. 54.

(10)   IO L 50, 15.2.2021, lch. 9.