18.2.2022   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L 37/14


RIALACHÁN CUR CHUN FEIDHME (AE) 2022/213 ÓN gCOIMISIÚN

an 8 Feabhra 2022

maidir le clárú táisc gheografaigh faoi chosaint a chealú “Salaisons fumées, marque nationale Grand-Duché de Luxembourg” (TGFC)

TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

Ag féachaint do Rialachán (AE) Uimh. 1151/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 21 Samhain 2012 maidir le scéimeanna cáilíochta do tháirgí talmhaíochta agus do bhia-earraí (1), agus go háirithe Airteagal 54(1) de,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

Le hAirteagal 7(1) de Rialachán Tarmligthe (AE) Uimh. 664/2014 ón gCoimisiún (2), foráiltear go bhfuil feidhm mutatis mutandis ag an nós imeachta a leagtar síos in Airteagail 49 go 52 de Rialachán (AE) Uimh. 1151/2012 maidir le clárú dá dtagraítear in Airteagal 54(1) den Rialachán sin a chealú.

(2)

De bhun Airteagal 50(2)(a) de Rialachán (AE) Uimh. 1151/2012, i gcomhar le hAirteagal 7(1) de Rialachán Tarmligthe (AE) Uimh. 664/2014 ón gCoimisiún, foilsíodh an t-iarratas a sheol Lucsamburg chun an tásc geografach faoi chosaint (TGFC) “Salaisons fumées, marque nationale Grand-Duché de Luxembourg” a chealú in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh (3).

(3)

Ós rud é nach bhfuair an Coimisiún aon ráiteas freasúra faoi Airteagal 51 de Rialachán (AE) Uimh. 1151/2012, ba cheart, dá bhrí sin, an t-ainm “Salaisons fumées, marque nationale Grand-Duché de Luxembourg” (TGFC) a chealú ón gclár um shonrúcháin tionscnaimh faoi chosaint agus um thásca geografacha faoi chosaint.

(4)

De bhun Airteagal 54(1), an fhomhír dheiridh, de Rialachán (AE) Uimh. 1151/2012, glactar an cealú sin i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 57(2) den Rialachán sin.

(5)

Tá an beart dá bhforáiltear sa Rialachán seo i gcomhréir leis an tuairim ón gCoiste um Beartas Cáilíochta Táirgí Talmhaíochta,

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Cealaítear leis seo clárú an ainm “Salaisons fumées, marque nationale Grand-Duché de Luxembourg” (TGFC).

Airteagal 2

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, 8 Feabhra 2022.

Thar ceann an Choimisiúin

An tUachtarán

Ursula VON DER LEYEN


(1)   IO L 343, 14.12.2012, lch. 1.

(2)  Rialachán Tarmligthe (AE) Uimh. 664/2014 ón gCoimisiún an 18 Nollaig 2013 lena bhforlíontar Rialachán (AE) Uimh. 1151/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le bunú shiombailí an Aontais le haghaidh sonrúcháin tionscnaimh faoi chosaint, tásca geografacha faoi chosaint agus sainearraí traidisiúnta faoi ráthaíocht agus maidir le rialacha áirithe a bhaineann le foinsiú, rialacha áirithe nós imeachta agus rialacha idirthréimhseacha breise áirithe (IO L 179, 19.6.2014, lch. 17).

(3)   IO C 334, 20.8.2021, lch. 28.