European flag

Iris Oifigiúil
an Aontais Eorpaigh

GA

Sraith L


2024/2702

15.10.2024

CINNEADH (CBES) 2024/2702 ÓN gCOMHAIRLE

an 14 Deireadh Fómhair 2024

lena leasaítear Cinneadh (CBES) 2023/2287 a bhaineann le bearta sriantacha i bhfianaise na staide sa Nígir

TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar an Aontas Eorpach, agus go háirithe Airteagal 29 de,

Ag féachaint don togra ó Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

An 23 Deireadh Fómhair 2023, ghlac an Chomhairle Cinneadh (CBES) 2023/2287 (1).

(2)

Beidh feidhm ag Cinneadh (CBES) 2023/2287 go dtí an 24 Deireadh Fómhair 2024. Ar bhonn athbhreithniú ar an gCinneadh sin, ba cheart síneadh a chur leis na bearta sriantacha a leagtar amach ann go dtí an 24 Deireadh Fómhair 2025.

(3)

Ba cheart, dá bhrí sin, Cinneadh (CBES) 2023/2287 a leasú dá réir sin,

TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

In Airteagal 9 de Chinneadh (CBES) 2023/2287, cuirtear an méid seo a leanas in ionad na chéad mhíre:

‘Beidh feidhm ag an gCinneadh seo go dtí an 24 Deireadh Fómhair 2025.’.

Airteagal 2

Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm an lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Arna dhéanamh i Lucsamburg, an 14 Deireadh Fómhair 2024.

Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán

J. BORRELL FONTELLES


(1)  Cinneadh (CBES) 2023/2287 ón gComhairle an 23 Deireadh Fómhair 2023 a bhaineann le bearta sriantacha i bhfianaise na staide sa Nígir (IO L, 2023/2287, 24.10.2023, ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2023/2287/oj).


ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2024/2702/oj

ISSN 1977-0839 (electronic edition)