26.10.2012   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

1


AN CONRADH AR AN AONTAS EORPACH (LEAGAN COMHDHLÚITE)

TEIDEAL III

FORÁLACHA MAIDIR LEIS NA hINSTITIÚIDÍ

Airteagal 13

1.   Beidh creat institiúideach ag an Aontas arb é is aidhm dó a luachanna a chur chun cinn, a chuspóirí a shaothrú, fónamh dá leasanna, do leasanna a shaoránach agus do leasanna a Bhallstát, maraon le comhchuibheas, éifeachtúlacht agus leanúnachas a chuid beartas agus gníomhaíochtaí a áirithiú.

Is iad institiúidí an Aontais:

—

Parlaimint na hEorpa,

—

an Chomhairle Eorpach,

—

an Chomhairle,

—

an Coimisiún Eorpach (dá ngairtear “an Coimisiún” anseo feasta),

—

Cúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh,

—

an Banc Ceannais Eorpach,

—

an Chúirt Iniúchóirí.

2.   Gníomhóidh gach institiúid acu faoi theorainneacha na gcumhachtaí atá tugtha di sna Conarthaí, i gcomhréir leis na nósanna imeachta agus faoi na coinníollacha agus chun na gcríoch atá leagtha amach iontu. Cleachtfaidh na hinstitiúidí comhar dílis eatarthu féin.

3.   Déantar na forálacha a bhaineann leis an mBanc Ceannais Eorpach agus leis an gCúirt Iniúchóirí, mar aon le forálacha mionsonraithe maidir leis na hinstitiúidí eile, a leagan amach sa Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh.

4.   Beidh Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta agus Coiste na Réigiún a fheidhmeoidh feidhmeanna comhairliúcháin de chúnamh ag Parlaimint na hEorpa, ag an gComhairle agus ag an gCoimisiún.