An Bhruiséil,3.11.2021

COM(2021) 671 final

2021/0352(NLE)

Togra le haghaidh

CINNEADH ÓN gCOMHAIRLE

maidir leis an seasamh atá le glacadh thar ceann an Aontais Eorpaigh ag an 32ú Tionól de chuid na hEagraíochta Muirí Idirnáisiúnta maidir le leasuithe ar na Treoirlínte a ghlacadh faoin gCóras Comhchuibhithe Suirbhéireachta agus Deimhnithe


MEABHRÁN MÍNIÚCHÁIN

1.Ábhar an togra

Baineann an togra seo leis an gcinneadh lena mbunaítear an seasamh atá le glacadh thar ceann an Aontais ag an 32ú Tionól de chuid na hEagraíochta Muirí Idirnáisiúnta (IMO), a reáchtálfar, trí bhíthin teileachomhdhála ón 6 go dtí an 15 Nollaig 2021.

Le linn an 32ú Tionól (A 32), tá sé beartaithe dréacht‑Treoirlínte Suirbhéireachta a ghlacadh faoin gCóras Comhchuibhithe Suirbhéireachta agus Deimhnithe (HSSC), 2021 agus rún A.1140(31) ón Tionól a chúlghairm, lenar ghlac Tionól IMO, ina 31ú seisiún, na Treoirlínte Suirbhé faoin gCóras Comhchuibhithe Suirbhéireachta agus Deimhnithe (HSSC), 2019.

2.Comhthéacs an togra

2.1.An Coinbhinsiún maidir leis an Eagraíocht Mhuirí Idirnáisiúnta

Is leis an gCoinbhinsiún maidir leis an Eagraíocht Mhuirí Idirnáisiúnta a bhunaítear an Eagraíocht Mhuirí Idirnáisiúnta (IMO). Is é is cuspóir don Eagraíocht Mhuirí Idirnáisiúnta fóram a chur ar fáil le haghaidh comhar i réimse na rialála agus na gcleachtas a bhaineann le hábhair theicniúla de gach cineál a dhéanann difear do loingeas atá ag gabháil do thrádáil idirnáisiúnta. Thairis sin, tá sé d’aidhm aici glacadh ginearálta na gcaighdeán is airde is féidir a chur chun cinn maidir le hábhair a bhaineann leis an tsábháilteacht mhuirí, le héifeachtúlacht na loingseoireachta agus le cosc agus rialú an truaillithe mhuirí ó longa, agus leis sin an cothrom iomaíochta a chur chun cinn. Bíonn sí ag plé freisin leis na hábhair riaracháin agus dlí a bhaineann leis an méid sin.

Tháinig an Coinbhinsiún i bhfeidhm an 17 Márta 1958.

Tá na Ballstáit uile ina bpáirtithe sa Choinbhinsiún.

2.2.An Eagraíocht Mhuirí Idirnáisiúnta

Is sainghníomhaireacht de chuid na Náisiún Aontaithe í an Eagraíocht Mhuirí Idirnáisiúnta (IMO) a bhfuil freagracht uirthi maidir le sábháilteacht agus slándáil loingis agus maidir le truailliú muirí ó longa a chosc. Is é IMO an t‑údarás domhanda ó thaobh caighdeáin a leagan síos maidir le sábháilteacht, slándáil agus feidhmíocht chomhshaoil an loingis idirnáisiúnta. Is é an príomhról atá aige creat rialála cóir éifeachtach a chruthú le haghaidh an tionscail loingis, creat a ghlacfar go huilíoch agus a chuirfear chun feidhme go huilíoch.

Is féidir le gach Stát a bheith ina chomhalta de IMO agus tá Ballstáit uile an Aontais ina gcomhaltaí de IMO. An Socrú le haghaidh Comhoibriú agus Comhar idir an Eagraíocht Chomhairleach Mhuirí Idir-rialtasach (IMCO) agus Coimisiún na gComhphobal Eorpach in 1974, is air go háirithe atá caidreamh an Aontais le IMO bunaithe.

Is é Tionól IMO comhlacht rialaithe na heagraíochta. Cuimsíonn sé Ballstáit uile IMO a thagann le chéile gach dara bliain, agus féadfaidh sé bearta a comhaontaíodh i gcúig phríomhchoiste IMO a ghlacadh. I measc na gcúig choiste sin tá an Coiste Muir-Shábháilteachta (MSC) agus an Coiste um Chaomhnú an Chomhshaoil Mhuirí (MEPC).

2.3.An gníomh atá beartaithe ag Tionól IMO

An 6 go dtí an 15 Nollaig 2021, le linn an 32ú seisiún a bheidh aige, glacfaidh an Tionól leasuithe ar na Treoirlínte faoin gcóras comhchuibhithe suirbhéireachta agus deimhnithe.

Is é is aidhm do na leasuithe atá beartaithe na Treoirlínte a thabhairt cothrom le dáta chun ceanglais a léiriú, ar ceanglais iad a eascraíonn as leasuithe ar na hionstraimí ábhartha éigeantacha a bheidh i bhfeidhm go dtí an 31 Nollaig 2021, agus an dáta sin san áireamh.

3.An seasamh atá le glacadh thar ceann an Aontais

3.1.Glacadh na dTreoirlínte Suirbhéireachta faoin gCóras Comhchuibhithe Suirbhéireachta agus Deimhnithe, 2021, agus cúlghairm A.1140(31)

D’aontaigh an Fochoiste um Chur Chun Feidhme ag an mBratstát, réamhtheachtaí an Fhochoiste um Chur Chun Feidhme Ionstraimí IMO (III), athbhreithniú leanúnach a dhéanamh ar Threoirlínte Suirbhéireachta HSSC. Dá bhrí sin, tugtar na Treoirlínte Suirbhéireachta cothrom le dáta ag gach seisiún de Thionól IMO. Tá an leagan is déanaí de na Treoirlínte Suirbhéireachta san áireamh i rún A.1140(31), agus glacadh é ag an 31ú seisiún den Tionól in 2019.

Sa 6ú seisiún, bhunaigh III an Grúpa Comhfhreagrais maidir leis an Athbhreithniú ar na Treoirlínte Suirbhéireachta faoi HSSC agus liosta neamh‑uileghabhálach na n‑oibleagáidí faoi ionstraimí atá ábhartha do Chód Cur Chun Feidhme Ionstraimí IMO (Cód III), faoi chomhordú na Síne. Is rud é sin a rinneadh ar an mbealach céanna cheana i seisiúin eile de chuid III.

Iarradh ar an nGrúpa Comhfhreagrais leanúint de dhréachtleasuithe ar na Treoirlínte Suirbhéireachta a fhorbairt. Tagann siad sin ó na leasuithe ar na hionstraimí ábhartha éigeantacha a bheidh i bhfeidhm go dtí an 31 Nollaig 2021, an dáta sin san áireamh, agus toradh sheisiúin MEPC agus MSC á gcur san áireamh. Formheasfar glacadh Threoirlínte Suirbhéireachta nuashonraithe HSSC agus cúlghairm rún A.1140(31), rún ina bhfuil na Treoirlínte reatha, ag an 104ú seisiún de chuid MSC agus an 77ú seisiún de chuid MEPC. Tar éis formheas a fháil ón dá Choiste, déanfar an dréachtrún a chur faoi bhráid A 32 lena ghlacadh.

Leis an athbhreithniú rialta, cinntítear go bhfuil Treoirlínte Suirbhéireachta HSSC cothrom le dáta. Leis an nuashonrú atá le glacadh, soiléirítear i.a. nach bhféadfaí ceallraí príomhúla atá imithe in éag, ceallraí a chomhlíon cheanglais mhír 12.6 den iarscríbhinn a ghabhann le rún MSC.149(77), a úsáid ach amháin chun oibriú gaireas radaiteileafóin VHF dhá threo a scrúdú agus a sheiceáil. Dá bhrí sin, ba cheart don Aontas tacú leis na leasuithe sin, toisc go n‑áiritheofar leo go gcuirfear forbairtí nua san áireamh sna Treoirlínte Suirbhéireachta.

3.2.Reachtaíocht ábhartha an Aontais Eorpaigh agus inniúlacht an Aontais Eorpaigh

Le Rialachán (CE) Uimh. 391/2009 1 leagtar síos rialacha comhchoiteanna agus caighdeáin chomhchoiteanna d’eagraíochtaí cigireachta agus suirbhéireachta loinge. Leis an gcritéar atá i bpointe 7(k) de chuid B d’Iarscríbhinn I den Rialachán, éilítear ar eagraíocht aitheanta a áirithiú go ndéantar na suirbhéanna agus na cigireachtaí reachtúla i gcomhréir leis na treoirlínte suirbhéireachta faoin gcóras comhchuibhithe suirbhéireachta agus deimhnithe arna nglacadh ag IMO.

4.Bunús dlí

4.1.Bunús dlí don nós imeachta

4.1.1.Prionsabail

In Airteagal 218(9) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (CFAE) déantar foráil maidir le cinntí lena leagtar síos ‘na seasaimh atá le glacadh thar ceann an Aontais i gcomhlacht arna chur ar bun le comhaontú nuair a iarrtar ar an gcomhlacht sin gníomhartha a ghlacadh a bhfuil éifeachtaí dlíthiúla leo, seachas gníomhartha lena bhforlíonfar nó lena leasófar creat institiúideach an chomhaontaithe.’

Tá feidhm ag Airteagal 218(9) CFAE gan beann ar cé acu atá an tAontas ina chomhalta den chomhlacht nó ina pháirtí sa chomhaontú 2 .

Áirítear ar na ‘gníomhartha a bhfuil éifeachtaí dlíthiúla leo’ gníomhartha a bhfuil éifeachtaí dlíthiúla leo de bhua rialacha an dlí idirnáisiúnta lena rialaítear an comhlacht atá i gceist. Áirítear air freisin ionstraimí nach bhfuil éifeacht cheangailteach leo faoin dlí idirnáisiúnta, ach ‘a d’fhéadfadh tionchar cinntitheach a imirt ar ábhar na reachtaíochta a ghlacfaidh reachtóir an Aontais Eorpaigh’ 3 .

4.1.2.Cur i bhfeidhm maidir leis an gcás seo

Is comhlacht é Thionól IMO a cuireadh ar bun le comhaontú, is é sin an Coinbhinsiún maidir leis an Eagraíocht Mhuirí Idirnáisiúnta.

Is gníomh a bhfuil éifeachtaí dlíthiúla leis atá sa ghníomh a n‑iarrtar ar an Tionól é a ghlacadh. D'fhéadfadh an gníomh atá beartaithe tionchar cinntitheach a imirt ar Rialachán (CE) Uimh. 391/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Aibreán 2009 maidir le rialacha comhchoiteanna agus caighdeáin chomhchoiteanna d'eagraíochtaí cigireachta agus suirbhéireachta loinge. Tá sin amhlaidh toisc go n‑éilíonn sé ar eagraíocht aitheanta a áirithiú go ndéantar na suirbhéanna agus na cigireachtaí reachtúla i gcomhréir leis na treoirlínte suirbhéireachta faoin gcóras comhchuibhithe suirbhéireachta agus deimhnithe arna nglacadh ag IMO.

Leis an ngníomh atá beartaithe ní fhorlíontar creat institiúideach an Chomhaontaithe ná ní leasaítear é.

Dá bhrí sin, is é Airteagal 218(9) CFAE an bunús dlí don nós imeachta le haghaidh an chinnidh atá beartaithe.

4.2.Bunús dlí substainteach

4.2.1.Prionsabail

An bunús dlí substainteach le haghaidh cinneadh faoi Airteagal 218(9) CFAE, braitheann sé go príomha ar chuspóir agus ábhar an ghnímh atá beartaithe agus a bhfuiltear ag glacadh seasamh thar ceann an Aontais ina leith. Má tá dhá aidhm ag an ngníomh atá beartaithe nó má tá dhá chomhpháirt ann agus más féidir ceann de na haidhmeanna nó de na comhpháirteanna sin a shainaithint mar phríomhaidhm nó mar phríomh‑chomhpháirt agus an ceann eile mar aidhm nó comhpháirt theagmhasach, ní mór an cinneadh faoi Airteagal 218(9) CFAE a bhunú ar bhunús dlí substainteach aonair, is é sin an bunús dlí a éilítear de réir na príomhaidhme nó na príomh‑chomhpháirte.

4.2.2.Cur i bhfeidhm maidir leis an gcás seo

Is leis an muiriompar a bhaineann príomhchuspóir agus príomhábhar an ghnímh atá beartaithe. Dá bhrí sin, is é Airteagal 100(2) CFAE an bunús dlí substainteach le haghaidh an chinnidh atá beartaithe.

4.3.Conclúid

Ba cheart Airteagal 100(2) CFAE, i gcomhar le hAirteagal 218(9) CFAE, a bheith mar bhunús dlí don chinneadh atá beartaithe.

2021/0352 (NLE)

Togra le haghaidh

CINNEADH ÓN gCOMHAIRLE

maidir leis an seasamh atá le glacadh thar ceann an Aontais Eorpaigh ag an 32ú Tionól de chuid na hEagraíochta Muirí Idirnáisiúnta maidir le leasuithe ar na Treoirlínte a ghlacadh faoin gCóras Comhchuibhithe Suirbhéireachta agus Deimhnithe

TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 100(2) CFAE, i gcomhar le hAirteagal 218(9) de,

Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)Tháinig an Coinbhinsiún maidir leis an Eagraíocht Mhuirí Idirnáisiúnta (‘IMO’) i bhfeidhm an 17 Márta 1958.

(2)Is sainghníomhaireacht de chuid na Náisiún Aontaithe é IMO a bhfuil freagracht uirthi maidir le sábháilteacht agus slándáil loingis agus maidir le truailliú muirí agus truailliú atmaisféarach ó longa a chosc. Tá Ballstáit uile an Aontais ina gcomhaltaí de IMO. Níl an tAontas ina chomhalta de IMO.

(3)De bhun Airteagal 15(j) den Chomhaontú, féadfaidh an Tionól rialacháin agus treoirlínte a ghlacadh le haghaidh comhaltaí maidir le sábháilteacht mhuirí, cosc agus rialú an truaillithe mhuirí ó longa, mar aon le nithe eile a bhaineann le héifeacht na loingseoireachta ar an gcomhshaol muirí a sannadh don Eagraíocht nó a sannadh ag an Eagraíocht faoi ionstraimí idirnáisiúnta, nó leasuithe ar na rialacháin agus na treoirlínte a cuireadh faoina bráid.

(4)Déanfaidh Tionól IMO, ina 32ú seisiún ón 6 go dtí an 15 Nollaig 2021, Treoirlínte Suirbhé a ghlacadh faoin gCóras Comhchuibhithe Suirbhéireachta agus Deimhnithe (HSSC), 2021, agus rún A.1140(31) ó Thionól IMO a chúlghairm, rún ina bhfuil Treoirlínte Suirbhéireachta HSSC, 2019.

(5)An seasamh atá le glacadh thar ceann an Aontais le linn an 32ú seisiún de Thionól IMO, is iomchuí an seasamh sin a bhunú, toisc go bhféadfadh na leasuithe ar Threoirlínte Suirbhéireachta HSSC tionchar cinntitheach a imirt ar a bhfuil i reachtaíocht an Aontais, eadhon Rialachán (CE) Uimh. 391/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Aibreán 2009 maidir le rialacha comhchoiteanna agus caighdeáin chomhchoiteanna d’eagraíochtaí cigireachta agus suirbhéireachta loinge.

(6)Is cuid d’athbhreithniú rialta glacadh le Treoirlínte Suirbhéireachta HSSC, 2021 agus Treoirlínte Suirbhéireachta HSSC 2019 a chúlghairm. Dá bhrí sin, ba cheart don Aontas tacú leis na leasuithe sin toisc go n‑áiritheofar leo go bhfanfaidh Treoirlínte Suirbhéireachta HSSC cothrom le dáta.

(7)Tá seasamh an Aontais le cur in iúl ag Ballstáit an Aontais atá ina gcomhaltaí de Thionól IMO, ag gníomhú dóibh go comhpháirteach,

TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Is é an seasamh atá le glacadh thar ceann an Aontais ag an 32ú seisiún de chuid Thionól na hEagraíochta Muirí Idirnáisiúnta (‘IMO’) aontú le glacadh na dTreoirlínte Suirbhéireachta faoin gCóras Comhchuibhithe Suirbhéireachta agus Deimhnithe, 2021 mar a leagtar síos i ndoiciméad III 7/17/Add.1, roinn 8 agus Iarscríbhinn 6 agus le cúlghairm Rún A.1140(31) ó Thionól IMO dá bharr sin.

Airteagal 2

Déanfaidh Ballstáit an Aontais, ar comhaltaí iad de Thionól IMO, ag gníomhú go comhpháirteach dóibh, an seasamh dá dtagraítear in Airteagal 1 a chur in iúl.

Airteagal 3

Dírítear an Cinneadh seo chuig na Ballstáit.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil,

   Thar ceann na Comhairle

   An tUachtarán

(1)    Rialachán (CE) Uimh. 391/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Aibreán 2009 maidir le rialacha comhchoiteanna agus caighdeáin chomhchoiteanna d’eagraíochtaí cigireachta agus suirbhéireachta loinge; IO L 131, 28.5.2009, lgh. 11-23.
(2)    Breithiúnas ón gCúirt Bhreithiúnais an 7 Deireadh Fómhair 2014, an Ghearmáin v an Chomhairle, C-399/12, ECLI:EU:C:2014:2258, mír 64.
(3)    Breithiúnas ó Chúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh an 7 Deireadh Fómhair 2014, an Ghearmáin v an Chomhairle, C-399/12, ECLI:EU:C:2014:2258, míreanna 61 go 64.