|
Iris Oifigiúil |
GA Sraith L |
|
2024/3011 |
18.12.2024 |
RIALACHÁN (AE) 2024/3011 Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE
an 27 Samhain 2024
maidir le himeachtaí in ábhair choiriúla a aistriú
TÁ PARLAIMINT NA hEORPA AGUS COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,
Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 82(1), an dara fomhír, pointí (b) agus (d), de,
Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,
Tar éis dóibh an dréachtghníomh reachtach a chur chuig na parlaimintí náisiúnta,
Ag féachaint don tuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa (1),
Ag gníomhú dóibh i gcomhréir leis an ngnáthnós imeachta reachtach (2),
De bharr an mhéid seo a leanas:
|
(1) |
Tá sé leagtha amach mar chuspóir dó féin ag an Aontas limistéar saoirse, slándála agus ceartais a chothabháil agus a fhorbairt. |
|
(2) |
Le Clár na Háige: saoirse, slándáil agus ceartas a neartú san Eoraip (3), ceanglaítear ar na Ballstáit féidearthachtaí a mheas chun an t-ionchúiseamh ar chásanna iltaobhacha trasteorann a chomhchruinniú i mBallstát amháin, d’fhonn éifeachtúlacht na n-ionchúiseamh a mhéadú agus riar cuí an cheartais á ráthú an tráth céanna. |
|
(3) |
Leis an gClár beart chun prionsabal an aitheantais fhrithpháirtigh do chinntí in ábhair choiriúla a chur chun feidhme (4), éilítear ionstraim lena bhféadfar imeachtaí coiriúla a aistriú chuig Ballstáit eile. |
|
(4) |
Tá gá le tuilleadh forbartha a dhéanamh ar an gcomhar breithiúnach idir na Ballstáit chun riar éifeachtúil cuí an cheartais choiriúil a fheabhsú laistigh den limistéar coiteann saoirse, slándála agus ceartais agus chun a áirithiú go ndéanfaidh an Ballstát is oiriúnaí cion coiriúil a imscrúdú nó a ionchúiseamh. Go háirithe, d’fhéadfadh rialacha coiteanna do na Ballstáit maidir leis an aistriú imeachtaí coiriúla cuidiú le cosc a chur ar imeachtaí coiriúla comhthreomhara neamhriachtanacha i mBallstáit éagsúla i ndáil leis na fíorais chéanna agus maidir leis an duine céanna, rud a bhféadfadh sárú ar an bprionsabal ne bis in idem a bheith mar thoradh air. Leis na rialacha coiteanna sin, d’fhéadfadh laghdú teacht freisin ar líon na n-imeachtaí coiriúla éagsúla i leith na bhfíoras céanna nó i leith an duine chéanna a dhéantar i mBallstáit éagsúla. Chomh maith leis sin, tá sé de chuspóir ag na rialacha sin a áirithiú gur féidir imeachtaí coiriúla a aistriú má chuirtear moill ar thabhairt suas duine le haghaidh ionchúiseamh coiriúil faoi bharántas gabhála Eorpach, de bhun Chinneadh Réime 2002/584/CGB ón gComhairle (5) nó má dhiúltaítear í ar chúiseanna áirithe, mar shampla, imeachtaí coiriúla comhthreomhara leanúnacha a bheith ar siúl i mBallstát eile i ngeall ar an gcion coiriúil céanna, chun nach mbeadh an duine atá á ionchúiseamh nó á hionchúiseamh saor ó phionós. |
|
(5) |
Tá rialacha coiteanna maidir leis an aistriú imeachtaí coiriúla fíor-riachtanach freisin chun an choireacht trasteorann a chomhrac go héifeachtúil, rud atá tábhachtach go háirithe maidir le coireanna a dhéanann grúpaí coiriúla eagraithe, mar shampla gáinneáil ar dhrugaí, smuigleáil imirceach, gáinneáil ar dhaoine, gáinneáil ar airm, coireacht chomhshaoil, cibearchoireacht nó sciúradh airgid. Is féidir le hionchúiseamh a dhéantar ar ghrúpaí coiriúla eagraithe atá gníomhach i mBallstáit éagsúla deacrachtaí móra a chruthú do na húdaráis lena mbaineann. Is uirlis thábhachtach é aistriú imeachtaí coiriúla, lena bhféadfaí an comhrac in aghaidh grúpaí coiriúla eagraithe atá gníomhach ar fud an Aontais a neartú. |
|
(6) |
Chun an comhar éifeachtach idir na húdaráis iarrthacha agus na húdaráis iarrtha a áirithiú i ndáil leis an aistriú imeachtaí coiriúla, ba cheart na rialacha maidir leis na haistrithe sin a bhunú trí ghníomh de chuid an Aontais atá ceangailteach ó thaobh dlí de agus atá infheidhme go díreach. |
|
(7) |
Ba cheart feidhm a bheith ag an Rialachán seo maidir le gach iarraidh ar aistriú arna eisiúint faoi chuimsiú imeachtaí coiriúla. |
|
(8) |
Is é is cuspóir do Chinneadh Réime 2009/948/CGB (6) ón gComhairle cásanna ina bhfuil an duine céanna faoi réir imeachtaí coiriúla comhthreomhara i mBallstáit éagsúla i leith na bhfíoras céanna a chosc, rud a bhféadfadh réiteach críochnaitheach na n-imeachtaí sin in dhá Bhallstát nó níos mó a bheith mar thoradh air. Dá bhrí sin, bunaítear leis an gCinneadh Réime sin nós imeachta maidir le comhairliúcháin dhíreacha idir údaráis inniúla na mBallstát lena mbaineann agus é d’aidhm acu comhdhearcadh a bhaint amach maidir le haon réiteach éifeachtach atá dírithe ar iarmhairtí díobhálacha a eascraíonn as imeachtaí comhthreomhara den sórt sin a sheachaint chomh maith le haon am agus acmhainní de chuid na n-údarás inniúil sin a chur amú. I gcás ina gcinneann na húdaráis inniúla sin, tar éis comhairliúcháin i gcomhréir leis an gCinneadh Réime sin, imeachtaí a chomhchruinniú i mBallstát amháin trí na himeachtaí coiriúla a aistriú, ba cheart an t-aistriú sin a dhéanamh i gcomhréir leis an Rialachán seo. |
|
(9) |
Áirítear i ngníomhartha dlí eile sa réimse maidir le hábhair choiriúla, go háirithe na cinn a bhaineann le cineálacha sonracha coireachta, mar shampla Treoir (AE) 2017/541 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (7) agus Cinntí Réime 2002/475/CGB (8) agus 2008/841/CGB (9) ón gComhairle, forálacha ina dtagraítear do na tosca atá le cur san áireamh d’fhonn imeachtaí coiriúla a lárú i mBallstát amháin i gcás inar féidir le níos mó ná Ballstát amháin ionchúiseamh bailí a dhéanamh ar bhonn na bhfíoras céanna. I gcás ina gcinneann údaráis inniúla na mBallstát lena mbaineann, tar éis comhair i gcomhréir leis na gníomhartha dlí sin, chun imeachtaí coiriúla a lárú i mBallstát amháin tríd an aistriú imeachtaí coiriúla, ba cheart an t-aistriú sin a dhéanamh i gcomhréir leis an Rialachán seo. |
|
(10) |
Glacadh roinnt gníomhartha dlí de chuid an Aontais maidir le cur i bhfeidhm phrionsabal an aitheantais fhrithpháirtigh ar chinntí breithiúnacha agus ar bhreithiúnais in ábhair choiriúla, go háirithe Cinntí Réime 2005/214/CGB (10), 2008/909/CGB (11) agus 2008/947/CGB (12) ón gComhairle. Forlíontar leis an Rialachán seo na Cinntí Réime sin agus ní dhéanann sé difear dá gcur i bhfeidhm. |
|
(11) |
Ní dhéanann an Rialachán seo difear do mhalartuithe faisnéise gan choinne a rialaítear le gníomhartha dlí eile de chuid an Aontais. |
|
(12) |
Níl feidhm ag an Rialachán seo maidir le cinntí cásanna a ath-leithdháileadh, a chumasc nó a roinnt ar cásanna iad inar fheidhmigh Oifig an Ionchúisitheora Phoiblí Eorpaigh a hinniúlacht ina leith i gcomhréir le Rialachán (AE) 2017/1939 ón gComhairle (13). |
|
(13) |
Chun críocha an Rialacháin seo, ba cheart do na Ballstáit a n-údaráis inniúla a ainmniú ar bhealach ina gcuirtear prionsabal na teagmhála dírí idir na húdaráis sin chun cinn. |
|
(14) |
Chun críocha an Rialacháin seo agus ar mhaithe lena chur i bhfeidhm éifeachtach a éascú ar fud an Aontais, i gcás nach gceadaítear le struchtúr chórais dlí inmheánacha na mBallstát atá bunaithe ar an dlí coiteann dá gcúirteanna ná dá n-ionchúisitheoirí bearta a dhéanamh atá coimhdeach leis an gcinneadh glacadh le haistriú imeachtaí coiriúla nó diúltú dó, ba cheart údarás eile, a bhfuil inniúlacht aige bearta a dhéanamh in imeachtaí coiriúla, a bheith in ann na bearta coimhdeacha sin a dhéanamh. Le rannpháirtíocht an údaráis inniúil sin, níor cheart dochar ar bhealach ar bith a dhéanamh don chinneadh, a bheidh le déanamh go heisiach ag breitheamh, cúirt, breitheamh imscrúdaithe nó ionchúisitheoir poiblí, cé acu glacadh le haistriú imeachtaí coiriúla nó diúltú dó, agus ba cheart a mheasúnú ar na forais atá leis an diúltú faoin Rialachán seo a bheith san áireamh sa chinneadh sin, de réir riachtanas. Is chun an chinnteoireacht bhreithiúnach sin agus cur i bhfeidhm éifeachtach an Rialacháin seo a éascú, agus chuige sin amháin, atá rannpháirtíocht aon údaráis inniúil eile beartaithe. |
|
(15) |
I gcás inar gá mar gheall ar struchtúr a gcóras dlí inmheánach, ba cheart na Ballstáit a bheith in ann údarás lárnach amháin nó níos mó a ainmniú le haghaidh tarchur agus glacadh riaracháin iarrataí ar an aistriú imeachtaí coiriúla, chomh maith le comhfhreagras oifigiúil eile a bhaineann leis na hiarrataí. D’fhéadfadh na húdaráis lárnacha sin tacaíocht riaracháin a sholáthar freisin agus d’fhéadfadh siad róil maidir le comhordú agus cúnamh a bheith acu, agus ar an gcaoi sin glacadh le hiarrataí ar an aistriú imeachtaí coiriúla a éascú agus a chur chun cinn. |
|
(16) |
Ceanglaítear le roinnt gníomhartha dlí de chuid an Aontais cheana féin ar na Ballstáit na bearta is gá a dhéanamh chun dlínse a bhunú maidir le cionta coiriúla sonracha, mar shampla na cionta sin a bhaineann le gníomhaíochtaí sceimhlitheoireachta de bhun Threoir (AE) 2017/541 nó le góchumadh an euro de bhun Threoir 2014/62/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (14) i gcásanna ina ndiúltaítear duine a thabhairt suas. |
|
(17) |
Chun a áirithiú gur féidir imeachtaí coiriúla a aistriú i gcomhréir leis an Rialachán seo, i gcás ina gceanglaítear amhlaidh ar mhaithe le riar éifeachtúil cuí an cheartais agus le cearta bunúsacha na ndaoine atá faoi dhrochamhras nó atá cúisithe, chomh maith le cearta bunúsacha na n-íospartach, a chosaint go héifeachtach, mar a leagtar amach i ndlí an Aontais, leis an Rialachán seo, ba cheart foráil a dhéanamh do dhlínse i gcásanna sonracha, chun a áirithiú gur féidir leis an Stát iarrtha dlínse a fheidhmiú i dtaca leis na cionta coiriúla a bhfuil dlí náisiúnta an Stáit iarrthaigh infheidhme maidir leo. Ba cheart dlínse a bheith ag an Stát iarrtha maidir leis na cionta coiriúla dá n-iarrtar an t-aistriú imeachtaí coiriúla, tráth ar bith a mheastar gurb é sin an Ballstát is fearr chun ionchúiseamh a dhéanamh ar an gcion coiriúil atá i gceist. Leis na rialacha maidir le dlínse dá bhforáiltear sa Rialachán seo, níor cheart cosc a chur ar na Ballstáit bearta náisiúnta a ghlacadh chun a áirithiú go bhfuil siad in ann dlínse a fheidhmiú sna cásanna sonracha dá bhforáiltear sa Rialachán seo. |
|
(18) |
I dteannta na dlínse dá bhforáiltear cheana le dlí náisiúnta an Stáit iarrtha, ba cheart dlínse a bhunú ar bhonn na bhforas sonrach a leagtar amach sa Rialachán seo i gcás ina meastar gurb é an Ballstát sin an Ballstát is fearr chun ionchúiseamh a dhéanamh. Ba cheart dlínse a bheith ag an Stát iarrtha i gcásanna ina ndiúltaíonn an Stát iarrtha duine atá faoi dhrochamhras nó duine atá cúisithe ar eisíodh barántas gabhála Eorpach ina leith agus atá i láthair sa Stát iarrtha agus ar náisiúnach nó cónaitheoir de chuid an Stáit sin é nó í a thabhairt suas, i gcás ina bhfuil an diúltú sin bunaithe ar na forais shonracha a leagtar amach sa Rialachán seo. Mar shampla, ba cheart dlínse a bhunú i gcás ina ndiúltaítear don tabhairt suas ar bhonn Airteagal 4, pointe (7)(b), de Chinneadh Réime 2002/584/CGB, a bhfuil feidhm aige i gcásanna ina ndearnadh cionta lasmuigh de chríoch an Bhallstáit eisiúna agus nach gceadaítear le dlí an Bhallstáit fhorghníomhaithigh ionchúiseamh i leith na gcionta céanna nuair a dhéantar lasmuigh dá chríoch iad. D’fhéadfaí an riail sin a chur i bhfeidhm i gcásanna ina ndéanann náisiúnaigh de chuid Ballstát eile nó náisiúnaigh tríú tír cion ar chríoch Ballstáit eile nó ar chríoch tríú tír, agus i gcásanna inar cónaitheoir de chuid an Stáit iarrtha é nó í an duine atá faoi dhrochamhras nó atá cúisithe sa Stát iarrtha. Tá tábhacht ar leith ag baint leis sin maidir le coireanna tromchúiseacha a sháraíonn luachanna bunúsacha an chomhphobail idirnáisiúnta, ar nós coireanna cogaidh nó cinedhíothú, i gcás ina bhféadfadh baol a bheith ann go mbeadh saoirse ó phionós ann toisc barántas gabhála Eorpach a bheith diúltaithe ar bhonn Airteagal 4, pointe (7)(b), de Chinneadh Réime 2002/584/CGB. Ba cheart dlínse a bheith ag an Stát iarrtha freisin i gcás ina dtarlaíonn éifeachtaí an chiona choiriúil nó an damáiste a bhaineann leis go príomha sa Stát iarrtha. Ba cheart damáiste a chur san áireamh ar choinníoll gur ceann d’eilimintí an chiona choiriúil é, i gcomhréir leis an dlí náisiúnta sa Stát iarrtha. Ba cheart dlínse a bheith ag an Stát iarrtha freisin i gcás ina bhfuil imeachtaí coiriúla ar siúl cheana féin sa Stát sin in aghaidh an duine atá faoi dhrochamhras nó atá cúisithe i leith fíorais eile ionas go bhféadfaí breithiúnas a dhéanamh ar iompar coiriúil líomhnaithe an duine sin in aon dlínse amháin, nó i gcás ina bhfuil imeachtaí coiriúla ar siúl sa Stát sin in aghaidh daoine eile i leith na bhfíoras céanna, fíorais atá mar an gcéanna go páirteach nó fíorais ghaolmhara, a d’fhéadfadh a bheith ábhartha go háirithe chun an t-imscrúdú agus an t-ionchúiseamh ar eagraíocht choiriúil a chomhchruinniú in aon Bhallstát amháin. Sa dá chás, ba cheart an duine atá faoi dhrochamhras nó atá cúisithe sna himeachtaí coiriúla atá á n-aistriú a bheith ina náisiúnach nó ina chónaitheoir nó ina cónaitheoir de chuid an Stáit iarrtha sa Stát iarrtha. |
|
(19) |
Chun aidhm an Rialacháin seo a chomhlíonadh agus chun coinbhleachtaí dlínse a chosc, ag féachaint go sonrach do na Ballstáit a bhfuil a gcórais dlí bunaithe ar ionchúiseamh éigeantach agus dóibh siúd nach bhfuil ionchúiseamh éigeantach iontu ach i leith cionta coiriúla áirithe, ba cheart Stát iarrthach a bheith in ann, agus iarraidh á déanamh aige ar an aistriú imeachtaí coiriúla, na himeachtaí a tharscaoileadh i leith ionchúiseamh an duine lena mbaineann as an gcion coiriúil dá bhfuil an t-aistriú á lorg. Leis an Rialachán seo, dá bhrí sin, ba cheart a cheadú d’údaráis inniúla an Stáit iarrthaigh na himeachtaí coiriúla a thabharfar os a gcomhair a tharscaoileadh, a chur ar fionraí nó a scor i bhfabhar an Bhallstáit a mheastar a bheith i staid níos fearr chun ionchúiseamh a dhéanamh, i gcomhréir leis an dlí náisiúnta, fiú i gcás ina mbeadh dualgas ar na húdaráis sin ionchúiseamh a dhéanamh. Ba cheart an méid sin a bheith gan dochar do na forálacha ar éifeachtaí an aistrithe imeachtaí coiriúla sa Stát iarrthach a leagtar síos sa Rialachán seo. |
|
(20) |
Leis an Rialachán seo, urramaítear na cearta bunúsacha mar aon leis na prionsabail a aithnítear i gCairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh (an ‘Chairt’) agus sa Choinbhinsiún Eorpach chun Cearta an Duine agus Saoirsí Bunúsacha a Chosaint. |
|
(21) |
Ní dhéanann an Rialachán seo difear do chearta nós imeachta mar a leagtar amach iad sa Chairt ná i ngníomhartha eile dlí de chuid an Aontais, mar shampla Treoracha 2010/64/AE (15), 2012/13/AE (16), 2013/48/AE (17), (AE) 2016/343 (18), (AE) 2016/800 (19) agus (AE) 2016/1919 (20) ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle i dtaca leis na Ballstáit sin atá faoi cheangal acu. Go háirithe, ba cheart don údarás iarrthach a áirithiú go n-urramófar na cearta sin, dá bhforáiltear faoi dhlí an Aontais agus faoin dlí náisiúnta, agus aistriú imeachtaí coiriúla á iarraidh faoin Rialachán seo. |
|
(22) |
Ba cheart do na Ballstáit, le linn dóibh an Rialachán seo a chur chun feidhme, a áirithiú go gcuirtear riachtanais daoine leochaileacha san áireamh. I gcomhréir leis an Moladh ón gCoimisiún an 27 Samhain 2013 maidir le coimircí nós imeachta do dhaoine leochaileacha atá faoi dhrochamhras nó atá cúisithe in imeachtaí coiriúla (21), ba cheart a thuiscint go gciallaíonn daoine leochaileacha atá faoi dhrochamhras nó atá cúisithe na daoine uile atá faoi dhrochamhras nó atá cúisithe nach bhfuil in ann imeachtaí coiriúla a thuiscint nó a bheith rannpháirteach go héifeachtach iontu mar gheall ar a n-aois, a mbail coirp nó meabhrach nó aon mhíchumas atá orthu. |
|
(23) |
Ar an gcaoi chéanna, ba cheart do na Ballstáit, agus an Rialachán seo á chur chun feidhme acu, a áirithiú go gcuirtear san áireamh cearta nós imeachta daoine atá faoi dhrochamhras agus atá cúisithe agus atá faoi réir coinneáil réamhthrialach, agus Moladh (AE) 2023/681 ón gCoimisiún (22) á chur san áireamh, i gcás inarb iomchuí. |
|
(24) |
Ba cheart an t-údarás iarrthach a bheith in ann a iarraidh go n-aistreofaí imeachtaí coiriúla ar a thionscnamh féin, tar éis dul i gcomhairle leis an údarás iarrtha nó gan dul i gcomhairle leis, ar thogra ó dhuine atá faoi dhrochamhras nó atá cúisithe, nó ar thogra ó íospartach. Leis an Rialachán seo, níor cheart aon oibleagáid a fhorchur an t-aistriú imeachtaí coiriúla a iarraidh nó imeachtaí coiriúla a aistriú. Agus breithniú á dhéanamh aige ar cibé acu ba cheart nó nár cheart iarraidh ar an aistriú imeachtaí coiriúla a eisiúint, ba cheart don údarás iarrthach measúnú a dhéanamh ar cibé acu an bhfónfadh an t-aistriú sin don chuspóir maidir le riar éifeachtúil cuí an cheartais, lena n-áirítear cibé acu atá nó nach bhfuil sé comhréireach agus iomchuí chun críoch na n-imeachtaí lena mbaineann. Ba cheart an measúnú sin a dhéanamh ar bhonn cás ar chás chun go sainaithneofar an Ballstát is fearr chun an cion coiriúil atá i gceist a ionchúiseamh. |
|
(25) |
Agus measúnú á dhéanamh ar cé acu atá nó nach bhfuil údar le hiarraidh ar an aistriú imeachtaí coiriúla, ba cheart don údarás iarrthach aird a thabhairt ar roinnt critéar, áit ar cheart tosaíocht agus ualú na gcritéar sin a bheith bunaithe ar fhíorais agus fiúntas gach cáis ar leith. Ba cheart na tosca ábhartha uile a chur san áireamh chun leas an cheartais. Mar shampla, i gcás ina ndearnadh cion coiriúil go hiomlán nó go páirteach ar chríoch an Stáit iarrtha, nó i gcás inar tharla an chuid is mó de na héifeachtaí nó ina ndearnadh cuid shubstaintiúil den damáiste arbh é an cion coiriúil ba chúis leo, i gcás ina gcomhdhéanann na héifeachtaí nó an damáiste sin cuid d’eilimintí an chiona choiriúil, ar chríoch an Stáit iarrtha, ba cheart a bheith in ann a mheas gurbh é an Stát sin an Stát ab fhearr chun ionchúiseamh a dhéanamh, toisc go bhfuil an fhianaise atá le bailiú, mar shampla fianaise ó fhinnéithe, agus íospartaigh, nó tuairimí saineolaithe, sa Stát iarrtha agus toisc, dá réir sin, go mbeadh sé níos éasca iad a chruinniú dá n-aistreofaí na himeachtaí coiriúla. Anuas air sin, d’éascófaí tionscnamh imeachtaí ar dhamáistí sa Stát iarrtha ina dhiaidh sin dá ndéanfaí na himeachtaí foluiteacha lena mbunaítear freagracht choiriúil sa Bhallstát céanna freisin. Ar an gcaoi chéanna, má tá an chuid is mó den fhianaise lonnaithe sa Stát iarrtha, d’fhéadfadh aistriú imeachtaí coiriúla bailiúchán agus inghlacthacht na fianaise dá éis sin, a bhailítear i gcomhréir le dlí náisiúnta an Stáit iarrtha, a éascú. |
|
(26) |
I gcás inar náisiúnaigh nó inar cónaitheoirí de chuid an Stáit iarrtha sa Stát iarrtha iad duine amháin nó níos mó de na daoine atá faoi dhrochamhras nó atá cúisithe, d’fhéadfadh údar a bheith le haistriú imeachtaí coiriúla chun ceart an duine atá faoi dhrochamhras nó atá cúisithe a bheith i láthair ag an triail a áirithiú, i gcomhréir le Treoir (AE) 2016/343. Ar an gcaoi chéanna, i gcás inar náisiúnaigh nó cónaitheoirí de chuid an Stáit iarrtha iad duine amháin nó níos mó de na híospartaigh, d’fhéadfadh údar a bheith le haistriú imeachtaí coiriúla chun ligean d’íospartaigh a bheith rannpháirteach ar bhealach níos éasca sna himeachtaí coiriúla agus chun scrúdú a dhéanamh orthu go héifeachtach mar fhinnéithe le linn na n-imeachtaí. I gcásanna ina ndiúltaítear duine atá faoi dhrochamhras nó atá cúisithe a thabhairt suas, duine ar eisíodh barántas gabhála Eorpach ina leith, sa Stát iarrtha ar na forais a shonraítear sa Rialachán seo, d’fhéadfadh údar a bheith le haistriú freisin i gcás ina bhfuil an duine sin i láthair sa Stát iarrtha gan a bheith ina náisiúnach nó ina chónaitheoir nó ina cónaitheoir de chuid an Stáit sin. |
|
(27) |
Is faoin údarás iarrthach atá sé measúnú a dhéanamh, ar bhonn an ábhair atá os a chomhair, cé acu is ann nó nach ann d’fhorais réasúnacha lena chreidiúint go bhfuil cónaí ar an duine atá faoi dhrochamhras, an duine atá cúisithe nó an t-íospartach sa Stát iarrtha. I gcás nach bhfuil ach faisnéis theoranta ar fáil, ba cheart an measúnú sin a bheith ina ábhar do chomhairliúcháin idir an t-údarás iarrthach agus an t-údarás iarrtha chun áit chónaithe an duine atá faoi dhrochamhras, an duine atá cúisithe nó an íospartaigh sa Stát iarrtha a dhearbhú. Chun críocha an mheasúnaithe sin, imthosca oibiachtúla éagsúla, a d’fhéadfadh a thabhairt le fios go bhfuil gnáthshuíomh leasanna an duine lena mbaineann bunaithe aige nó aici i mBallstát ar leith nó go bhfuil sé ar intinn aige nó aici déanamh amhlaidh, d’fhéadfadh siad a bheith ábhartha. D’fhéadfadh sé gur ann d’fhorais réasúnacha lena chreidiúint go bhfuil cónaí ar dhuine sa Stát iarrtha, go háirithe i gcás ina bhfuil duine cláraithe mar chónaitheoir de chuid an Stáit iarrtha, trí chárta aitheantais nó cead cónaithe a bheith ina sheilbh aige nó aici nó trí chlárú i gclár oifigiúil cónaithe. I gcás nach bhfuil an duine lena mbaineann cláraithe sa Stát iarrtha, d’fhéadfaí cónaí a thabhairt le fios leis an bhfíoras gur léirigh duine go raibh sé i gceist aige nó aici é nó í féin a lonnú sa Bhallstát sin nó go bhfuil, tar éis tréimhse sheasta láithreachta sa Bhallstát sin, naisc áirithe faighte aige nó aici leis ar naisc iad atá cosúil leis na cinn sin a d’eascródh as cónaí foirmiúil a bhunú sa Bhallstát sin. Chun a chinneadh, i gcás sonrach, cé acu atá nó nach bhfuil naisc leordhóthanacha idir an duine lena mbaineann agus an Stát iarrtha, as a dtagann fíorais réasúnacha lena chreidiúint go bhfuil cónaí ar an duine lena mbaineann sa Bhallstát sin, is gá tosca oibiachtúla éagsúla ar saintréith iad do chás an duine sin a chur san áireamh, lena n-áirítear, go háirithe, fad, cineál agus coinníollacha a láithreachta sa Stát iarrtha nó na naisc theaghlaigh nó eacnamaíocha atá ag an duine sin leis an Stát iarrtha. Feithicil chláraithe, cuntas bainc, an fíoras nach raibh briseadh i bhfanacht an duine sa Stát iarrtha nó tosca oibiachtúla eile, d’fhéadfadh siad a bheith ábhartha chun a chinneadh gur ann d’fhorais réasúnacha lena chreidiúint go bhfuil cónaí ar an duine lena mbaineann sa Stát iarrtha. Cuairt ghairid, fanacht saoire, lena n-áirítear i dteach saoire, nó fanacht cosúil leis sin sa Stát iarrtha gan aon nasc substaintiúil eile, ní leor an méid sin chun cónaí a bhunú sa Bhallstát sin. |
|
(28) |
D’fhéadfadh údar a bheith le haistriú imeachtaí coiriúla freisin i gcás ina bhfuil imeachtaí coiriúla ar bun sa Stát iarrtha i leith na bhfíoras céanna, fíorais atá mar an gcéanna go páirteach nó fíorais eile, in aghaidh an duine atá faoi dhrochamhras nó atá cúisithe, nó i gcás ina bhfuil imeachtaí coiriúla ar bun sa Stát iarrtha i leith na bhfíoras céanna, fíorais atá mar an gcéanna go páirteach nó fíorais ghaolmhara, in aghaidh daoine eile, mar shampla i gcásanna ionchúisimh eagraíochtaí coiriúla trasteorann, i gcás ina bhféadfaí daoine comhchúisithe éagsúla a ionchúiseamh i mBallstáit éagsúla. Thairis sin, más rud é go bhfuil pianbhreith á cur isteach nó le cur isteach sa Stát iarrtha ag an duine atá faoi dhrochamhras nó atá cúisithe, ar pianbhreith í lena mbaineann cailleadh saoirse, d’fhéadfadh údar a bheith le haistriú imeachtaí coiriúla chun ceart an duine atá ciontaithe a bheith i láthair ag an triail dá lorgaítear aistriú imeachtaí coiriúla a áirithiú, fad a chuireann sé nó sí an phianbhreith isteach sa Stát iarrtha. Ba cheart do na húdaráis iarrthacha machnamh cuí a dhéanamh ar cibé acu an bhféadfaí, trí imeachtaí coiriúla a aistriú, an dóchúlacht a mhéadú go ndéanfaí an duine lena mbaineann a athshlánú go sóisialta i gcás ina bhforfheidhmeofaí an phianbhreith sa Stát iarrtha. Chun na críche sin, d’fhéadfaí a chur san áireamh ceangal an duine leis an Stát iarrtha, más suíomh an teaghlaigh é an Stát sin dar leis an duine i dtrácht, agus naisc theanga, chultúrtha, shóisialta, eacnamaíocha agus aon nasc eile leis an Stát iarrtha. Ina theannta sin, is minic a thagann údaráis inniúla ar chomhaontuithe maidir le comhchruinniú na n-imeachtaí bunaithe ar shainaithint na dlínse is fearr. D’fhéadfaí teacht ar na comhaontuithe sin i gcruinnithe comhordúcháin Ghníomhaireacht an Aontais Eorpaigh um Chomhar Ceartais Choiriúil (Eurojust), a bunaíodh le Rialachán (AE) 2018/1727 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (23) i gcruinnithe déthaobhacha nó iltaobhacha gan idirghabháil ó Eurojust nó tar éis comhairliúcháin faoi Chinneadh Réime 2009/948/CGB. |
|
(29) |
Roimh bhreithniú a dhéanamh ar imeachtaí coiriúla a aistriú ar an gcúis gur sa Stát iarrtha atá tromlach na fianaise lonnaithe, agus ar an gcúis sin amháin, moltar don údarás iarrthach a chur san áireamh an fhéidearthacht fianaise a fháil ó Bhallstáit eile trí ionstraimí atá ann cheana a bhaineann le haitheantas frithpháirteach cinntí breithiúnacha, mar shampla, i dtaca leis na Ballstáit sin atá faoi cheangal aici, Treoir 2014/41/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (24), agus cúnamh dlíthiúil frithpháirteach. |
|
(30) |
Ba cheart do dhaoine atá faoi dhrochamhras nó atá cúisithe nó íospartaigh a bheith ábalta a mholadh go n-aistreofaí na himeachtaí coiriúla a bhaineann leo chuig Ballstát eile. Ba cheart daoine atá faoi dhrochamhras nó atá cúisithe nó íospartaigh a bheith ábalta moladh den sórt sin a dhéanamh le húdaráis inniúla an Stáit iarrthaigh nó an Stát iarrtha i gcás ina measann siad go bhfuil cúiseanna ann go bhfuil bonn cirt le haistriú imeachtaí coiriúla ar mhaithe leis an gceartas. Mar shampla, d’fhéadfadh duine de na daoine seo an moladh sin a dhéanamh sa Stát iarrtha: duine atá faoi dhrochamhras nó atá cúisithe nó íospartach atá ar an eolas go bhfuil imeachtaí coiriúla ar siúl sa Stát iarrtha i leith na bhfíoras céanna, fíorais atá mar an gcéanna go páirteach nó fíorais eile in aghaidh an duine chéanna atá faoi dhrochamhras nó atá cúisithe nó i leith na bhfíoras céanna, fíorais atá mar an gcéanna go páirteach nó fíorais ghaolmhara in aghaidh daoine eile. D’fhéadfaí moladh den sórt sin a dhéanamh sa Stát iarrtha i gcás, mar shampla, ina gcónaíonn duine atá faoi dhrochamhras, duine atá cúisithe nó íospartach sa Stát sin nó inar náisiúnach de chuid an Stáit é nó í, nó ina bhfuil sé nó sí ar an eolas faoi imeachtaí a bheith tionscanta i leith na bhfíoras céanna, fíorais atá mar an gcéanna go páirteach nó fíorais eile a bhaineann leis na daoine céanna atá faoi dhrochamhras nó atá cúisithe. Cé gur cheart moladh den sórt sin a mheas agus a thaifeadadh, níor cheart aon oibleagáid a fhorchur leis ar an údarás iarrthach nó ar an údarás iarrtha an t-aistriú imeachtaí coiriúla a iarraidh nó imeachtaí coiriúla a aistriú nó dul i gcomhairle le húdarás Ballstáit eile chun na críche sin. Má thagann aon cheann de na húdaráis sin ar an eolas go bhfuil imeachtaí coiriúla comhthreomhara ar bun ar bhonn moladh maidir leis an aistriú imeachtaí coiriúla arna chur isteach ag duine atá faoi dhrochamhras, duine atá cúisithe, nó ag íospartach, nó ag dlíodóir thar a gceann, tá sé de dhualgas air dul i gcomhairle leis an údarás eile i gcomhréir le Cinneadh Réime 2009/948/CGB. |
|
(31) |
Ba cheart don údarás iarrthach, a luaithe is féidir, an duine atá faoi dhrochamhras nó atá cúisithe a chur ar an eolas faoin rún chun iarraidh ar an aistriú imeachtaí coiriúla a eisiúint agus ba cheart dó an deis a thabhairt don duine sin tuairim a chur in iúl, lena n-áirítear maidir le gnéithe a bhaineann leis an gceartas aisiríoch, i gcomhréir leis an dlí náisiúnta is infheidhme, chun a chur ar a gcumas do na húdaráis leasanna dlisteanacha an duine sin a chur san áireamh roimh iarraidh ar aistriú a eisiúint. Tá sé tábhachtach an fhaisnéis sin a sholáthar i scríbhinn. Ba cheart a bheith in ann an fhaisnéis a sholáthar ó bhéal freisin ar an gcoinníoll go ndéantar nóta den fhaisnéis a soláthraíodh i gcomhréir leis an nós imeachta maidir le taifeadadh faoin dlí náisiúnta. Ba cheart a bheith in ann an fhaisnéis a sholáthar agus úsáid á baint as foirmeacha caighdeánacha. I gcás ina measfaidh an t-údarás iarrthach go bhfuil gá leis, i bhfianaise, mar shampla, aois, bhail coirp nó bhail meabhrach an duine atá faoi dhrochamhras nó atá cúisithe lena mbaineann, ba cheart an deis a thabhairt d’ionadaí dlíthiúil an duine sin an tuairim a chur in iúl, i gcás ina mbeidh fáil ar an ionadaí sin. Agus measúnú á dhéanamh ar leas dlisteanach an duine atá faoi dhrochamhras nó atá cúisithe maidir le heolas a fháil faoin rún chun iarraidh ar aistriú a eisiúint, ba cheart don údarás iarrthach a chur san áireamh an gá atá le rúndacht imscrúdaithe nó an baol maidir le dochar a dhéanamh don imscrúdú in aghaidh an duine sin, tráth ar bith a bheadh gá le leas tábhachtach an phobail a chosaint, i gcásanna, mar shampla, ina bhféadfadh an fhaisnéis sin dochar a dhéanamh d’imscrúduithe rúnda leanúnacha nó dochar tromchúiseach a dhéanamh do shlándáil náisiúnta an Bhallstáit ina bhfuil na himeachtaí coiriúla ar siúl. I gcás nach bhféadfaidh an t-údarás iarrthach an duine atá faoi dhrochamhras nó atá cúisithe a aimsiú ná dul i dteagmháil leis nó léi d’ainneoin iarrachtaí réasúnacha a dhéanamh, ní mór feidhm a bheith ag an oibleagáid maidir leis an duine sin a chur ar an eolas a luaithe a fhéadfar an duine atá faoi dhrochamhras nó atá cúisithe a aimsiú nó dul i dteagmháil leis nó léi. |
|
(32) |
Ba cheart cearta na n-íospartach a leagtar amach i dTreoir 2012/29/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (25), lena n-áirítear an ceart chun faisnéise, a chur san áireamh agus an Rialachán seo á chur i bhfeidhm. Níor cheart an Rialachán seo a léirmhíniú mar rialachán lena gcuirtear cosc ar na Ballstáit cearta atá níos leithne ná na cinn siúd a leagtar síos i ndlí an Aontais a dheonú d’íospartaigh faoin dlí náisiúnta. |
|
(33) |
Agus cinneadh á dhéanamh maidir le hiarraidh ar an aistriú imeachtaí coiriúla, ba cheart don údarás iarrthach aird chuí a thabhairt ar leasanna dlisteanacha na n-íospartach, lena n-áirítear a gcosaint agus gnéithe a bhaineann le ceartas aisiríoch, agus ba cheart dó measúnú a dhéanamh an bhféadfadh an t-aistriú imeachtaí coiriúla a bheith díobhálach don chumas atá ag íospartaigh a gcearta a fheidhmiú go héifeachtach sna himeachtaí coiriúla lena mbaineann. D’fhéadfaí a chuimsiú leis an measúnú sin, mar shampla, breithniú ar an bhféidearthacht agus ar na socruithe atá ar fáil d’íospartaigh chun fianaise a thabhairt le linn trialacha sa Stát iarrtha murab é sin an Ballstát ina bhfuil cónaí orthu. Thairis sin, ba cheart machnamh a dhéanamh ar an bhféidearthacht d’íospartaigh fianaise a fháil agus a sholáthar, mar shampla ó fhinnéithe agus ó shaineolaithe, cúiteamh a éileamh nó tairbhe a bhaint as cláir um chosaint finnéithe nó um cheartas aisiríoch sa Stát iarrtha. Níor cheart don aistriú imeachtaí coiriúla dochar a dhéanamh do chearta na n-íospartach maidir le cúiteamh a fháil. Níl aon tionchar ag an Rialachán seo ar na rialacha maidir le cúiteamh ná le haiseag maoine d’íospartaigh in imeachtaí náisiúnta. |
|
(34) |
I gcás ina bhfuil gá leis lena áirithiú go leantar sa Stát iarrtha leis an gcosaint a soláthraíodh don íospartach sa Stát iarrthach, sa Stát iarrtha ba cheart d’údaráis inniúla sa Stát iarrthach breithniú a dhéanamh ar ordú cosanta Eorpach a eisiúint i gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh. 606/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (26) nó, i gcás na mBallstát atá faoi cheangail aici, Treoir 2011/99/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (27). |
|
(35) |
A luaithe a bheidh sé ar intinn ag an údarás iarrthach iarraidh ar an aistriú imeachtaí coiriúla a eisiúint, ba cheart dó, a luaithe is féidir, an t-eolas sin a thabhairt do na híospartaigh a bhfuil cónaí orthu sa Stát iarrthach nó, i gcás daoine dlítheanacha, atá bunaithe sa Stát iarrthach agus a fhaigheann faisnéis faoi na himeachtaí coiriúla i gcomhréir le hAirteagal 6(1) de Threoir 2012/29/AE, mar a chuirtear chun feidhme é sa dlí náisiúnta, nó, i gcás daoine dlítheanacha, a fhaigheann faisnéis den sórt sin i gcomhréir leis an dlí náisiúnta. Ba cheart don údarás iarrthach an deis a thabhairt do na daoine sin tuairim a chur in iúl, i gcomhréir leis an dlí náisiúnta is infheidhme, chun a chur ar a gcumas do na húdaráis a leasanna dlisteanacha a chur san áireamh roimh iarraidh ar aistriú a eisiúint. Tá sé tábhachtach an fhaisnéis sin a sholáthar i scríbhinn. Ba cheart a bheith in ann an fhaisnéis a sholáthar ó bhéal freisin ar an gcoinníoll go ndéantar nóta den fhaisnéis a soláthraíodh i gcomhréir leis an nós imeachta maidir le taifeadadh faoin dlí náisiúnta. Ba cheart a bheith in ann an fhaisnéis a sholáthar trí úsáid a bhaint as foirmeacha caighdeánacha nó, i gcás ina mbeidh líon thar a bheith mór d’íospartaigh le cur ar an eolas, trí mhodhanna eile chun faisnéis ghinearálta a thabhairt don phobal, ar nós ionstraimí sonracha foilseacháin ar líne atá ar fáil d’údaráis bhreithiúnacha faoin dlí náisiúnta. I gcás ina measfaidh an t-údarás iarrthach go bhfuil gá leis, i bhfianaise, mar shampla, aois, bhail coirp nó bhail meabhrach an íospartaigh lena mbaineann, ba cheart an deis a thabhairt d’ionadaí dlíthiúil an íospartaigh an tuairim a chur in iúl, i gcás ina mbeidh fáil ar an ionadaí sin. Agus measúnú á dhéanamh ar leas dlisteanach na n-íospartach maidir le heolas a fháil faoin rún chun iarraidh ar aistriú a eisiúint, ba cheart don údarás iarrthach an gá atá le rúndacht imscrúdaithe nó an baol maidir le dochar a dhéanamh don imscrúdú a chur san áireamh, i gcásanna, mar shampla, ina bhféadfadh an fhaisnéis sin dochar a dhéanamh d’imscrúduithe rúnda leanúnacha nó dochar tromchúiseach a dhéanamh do shlándáil náisiúnta an Stáit iarrthaigh. |
|
(36) |
Ba cheart a bheith in ann freisin foirmeacha caighdeánacha a úsáid i gcásanna áirithe dá bhforáiltear faoin Rialachán seo chun gur fusa a bheidh sé don údarás iarrthach agus don údarás iarrtha cúnamh a thabhairt dá chéile chun an duine atá faoi dhrochamhras, atá cúisithe nó an t-íospartach a chur ar an eolas agus chun a dtuairim a lorg maidir leis an rún chun iarraidh ar an aistriú imeachtaí coiriúla a eisiúint. Maidir leis an úsáid a d’fhéadfaí a bhaint as na foirmeacha caighdeánacha sin, níor cheart cosc a chur ar an údarás iarrthach ná ar an údarás iarrtha fógraí díreacha a thabhairt do dhaoine atá faoi dhrochamhras nó atá cúisithe nó d’íospartaigh. |
|
(37) |
Glactar leis go mbeidh, le cur i bhfeidhm ceart an Rialacháin seo, cumarsáid ann idir an t-údarás iarrtha agus an t-údarás iarrthach lena mbaineann, rud ba cheart a spreagadh chun dul i gcomhairle le chéile nuair is iomchuí chun cur i bhfeidhm réidh agus éifeachtúil an Rialacháin seo a éascú, go díreach nó, i gcás inarb iomchuí, trí Eurojust. |
|
(38) |
Ba cheart an t-údarás iarrthach a bheith in ann dul i gcomhairle leis an údarás iarrtha sula n-eisítear iarraidh ar an aistriú imeachtaí coiriúla i gcás ina bhfuil gá leis sin, go háirithe, chun a chinneadh an mbeadh an t-aistriú imeachtaí coiriúla chun leas riar éifeachtúil cuí an cheartais, lena n-áirítear an bhfuil sé comhréireach agus oiriúnach chun críocha na n-imeachtaí lena mbaineann, agus chun a chinneadh an dócha go ndéanfaidh an t-údarás iarrtha ceann amháin de na forais le diúltú a agairt faoin Rialachán seo. |
|
(39) |
Agus iarraidh ar an aistriú imeachtaí coiriúla á tarchur, ba cheart don údarás iarrthach faisnéis chruinn shoiléir a sholáthar maidir leis na cúinsí agus coinníollacha is bonn leis an iarraidh, chomh maith le haon doiciméadacht tacaíochta eile, chun a chur ar a chumas don údarás iarrtha cinneadh eolasach a dhéanamh faoin iarraidh ar an aistriú imeachtaí coiriúla. Ba cheart don údarás iarrthach an fhoirm iarrata chomhlánaithe agus, d’fhonn costais agus fad ama an aistriúcháin a laghdú, na codanna bunriachtanacha ar a laghad d’aon doiciméadacht nó faisnéis tacaíochta a aistriú go teanga oifigiúil de chuid an Stáit iarrtha nó go haon teanga eile a nglacann an Stát sin léi i gcomhréir leis an Rialachán seo. Is iad na codanna bunriachtanacha de na doiciméid lena mbaineann na sleachta sin a ndealraíonn sé go bhfuil siad riachtanach don údarás iarrtha chun cinneadh eolasach a dhéanamh maidir leis an iarraidh ar an aistriú imeachtaí coiriúla. |
|
(40) |
Fad nach mbeidh cinneadh déanta ag an údarás iarrtha glacadh le haistriú imeachtaí coiriúla nó diúltú dó, ba cheart an t-údarás iarrthach a bheith in ann an iarraidh ar aistriú a tharraingt siar, mar shampla i gcás ina dtagann sé ar an eolas faoi ghnéithe breise, nach ndealraíonn sé go bhfuil gá a thuilleadh leis an aistriú dá mbarr. Ba cheart faisnéis faoi tharraingt siar na hiarrata ar an aistriú imeachtaí coiriúla a sholáthar láithreach don údarás iarrtha agus ba cheart í a chur in iúl do na daoine atá faoi dhrochamhras nó atá cúisithe agus do na híospartaigh, de réir mar is ábhartha. |
|
(41) |
Maidir leis an gcinneadh ón údarás iarrtha maidir le cé acu glacadh leis an aistriú imeachtaí coiriúla nó diúltú dó, ba cheart dó an cinneadh a chur in iúl don údarás iarrthach gan moill mhíchuí agus i gcás ar bith tráth nach déanaí ná 60 lá tar éis an iarraidh ar an aistriú imeachtaí coiriúla a fháil. I gcásanna sonracha, nuair nach bhfuil sé indéanta don údarás iarrtha an tréimhse sin ama a chomhlíonadh, mar shampla má cheapann sé go bhfuil gá le tuilleadh faisnéise, níor cheart é a bheith indéanta an tréimhse sin a fhadú ach go ceann 30 lá eile chun moilleanna iomarcacha a sheachaint. Agus é ag glacadh leis an aistriú imeachtaí coiriúla, ba cheart don údarás iarrtha cinneadh cuí-réasúnaithe a dhéanamh. I gcásanna ina ndiúltóidh an t-údarás iarrtha don aistriú imeachtaí coiriúla, ba cheart dó an t-údarás iarrthach a chur ar an eolas faoi chúiseanna an diúltaithe. Chun na críche sin, is leor go soláthróidh an t-údarás iarrtha faisnéis ghonta maidir leis an bhforas nó na forais ábhartha le diúltú. |
|
(42) |
I gcás inar ghlac an t-údarás iarrtha leis an aistriú imeachtaí coiriúla, ba cheart don údarás iarrthach, gan moill mhíchuí, cóipeanna bunaidh nó cóipeanna deimhnithe de dhoiciméid uile an cháschomhaid, nó na codanna ábhartha de ar a laghad, mar aon le haistriúcháin ar na codanna sin, a chur ar aghaidh chuig an údarás iarrtha. A luaithe a scoirfear de na himeachtaí náisiúnta, ba cheart don údarás iarrthach aon chodanna ábhartha eile den cháschomhad, sa chóip bhunaidh nó sa chóip dheimhnithe, lena n-áirítear fianaise fhisiceach ábhartha, mar shampla réada ciona nó samplaí fola nó DNA, a tharchur chuig an údarás iarrtha gan moill mhíchuí. Níor cheart doiciméadacht bhunaidh a tharchur ach amháin arna iarraidh sin don údarás iarrtha, mar shampla i gcás inar gá scrúdú a dhéanamh ar dhoiciméad chun críoch fóiréinseach. Ar choinníoll nach bhfuil gá a thuilleadh le cóipeanna bunaidh an cháschomhaid ná leis an bhfianaise fhisiceach sa Stát iarrtha, ba cheart iad a chur ar ais chuig an Stát iarrthach arna n-iarraidh sin dó, i gcás ina bhfuil gá leis na doiciméid sin nó an fhianaise fhisiceach sin chun críoch imscrúdaithe choiriúil eile, mar shampla. I gcás ina gcuirfidh an Stát iarrthach in iúl, nuair a iarrfaidh an Stát iarrtha air déanamh amhlaidh, nach bhfuil sé beartaithe aige cóipeanna bunaidh an cháschomhaid nó an fhianaise fhisiceach a aisghabháil nuair nach bhfuil gá leis nó léi a thuilleadh nó ag deireadh na n-imeachtaí, ba cheart an Stát iarrtha a bheith in ann cinneadh a dhéanamh, i gcomhréir lena dhlí náisiúnta, maidir leis an gcaoi le déileáil leis an gcuid eile den fhianaise, lena n-áirítear an ndéanfar an fhianaise sin a chaomhnú nó a scriosadh. A luaithe a ghlacfar le hiarraidh ar an aistriú imeachtaí coiriúla, agus chun aistriú éifeachtúil a éascú, ba cheart an t-údarás iarrthach agus an t-údarás iarrtha a bheith in ann dul i gcomhairle le chéile chun a chinneadh cad iad na doiciméid nó na codanna de na doiciméid sin is gá a chur ar aghaidh, agus a aistriú go teanga eile, i gcás inar gá sin. Mar sin féin, tá sé tábhachtach go mbeidh an cinneadh gan ach codanna de na doiciméid a sheoladh cothrom agus bunaithe ar bhreithniú cúramach a dhéanamh ar na doiciméid faoi thrácht ionas nach ndéanfar dochar do chothroime na n-imeachtaí. |
|
(43) |
Níor cheart diúltú d’aistriú imeachtaí coiriúla ar aon fhoras seachas na cinn dá bhforáiltear sa Rialachán seo. Chun go nglacfar leis an aistriú imeachtaí coiriúla, ba cheart é a bheith indéanta ionchúiseamh a dhéanamh ar na fíorais is bonn leis na himeachtaí coiriúla atá faoi réir an aistrithe sa Stát iarrtha. Ba cheart don údarás iarrtha diúltú don aistriú imeachtaí coiriúla mura cion coiriúil sa Stát iarrtha é an t-iompar a lorgaítear aistriú ina leith, nó mura bhfuil dlínse ag an Stát iarrtha ar an gcion coiriúil sin, ach amháin má fheidhmíonn sé dlínse dá bhforáiltear faoin Rialachán seo. Ba cheart don údarás iarrtha diúltú don aistriú imeachtaí coiriúla freisin mura gcomhlíontar na coinníollacha maidir leis an gcion coiriúil a ionchúiseamh sa Stát iarrtha. D’fhéadfadh sé sin a bheith i gceist, mar shampla, i gcás nach ndearnadh gearán ón íospartach, atá riachtanach chun an cion coiriúil a ionchúiseamh sa Stát iarrtha, a chomhdú in am, nó i gcás nach féidir ionchúiseamh a dhéanamh de bhun dhlí náisiúnta an Stáit iarrtha i ngeall ar bhás nó ar ghealtacht an duine atá faoi dhrochamhras nó atá cúisithe. Thairis sin, ba cheart don údarás iarrtha diúltú don aistriú imeachtaí coiriúla má tá baic eile ar ionchúiseamh sa Stát iarrtha. Ba cheart an t-údarás iarrtha a bheith in ann diúltú d’aistriú imeachtaí coiriúla má bhaineann an duine atá faoi dhrochamhras nó atá cúisithe tairbhe as pribhléid nó díolúine i gcomhréir le dlí náisiúnta an Stáit iarrtha, mar shampla i ndáil le catagóirí áirithe daoine, taidhleoirí, mar shampla, nó gaolmhaireachtaí atá faoi chosaint shonrach, pribhléid ghairmiúil dlíodóra, mar shampla, nó má chreideann an t-údarás iarrtha nach bhfuil údar leis an aistriú sin mar gheall ar leasanna um riar éifeachtúil cuí an cheartais, mar shampla i gcás nach gcomhlíontar aon cheann de na critéir maidir le haistriú imeachtaí coiriúla a iarraidh, nó i gcás ina raibh an fhoirm iarrata le haghaidh aistriú imeachtaí coiriúla neamhiomlán nó mícheart go follasach agus nár chomhlánaigh nó nár cheartaigh an t-údarás iarrthach é, rud a fhágann nach bhfuil an fhaisnéis is gá ag an údarás iarrtha chun measúnú a dhéanamh ar an iarraidh ar an aistriú imeachtaí coiriúla. Ba cheart an t-údarás iarrtha a bheith in ann diúltú don iarraidh freisin mura cion coiriúil san áit a ndearnadh é atá san iompar i gcás nach bhfuil aon bhundlínse ag an Stát iarrtha chun cion den sórt sin a imscrúdú agus a ionchúiseamh. Cuirtear san áireamh leis an bhforas diúltaithe sin prionsabal an chríochachais, rud a chiallaíonn gur cheart an Stát iarrtha a bheith in ann diúltú don aistriú imeachtaí coiriúla i gcásanna nach cion coiriúil san áit a ndearnadh é atá sa chion coiriúil líomhnaithe, arna dhéanamh lasmuigh de chríoch an Stáit iarrthaigh, agus nach n-údaraítear le dlí náisiúnta an Stáit iarrtha cionta den sórt sin a ionchúiseamh i gcás ina ndéantar iad lasmuigh dá chríoch. Chun críocha an Rialacháin seo, is é ‘bundlínse’ an dlínse dá bhforáiltear cheana sa dlí náisiúnta agus nach n-eascraíonn as an Rialachán seo. |
|
(44) |
Is bunphrionsabal de chuid an dlí choiriúil é an prionsabal ne bis in idem, mar a leagtar amach in Airteagail 54 go 58 den Choinbhinsiún lena ndéantar Comhaontú Schengen an 14 Meitheamh 1985 (28) a chur chun feidhme agus in Airteagal 50 den Chairt é, agus arna léirmhíniú ag Cúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh, prionsabal nár cheart dá réir cosantóir a thriail nó pionós a chur air nó uirthi arís in imeachtaí coiriúla as an gcion coiriúil ar éigiontaíodh nó ar ciontaíodh an cosantóir sin go críochnaitheach ina leith cheana féin. Dá bhrí sin, ba cheart don údarás iarrtha diúltú don aistriú imeachtaí coiriúla más rud é go mbeadh sé contrártha don phrionsabal sin iad a ghabháil. |
|
(45) |
Agus scrúdú á dhéanamh aige ar cibé acu glacadh le hiarraidh ar an aistriú imeachtaí coiriúla nó diúltú di, ba cheart don údarás iarrtha a mheas an bhfónfadh an t-aistriú sin don chuspóir maidir le riar éifeachtúil cuí an cheartais. Ba cheart an measúnú sin a dhéanamh ar bhonn cás ar chás chun go sainaithneofar an Ballstát is fearr chun an cion coiriúil atá i gceist a ionchúiseamh. Ba cheart rogha leathan a bheith ag an údarás iarrtha chun críche an mheasúnaithe sin. Ba cheart an measúnú sin a theorannú go himthosca ábhartha an cháis, lena n-áirítear cibé acu an bhfuil comhartha prima facie ann nach ar chríoch an Stáit iarrtha a rinneadh an cion coiriúil go hiomlán nó go páirteach, nach ar chríoch an Stáit sin a tharla an chuid is mó de na héifeachtaí nó cuid shubstaintiúil den damáiste a chomhdhéanann cuid d’eilimintí an chiona choiriúil, agus nach náisiúnach nó cónaitheoir de chuid an Stáit sin an duine atá faoi dhrochamhras nó atá cúisithe. Níor cheart staid phearsanta, ábharach nó teaghlaigh íospartaigh, finné nó aon duine aonair eile lena mbaineann a bheith cinntitheach inti féin maidir le measúnú a dhéanamh an bhfónfadh aistriú imeachtaí coiriúla don chuspóir maidir le riar éifeachtúil cuí an cheartais. |
|
(46) |
Sula gcinntear diúltú don iarraidh ar an aistriú imeachtaí coiriúla ar bhonn aon fhoras le diúltú, ba cheart don údarás iarrtha, i gcás inarb iomchuí, dul i gcomhairle leis an údarás iarrthach chun aon fhaisnéis bhreise a bhfuil gá léi a fháil. |
|
(47) |
Ba cheart don Stát iarrtha rochtain ar leigheas éifeachtach dlí a áirithiú do dhaoine atá faoi dhrochamhras, do dhaoine atá cúisithe agus d’íospartaigh, in aghaidh an chinnidh glacadh leis an aistriú imeachtaí coiriúla i gcomhréir le hAirteagal 47 den Chairt agus na nósanna imeachta is infheidhme faoin dlí náisiúnta, tráth ar bith a imrítear drochthionchar ar a gcearta de bharr chur i bhfeidhm an Rialacháin seo. Níor cheart an t-athbhreithniú ar an gcinneadh maidir leis an aistriú imeachtaí coiriúla a bhunú ach amháin ar na critéir dá bhforáiltear sna forais le diúltú a leagtar amach sa Rialachán seo. Ba cheart breithniú ar na himthosca uile atá ábhartha maidir le scrúdú na gcritéar sin a bheith i gceist leis an measúnú ar cibé ba cheart nó nár cheart na himeachtaí coiriúla a aistriú. D’fhéadfadh sé gur minic a bheidh cothromaíocht le haimsiú, mar chuid den mheasúnú sin, idir leasanna nó cearta na ndaoine a bhféadfadh tionchar a imirt ar a gcearta; anuas air sin, d’fhéadfadh sé gur minic a dhéanfar breithniú ar shainiúlachtaí agus ar ghnéithe praiticiúla oibriú an chórais ceartais choiriúil mar chuid de freisin. Ba cheart an leigheas dlí sin a bheith gan dochar do leigheasanna dlí eile faoin dlí náisiúnta. |
|
(48) |
Ba cheart rogha leathan a bheith ag an údarás iarrtha agus measúnú á dhéanamh an ar mhaithe le riar éifeachtúil cuí an cheartais atá an t-aistriú imeachtaí coiriúla agus ar cheart diúltú d’iarraidh ar aistriú ar aon cheann de na forais roghnacha le diúltú a leagtar amach sa Rialachán seo. Ba cheart an scrúdú ar fheidhmiú na rogha sin a bheith teoranta d’athbhreithniú a dhéanamh ar cé acu a sháraigh nó nár sháraigh an t-údarás iarrtha, agus an cinneadh á dhéanamh aige glacadh leis an iarraidh ar an aistriú imeachtaí coiriúla, teorainneacha a lánrogha go follasach. |
|
(49) |
D’fhéadfadh sé gurbh é toradh an leighis dlí go seasfaí leis an gcinneadh glacadh leis an aistriú imeachtaí coiriúla nó go gcuirfí ar ceal go hiomlán nó go páirteach é. I bprionsabal, i gcás leigheas rathúil, fillfidh na himeachtaí coiriúla ar an Stát iarrthach. I gcásanna áirithe, áfach, d’fhéadfadh an chúirt a chinneadh freisin, i gcomhréir lena dlí náisiúnta, gur féidir seasamh leis an gcinneadh glacadh leis an aistriú imeachtaí coiriúla ar choinníoll go gcomhlíontar coinníollacha áirithe nó foirmiúlachtaí breise, mar shampla an coinníoll go gcomhlánófar gnéithe áirithe den fhoirm iarrata atá in easnamh, nó go ndéanfar bearta breise chun an t-aistriú a fhorghníomhú, mar shampla, cosaint finnéithe a choinneáil. |
|
(50) |
Níor cheart aon athbhreithniú ar thuillteanais an cháis a bheith i gceist leis an leigheas dlí faoin Rialachán seo, mar shampla, an amhlaidh gur leor an fhianaise chun imscrúdú a oscailt nó leanúint de, an amhlaidh gur deimhníodh fíorais an cháis nó gnéithe suibiachtúla, ar nós intinne nó faillí thromchúiseach, de réir na gcaighdeán is infheidhme, nó athbhreithniú a bhaineann le luach nó ualach fianaise ach na fianaise a bailíodh cheana nó creidiúnacht na ráiteas. |
|
(51) |
D’fhonn a ráthú gur féidir an ceart chun leighis dlí a fheidhmiú go héifeachtach, ba cheart don Stát iarrtha a áirithiú go mbeidh ceart rochtana ag daoine atá faoi dhrochamhras, ag daoine atá cúisithe agus ag íospartaigh ar gach doiciméad a bhaineann leis an aistriú imeachtaí coiriúla a bhí mar bhunús leis an gcinneadh glacadh le haistriú faoin Rialachán seo, agus atá riachtanach chun agóid éifeachtach a dhéanamh in aghaidh an chinnidh sin. Ba cheart an ceart rochtana ar na doiciméid sin a fheidhmiú i gcomhréir le nósanna imeachta faoi dhlí náisiúnta an Stáit iarrtha agus d’fhéadfaí é a theorannú, i gcás ina mbainfeadh sé an bonn de rúndacht an imscrúdaithe, nó ina ndéanfadh sé dochar don imscrúdú nó do shábháilteacht daoine ar bhealach eile. Ba cheart aon diúltú rochtana den sórt sin a mheas in aghaidh chearta na ndaoine lena mbaineann, agus céimeanna éagsúla na n-imeachtaí coiriúla á gcur san áireamh. Ba cheart srianta ar an rochtain sin a léirmhíniú go docht agus i gcomhréir leis an gceart chun triail chóir a fháil faoin gCairt. |
|
(52) |
Níor cheart an teorainn ama don duine atá faoi dhrochamhras, don duine atá cúisithe nó don íospartach chun leigheas éifeachtach dlí a lorg a bheith níos faide ná 15 lá ón dáta a gheobhaidh an duine lena mbaineann an cinneadh réasúnaithe glacadh leis an aistriú imeachtaí coiriúla. Cásanna nach sainaithnítear an duine atá faoi dhrochamhras, an duine atá cúisithe nó an t-íospartach tráth an aistrithe imeachtaí coiriúla, agus nárbh fhéidir an cinneadh réasúnaithe a chur in iúl don duine sin, ba cheart iad a bheith faoi réir an dlí náisiúnta. |
|
(53) |
Má ghlacann an t-údarás iarrtha leis an aistriú imeachtaí coiriúla, ba cheart imeachtaí coiriúla sa Stát iarrthach a chur ar fionraí nó a scor chun dúbláil beart sa Stát iarrthach agus sa Stát iarrtha a sheachaint. Ba cheart don mhéid sin a bheith gan dochar, áfach, do bhearta imscrúdaitheacha riachtanacha nó bearta nós imeachta eile, lena n-áirítear bearta riachtanacha práinneacha, a d’fhéadfadh a bheith ar an Stát iarrthach a dhéanamh tar éis dó an fógra maidir le glacadh a fháil ón údarás iarrtha, i gcás ina n-éilítear an méid sin ar mhaithe le riar éifeachtúil cuí an cheartais. Ba cheart an coincheap ‘bearta imscrúdaitheacha nó bearta nós imeachta eile’ a léirmhíniú ar bhonn leathan, mar ní hamháin go n-áirítear leo aon bheart chun fianaise a bhailiú, ach aon ghníomh nós imeachta lena bhforchuirtear coinneáil réamhthrialach nó aon bheart eatramhach eile freisin. Chun a áirithiú nach gcuirfear síneadh leis na himeachtaí coiriúla ar feadh tréimhse fhada sa Stát iarrthach, ba cheart na himeachtaí coiriúla sa Stát iarrthach a chur ar fionraí nó ba cheart deireadh a chur leo a luaithe a thabharfar na bearta imscrúdaitheacha nó na bearta nós imeachta eile a rinneadh i gcrích nó a luaithe nach bhfuil gá leo a thuilleadh. Más rud é go ndearnadh leigheas dlí a bhfuil éifeacht fionraíochta leis a agairt sa Stát iarrtha, níor cheart na himeachtaí coiriúla a chur ar fionraí ná deireadh a chur leo sa Stát iarrthach go dtí go ndéanfar cinneadh maidir leis an leigheas sa Stát iarrtha. |
|
(54) |
I gcásanna nach ndíorthaítear dlínse le haghaidh na n-imeachtaí coiriúla ach ar bhonn an Rialacháin seo agus i gcásanna ina bhfaightear iarraidh ar aistriú agus ina bhfuiltear ag feitheamh ar chinneadh maidir le cé acu glacadh leis an aistriú imeachtaí coiriúla nó diúltú dó, ba cheart na Ballstáit a bheith in ann foráil a dhéanamh faoina ndlí náisiúnta maidir le bunús dlí le haghaidh ghabháil shealadach an duine atá cúisithe nó an duine atá faoi dhrochamhras atá ag fanacht sa Stát iarrtha nó le haghaidh glacadh beart sealadach eile ag údarás inniúil an Stáit sin. Níor cheart an ghabháil shealadach nó na bearta sealadacha eile sin a dhéanamh ach amháin i gcomhréir leis an dlí náisiúnta, agus i gcás inar gá. Ba cheart gabháil shealadach den sórt sin nó bearta sealadacha eile a bheith faoi réir na gcoimircí nós imeachta céanna is infheidhme maidir leis na bearta céanna faoin dlí náisiúnta, lena n-áirítear maoirseacht bhreithiúnach. Thairis sin, ba cheart gabháil sealadach den sórt sin nó bearta sealadacha eile a dhéanamh tar éis measúnú cuí a dhéanamh ar bhonn na faisnéise atá ar fáil don údarás iarrtha. Mar sin féin, níor cheart an Rialachán seo a bheith ina bhunús dlí chun daoine a ghabháil d’fhonn iad a aistriú go fisiciúil chuig an Stát iarrtha chun go dtionscnóidh an Stát sin imeachtaí coiriúla in aghaidh an duine sin. |
|
(55) |
Ba cheart d’údarás inniúil sa Stát iarrtha an t-údarás iarrthach a chur ar an eolas i scríbhinn faoi aon chinneadh arna dhéanamh ag deireadh na n-imeachtaí coiriúla sa Stát iarrtha. Le Cinneadh Réime 2009/948/CGB, forchuirtear oibleagáid chomhchosúil leis sin i gcás inar thángthas ar chomhaontú maidir le comhchruinniú imeachtaí i mBallstát amháin. I gcás ina gcinneann an t-údarás iarrtha scor d’imeachtaí coiriúla a bhaineann leis na fíorais is bonn leis an iarraidh ar aistriú, ba cheart dó na cúiseanna leis an scor sin a chur in iúl don údarás iarrthach. Ba cheart don údarás iarrtha na codanna bunriachtanacha den fhaisnéis sin agus den chinneadh críochnaitheach i scríbhinn arna dhéanamh sa Stát iarrtha, ar a laghad, a aistriú go teanga oifigiúil de chuid an Stáit iarrthaigh nó go haon teanga eile a nglacann an Stát sin léi i gcomhréir leis an Rialachán seo. Is iad na codanna den fhaisnéis agus den chinneadh atá ceaptha a bheith bunriachtanach na sleachta sin a ndealraíonn sé go bhfuil siad riachtanach chun go mbeidh eolas ag an údarás iarrthach ar a n-ábhar ginearálta. |
|
(56) |
Má chinneann an t-údarás iarrtha scor d’imeachtaí coiriúla a bhaineann leis na fíorais is bonn leis an iarraidh ar aistriú, ba cheart an t-údarás iarrthach a bheith in ann leanúint d’imeachtaí coiriúla nó iad a athoscailt mura mbeadh sárú ar an bprionsabal ne bis in idem i gceist leis sin, arna léirmhíniú ag Cúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh, eadhon i gcás nach gcuireann an cinneadh deireadh a chur le himeachtaí bac cinntitheach ar thuilleadh ionchúisimh faoi dhlí náisiúnta an Stáit iarrtha agus nár glacadh é tar éis cinneadh a dhéanamh ar thuillteanais an cháis, rud a fhágann, dá bhrí sin, nach gcuirtear bac ar imeachtaí coiriúla breise, i leith na ngníomhartha céanna, sa Stát sin. Ba cheart an deis a bheith ag íospartaigh imeachtaí coiriúla a thionscnamh nó a iarraidh go ndéanfaí iad a athoscailt sa Stát iarrthach i gcomhréir le dlí náisiúnta an Stáit sin, ar choinníoll nach mbeadh sárú ar an bprionsabal ne bis in idem i gceist leis sin. |
|
(57) |
A luaithe a aistrítear imeachtaí coiriúla i gcomhréir leis an Rialachán seo, ba cheart don údarás iarrtha a dhlí agus a nósanna imeachta náisiúnta ábhartha a chur i bhfeidhm. Níor cheart aon ní sa Rialachán seo a léirmhíniú mar ní a chuireann isteach ar aon rogha ionchúisimh dá bhforáiltear sa dlí náisiúnta. |
|
(58) |
Níor cheart aon ní sa Rialachán seo a léirmhíniú mar ní a dhéanann difear d’fhad na tréimhse teorann sa Stát iarrtha dá bhforáiltear i ndlí náisiúnta an Stáit sin. |
|
(59) |
Agus é d’aidhm éifeacht iomlán a thabhairt don aistriú imeachtaí coiriúla, níor cheart diúltú glacadh le fianaise arna haistriú ag an údarás iarrthach sna himeachtaí coiriúla comhfhreagracha sa Stát iarrtha ar an mbonn gur bailíodh an fhianaise sin i mBallstát eile, agus ar an mbonn sin amháin. Ba cheart don chúirt inniúil sa Stát iarrtha a rogha bhreithiúnach a choinneáil agus measúnú á dhéanamh aici ar an bhfianaise sin i gcomhréir leis an dlí náisiúnta, agus ba cheart daoine atá faoi dhrochamhras agus atá cúisithe a gcearta a choinneáil chun agóid a dhéanamh in aghaidh inghlacthacht na fianaise sin i gcomhréir lena gcearta cosanta faoin gCairt. I gcomhréir leis na prionsabail sin, agus córais agus traidisiúin dlí éagsúla na mBallstát dá bhforáiltear in Airteagal 67(1) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (CFAE) á n-urramú, ní léirmhíneofar aon ní sa Rialachán seo mar ní a chuireann cosc ar na cúirteanna bunphrionsabail an dlí náisiúnta a chur i bhfeidhm maidir le cothroime an nós imeachta a chuireann siad i bhfeidhm ina gcórais náisiúnta, lena n-áirítear i gcórais an dlí choitinn. |
|
(60) |
Ba cheart don Stát iarrtha a dhlí náisiúnta a chur i bhfeidhm chun an phianbhreith is infheidhme maidir leis an gcion coiriúil atá i gceist a chinneadh. I gcásanna ina ndearnadh an cion coiriúil ar chríoch an Stáit iarrthaigh, ba cheart na húdaráis iarrtha a bheith in ann an phianbreith uasta dá bhforáiltear i ndlí náisiúnta an Stáit iarrthaigh a chur san áireamh agus an phianbhreith á cinneadh, tráth ar bith a rachaidh sé sin chun tairbhe don duine atá cúisithe, agus i gcomhréir le dlí náisiúnta an Stáit iarrtha. Ba cheart é sin a chur san áireamh i gcásanna ina mbeadh cur i bhfeidhm pianbhreithe níos airde sa Stát iarrtha mar thoradh ar imeachtaí coiriúla a aistriú ná an phianbhreith uasta dá bhforáiltear sa Stát iarrthach as an gcion coiriúil céanna, d’fhonn méid áirithe deimhneachta dlíthiúla agus intuarthachta de réir an dlí is infheidhme a áirithiú do na daoine atá faoi dhrochamhras nó do na daoine atá cúisithe lena mbaineann. Ba cheart an phianbhreith uasta dá bhforáiltear i ndlí náisiúnta an Stáit iarrthaigh a chur san áireamh i gcónaí i gcás ina bhfuil dlínse an Stáit iarrtha bunaithe go heisiach ar an Rialachán seo. |
|
(61) |
Ba cheart do gach Ballstát a chostais féin a sheasamh maidir le haistrithe imeachtaí coiriúla, lena n-áirítear na costais sin a bhaineann le feidhmiú na gceart nós imeachta a bhfuil an duine atá faoi dhrochamhras nó atá cúisithe ina theideal i ngach ceann de na Ballstáit lena mbaineann, i gcomhréir le dlí an Aontais agus leis an dlí náisiúnta is infheidhme. Níor cheart na Ballstáit a bheith in ann cúiteamh a éileamh ó chéile as na costais a eascraíonn as cur i bhfeidhm an Rialacháin seo. Mar sin féin, má thabhaíonn an Stát iarrthach costais mhóra nó eisceachtúla, maidir le haistriúchán na ndoiciméad sa cháschomhad atá le haistriú chuig an Stát iarrtha, ba cheart don údarás iarrtha moladh ón údarás iarrthach na costais a chomhroinnt a mheas. I gcásanna den sórt sin, ba cheart don údarás iarrthach agus don údarás iarrtha dul i gcomhairle le chéile chun teacht ar chomhaontú maidir le comhroinnt na gcostas. Go hidéalach, ba cheart na comhairliúcháin sin a dhéanamh sula n-eiseofar an iarraidh ar aistriú. Mura féidir teacht ar chomhaontú sula nglacfar an cinneadh glacadh leis an aistriú imeachtaí coiriúla, ba cheart an t-údarás iarrthach a bheith in ann cinneadh a dhéanamh an iarraidh a tharraingt siar i gcomhréir leis an Rialachán seo, nó an iarraidh a choinneáil ar bun agus an chuid de na costais a mheastar a bheith thar a bheith ard a sheasamh. |
|
(62) |
Ach úsáid a bhaint as foirm iarrata chaighdeánaithe a aistrítear go teangacha oifigiúla uile an Aontais, d’éascófaí comhar agus malartú faisnéise idir an t-údarás iarrthach agus an t-údarás iarrtha, rud a chiallódh go mbeidís in ann cinneadh a dhéanamh maidir leis an iarraidh ar an aistriú imeachtaí coiriúla ar bhealach níos tapúla agus níos éifeachtaí. Tríd an bhfoirm iarrata sin a úsáid, laghdófaí freisin na costais aistriúcháin agus chuirfí le caighdeán níos airde iarrataí. |
|
(63) |
Níor cheart a áireamh san fhoirm iarrata ach na sonraí pearsanta is gá chun cinneadh a éascú ón údarás iarrtha maidir leis an iarraidh ar an aistriú imeachtaí coiriúla. Ba cheart léiriú a bheith san fhoirm iarrata ar chatagóirí na sonraí pearsanta, mar shampla, cé acu is duine atá faoi dhrochamhras, duine atá cúisithe nó íospartach é nó í an duine lena mbaineann, chomh maith leis na réimsí sonracha a bhaineann le gach ceann de na catagóirí sin. |
|
(64) |
Chun aghaidh a thabhairt go héifeachtach ar an ngá a d’fhéadfadh a bheith le feabhas a chur ar an bhfoirm iarrata atá le húsáid chun an t-aistriú imeachtaí coiriúla a iarraidh nó chun an t-aistriú foirmeacha eile a iarraidh, ba cheart an chumhacht chun gníomhartha a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 290 CFAE a tharmligean chuig an gCoimisiún maidir leis na hIarscríbhinní a ghabhann leis an Rialachán seo a leasú. Tá sé tábhachtach, go háirithe, go rachadh an Coimisiún i mbun comhairliúcháin iomchuí le linn a chuid oibre ullmhúcháin, lena n-áirítear ar leibhéal na saineolaithe, agus go ndéanfaí na comhairliúcháin sin i gcomhréir leis na prionsabail a leagtar síos i gComhaontú Idirinstitiúideach an 13 Aibreán 2016 maidir le Reachtóireacht Níos Fearr (29). Go sonrach, chun rannpháirtíocht chomhionann in ullmhú na ngníomhartha tarmligthe a áirithiú, faigheann Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle na doiciméid uile an tráth céanna leis na saineolaithe sna Ballstáit, agus bíonn rochtain chórasach ag a gcuid saineolaithe ar chruinnithe ghrúpaí saineolaithe an Choimisiúin a bhíonn ag déileáil le hullmhú na ngníomhartha tarmligthe. |
|
(65) |
Chun malartú tapa, díreach, idir-inoibritheach, iontaofa agus slán sonraí a bhaineann le cás a áirithiú, ba cheart, de ghnáth, an chumarsáid faoin Rialachán seo idir an t-údarás iarrthach agus an t-údarás iarrtha agus le rannpháirtíocht na n-údarás lárnach, i gcás inar ainmnigh Ballstát údarás lárnach, agus le Eurojust, a dhéanamh tríd an gcóras TF díláraithe de réir bhrí Rialachán (AE) 2023/2844 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (30). Go háirithe, ba cheart an córas TF díláraithe a úsáid, de ghnáth, chun an fhoirm iarrata nó aon fhaisnéis agus doiciméid ábhartha eile a mhalartú, agus chun gach cumarsáid eile idir na húdaráis faoin Rialachán seo a mhalartú. I gcásanna ina mbeidh feidhm ag ceann amháin nó níos mó de na heisceachtaí dá bhforáiltear i Rialachán (AE) 2023/2844, go háirithe i gcás nach féidir nó nach iomchuí úsáid a bhaint as an gcóras TF díláraithe, ba cheart a bheith in ann modhanna eile cumarsáide a úsáid mar a shonraítear sa Rialachán sin. |
|
(66) |
Ba cheart na Ballstáit a bheith in ann úsáid a bhaint as bogearraí a d’fhorbair an Coimisiún (‘bogearraí cur chun feidhme tagartha’) seachas córas náisiúnta TF. Ba cheart na bogearraí cur chun feidhme tagartha a bheith bunaithe ar shocrú modúlach, rud a chiallaíonn go ndéantar na bogearraí a phacáistiú agus a sheachadadh ar leithligh ó chomhpháirteanna an chórais e-CODEX, a bunaíodh de bhun Rialachán (AE) 2022/850 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (31), a bhfuil gá leo chun iad a nascadh leis an gcóras TF díláraithe. Leis an socrú sin, ba cheart a chur ar a gcumas do na Ballstáit an bonneagar cumarsáide breithiúnaí náisiúnta atá acu cheana a athúsáid nó a fheabhsú ar mhaithe le húsáid trasteorann. |
|
(67) |
Ba cheart don Choimisiún a bheith freagrach as na bogearraí cur chun feidhme tagartha a chruthú, a chothabháil agus a fhorbairt. Ba cheart don Choimisiún na bogearraí cur chun feidhme tagartha a dhearadh, a fhorbairt agus a chothabháil ar bhealach a mbeidh na rialaitheoirí in ann a áirithiú go gcomhlíonfar na ceanglais agus na prionsabail maidir le cosaint sonraí a leagtar síos i Rialachán (AE) 2018/1725 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (32) agus i dTreoir (AE) 2016/680 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (33), go háirithe na hoibleagáidí maidir le cosaint sonraí trí dhearadh agus mar réamhshocrú chomh maith le hardleibhéal cibearshlándála. Ba cheart bearta teicniúla iomchuí a bheith sna bogearraí cur chun feidhme tagartha freisin agus ba cheart dóibh na bearta eagraíochtúla is gá a chumasú chun leibhéal iomchuí slándála agus idir-inoibritheachta a áirithiú, agus é á chur san áireamh go bhféadfar catagóirí speisialta sonraí a mhalartú freisin. Ní phróiseálann an Coimisiún sonraí pearsanta i gcomhthéacs chruthú, chothabháil agus fhorbairt na mbogearraí cur chun feidhme tagartha. |
|
(68) |
Maidir leis na bogearraí cur chun feidhme tagartha a d’fhorbair an Coimisiún mar chóras cúil, ba cheart dóibh na sonraí staidrimh is gá chun críoch faireacháin a bhailiú ar bhonn ríomhchláraithe agus ba cheart na sonraí sin a tharchur chuig an gCoimisiún. I gcás ina roghnaíonn na Ballstáit córas náisiúnta TF a úsáid in ionad na mbogearraí cur chun feidhme tagartha a d’fhorbair an Coimisiún, d’fhéadfaí an córas sin a fheistiú chun na sonraí sin a bhailiú ar bhonn ríomhchláraithe agus, sa chás sin, ba cheart na sonraí sin a tharchur chuig an gCoimisiún. D’fhéadfaí gné lena bhféadfaí sonraí staidrimh ábhartha a aisghabháil a fheistiú freisin ar an nascóir e-CODEX. |
|
(69) |
Chun coinníollacha aonfhoirmeacha a áirithiú maidir le cur chun feidhme an Rialacháin seo, ba cheart cumhachtaí cur chun feidhme a thabhairt don Choimisiún chun córas TF díláraithe a bhunú. Ba cheart na cumhachtaí sin a fheidhmiú i gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh. 182/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (34). |
|
(70) |
Ba cheart bunús dlí a chruthú leis an Rialachán seo chun sonraí pearsanta a mhalartú idir na Ballstáit chun na himeachtaí coiriúla a aistriú i gcomhréir le hAirteagal 8 agus Airteagal 10, pointe (a), de Threoir (AE) 2016/680. Mar sin féin, a mhéid a bhaineann le gnéithe ar bith eile maidir le sonraí pearsanta, amhail an tréimhse atá ann chun sonraí pearsanta a fhaigheann an t-údarás iarrthach a choinneáil, ba cheart próiseáil sonraí pearsanta ag an údarás iarrthach agus ag an údarás iarrtha a bheith faoi réir dhlí náisiúnta na mBallstát arna nglacadh de bhun Threoir (AE) 2016/680. Ba cheart an t-údarás iarrthach agus an t-údarás iarrtha a mheas mar rialaitheoirí i ndáil le próiseáil na sonraí pearsanta faoin Treoir sin. D’fhéadfadh na húdaráis lárnacha tacaíocht riaracháin a thabhairt don údarás iarrthach agus don údarás iarrtha agus, a mhéid atá siad ag próiseáil sonraí pearsanta thar ceann na rialaitheoirí sin, ba cheart a mheas gur próiseálaithe de chuid an rialaitheora lena mbaineann iad. Maidir le próiseáil sonraí pearsanta a dhéanann Eurojust, ba cheart feidhm a bheith ag Rialachán (AE) 2018/1725 i gcomhthéacs an Rialacháin seo gan dochar do na rialacha sonracha maidir le cosaint sonraí a leagtar síos i Rialachán (AE) 2018/1727. Níor cheart aon ní sa Rialachán seo a léirmhíniú mar ní lena leathnaítear cearta rochtana chuig córais faisnéise eile de chuid an Aontais faoi ghníomhartha dlí an Aontais lena mbunaítear na córais sin. |
|
(71) |
Ós rud é nach féidir leis na Ballstáit cuspóir an Rialacháin seo, is é sin aistriú imeachtaí coiriúla, a ghnóthú go leordhóthanach agus, de bharr a fhairsinge agus a éifeachtaí, gur fearr is féidir é a ghnóthú ar leibhéal an Aontais, féadfaidh an tAontas bearta a ghlacadh, i gcomhréir le prionsabal na coimhdeachta a leagtar amach in Airteagal 5 den Chonradh ar an Aontas Eorpach (CAE). I gcomhréir le prionsabal na comhréireachta mar a leagtar amach san Airteagal sin, ní théann an Rialachán seo thar a bhfuil riachtanach chun an cuspóir sin a ghnóthú. |
|
(72) |
I gcomhréir le hAirteagal 3 de Phrótacal Uimh. 21 maidir le seasamh na Ríochta Aontaithe agus na hÉireann i dtaca leis an limistéar saoirse, slándála agus ceartais, atá i gceangal le CAE agus le CFAE, tá fógra tugtha ag Éirinn, le litir an 13 Iúil 2023, gur mian léi a bheith rannpháirteach i nglacadh agus i gcur i bhfeidhm an Rialacháin seo. |
|
(73) |
I gcomhréir le hAirteagail 1 agus 2 de Phrótacal Uimh. 22 maidir le seasamh na Danmhairge, atá i gceangal le CAE agus le CFAE, níl an Danmhairg rannpháirteach i nglacadh an Rialacháin seo agus níl sí faoi cheangal aige ná faoi réir a chur i bhfeidhm. |
|
(74) |
Chuathas i gcomhairle leis an Maoirseoir Eorpach ar Chosaint Sonraí i gcomhréir le hAirteagal 42(1) de Rialachán (AE) 2018/1725 agus thug sé an tuairim uaidh an 22 Bealtaine 2023 (35), |
TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:
CAIBIDIL 1
FORÁLACHA GINEARÁLTA
Airteagal 1
Ábhar
1. Leagtar síos leis an Rialachán seo rialacha maidir leis an aistriú imeachtaí coiriúla idir na Ballstáit d’fhonn feabhas a chur ar riar éifeachtúil cuí an cheartais laistigh den limistéar coiteann saoirse, slándála agus ceartais.
2. Tá feidhm ag an Rialachán seo i ngach cás ina n-aistrítear imeachtaí coiriúla arna seoladh i mBallstáit an Aontais.
3. Ní bheidh sé d’éifeacht ag an Rialachán seo modhnú a dhéanamh ar an oibleagáid atá ann na cearta bunúsacha agus na prionsabail dlí, mar a chumhdaítear in Airteagal 6 den Chonradh ar an Aontas Eorpach (CAE) iad, a urramú.
Airteagal 2
Sainmhínithe
Chun críocha an Rialacháin seo, tá feidhm ag na sainmhínithe seo a leanas:
|
(1) |
ciallaíonn ‘Stát iarrthach’ Ballstát ina bhfuil imeachtaí coiriúla á seoladh agus ina n-eisítear iarraidh ar an aistriú imeachtaí coiriúla sin chuig Ballstát eile nó a bhfuil comhairliúcháin tionscanta aige maidir le haistriú féideartha imeachtaí coiriúla nó a bhfuil iarraidh ar chomhairliúcháin faighte aige ina thaobh sin; |
|
(2) |
ciallaíonn ‘Stát iarrtha’ Ballstát a ndéantar iarraidh ar an aistriú imeachtaí coiriúla a tharchur chuige chun na himeachtaí coiriúla sin a ghabháil chuige nó a bhfuil iarraidh ar chomhairliúcháin faighte aige maidir le haistriú féideartha imeachtaí coiriúla nó a bhfuil comhairliúcháin tionscanta aige ina thaobh sin; |
|
(3) |
ciallaíonn ‘údarás iarrthach’:
|
|
(4) |
ciallaíonn ‘údarás iarrtha’ breitheamh, cúirt, breitheamh imscrúdaithe nó ionchúisitheoir poiblí a bhfuil sé d’inniúlacht aige nó aici cinneadh a dhéanamh maidir le cé acu glacadh leis an aistriú imeachtaí coiriúla nó diúltú dó i gcomhréir le hAirteagal 11(1) agus, i gcás ina gceadaítear amhlaidh le córas dlí an Stáit iarrtha, bearta leantacha a ghlacadh i gcomhréir leis an Rialachán seo nó aon bheart dá bhforáiltear ina dhlí náisiúnta a dhéanamh. Gan dochar don cheanglas nach mór do bhreitheamh, do chúirt, do bhreitheamh imscrúdaithe nó d’ionchúisitheoir poiblí go heisiach cinneadh a dhéanamh maidir le cé acu glacadh le haistriú imeachtaí coiriúla nó diúltú dó i gcomhréir le hAirteagal 11(1), ar bhonn a mheasúnaithe nó a measúnaithe ar na forais le diúltú faoi Airteagal 12, féadfaidh an Stát iarrtha, mar gheall ar struchtúr a chórais dlí inmheánaigh a eascraíonn as traidisiún dlíthiúil an dlí choitinn, i gcás nach gceadaítear lena chóras dlí náisiúnta dá chúirteanna ná dá ionchúisitheoirí poiblí bearta a dhéanamh seachas an cinneadh maidir le cé acu glacadh leis an aistriú imeachtaí coiriúla nó diúltú dó i gcomhréir le hAirteagal 11(1), a fhoráil go ndéanann údarás eile, ag a bhfuil inniúlacht bearta a dhéanamh in imeachtaí coiriúla faoina dhlí náisiúnta, bearta chun an chinnteoireacht bhreithiúnach sin a éascú agus chuige sin amháin. Féadfaidh an t-údarás inniúil eile sin bearta a dhéanamh ina dhiaidh sin chun críocha an Rialacháin seo; |
|
(5) |
ciallaíonn ‘córas TF díláraithe’ córas TF díláraithe mar a shainmhínítear é in Airteagal 2, pointe (3) de Rialachán (AE) 2023/2844; |
|
(6) |
ciallaíonn ‘íospartach’ íospartach mar a shainmhínítear in Airteagal 2(1), pointe (a), de Threoir 2012/29/AE, nó duine dlítheanach, mar a shainmhínítear sa dlí náisiúnta, dá ndearnadh díobháil nó a d’fhulaing caillteanas eacnamaíoch mar thoradh díreach ar chion coiriúil is ábhar d’imeachtaí coiriúla a bhfuil feidhm ag an Rialachán seo maidir leis. |
Airteagal 3
Dlínse
1. A mhéid nach ndéantar foráil maidir le dlínse cheana i ndlí náisiúnta an Stáit iarrtha, chun críocha an Rialacháin seo, beidh dlínse ag an Stát iarrtha ar aon chion coiriúil a bhfuil dlí náisiúnta an Stáit iarrthaigh infheidhme maidir leis sna cásanna seo a leanas:
|
(a) |
i gcás ina ndiúltaíonn an Stát iarrtha duine atá faoi dhrochamhras nó atá cúisithe a thabhairt suas, ar duine é nó í atá i láthair sa Stát iarrtha agus ar náisiúnach nó cónaitheoir de chuid an Stáit iarrtha é nó í, ar bhonn Airteagal 4, pointe (7)(b), de Chinneadh Réime 2002/584/CGB; |
|
(b) |
i gcás ina ndiúltaíonn an Stát iarrtha duine atá faoi dhrochamhras nó atá cúisithe a thabhairt suas, ar duine é nó í ar eisíodh barántas gabhála Eorpach ina leith, agus atá i láthair sa Stát iarrtha agus ar náisiúnach nó cónaitheoir den Stát iarrtha é nó í, má chinneann sé, i gcásanna eisceachtúla, go bhfuil forais shubstaintiúla ann chun a chreidiúint, ar bhonn fianaise shonrach oibiachtúil, go mbeadh sárú follasach ar cheart bunúsach ábhartha mar a chumhdaítear in Airteagal 6 CAE agus i gCairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh (‘an Chairt’) i gceist leis an tabhairt suas sin in imthosca áirithe an cháis; |
|
(c) |
i gcás inar tharla an chuid is mó d’éifeachtaí an chiona choiriúil nó ina ndearnadh cuid shubstaintiúil den damáiste a chomhdhéanann cuid d’eilimintí an chiona choiriúil ar chríoch an Stáit iarrtha; |
|
(d) |
i gcás ina bhfuil imeachtaí coiriúla ar siúl sa Stát iarrtha in aghaidh an duine atá faoi dhrochamhras nó atá cúisithe i leith fíorais eile agus inar náisiúnach nó cónaitheoir de chuid an Stáit iarrtha é nó í an duine atá faoi dhrochamhras nó atá cúisithe; nó |
|
(e) |
i gcás ina bhfuil imeachtaí coiriúla ar siúl sa Stát iarrtha i leith na bhfíoras céanna nó i leith fíorais atá mar an gcéanna go páirteach nó atá gaolmhar in aghaidh daoine eile agus inar náisiúnach nó cónaitheoir de chuid an Stáit iarrtha é nó í an duine atá faoi dhrochamhras nó atá cúisithe sna himeachtaí coiriúla. |
2. I gcás ina bhfuil dlínse bunaithe ag an Stát iarrtha go heisiach ar bhonn mhír 1, ní fheidhmeofar an dlínse sin ach amháin de bhun iarraidh ar an aistriú imeachtaí coiriúla faoin Rialachán seo.
Airteagal 4
Imeachtaí coiriúla a tharscaoileadh, a chur ar fionraí nó a scor ag an Stát iarrthach
Aon Bhallstát a bhfuil dlínse aige faoina dhlí náisiúnta cion coiriúil a ionchúiseamh, chun an Rialachán seo a chur i bhfeidhm, féadfaidh sé imeachtaí coiriúla a tharscaoileadh, a chur ar fionraí nó a scor chun an t-aistriú imeachtaí coiriúla a cheadú i ndáil leis an gcion coiriúil sin chuig an Stát iarrtha.
CAIBIDIL 2
AISTRIÚ IMEACHTAÍ COIRIÚLA
Airteagal 5
Critéir chun an t-aistriú imeachtaí coiriúla a iarraidh
1. Ní fhéadfar iarraidh ar an aistriú imeachtaí coiriúla a eisiúint ach amháin i gcás ina measann an t-údarás iarrthach gur fearr a dhéanfaí an cuspóir maidir le riar éifeachtúil cuí an cheartais, lena n-áirítear an chomhréireacht, a bhaint amach trí na himeachtaí coiriúla ábhartha a sheoladh i mBallstát eile.
2. Cuirfidh an t-údarás iarrthach na critéir seo a leanas go háirithe san áireamh agus breithniú á dhéanamh aige ar cheart an t-aistriú imeachtaí coiriúla a iarraidh:
|
(a) |
go ndearnadh an cion coiriúil go hiomlán nó go páirteach ar chríoch an Stáit iarrtha, nó gur tharla an chuid is mó d’éifeachtaí an chiona choiriúil nó go ndearnadh cuid shubstaintiúil den damáiste a chomhdhéanann cuid d’eilimintí an chiona choiriúil ar chríoch an Stáit iarrtha go bhfuil comhdhéanta as na héifeachtaí nó an damáiste sin; |
|
(b) |
gur náisiúnaigh nó cónaitheoirí de chuid an Stáit iarrtha iad duine amháin nó níos mó atá faoi dhrochamhras nó atá cúisithe sa Stát iarrtha; |
|
(c) |
go bhfuil duine amháin nó níos mó atá faoi dhrochamhras nó atá cúisithe i láthair sa Stát iarrtha agus go ndiúltaíonn an Stát sin na daoine sin a thabhairt suas don Stát iarrthach ar bhonn an mhéid seo a leanas:
|
|
(d) |
go bhfuil duine amháin nó níos mó atá faoi dhrochamhras nó atá cúisithe ar eisíodh barántas gabhála Eorpach ina leith i láthair sa Stát iarrtha agus go ndiúltaíonn an Stát sin na daoine sin a thabhairt suas, má chinneann sé go bhfuil forais shubstaintiúla ann, i gcásanna eisceachtúla, chun a chreidiúint, ar bhonn fianaise shonrach oibiachtúil, go mbeadh sárú follasach ar cheart bunúsach ábhartha mar a chumhdaítear in Airteagal 6 CAE agus sa Chairt i gceist leis an tabhairt suas sin in imthosca áirithe an cháis; |
|
(e) |
go bhfuil formhór na fianaise a bhaineann leis an imscrúdú suite sa Stát iarrtha nó go bhfuil tromlach na bhfinnéithe ábhartha ina gcónaí sa Stát iarrtha; |
|
(f) |
go bhfuil imeachtaí coiriúla ar siúl sa Stát iarrtha i dtaca leis na fíorais chéanna, fíorais atá mar an gcéanna go páirteach nó fíorais eile in aghaidh an duine atá faoi dhrochamhras nó atá cúisithe; |
|
(g) |
go bhfuil imeachtaí coiriúla ar siúl sa Stát iarrtha i dtaca leis na fíorais chéanna, fíorais atá mar an gcéanna go páirteach nó fíorais ghaolmhara in aghaidh daoine eile; |
|
(h) |
go bhfuil pianbhreith lena mbaineann cailleadh saoirse á cur isteach nó le cur isteach sa Stát iarrtha ag duine amháin nó níos mó atá faoi dhrochamhras nó atá cúisithe; |
|
(i) |
gur dócha go gcuirfeadh forfheidhmiú na pianbhreithe sa Stát iarrtha leis an dóchúlacht maidir le hathshlánú sóisialta an duine ar cuireadh pianbhreith air nó uirthi nó go bhfuil cúiseanna eile ann go mbeadh forfheidhmiú na pianbhreithe níos iomchuí sa Stát iarrtha; |
|
(j) |
gur náisiúnaigh nó cónaitheoirí de chuid an Stáit iarrtha sa Stát iarrtha iad duine amháin nó níos mó de na híospartaigh; |
|
(k) |
go bhfuil údaráis inniúla na mBallstát tagtha ar chomhthoil faoi Chinneadh Réime 2009/948/CGB, nó ar bhealach eile, maidir le comhchruinniú na n-imeachtaí coiriúla i mBallstát amháin. |
Chun críocha na chéad fhomhíre, pointe (j), tabharfaidh an t-údarás iarrthach aird chuí ar íospartaigh ar leanaí iad agus ar dhaoine leochaileacha eile.
3. Féadfaidh duine atá faoi dhrochamhras, duine atá cúisithe nó íospartach, i gcomhréir leis na nósanna imeachta faoin dlí náisiúnta, a mholadh d’údaráis inniúla an Stáit iarrthaigh nó an Stát iarrtha imeachtaí coiriúla a aistriú i gcomhréir leis an Rialachán seo. Déanfar na moltaí sin a mheas agus a thaifeadadh i gcomhréir leis an nós imeachta taifeadta faoi dhlí náisiúnta an Bhallstáit lena mbaineann. Má chuirtear an moladh faoi bhráid údarás inniúil an Stáit iarrtha, féadfaidh an t-údarás iarrtha dul i gcomhairle leis an údarás iarrthach. Ní chuirfidh moltaí arna ndéanamh faoin mír seo oibleagáid ar an Stát iarrthach an t-aistriú imeachtaí coiriúla chuig an Stát iarrtha a iarraidh nó imeachtaí coiriúla a aistriú chuig an Stát iarrtha, ná ar an údarás iarrthach nó ar an údarás iarrtha dul i gcomhairle lena chéile.
Airteagal 6
Cearta an duine atá faoi dhrochamhras nó atá cúisithe
1. Sula n-eiseofar iarraidh ar an aistriú imeachtaí coiriúla, tabharfaidh an t-údarás iarrthach, i gcomhréir leis an dlí náisiúnta is infheidhme, aird chuí ar leasanna dlisteanacha an duine atá faoi dhrochamhras nó atá cúisithe, lena n-áirítear gnéithe a bhaineann le ceartas aisiríoch.
2. Beidh feidhm ag na cearta a leagtar amach i míreanna 3, 4 agus 6 den Airteagal seo agus in Airteagail 15 agus 17 maidir le daoine atá faoi dhrochamhras nó atá cúisithe in imeachtaí coiriúla ón uair a chuireann údaráis inniúla Bhallstáit ar an eolas iad, trí fhógra oifigiúil nó ar bhealach eile, go bhfuil amhras ann go ndearna siad cion coiriúil nó go bhfuil sé cúisithe go ndearna siad cion coiriúil, gan beann ar a saoirse a bheith bainte díobh.
3. Déanfaidh an t-údarás iarrthach an méid seo a leanas sula n-eisítear iarraidh ar an aistriú imeachtaí coiriúla:
|
(a) |
an duine atá faoi dhrochamhras nó atá cúisithe a chur ar an eolas, i gcomhréir leis an dlí náisiúnta is infheidhme agus i dteanga a thuigeann an duine atá faoi dhrochamhras nó atá cúisithe, go bhfuil sé ar intinn aige iarraidh a eisiúint ar an aistriú imeachtaí coiriúla; agus |
|
(b) |
deis a thabhairt don duine atá faoi dhrochamhras nó atá cúisithe tuairim a thabhairt maidir leis an aistriú sin, lena n-áirítear maidir le gnéithe a bhaineann le ceartas aisiríoch. |
Ní cheanglófar ar an údarás iarrtha na hoibleagáidí a leagtar síos sa chéad fhomhír den mhír seo a chomhlíonadh sna cásanna seo a leanas:
|
(a) |
i gcás ina mbainfeadh comhlíonadh na n-oibleagáidí sin an bonn de rúndacht an imscrúdaithe nó ina ndéanfadh sé dochar don imscrúdú; |
|
(b) |
i gcás nach féidir an duine atá faoi dhrochamhras nó atá cúisithe a aimsiú ná dul i dteagmháil leis nó léi d’ainneoin iarrachtaí réasúnacha a bheith déanta ag an údarás iarrthach; nó |
|
(c) |
i gcás ina leanann an iarraidh ar an aistriú imeachtaí coiriúla moladh ón duine atá faoi dhrochamhras nó atá cúisithe faoi Airteagal 5(3). |
4. I gcás ina gcinnfidh an duine atá faoi dhrochamhras nó atá cúisithe tuairim a thabhairt dá dtagraítear i mír 3, an chéad fhomhír, pointe (b), tabharfaidh an duine atá faoi dhrochamhras nó atá cúisithe an tuairim sin tráth nach déanaí ná 10 lá tar éis don duine sin a bheith curtha ar an eolas faoin rún chun iarraidh ar aistriú a eisiúint agus tar éis deis a bheith tugtha dó nó di tuairim a thabhairt faoi mhír 3. Déanfaidh an t-údarás iarrthach an tuairim sin a thaifeadadh agus a chur san áireamh agus cinneadh á dhéanamh aige maidir leis an aistriú imeachtaí coiriúla a iarraidh. Déanfar an méid sin a thaifeadadh i gcomhréir leis an nós imeachta taifeadta faoi dhlí náisiúnta an Stáit iarrthaigh.
5. I gcásanna ina bhfuil an duine atá faoi dhrochamhras nó atá cúisithe i láthair sa Stát iarrtha, féadfaidh an t-údarás iarrthach, chun críocha mhír 3, an leagan comhlánaithe den fhoirm a leagtar amach in Iarscríbhinn II a tharchur chuig an údarás iarrtha. Sna cásanna sin, beidh feidhm mutatis mutandis ag na hoibleagáidí faoi mhíreanna 3 agus 4 maidir leis an údarás iarrtha, a chuirfidh an t-údarás iarrthach ar an eolas dá réir sin. Má thugann an duine sin atá faoi dhrochamhras nó atá cúisithe tuairim uaidh nó uaithi, déanfaidh an t-údarás iarrtha í a tharchur chuig an údarás iarrthach.
6. I gcás ina n-eisíonn an t-údarás iarrthach iarraidh ar an aistriú imeachtaí coiriúla agus ina bhfuil an duine atá faoi dhrochamhras nó atá cúisithe curtha ar an eolas i gcomhréir le mír 3, cuirfidh sé in iúl don duine atá faoi dhrochamhras nó atá cúisithe, gan moill mhíchuí, i dteanga a thuigeann an duine atá faoi dhrochamhras nó atá cúisithe, gur eisíodh an iarraidh.
7. I gcásanna ina bhfuil an duine atá faoi dhrochamhras nó atá cúisithe i láthair sa Stát iarrtha, féadfaidh an t-údarás iarrthach, chun críocha mhír 6, an leagan comhlánaithe den fhoirm a leagtar amach in Iarscríbhinn III a tharchur chuig an údarás iarrtha. Sna cásanna sin, beidh feidhm mutatis mutandis ag na hoibleagáidí faoi mhír 6 maidir leis an údarás iarrtha, a chuirfidh an t-údarás iarrthach ar an eolas dá réir sin.
Airteagal 7
Cearta an íospartaigh
1. Sula n-eisítear iarraidh ar an aistriú imeachtaí coiriúla, tabharfaidh an t-údarás iarrthach, i gcomhréir leis an dlí náisiúnta is infheidhme, aird chuí ar leasanna dlisteanacha an íospartaigh, lena n-áirítear gnéithe a bhaineann le ceartas aisiríoch.
2. I gcás inar duine nádúrtha é nó í an t-íospartach ar a bhfuil cónaí sa Stát iarrthach agus a fhaigheann an fhaisnéis faoi na himeachtaí coiriúla i gcomhréir le hAirteagal 6(1) de Threoir 2012/29/AE, mar a chuirtear chun feidhme é sa dlí náisiúnta, nó i gcás inar duine dlítheanach é nó í atá bunaithe sa Stát iarrthach agus a fhaigheann an fhaisnéis sin i gcomhréir leis an dlí náisiúnta, déanfaidh an t-údarás iarrthach an méid seo a leanas sula n-eisítear iarraidh ar an aistriú imeachtaí coiriúla:
|
(a) |
an t-íospartach a chur ar an eolas, i gcomhréir leis an dlí náisiúnta is infheidhme agus i dteanga a thuigeann an t-íospartach, go bhfuil sé ar intinn aige iarraidh ar an aistriú imeachtaí coiriúla a eisiúint; agus |
|
(b) |
deis a thabhairt don íospartach tuairim a thabhairt maidir leis an aistriú sin, lena n-áirítear maidir le gnéithe a bhaineann le ceartas aisiríoch. |
Ní cheanglófar ar an údarás iarrthach na hoibleagáidí a leagtar síos sa chéad fhomhír den mhír seo a chomhlíonadh sna cásanna seo a leanas:
|
(a) |
i gcás ina mbainfeadh comhlíonadh na n-oibleagáidí sin an bonn de rúndacht imscrúdaithe nó ina ndéanfadh sé dochar don imscrúdú; nó |
|
(b) |
i gcás ina leanann an iarraidh ar an aistriú imeachtaí coiriúla moladh ón íospartach faoi Airteagal 5(3). |
3. I gcás ina gcinnfidh an t-íospartach tuairim a thabhairt dá dtagraítear i mír 2, an chéad fhomhír, pointe (b), tabharfaidh an t-íospartach an tuairim sin tráth nach déanaí ná 10 lá tar éis dó nó di a bheith curtha ar an eolas faoin rún chun iarraidh ar aistriú a eisiúint agus tar éis deis a bheith tugtha dó nó di tuairim a thabhairt faoi mhír 2. Déanfaidh an t-údarás iarrthach an tuairim sin a thaifeadadh agus a chur san áireamh agus cinneadh á dhéanamh aige maidir leis an aistriú imeachtaí coiriúla a iarraidh. Déanfar taifeadadh den sórt sin i gcomhréir leis an nós imeachta taifeadta faoi dhlí náisiúnta an Stáit iarrthaigh.
4. I gcás ina n-eisíonn an t-údarás iarrthach iarraidh ar an aistriú imeachtaí coiriúla agus ina bhfuil an t-íospartach curtha ar an eolas i gcomhréir le mír 2, cuirfidh sé in iúl don íospartach, gan moill mhíchuí i dteanga a thuigeann an t-íospartach, gur eisíodh an iarraidh.
Airteagal 8
An nós imeachta maidir leis an aistriú imeachtaí coiriúla a iarraidh
1. Is é an t-údarás iarrthach a tharraingeoidh suas an iarraidh ar an aistriú imeachtaí coiriúla, ag baint úsáid as an bhfoirm iarrata a leagtar amach in Iarscríbhinn I. Is é an t-údarás iarrthach a shíneoidh an fhoirm iarrata agus a dheimhneoidh an t-ábhar atá inti a bheith cruinn agus ceart.
2. Beidh an iarraidh ar an aistriú imeachtaí coiriúla cuí-réasúnaithe agus beidh an fhaisnéis seo a leanas inti go háirithe:
|
(a) |
faisnéis faoin údarás iarrthach; |
|
(b) |
tuairisc ar an gcion coiriúil is ábhar do na himeachtaí coiriúla, agus na forálacha is infheidhme de dhlí coiriúil an Stáit iarrthaigh; |
|
(c) |
na cúiseanna lena bhfuil an t-aistriú imeachtaí coiriúla riachtanach agus iomchuí agus go háirithe cé acu de na critéir faoi Airteagal 5(2) is infheidhme; |
|
(d) |
an fhaisnéis is gá atá ar fáil faoin duine atá faoi dhrochamhras nó atá cúisithe agus faoin íospartach; |
|
(e) |
measúnú ar thionchar an aistrithe imeachtaí coiriúla ar chearta an duine atá faoi dhrochamhras nó atá cúisithe agus ar chearta an íospartaigh, ar bhonn na faisnéise atá ar fáil don údarás iarrthach, lena n-áirítear, i gcás inarb infheidhme, tuairim na ndaoine lena mbaineann a fuarthas i gcomhréir le hAirteagal 6(3) agus (4) nó Airteagal 7(2) agus (3), nó moltaí a rinneadh faoi Airteagal 5(3); |
|
(f) |
faisnéis faoi ghníomhartha nós imeachta nó bearta nós imeachta atá déanta sa Stát iarrthach a bhfuil tionchar acu ar na himeachtaí coiriúla, lena n-áirítear aon bhearta leanúnacha sealadacha comhéigneacha agus an teorainn ama chun na bearta sin a chur i bhfeidhm; |
|
(g) |
aon choinníoll sonrach is infheidhme le haghaidh próiseáil sonraí pearsanta de bhun Airteagal 9(3) de Threoir (AE) 2016/680. |
3. I gcás inar thug an duine atá faoi dhrochamhras nó atá cúisithe tuairim faoi Airteagal 6(3) agus (4) nó i gcás inar thug an t-íospartach tuairim faoi Airteagal 7(2) agus (3), cuirfear an tuairim sin ar aghaidh chuig an údarás iarrtha mar aon leis an iarraidh ar an aistriú imeachtaí coiriúla. Má luadh tuairim an duine atá faoi dhrochamhras, an duine atá cúisithe nó an íospartaigh ó bhéal, áiritheoidh an t-údarás iarrthach go mbeidh an taifead i scríbhinn den ráiteas sin ar fáil don údarás iarrtha.
4. I gcás inar gá, beidh aon fhaisnéis agus aon doiciméad ábhartha breise ag gabháil leis an iarraidh ar an aistriú imeachtaí coiriúla.
5. An fhoirm iarrata chomhlánaithe dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo, chomh maith leis na codanna riachtanacha d’aon fhaisnéis eile i scríbhinn atá ag gabháil leis an iarraidh ar an aistriú imeachtaí coiriúla, aistreofar iad go teanga oifigiúil de chuid an Stáit iarrtha nó go haon teanga eile a nglacann an Stát iarrtha léi i gcomhréir le hAirteagal 32(1), pointe (d).
6. Déanfaidh an t-údarás iarrthach an iarraidh ar an aistriú imeachtaí coiriúla a tharchur go díreach chuig an údarás iarrtha nó, i gcás inarb infheidhme, le rannpháirtíocht an údaráis lárnaigh dá dtagraítear in Airteagal 20. Déanfaidh an t-údarás iarrthach agus an t-údarás iarrtha gach cumarsáid oifigiúil eile go díreach nó, i gcás inarb infheidhme, le rannpháirtíocht an údaráis lárnaigh dá dtagraítear in Airteagal 20.
7. I gcás nach eol don údarás iarrthach cé hé an t-údarás iarrtha, déanfaidh an t-údarás iarrthach na fiosrúcháin uile is gá, lena n-áirítear trí phointí teagmhála an Ghréasáin Bhreithiúnaigh Eorpaigh, dá bhforáiltear le Cinneadh 2008/976/CGB ón gComhairle (36), chun a chinneadh cén t-údarás atá inniúil sa Stát iarrtha chun an cinneadh a dhéanamh faoi Airteagal 11(1).
8. Gan moill mhíchuí agus in aon chás laistigh de 7 lá ó fhoirm iarrata dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo a fháil, seolfaidh an t-údarás iarrtha admháil fála chuig an údarás iarrthach. Tá feidhm ag an oibleagáid sin maidir leis an údarás lárnach dá dtagraítear in Airteagal 20, i gcás inarb infheidhme, agus maidir leis an údarás iarrtha a fhaigheann an iarraidh ar an aistriú imeachtaí coiriúla ón údarás lárnach.
9. I gcás nach bhfuil aon inniúlacht ag an údarás sa Stát iarrtha a fuair an iarraidh ar an aistriú imeachtaí coiriúla cinneadh a dhéanamh faoi Airteagal 11(1), déanfaidh sé an iarraidh a tharchur gan moill mhíchuí chuig an údarás inniúil iarrtha sa Bhallstát céanna agus cuirfidh sé an t-údarás iarrthach ar an eolas dá réir.
Airteagal 9
Faisnéis atá le soláthar ag an údarás iarrthach tar éis tharchur na hiarrata
1. Cuirfidh an t-údarás iarrthach an t-údarás iarrtha ar an eolas gan moill mhíchuí faoi aon ghníomhartha nós imeachta nó bearta nós imeachta a bhfuil tionchar acu ar na himeachtaí coiriúla a rinneadh sa Stát iarrthach tar éis tharchur na hiarrata ar an aistriú imeachtaí coiriúla, agus soláthróidh sé na doiciméid ábhartha uile.
2. Déanfaidh an t-údarás iarrthach an fhaisnéis dá dtagraítear i mír 1 agus codanna riachtanacha na ndoiciméad ábhartha a sholáthraítear i gcomhréir leis an mír sin a aistriú go teanga oifigiúil de chuid an Stáit iarrtha nó go haon teanga eile a nglacann an Stát iarrtha léi i gcomhréir le hAirteagal 32(1), pointe (d).
Airteagal 10
Tarraingt siar na hiarrata
1. Féadfaidh an t-údarás iarrthach an iarraidh ar an aistriú imeachtaí coiriúla a tharraingt siar tráth ar bith sula bhfaigheann sé cinneadh ón údarás iarrtha maidir le glacadh leis an aistriú imeachtaí coiriúla nó diúltú dó i gcomhréir le hAirteagal 11(1). I gcásanna den sórt sin, cuirfidh an t-údarás iarrthach an t-údarás iarrtha ar an eolas faoi sin dá réir sin.
2. Déanfaidh an t-údarás iarrthach an duine atá faoi dhrochamhras nó atá cúisithe a cuireadh ar an eolas i gcomhréir le hAirteagal 6(3) a chur ar an eolas faoi tharraingt siar na hiarrata ar an aistriú imeachtaí coiriúla agus déanfaidh sé an t-íospartach a cuireadh ar an eolas i gcomhréir le hAirteagal 7(2) a chur ar an eolas faoi tharraingt siar na hiarrata ar an aistriú imeachtaí coiriúla, agus déanfaidh sé é sin i dteanga a thuigeann siad.
3. I gcásanna ina bhfuil an duine atá faoi dhrochamhras nó atá cúisithe i láthair sa Stát iarrtha, féadfaidh an t-údarás iarrthach, chun an fhaisnéis dá dtagraítear i mír 2 a sholáthar, an leagan comhlánaithe den fhoirm a leagtar amach in Iarscríbhinn VI a tharchur chuig an údarás iarrtha. I gcásanna den sórt sin, soláthróidh an t-údarás iarrtha an fhaisnéis sin don duine atá faoi dhrochamhras nó atá cúisithe agus cuirfidh sé an t-údarás iarrthach ar an eolas dá réir sin.
4. I gcás ina gcuirfidh an t-údarás iarrthach an t-údarás iarrtha ar an eolas, i gcomhréir le mír 1, faoi tharraingt siar na hiarrata ar an aistriú imeachtaí coiriúla, fanfaidh na himeachtaí coiriúla leis an údarás iarrthach.
Airteagal 11
Cinneadh ón údarás iarrtha
1. Déanfaidh an t-údarás iarrtha cinneadh maidir le cé acu glacadh leis an aistriú imeachtaí coiriúla nó diúltú dó go hiomlán nó go páirteach, agus déanfaidh sé cinneadh, i gcomhréir lena dhlí náisiúnta, maidir leis na bearta atá le déanamh. Beidh réasúnú cuí leis an gcinneadh glacadh leis an aistriú imeachtaí coiriúla.
2. Cuirfidh an t-údarás iarrtha an cinneadh dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo in iúl don údarás iarrthach, i gcomhréir leis na teorainneacha ama a leagtar amach in Airteagal 13.
3. Má mheasann an t-údarás iarrtha nach leor an fhaisnéis a chuir an t-údarás iarrthach in iúl chun gur féidir leis a chinneadh cé acu glacadh an aistriú imeachtaí coiriúla nó diúltú dó, féadfaidh sé faisnéis bhreise a iarraidh de réir mar a mheasann sé a bheith riachtanach. Soláthróidh an t-údarás iarrthach an fhaisnéis bhreise a iarradh gan moill mhíchuí, má tá sí ar fáil, agus aistriúchán go teanga oifigiúil de chuid an Stáit iarrtha nó aon teanga eile a nglacann an Stát iarrtha léi i gcomhréir le hAirteagal 32(1), pointe (d), ag gabháil léi.
4. Má chinneann an t-údarás iarrtha diúltú don aistriú imeachtaí coiriúla i gcomhréir le hAirteagal 12, cuirfidh sé na cúiseanna atá leis an diúltú sin in iúl don údarás iarrthach.
5. I gcás ina bhfaigheann an t-údarás iarrthach an cinneadh réasúnaithe glacadh leis an aistriú imeachtaí coiriúla de bhun mhír 1 den Airteagal seo, déanfaidh an t-údarás iarrthach, gan moill mhíchuí, an chóip bhunaidh nó cóip dheimhnithe den cháschomhad nó codanna ábhartha de a chur ar aghaidh chuig an údarás iarrtha maille lena aistriúchán i dteanga oifigiúil de chuid an Stáit iarrtha nó i dteanga ar bith eile a nglacann an Stát iarrtha léi i gcomhréir le hAirteagal 32(1), pointe (d).
6. Má scoirtear de na himeachtaí coiriúla i gcomhréir le hAirteagal 21, déanfaidh an t-údarás iarrthach, gan moill mhíchuí, aon chodanna ábhartha eile den cháschomhad, sa chóip bhunaidh nó sa chóip dheimhnithe, lena n-áirítear fianaise fhisiceach ábhartha, a tharchur chuig an údarás iarrtha. I gcás inar soláthraíodh cóip dheimhnithe den cháschomhad cheana don údarás iarrtha, déanfaidh an t-údarás iarrthach, arna iarraidh sin don údarás iarrtha, doiciméid bhunaidh an cháschomhaid a tharchur. Féadfaidh an Stát iarrthach a cheangal go ndéanfar doiciméid bhunaidh an cháschomhaid nó fianaise fhisiceach a thabhairt ar ais dó nuair nach mbeidh gá a thuilleadh leis na doiciméid sin nó leis an bhfianaise sin sa Stát iarrtha nó ag deireadh na n-imeachtaí sa Stát iarrtha. I gcás ina bhfuil sé curtha in iúl ag an Stát iarrthach, má iarrann an Stát iarrtha air déanamh amhlaidh, nach bhfuil sé beartaithe aige doiciméid bhunaidh an cháschomhaid nó an fhianaise fhisiceach a aisghabháil nuair nach mbeidh gá leis nó léi a thuilleadh nó ag deireadh na n-imeachtaí, féadfaidh an Stát iarrtha a chinneadh, i gcomhréir lena dhlí náisiúnta, conas déileáil leis an bhfianaise atá fágtha, lena n-áirítear an ndéanfar an fhianaise sin a chaomhnú nó a scriosadh.
7. Chun críocha mhíreanna 5 agus 6, féadfaidh an t-údarás iarrthach agus an t-údarás iarrtha dul i gcomhairle le chéile chun na codanna ábhartha den cháschomhad atá le cur ar aghaidh a chinneadh, chomh maith lena n-aistriú go teanga eile.
Airteagal 12
Forais diúltaithe
1. Diúltóidh an t-údarás iarrtha don aistriú imeachtaí coiriúla, go hiomlán nó go páirteach, i gcás nach féidir imeachtaí coiriúla faoi dhlí náisiúnta an Stáit iarrtha a thionscnamh ná a shaothrú i ndáil leis na fíorais is bonn leis an iarraidh ar an aistriú imeachtaí coiriúla más infheidhme ceann amháin nó níos mó de na forais seo a leanas:
|
(a) |
ní cion coiriúil faoi dhlí náisiúnta an Stáit iarrtha é an t-iompar ar i ndáil leis a rinneadh an iarraidh; |
|
(b) |
bheadh glacadh na n-imeachtaí coiriúla contrártha don phrionsabal ne bis in idem; |
|
(c) |
ní féidir an duine atá faoi dhrochamhras nó atá cúisithe a chur faoi dhliteanas coiriúil mar gheall ar aois an duine atá faoi dhrochamhras nó atá cúisithe; |
|
(d) |
tá an t-ionchúiseamh coiriúil faoi urchosc reachta i gcomhréir le dlí náisiúnta an Stáit iarrtha; |
|
(e) |
ní chomhlíontar na coinníollacha chun an cion coiriúil a ionchúiseamh sa Stát iarrtha; |
|
(f) |
tá an cion coiriúil cumhdaithe ag maithiúnas i gcomhréir le dlí náisiúnta an Stáit iarrtha; |
|
(g) |
níl dlínse ag an Stát iarrtha ar an gcion coiriúil i gcomhréir leis an dlí náisiúnta nó níl dlínse aige ar bhonn Airteagal 3. |
2. Féadfaidh an t-údarás iarrtha diúltú, go hiomlán nó go páirteach, don aistriú imeachtaí coiriúla, más infheidhme ceann amháin nó níos mó de na forais seo a leanas:
|
(a) |
fágann pribhléid nó díolúine faoi dhlí náisiúnta an Stáit iarrtha nach féidir beart a dhéanamh; |
|
(b) |
measann an t-údarás iarrtha nach bhfuil an t-aistriú imeachtaí coiriúla chun leas riar éifeachtúil cuí an cheartais; |
|
(c) |
ní dhearnadh an cion coiriúil go hiomlán nó go páirteach ar chríoch an Stáit iarrtha, níor tharla an chuid is mó de na héifeachtaí nó cuid shubstaintiúil den damáiste a chomhdhéanann cuid d’eilimintí an chiona choiriúil ar chríoch an Stáit sin, agus ní náisiúnach nó cónaitheoir de chuid an Stáit sin an duine atá faoi dhrochamhras nó atá cúisithe; |
|
(d) |
tá an fhoirm iarrata dá dtagraítear in Airteagal 8(1) neamhiomlán nó is follasach go bhfuil sí mícheart agus níor líonadh isteach í nó níor ceartaíodh í tar éis an chomhairliúcháin dá dtagraítear i mír 3 den Airteagal seo; |
|
(e) |
ní cion coiriúil san áit a ndearnadh é atá san iompar ar i ndáil leis a rinneadh an iarraidh agus níl aon dlínse bhunaidh ag an Stát iarrtha faoina dhlí náisiúnta chun an cion coiriúil sin a ionchúiseamh. |
3. I gcás ina bhfuil feidhm ag aon cheann de na forais dá dtagraítear i míreanna 1 agus 2, sula gcinnfidh sé diúltú, go hiomlán nó go páirteach, don aistriú imeachtaí coiriúla, rachaidh an t-údarás iarrtha, i gcás inarb iomchuí, i gcomhairle leis an údarás iarrthach agus, i gcás inar gá, iarrfaidh sé ar an údarás iarrthach aon fhaisnéis is gá a sholáthar gan moill mhíchuí.
4. I gcás ina mbeidh feidhm ag an bhforas dá dtagraítear i mír 2, pointe (a), agus i gcás ina mbeidh an chumhacht ag údarás de chuid an Stáit iarrtha an phribhléid nó an díolúine a tharscaoileadh, iarrfaidh an t-údarás iarrtha ar an údarás sin an chumhacht sin a fheidhmiú gan moill mhíchuí. I gcás ina mbeidh an chumhacht ag údarás de chuid Stáit eile nó ag eagraíocht idirnáisiúnta an phribhléid nó an díolúine a tharscaoileadh, iarrfaidh an t-údarás iarrthach go ndéanfadh an t-údarás sin nó an eagraíocht idirnáisiúnta sin an chumhacht sin a fheidhmiú.
Airteagal 13
Teorainneacha ama
1. Cuirfidh an t-údarás iarrtha a chinneadh in iúl don údarás iarrthach maidir le cé acu glacadh leis an aistriú imeachtaí coiriúla nó diúltú dó gan moill mhíchuí agus in aon chás tráth nach déanaí ná 60 lá tar éis d’údarás inniúil iarrtha an iarraidh ar an aistriú imeachtaí coiriúla a fháil.
2. Más rud é i gcás ar leith nach féidir leis an údarás iarrtha an teorainn ama a leagtar amach i mír 1 a chomhlíonadh, cuirfidh sé an t-údarás iarrthach ar an eolas dá réir sin gan moill mhíchuí, agus tabharfaidh sé cúiseanna leis an moill. I gcásanna den sórt sin, féadfar síneadh 30 lá ar a mhéad a chur leis an teorainn ama a leagtar amach i mír 1.
3. I gcás ina bhfuil pribhléid nó díolúine ann faoi dhlí náisiúnta an Stáit iarrtha, ní chuirfear tús leis an teorainn ama a leagtar amach i mír 1 ach ón lá a chuirtear an t-údarás iarrtha ar an eolas gur tarscaoileadh an phribhléid nó an díolúine.
Airteagal 14
Comhairliúcháin idir an t-údarás iarrthach agus an t-údarás iarrtha
1. I gcás inar gá agus gan dochar d’Airteagal 11(3), (5), (6) agus (7), Airteagal 13(3) agus Airteagal 19(2), rachaidh an t-údarás iarrthach agus an t-údarás iarrtha i gcomhairle le chéile gan moill mhíchuí chun cur i bhfeidhm éifeachtúil an Rialacháin seo a áirithiú.
2. Féadfar comhairliúcháin idir an t-údarás iarrthach agus an t-údarás iarrtha a dhéanamh freisin sula n-eisítear an iarraidh ar an aistriú imeachtaí coiriúla, go háirithe d’fhonn a chinneadh an mbeadh an t-aistriú chun leas riar éifeachtúil cuí an cheartais, lena n-áirítear cibé acu atá sé comhréireach nó nach bhfuil. Chun a mholadh go ndéanfaí imeachtaí coiriúla ón stát iarrthach a aistriú, féadfaidh an t-údarás iarrtha dul i gcomhairle freisin leis an údarás iarrthach maidir le cé acu a bheadh nó nach mbeadh sé indéanta iarraidh ar an aistriú imeachtaí coiriúla a eisiúint.
3. I gcás ina dtéann an t-údarás iarrthach i gcomhairle leis an údarás iarrtha sula n-iarrann sé go ndéanfaí na himeachtaí coiriúla a aistriú, cuirfidh sé an fhaisnéis maidir leis na himeachtaí coiriúla ar fáil don údarás iarrtha, mura rud é go mbainfeadh sé sin an bonn de rúndacht an imscrúdaithe nó mura rud é go ndéanfadh sé sin dochar d’imscrúdú ar shlí eile.
4. I gcás ina bhfaighidh údaráis iarrataí ar chomhairliúcháin faoin Airteagal seo, freagróidh siad iad gan moill mhíchuí.
Airteagal 15
Faisnéis atá le soláthar don duine atá faoi dhrochamhras agus don duine atá cúisithe faoin gcinneadh glacadh leis an aistriú nó diúltú dó
1. I gcás ina bhfuil cinneadh déanta ag an údarás iarrtha i gcomhréir le hAirteagal 11(1) glacadh leis an aistriú imeachtaí coiriúla, déanfaidh an t-údarás iarrtha an méid seo a leanas gan moill mhíchuí i leith an duine atá faoi dhrochamhras nó atá cúisithe, i dteanga a thuigeann an duine atá faoi dhrochamhras nó atá cúisithe;
|
(a) |
an duine atá faoi dhrochamhras nó atá cúisithe a chur ar an eolas faoin gcinneadh glacadh leis an aistriú imeachtaí coiriúla; |
|
(b) |
cóip den chinneadh réasúnaithe glacadh leis an aistriú imeachtaí coiriúla a sholáthar don duine atá faoi dhrochamhras nó atá cúisithe; agus |
|
(c) |
an duine atá faoi dhrochamhras nó atá cúisithe a chur ar an eolas faoin gceart chun leigheas dlí éifeachtach a fháil sa Stát iarrtha, lena n-áirítear faoi na teorainneacha ama don leigheas sin. |
I gcás inarb iomchuí, féadfaidh an t-údarás iarrtha cúnamh a lorg ón údarás iarrthach chun na cúraimí dá dtagraítear sa mhír seo a dhéanamh.
2. I gcásanna ina bhfuil an duine atá faoi dhrochamhras nó atá cúisithe i láthair sa Stát iarrthach, féadfaidh an t-údarás iarrtha, chun críocha mhír 1, an leagan comhlánaithe den fhoirm a leagtar amach in Iarscríbhinn IV a tharchur chuig an údarás iarrthach. I gcásanna den sórt sin, beidh feidhm mutatis mutandis ag na hoibleagáidí faoi mhír 1 maidir leis údarás iarrthach, a chuirfidh an t-údarás iarrtha ar an eolas dá réir sin.
3. I gcás ina mbeidh cinneadh déanta ag an údarás iarrtha i gcomhréir le hAirteagal 11(1) diúltú don diúltú don aistriú imeachtaí coiriúla, cuirfidh an t-údarás iarrthach an cinneadh diúltú don aistriú in iúl don duine atá faoi dhrochamhras nó atá cúisithe, gan moill mhíchuí i dteanga a thuigeann an duine atá faoi dhrochamhras nó atá cúisithe.
I gcás inarb iomchuí, féadfaidh an t-údarás iarrthach cúnamh a lorg ón údarás iarrtha chun na cúraimí dá dtagraítear sa mhír seo a dhéanamh.
4. I gcásanna ina bhfuil an duine atá faoi dhrochamhras nó atá cúisithe i láthair sa Stát iarrtha, féadfaidh an t-údarás iarrthach, chun críocha mhír 3, an leagan comhlánaithe den fhoirm a leagtar amach in Iarscríbhinn IV a tharchur chuig an údarás iarrtha. I gcásanna den sórt sin, beidh feidhm mutatis mutandis ag na hoibleagáidí faoi mhír 3 maidir le leis an údarás iarrtha, a chuirfidh an t-údarás iarrthach ar an eolas dá réir sin.
5. Ní cheanglófar ar an údarás iarrtha na hoibleagáidí a leagtar síos i mír 1 a chomhlíonadh agus ní cheanglófar ar an údarás iarrthach na hoibleagáidí a leagtar síos i mír 3 a chomhlíonadh sna cásanna seo a leanas:
|
(a) |
i gcás ina mbainfeadh comhlíonadh na n-oibleagáidí sin an bonn de rúndacht imscrúdaithe nó ina ndéanfadh sé dochar don imscrúdú; nó |
|
(b) |
i gcás nach féidir an duine atá faoi dhrochamhras nó atá cúisithe a aimsiú ná dul i dteagmháil leis nó léi d’ainneoin iarrachtaí réasúnacha a bheith déanta ag an údarás iarrtha nó ag an údarás iarrthach, faoi seach. |
Airteagal 16
Faisnéis atá le soláthar don íospartach faoin gcinneadh glacadh leis an aistriú nó diúltú
1. I gcás ina mbeidh cinneadh déanta ag an údarás iarrtha i gcomhréir le hAirteagal 11(1) den Rialachán seo glacadh leis an aistriú imeachtaí coiriúla agus inar duine nádúrtha é nó í an t-íospartach ar a bhfuil cónaí sa Stát iarrthach agus a fhaigheann an fhaisnéis faoi na himeachtaí coiriúla i gcomhréir le hAirteagal 6(1) de Threoir 2012/29/AE, mar a chuirtear chun feidhme é sa dlí náisiúnta, nó inar duine dlítheanach é atá bunaithe sa Stát iarrthach agus a fhaigheann an fhaisnéis sin i gcomhréir leis an dlí náisiúnta, cuirfidh an t-údarás iarrtha, gan moill mhíchuí, an t-íospartach ar an eolas i dteanga a thuigeann an t-íospartach, faoin méid seo a leanas:
|
(a) |
an cinneadh ón údarás iarrtha glacadh leis an aistriú; agus |
|
(b) |
ceart an íospartaigh chun leigheas éifeachtach dlí a fháil sa Stát iarrtha, lena n-áirítear na teorainneacha ama don leigheas sin. |
I gcás inarb iomchuí, féadfaidh an t-údarás iarrtha cúnamh a lorg ón údarás iarrthach chun na cúraimí dá dtagraítear sa mhír seo a dhéanamh.
2. I gcás ina bhfuil an t-íospartach i láthair sa Stát iarrthach, féadfaidh an t-údarás iarrtha, chun críocha mhír 1, an leagan comhlánaithe den fhoirm a leagtar amach in Iarscríbhinn V a tharchur chuig an údarás iarrthach. I gcásanna den sórt sin, beidh feidhm mutatis mutandis ag na hoibleagáidí faoi mhír 1 maidir leis an údarás iarrthach, a chuirfidh an t-údarás iarrtha ar an eolas dá réir sin.
3. I gcás ina bhfuil cinneadh déanta ag an údarás iarrtha i gcomhréir le hAirteagal 11(1) den Rialachán seo diúltú don aistriú imeachtaí coiriúla, agus inar is duine nádúrtha é nó í an t-íospartach ar a bhfuil cónaí sa Stát iarrthach agus a fhaigheann an fhaisnéis faoi na himeachtaí coiriúla i gcomhréir le hAirteagal 6(1) de Threoir 2012/29/AE, mar a chuirtear chun feidhme é sa dlí náisiúnta, nó inar duine dlítheanach é atá bunaithe sa Stát iarrthach agus a fhaigheann an fhaisnéis sin i gcomhréir leis an dlí náisiúnta, cuirfidh an t-údarás iarrthach, gan moill mhíchuí, an t-íospartach ar an eolas gan moill mhíchuí, i dteanga a thuigeann an t-íospartach, faoin gcinneadh diúltú don aistriú.
4. Ní cheanglófar ar an údarás iarrtha na hoibleagáidí a leagtar síos i mír 1 den mhír seo a chomhlíonadh agus ní cheanglófar ar an údarás iarrthach na hoibleagáidí a leagtar síos i mír 3 a chomhlíonadh sna cásanna seo a leanas:
|
(a) |
i gcás ina mbainfeadh comhlíonadh na n-oibleagáidí sin an bonn de rúndacht imscrúdaithe nó ina ndéanfadh sé dochar don imscrúdú; nó |
|
(b) |
i gcás nach féidir an t-íospartach a aimsiú ná dul i dteagmháil leis nó léi d’ainneoin iarrachtaí réasúnacha a bheith déanta ag an údarás iarrtha nó ag an údarás iarrthach, faoi seach. |
Airteagal 17
An ceart chun leigheas éifeachtach dlí a fháil
1. Beidh sé de cheart ag daoine atá faoi dhrochamhras, ag daoine atá cúisithe agus ag íospartaigh leigheas éifeachtach dlí a fháil sa Stát iarrtha in aghaidh cinneadh glacadh leis an aistriú imeachtaí coiriúla. Déanfar an ceart sin a fheidhmiú os comhair cúirte nó binse sa Stát iarrtha i gcomhréir lena dhlí náisiúnta.
2. Má lorgaítear leigheas dlí in aghaidh cinneadh glacadh leis an aistriú imeachtaí coiriúla, scrúdófar an cinneadh i gcomhréir leis an dlí náisiúnta ar bhonn na gcritéar dá bhforáiltear in Airteagal 12(1) agus (2). A mhéid a feidhmíodh lánrogha, beidh an t-athbhreithniú teoranta do mheasúnú a dhéanamh ar cé acu a sháraigh nó nár sháraigh an t-údarás iarrtha teorainneacha a lánrogha go follasach.
Ní bheidh an teorainn ama chun leigheas éifeachtach dlí a lorg níos faide ná 15 lá ón dáta a fhaightear an cinneadh réasúnaithe glacadh leis an aistriú imeachtaí coiriúla.
I gcás ina n-eisítear an iarraidh ar an aistriú imeachtaí coiriúla tar éis an t-imscrúdú coiriúil a bheith tugtha chun deiridh, agus tar éis an duine atá faoi dhrochamhras nó atá cúisithe a bheith cúisithe nó díotáilte, beidh éifeacht fionraíochta ag an gcaingean ar leigheas dlí in aghaidh cinneadh glacadh leis an aistriú imeachtaí coiriúla. Ní dhéanfaidh an éifeacht fionraíochta sin difear don fhéidearthacht atá ag an Stát iarrtha na bearta sealadacha is gá a choinneáil chun cosc a chur ar an duine atá faoi dhrochamhras nó atá cúisithe éalú, nó chun fianaise, ionstraimíochtaí ciona choiriúil nó fáltais ó choireacht a chaomhnú.
Déanfar an cinneadh críochnaitheach maidir leis an leigheas dlí gan moill mhíchuí agus, i gcás inar féidir, laistigh de 60 lá.
Cuirfidh an t-údarás iarrtha an t-údarás iarrthach ar an eolas faoi thoradh deiridh an leighis dlí atá á lorg. I gcás inarb é toradh an leighis dlí go ndéantar an cinneadh glacadh leis an aistriú imeachtaí coiriúla a chur ar ceal, beidh na himeachtaí coiriúla faoi chúram an údaráis iarrthaigh arís.
Beidh an mhír seo gan dochar d’aon leigheasanna dlí eile atá ar fáil i gcomhréir leis an dlí náisiúnta.
3. Áiritheoidh an Stát iarrtha go bhfuil ceart rochtana ag daoine atá faoi dhrochamhras, ag daoine atá cúisithe agus ag íospartaigh ar gach doiciméad a bhaineann leis an aistriú imeachtaí coiriúla a bhí mar bhunús leis an gcinneadh glacadh leis an aistriú imeachtaí coiriúla faoin Rialachán seo, agus atá riachtanach chun a gceart chun leigheas dlí a fheidhmiú ar bhealach éifeachtach. Feidhmeofar an ceart rochtana ar na doiciméid sin i gcomhréir le nósanna imeachta faoi dhlí náisiúnta an Stáit iarrtha. Féadfar an rochtain sin a theorannú, faoi réir an dlí náisiúnta, i gcás ina mbainfeadh sí an bonn de rúndacht an imscrúdaithe nó ina ndéanfadh sí dochar don imscrúdú nó do shábháilteacht daoine ar shlí eile.
Airteagal 18
Comhar le Eurojust agus leis an nGréasán Breithiúnach Eorpach
Féadfaidh an t-údarás iarrthach agus an t-údarás iarrtha, ag céim ar bith den nós imeachta maidir le haistriú imeachtaí coiriúla, cúnamh a iarraidh ar Eurojust nó ar an nGréasán Breithiúnach Eorpach i gcomhréir lena n-inniúlachtaí faoi seach. Go háirithe, féadfaidh Eurojust, i gcás inarb iomchuí, na comhairliúcháin dá dtagraítear in Airteagal 11(3), (5), (6) agus (7), Airteagal 12(3), Airteagal 14, Airteagal 19(2) agus Airteagal 21(3) a éascú.
Airteagal 19
Costais aistrithe imeachtaí coiriúla
1. Seasfaidh gach Ballstát a chostais féin maidir le haistrithe imeachtaí coiriúla de thoradh chur i bhfeidhm an Rialacháin seo.
2. I gcás ina mbeadh costais mhóra nó eisceachtúla i gceist leis an aistriúchán ar an gcáschomhad agus ar dhoiciméid ábhartha eile faoi Airteagal 11(3), (5), (6) agus (7), féadfaidh an t-údarás iarrthach moladh a chur faoi bhráid an údaráis iarrtha go ndéanfaí na costais a chomhroinnt. Beidh miondealú mionsonraithe ar na costais arna dtabhú ag an údarás iarrthach ag gabháil leis an moladh sin. Tar éis moladh den sórt sin, rachaidh an t-údarás iarrthach agus an t-údarás iarrtha i gcomhairle le chéile.
Airteagal 20
Údaráis lárnacha a ainmniú
Féadfaidh gach Ballstát údarás lárnach amháin nó níos mó a ainmniú a bheidh freagrach as tarchur agus glacadh riaracháin iarrataí ar an aistriú imeachtaí coiriúla, chomh maith le comhfhreagras oifigiúil eile a bhaineann le hiarrataí den sórt sin.
CAIBIDIL 3
ÉIFEACHTAÍ AN AISTRITHE IMEACHTAÍ COIRIÚLA
Airteagal 21
Éifeachtaí sa Stát iarrthach
1. Ach an cinneadh réasúnaithe glacadh leis an aistriú imeachtaí coiriúla i gcomhréir le hAirteagal 11(1), nó an cinneadh críochnaitheach maidir le leigheas dlí faoi Airteagal 17, a bheith faighte, cuirfear na himeachtaí coiriúla ar fionraí nó scoirfear díobh sa Stát iarrthach i gcomhréir leis an dlí náisiúnta, mura rud é gurb é toradh an leighis dlí go ndéanfar an cás a chur ar ais chuig an Stát iarrthach, nó go ndearna an t-údarás iarrthach amhlaidh cheana féin faoi Airteagal 4.
2. D’ainneoin mhír 1, féadfaidh na himeachtaí coiriúla sa Stát iarrthach leanúint de bheith ar oscailt chun go mbeidh an t-údarás iarrthach in ann an méid seo a leanas a dhéanamh:
|
(a) |
bearta imscrúdaitheacha práinneacha nó bearta nós imeachta práinneacha eile riachtanacha a dhéanamh, lena n-áirítear bearta chun cosc a chur ar an duine atá faoi dhrochamhras nó atá cúisithe éalú, nó bearta reo; |
|
(b) |
bearta imscrúdaitheacha nó bearta nós imeachta eile a glacadh roimhe sin a choinneáil ar bun, lena n-áirítear bearta chun cosc a chur ar an duine atá faoi dhrochamhras nó atá cúisithe éalú, ar bearta iad a bhfuil gá leo chun cinneadh a fhorfheidhmiú ar bhonn Chinneadh Réime 2002/584/CGB, ionstraim aitheantais fhrithpháirtigh eile nó iarraidh ar chúnamh dlíthiúil frithpháirteach. |
3. Tar éis don údarás iarrtha cinneadh a dhéanamh glacadh leis an aistriú imeachtaí coiriúla, oibreoidh an t-údarás iarrthach agus an t-údarás iarrtha i gcomhar le chéile, a mhéid is féidir agus i gcomhréir lena ndlí náisiúnta, go háirithe i gcás ina gceanglaítear le dlí náisiúnta an Stáit iarrtha go ndéanfar foirmiúlachtaí agus nósanna imeachta áirithe a urramú, go háirithe a mhéid a bhaineann le hinghlacthacht fianaise. Oibreoidh an t-údarás iarrthach agus an t-údarás iarrtha i gcomhar le chéile ar na bearta sealadacha a rinneadh roimh an aistriú agus faoi mhír 2 chomh maith.
4. I gcás ina bhfuil forghníomhú na mbeart arna ndéanamh faoi mhír 2 tugtha i gcrích, nó i gcás ina bhfuil na bearta imscrúdaitheacha nó na bearta nós imeachta eile is gá déanta ag an údarás iarrtha, agus nach bhfuil gá a thuilleadh leis na bearta a rinne an t-údarás iarrthach faoi mhír 2, cuirfear na himeachtaí coiriúla sa stát iarrthach ar fionraí nó scoirfear díobh.
5. Féadfaidh an t-údarás iarrthach leanúint d’imeachtaí coiriúla nó iad a athoscailt má chuireann an t-údarás iarrtha é ar an eolas faoina chinneadh scor d’imeachtaí coiriúla a bhaineann leis na fíorais is bonn leis na himeachtaí coiriúla ar glacadh lena n-aistriú, mura rud é go gcuireann an cinneadh sin, faoi dhlí náisiúnta an Stáit iarrtha, bac cinntitheach ar thuilleadh ionchúisimh, agus gur ndearnadh é tar éis cinneadh a bheith déanta ar thuillteanais an cháis, rud a fhágann, dá bhrí sin, go gcuirtear bac ar imeachtaí coiriúla breise, i leith na ngníomhartha céanna, sa Stát iarrtha.
6. Ní dhéanfar le mír 5 difear don cheart atá ag íospartaigh imeachtaí coiriúla a thionscnamh, nó a iarraidh go ndéanfaí iad a athoscailt, in aghaidh an duine atá faoi dhrochamhras nó atá cúisithe sa Stát iarrthach, i gcás ina bhforáiltear amhlaidh le dlí náisiúnta an Stáit sin, mura rud é go gcuireann cinneadh ón údarás iarrtha scor d’imeachtaí coiriúla, faoi dhlí náisiúnta an Stáit iarrtha, bac cinntitheach ar ionchúiseamh breise agus, gur tugadh é tar éis cinneadh a bheith déanta ar thuillteanais an cháis, rud a fhágann, dá bhrí sin, go gcuirtear bac ar imeachtaí coiriúla breise, i leith na ngníomhartha céanna, sa Stát iarrtha.
Airteagal 22
Éifeachtaí sa Stát iarrtha
1. Déanfar na himeachtaí coiriúla aistrithe a rialú le dlí náisiúnta an Stáit iarrtha.
2. Ar choinníoll nach bhfuil sé contrártha do phrionsabail bhunúsacha dhlí an Stáit iarrtha, beidh an bhailíocht chéanna sa Stát iarrtha ag aon ghníomh a dhéantar chun críocha na n-imeachtaí coiriúla nó na réamhfhiosrúchán arna ndéanamh ag údaráis inniúla sa Stát iarrthach amhail is dá mba iad údaráis inniúla sa Stát iarrtha a rinne an gníomh sin go bailí.
Gan dochar d’Airteagal 12(1), pointe (d), aon ghníomh a dhéantar go bailí sa Stát iarrthach a bhriseann nó a chuireann ar fionraí an tréimhse theorann, beidh an éifeacht chéanna aige maidir le briseadh nó cur ar fionraí na tréimhse teorann sa Stát iarrtha ar choinníoll go mba é an éifeacht sin a bheadh ag an ngníomh sin faoina dhlí náisiúnta.
3. Féadfaidh na Ballstáit foráil a dhéanamh ina ndlí náisiúnta, i gcásanna ina bhfuil dlínse bunaithe ar Airteagal 3, agus i gcás ina ngníomhaíonn siad mar an Stát iarrtha agus ina bhfuil an duine atá faoi dhrochamhras nó atá cúisithe i láthair sa Stát sin, go bhféadfaidh údarás inniúil sa Stát iarrtha, a luaithe a bheidh an iarraidh ar an aistriú imeachtaí coiriúla agus aon fhaisnéis bhreise i gcomhréir leis an Rialachán seo faighte aige, agus sula ndéantar an cinneadh glacadh leis an aistriú, na bearta is gá, arna meas, a dhéanamh, i gcomhréir lena dhlí náisiúnta, chun an duine atá faoi dhrochamhras nó atá cúisithe a ghabháil, nó chun a áirithiú go bhfanfaidh an duine atá faoi dhrochamhras nó atá cúisithe ar a chríoch, nó aon bhearta sealadacha eile is gá a dhéanamh amhail bearta reo.
4. Is é an t-údarás céanna a bheadh inniúil chun na bearta sin a dhéanamh i gcás comhchosúil intíre a dhéanfaidh an cinneadh an duine atá faoi dhrochamhras nó atá cúisithe a chur faoi choinneáil i gcomhréir le mír 3, agus beidh sé faoi réir coimircí is infheidhme maidir leis na bearta sin faoin dlí náisiúnta, lena n-áirítear formhaoirseacht bhreithiúnach agus na teorainneacha ama maidir le coinneáil réamhthrialach.
5. Maidir le fianaise arna haistriú ag an údarás iarrthach, ní dhiúltófar í a ghlacadh in imeachtaí coiriúla sa Stát iarrtha ar an bhforas gur bailíodh an fhianaise i mBallstát eile, agus ar an bhforas sin amháin. Féadfar an fhianaise a bhailítear sa Stát iarrthach a úsáid in imeachtaí coiriúla sa Stát iarrtha, ar choinníoll go bhfuil inghlacthacht na fianaise sin i gcomhréir le dlí náisiúnta an Stáit iarrtha, lena n-áirítear a bhunphrionsabail dlí. Ní dhéanfar difear leis an Rialachán seo don chumhacht atá ag cúirt na trialach measúnú gan srian a dhéanamh ar an bhfianaise.
6. I gcás ina n-eisítear pianbhreith choimeádta nó ordú coinneála sa Stát iarrtha, bainfidh an Stát sin ó thréimhse iomlán na coinneála atá le caitheamh gach tréimhse choinneála a caitheadh sa Stát iarrthach agus a forchuireadh i gcomhthéacs na n-imeachtaí coiriúla aistrithe. Chuige sin, déanfaidh an t-údarás iarrthach gach faisnéis a bhaineann leis an tréimhse choinneála a chaith an duine atá faoi dhrochamhras nó atá cúisithe sa Stát iarrthach a tharchur chuig an údarás iarrtha.
7. I gcás nach féidir, sa Stát iarrthach ná sa Stát iarrtha, imeachtaí coiriúla a thionscnamh ach amháin tar éis gearán a bheith déanta, is ag gearán a dhéantar sa Stát iarrthach a bheidh bailíocht sa Stát iarrtha freisin.
8. Is í an phianbhreith dá bhforáiltear i ndlí náisiúnta an Stáit iarrtha an phianbhreith is infheidhme maidir leis an gcion coiriúil mura bhforáiltear a mhalairt leis an dlí sin. I gcás inar ar chríoch an Stáit iarrthaigh a rinneadh an cion coiriúil, féadfaidh an t-údarás iarrtha, i gcomhréir leis an dlí náisiúnta is infheidhme, an phianbhreith uasta faoi dhlí náisiúnta an Stáit iarrthaigh a chur san áireamh, i gcás ina rachaidh sé sin chun tairbhe don duine atá cúisithe. I gcás ina bhfuil dlínse bunaithe go heisiach ar Airteagal 3, ní bheidh an phianbhreith a fhorchuirtear sa Stát iarrtha níos déine ná an phianbhreith uasta faoi dhlí náisiúnta an Stáit iarrthaigh.
Airteagal 23
Faisnéis atá le soláthar ag an údarás iarrtha
Soláthróidh an t-údarás iarrtha nó, i gcás inarb infheidhme, údarás inniúil eile, faisnéis don údarás iarrthach maidir le scor d’imeachtaí coiriúla nó maidir le haon chinneadh a rinneadh ag deireadh na n-imeachtaí coiriúla, lena n-áirítear faisnéis faoi cé acu a chuireann nó nach gcuireann an cinneadh sin, faoi dhlí náisiúnta an Stáit iarrtha, bac cinntitheach ar ionchúiseamh breise agus faoi cé acu a tugadh nó nár tugadh é tar éis cinneadh a dhéanamh ar thuillteanais an cháis, rud a fhágann, dá bhrí sin, go gcuirtear bac ar imeachtaí coiriúla breise, i leith na ngníomhartha céanna, sa Stát sin. Soláthróidh an t-údarás sin faisnéis freisin maidir le forghníomhú críochnaitheach na pianbhreithe a forchuireadh nó faisnéis eile a bhfuil luach substaintiúil ag baint léi. Cuirfidh sé cóip den chinneadh chríochnaitheach i scríbhinn arna dhéanamh ag deireadh na n-imeachtaí coiriúla ar aghaidh chuig an údarás iarrthach.
Déanfar na codanna bunriachtanacha den fhaisnéis agus den chinneadh críochnaitheach dá dtagraítear sa chéad fhomhír den Airteagal seo, ar a laghad, a aistriú go teanga oifigiúil de chuid an Stáit iarrthaigh nó go haon teanga eile a nglacann an Stát iarrthach léi i gcomhréir le hAirteagal 32(1), pointe (d).
CAIBIDIL 4
MODHANNA CUMARSÁIDE
Airteagal 24
Modhanna cumarsáide
1. Maidir le cumarsáid faoin Rialachán seo, lena n-áirítear malartú na foirme iarrata agus na bhfoirmeacha eile a leagtar amach sna hIarscríbhinní a ghabhann leis an Rialachán seo, an cinneadh dá dtagraítear in Airteagal 11(1) den Rialachán seo agus doiciméid eile dá dtagraítear in Airteagal 11(5) de, idir an t-údarás iarrthach agus an t-údarás iarrtha agus le rannpháirtíocht na n-údarás lárnach, i gcás inar ainmnigh Ballstát údarás lárnach i gcomhréir le hAirteagal 20 den Rialachán seo, chomh maith le Eurojust, déanfar í i gcomhréir le hAirteagal 3 de Rialachán (AE) 2023/2844.
2. Airteagal 7(1) agus (2) agus Airteagail 8 agus 14 de Rialachán (AE) 2023/2844 lena leagtar amach rialacha maidir le ríomhshínithe agus ríomhshéalaí, éifeachtaí dlíthiúla ríomhdhoiciméad agus cosaint faisnéise arna tarchur, beidh feidhm ag na hAirteagail sin maidir leis an gcumarsáid a dhéanfar tríd an gcóras TF díláraithe.
3. Comhairliúcháin faoi Airteagal 11(7) agus Airteagal 14 idir an t-údarás iarrthach agus an t-údarás iarrtha agus le rannpháirtíocht na n-údarás lárnach, i gcás inar ainmnigh Ballstát údarás lárnach i gcomhréir le hAirteagal 20, chomh maith le Eurojust, féadfar iad a dhéanamh trí úsáid a bhaint as aon mhodh iomchuí cumarsáide, lena n-áirítear tríd an gcóras TF díláraithe.
Airteagal 25
Córas TF díláraithe a bhunú
1. Faoin an 8 Eanáir 2027, glacfaidh an Coimisiún gníomhartha cur chun feidhme chun an córas TF díláraithe a bhunú chun críocha an Rialacháin seo, ina leagfar amach an méid seo a leanas:
|
(a) |
na sonraíochtaí teicniúla do na modhanna cumarsáide trí mheán leictreonach chun críocha an chórais TF dhíláraithe; |
|
(b) |
na sonraíochtaí teicniúla le haghaidh prótacail chumarsáide; |
|
(c) |
na cuspóirí slándála faisnéise agus na bearta teicniúla ábhartha lena n-áirithítear íoschaighdeáin slándála faisnéise agus ardleibhéal cibearshlándála maidir le próiseáil agus cumarsáid faisnéise laistigh den chóras TF díláraithe; |
|
(d) |
na híoschuspóirí infhaighteachta agus na ceanglais theicniúla ghaolmhara fhéideartha i ndáil leis na seirbhísí a sholáthraítear leis an gcóras TF díláraithe; |
|
(e) |
caighdeáin nós imeachta dhigiteacha a shainmhínítear in Airteagal 3, pointe (9), de Rialachán (AE) 2022/850. |
2. Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 31(2).
Airteagal 26
Bogearraí cur chun feidhme tagartha
1. Beidh an Coimisiún freagrach as bogearraí cur chun feidhme tagartha a chruthú, a chothabháil agus a fhorbairt agus as inrochtaineacht na mbogearraí sin, ar bogearraí iad a fhéadfaidh na Ballstáit a chur i bhfeidhm mar a gcóras cúil seachas córas TF náisiúnta. Déanfar cruthú, cothabháil agus forbairt na mbogearraí cur chun feidhme tagartha a mhaoiniú ó bhuiséad ginearálta an Aontais.
2. Beidh Eurojust in ann úsáid a bhaint as na bogearraí cur chun feidhme tagartha dá dtagraítear i mír 1.
3. Déanfaidh an Coimisiún na bogearraí cur chun feidhme tagartha a sholáthar, a chothabháil agus a thacú ar bhonn saor in aisce.
4. Leis na bogearraí cur chun feidhme tagartha, cuirfear comhéadan coiteann ar fáil chun cumarsáid a dhéanamh le córais TF náisiúnta eile.
Airteagal 27
Costais an chórais TF dhíláraithe
1. Gach Ballstát nó eintiteas a bhfuil pointe rochtana údaraithe e-CODEX á oibriú aige mar a shainmhínítear in Airteagal 3(4) de Rialachán (AE) 2022/850, íocfaidh sé na costais a bhaineann le suiteáil, oibriú agus cothabháil phointí rochtana an chórais TF dhíláraithe a bhfuil siad freagrach astu.
2. Gach Ballstát nó eintiteas a bhfuil pointe rochtana údaraithe e-CODEX á oibriú aige mar a shainmhínítear in Airteagal 3, pointe (4), de Rialachán (AE) 2022/850, íocfaidh sé na costais a bhaineann lena chórais ábhartha náisiúnta nó, i gcás inarb infheidhme, córais TF eile a bhunú agus a choigeartú chun go mbeidh siad idir-inoibritheach leis na pointí rochtana, agus íocfaidh sé na costais a bhaineann leis na córais sin a riar, a oibriú agus a chothabháil.
3. Seasfaidh Eurojust na costais a bhaineann le suiteáil, oibriú agus cothabháil na gcomhpháirteanna den chóras TF díláraithe atá faoina fhreagracht.
4. Seasfaidh Eurojust na costais a bhaineann lena chóras bainistithe cásanna a bhunú agus a choigeartú chun go mbeidh sé idir-inoibritheach leis na pointí rochtana, agus seasfaidh sé na costais a bhaineann leis an gcóras sin a riar, a oibriú agus a chothabháil.
Airteagal 28
Staidreamh
1. Baileoidh na Ballstáit staidreamh cuimsitheach go tráthrialta chun go ndéanfaidh an Coimisiún faireachán ar chur i bhfeidhm an Rialacháin seo. Coimeádfaidh údaráis inniúla na mBallstát an staidreamh sin agus tarchuirfidh siad chuig an gCoimisiún é ar bhonn bliantúil. Féadfaidh údaráis inniúla na mBallstát na sonraí pearsanta is gá a phróiseáil chun an staidreamh sin a tháirgeadh.
2. Ar an staidreamh dá dtagraítear i mír 1, áireofar an méid seo a leanas:
|
(a) |
líon na n-iarrataí ar an aistriú imeachtaí coiriúla arna n-eisiúint, lena n-áirítear na critéir maidir leis an aistriú a iarraidh, de réir an Stáit iarrthaigh; |
|
(b) |
líon na n-aistrithe imeachtaí coiriúla ar glacadh leo agus ar diúltaíodh dóibh, lena n-áirítear na forais le diúltú, de réir an Stáit iarrtha; |
|
(c) |
an fad ama a thóg sé ar an Stát iarrtha faisnéis a tharchur faoin gcinneadh maidir le cé acu glacadh leis an aistriú imeachtaí coiriúla nó diúltú dó. |
3. Áireofar an méid seo a leanas freisin sa staidreamh dá dtagraítear i mír 1, má tá sé ar fáil ar leibhéal lárnach sa Bhallstát lena mbaineann:
|
(a) |
líon na n-imscrúduithe agus na n-ionchúiseamh nár leanadh díobh tar éis glacadh le haistriú imeachtaí coiriúla; |
|
(b) |
líon na gcásanna inar lorgaíodh leigheasanna dlí in aghaidh cinntí glacadh leis an aistriú imeachtaí coiriúla, lena sonraítear cibé acu an duine atá faoi dhrochamhras, duine atá cúisithe nó íospartach a thug gach cás acu, agus líon na gcinntí ar éirigh leis na hagóidí a rinneadh ina n-aghaidh; |
|
(c) |
ó 4 bliana ó dháta theacht i bhfeidhm na ngníomhartha cur chun feidhme dá dtagraítear in Airteagal 25(1), na costais arna dtabhú faoi Airteagal 27(2). |
4. Na bogearraí cur chun feidhme tagartha dá dtagraítear in Airteagal 26 agus, i gcás ina bhfuil siad feistithe déanamh amhlaidh, córais chúil náisiúnta, déanfaidh siad na sonraí dá dtagraítear i mír 2 den Airteagal seo a bhailiú ar bhonn ríomhchláraithe agus a tharchur chuig an gCoimisiún ar bhonn bliantúil.
5. Déanfar an staidreamh dá dtagraítear i míreanna 2 agus 3 a tharchur ón an 1 Feabhra 2028.
6. Baileofar an staidreamh dá dtagraítear i mír 2 den Airteagal seo tríd an gcóras TF díláraithe arna bhunú i gcomhréir le hAirteagal 25, laistigh de 2 bhliain ó dháta theacht i bhfeidhm na ngníomhartha cur chun feidhme dá dtagraítear san Airteagal sin. Fad nach bhfuil an córas TF díláraithe ag feidhmiú agus dá bhrí sin nach bhfuil an staidreamh dá dtagraítear i mír 2 den Airteagal seo á bhailiú go huathoibríoch, ní dhéanfar an staidreamh sin a tharchur ach amháin má tá sé ar fáil ar leibhéal lárnach sa Bhallstát lena mbaineann.
Airteagal 29
Leasuithe ar an bhfoirm iarrata agus ar fhoirmeacha eile
Tugtar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 30 maidir leis na hIarscríbhinní a leasú chun an fhoirm iarrata agus foirmeacha eile a thabhairt cothrom le dáta nó chun athruithe teicniúla a dhéanamh orthu. Beidh na leasuithe sin i gcomhréir leis an Rialachán seo agus ní dhéanfaidh siad difear dó.
Airteagal 30
An tarmligean a fheidhmiú
1. Is faoi réir na gcoinníollacha a leagtar síos san Airteagal seo a thugtar an chumhacht don Choimisiún chun gníomhartha tarmligthe a ghlacadh.
2. Déanfar an chumhacht chun gníomhartha tarmligthe a ghlacadh dá dtagraítear in Airteagal 29 a thabhairt don Choimisiún go ceann tréimhse neamhchinntithe ama ón an 1 Feabhra 2027.
3. Féadfaidh Parlaimint na hEorpa nó an Chomhairle tarmligean na cumhachta dá dtagraítear in Airteagal 29 a chúlghairm aon tráth. Le cinneadh cúlghairm a dhéanamh, cuirfear deireadh le tarmligean na cumhachta a shonrófar sa chinneadh sin. Gabhfaidh éifeacht leis lá tar éis fhoilsiú an chinnidh in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh nó ar dháta is déanaí a shonrófar sa chinneadh. Ní dhéanfaidh sé difear do bhailíocht aon ghnímh tharmligthe atá i bhfeidhm cheana.
4. Sula nglacfaidh sé gníomh tarmligthe, rachaidh an Coimisiún i mbun comhairliúcháin le saineolaithe arna n-ainmniú ag gach Ballstát i gcomhréir leis na prionsabail a leagtar síos i gComhaontú Idirinstitiúideach an 13 Aibreán 2016 maidir le Reachtóireacht Níos Fearr.
5. A luaithe a ghlacann sé gníomh tarmligthe, tabharfaidh an Coimisiún fógra, an tráth céanna, do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle faoi.
6. Ní thiocfaidh gníomh tarmligthe a ghlactar de bhun Airteagal 29 i bhfeidhm ach amháin mura bhfuil aon agóid curtha in iúl ag Parlaimint na hEorpa nó ag an gComhairle laistigh de thréimhse 2 mhí tar éis fógra faoin ngníomh sin a thabhairt do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle nó más rud é, roimh dhul in éag na tréimhse sin, go bhfuil Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle araon tar éis a chur in iúl don Choimisiún nach ndéanfaidh siad aon agóid. Déanfar an tréimhse sin a fhadú 2 mhí ar thionscnamh Pharlaimint na hEorpa nó na Comhairle.
Airteagal 31
Nós imeachta coiste
1. Chun críocha Airteagal 25 den Rialachán seo, tabharfaidh coiste cúnamh don Choimisiún. Beidh an coiste sin ina choiste de réir bhrí Rialachán (AE) Uimh. 182/2011.
2. I gcás ina ndéantar tagairt don mhír seo, beidh feidhm ag Airteagal 5 de Rialachán (AE) Uimh. 182/2011.
Airteagal 32
Fógraí
1. Faoin an 1 Feabhra 2027, tabharfaidh gach Ballstát fógra faoin méid seo a leanas don Choimisiún:
|
(a) |
na húdaráis atá inniúil, i gcomhréir lena dhlí náisiúnta, i gcomhréir le hAirteagal 2, pointe (3), ar iarrataí ar an aistriú imeachtaí coiriúla a eisiúint nó a bhailíochtú, agus na húdaráis sin atá inniúil i gcomhréir le hAirteagal 2, pointe (4), chun cinntí a dhéanamh maidir leis na hiarrataí sin; |
|
(b) |
faisnéis maidir leis na húdaráis eile dá dtagraítear in Airteagal 2, pointe (4), an dara mír, má bhaineann an Ballstát leas as an bhféidearthacht dá bhforáiltear faoin mír sin; |
|
(c) |
faisnéis maidir leis an údarás lárnach arna ainmniú nó leis na húdaráis lárnacha arna n-ainmniú, má bhaineann an Ballstát úsáid as an bhféidearthacht dá bhforáiltear faoi Airteagal 20; |
|
(d) |
teangacha a nglactar leo maidir le hiarrataí ar an aistriú imeachtaí coiriúla, le haghaidh faisnéis tacaíochta a thíolacadh agus le haghaidh aon chumarsáid idir údaráis, ag gníomhú dóibh mar Stát iarrthach agus ag gníomhú dóibh mar an Stát iarrtha. |
2. Cuirfidh gach Ballstát an Coimisiún ar an eolas faoi aon nuashonruithe ar an bhfaisnéis a dtugtar fógra fúithi faoi mhír 1.
Áiritheoidh an Coimisiún go gcoinnítear an fhaisnéis a fhaightear faoi mhír 1 cothrom le dáta agus go gcuirtear ar fáil go poiblí í ar réimse neamhshrianta de shuíomh gréasáin an Ghréasáin Bhreithiúnaigh Eorpaigh.
Airteagal 33
Gaolmhaireacht le comhaontuithe agus socruithe idirnáisiúnta
1. Gan dochar dá gcur i bhfeidhm idir na Ballstáit agus tríú tíortha, gabhann an Rialachán seo, laistigh dá raon feidhme, ón an 1 Feabhra 2027, ionad fhorálacha comhfhreagracha an Choinbhinsiúin Eorpaigh maidir le hImeachtaí in Ábhair Choiriúla a Aistriú an 15 Bealtaine 1972 agus an Choinbhinsiúin Eorpaigh maidir le Cúnamh Frithpháirteach in Ábhair Choiriúla an 20 Aibreán 1959, is infheidhme idir na Ballstáit atá faoi cheangal ag an Rialachán seo.
2. De bhreis ar an Rialachán seo, ní fhéadfaidh na Ballstáit comhaontuithe nó socruithe déthaobhacha nó iltaobhacha a thabhairt i gcrích nó leanúint le hiad a chur i bhfeidhm le Ballstáit eile tar éis an an 7 Eanáir 2025 ach amháin a mhéid go bhfágann comhaontuithe nó socruithe den sórt sin gur féidir aidhmeanna an Rialacháin seo a neartú tuilleadh agus go rannchuidítear leo leis na nósanna imeachta le haghaidh aistriú imeachtaí coiriúla a shimpliú nó a éascú tuilleadh agus ar choinníoll go n-urramaítear leibhéal na gcoimircí a leagtar amach sa Rialachán seo.
3. Tabharfaidh na Ballstáit fógra don Chomhairle agus don Choimisiún faoin an 1 Feabhra 2027 maidir leis na comhaontuithe agus na socruithe dá dtagraítear i mír 2 a bhfuil sé beartaithe acu leanúint le hiad a chur i bhfeidhm. Tabharfaidh na Ballstáit fógra don Choimisiún chomh maith maidir le haon chomhaontú nó socrú nua dá dtagraítear i mír 2 laistigh de 3 mhí tar éis é a shíniú.
Airteagal 34
Tuairisciú
Faoinan 1 Feabhra 2033, cuirfidh an Coimisiún tuarascáil faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa, na Comhairle agus Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa maidir le cur i bhfeidhm an Rialacháin seo, agus faisnéis arna soláthar ag na Ballstáit i gcomhréir le hAirteagal 28(1) agus arna bailiú ag an gCoimisiún mar thaca léi.
Airteagal 35
Forálacha idirthréimhseacha
Beidh feidhm ag an Rialachán seo maidir le hiarrataí ar an aistriú imeachtaí coiriúla arna dtarchur ón 1 Feabhra 2027. Maidir le hiarrataí ar an aistriú imeachtaí coiriúla a fhaightear roimh an 1 Feabhra 2027, leanfar dá rialú le hionstraimí atá ann cheana a bhaineann leis an aistriú imeachtaí coiriúla.
Go dtí go dtiocfaidh Airteagal 24 chun bheith infheidhme de bhun Airteagal 36, an tríú mír, déanfar cumarsáid idir údaráis iarrthacha agus údaráis iarrtha agus, i gcás inarb infheidhme, le rannpháirtíocht na n-údarás lárnach, chomh maith le Eurojust, faoin Rialachán seo trí aon mhodh malartach iomchuí, agus á chur san áireamh an gá atá le malartú faisnéise tapa, slán agus iontaofa a áirithiú.
Airteagal 36
Teacht i bhfeidhm agus cur i bhfeidhm
Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
Beidh feidhm aige ón 1 Feabhra 2027.
Mar sin féin, beidh feidhm ag Airteagal 24 ón gcéad lá den mhí tar éis na tréimhse 2 bhliain ó dháta theacht i bhfeidhm na ngníomhartha cur chun feidhme dá dtagraítear in Airteagal 25.
Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach sna Ballstáit i gcomhréir leis na Conarthaí.
Arna dhéanamh in Strasbourg, an 27 Samhain 2024
Thar ceann Pharlaimint na hEorpa
An tUachtarán
R. METSOLA
Thar ceann na Comhairle
An tUachtarán
BÓKA J.
(1) IO C, C/2023/869, 8.12.2023, ELI: http://data.europa.eu/eli/C/2023/869/oj.
(2) Seasamh ó Pharlaimint na hEorpa an 23 Aibreán 2024 (nár foilsíodh fós san Iris Oifigiúil) agus cinneadh ón gComhairle an 5 Samhain 2024.
(3) IO C 53, 3.3.2005, lch. 1.
(4) IO C 12, 15.1.2001, lch. 10.
(5) Cinneadh Réime 2002/584/CGB ón gComhairle an 13 Meitheamh 2002 maidir leis an mbarántas gabhála Eorpach agus na nósanna imeachta um thabhairt suas idir na Ballstáit (IO L 190, 18.7.2002, lch. 1).
(6) Cinneadh Réime 2009/948/CGB ón gComhairle an 30 Samhain 2009 maidir le coinbhleachtaí i bhfeidhmiú dlínse in imeachtaí coiriúla a chosc agus a shocrú (IO L 328, 15.12.2009, lch. 42).
(7) Treoir (AE) 2017/541 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 15 Márta 2017 maidir leis an sceimhlitheoireacht a chomhrac, agus lena n-ionadaítear Cinneadh Réime 2002/475/CGB ón gComhairle agus lena leasaítear Cinneadh 2005/671/CGB ón gComhairle (IO L 88, 31.3.2017, lch. 6).
(8) Cinneadh Réime 2002/475/CGB ón gComhairle an 13 Meitheamh 2002 maidir leis an sceimhlitheoireacht a chomhrac (IO L 164, 22.6.2002, lch. 3).
(9) Cinneadh Réime 2008/841/CGB ón gComhairle an 24 Deireadh Fómhair 2008 maidir leis an gcomhrac in aghaidh le comhrac na coireachta eagraithe (IO L 300, 11.11.2008, lch. 42).
(10) Cinneadh Réime 2005/214/CGB ón gComhairle an 24 Feabhra 2005 maidir le prionsabal an aitheantais fhrithpháirtigh a chur i bhfeidhm ar phionóis airgeadais (IO L 76, 22.3.2005, lch. 16).
(11) Cinneadh Réime 2008/909/CGB ón gComhairle an 27 Samhain 2008 maidir le prionsabal an aitheantais fhrithpháirtigh a chur i bhfeidhm ar bhreithiúnais in ábhair choiriúla lena bhforchuirtear pianbhreitheanna coimeádta nó bearta a bhaineann le cailleadh saoirse chun iad a fhorfheidhmiú san Aontas Eorpach (IO L 327, 5.12.2008, lch. 27).
(12) Cinneadh Réime 2008/947/CGB ón gComhairle an 27 Samhain 2008 maidir le prionsabal an aitheantais fhrithpháirtigh a chur i bhfeidhm ar bhreithiúnais agus cinntí promhaidh d’fhonn maoirseacht a dhéanamh ar bhearta promhaidh agus ar smachtbhannaí malartacha (IO L 337, 16.12.2008, lch. 102).
(13) Rialachán (AE) 2017/1939 ón gComhairle an 12 Deireadh Fómhair 2017 lena gcuirtear chun feidhme comhar feabhsaithe maidir le bunú Oifig an Ionchúisitheora Phoiblí Eorpaigh (‘OIPE’) (IO L 283, 31.10.2017, lch. 1).
(14) Treoir 2014/62/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 15 Bealtaine 2014 maidir le cosaint an euro agus airgeadraí eile ar ghóchumadh leis an dlí coiriúil, agus a chuirtear in ionad Chinneadh Réime 2000/383/CGB ón gComhairle (IO L 151, 21.5.2014, lch. 1).
(15) Treoir 2010/64/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 20 Deireadh Fómhair 2010 maidir leis an gceart chun ateangaireachta agus chun aistriúcháin in imeachtaí coiriúla (IO L 280, 26.10.2010, lch. 1).
(16) Treoir 2012/13/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 22 Bealtaine 2012 maidir leis an gceart chun faisnéise in imeachtaí coiriúla (IO L 142, 1.6.2012, lch. 1).
(17) Treoir 2013/48/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 22 Deireadh Fómhair 2013 maidir leis an gceart rochtana ar dhlíodóir in imeachtaí coiriúla agus in imeachtaí maidir leis an mbarántas gabhála Eorpach, agus leis an gceart chun tríú páirtí a chur ar an eolas maidir le cailleadh saoirse agus chun cumarsáid a dhéanamh le tríú daoine agus le húdaráis chonsalachta nuair a chailltear an tsaoirse (IO L 294, 6.11.2013, lch. 1).
(18) Treoir (AE) 2016/343 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 9 Márta 2016 maidir le neartú ar ghnéithe áirithe de thoimhde na neamhchiontachta agus den cheart chun bheith i láthair le linn na trialach in imeachtaí coiriúla (IO L 65, 11.3.2016, lch. 1).
(19) Treoir (AE) 2016/800 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Bealtaine 2016 maidir leis na coimircí nós imeachta do leanaí atá faoi dhrochamhras nó do dhaoine atá cúisithe in imeachtaí coiriúla (IO L 132, 21.5.2016, lch. 1).
(20) Treoir (AE) 2016/1919 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 26 Deireadh Fómhair 2016 maidir le cúnamh dlí do dhaoine atá faoi dhrochamhras nó atá cúisithe in imeachtaí coiriúla agus do dhaoine iarrtha in imeachtaí faoi réir barántas gabhála Eorpach (IO L 297, 4.11.2016, lch. 1).
(21) IO C 378, 24.12.2013, lch. 8.
(22) Moladh (AE) 2023/681 ón gCoimisiún an 8 Nollaig 2022 maidir le cearta nós imeachta daoine atá faoi dhrochamhras agus daoine cúisithe atá faoi réir coinneáil réamhthrialach agus maidir le coinníollacha coinneála ábhartha (IO L 86, 24.3.2023, lch. 44).
(23) Rialachán (AE) 2018/1727 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 14 Samhain 2018 maidir le Gníomhaireacht an Aontais Eorpaigh um Chomhar Ceartais Choiriúil (Eurojust), agus a ghabhann ionad Chinneadh 2002/187/CGB ón gComhairle agus lena n-aisghairtear an cinneadh sin (IO L 295, 21.11.2018, lch. 138).
(24) Treoir 2014/41/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 3 Aibreán 2014 maidir leis an Ordú Imscrúdaithe Eorpach in ábhair choiriúla (IO L 130, 1.5.2014, lch. 1).
(25) Treoir 2012/29/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 25 Deireadh Fómhair 2012 lena mbunaítear íoschaighdeáin maidir le cearta, tacaíocht agus cosaint íospartaigh na coireachta, agus lena n-ionadaítear Cinneadh Réime 2001/220/CGB ón gComhairle (IO L 315, 14.11.2012, lch. 57).
(26) Rialachán (AE) Uimh. 606/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 12 Meitheamh 2013 maidir le haitheantas frithpháirteach do bhearta cosanta in ábhair shibhialta (IO L 181, 29.6.2013, lch. 4).
(27) Treoir 2011/99/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 13 Nollaig 2011 maidir leis an ordú cosanta Eorpach (IO L 338, 21.12.2011, lch. 2).
(28) An Coinbhinsiún lena ndéantar Comhaontú Schengen an 14 Meitheamh 1985 idir Rialtais Stáit Aontas Eacnamaíoch Benelux, Phoblacht Chónaidhme na Gearmáine agus Phoblacht na Fraince maidir le seiceálacha ag a gcomhtheorainneacha a dhíothú de réir a chéile a chur chun feidhme (IO L 239, 22.9.2000, lch. 19).
(29) IO L 123, 12.5.2016, lch. 1.
(30) Rialachán (AE) 2023/2844 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 13 Nollaig 2023 maidir le digitiú an chomhair bhreithiúnaigh agus rochtain ar an gceartas in ábhair thrasteorann shibhialta, thráchtála agus choiriúla, agus lena leasaítear gníomhartha áirithe i réimse an chomhair bhreithiúnaigh (IO L, 2023/2844, 27.12.2023, ELI: https://eur-lex.europa.eu/legal-content/GA/TXT/?uri=CELEX%3A32023R2844)
(31) Rialachán (AE) 2022/850 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 30 Bealtaine 2022 maidir le córas ríomhairithe le haghaidh malartú trasteorann leictreonach sonraí i réimse an chomhair bhreithiúnaigh in ábhair sibhialta agus coiriúla (an córas e-CODEX), agus lena leasaítear Rialachán (AE) 2018/1726 (IO L 150, 1.6.2022, lch. 1).
(32) Rialachán (AE) 2018/1725 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Deireadh Fómhair 2018 maidir le daoine nádúrtha a chosaint i ndáil le sonraí pearsanta a phróiseáil ag institiúidí, comhlachtaí, oifigí agus gníomhaireachtaí an Aontais agus maidir le saorghluaiseacht sonraí den sórt sin, agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 45/2001 agus Cinneadh Uimh. 1247/2002/CE (IO L 295, 21.11.2018, lch. 39).
(33) Treoir (AE) 2016/680 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 27 Aibreán 2016 maidir le cosaint daoine nádúrtha i ndáil le próiseáil sonraí pearsanta ag údaráis inniúla chun cionta coiriúla a chosc, a imscrúdú, a bhrath nó a ionchúiseamh nó chun pionóis choiriúla a fhorghníomhú, agus maidir le saorghluaiseacht sonraí den sórt sin agus lena n aisghairtear Cinneadh Réime 2008/977/CGB ón gComhairle (IO L 119, 4.5.2016, lch. 89).
(34) Rialachán (AE) Uimh. 182/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Feabhra 2011 lena leagtar síos na rialacha agus na prionsabail ghinearálta a bhaineann leis na sásraí maidir le rialú ag na Ballstáit ar fheidhmiú cumhachtaí cur chun feidhme ag an gCoimisiún (IO L 55, 28.2.2011, lch. 13).
(35) IO C 253, 18.7.2023, lch. 6.
(36) Cinneadh 2008/976/CGB ón gComhairle an 16 Nollaig 2008 maidir leis an nGréasán Breithiúnach Eorpach (IO L 348, 24.12.2008, lch. 130).
IARSCRÍBHINN I
FOIRM IARRATA CHUN IMEACHTAÍ COIRIÚLA A AISTRIÚ
Dá dtagraítear in Airteagal 8(1) de Rialachán (AE) 2024/3011
IARSCRÍBHINN II
Foirm dá dtagraítear in Airteagal 6(5) de Rialachán (AE) 2024/3011
Is é is cuspóir don fhoirm seo do chúnamh a iarraidh chun faisnéis a sholáthar don duine atá faoi dhrochamhras/atá cúisithe agus tuairim an duine sin a iarraidh a mhéid a bhaineann leis an rún chun iarraidh ar an aistriú imeachtaí coiriúla a eisiúint. Seol Cuid B den fhoirm seo ar ais nuair a bheidh sí comhlánaithe, le do thoil.
IARSCRÍBHINN III
Foirm dá dtagraítear in Airteagal 6(7) de Rialachán (AE) 2024/3011
Is é is cuspóir don fhoirm seo do chúnamh a iarraidh chun faisnéis a sholáthar don duine atá faoi dhrochamhras/atá cúisithe maidir leis an iarraidh ar an aistriú imeachtaí coiriúla a eisiúint. Seol Cuid B den fhoirm seo ar ais nuair a bheidh sí comhlánaithe, le do thoil.
IARSCRÍBHINN IV
Foirm dá dtagraítear in Airteagal 15(2) agus (4) de Rialachán (AE) 2024/3011
Is é is cuspóir don fhoirm seo do chúnamh a iarraidh chun faisnéis a sholáthar don duine atá faoi dhrochamhras/atá cúisithe tar éis cinneadh a bheith déanta maidir leis an iarraidh ar an aistriú imeachtaí coiriúla. Seol Cuid B den fhoirm seo ar ais nuair a bheidh sí comhlánaithe, le do thoil.
IARSCRÍBHINN V
Foirm dá dtagraítear in Airteagal 16(2) de Rialachán (AE) 2024/3011
Is é is cuspóir don fhoirm seo do chúnamh a iarraidh chun faisnéis a sholáthar don íospartach/do na híospartaigh tar éis cinneadh a bheith déanta maidir leis an iarraidh ar an aistriú imeachtaí coiriúla. Seol Cuid B den fhoirm seo ar ais nuair a bheidh sí comhlánaithe, le do thoil.
IARSCRÍBHINN VI
Foirm dá dtagraítear in Airteagal 10(3) de Rialachán (AE) 2024/3011
Is é is cuspóir don fhoirm seo do chúnamh a iarraidh chun faisnéis a sholáthar don duine atá faoi dhrochamhras/atá cúisithe maidir le tarraingt siar na hiarrata ar an aistriú imeachtaí coiriúla.
ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2024/3011/oj
ISSN 1977-0839 (electronic edition)