|
31.8.2023 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
C 307/19 |
TUAIRIM ÓN MBANC CEANNAIS EORPACH
an 5 Iúil 2023
maidir le leasuithe ar chreat bainistithe géarchéime agus árachais taiscí an Aontais
(CON/2023/19)
(2023/C 307/04)
Réamhrá agus bunús dlí
An 18 Aibreán 2023 ghlac an Coimisiún Eorpach tograí le haghaidh (1) rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 806/2014 maidir le bearta luath-idirghabhála, coinníollacha maidir le réiteach agus cistiú gníomhaíochta réitigh (1) (dá ngairtear na ‘leasuithe atá beartaithe ar an Rialachán maidir leis an Sásra Réitigh Aonair’ nó na ‘leasuithe atá beartaithe ar RSRA’); (2) treoir ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena leasaítear Treoir 2014/59/AE maidir le bearta luath-idirghabhála, coinníollacha maidir le réiteach agus maoiniú gníomhaíochta réitigh (2) (dá ngairtear anseo feasta na ‘leasuithe atá beartaithe ar an Treoir maidir le Téarnamh agus Réiteach na mBanc’ nó na ‘leasuithe atá beartaithe ar TTRB’); (3) treoir ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena leasaítear Treoir 2014/49/AE maidir le raon feidhme na cosanta taiscí, úsáid cistí scéimeanna ráthaithe taiscí, comhar trasteorann, agus trédhearcacht (3) (dá ngairtear anseo feasta na ‘leasuithe atá beartaithe ar an Treoir maidir le Scéimeanna Ráthaithe Taiscí’ nó na ‘leasuithe atá beartaithe ar TSRT’); agus (4) togra le haghaidh treoir ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena leasaítear Treoir 2014/59/AE agus Rialachán (AE) Uimh. 806/2014 a mhéid a bhaineann le gnéithe áirithe den íoscheanglas maidir le cistí dílse agus dliteanais incháilithe (4) (dá ngairtear na ‘leasuithe atá beartaithe maidir le slabhraí nóiníní’ anseo feasta). Gairtear ‘an pacáiste reachtach atá beartaithe’ anseo feasta ar na leasuithe atá beartaithe ar RSRA, ar na leasuithe atá beartaithe ar TTRB, ar na leasuithe atá beartaithe ar TSRT agus ar na leasuithe atá beartaithe maidir le slabhraí nóiníní.
Mhol an Coimisiún go rachfaí i gcomhairle le BCE maidir leis na leasuithe atá beartaithe ar RSRA, maidir leis na leasuithe atá beartaithe ar TTRB agus maidir leis na leasuithe atá beartaithe ar TSRT. An 23 Meitheamh agus an 3 Iúil 2023 fuair BCE iarrataí ó Chomhairle an Aontais Eorpaigh agus ó Pharlaimint na hEorpa, faoi seach, ar thuairim ar na leasuithe atá beartaithe i ndáil le slabhraí nóiníní.
Tá inniúlacht BCE tuairim a thabhairt bunaithe ar Airteagail 127(4) agus 282(5) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh ós rud é go bhfuil forálacha sa phacáiste reachtach atá beartaithe lena ndéantar difear do na nithe seo a leanas: (1) cúram an Chórais Eorpaigh Banc Ceannais (CEBC) rannchuidiú le seoladh rianúil beartas arna saothrú ag na húdaráis inniúla a bhaineann le maoirseacht stuamachta ar institiúidí creidmheasa agus le cobhsaíocht an chórais airgeadais de bhun Airteagal 127(5) den Chonradh; agus (2) na cúraimí atá curtha ar BCE maidir le maoirseacht stuamachta ar institiúidí creidmheasa i gcomhréir le hAirteagal 127(6) den Chonradh. I gcomhréir leis an gcéad abairt d’Airteagal 17.5 de Rialacha Nós Imeachta an Bhainc Ceannais Eorpaigh, ghlac an Chomhairle Rialaithe an tuairim seo.
Barúlacha ginearálta
1. Nuashonrú riachtanach ar chreat bainistithe géarchéime agus árachais taiscí an Aontais
|
1.1. |
Is rígheal le BCE an pacáiste reachtach atá beartaithe ag an gCoimisiún Eorpach, lena bhféachtar le feabhsuithe a dhéanamh ar gach céim de chreat bainistithe géarchéime agus árachais taiscí (crisis management and deposit Insurance, CMDI) an Aontais (5). Tá creat dea-fheidhmiúil CMDI de chuid an Aontais riachtanach chun aghaidh a thabhairt ar chlistí féideartha nó iarbhír institiúidí creidmheasa de gach méid laistigh de na Ballstáit agus i measc na mBallstát trí chéile. Tá creat reatha CMDI, a tugadh isteach mar fhreagairt ar an ngéarchéim airgeadais dhomhanda in 2008, i bhfeidhm le roinnt blianta anois agus is léir ón taithí a fuarthas gur neartaíodh éifeachtacht an chreata go mór de thoradh na n-athchóirithe a cuireadh chun feidhme le deich mbliana anuas. Is deis thábhachtach é an t-athbhreithniú seo chun an creat CMDI a fheabhsú tuilleadh i bhfianaise na gceachtanna a foghlaimíodh sna chéad bhlianta dá chur i bhfeidhm. |
|
1.2. |
Is é is aidhm don phacáiste reachtach atá beartaithe athléimneacht mhargaí airgeadais na hEorpa i gcásanna géarchéime a mhéadú. Déantar comhchuibhiú breise leis ar na rialacha is infheidhme maidir le bainistiú géarchéime ar fud an Aontais, rud a laghdaíonn castacht an bhainistithe géarchéime trasteorann. Leathnaítear leis freisin raon feidhme na sraithe straitéisí bainistithe géarchéime atá ar fáil chun aghaidh a thabhairt ar ghéarchéimeanna, go háirithe i ndáil le clistí institiúidí creidmheasa beaga agus meánmhéide, agus is é is aidhm dó éifeachtacht na sraithe straitéisí sin a fheabhsú. |
|
1.3. |
Is geal le BCE na feabhsuithe ar an gcóras luath-idirghabhála, chomh maith leis na forálacha nua maidir le comhar agus malartú faisnéise idir na húdaráis mhaoirseachta agus na húdaráis réitigh, arb é is aidhm dóibh an próiseas bainistithe géarchéime a fheabhsú tuilleadh. Laistigh den chóras sin, beidh sé tábhachtach dáileadh soiléir freagrachtaí idir na húdaráis mhaoirseachta agus na húdaráis réitigh a choimeád. |
|
1.4. |
Is geal le BCE freisin an leathnú atá beartaithe ar réiteach (6), ós rud é go gcuirfear leis sin feabhas ar bhainistiú éifeachtach clistí institiúidí creidmheasa beaga agus meánmhéide i measc na mBallstát trí chéile ar bhealach comhchuibhithe (7). Ag an am céanna, is den ríthábhacht é go mbeidh cistiú leordhóthanach réitigh do na hinstitiúidí creidmheasa beaga agus meánmhéide sin ag gabháil leis an scóip níos leithne sin le haghaidh réitigh. Gan rochtain níos fearr ar chistiú, ní féidir scóip na rioscaí réitigh a leathnú go praiticiúil. Dá bhrí sin, tacaíonn BCE go hiomlán leis, ag cur leis an bprionsabal gur cheart do scairshealbhóirí agus do chreidiúnaithe na caillteanais i gcliseadh institiúide creidmheasa a iompar ar an gcéad dul síos, go ndéantar foráil sa phacáiste reachtach atá beartaithe do ról níos láidre le haghaidh scéimeanna ráthaithe taiscí (SRTanna) i gcás réitigh, faoi réir coimircí áirithe. Is den tábhacht é go n-éascófar an ról sin le tástáil chomhchuibhithe is lú costas agus le tosaíocht taisceoirí aonleibhéil. |
|
1.5. |
Leis an bpacáiste reachtach atá beartaithe, beidh rochtain ar shocruithe maoiniúcháin réitigh níos indéanta i gcásanna áirithe. Mar sin féin, i ngéarchéimeanna sistéamacha ina mbíonn saincheisteanna os comhair roinnt institiúidí creidmheasa ag an am céanna, nó ina bhfuil baol ann go mbainfeadh tarrtháil inmheánach catagóire creidiúnaithe áirithe an bonn go mór den chobhsaíocht airgeadais, bheadh sé tairbhiúil rochtain urghnách a cheadú ar shocruithe maoiniúcháin réitigh chun leas an phobail a choimirciú agus chun iarmhairtí sistéamacha a sheachaint. Chun déileáil le cásanna eisceachtúla den sórt sin, thacódh BCE le díolúine cobhsaíochta airgeadais a thabhairt isteach lena bhféadfaí rochtain a fháil ar shocruithe maoiniúcháin réitigh sula n-ionsúfaí caillteanas 8 % de dhliteanais iomlána agus cistí dílse (total liabilities and own funds, TLOF) in imthosca eisceachtúla, ach faoi réir coimircí láidre. |
|
1.6. |
Gan beann ar leathnú scóip an réitigh, leanfar de roinnt institiúidí creidmheasa a fhoirceannadh faoi na himeachtaí náisiúnta leachtúcháin nó dócmhainneachta. I gcásanna den sórt sin, is den tábhacht é próiseas rianúil tráthúil a áirithiú chun aon chás ‘liombó’ (8) a sheachaint tar éis measúnú diúltach um leas an phobail a dhéanamh. |
|
1.7. |
Leis an bpacáiste reachtach atá beartaithe, féachtar freisin le cumas na SRTanna idirghabháil a dhéanamh trí bhearta coisctheacha agus malartacha a chomhchuibhiú agus a fheabhsú, e.g. tríd an tosaíocht taisceoirí aonleibhéil. Thacódh BCE, áfach, le comhchuibhiú breise a dhéanamh ar na bearta sin. Thairis sin, ba mhór ag BCE ceanglas sainráite a bheith in airteagail TSRT i dtaobh cistí scéimeanna cosanta institiúideacha (SCI) agus cistí SRT a leithscaradh. D’áiritheofaí leis sin go háirithe gur féidir leanúint d’fheidhmeanna sonracha SCI a chur i gcrích le cabhair ó na cistí tiomnaithe SCI sin. |
|
1.8. |
Measann BCE go bhfuil gá le feabhas a chur ar na rialacha reatha lena rialaítear aistriú ranníocaíochtaí SRT i gcásanna ina n-athraíonn institiúidí creidmheasa a gcleamhnacht chuig SRT eile laistigh den Aontas, toisc go bhféadfaí leis na rialacha sin, mura ndéanfaí amhlaidh, bac a chur ar mhargadh aonair níos comhtháite do sheirbhísí baincéireachta san Aontas. I ndáil leis sin, tacaíonn BCE le sainordú a thabhairt don Údarás Baincéireachta Eorpach (ÚBE) modheolaíocht a fhorbairt chun méid na ranníocaíochtaí atá le haistriú a ríomh chun ailíniú leis na rioscaí aistrithe a áirithiú. |
|
1.9. |
Tacaíonn BCE go láidir leis an bpróiseas reachtach a thabhairt chun críche go pras, i gcomhréir leis an gcuspóir atá ann na pléití a thabhairt chun críche le linn an reachtais reatha (9). Sa phacáiste reachtach atá beartaithe, baintear an chothromaíocht cheart amach idir na príomhchuspóirí atá ann cáiníocóirí agus taisceoirí a chosaint agus an chobhsaíocht airgeadais a chaomhnú. Is pacáiste comhleanúnach é, nach mór a phlé ar bhealach iomlánaíoch, ós rud é nach bhfeidhmeoidh a phríomhghnéithe ach amháin má chuirtear i bhfeidhm ag an am céanna iad. |
2. An tAontas Baincéireachta a iomlánú
|
2.1. |
De bhreis ar an bpacáiste reachtach atá beartaithe, ar céim ríthábhachtach é chun an tAontas Baincéireachta a neartú, beidh géarghá le tuilleadh tionscnamh chun an tAontas Baincéireachta a iomlánú sna blianta amach romhainn. |
|
2.2. |
Ar an gcéad dul síos, is scéim Eorpach árachais taiscí (SEÁT) an tríú colún is gá chun an tAontas Baincéireachta (10) a iomlánú agus bheadh de thoradh uirthi go ndéanfaí athléimneacht earnáil baincéireachta an Aontais a neartú tuilleadh. Is príomhthosaíocht i gcónaí é go gcuirfí ar bun SEÁT lena ngabhann comhroinnt iomlán riosca, lena n-áirítear cuimsiú iomlán na riachtanas leachtachta agus na gcaillteanas leachtachta araon (11). De thoradh comhscéim a bheith ann d’áiritheofaí go mbeadh an leibhéal muiníne as sábháilteacht taiscí bainc chomh hard céanna i ngach Ballstát (12), rud a laghdódh an baol go dtarlódh scaoill banc agus a chosnódh an chobhsaíocht airgeadais. Trí chosaint taisceoirí a choimeád ar an leibhéal náisiúnta, coinnítear an nasc idir institiúid creidmheasa agus a tír cheannasachta. Leis sin cuirtear bac ar chothrom iomaíochta a chruthú, lagaítear an chobhsaíocht airgeadais agus tugtar le tuiscint nár baineadh amach ceann de phríomhchuspóirí an Aontais Baincéireachta. Trí SEÁT a bhunú, d’fhéadfaí tuilleadh feabhsuithe a dhéanamh ar an gcreat bainistithe géarchéime agus ar an gcomhtháthú trasteorann san Aontas Baincéireachta. Is geal le BCE gur iarr an Coimisiún go ndéanfaí iarracht athnuaite teacht ar chomhaontú polaitiúil maidir le SEÁT (13) agus iarrann sé ar reachtóirí an Aontais dul chun cinn a dhéanamh ina leith sin. |
|
2.3. |
Ar an dara dul síos, ní mór oibríochtú iomlán an tSásra Cobhsaíochta Eorpaigh ina fheidhm chúlstop don Chiste Réitigh Aonair (CRA) a áirithiú mar ábhar tosaíochta. |
|
2.4. |
Ar an tríú dul síos, is den riachtanas é go mbeadh rochtain ann ar leachtacht chun go n-éireoidh leis an réiteach, mar a léiríodh freisin le géarchéimeanna a tharla le déanaí. Tá creat le haghaidh leachtacht i gcás réitigh fós in easnamh ar an Aontas Baincéireachta. Ba cheart creat den sórt sin a bhunú i gcomhréir le Prionsabail Threoracha an Bhoird um Chobhsaíocht Airgeadais agus leis na dea-chleachtais idirnáisiúnta. |
Barúlacha sonracha
3. Bearta luath-idirghabhála arna nglacadh ag an maoirseoir
|
3.1. |
Is geal le BCE na tograí ón gCoimisiún maidir leis an gcreat luath-idirghabhála, a chuireann le moltaí roimhe seo ó BCE (14). Tá an pacáiste reachtach atá beartaithe tábhachtach chun aghaidh a thabhairt ar na dúshláin atá ann faoi láthair agus an creat sin á chur i bhfeidhm. Trí bhunús díreach dlí a thabhairt d’fheidhmiú cumhachtaí luath-idirghabhála ag BCE faoi Rialachán (AE) Uimh. 806/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (15) (dá ngairtear ‘an Rialachán maidir leis an Sásra Réitigh Aonair’ (RSRA) anseo feasta) (16), laghdaítear an riosca a eascraíonn as trasuíonna éagsúla féideartha ar Threoir 2014/59/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (17) (dá ngairtear ‘an Treoir maidir le Téarnamh agus Réiteach na mBanc’ (TTRB) anseo feasta) sa dlí náisiúnta. Leis an bpacáiste reachtach atá beartaithe, cuirtear deireadh freisin leis an bhforluí idir bearta luath-idirghabhála agus bearta maoirseachta, rud a chuireann feabhas ar a gcur i bhfeidhm praiticiúil faoi seach (18). Sa bhreis ar na hathruithe sin, tacaíonn BCE le hailíniú na gcoinníollacha a ghabhann le glacadh beart luath-idirghabhála leis na coinníollacha a ghabhann le glacadh beart maoirseachta ag BCE. Leis sin, leathnófaí an fhéidearthacht go ndéanfadh an t-údarás maoirseachta idirghabháil go pras trí bhearta luath-idirghabhála a ghlacadh chun aghaidh a thabhairt ar laigí a aimsíodh, fiú mura bhfuil sárú nó sárú dóchúil ar cheanglais stuamachta tagtha chun cinn go fóill. Molann BCE go scriosfaí an tagairt do mheathlú tapa suntasach ar staid airgeadais an eintitis mar réamhriachtanas chun beart luath-idirghabhála a dhéanamh. Le tagairt den sórt sin d’fhéadfaí an bonn a bhaint de chumas an mhaoirseora aghaidh a thabhairt go cuí agus go tráthúil ar mheathlú ar staid an eintitis más rud é, mar shampla, nach bhfuil meathlú den sórt sin tapa, ach go bhfuil sé fós suntasach nó go mbaineann an meathlú sin le saincheisteanna rialachais, le rialuithe inmheánacha agus le paraiméadair neamhairgeadais eile. |
|
3.2. |
Is geal le BCE freisin an togra maidir leis an gcumhacht gach beart luath-idirghabhála a ghlacadh faoi aon fhoráil amháin (19), faoi réir na gcoinníollacha céanna, gan dréimire géarúcháin a bheith ann. Leis sin, d’fhéadfaí an beart/na bearta luath-idirghabhála is iomchuí a ghlacadh go pras, agus imthosca sonracha gach cáis á gcur san áireamh. |
|
3.3. |
Leis na leasuithe atá beartaithe ar SRMR, féachtar le cumhacht a thabhairt do BCE bearta luath-idirghabhála a ghlacadh, bunaithe ar shárú nó sárú dóchúil ar na híoscheanglais maidir le cistí dílse agus dliteanais incháilithe (ICDI) (20), fiú mura sárú ar cheanglais stuamachta an sárú sin. Is é is aidhm do ICDI cur chun feidhme straitéise réitigh ordúil a éascú d’institiúid creidmheasa nach bhfuil inmharthana a thuilleadh. Mar sin, tá cuspóir ar leith ag gabháil leo i gcomparáid le ceanglais stuamachta, arb é is aidhm dóibh sábháilteacht agus fóntacht institiúidí creidmheasa a áirithiú. Dá bhrí sin, is iad na húdaráis réitigh is fearr, agus atá inniúil ó thaobh an dlí de, chun faireachán a dhéanamh ar chomhlíonadh spriocanna ICDI agus chun bearta feabhais a thionscnamh i ndáil leis sin. Dá bhrí sin, ba cheart gur ag na húdaráis réitigh, agus ag na húdaráis sin amháin, a bheadh an saincheart aghaidh a thabhairt ar sháruithe ICDI i ngach cás nach gcáilíonn sáruithe ICDI go comhuaineach mar sháruithe ar cheanglais cistí dílse. Sheachnófaí leis sin dúbailt cúraimí agus doiléire freagrachtaí idir na húdaráis mhaoirseachta stuamachta agus na húdaráis réitigh. |
|
3.4. |
Cé gur féidir le bearta maoirseachta aghaidh a thabhairt go héifeachtach ar roinnt saincheisteanna maidir le hinmharthanacht struchtúrach, d’fhéadfadh sé nach leor iad i gcásanna a bhaineann le hinstitiúidí creidmheasa a bhfuil samhlacha laga gnó acu agus a mbíonn deacrachtaí fadtréimhseacha acu agus a mbíonn ídiú leanúnach caipitil ag baint leo. Fad nach gcomhlíonann na hinstitiúidí creidmheasa sin na coinníollacha a ghabhann le go measfaí go bhfuil ‘ag cliseadh orthu nó gur dóigh dóibh cliseadh’ (‘failing or likely to fail’, FOLTF) d’fhéadfadh sé nach ndéanfaí leis an tsraith straitéisí atá ann faoi láthair uirlisí leordhóthanacha a chur ar fáil don údarás inniúil chun na hinstitiúidí creidmheasa sin a spreagadh chun na céimeanna leordhóthanacha a ghlacadh chun aghaidh a thabhairt ar na rioscaí sin. Is léir ón taithí a fuarthas le déanaí go bhféadfadh foirceannadh deonach de réir a chéile, a mbeadh tacaíocht iomchuí chaipitil agus leachtachta ag gabháil leis, a bheith, faoi choinníollacha sonracha, ina bhealach fuascailte costéifeachtach i gcomhair institiúidí creidmheasa a bhfuil samhail lag ghnó acu ó thaobh imeacht as an margadh, agus go mbeadh de thoradh air sin go seachnófaí meath fada, lena n-áirítear caillteanais bhreise agus ídiú caipitil in imeacht roinnt blianta, agus cliseadh na hinstitiúide creidmheasa faoi dheireadh dá thoradh sin. I bhfianaise an mhéid sin, tacaíonn BCE le foráil shainráite a bheith ann lena dtugtar de chumhacht d’údaráis inniúla, i gcomhthéacs na luath-idirghabhála, a iarraidh go gcuirfí isteach plean a bheadh le cur chun feidhme i gcás foirceannadh deonach. Féadfaidh an t-údarás inniúil a cheangal ar an institiúid gnéithe breise a áireamh sa phlean. Dá n-ullmhófaí plean den sórt sin, mhéadófaí feasacht na hinstitiúide maidir leis na roghanna straitéiseacha atá ar fáil agus maidir leis na costais ghaolmhara. In aon chás, d’fhágfaí an cinneadh críochnaitheach maidir le cur chun feidhme an phlean ag an institiúid lena mbaineann agus ag a scairshealbhóirí. |
4. Ullmhú don réiteach
|
4.1. |
Tacaíonn BCE go hiomlán leis na tograí chun comhar agus malartú faisnéise idir BCE agus an Bord Réitigh Aonair (BRA) a fheabhsú tuilleadh i gcomhthéacs na n-ullmhúchán don réiteach (21). Cé go bhfuil comhar agus malartú faisnéise idir BCE, ina fheidhm mhaoirseachta, agus BRA cuimsitheach cheana féin ar bhonn an Mheabhráin Tuisceana dhéthaobhaigh (22), is geal le BCE na tograí chun foráil don chomhar níos dlúithe sin a dhéanamh go díreach sa reachtaíocht. |
|
4.2. |
Tuigtear do BCE, maidir leis an gcumhacht atá beartaithe do BCE, is é sin faisnéis a bhaineann le réiteach a bhailiú, mar shampla trí chigireachtaí ar an láthair, agus í a chur ar fáil do BRA (23), go bhfuil sé mar aidhm leis an gcumhacht sin go gcuirfí í in ionad na cumhachta luath-idirghabhála atá ann faoi láthair agus dá bhforáiltear in TTRB (24). Mar sin féin, molann BCE roinnt mionathruithe ar na forálacha ábhartha ina sonraítear an chumhacht sin agus aithris mhíniúcháin a thabhairt isteach lena soiléirítear an gá atá le measúnú a dhéanamh ar bhonn cás ar chás i dtaobh conas an fhaisnéis sin a bhailiú. |
|
4.3. |
Ina theannta sin, ní shainmhínítear an téarma ‘gníomhaíocht mhaoirseachta’ sa phacáiste reachtach atá beartaithe, rud a fhágann gur deacair sainiú a dhéanamh ar raon feidhme dhualgas beartaithe BCE go gcuirfeadh sé BRA ar an eolas i dtaobh ‘gníomhaíocht mhaoirseachta’ den sórt sin (25). Ina ionad sin, féadfaidh BCE BRA a chur ar an eolas faoi mheasúnuithe maoirseachta ábhartha uile BCE, arna gcomhroinnt lena chomhlachtaí cinnteoireachta. |
5. Athchaipitliú réamhchúraim agus tacaíocht leachtachta rialtais
|
5.1. |
Athdhearbhaíonn BCE gur uirlis úsáideach é an t-athchaipitliú réamhchúraim le haghaidh imthosca urghnácha laistigh den chreat bainistithe géarchéime atá ann faoi láthair agus gur cheart é a choimeád (26). Tá sé ar cheann den bheagán eisceachtaí ón riail ghinearálta go meastar go mbíonn de thoradh ar thacaíocht airgeadais phoiblí urghnách a sholáthar d’institiúid creidmheasa go meastar gur institiúid creidmheasa í a bhfuil ag cliseadh uirthi nó ar dócha go gclisfidh uirthi. Tá athchaipitliú réamhchúraim faoi réir coinníollacha diana nár comhlíonadh ach i líon teoranta cásanna san am a chuaigh thart. Léirítear le húsáid theoranta na hionstraime go bhfuil an choinníollacht reatha iomchuí. Go deimhin, ní mór do na húdaráis ábhartha a bheith in ann imthosca sonracha gach cáis a thabhairt san áireamh go hiomlán. |
|
5.2. |
Is geal le BCE i gcoitinne na soiléirithe a leagtar amach sna leasuithe atá beartaithe ar RSRA chomh maith leis na tograí chun an tsraith straitéisí atá ann cheana a choimeád chun caillteanais thabhaithe a aimsiú (i.e. gan aon athbhreithniú éigeantach a dhéanamh ar cháilíocht sócmhainní, toisc go bhféadfadh uirlisí eile amhail cigireachtaí ar an láthair a bheith oiriúnach chomh maith), ós rud é gur gnách go mbíonn athchaipitlithe réamhchúraim le cur chun feidhme go tapa chun go mbeidh siad éifeachtach (27). |
|
5.3. |
Ag an am céanna, leis na coinníollacha maidir le hathchaipitliú réamhchúraim níor cheart go gcuirfí srian le cumas na n-údarás ábhartha imthosca sonracha gach cáis a chur san áireamh. I ndáil leis an méid sin, leis an sainmhíniú nuabheartaithe ar shócmhainneacht (28) chuirfí iallach ar an údarás inniúil teacht ar an tátal nach bhfuil eintiteas sócmhainneach chun na críche sonraí sin, is é sin chun críche an athchaipitlithe réamhchúraim, bunaithe freisin ar sháruithe nach bhfuil iontu ach sáruithe teicniúla ar cheanglais chaipitil nó ar sháruithe ar cheanglais chaipitil ar féidir a thuar gur ceanglais shealadacha iad, ar sáruithe iad lena bhféadfaí srian gan údar a chur le hathchaipitlithe réamhchúraim agus le tacaíocht leachtachta rialtais. Dá bhrí sin, molann BCE an sainmhíniú nua a shoiléiriú ionas gur féidir a mheas freisin go bhfuil eintiteas sócmhainneach go fóill i gcásanna sáruithe nó sáruithe dóchúla ar cheanglais chaipitil má mheastar gur de chineál sealadach iad na sáruithe sin i bhfianaise imthosca sonracha an cháis. |
|
5.4. |
Admhaíonn BCE an fiúntas a bhaineann le ceanglas i dtaobh straitéis um scor ón mbeart tacaíochta a bheith ann (29). Mar sin féin, trí amlíne dhocht a leagan síos gan an deis a bheith ann síneadh a chur léi, cruthaítear an baol go mbeadh éifeacht aille ann, toisc go bhféadfadh na margaí an spriocdháta scoir a thuar, a mbeadh de thoradh air go gcruthófaí drochiarmhairtí do dhálaí an mhargaidh chun aimhleasa an ioncaim phoiblí. Thairis sin, ba cheart go mbeifí in ann forbairtí margaidh gan choinne a thabhairt san áireamh. Feictear do BCE freisin nach gá aon straitéis scoir a fhormheas ó thaobh na maoirseachta de sa bhreis ar fhormheas an Choimisiúin, ar ceanglas é cheana féin faoin bpróiseas státchabhrach ginearálta. Chun go mbeifear in ann freagairt go héifeachtach i gcás imthosca gan choinne, ba cheart deireadh a chur leis an nasc uathoibríoch idir aon mhoill maidir le cur chun feidhme na straitéise scoir agus measúnú FOLTF. Ar deireadh, maidir le méid na n-ionstraimí de Ghnáthchothromas Leibhéal 1 (Common Equity Tier 1, CET1) a fhaightear trí athchaipitliú réamhchúraim a theorannú go 2 % de mhéid iomlán na neamhchosanta ar riosca, d’fhéadfadh sé go mbeadh de thoradh air sin freisin go gcuirfí srian míchuí ar úsáid na mbealaí fuascailte atá ar fáil. Mar shampla, d’fhéadfadh éifeachtaí aille neamh-inmhianaithe a bheith mar thoradh air agus d’fhéadfadh an riosca a bheith i gceist leis go bhféadfadh an beart athchaipitliúcháin a bheith neamhleor agus go dteipfeadh air muinín an mhargaidh a athbhunú. |
6. Idirghabhálacha scéimeanna ráthaithe taiscí
|
6.1. |
Is léir gur uirlis úsáideach chun géarchéimeanna a chosc iad bearta coisctheacha SRT. Faoin bpacáiste reachtach atá beartaithe, bheadh sé fós de rogha ag na Ballstáit cead a thabhairt do na SRTanna idirghabhálacha coisctheacha a mhaoiniú (30). I bhfianaise na dtairbhí a d’fhéadfaí a bhaint as na huirlisí sin, molann BCE do reachtóirí an Aontais bearta coisctheacha SRT a chur ar fáil ar fud an Aontais faoi chreat comhchuibhithe árachais taiscí. Admhaíonn BCE, áfach, go bhféadfadh sé go dtógfadh sé roinnt ama ar SRTanna an acmhainneacht is gá a fhorbairt le haghaidh bearta coisctheacha agus measann sé go bhféadfadh idirthréimhse a bheith iomchuí dá bhrí sin. Tá údar maith le tuilleadh comhchuibhithe chun cothrom iomaíochta ar fud an Aontais, coimircí leordhóthanacha agus sraith straitéisí níos fearr a áirithiú, rud a áiritheoidh comhsheasmhacht le cuspóirí foriomlána chreat CMDI. |
|
6.2. |
Is geal le BCE na soiléirithe a moladh a dhéanamh ar RSRA (31) agus ar TTRB (32) nach mbeadh idirghabhálacha SRT a dhéantar i gcomhréir le rialacha TSRT (33) maidir le bearta coisctheacha ina gcionsiocair le measúnú FOLTF. Beidh breis soiléireachta agus cinnteachta ar fáil do na húdaráis inniúla dá chionn sin. Mar sin féin, tá roinnt forchoimeádas ag BCE maidir leis an gcoinníoll faoina mbeadh ar an údarás inniúil a shuíomh go bhfuil gá le hidirghabháil SRT chun fóntacht airgeadais agus inmharthanacht fhadtéarmach na hinstitiúide creidmheasa lena mbaineann a chaomhnú ionas nach mbeidh an idirghabháil choisctheach ina cionsiocair le measúnú FOLTF (34). Dá bhrí sin, molann BCE go scriosfaí an tagairt sin sna leasuithe atá beartaithe ar RSRA agus ar TTRB. |
|
6.3. |
Is geal le BCE freisin comhchuibhiú na tástála is lú costas sula n-úsáidtear cistí SRT nó nuair atá sé ag machnamh ar bheart coisctheach SRT a chur i bhfeidhm (35). I ngach cás ina n-úsáidtear SRT, cabhróidh creat comhchuibhithe tástála is lú costas le cothrom iomaíochta a thabhairt i gcrích agus áiritheofar leis go mbeidh comhsheasmhacht ann i measc na mBallstát trí chéile. Maidir le cás sonrach na mbeart coisctheach, nótáiltear leis na leasuithe atá beartaithe ar TSRT go mbaineann dúshlán le haisghabhálacha ó leachtú a thuar, ós rud é gur cheart bearta coisctheacha a dhéanamh i bhfad roimh aon leachtú intuartha (36). Dá bhrí sin, moltar sna tograí seo fachtóir scálúcháin 85 % a chur i bhfeidhm ar chóimheas measta na n-aisghabhálacha nuair a bhíonn tástáil ar an gcostas is lú á déanamh i leith beart coisctheach, a mbeadh de thoradh air go mbeadh cistiú breise le fáil ón SRT. Dá gcuirfí fachtóir scálúcháin den sórt sin i bhfeidhm go cothrom maidir le bearta coisctheacha agus bearta malartacha chomh maith le rannchuidithe ón SRT i leith réitigh, chuirfí le cothroime na hiomaíochta agus bheifí in ann leas a bhaint as na hidirghabhálacha SRT sin i mbreis cásanna. Mar sin féin, ós rud é gur féidir le cásanna na n-institiúidí a gcuirtear bearta coisctheacha i bhfeidhm ina leith a bheith an-éagsúil lena chéile ó thaobh a gclár comhardaithe agus ó thaobh mhéid a meathlúcháin de, d’fhéadfadh sé nach mbeifí in ann aghaidh a thabhairt go leordhóthanach ar shainiúlachtaí na mbeart coisctheach le fachtóir scálúcháin. D’fhéadfadh sé go dtabharfadh ÚBE aghaidh ar an tsaincheist sin ar bhealach níos éifeachtaí faoi chuimsiú na ndréachtchaighdeán teicniúil rialála atá á mbeartú aige (37). |
|
6.4. |
Foráiltear leis na leasuithe atá beartaithe ar TSRT nach mór d’institiúidí creidmheasa a iarrann ar SRT bearta coisctheacha a mhaoiniú nóta comhairliúcháin a chur faoi bhráid an údaráis inniúil agus go mbeidh ag gabháil leis an nóta comhairliúcháin sin na bearta a gheallann na hinstitiúidí creidmheasa sin a dhéanamh chun comhlíonadh na gceanglas maoirseachta a áirithiú nó a athbhunú, lena n-áirítear gníomhaíochtaí chun maolú a dhéanamh ar an riosca go dtiocfadh meathlú ar an bhfóntacht airgeadais agus chun suíomh caipitil agus leachtachta na hinstitiúide creidmheasa a neartú. Molann BCE a shoiléiriú nach gceanglófaí ar an maoirseoir ach comhlíonadh na gceanglas stuamachta atá beartaithe a sheiceáil. D’áireofaí leis sin fíorú a dhéanamh ar ghnéithe stuamachta agus maoirseachta na bpleananna feabhsúcháin, a bhfuil sé mar aidhm leo comhlíonadh na gceanglas maoirseachta a áirithiú nó a athbhunú, agus inmharthanacht fhadtéarmach na hinstitiúide creidmheasa a áirithiú. Ba cheart don mhaoirseoir comhoibriú go dlúth leis na húdaráis ainmnithe náisiúnta nó leis na húdaráis SRT maidir le nithe a thagann faoina sainordú agus a bhfuil siad freagrach astu go fóill. Thairis sin, tá fíorleas ag an SRT agus/nó ag an údarás ainmnithe agus is iad is fearr atá in ann faireachán a dhéanamh ar aisíoc an mhéid a ranníoc an SRT leis an mbeart coisctheach ag an institiúid creidmheasa, agus faireachán a dhéanamh ar an tréimhse ama lena mbaineann, agus cinneadh a dhéanamh ar an mbonn sin i dtaobh cibé acu bearta coisctheacha breise a dheonú don institiúid creidmheasa sin nó gan iad a dheonú. |
|
6.5. |
Molann BCE ceanglas sainráite a bheith ann cistí SCI agus cistí SRT a leithscaradh. Is léir ón taithí a fuarthas roimhe seo gur den tábhacht é ciste SCI ar leithligh a bheith ann ar mhaithe le feidhmiú rianúil na scéimeanna sin. Bheadh tairbhí suntasacha le baint freisin as ciste SCI agus ciste SRT ar leithligh a bheith ann, ós rud é nach bhfuil cistí ar leithligh SCI faoi réir na srianta a fhorchuirtear le TSRT. Dá bhrí sin, áirithítear le ciste SCI ar leithligh gur féidir leanúint d’fheidhmeanna eile SCI a chomhlíonadh le cabhair ó na cistí sin atá tiomnaithe do chuspóir an SCI. Mar shampla, trí idirghabháil a dhéanamh go réamhghníomhach agus go tráthúil, áirithíonn an SCI go gcomhlíonann a bhallinstitiúidí na ceanglais rialála cistí dílse agus leachtachta. Is geal le BCE gurb amhlaidh, mar a bhí amhlaidh roimhe seo, nach mbeadh na cistí SCI ar leithligh sin faoi réir cheanglais TSRT. Maidir lena ról mar SRTanna, tacaíonn BCE leis gur cheart do na SCInna leanúint de bheith faoi réir TSRT chun cothrom iomaíochta a áirithiú. Dá bhrí sin, leis an togra ón gCoimisiún – mar aon le deighilt na gcistí SCI agus SRT – coinnítear an tsolúbthacht is gá, agus áirithítear freisin soiléireacht dhlíthiúil agus cothrom iomaíochta. |
7. Luathrabhadh faoi mheasúnú féideartha FOLTF
|
7.1. |
Foráiltear leis na leasuithe atá beartaithe ar RSRA gur cheart do BCE nó don údarás inniúil náisiúnta ábhartha fógra a thabhairt do BRA, a luaithe is féidir, nuair a mheasann sé go bhfuil riosca ábhartha ann go gcomhlíonfaí ceann amháin nó níos mó de na coinníollacha lena measfaí go bhfuil ag cliseadh ar institiúid nó gur dócha go gclisfidh uirthi (38). Déanfaidh BCE nó an t-údarás inniúil náisiúnta agus BRA tuairimí a mhalartú ansin maidir le bearta a d’fhéadfaí a dhéanamh ionas nach dtarlódh an cliseadh sin, chomh maith le tráthchlár réasúnta lena gcur chun feidhme. Déanfaidh BCE nó an t-údarás inniúil náisiúnta agus BRA faireachán ar éabhlóid an cháis agus beidh cruinnithe acu go rialta. |
|
7.2. |
Tacaíonn BCE leis an bpróiseas nua luathrabhaidh sin agus is geal leis nach ndéantar difear leis don nós imeachta seanbhunaithe réitigh (39), lena n-áirítear go háirithe na prionsabail, an inniúlacht agus an próiseas chun a mheas go bhfuil ag cliseadh ar institiúid nó gur dócha go gclisfidh uirthi. Leis sin, déanfar tuilleadh forbartha ar dhea-chleachtais don chomhar idir BCE agus BRA. Ina theannta sin, áirithítear leis gur féidir le BCE nó leis an údarás inniúil náisiúnta agus le BRA cásanna géarchéime a mheas de réir mar a fhorbraíonn siad agus go bhfreagraíonn siad ar an mbealach is iomchuí lena sraith iomlán straitéisí. |
|
7.3. |
Ar an dul céanna, is geal le BCE nach réamhchoinníoll é tús a chur leis an bpróiseas nua luathrabhaidh sin chun go ndéanfaí measúnú FOLTF ina dhiaidh sin (40). Tráthanna a dtarlaíonn géarchéimeanna mearathraitheacha, d’fhéadfadh sé a bheith iomchuí dul ar aghaidh láithreach leis an measúnú sin, i bhfianaise thromchúis an cháis agus gan bearta a bheith ar fáil go héasca lena bhféadfaí teacht roimh an gcliseadh. |
8. Nós imeachta réitigh
|
8.1. |
Is geal le BCE an leathnú ar raon feidhme an réitigh. Le raon feidhme níos leithne réitigh, cuirfear uirlisí réitigh ar fáil do shraith níos leithne institiúidí creidmheasa, agus beidh de thoradh air sin go bhfeabhsóidh an rochtain atá ar uirlisí réitigh dea-chleachtais idirnáisiúnta agus go n-áiritheofar comhchuibhiú breise sa bhainistiú géarchéime. San am céanna, tuigtear do BCE nach gceanglófar leis an togra ar údaráis réitigh institiúidí creidmheasa beaga a shonrú le haghaidh réitigh más rud é go mbeadh gníomhaíocht den sórt sin díréireach. D’fhéadfaí na hinstitiúidí creidmheasa sin a fhoirceannadh fós faoi nósanna imeachta dócmhainneachta náisiúnta i gcás ina mbeadh toradh níos sásúla ann dá chionn sin. In aon chás, chuirfeadh BCE fáilte roimh anailís i dtaobh an mbaintear amach – le héifeacht charnach na n-athruithe atá beartaithe ar an measúnú ar leas an phobail, lena n-áirítear an cuspóir nua caillteanais ar thaobh SRTanna a íoslaghdú – an leathnú comhréireach atá beartaithe ar réiteach. |
|
8.2. |
Níl sé inchreidte raon feidhme an réitigh a leathnú chun institiúidí creidmheasa beaga agus meánmhéide a áireamh ann ach amháin má aimsítear bealaí fuascailte réalaíocha lena n-áiritheofar cistiú leordhóthanach le haghaidh réitigh, lena n-áirítear acmhainneacht inmheánach ionsúcháin caillteanas na n-institiúidí creidmheasa, ach, rud atá tábhachtach, ní mór rochtain a bheith acu freisin ar shocruithe cistiúcháin SRT agus ar shocruithe maoiniúcháin réitigh. |
|
8.3. |
Is bunchloch de chreat bainistithe géarchéime an Aontais é an prionsabal gur cheart do scairshealbhóirí agus do chreidiúnaithe na caillteanais i gcliseadh institiúide creidmheasa a iompar ar an gcéad dul síos. Dá bhrí sin, is geal le BCE go ndaingnítear an eochairphrionsabal sin sa phacáiste reachtach atá beartaithe. |
|
8.4. |
Ina dhiaidh sin féin, baineann dúshláin le raon feidhme an réitigh a leathnú chuig institiúidí creidmheasa beaga agus meánmhéide. Is minic a bhíonn na hinstitiúidí creidmheasa sin ag brath go mór ar thaiscí mar fhoinse chistiúcháin agus, ag brath ar dhálaí an mhargaidh áitiúil, d’fhéadfadh deacrachtaí a bheith acu tabhairt faoi eisiúint ionstraimí airgeadais eile a d’fhéadfadh caillteanais a iompar go hiontaofa nó a thiontú go cothromas nuair a chliseann ar an institiúid creidmheasa. D’fhéadfadh sé go mbeadh cásanna ann ina bhféadfadh tarrtháil inmheánach taiscí nach bhfuil cosanta ag an SRT (taiscí neamhchumhdaithe) a bheith ina chionsiocair le rioscaí cobhsaíochta airgeadais, rud a d’fhéadfadh a bheith ina chúis le scrios luacha lena ndéanfaí dochar do leas an phobail. D’fhéadfadh sé sin tarlú, mar shampla, i gcás ina ndéantar tarrtháil isteach ar thaiscí neamhchumhdaithe in institiúid creidmheasa amháin, go n-aistarraingítear taiscí neamhchumhdaithe in institiúidí creidmheasa eile dá thoradh sin, agus an éifeacht tógálachta á scaipeadh dá chionn sin. Is geal le BCE go gcuirtear roghanna i bhfeidhm sa phacáiste reachtach atá beartaithe chun feabhas a chur ar chosaint taisceoirí trí fheabhas a chur ar chumas an SRT cistiú a chur ar fáil i gcás réitigh (41). Thar aon ní eile, d’fhéadfaí é sin a bhaint amach tríd an tástáil is lú costas a shoiléiriú agus a leathnú (42) agus trí thosaíocht taisceoirí aonleibhéil a thabhairt isteach ina mbeadh rangú comhionann ar gach taisce (43). Ar an gcaoi chéanna, is geal le BCE an togra ón gCoimisiún go ndéanfaí rannchuidiú an SRT a áireamh sa cheanglas ionsúcháin caillteanas íosta chun rochtain a fháil ar shocruithe maoiniúcháin réitigh, lena n-áirítear CRA, nuair a úsáidtear uirlis aistriúcháin (44). Na hathruithe sin, lena bhfeabhsaítear cumas an SRT agus cumas na socruithe maoiniúcháin réitigh tacú le réiteach institiúidí creidmheasa beaga agus meánmhéide, is contrapháirt fhíor-riachtanach iad chun cur i bhfeidhm uirlisí réitigh a leathnú go fóinteach chuig na hinstitiúidí creidmheasa sin. Is den tábhacht é, dá bhrí sin, an pacáiste reachtach atá beartaithe a ghlacadh ar bhealach iomlánaíoch agus a áirithiú go gcuirfear athruithe ar chreat CMDI in iúl go comhleanúnach. Mura gcuirfí chun feidhme ach cuid de na gnéithe den phacáiste reachtach atá beartaithe, d’fhéadfadh sé go mbeadh de thoradh air sin nach mbeifí in ann réiteach a chur i bhfeidhm go rathúil sa chleachtas. |
|
8.5. |
I gcomhréir leis an bprionsabal gurb iad na scairshealbhóirí agus na creidiúnaithe na dreamanna ar cheart dóibh, ar an gcéad dul síos agus thar aon dream eile, caillteanais i gcliseadh institiúide creidmheasa a iompar, ceanglaítear ar gach institiúid creidmheasa a bhfuil réiteach sonraithe ina leith acmhainneacht íosta ionsúcháin caillteanas a bheith iontu mar chéadlíne chosanta, arna calabrú go leordhóthanach i gcomhréir leis an straitéis réitigh, ionas go n-áiritheofar smacht an mhargaidh agus go n-íoslaghdófar an spleáchas ar fhoinsí maoinithe sheachtraigh. Mar sin féin, fiú agus deis a bheith ag SRTanna rannchuidiú le cistiú réitigh agus an ranníocaíocht sin a chur san áireamh i leith an cheanglais ionsúcháin caillteanas íosta 8 % TLOF (45), d’fhéadfaí dinimic dhíobhálach i ngéarchéim shistéamach a threisiú dá sroichfí an tairseach 8 % TLOF, e.g. i gcás ina gcliseann ar institiúidí creidmheasa éagsúla ag an am céanna nó i gcás ina gceanglófaí leis sin caillteanais a fhorchur ar chreidiúnaithe áirithe, rud a d’fhéadfadh an bonn a bhaint go mór den chobhsaíocht airgeadais ansin. Dá bhrí sin, thacódh BCE, le haghaidh cásanna eisceachtúla, le díolúine cobhsaíochta airgeadais a thabhairt isteach chun rochtain a fháil ar shocruithe maoiniúcháin réitigh i gcomhréir leis an moladh ón gCiste Airgeadaíochta Idirnáisiúnta (CAI) (46). Dá chionn sin, bheifí in ann rochtain a fháil ar shocruithe maoiniúcháin réitigh roimh ionsú caillteanas 8 % TLOF i gcásanna ina bhfuil fíorghá leis sin chun leas an phobail a chosaint agus chun an chobhsaíocht airgeadais a choimirciú. Dá bhrí sin, ba cheart an rogha sin a bheith faoi réir coinníollacha agus socruithe dochta rialachais, ar aon dul le sásra inchomparáide atá ann sna Stáit Aontaithe, e.g. formheas comhpháirteach ó BRA, ón gCoimisiún agus ó BCE a leagan síos mar cheanglas. Ní dhéanfaí an díolúine a úsáid ach amháin i dtráthanna géarchéime ar fud an limistéir euro nó ar fud na mBallstát nó i gcás ina bhfuil baol ann go dtarlódh géarchéim den sórt sin, mar bheart in am an éigin agus tar éis acmhainneacht ionsúcháin caillteanas na n-institiúidí creidmheasa a úsáid a mhéid is féidir gan éifeachtaí díobhálacha a chruthú don chobhsaíocht airgeadais (47). |
|
8.6. |
Fiú agus an measúnú ar leas an phobail á leathnú, is dócha go bhfanfaidh roinnt institiúidí creidmheasa beaga lasmuigh de raon feidhme an réitigh. I gcás na n-institiúidí creidmheasa sin, nach mbeadh cur i bhfeidhm an chreata réitigh ina leith comhréireach fós, ba gheal le BCE feabhsuithe ar imeachtaí dócmhainneachta náisiúnta agus comhchuibhiú breise orthu (48). Tá leibhéal uaillmhéine an phacáiste reachtaigh atá beartaithe teoranta i ndáil leis sin. Molann BCE do reachtóirí an Aontais infhaighteacht beart malartach le haghaidh leachtú a chomhchuibhiú agus a leathnú sna Ballstáit uile trí chéile, go háirithe an cumas atá in SRTanna tacú le haistrithe sócmhainní agus dliteanas chuig institiúid creidmheasa éadála. Is geal le BCE na leasuithe atá beartaithe ar ordlathas na gcreidiúnaithe agus na soiléirithe ar an tástáil is lú costas, rud a fhágfaidh go mbeidh rochtain níos fearr ar chistiú SRT agus go mbeidh na bearta sin ar fáil ar bhonn níos leithne. Dá mbeadh na bearta malartacha sin i ngach Ballstát, d’fhéadfaí próiseas níos tapúla, níos éifeachtúla agus níos comhchuibhithe a dhéanamh chun leachtuithe institiúidí creidmheasa a bhainistiú, rud a rachaidh chun tairbhe faoi dheireadh don chobhsaíocht airgeadais agus do thaisceoirí, agus a chuirfidh teorainn le riachtanais íocaíochta amach i leith SRTanna. |
|
8.7. |
Ar deireadh, is geal le BCE an soiléiriú go bhfuil deighilt na bhfreagrachtaí sa nós imeachta maidir le díluacháil ionstraimí caipitil agus díluacháil dliteanas incháilithe eile ag teacht go hiomlán le deighilt na bhfreagrachtaí sa nós imeachta réitigh (49). Is éard atá i gceist leis sin gur le measúnuithe FOLTF a bhaineann príomhfhreagracht an mhaoirseora, ach gurb é an t-údarás réitigh a dhéanann measúnú ar na coinníollacha atá fágtha don díluacháil. |
9. Tosaíocht taisceoirí
|
9.1. |
Is geal le BCE an togra ón gCoimisiún maidir le tosaíocht taisceoirí aonleibhéil a bhunú (50). Leis an gcur chuige sin, áiritheofar comhchuibhiú níos fearr ar ordlathas na gcreidiúnaithe san institiúid creidmheasa ar fud an Aontais agus áiritheofar go mbeidh gach taisce, lena n-áirítear taiscí corparáidí móra agus taiscí eisiata, ar chéim pari passu agus os cionn gnáthéilimh neamhurraithe. Leis an gcur chuige sin, cuirfear feabhas ar an rochtain ar chistiú SRT agus beidh de bhuntáiste leis go gcaomhnófar an leabhar taiscí ina iomláine, rud a chiallaíonn gur féidir leis an SRT rannchuidiú níos fearr le bearta bainistithe géarchéime, i gcás réitigh agus trí bhearta coisctheacha nó malartacha, lena n-áirítear straitéisí aistriúcháin. Cuireann sé sin go mór leis na bealaí atá ar fáil chun géarchéimeanna a bhainistiú (51) agus is fusa dá bharr teacht roimh ábhair imní maidir leis an gcobhsaíocht airgeadais a eascraíonn ó éifeacht tógálachta de dhroim institiúidí creidmheasa eile a bheith ag dul i ngleic le scaoill banc de chuid taisceoirí neamhárachaithe. Le hinfhaighteacht mhéadaithe straitéisí díolacháin gnó, bíodh sin i gcás réitigh nó i gcomhthéacs bearta malartacha SRT, is féidir laghdú a dhéanamh ar an úsáid a bhaintear as leachtú ilroinnte mar mhodh chun clistí institiúidí creidmheasa a bhainistiú. Tá sé sin tairbheach, toisc gur féidir le leachtú ilroinnte luach a scriosadh agus a bheith suaiteach do thaisceoirí agus don chobhsaíocht airgeadais. Leis an gcur chuige atá beartaithe laghdaítear freisin an gá atá le híocaíochtaí amach taisceoirí, rud a éilíonn go minic go ndéanfadh SRTanna suimeanna móra a shlógadh, rud a chuireann srian ar a leachtacht agus ar a gcumas tuilleadh clistí institiúidí creidmheasa a láimhseáil. Tríd an rochtain ar thaiscí agus an chobhsaíocht airgeadais a chosaint ar bhealach níos fearr, laghdaítear freisin dreasachtaí chun airgead cáiníocóirí a úsáid i gclistí institiúidí creidmheasa. Rud atá tábhachtach, bíonn na taisceoirí cumhdaithe fós faoi chosaint iomlán ag an SRT i ngach uile chás a d’fhéadfadh tarlú, ach baineann siad tairbhe freisin as straitéisí aistriúcháin lenar féidir leo rochtain gan bhriseadh a fháil ar a dtaiscí (52). |
|
9.2. |
Trí thús áite a thabhairt do na taiscí uile de thosaíocht ar na héilimh shinsearacha in ordlathas na gcreidiúnaithe, d’éascófaí leis an gcur chuige sin leithdháileadh na gcaillteanas ar ionstraimí fiachais institiúide creidmheasa neamhurraithe, rud a d’fhágfadh gurbh fhusa a áirithiú go n-ionsúfaí na caillteanais ina n-iomláine ag creidiúnaithe ar féidir tarrtháil inmheánach a dhéanamh orthu gan aghaidh a thabhairt ar shaincheisteanna cobhsaíochta airgeadais. Bheadh de thoradh air freisin go n-íoslaghdófaí an riosca go ndéanfaí éilimh ar chúiteamh faoin bprionsabal nach mbeidh creidiúnaí ar bith níos measa as, agus ar an gcaoi sin dhéanfaí an inréiteacht a fheabhsú (53). |
|
9.3. |
Ag an am céanna, aithníonn BCE go bhféadfadh sé go mbeadh costais bhreise ar SRTanna i roinnt cásanna bainistithe géarchéime bainc mar thoradh ar thosaíocht taisceoirí aonleibhéil a thabhairt isteach. Cé go dtugann BCE dá aire gur éirigh go maith le tosaíocht taisceoirí aonleibhéil i roinnt dlínsí, chuirfí fáilte roimh roinnt anailís bhreise ar na cásanna sonracha ina bhféadfaí costais bhreise a ghiniúint do SRTanna nó ina bhféadfadh iarmhairtí gan údar teacht chun cinn. San anailís sin, ba cheart machnamh a dhéanamh freisin, a mhéid is féidir agus ag cur san áireamh na taithí a fuarthas i ndlínsí inar tugadh isteach tosaíocht taisceoirí aonleibhéil, ar thionchar na n-athruithe atá beartaithe ar rátáil agus praghsáil fiachais neamhurraithe shinsearaigh, agus ba cheart scrúdú a dhéanamh san anailís sin fosta ar an idirghníomhaíocht idir an tosaíocht taisceoirí aonleibhéil agus incháilitheacht taiscí áirithe chun críocha ICDI. Thairis sin, is féidir le BCE féachaint ar bhealaí malartacha lena gcuirfí feabhas ar chumas SRTanna rannchuidiú le réiteach (agus trí bhíthin bearta coisctheacha agus malartacha chomh maith) go feadh an mhéid chéanna a bheadh indéanta i gcás tosaíocht taisceoirí aonleibhéil, agus teorainn á cur ag an am céanna le neamhchosaint SRTanna ar chaillteanais tar éis íocaíocht amach i leachtú. Agus bealaí fuascailte den sórt sin á bhfiosrú, beidh sé ríthábhachtach a áirithiú go ndéanfar aon leathnú ar raon feidhme an réitigh a cheangal le rochtain leordhóthanach ar chistiú i gcás réitigh, lena n-áirítear go háirithe cistiú ó SRTanna. Ar deireadh, is léir go mbeadh gá le haird ghéar mhaoirseachta a thabhairt ar an tionchar a bheadh ag tabhairt isteach tosaíochta taisceoirí aonleibhéil ar struchtúr dliteanais institiúidí creidmheasa, agus tá BCE réidh chun é sin a mheas go cúramach do na hinstitiúidí creidmheasa atá faoina shainchúram. |
10. Aghaidh a thabhairt ar an riosca a bhaineann le cásanna ‘liombó’
|
10.1. |
Le TTRB, ceanglaítear ar na Ballstáit cheana féin a áirithiú go ndéanfar institiúid a bhfuil ag cliseadh uirthi agus nach bhfuil faoi réir réitigh a fhoirceannadh ar bhealach ordúil i gcomhréir leis an dlí náisiúnta is infheidhme (54). Tacaíonn BCE leis na leasuithe atá beartaithe ar TTRB lena ndéantar an sásra sin a shoiléiriú tuilleadh (55), lena n-áirithítear go dtionscnaítear foirceannadh den sórt sin gan mhoill agus go mbíonn de thoradh air go bhfágann an institiúid creidmheasa an margadh nó go bhfoirceannann sí a gníomhaíochtaí baincéireachta laistigh de thréimhse réasúnach ama (56). |
|
10.2. |
Ba cheart nósanna imeachta náisiúnta chun bainistiú a dhéanamh ar chásanna neamhréitigh a chomhchuibhiú tuilleadh trí chumhacht a thabhairt do na húdaráis réitigh tús a chur le nós imeachta foirceanta riaracháin i gcomhair institiúidí a chomhlíonann an chéad dá choinníoll réitigh, ach nach bhfuil faoi réir réitigh toisc nach le leas an phobail go ndéanfaí réiteach (57). Bheadh sé sin ar an mbealach ab éifeachtúla chun aghaidh a thabhairt go cinntitheach ar an bhféidearthacht go mbeadh cás ‘liombó’ ann ar feadh tréimhse fhada ama. |
|
10.3. |
Tacaíonn BCE le cumhacht a thabhairt don údarás inniúil údarú institiúidí creidmheasa a bhfuil ag cliseadh orthu nó ar dóigh dóibh cliseadh ach nár cuireadh i réiteach iad a tharraingt siar (58). Ag an am céanna, níor cheart do na leasuithe aon uathoibríocht a thabhairt isteach, agus ba cheart an tarraingt siar a choimeád mar chumhacht lánroghnach de chuid BCE i gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh. 1024/2013 ón gComhairle (59). |
|
10.4. |
Maidir leis an togra go suífear gur coinníoll leordhóthanach é an t-údarú a tharraingt siar chun foirceannadh a thionscnamh (60), measann BCE gur den ríthábhacht é aon iarmhairtí neamhbheartaithe a sheachaint ó thaobh léirmhínithe contrártha nó trasuíonna náisiúnta atá éagsúil lena chéile. Leis an bpríomhthogra ón gCoimisiún go dtabharfaí aghaidh ar chásanna ‘liombó’, foráiltear, i gcás ina gcinneann údarás réitigh go gcomhlíonann institiúid creidmheasa na coinníollacha uile maidir le réiteach seachas coinníoll leas an phobail, nach mór an chumhacht a bheith ag an údarás náisiúnta ábhartha tús a chur gan mhoill leis an nós imeachta chun an institiúid creidmheasa a fhoirceannadh (61). Leis an togra gur coinníoll ‘leordhóthanach’ é an t-údarú a tharraingt siar le haghaidh an fhoirceanta, d’fhéadfaí spreagadh a thabhairt do na Ballstáit gan trasuí iomchuí a dhéanamh ar an gceanglas tábhachtach sin chun cumhacht a thabhairt do na húdaráis náisiúnta (62). D’fhéadfadh sé go mbeadh de thoradh ar chur chuige den sórt sin go léireofaí go mícheart gurb é tarraingt siar an cheadúnais ag an maoirseoir an chionsiocair eisiach le tionscnamh na n-imeachtaí foirceanta, gan aon aird a thabhairt ar an gcinneadh a rinne an t-údarás réitigh roimhe sin i dtaobh cé acu a comhlíonadh na coinníollacha le haghaidh réitigh nó nár comhlíonadh. D’fhéadfadh sé go mbeadh de thoradh ar an gcur chuige sin go mbeadh cleachtas ann ina gcuirfeadh údaráis riaracháin náisiúnta nó cúirteanna náisiúnta tosach feidhme nós imeachta foirceanta siar go dtí go dtarraingeofaí siar an ceadúnas. Leis sin dhéanfaí neamhaird den fhéidearthacht go mbeadh sé níos oiriúnaí i gcásanna áirithe go dtionscnófaí na himeachtaí foirceanta le linn ceadúnas baincéireachta a bheith ag an institiúid creidmheasa go fóill. I bhfianaise na bpointí sin atá le cur san áireamh, molann BCE nach réamhchoinníoll comhchuibhithe é an t-údarú a tharraingt siar chun institiúidí creidmheasa a fhoirceannadh. |
11. Gealltanais íocaíochta neamh-inchúlghairthe do CRA
|
11.1. |
Molann BCE go láidir gan sciar na ngealltanas íocaíochta neamh-inchúlghairthe a mhéadú ó 30 % go 50 % de mhéid iomlán ranníocaíochtaí ex ante na n-institiúidí le CRA agus leis na socruithe um maoiniú réitigh (63). Léirigh cleachtas na n-institiúidí creidmheasa a bhfuil gealltanais íocaíochta neamh-inchúlghairthe suibscríofa acu go bhféadfadh an láimhseáil a chuireann roinnt institiúidí creidmheasa i bhfeidhm riosca a chruthú go ndéanfaidís lua thar ceart ar a gcaipiteal CET1. I gcás ina léirítear sa mheasúnú ar staid na hinstitiúide creidmheasa gur ann don riosca sin agus go bhfuil sé fós neamhchumhdaithe, d’fhéadfadh sé sin a bheith ina chionsiocair le glacadh beart maoirseachta chun an riosca sin a mhaolú. |
|
11.2. |
Is é cúlra na saincheiste stuamachta seo gurb amhlaidh, chun críocha cuntasaíochta, atá a lán institiúidí creidmheasa ann nach ndéanann gealltanas íocaíochta neamh-inchúlghairthe a thaifeadadh mar dhliteanas ach go gcoinníonn siad é lasmuigh dá gclár comhardaithe, agus ag an am céanna déanann siad an chomhthaobhacht airgid a thaifeadadh mar shócmhainn, gan aon speansas a thaifeadadh sa ráiteas brabúis agus caillteanais. Ar an gcaoi sin, déantar lua thar ceart ar an gcaipiteal CET1 atá ag an institiúid creidmheasa toisc nach léirítear leis nach féidir na hacmhainní a ranníoctar mar chomhthaobhacht leis an gciste réitigh a aisghabháil gan íocaíocht chomhfhreagrach airgid. D’aithin an Chúirt Ghinearálta freisin gur ann do riosca stuamachta i ndáil le gealltanais íocaíochta neamh-inchúlghairthe (64). Tabhair faoi deara nach réiteofaí an tsaincheist seo fiú leis na soiléirithe atá beartaithe (65). |
|
11.3. |
In aon chás, is geal le BCE na soiléirithe (66) gurb amhlaidh, i gcás nach dtagann institiúid creidmheasa faoi raon feidhme SRMR nó TTRB a thuilleadh agus nach bhfuil sí faoi réir na hoibleagáide ranníocaíochtaí a íoc le CRA a thuilleadh, go n-éileoidh an t-údarás réitigh na gealltanais íocaíochta neamh-inchúlghairthe a rinneadh agus atá dlite fós. Ina theannta sin, deimhnítear leis an leasú sin nach féidir le hinstitiúidí creidmheasa, in imthosca ar bith, aisghabháil a dhéanamh ar an gcomhthaobhacht airgid thirim arna breacadh chun na gealltanais íocaíochta neamh-inchúlghairthe a urrú, mura ndéantar íocaíocht chomhfhreagrach leis an gciste réitigh, agus é sin ina chionsiocair le hé a bheith riachtanach an chomhthaobhacht airgid sin a asbhaint ón gcaipiteal CET1 atá ag na hinstitiúidí creidmheasa. |
|
11.4. |
Ar deireadh, ós rud é go bhfuil roinnt institiúidí creidmheasa ann nach ndéanann na ranníocaíochtaí sin le CRA a thaifeadadh mar speansas le linn charnadh an chiste, bheadh orthu ansin na ranníocaíochtaí sin a thaifeadadh mar speansas nuair a úsáidtear an ciste. Cé go bhfuil an éifeacht ar chóimheasa stuamachta teoranta ag na hasbhaintí stuamachta arna gcur i bhfeidhm ag BCE, le gealltanais íocaíochta neamh-inchúlghairthe méadaítear brabúis na n-institiúidí creidmheasa le linn tréimhsí socra eacnamaíocha (nuair a charntar CRA) agus méadaítear caillteanais le linn géarchéime (nuair a úsáidtear CRA), rud a chruthaíonn cainéal comhthimthriallach tógálachta. Dá bhrí sin, measann BCE go bhfuil fadhbanna ó thaobh riosca sistéamach de ag baint le gealltanais íocaíochta neamh-inchúlghairthe, nuair nach dtugtar cuntas orthu mar speansas le linn chéim charntha CRA, agus molann sé a n-úsáid a íoslaghdú. |
12. Comhlíonadh na n-íoscheanglas maidir le cistí dílse agus dliteanais incháilithe (slabhraí nóiníní)
|
12.1. |
Leis na leasuithe atá beartaithe maidir le slabhraí nóiníní, tugtar de chumhacht do na húdaráis réitigh cead a thabhairt d’fho-eintitis áirithe ceanglais inmheánacha ICDI a chomhlíonadh ar bhonn comhdhlúite (67), seachas ar bhonn aonair. Tá an fhéidearthacht sin faoi réir dhá shraith coimircí (68). Ar an gcéad dul síos, i gcás eintitis réitigh ar máthairchuideachtaí (measctha) sealbhaíochta airgeadais de chuid an Aontais iad, ceanglaítear gurb é an fo-eintiteas an t-aon fhochuideachta dhíreach atá i seilbh an eintitis réitigh, agus go bhfuil an t-eintiteas réitigh agus an fo-eintiteas araon bunaithe sa Bhallstát céanna agus gur cuid den ghrúpa céanna réitigh iad. De rogha air sin, i gcás cineálacha eile eintiteas réitigh, ceanglaítear go bhfuil an fo-eintiteas faoi réir ceanglas de chuid Cholún 2 nó ceanglas maoláin chomhcheangailte ar bhonn comhdhlúite. Ar an dara dul síos, ní mór don údarás réitigh a bheith tagtha ar an gconclúid nach ndéantar, de bharr go gcomhlíontar ceanglais inmheánacha ICDI ar bhonn comhdhlúite, dochar d’inréiteacht an ghrúpa ábhartha ná do chur i bhfeidhm na gcumhachtaí díluachála agus comhshó maidir leis an eintiteas idirmheánach sin nó maidir le heintitis eile atá sa ghrúpa céanna réitigh. |
|
12.2. |
Maidir le heintitis réitigh nach máthairchuideachtaí sealbhaíochta airgeadais (measctha) de chuid an Aontais iad, déantar nasc le ceanglas de chuid Cholún 2 arna fhorchur ar an bhfo-eintiteas ar bhonn comhdhlúite. Tugann BCE dá aire nach mór ceanglais chomhdhlúite nó fho-chomhdhlúite a fhorchuirtear ar fho-eintiteas laistigh de ghrúpa baincéireachta de chuid an Aontais a shocrú i gcomhréir leis na coinníollacha ábhartha faoi Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (69) (dá ngairtear ‘an Rialachán maidir le Ceanglais Chaipitil’ anseo feasta (RCC)) agus Treoir 2013/36/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (70) (dá ngairtear ‘an Treoir maidir le Ceanglais Chaipitil’ (TCC) anseo feasta). Mar shampla, i gcás nach máthairinstitiúid i mBallstát í an fho-institiúid ná nach sealbhaíonn sí fochuideachtaí i dtríú tíortha, féadfaidh an maoirseoir a cheangal go gcomhlíontar oibleagáidí áirithe faoi RCC agus faoi TCC (71) ar bhonn fo-chomhdhlúite, agus ar an mbonn sin amháin, i gcás ina bhfuil bonn cirt leis sin chun críocha maoirseachta de bharr shainiúlachtaí an riosca nó de bharr sainiúlachtaí struchtúir caipitil institiúide nó i gcás ina nglacann na Ballstáit dlíthe náisiúnta lena gceanglaítear gníomhaíochtaí laistigh de ghrúpa baincéireachta a dheighilt go struchtúrach (72). |
13. Gnéithe eile a bhaineann leis an gcreat árachais taiscí
|
13.1. |
Leis na leasuithe atá beartaithe ar TSRT, moltar roinnt athruithe eile ar an gcreat árachais taiscí (73). Is geal le BCE na hathruithe sin as a n-eascraíonn tuilleadh comhchuibhithe agus lena méadaítear sraith straitéisí na n-údarás faoi chreat CMDI. |
|
13.2. |
Is cúis imní do BCE roinnt de na hathruithe ar TSRT atá beartaithe. Ar an gcéad dul síos, leis na leasuithe atá beartaithe ar TSRT, féachtar le hoibleagáid a chur ar an maoirseoir a áirithiú go gcomhlíonann institiúidí creidmheasa a n-oibleagáidí mar bhaill de SRT (74). Ní féidir cumhachtaí an mhaoirseora faoi TCC a úsáid ach amháin chun na cuspóirí a leagtar amach ann a chomhlíonadh, agus ní féidir iad a leathnú chuig saincheisteanna neamhghaolmhara, amhail neamh-chomhlíonadh a gcuid oibleagáidí mar bhaill de SRT ag institiúidí creidmheasa. Ina theannta sin, is fearr i bhfad an riocht ina bhfuil na húdaráis SRT chun measúnú a dhéanamh ar an gcomhlíonadh sin agus ba cheart, ina ionad sin, na cumhachtaí ábhartha forfheidhmithe a thabhairt dóibh. Dá bhrí sin, molann BCE go ndéanfaí athmhachnamh ar an togra sin. |
|
13.3 |
Ar an dara dul síos, tugtar le fios leis na leasuithe atá beartaithe ar TSRT go gceadófar do SRTanna a gcistí a choinneáil i gcuntais de chuid an bhainc ceannais náisiúnta (BCN) (75). Cé go mbeadh oscailt na gcuntas sin i gcomhréir leis an gConradh (76), d’fhéadfadh sé go n-éileofaí leis an bhforáil sin athruithe a dhéanamh ar reachtanna áirithe de chuid na BCNanna faoin dlí náisiúnta chun a áirithiú go mbeidh SRTanna poiblí agus SRTanna príobháideacha araon i dteideal na cuntais riachtanacha a oscailt. Thairis sin, ní bheadh aon mhaoiniú ó BCN ar SRT, mar shampla trí shaoráidí rótharraingthe a leathnú i ndáil le cuntas a bheadh ag SRT in BCN, i gcomhréir leis an toirmeasc ar mhaoiniú airgeadaíochta a mhéid a cháilíonn an SRT mar ‘comhlacht faoi rialú an dlí phoiblí’ de réir bhrí Airteagal 123(1) den Chonradh (77). |
14. Aistriú ranníocaíochtaí ó SRT a éascú
|
14.1. |
Faoi láthair, nuair a scoireann institiúid creidmheasa de bheith ina ball de SRT agus nuair a théann sí isteach in SRT eile, nó má aistrítear cuid dá gníomhaíochtaí chuig SRT eile, ní aistríonn an SRT tionscnaimh ach sciar beag de ranníocaíochtaí roimhe sin na hinstitiúide creidmheasa chuig an SRT nua. Amhail ó 2024, a luaithe a shroicheann SRTanna a spriocleibhéal, féadfar deireadh a chur go hiomlán leis an bhféidearthacht ranníocaíochtaí a aistriú, toisc nach féidir ach ranníocaíochtaí an 12 mhí dheireanacha a aistriú. I gcás ina n-athraíonn institiúid creidmheasa a cleamhnacht SRT, bíonn barrachas cistiúcháin san SRT tionscnaimh mar thoradh air sin toisc go laghdaítear na rioscaí arna gcumhdach ag an SRT sin agus gur beag athrú a thagann ar a acmhainn airgeadais. Ar an taobh eile, san SRT is faighteoir, tagann bearna chistiúcháin chun cinn toisc nach bhfuil na hacmhainní a aistríodh i gcomhréir leis na rioscaí a aistríodh. Ní mór don institiúid creidmheasa aistritheach nó do gach ball den SRT is faighteoir an bhearna sin a líonadh. Déileálann an creat árachais taiscí reatha go fabhrach leis an SRT tionscnaimh ar chostas na hinstitiúide creidmheasa aistrithigh agus/nó bhaill an SRT is faighteoir. Mura n-athraítear an creat árachais taiscí, forchuirtear leis an gcreat sin costais bháite shuntasacha ar institiúid creidmheasa a athraíonn a cleamhnacht SRT. Is constaic ábhartha é sin ar an gcuspóir atá ann an margadh aonair do sheirbhísí baincéireachta san Aontas a chur chun cinn. |
|
14.2. |
Is oth le BCE nach leanann an togra ón gCoimisiún an moladh ó ÚBE (78) sainordú a thabhairt do ÚBE modheolaíocht a fhorbairt lena dtabharfaí aghaidh ar an bhfabht sin sa chreat árachais taiscí. Mholfadh BCE sainordú a thabhairt do ÚBE modheolaíocht a fhorbairt chun méid na ranníocaíochtaí atá le haistriú a ríomh chun a áirithiú go bhfuil ailíniú ann leis na rioscaí a aistríodh. Dá chionn sin, laghdófaí an barrachas cistiúcháin san SRT tionscnaimh agus aon bhearna chistiúcháin san SRT is faighteoir, agus ar an gcaoi sin sheachnófaí costais neamhriachtanacha a fhorchur ar an institiúid creidmheasa aistritheach agus ar bhaill eile den SRT is faighteoir. Leis an modheolaíocht sin ba cheart go mbainfí amach cothromaíocht idir leasanna na SRTanna lena mbaineann agus ba cheart go gcaomhnófaí an chobhsaíocht airgeadais ar fud an chórais. |
15. Malartú faisnéise
|
15.1. |
Is é is aidhm don phacáiste reachtach atá beartaithe tuilleadh feabhais a chur ar na forálacha lena rialaítear malartú faisnéise i gcomhthéacs bainistiú géarchéime (79). |
|
15.2. |
Tacaíonn BCE le malartú cuimsitheach tráthúil faisnéise idir na húdaráis inniúla agus na húdaráis réitigh chun críocha bainistithe géarchéime. Tá Meabhrán Tuisceana déthaobhach cuimsitheach i bhfeidhm cheana féin ag BCE agus ag BRA lena n-éascaítear malartú den sórt sin (80). Bunaítear leis an Meabhrán iliomad bealaí le haghaidh malartú faisnéise agus comhair, lena n-áirithítear go gcuirtear BRA ar an eolas faoi fhorbairtí ábhartha a bhaineann le heintitis a ndéanann BCE maoirseacht dhíreach orthu. |
|
15.3. |
Tá imní ar BCE, áfach, faoi na leasuithe atá beartaithe ar RSRA agus ar TTRB lena gceanglaítear ar BCE agus ar bhaill eile de chuid CEBC an fhaisnéis uile is gá a sholáthar do BRA chun go gcomhlíonfadh BRA a chuid cúraimí faoi RSRA (81) agus gach faisnéis is gá a sholáthar don Choimisiún chun go gcomhlíonfadh an Coimisiún na cúraimí dá chuid faoi TTRB a bhaineann le forbairt beartas, lena n-áirítear measúnuithe tionchair a ullmhú agus tograí reachtacha a ullmhú agus a chaibidliú (82). |
|
15.4. |
Níl raon feidhme substainteach na n-oibleagáidí sin soiléir agus, dá bhrí sin, ba dhíol sásaimh é sonrú breise a fháil ar an gcineál faisnéise a bheidh le tarchur chuig BRA agus chuig an gCoimisiún. Go sonrach, aon fhorálacha nua maidir le malartú faisnéise atá le háireamh in TTRB, ní bheidh feidhm acu ach amháin maidir le hábhar na Treorach sin. Ní chuimseofaí le malartú faisnéise den sórt sin, mar shampla, faisnéis a bhaineann le maoirseacht stuamachta ar institiúidí creidmheasa ná le gníomhaíochtaí an Choimisiúin i réimse na forbartha beartas. Tuigtear do BCE nach mbaineann an malartú faisnéise sin ach le faisnéis i bhfoirm chomhiomlánaithe nach mbaineann le hinstitiúidí creidmheasa aonair. Ina theannta sin, ba gheal le BCE socruithe comhair a bhunú leis an gCoimisiún chun tarchur éifeachtach rianúil na faisnéise sin a áirithiú. Ar deireadh, tuigtear do BCE go ndéanfar aon fhaisnéis rúnda a tharchur chuig an gCoimisiún i gcomhréir le dlí earnálach ábhartha an Aontais lena mbunaítear cosaint faisnéise rúnda agus na heisceachtaí ón gcosaint sin. |
|
15.5. |
Ba cheart a mheabhrú freisin nach bhféadfar faisnéis staidrimh rúnda a tharchur chuig BRA agus chuig an gCoimisiún ach amháin i gcomhréir le dlí ábhartha an Aontais maidir le cosaint faisnéise rúnda. Go háirithe, le hAirteagal 8(4a) de Rialachán (CE) Uimh. 2533/98 ón gComhairle (83), ceadaítear do bhaill CEBC faisnéis staidrimh rúnda a tharchur (84) chuig údaráis nó comhlachtaí de chuid na mBallstát agus an Aontais atá freagrach as maoirseacht a dhéanamh ar institiúidí airgeadais, ar mhargaí airgeadais agus ar bhonneagair airgeadais nó as cobhsaíocht an chórais airgeadais a mhéid is gá agus ar an leibhéal mionsonraithe is gá chun a gcúraimí faoi seach a chomhlíonadh. De bhun an Airteagail chéanna, ní mór do na húdaráis nó do na comhlachtaí a fhaigheann faisnéis staidrimh rúnda gach beart rialála, riaracháin, teicniúil agus eagraíochtúil is gá a ghlacadh chun cosaint fhisiceach agus loighciúil faisnéise staidrimh rúnda a áirithiú. Ar an mbonn sin, agus arna iarraidh sin ag BRA, déanann BCE faisnéis staidrimh rúnda a tharchur chuig BRA. |
16. Aistrithe sonraí pearsanta
|
16.1. |
Cé go bhféachtar leis an bpacáiste reachtach atá beartaithe tuilleadh feabhais a chur ar na forálacha lena rialaítear malartú faisnéise i gcomhthéacs bainistiú géarchéime, ní dhéileáiltear ann le saincheist na cosanta sonraí pearsanta, ar topaic thábhachtach agus ceart bunúsach í. D’fhéadfaí treoir níos soiléire a thabhairt in RSRA maidir le malartú sonraí pearsanta agus coimircí iomchuí do na hábhair sonraí chun cothromaíocht chóir a áirithiú idir na leasanna éagsúla atá i gceist. |
|
16.2. |
Ina theannta sin, is léir ón taithí a fuarthas go bhféadfadh am breise a bheith ag teastáil chun na gníomhaíochtaí is gá a dhéanamh sula malartaítear an fhaisnéis ábhartha. D’fhéadfadh moilleanna a bheith ann de thoradh an ama breise sin. Bheadh fadhbanna ar leith ag baint leis sin i gcomhthéacs géarchéime, cuir i gcás nuair a bhíonn faisnéis phras de dhíth ar BRA chun ullmhú do réiteach. Dá bhrí sin, d’fhéadfadh sé gur ghá forálacha sonracha a thabhairt isteach chun na ceanglais maidir le cosaint sonraí a mhaolú go sealadach chun cothromaíocht chóir idir na leasanna éagsúla atá i gceist a áirithiú sna himthosca géarchéime sin.
I gcás ina molann BCE go ndéanfaí an rialachán agus na treoracha atá beartaithe a leasú, leagtar amach tograí sonracha maidir le dréachtú i ndoiciméad oibre teicniúil ar leithligh a mbeidh téacs míniúcháin chuige sin ag gabháil leis. Tá an doiciméad oibre teicniúil le fáil i mBéarla ar EUR-Lex. |
Arna dhéanamh in Frankfurt am Main, 5 Iúil 2023.
Uachtarán BCE
Christine LAGARDE
(1) COM(2023) 226 final.
(2) COM(2023) 227 final.
(3) COM(2023) 228 final.
(4) COM(2023) 229 final.
(5) Féach Tuairim CON/2017/6 ón mBanc Ceannais Eorpach an 8 Márta 2017 maidir le togra le haghaidh treoir ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena leasaítear Treoir 2014/59/AE maidir le hionstraimí fiachais neamhurraithe a rangú in ordlathas dócmhainneachta (IO C 132, 26.4.2017, lch. 1) agus Tuairim CON/2017/47 ón mBanc Ceannais Eorpach an 8 Samhain 2017 maidir le hathbhreithnithe ar chreat bainistithe géarchéime an Aontais (IO C 34, 31.1.2018, lch. 17). Tá gach tuairim ó BCE le fáil ar EUR-Lex. Féach freisin ionchur BCE i gcomhairliúchán spriocdhírithe an Choimisiúin Eorpaigh maidir leis an athbhreithniú ar an gcreat bainistithe géarchéime agus árachais taiscí, atá le fáil ar shuíomh gréasáin BCE ag www.ecb.europa.eu.
(6) Féach an meabhrán míniúcháin a ghabhann leis na leasuithe atá beartaithe ar RSRA, lgh. 5 agus 10.
(7) Féach ionchur BCE i gcomhairliúchán spriocdhírithe an Choimisiúin Eorpaigh maidir leis an athbhreithniú ar an gcreat bainistithe géarchéime agus árachais taiscí, lch. 1.
(8) Féach an meabhrán míniúcháin a ghabhann leis na leasuithe atá beartaithe ar TTRB, lch. 19.
(9) Féach an ráiteas ón nGrúpa Euro maidir le todhchaí an Aontais Baincéireachta an 16 Meitheamh 2022, atá le fáil ar shuíomh gréasáin Chomhairle an Aontais Eorpaigh ag www.consilium.europa.eu.
(10) Féach mír 1.1 de Thuairim CON/2016/26 ón mBanc Ceannais Eorpach an 20 Aibreán 2016 maidir le togra le haghaidh Rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 806/2014 chun Scéim Eorpach Árachais Taiscí a bhunú (IO C 252, 12.7.2016, lch. 1).
(11) Féach ionchur BCE i gcomhairliúchán spriocdhírithe an Choimisiúin Eorpaigh maidir leis an athbhreithniú ar an gcreat bainistithe géarchéime agus árachais taiscí, lgh. 1-4 agus 14-15.
(12) Féach mír 1.1 de Thuairim CON/2016/26.
(13) Féach an Teachtaireacht ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa, chuig an gComhairle, chuig an mBanc Ceannais Eorpach, chuig Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa agus chuig Coiste na Réigiún maidir leis an athbhreithniú ar an gcreat bainistithe géarchéime agus árachais taiscí lena rannchuidítear leis an Aontas Baincéireachta a iomlánú (COM(2023) 225 final).
(14) Féach mír 4 de Thuairim CON/2017/47 agus ionchur BCE i gcomhairliúchán spriocdhírithe an Choimisiúin Eorpaigh maidir leis an athbhreithniú ar an gcreat bainistithe géarchéime agus árachais taiscí, lgh. 2 agus 5-6.
(15) Rialachán (AE) Uimh. 806/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 15 Iúil 2014 lena mbunaítear rialacha aonfhoirmeacha agus nós imeachta aonfhoirmeach maidir le réiteach institiúidí creidmheasa agus gnólachtaí infheistíochta áirithe faoi chuimsiú Sásra Réitigh Aonair agus Ciste Réitigh Aonair agus lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 1093/2010 (IO L 225, 30.7.2014, lch. 1).
(16) Féach Airteagal 1, pointe (15), de na leasuithe atá beartaithe ar RSRA, lena leasaítear Airteagal 13 de RSRA.
(17) Treoir 2014/59/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 15 Bealtaine 2014 lena mbunaítear creat le haghaidh téarnamh agus réiteach institiúidí creidmheasa agus gnólachtaí infheistíochta agus lena leasaítear Treoir 82/891/CEE ón gComhairle agus Treoracha 2001/24/CE, 2002/47/CE, 2004/25/CE, 2005/56/CE, 2007/36/CE, 2011/35/AE, 2012/30/AE agus 2013/36/AE, agus Rialacháin (AE) Uimh. 1093/2010 agus (AE) Uimh. 648/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (IO L 173, 12.6.2014, lch. 190).
(18) Féach Airteagal 1, pointe (15), de na leasuithe atá beartaithe ar RSRA, lena leasaítear Airteagal 13 de RSRA.
(19) Féach Airteagal 1, pointe (15), de na leasuithe atá beartaithe ar RSRA, lena leasaítear Airteagal 13 de RSRA.
(20) Féach Airteagal 1, pointe (15), de na leasuithe atá beartaithe ar RSRA, lena leasaítear Airteagal 13 de RSRA.
(21) Féach aithris 14 agus Airteagal 1, pointe (16) de na leasuithe atá beartaithe ar RSRA, lena gcuirtear isteach Airteagal 13c nua in RSRA.
(22) Meabhrán Tuisceana idir an Bord Réitigh Aonair agus an Banc Ceannais Eorpach i ndáil le Comhar agus Malartú Faisnéise, atá le fáil ar EUR-Lex.
(23) Féach Airteagal 1, pointe (16), de na leasuithe atá beartaithe ar RSRA, lena gcuirtear isteach Airteagal 13c nua in RSRA.
(24) Féach Airteagal 27(1), pointe (h), de TTRB.
(25) Féach Airteagal 1, pointe (16), de na leasuithe atá beartaithe ar RSRA, lena gcuirtear isteach Airteagal 13c(1), pointe (b) nua in RSRA.
(26) Féach ionchur BCE i gcomhairliúchán spriocdhírithe an Choimisiúin Eorpaigh maidir leis an athbhreithniú ar an gcreat bainistithe géarchéime agus árachais taiscí, lgh. 2 agus 6-7.
(27) Féach Airteagal 1, pointe (20), de na leasuithe atá beartaithe ar RSRA, lena gcuirtear isteach Airteagal 18a(2) nua in RSRA.
(28) Féach Airteagal 1, pointe (20) de na leasuithe atá beartaithe ar RSRA, lena gcuirtear isteach Airteagal 18a nua in RSRA agus Airteagal 1, pointe (19) de na leasuithe atá beartaithe ar TTRB, lena gcuirtear Airteagal 32c nua isteach in TTRB.
(29) Féach Airteagal 1, pointe (20), de na leasuithe atá beartaithe ar RSRA, lena gcuirtear isteach Airteagal 18a(2), pointe (b) nua in RSRA.
(30) Féach Airteagal 1, pointe (12), de na leasuithe atá beartaithe ar an TSRT, lena leasaítear Airteagal 11 de TSRT.
(31) Féach Airteagal 1, pointe (19)(b) de na leasuithe atá beartaithe ar RSRA, lena leasaítear Airteagal 18(4), pointe (d) de RSRA.
(32) Féach Airteagal 1, pointe (17)(b) de na leasuithe atá beartaithe ar TTRB, lena leasaítear Airteagal 32(4), pointe (d) de TTRB.
(33) Treoir 2014/49/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Aibreán 2014 maidir le scéimeanna ráthaithe taiscí (IO L 173, 12.6.2014, lch. 149).
(34) Féach Airteagal 1, pointe (20) de na leasuithe atá beartaithe ar RSRA, lena gcuirtear isteach Airteagal 18a(1), pointe (b) nua in RSRA agus Airteagal 1, pointe (19) de na leasuithe atá beartaithe ar TTRB, lena gcuirtear isteach Airteagal 32c(1), pointe (b) nua in TTRB.
(35) Féach Airteagal 1, pointe (13) de na leasuithe atá beartaithe ar TSRT, lena gcuirtear isteach Airteagal 11e nua in TSRT.
(36) Féach aithris 30 de na leasuithe atá beartaithe ar TSRT.
(37) Féach Airteagal 1, pointe (13) de na leasuithe atá beartaithe ar TSRT, lena gcuirtear isteach Airteagal 11e(5) nua in TSRT.
(38) Féach aithris 15 agus Airteagal 1, pointe (16) de na leasuithe atá beartaithe ar RSRA, lena gcuirtear isteach Airteagal 13c nua in RSRA.
(39) Féach aithris 15 de na leasuithe atá beartaithe ar RSRA.
(40) Féach aithris 16 de na leasuithe atá beartaithe ar RSRA.
(41) Féach, mar shampla, Airteagal 1, pointe (56) de na leasuithe atá beartaithe ar TTRB, lena leasaítear Airteagal 109 de TTRB.
(42) Féach Airteagal 1, pointe (13) de na leasuithe atá beartaithe ar TSRT, lena gcuirtear isteach Airteagal 11e nua in TSRT.
(43) Féach Airteagal 1, pointe (55)(a) de na leasuithe atá beartaithe ar TTRB, lena leasaítear Airteagal 108(1) de TTRB.
(44) Féach Airteagal 1, pointe (24)(a) de na leasuithe atá beartaithe ar RSRA, lena leasaítear Airteagal 27(7) de RSRA.
(45) Féach Airteagal 1, pointe (24)(a) de na leasuithe atá beartaithe ar RSRA, lena leasaítear Airteagal 27(7) de RSRA.
(46) Féach CAI, Financial Sector Assessment Program – Technical Note – Bank Resolution and Crisis Management (2018), lgh. 6 agus 30, atá le fáil ar shuíomh gréasáin CAI ag www.imf.org.
(47) Féach freisin ionchur BCE i gcomhairliúchán spriocdhírithe an Choimisiúin Eorpaigh maidir leis an athbhreithniú ar an gcreat bainistithe géarchéime agus árachais taiscí, lch. 4.
(48) Féach ionchur BCE i gcomhairliúchán spriocdhírithe an Choimisiúin Eorpaigh maidir leis an athbhreithniú ar an gcreat bainistithe géarchéime agus árachais taiscí, lgh. 3 agus 11. Mhol BCE don Choimisiún féachaint an bhféadfaí teacht ar bhealaí fuascailte amhail creat leachtúcháin riaracháin Eorpach a chruthú – le tacaíocht ó SEÁT – chun a áirithiú go láimhseálfar clistí institiúidí creidmheasa den sórt sin ar bhealach éifeachtúil comhchuibhithe.
(49) Féach aithris 26 agus Airteagal 1, pointe (23), de na leasuithe atá beartaithe ar RSRA, lena leasaítear Airteagal 21 de RSRA.
(50) Féach Airteagal 1, pointe (55)(a) de na leasuithe atá beartaithe ar TTRB, lena leasaítear Airteagal 108(1) de TTRB.
(51) Féach freisin, ina leith sin, rannchuidiú BCE le comhairliúchán spriocdhírithe an Choimisiúin Eorpaigh maidir leis an athbhreithniú ar an gcreat bainistithe géarchéime agus árachais taiscí, lgh. 4 agus 13.
(52) Chun tuilleadh faisnéise a fháil faoi chur chuige na Stát Aontaithe, lena n-áirítear tosaíocht taisceoirí aonleibhéil agus spleáchas suntasach ar straitéisí aistriúcháin, féach óráid Andrea Enria, Cathaoirleach Bhord Maoirseachta BCE, ‘Of temples and trees: on the road to completing the European banking union’, atá le fáil ar shuíomh gréasáin BCE um Maoirseacht ar Bhaincéireacht ag www.bankingsupervision.europa.eu.
(53) Féach mír 2.3.2 de Thuairim CON/2017/6.
(54) Féach Airteagal 32b de TTRB.
(55) Féach Airteagal 1, pointe (18) de na leasuithe atá beartaithe ar TTRB, lena leasaítear Airteagal 32b de TTRB.
(56) Féach mír 3.2 de Thuairim CON/2020/25; ionchur BCE i gcomhairliúchán spriocdhírithe an Choimisiúin Eorpaigh maidir leis an athbhreithniú ar an gcreat bainistithe géarchéime agus árachais taiscí, lgh. 2 agus 8.
(57) Féach freisin mír 8.6 thuas.
(58) Féach Airteagal 1, pointe (18) de na leasuithe atá beartaithe ar TTRB, lena leasaítear Airteagal 32b(3) de TTRB.
(59) Féach Airteagal 4(1), pointe (a) agus Airteagal 14(5) de Rialachán (AE) Uimh. 1024/2013 ón gComhairle an 15 Deireadh Fómhair 2013 lena dtugtar cúraimí sonracha don Bhanc Ceannais Eorpach maidir le beartais a bhaineann le maoirseacht stuamachta ar institiúidí creidmheasa (IO L 287, 29.10.2013, lch. 63).
(60) Féach aithris 16 agus Airteagal 1, pointe (18) de na leasuithe atá beartaithe ar TTRB, lena leasaítear Airteagal 32b(4) de TTRB).
(61) Féach aithris 16 agus Airteagal 1, pointe (18) de na leasuithe atá beartaithe ar TTRB, lena leasaítear Airteagal 32b(1) agus (2) de TTRB.
(62) Féach Airteagal 1, pointe (18), de na leasuithe atá beartaithe ar TTRB, lena leasaítear Airteagal 32b(1) de TTRB agus lena bhforáiltear nach mór an chumhacht a bheith ag an údarás náisiúnta riaracháin nó breithiúnach ábhartha an nós imeachta chun an institiúid nó an t-eintiteas a fhoirceannadh ar bhealach ordúil a thionscnamh gan mhoill.
(63) Féach Airteagal 1, pointe (37)(a) de na leasuithe atá beartaithe ar RSRA, lena leasaítear Airteagal 70(3) de RSRA agus Airteagal 1, pointe (53)(a) de na leasuithe atá beartaithe ar TTRB, lena leasaítear Airteagal 103(3) de TTRB.
(64) Féach Breithiúnas an 9 Meán Fómhair 2020, BNP Paribas v an Banc Ceannais Eorpach, T-150/18 agus T-345/18, EU:T:2020:394, mír 78.
(65) Féach Airteagal 1, pointe (37)(b) de na leasuithe atá beartaithe ar RSRA, lena gcuirtear isteach Airteagal 70(3a) nua in RSRA agus Airteagal 1, pointe (53)(b) de na leasuithe atá beartaithe ar TTRB, lena gcuirtear isteach Airteagal 103(3a) nua in TTRB.
(66) Féach Airteagal 1, pointe (37)(b) de na leasuithe atá beartaithe ar RSRA, lena gcuirtear isteach Airteagal 70(3a) nua in RSRA agus Airteagal 1, pointe (53)(b) de na leasuithe atá beartaithe ar TTRB, lena gcuirtear isteach Airteagal 103(3a) nua in TTRB.
(67) Féach Airteagal 1, pointe (3)(a), agus Airteagal 2, pointe (7)(a) de na leasuithe atá beartaithe maidir le slabhraí nóiníní, lena leasaítear Airteagal 45f(1) de TTRB agus Airteagal 12g(1) de RSRA faoi seach.
(68) Féach Airteagal 1, pointe (3)(a), agus Airteagal 2, pointe (7)(a) de na leasuithe atá beartaithe maidir le slabhraí nóiníní, lena leasaítear Airteagal 45f(1) de TTRB agus Airteagal 12g(1) de RSRA faoi seach.
(69) Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 26 Meitheamh 2013 maidir le ceanglais stuamachta i gcomhair institiúidí creidmheasa agus lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 648/2012 (IO L 176, 27.6.2013, lch. 1).
(70) Treoir 2013/36/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 26 Meitheamh 2013 maidir le rochtain ar ghníomhaíocht institiúidí creidmheasa agus maoirseacht stuamachta ar institiúidí creidmheasa, lena leasaítear Treoir 2002/87/CE agus lena n-aisghairtear Treoir 2006/48/CE agus Treoir 2006/49/CE (IO L 176, 27.6.2013, lch. 338).
(71) Féach Codanna a Dó go dtí a hOcht de RCC agus Teideal VII de TCC.
(72) Féach Airteagal 11(6) de RCC.
(73) Is féidir formhór na n-athruithe sin a rianú siar go dtí an Tuairim ón Údarás Baincéireachta Eorpach maidir le cistiú scéimeanna ráthaithe taiscí agus na húsáidí a bhaintear as cistí scéimeanna ráthaithe taiscí (EBA/OP/2020/02), atá le fáil ar shuíomh gréasáin ÚBE ag www.eba.europa.eu.
(74) Féach Airteagal 1, pointe (3)(a) de na leasuithe atá beartaithe ar TSRT, lena leasaítear Airteagal 4(4) de TSRT.
(75) Féach Airteagal 1, pointe (11)(e) de na leasuithe atá beartaithe ar TSRT, lena gcuirtear isteach Airteagal 10(7a) nua in TSRT.
(76) Féach Airteagal 17 de Reacht an Chórais Eorpaigh Banc Ceannais agus an Bhainc Ceannais Eorpaigh (dá ngairtear ‘Reacht CEBC’ anseo feasta), lena bhforáiltear gurb amhlaidh, chun a n-oibríochtaí a sheoladh, a fhéadfaidh BCNanna cuntais a oscailt le haghaidh institiúidí creidmheasa, eintitis phoiblí agus rannpháirtithe eile sa mhargadh.
(77) Féach an Tuarascáil maidir le Cóineasú ó BCE, 2022, mír 2.2.3; agus Tuairim CON/2020/24.
(78) Féach an Tuairim ón Údarás Baincéireachta Eorpach maidir le hincháilitheacht taiscí, leibhéal cumhdaigh agus comhar idir scéimeanna ráthaithe taiscí (EBA/OP/2019/10), atá le fáil ar shuíomh gréasáin ÚBE ag www.eba.europa.eu.
(79) Féach Airteagal 1, pointí (25) agus (43) de na leasuithe atá beartaithe ar RSRA, lena leasaítear Airteagal 30 agus Airteagal 88 de RSRA faoi seach.
(80) Meabhrán Tuisceana idir an Bord Réitigh Aonair agus an Banc Ceannais Eorpach i ndáil le comhar agus malartú faisnéise.
(81) Féach Airteagal 1, pointe (29) de na leasuithe atá beartaithe ar RSRA, lena leasaítear Airteagal 34 de RSRA agus Airteagal 1, pointe (58) de na leasuithe atá beartaithe ar TTRB, lena leasaítear Airteagal 128 de TTRB.
(82) Féach Airteagal 1, pointe (58), de na leasuithe atá beartaithe ar TTRB, lena leasaítear Airteagal 128 de TTRB.
(83) Rialachán (CE) Uimh. 2533/98 ón gComhairle an 23 Samhain 1998 maidir le bailiú faisnéise staidrimh ag an mBanc Ceannais Eorpach (IO L 318, 27.11.1998, lch. 8). Is é Airteagal 5.4 de Reacht CEBC an bunús dlí do Rialachán (CE) Uimh. 2533/98, lena bhforáiltear go saineoidh an Chomhairle, i gcomhréir leis an nós imeachta a leagtar síos in Airteagal 41 de Reacht CEBC, inter alia, an córas rúndachta is infheidhme maidir le bailiú faisnéise staidrimh ag BCE, le cúnamh ó na BCNanna.
(84) Mar a shainmhínítear in Airteagal 1, pointe (12) de Rialachán (CE) 2533/98.