European flag

Iris Oifigiúil
an Aontais Eorpaigh

GA

Sraith C


C/2025/105

10.1.2025

Tuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa

Tionscnamh suaitheanta Eorpacha chur ar bun don tsláinte

(tuairim féintionscnaimh)

(C/2025/105)

Rapóirtéir:

Alain COHEUR

Comhairleoir

Martini HAGIEFSTRATIOU (thar ceann an rapóirtéara, Grúpa III)

Cinneadh ón Tionól Iomlánach

15.2.2024

Bunús nós imeachta

Riail 52(2) de na Rialacha Nós Imeachta

Tuairim féintionscnaimh

An rannóg atá freagrach

Fostaíocht, Gnóthaí Sóisialta agus Saoránacht

Dáta a glactha sa rannóg

3.10.2024

Toradh na vótála

(ar son/in aghaidh/staonadh)

69/0/11

Dáta a glactha sa seisiún iomlánach

23.10.2024

Seisiún iomlánach Uimh.

591

Toradh na vótála (ar son/in aghaidh/staonadh)

202/0/6

1.   Conclúidí agus moltaí

1.1.

Iarrann CESE go gcuirfí ar bun tionscnamh suaitheanta Eorpach don tsláinte, tionscnamh a bheidh mar fhís pholaitiúil réamhbhreathnaitheach don téarma 2024-2029 agus é bunaithe ar phrionsabail (1) na huilíochta, na cáilíochta, na hinrochtaineachta, na dlúthpháirtíochta agus na cuimsitheachta. Ba cheart don tionscnamh sin díriú ar struchtúr sláinte trasearnálach a fhorbairt san Aontas Eorpach. Dá bhrí sin, ní mór do threoirlínte polaitiúla 2024-2029 béim a leagan ar an gceart uilíoch chun sláinte, mar a leagtar amach i ‘Rogha na hEorpa’, trí dhul chun cinn a dhéanamh ar an leibhéal Eorpach agus trí thacaíocht Eorpach a thabhairt do na Ballstáit. Iarrann CESE ar chinnteoirí agus ionadaithe uile na hEorpa obair a dhéanamh chun beartais sláinte chomhtháite agus neamhionannais sláinte a laghdú.

1.2.

Tá colúin straitéiseacha an treochláir sin don dlúthpháirtíocht agus do chomhar feabhsaithe i réimse na sláinte leagtha amach ag CESE agus na gníomhaíochtaí a leanas mar chuid díobh:

—

Ráthaíocht Eorpach um Chúram agus um Shláinte a bhunú, ag cur leis an Straitéis Eorpach um Chúram (2), trí mholadh lena leagtar amach cuspóirí sláinte ilbhliantúla (lena gcomhcheanglaítear riachtanais agus buiséid) ar leibhéal an Aontais agus an fhéidearthacht a bheith ann an moladh sin a iompú ina théacs dlíthiúil ceangailteach, amhail Treoir;

—

an cur chuige chomhtháite ‘Aon Sláinte Amháin’ a chur chun feidhme, lena nasctar beartais sláinte daoine, ainmhithe, plandaí agus comhshaoil tríd an gcur chuige ‘An tsláinte a chuimsiú i ngach beartas’ a chur san áireamh, mar aon le comhar idirdhisciplíneach, faireachas comhordaithe, comhroinnt sonraí idir earnálacha agus cosc feabhsaithe – lena n-áirítear sa chomhrac i gcoinne galair zónóiseacha, frithsheasmhacht in aghaidh ábhair fhrithmhiocróbacha, an tslándáil bia agus caomhnú na n-éiceachóras – chun rioscaí comhroinnte sláinte a bhainistiú go héifeachtach;

—

leas a bhaint as an digiteáil agus an intleacht shaorga chun córais sláinte a nuachóiriú agus, san am céanna, treoirlínte cibearshlándála agus cuimsitheachta a bhunú trí acmhainneachtaí sláinte digití na saoránach agus na ngairmithe sláinte a neartú;

—

ionstraimí airgeadais Eorpacha a choinneáil chun tacú le tionscnaimh agus maoiniú sláinte ar an leibhéal náisiúnta;

—

tosaíocht a thabhairt d’infheistíochtaí sóisialta agus sláinte agus é á chur san áireamh go mbíonn tionchar dearfach acu sin ar an bhfás eacnamaíoch, ar an táirgiúlacht agus ar an iomaíochas (3);

—

scórchlár comhtháite d’athchóirithe socheacnamaíocha, sláinte agus comhshaoil a chur chun cinn, ag oibriú i dtreo straitéis a bhfuil níos mó i gceist leis ná fás agus lena n athdhíreofaí cuspóirí an Aontais maidir le folláine agus le cáilíocht saoil; táscaire maidir le hinfheistíochtaí i gcur chun cinn na sláinte agus i gcúram sláinte coisctheach ar an leibhéal Eorpach a fhorbairt, sin agus measúnú tionchair ar an tsláinte chun neartú na mbeartas sláinte a threorú;

—

plean infheistíochta spriocdhírithe a fhorbairt chun acmhainneacht a neartú agus gairmeacha cúraim agus an lucht saothair sláinte a chur chun cinn trí chur chuige tríthaobhach lena ndírítear ar phleanáil, oiliúint (lena n-áirítear i dtaca le ‘ardchleachtais’) agus bainistíocht;

—

an comhar idir an tAontas agus EDS don Eoraip a dhaingniú chun baill foirne cúraim a choinneáil, a mhealladh agus tacaíocht a thabhairt dóibh, lena n-áirítear altraí, a bhfuil a líon díobh ag dul i laghad;

—

an tsláinte agus an tsábháilteacht san ionad oibre a fheabhsú, go háirithe trí mhíochaine shaothair agus scagthástáil san ionad oibre;

—

Plean gníomhaíochta AE maidir le galair neamhchoitianta agus pleananna náisiúnta maidir le galair neamhchoitianta a bhunú chun freagairt chomhpháirteach an Aontais agus na mBallstát a neartú (4).

1.3.

Iarrann CESE go n-áireofaí an taidhleoireacht sláinte mar ionstraim cumhachta boige (5) i mbeartais sheachtracha an Aontais. Ní mór tionscnaimh a fhorbairt chun tiomantas an Aontais don tsláinte dhomhanda a léiriú, agus an tAontas a shuí mar cheannródaí i rialachas sláinte agus mar thionscnóir na dlúthpháirtíochta sláinte idirnáisiúnta.

1.4.

Ar na dúshláin is mó atá le sárú i réimse na sláinte poiblí, tá maolú na n-éagothromaíochtaí suntasacha leanúnacha sláinte atá le sonrú san Aontas agus sna Bhallstáit. Athluann CESE an méid a cuireadh in iúl le linn na Comhdhála ar Thodhchaí na hEorpa, is é sin gur cheart leas a bhaint as na hinniúlachtaí reatha uile dá bhforáiltear sna Conarthaí agus leanúint den obair chun an reachtaíocht a neartú san am céanna.

1.5.

Iarrann CESE go mbeadh an tsochaí shibhialta rannpháirteach ar bhonn institiúidithe maidir le tosaíochtaí sláinte a shainiú, meastóireacht a dhéanamh orthu agus faireachán a dhéanamh orthu (6). Tá an t-idirphlé sóisialta fós ar an sásra foirmiúil is mó a bhfuil luí leis chun rannpháirt i mbeartais sláinte a thabhairt do na comhpháirtithe sóisialta.

2.   An tAontas Sláinte Eorpach a bhaint amach

2.1.

Bhí ar an Aontas dul i ngleic lena lán géarchéimeanna éagsúla, rud a d’fhág gur thábhachtaí ná riamh go mbeadh dlúthpháirtíocht láidir idir na Ballstáit agus na hinstitiúidí Eorpacha, trí phacáiste an Aontais Sláinte Eorpaigh.

2.2.

Níor cheart comhrac paindéimí a bheith ar an aon cuspóir amháin atá ag an Aontas Sláinte Eorpach. Ní mór an dea-shláinte a bhaint amach do chách. Mar chuid de sin, is gá rochtain ar sheirbhísí sláinte ardcháilíochta a bheith ag an uile dhuine, beartais agus bearta cur chun cinn agus coisctheacha a fhorbairt, idir phríomhúil, thánaisteach agus threasach, lena n-ionchorpraítear fachtóirí neamhleighis.

2.3.

Iarrann CESE go mbeadh clár oibre uaillmhianach ann lena dtacófaí le tionscnamh suaitheanta don tsláinte mar chuid de chlár oibre straitéiseach an Aontais Eorpaigh 2024-2029 (7), de na Conclúidí ón gComhairle maidir le Todhchaí an Aontais Sláinte Eorpaigh (8) agus den Teachtaireacht ón gCoimisiún Eorpach maidir leis an Aontas Sláinte Eorpach (9). Ba cheart an clár oibre sin a bheith mar chomhlánú ar an gComhaontú Glas, an Comhaontú Gorm agus na Spriocanna Forbartha Inbhuanaithe agus i gcomhréir leo.

2.4.

Cé go bhfuil creataí dlíthiúla curtha ar bun agus tionscnaimh forbartha ag an Aontas arb é is aidhm dóibh sláinte daoine a chosaint agus cabhrú lena feabhsú, tá go leor cuspóirí fós le comhlíonadh toisc nach bhfuil inniúlachtaí leordhóthanacha ag an Aontas sa réimse sin. Maidir leis an gcoincheap bunaithe ar Eoraip na Sláinte, forbraíodh é go príomha ar bhealach a thacaíonn le príomhghnéithe lánpháirtiú na hEorpa, amhail an margadh inmheánach agus an t-airgeadra aonair, ach níl gné na sláinte curtha san áireamh go leordhóthanach iontu, ar gné í sin a bhfuil inniúlacht tacaíochta ag an Aontas ina leith.

2.5.

Chun colúin éagsúla an mhargaidh inmheánaigh a bhaint amach, tugadh reachtaíocht shonrach isteach chun creat fabhrach a bhunú do shaorghluaiseacht earraí agus seirbhísí a mbíonn tionchar acu ar an tsláinte (feistí leighis, táirgí cógaisíochta) agus do shaorghluaiseacht daoine (aitheantas frithpháirteach cáilíochtaí).

2.6.

Bhí ról tábhachtach ag Cúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh (CBAE) maidir le tionchar a imirt ar rochtain ar chúram sláinte trasteorann a bhuí le cineál cinntitheach na mbreithiúnas atá bunaithe ar phrionsabail bhunúsacha na saorghluaiseachta daoine agus ar an gceart chun cosanta sóisialta agus chun sláinte.

2.7.

Molann CESE go n-úsáidfí cur chuige cuimsitheach comhtháite chun athléimneacht sláinte an Aontais a neartú agus chun rochtain chomhionann ar chúram sláinte a áirithiú ar fud an mhargaidh aonair, i gcomhréir leis na prionsabail a leagtar amach i dtuarascáil Enrico Letta (10).

2.8.

Cuireann CESE i bhfios gur leas poiblí bunúsach í an tsláinte a dteastaíonn prionsabal na rochtana uilíche lena cur chun feidhme, i gcomhréir leis an sainmhíniú iomlánaíoch ar shláinte arna chur ar fáil ag an Eagraíocht Dhomhanda Sláinte (EDS). Chun an méid sin a bhaint amach, tá ‘ceart eagrúcháin’ ag gach uile Bhallstát maidir lena chuid seirbhísí sláinte agus maidir leis an bhfoirm dhlíthiúil a roghnaíonn siad ina léirítear meas ar éagsúlacht na gcineálacha gnó. A mhéid a bhaineann le cúrsaí sláinte, áirítear ar na cineálacha sin an geilleagar sóisialta agus na comhpháirteanna éagsúla a ghabhann leis, cumainn fhrithpháirteacha agus comharchumainn, agus an leas ginearálta á urramú ag an am céanna. Ní mór tacú leis na Ballstáit a gcórais sláinte a neartú trí thionsncaimh Eorpacha.

2.9.

Tugann CESE dá aire go bhfuil na sásraí atá ann cheana chun dúshláin sláinte a shárú fós ilroinnte agus nach ndéantar cuspóirí a phríomhshruthú i mbeartais uile an Aontais. Iarrann CESE ar na hinstitiúidí Eorpacha tosaíocht straitéiseach iomlán a dhéanamh den tionscnamh suaitheanta agus den treochlár cur chun feidhme, i gcomhréir le Colún Eorpach na gCeart Sóisialta, leis an gComhaontú Glas, leis an gComhaontú Gorm, leis an rialachas eacnamaíoch, leis an Deacáid Dhigiteach, leis an Straitéis Tionsclaíochta agus Iomaíochais agus leis an bPlean Gníomhaíochta um an Daonlathas Eorpach.

3.   An tsamhail agus na gnéithe a ghabhann leis an tionscnamh suaitheanta

3.1.

Iarrann CESE ar an gCoimisiún Eorpach agus ar na Ballstáit machnamh a dhéanamh arís ar chur chun feidhme an togra maidir le Ráthaíocht Eorpach don tSláinte agus don Chúram, i gcomhréir le straitéis cúraim na hEorpa agus leas á bhaint as ráthaíochtaí atá ann cheana amhail an Ráthaíocht don Aos Óg agus an Ráthaíocht do Leanaí. Is é an aidhm atá ann an ceart uilíoch chun sláinte a ráthú, agus cúram sláinte cothrom ar ardchaighdeán a chinntiú do shaoránaigh uile na hEorpa.

3.2.

Mar chuid den tionscnamh suaitheanta sin, iarrann CESE go n-úsáidfí cur chuige comhchoiteann ar leibhéal an Aontais bunaithe ar na colúin a leanas:

—

tacaíocht a thabhairt do chur chun feidhme reatha an chur chuige chomhtháite Aon Sláinte Amháin a chur chun cinn trí chomhordú níos fearr a dhéanamh ar bheartais sláinte daoine, ainmhithe, plandaí agus comhshaoil;

—

tús áite a thabhairt do dhigiteáil na sláinte, rud atá bunriachtanach chun córais sláinte a nuachóiriú, agus an chosaint sonraí is fearr is féidir á háirithiú san am céanna;

—

ceannasacht na hEorpa i leith na sláinte agus infheistíocht sa taighde a chur chun cinn;

—

neamhspleáchas straitéiseach agus táirgeadh tionsclaíoch i réimse na sláinte a áirithiú;

—

neamhionannais sláinte a laghdú trí rochtain ar chúram agus cáilíocht an chúraim a fheabhsú agus trí dhíriú ar ghalair neamhchoitianta agus ar ghalair eile tearcdhiagnóisithe;

—

an tsláinte, gnéithe sóisialta agus an margadh aonair a nascadh le chéile trí bheartais sláinte, shóisialta agus eacnamaíocha a chomhtháthú ar dhóigh níos fearr agus athbhreithniú a dhéanamh ar fhorálacha Eorpacha.

3.3.

Cuireann CESE in iúl nach mór buiséad suntasach Eorpach a bheith ag gabháil le maoiniú cholúin an tionscnaimh shuaitheanta sin, ar buiséad é bheidh mar chomhlánú ar na buiséid náisiúnta. Ba cheart seasamh le prionsabal na dlúthpháirtíochta, ós rud é gur cheart, sa bhreis ar mhaoiniú poiblí, cineálacha nuálacha maoiniúcháin a úsáid.

3.4.

Iarrann CESE go gcuirfí prionsabal na rochtana uilíche chun feidhme, agus an leas ginearálta á urramú san am céanna, agus an dul chun cinn a rinneadh sa tréimhse 2019-2024 a chur san áireamh agus a shárú trí phleanáil struchtúrtha a dhéanamh. Ní mór don Aontas leanúint de bheith ag ullmhú do ghéarchéimeanna sláinte a bheidh ann amach anseo, chomh maith le hinfheistíocht a dhéanamh i dtionscnaimh bheartais chun an tsláinte a fheabhsú, daoine a chosaint agus córais sláinte a neartú.

4.   Barúlacha ginearálta – An cur chuige ‘Aon Sláinte Amháin’ a chur chun feidhme

4.1.

Tá straitéis sláinte fhadtéarmach atá bunaithe ar chur chuige na hAon Sláinte Amháin ríthábhachtach chun cur le teacht aniar daoine, ainmhithe, plandaí agus éiceachóras agus chun freagairt d’idirspleáchais idir tíortha. Chuige sin, tá gá le feasacht chomhchoiteann agus le hathrú ar dhearcthaí agus ar iompraíochtaí ar an leibhéal áitiúil, réigiúnach agus domhanda. Tá neart fós le déanamh chun bacainní i gceapadh na mbeartas agus ar fud na mbeartas a laghdú.

4.2.

Is díol sásaimh do CESE an obair atá déanta ag an gCoimisiún Eorpach maidir le cur chuige na hAon Sláinte Amháin, arb é is aidhm di an cur chuige sin a chur i bhfeidhm go héifeachtach agus go praiticiúil.

4.3.

Tacaíonn CESE leis na moltaí a rinneadh ag Comhdháil Lucsamburg 2023 maidir leis an gcur chuige sin a fhorbairt agus a chur chun feidhme tríd an méid a leanas a dhéanamh:

—

an comhar idir na gníomhaithe uile a neartú (eolaithe, polaitiúla, acadúla, riaracháin);

—

feabhas a chur ar an gcomhordú idir na gníomhaireachtaí Eorpacha agus Ard-Stiúrthóireachtaí an Choimisiúin Eorpaigh, lena n-áirítear trí thascfhórsa idir-ghníomhaireacht ‘Aon Sláinte Amháin’ a bhunú agus trí AS SANTE a athstruchtúrú le go mbeadh stiúrthóireacht amháin tiomnaithe do chur chuige na hAon Sláinte Amháin a bhfuil raon feidhme trasearnálach aici (agus deireadh a chur le bacainní);

—

tacaíocht a thabhairt do chur chun feidhme agus feidhmiú an chur chuige ar an leibhéal náisiúnta agus réigiúnach trí rialachas il-leibhéil.

4.4.

Tá CESE i bhfách le cur chun feidhme an Dearbhaithe Idirnáisiúnta maidir leis an Aeráid agus an tSláinte a shínigh an tAontas ag COP28.

4.5.

Agus an ghéarchéim thriarach phláinéadach (suaitheadh aeráide, cailliúint na bithéagsúlachta agus truailliú) agus an tionchar diúltach a bhíonn aici ar an tsláinte ag bagairt orainn, iarrann CESE ar an Aontas agus ar na Ballstáit dlús a chur leis na hiarrachtaí chun athmhachnamh a dhéanamh ar an gcaidreamh leis an dúlra, an dúlra a athbhunú, deireadh a chur leis an truailliú, agus an suaitheadh aeráide a mhaolú agus oiriúnú dó d’fhonn sláinte na saoránach a chosaint. Ar uairibh bíonn tionchar díreach ag teochtaí atá ag ardú, ag eachtraí adhaimsire agus ag an truailliú ar shaol an duine agus bíonn tionchar acu freisin ar galair ainsealacha agus teagmhálacha a bheith ag dul i méid.

4.6.

Molann CESE don Aontas beartais sláinte poiblí níos láidre a fhorbairt lena gcomhtháthófar go hiomlán tionchair agus rioscaí na géarchéime triaraí pláinéadaí. Áirítear leis sin taighde a leathnú agus faireachán a dhéanamh ar tháscairí sláinte a bhaineann leis an aeráid, leis an gcomhshaol agus an leis an truailliú, córais luathrabhaidh agus freagartha éigeandála a fheabhsú agus infheistíocht a dhéanamh i mbonneagar sláinte atá athléimneach. Ina theannta sin, tá sé ríthábhachtach cur chuige cothrom a ghlacadh maidir le beartas aeráide agus comhshaoil, lena gcosnófaí na daoine is leochailí. Maidir le cur chuige den sórt sin, beidh gá le comhordú idir earnálacha agus disciplíní éagsúla agus beidh tairbhí móra comhroinnte ag baint leis i réimsí amhail an táirgeadh bia, nósanna itheacháin sláintiúla, cosaint an chomhshaoil agus an mheabhairshláinte.

5.   An cuspóir maidir le digiteáil na sláinte agus an chúraim a neartú

5.1.

Ní mór glacadh an Ghnímh um an Intleacht Shaorga agus an togra maidir le Spás Eorpach Sonraí Sláinte a bheith ina thosaíocht i gcónaí, go háirithe a mhéid a bhaineann leis an tsláinte. Le cur chun feidhme an Spáis Eorpaigh Sonraí Sláinte, d’fhéadfaí feabhas a chur ar thorthaí othar agus ar an nuálaíocht sa taighde sláinte agus tá ríthábhacht ag baint leis freisin maidir le beartais atá bunaithe ar fhianaise agus ar luach.

5.2.

Ar mhaithe le cur chuige cuimsitheach, éifeachtach a áirithiú, tá sé ríthábhachtach go mbeidh an Spás Eorpach Sonraí Sláinte comhoiriúnach le rialacháin éagsúla eile, lena n-áirítear an Gníomh um an Intleacht Shaorga atá beartaithe, an Rialachán Ginearálta maidir le Cosaint Sonraí (RGCS) agus bearta an Rialacháin maidir le feistí leighis le haghaidh feidhmchláir atá bunaithe ar an intleacht shaorga.

5.3.

Tá claochlú digiteach faoi lán seoil in earnáil na sláinte agus go leor cibirionsaithe dírithe ar uirthi. Ar an gcúis sin, tá beartas cothrománach cibearshlándála Eorpach fíor-riachtanach chun sonraí pearsanta othar agus gairmithe cúraim sláinte a chosaint. Cuireann CESE i bhfáth, bíodh is go bhfuil sraith forálacha maidir leis an gcibearshlándáil leagtha amach faoin Spás Eorpach Sonraí Sláinte, go bhfuil gá le cibearshlándáil fhónta. Leagann CESE béim ar bhonn níos leithne ar an ngá atá le straitéis chuimsitheach chibearshlándála de chuid an Aontais ina n-áireofaí bearta réamhghníomhacha amhail criptiú, rialuithe rochtana agus deighilt líonraí, chun sláinte na saoránach agus an ceart chun sláinte a chosaint.

5.4.

Ní mór breathnú ar fhorbairtí sa tsláinte dhigiteach mar uirlis do chearta bunúsacha na saoránach agus chun an caidreamh daonna idir othair agus a ngairmithe sláinte a neartú, rud a d’fhágfadh go mbeadh níos mó ama ag na gairmithe sin a bheith i mbun cúraim.

5.5.

Tá na hábhair chéanna ag déanamh imní do CESE agus atá do Bhiúró EDS don Eoraip maidir leis an mbearna dhigiteach (11). Meabhraíonn CESE nach bhfuil scileanna digiteacha ag beagnach leath de mhuintir na hEorp (12)a. Tá géarghá leis an litearthacht dhigiteach agus an fothú acmhainneachta digití a mhéadú i measc na saoránach agus na ngairmithe sláinte chun go mbeidh rath ar an Spás Eorpach Sonraí Sláinte ar fud na hEorpa.

5.6.

Iarrann CESE go ndéanfaí iarracht chomhbheartaithe maidir le cláir litearthachta sláinte agus go ndíreofaí ar eolas agus scileanna sláinte na saoránach a fhorbairt, rud a chuirfeadh ar a gcumas cinntí eolasacha a dhéanamh maidir lena sláinte. San am céanna, níor mhór a áirithiú leis na cláir sin go ndéanfaí eolas na soláthraithe cúraim sláinte a thabhairt cothrom le dáta go seasta. Tionscnamh a d’fhéadfaí a chur ar bun ab ea ardán uile-Aontais ar líne a chruthú, lena gcuirfí acmhainní oideachais sláinte ar fáil a mbeadh rochtain ag saoránaigh agus gairmithe sláinte orthu.

6.   Ceannasacht agus rathúnas eacnamaíoch na hEorpa a mhéadú

6.1.

I bhfianaise threoshuíomhanna na dtuarascálacha straitéiseacha maidir leis an margadh aonair Eorpach (13) agus maidir le hiomaíochas na hEorpa, iarrann CESE go ndéanfaí na gnéithe sóisialta agus sláinte den mhargadh aonair a chomhdhlúthú lena áirithiú go ndáilfear na tairbhí a bhaineann leis go cothrom i measc shaoránaigh uile an Aontais, go dtacófar le heagraíochtaí an gheilleagair shóisialta, go gcuirfear oiliúint chun cinn, go bhfeabhsófar dálaí an lucht saothair sláinte agus go gcomhtháthófar rochtain inbhuanaithe chothrom ar shláinte do shaoránaigh uile an Aontais i gcónaí. Is é is aidhm don chur chuige sin saoirsí aonair a chosaint agus athléimneacht shóisialta agus dlúthpháirtíocht a threisiú i bhfianaise na ndálaí déimeagrafacha agus eacnamaíocha atá ag athrú.

6.2.

Tacaíonn CESE le feabhas a chur ar dhálaí oibre agus ar luach saothair an lucht saothair sláinte ionas go bhfreastalófar ar riachtanais sláinte trí chur chuige tríthaobhach lena ndírítear ar phleanáil, oiliúint (lena n-áirítear i dtaca le ‘ardchleachtais’) agus bainistíocht, d’fhonn sláinte uilíoch a bhaint amach trí sheirbhísí a ráthú do shaoránaigh sna Ballstáit uile. Iarrann CESE go ndéanfaí an comhar idir an tAontas agus EDS don Eoraip a dhaingniú chun baill foirne cúraim a choinneáil, a mhealladh agus tacaíocht a thabhairt dóibh, lena n-áirítear altraí, a bhfuil a líon díobh ag dul i laghad.

6.3.

Molann sé freisin go mbunófaí sásra inbhuanaithe maoiniúcháin agus infheistíochta do chórais sláinte na hEorpa, ag tarraingt ar cheachtanna a foghlaimíodh ó ghéarchéimeanna roimhe seo, amhail géarchéim fhiachas na Gréige, ionas nach mbainfí an bonn de chumas na stát seirbhísí sláinte éifeachtacha agus cuimsitheacha a choinneáil ar bun de thoradh srianta buiséadacha.

6.4.

Iarrann CESE go gcuirfí creat fioscach an Aontais i bhfeidhm d’fhonn téarnamh inbhuanaithe agus aistrithe córa a áirithiú, sin agus infheistíochtaí sóisialta agus sláinte a bhfuil údar cuí leo.

6.5.

D’fhonn dul chun cinn a dhéanamh i dtreo rialachas socheacnamaíoch atá dírithe ar an bhfolláine agus ar an dea-shláinte, tathantaíonn CESE ar an Aontas agus ar na Ballstáit an t-athbhreithniú ar na rialacha fioscacha a chur chun feidhme tríd an méid seo a leanas a dhéanamh:

—

scórchlár comhtháite a chur i bhfeidhm ina mbeidh táscairí maidir le feidhmíocht eacnamaíoch, shóisialta agus chomhshaoil;

—

straitéis a bhfuil níos mó i gceist leis ná fás a ghlacadh lena bhfeabhsófar an cháilíocht saoil;

—

táscaire éigeantach maidir le leas Eorpach a fhorbairt agus a chur chun feidhme, a mbeidh caighdeán fáis sláinte mar thacú leis, rud a bheidh nasctha le cuspóirí sláinte lena dtomhaistear dul chun cinn maidir le cur chun cinn na sláinte, cosc galar, cúram íceach agus tacaíocht sláinte chomhtháite;

—

sláinte choisctheach a fhorbairt agus stíleanna maireachtála agus timpeallachtaí atá neamhdhíobhálach don tsláinte a chur chun cinn;

—

an mheabhairshláinte agus an fholláine a chur chun cinn;

—

galair ainsealacha agus ionfhabhtaíocha a chosc agus an tsláinte agus an tsábháilteacht ag an obair a chosaint;

—

measúnuithe tionchair dáileacháin a bhunú le haghaidh bheartais nua uile an Aontais chun comhleanúnachas a áirithiú i réimse na sláinte;

—

plean infheistíochta spriocdhírithe a cheapadh chun an córas sláinte a neartú, acmhainneacht agus scileanna an lucht saothair sláinte a threisiú agus líonraí mol speisialtóireachta sláinte a nascadh le chéile;

—

sásra foirmiúil leanúnach a bhunú chun rannpháirt i gcomhar struchtúrtha rialta a thabhairt d’eagraíochtaí na sochaí sibhialta chun tosaíochtaí an tSeimeastair Eorpaigh a leagan síos.

7.   An comhrac i gcoinne neamhionannais ilghnéitheacha sa tsláinte

7.1.

I bhfianaise na ndúshlán atá roimh chórais sláinte, tá gá le straitéis Eorpacha atá bunaithe ar chuimsiú agus ar dhlúthpháirtíocht más uainn neamhionannais maidir leis an rochtain ar chúram a laghdú.

7.2.

Le cois géineolaíocht aonair agus roghanna pearsanta, bíonn tionchar ag raon leathan fachtóirí pearsanta, sóisialta, eacnamaíocha agus comhshaoil ar an tsláinte. Ní mór tionscnaimh Eorpacha amhail an tionscnamh ‘Healthy Together’ (14) a threisiú agus a éagsúlú.

7.3.

Cé go bhfuil córais árachais sláinte éagsúil ó Bhallstát go chéile, tá sásraí aisíocaíochta comhlántacha ag roinnt Ballstát, mar aon le cumhdach sláinte éigeantach, lena mbaineann gníomhaithe éagsúla eacnamaíocha agus neamheacnamaíocha. Cuireann CESE in iúl nach mór do na córais sin go léir cur leis an gcuspóir an inacmhainneacht sláinte is leithne is féidir a áirithiú don uile shaoránach.

7.4.

Molann CESE cláir dhreasachta a bhunú chun gairmithe cúraim sláinte a spreagadh chun oibriú i gceantair nach bhfuil freastal ceart á dhéanamh orthu, lena n-áirítear fásaigh leighis oileánacha agus tuaithe.

7.5.

Tugann CESE dá aire gur gné bhunriachtanach den Phlean Gníomhaíochta maidir le Colún Eorpach na gCeart Sóisialta é an tsláinte agus an tsábháilteacht ag an obair a fheabhsú agus gur ní é sin nach mór don Aontas a chur chun cinn i gcomhar leis na Ballstáit, go háirithe trí mhíochaine shaothair agus scagthástáil san ionad oibre. Tá CESE teann air gur chóir nuashonrú a dhéanamh go rialta ar an Treoir maidir le hoibrithe a chosaint ar na rioscaí a bhaineann le nochtadh do charcanaiginí nó do shó-ghineacha ag an obair (15).

7.6.

D’fhonn feabhas a chur ar an gcosc ar ghalair neamhtheagmhálacha, ní mór aghaidh a thabhairt ar ghnéithe na sláinte i ngach beartas earnálach agus é sin a dhéanamh ar bhealach struchtúrtha.

—

Sa ghearrthéarma, ba cheart gníomhaíochtaí idir na Ballstáit a chuireann feabhas ar chur chun feidhme beart coisctheach sláinte a neartú agus a chomhordú.

—

Sa mheántéarma, ní foláir dea-chleachtais i réimse an choisc a bhailiú, a chur chun cinn agus a scaipeadh d’fhonn éifeachtacht na ngníomhaíochtaí a mhéadú agus é a chur ar chumas na mBallstát díriú ar na riachtanais shonracha atá acu.

—

San fhadtéarma, ba chóir infheistíocht leanúnach agus tiomantas láidir polaitiúil a choinneáil ar bun chun comhtháthú agus cur chun feidhme inbhuanaithe beartas coiscthe sláinte a áirithiú ar gach leibhéal rialachais.

7.7.

Iarrann CESE go mbeadh an tAontas ar thús cadhnaíochta i gcur chun feidhme chonclúidí na hEagraíochta Idirnáisiúnta Saothair maidir le hobair chuibhiúil agus maidir leis an ngeilleagar cúraim. Is tábhachtach an ní é sin go háirithe agus an daonra ag dul in aois go tapa, rud a chuireann leis an neamhréir idir an t-éileamh ar sheirbhísí cúraim, soláthar na seirbhísí sin agus na bearnaí sa rochtain ar chúram. Tá gá anois, níos mó ná riamh, le seirbhísí ardcháilíochta.

7.8.

Tá iarrachtaí ar bun chun na 24 líonra tagartha Eorpach le haghaidh galair neamhchoitianta a threisiú agus chun an ghníomhaíocht chomhpháirteach JARDIN a leathnú. Is léir, mar sin, gur gá na líonraí sin a chomhtháthú i gcórais sláinte náisiúnta agus a n-inbhuanaitheacht amach anseo a áirithiú trí phleananna náisiúnta comhordaithe le haghaidh galair neamhchoitianta. Bheadh comhpháirtíocht Eorpach maidir le galair neamhchoitianta a mbeadh acmhainní airgeadais inbhuanaithe aici ríthábhachtach chun feabhas a chur ar dhálaí maireachtála othar a bhfuil galair neamhchoitianta orthu agus a ngaolta. Faoina cuimsiú, d’fhéadfaí creat tagartha cothrománach beartas agus cleachtas a cheapadh, saineolas a chomhthiomsú, moil speisialtóireachta idirnasctha a shainaithint, pleananna agus spriocanna náisiúnta a chomhordú, agus samhlacha cúraim nuálacha a chur chun cinn. Chuige sin, is den ríthábhacht cóireálacha a bhfuil gealladh fúthu amhail raidiseatóip agus a gcuimsiú i gcórais sláinte na mBallstát a chur chun cinn.

8.   Todhchaí an Aontais Sláinte Eorpaigh

8.1.

Iarrann CESE go mbeadh an clár oibre reachtach 2024-2029 dírithe ar dhálaí maireachtála a fheabhsú san Eoraip agus go seasfaí le cearta sóisialta trína áirithiú go mbeidh ról níos nó ag an Eoraip i gcúrsaí sláinte. Leagann CESE béim ar an ngá atá le haistrithe idirghaolmhara i réimsí éagsúla, inter alia, ceartas sóisialta, iomaíochas ilghnéitheach, inbhuanaitheacht eacnamaíoch, cuimsiú digiteach, inbhuanaitheacht comhshaoil, cothroime gheografach, tógáil dhaonlathach agus dlúthpháirtíocht idirnáisiúnta. Ba cheart díriú ar an athléimneacht agus gníomhaíochtaí iarphaindéime á ndéanamh.

8.2.

Ag cur leis an Aontas Sláinte, ní mór do na hinstitiúidí Eorpacha dlús a chur leis an tacaíocht a thugtar do na Ballstáit agus na bearta uile a leagtar amach sa tuarascáil agus sa dearbhú idirinstitiúideach ón gComhdháil ar Thodhchaí na hEorpa (16), inar ghlac CESE páirt ghníomhach, a chur chun feidhme. Leagann CESE béim ar an ngá atá leis an méid a leanas a dhéanamh:

—

ról an Aontais Sláinte Eorpaigh agus an bunús dlí lena mbaineann a neartú chun éagothromaíochtaí sláinte laistigh den Aontas a laghdú;

—

cur le hinfheictheacht agus éifeachtacht thionscnaimh sláinte an Aontais;

—

comhleanúnachas feabhsaithe a áirithiú sna beartais a chuireann an ceart chun sláinte chun cinn agus an choimhdeacht á cur san áireamh san am céanna.

8.3.

Molann CESE go mbeadh ról lárnach ag an Aontas agus ag na Ballstáit sa tsláinte dhomhanda trí ghníomhaíochtaí nithiúla a chur chun feidhme chun dul chun cinn a dhéanamh i dtreo cumhdach sláinte uilíoch. Iarrann CESE go mbeadh comhar iltaobhach éifeachtach ann laistigh de na Náisiúin Aontaithe. Tá sé ríthábhachtach comhpháirtíochtaí déthaobhacha, réigiúnacha agus domhanda a leathnú. Cuireann CESE i bhfáth freisin gur gá maoiniú domhanda na sláinte a neartú ar fud an domhain, tacú le slógadh acmhainní intíre i dtíortha comhpháirtíochta agus taidhleoireacht sláinte dhomhanda chomhleanúnach a fhorbairt. Is den ríthábhacht, chun go n-éireoidh leis na tionscnaimh sin, acmhainneachtaí sláinte a mhéadú i dtoscaireachtaí an Aontais agus an dul chun cinn atá déanta maille le tionchar ‘Straitéis Sláinte Domhanda an Aontais’ (17) a mheas ar bhonn rialta.

An Bhruiséil, 23 Deireadh Fómhair 2024.

Uachtarán

Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa

Oliver RÖPKE


(1)   IO C 146, 22.6.2006, lch. 1.

(2)  Tuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa — Teachtaireacht ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa, chuig an gComhairle, chuig Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa agus chuig Coiste na Réigiún — ‘An Straitéis Eorpach um Chúram’ (COM(2022) 440 final) ( IO C 140, 21.4.2023, lch. 39).

(3)  Tuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa — Borradh a chur faoin bhfás cuimsitheach fadtéarmach trí athchóirithe agus infheistíocht (Tústuairim – Uachtaránacht na Beilge) (IO C, C/2024/3378, 31.5.2024, ELI: https://eur-lex.europa.eu/eli/C/2024/3378/oj).

(4)  Tuairim Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa — Dlúthpháirtíocht láidir Eorpach a áirithiú d’othair a bhfuil galair neamhchoitianta orthu [tuairim féintionscnaimh] ( IO C 75, 28.2.2023, lch. 67).

(5)  Tuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa — Teachtaireacht ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa, chuig an gComhairle, chuig Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa agus chuig Coiste na Réigiún – Straitéis Sláinte Domhanda an Aontais Eorpaigh: Sláinte Níos Fearr do Chách i nDomhan atá ag Athrú (COM(2022) 675 final) (IO C, C/2023/883, 8.12.2023, ELI: http://data.europa.eu/eli/C/2023/883/oj).

(6)  Tuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa — An t-idirphlé sibhialta agus an daonlathas rannpháirtíochta san Aontas a neartú: conair chun tosaigh (tústuairim arna hiarraidh d’Uachtaránacht na Beilge) (IO C, C/2024/2481, 23.4.2024, ELI: http://data.europa.eu/eli/C/2024/2481/oj).

(7)   https://www.consilium.europa.eu/ga/european-council/strategic-agenda-2024-2029/

(8)   https://www.consilium.europa.eu/ga/press/press-releases/2024/06/21/european-health-union-council-calls-on-commission-to-keep-health-as-a-priority/

(9)   COM/ 2024) 206 final.

(10)   https://www.consilium.europa.eu/media/ny3j24sm/much-more-than-a-market-report-by-enrico-letta.pdf.

(11)   https://www.who.int/europe/en/news/item/05-09-2023-digital-health-divide--only-1-in-2-countries-in-europe-and-central-asia-have-policies-to-improve-digital-health-literacy--leaving-millions-behind.

(12)   https://ec.europa.eu/commission/presscorner/detail/ga/ip_22_4560.

(13)   https://www.consilium.europa.eu/media/ny3j24sm/much-more-than-a-market-report-by-enrico-letta.pdf.

(14)   https://health.ec.europa.eu/non-communicable-diseases/healthier-together-eu-non-communicable-diseases-initiative_en?prefLang=en.

(15)   IO L 88, 16.3.2022, lch. 1.

(16)   https://www.consilium.europa.eu/ga/policies/conference-on-the-future-of-europe/

(17)   https://www.consilium.europa.eu/ga/press/press-releases/2024/01/29/eu-global-health-strategy-council-approves-conclusions/


ELI: http://data.europa.eu/eli/C/2025/105/oj

ISSN 1977-107X (electronic edition)