|
Iris Oifigiúil |
GA Sraith L |
|
2024/2657 |
9.10.2024 |
CINNEADH (AE) (2024)/2657 ÓN gCOMHAIRLE
an 26 Meán Fómhair 2024
lena mbunaítear an seasamh atá le glacadh thar ceann an Aontais Eorpaigh sa Chomhchoiste a bunaíodh leis an gComhaontú maidir le Ríocht Aontaithe na Breataine Móire agus Thuaisceart Éireann a bheith ag tarraingt siar as an Aontas Eorpach agus as an gComhphobal Eorpach do Fhuinneamh Adamhach a mhéid a bhaineann le cinneadh a ghlacadh chun gníomh nuaghlactha de chuid an Aontais a chur le hIarscríbhinn 2 a ghabhann le Creat Windsor
TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,
Ag féachaint don Chonradh ar an Aontas Eorpach, agus go háirithe Airteagal 50(2) de,
Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 218(9) de,
Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,
De bharr an mhéid seo a leanas:
|
(1) |
Thug an tAontas an Comhaontú maidir le Ríocht Aontaithe na Breataine Móire agus Thuaisceart Éireann a bheith ag tarraingt siar as an Aontas Eorpach agus as an gComhphobal Eorpach do Fhuinneamh Adamhach (1) (‘an Comhaontú um Tharraingt Siar’) i gcrích le Cinneadh (AE) 2020/135 ón gComhairle (2) agus tháinig sé i bhfeidhm an 1 Feabhra 2020. |
|
(2) |
De bhun Airteagal 13(4) de Chreat Windsor (3), ar dlúthchuid den Chomhaontú um Tharraingt Siar é, tugtar de chumhacht don Chomhchoiste a bunaíodh faoi Airteagal 164(1) de (an ‘Comhchoiste’) cinntí a ghlacadh lena leasaítear na hIarscríbhinní ábhartha a ghabhann le Creat Windsor trí ghníomhartha nuaghlactha de chuid an Aontais a thagann faoi raon feidhme Chreat Windsor a chur leis, ar gníomhartha iad nach ndéantar gníomhartha de chuid an Aontais a liostaítear sna hIarscríbhinní a ghabhann le Creat Windsor a leasú ná a ionadú leo. |
|
(3) |
Cé go bhfuil Airteagail 40, 41 agus 43 de Rialachán (AE) 2024/1252 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (4) infheidhme de bhun Airteagal 13(3) de Chreat Windsor, is forálacha de ghníomh nuaghlactha de chuid an Aontais iad a bhfuil fágtha d’fhorálacha an Rialacháin sin, cé is moite d’Airteagail 5 go 27, 30, 35, 36, 37, 42, 45 agus Airteagal 44, (1) go (5) de, a thagann faoi raon feidhme Chreat Windsor ar cheart iad a chur le hIarscríbhinn 2 a ghabhann le Creat Windsor. |
|
(4) |
Ba cheart don Chomhchoiste, ag an gcéad chruinniú eile a thionólfar, cinneadh a ghlacadh de bhun Airteagal 13(4) de Chreat Windsor, ar cinneadh é lena gcuirfear an gníomh nuaghlactha sin de chuid an Aontais, cé is moite d’Airteagail 5 go 27, 30, 35, 36, 37, 42, 45 agus Airteagal 44 (1) go (5) de, le hIarscríbhinn 2 a ghabhann le Creat Windsor. |
|
(5) |
Is iomchuí an seasamh atá le glacadh thar ceann an Aontais sa Chomhchoiste a bhunú, a mhéid a bhaineann le cinneadh a ghlacadh chun an gníomh nuaghlactha de chuid an Aontais a chur le hIarscríbhinn 2 a ghabhann le Creat Windsor, |
TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
Maidir leis ann seasamh atá le glacadh thar ceann an Aontais Eorpaigh sa Chomhchoiste arna bhunú le hAirteagal 164(1) den Chomhaontú maidir le Ríocht Aontaithe na Breataine Móire agus Thuaisceart Éireann a bheith ag tarraingt siar as an Aontas Eorpach agus as an gComhphobal Eorpach do Fhuinneamh Adamhach (an ‘Comhchoiste’), is sa dréachtchinneadh ón gComhchoiste atá i gceangal leis an gCinneadh seo a leagtar amach é.
Airteagal 2
Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm ar dháta a ghlactha.
Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 26 Meán Fómhair 2024.
Thar ceann na Comhairle
An tUachtarán
LÓGA M.
(1) IO L 29, 31.1.2020, lch. 7.
(2) Cinneadh (AE) 2020/135 ón gComhairle an 30 Eanáir 2020 maidir le tabhairt i gcrích an Chomhaontaithe maidir le Ríocht Aontaithe na Breataine Móire agus Thuaisceart Éireann a bheith ag tarraingt siar as an Aontas Eorpach agus as an gComhphobal Eorpach do Fhuinneamh Adamhach (IO L 29, 31.1.2020, lch. 1).
(3) Dearbhú Comhpháirteach Uimh. 1/2023 ón Aontas agus ón Ríocht Aontaithe sa Chomhchoiste a bunaíodh leis an gComhaontú maidir le Ríocht Aontaithe na Breataine Móire agus Thuaisceart Éireann a bheith ag tarraingt siar as an Aontas Eorpach agus as an gComhphobal Eorpach do Fhuinneamh Adamhach an 24 Márta 2023, ( IO L 102, 17.4.2023, lch. 87).
(4) Rialachán (AE) 2024/1252 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Aibreán 2024 lena mbunaítear creat chun soláthar slán inbhuanaithe amhábhar criticiúil a áirithiú agus lena leasaítear Rialacháin (AE) Uimh. 168/2013, (AE) 2018/858, (AE) 2018/1724 agus (AE) 2019/1020 (IO L, 2024/1252, 3.5.2024, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2024/1252/oj).
ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2024/2657/oj
ISSN 1977-0839 (electronic edition)