|
Iris Oifigiúil |
GA Sraith C |
|
C/2025/639 |
10.2.2025 |
MOLADH ÓN gCOMHAIRLE
an 21 Eanáir 2025
lena bhformhuinítear plean struchtúrach fioscach meántéarmach náisiúnta na Cipire
(C/2025/639)
TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,
Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 121 de,
Ag féachaint do Rialachán (AE) 2024/1263, agus go háirithe Airteagal 17 de,
Ag féachaint don mholadh ón gCoimisiún,
De bharr an mhéid seo a leanas:
BREITHNITHE GINEARÁLTA
|
(1) |
Tháinig creat rialachais eacnamaíoch athchóirithe de chuid an Aontais i bhfeidhm an 30 Aibreán 2024. Rialachán (AE) 2024/1263 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le beartais eacnamaíocha a chomhordú go héifeachtach agus maidir le faireachas buiséadach iltaobhach (1), mar aon le Rialachán (CE) Uimh. 1467/97 leasaithe maidir leis an nós imeachta um easnamh iomarcach (2) a chur chun feidhme, agus Treoir 2011/85/AE leasaithe ón gComhairle maidir le creataí buiséadacha na mBallstát (3), is príomhghnéithe de chreat rialachais eacnamaíoch athchóirithe an Aontais iad. Is é is aidhm don chreat airgeadas poiblí atá fónta inbhuanaithe, mar aon le fás inbhuanaithe cuimsitheach agus athléimneacht, a chur chun cinn trí bhíthin athchóirithe agus infheistíochtaí, agus easnaimh iomarcacha rialtais a chosc. Lena chois sin, cuireann sé úinéireacht náisiúnta chun cinn agus díríonn sé níos mó ar an meántéarma agus, ina theannta sin, tá forfheidhmiú níos éifeachtaí agus níos comhleanúnaí na rialacha i gceist leis. |
|
(2) |
Na pleananna struchtúracha fioscacha meántéarmacha náisiúnta a chuireann na Ballstáit faoi bhráid na Comhairle agus an Choimisiúin, tá siad i gcroílár an chreata nua rialachais eacnamaíoch. Ba cheart dhá chuspóir a bhaint amach leis na pleananna: (i) faoi dheireadh na tréimhse coigeartúcháin, a áirithiú, inter alia, go mbeidh fiachas rialtais ghinearálta ar chonair inchreidte anuas, nó go bhfanfaidh sé ar leibhéil stuama, agus go dtabharfar agus go gcoinneofar an t-easnamh rialtais faoi bhun luach tagartha 3 % de OTI sa mheántéarma, agus (ii) a áirithiú go soláthrófar athchóirithe agus infheistíochtaí lena bhfreagrófar ar na príomhdhúshláin arna sainaithint i gcomhthéacs an tSeimeastair Eorpaigh agus lena dtabharfar aghaidh ar thosaíochtaí comhchoiteanna an Aontais. Chuige sin, ní mór gealltanas meántéarmach i leith conair ghlanchaiteachais (4) a chur isteach i ngach plean, lena mbunaítear go héifeachtach sriantacht buiséid ar feadh ré an phlean, lena gcumhdaítear 4 nó 5 bliana (ag brath ar an ngnáth-théarma an reachtais i mBallstát). Ina theannta sin, tá míniú le tabhairt sa phlean ar an gcaoi a n-áiritheoidh an Ballstát go soláthrófar athchóirithe agus infheistíochtaí lena bhfreagrófar ar na príomhdhúshláin arna sainaithint i gcomhthéacs an tSeimeastair Eorpaigh, go háirithe sna moltaí tírshonracha (lena n-áirítear na moltaí sin a bhaineann leis an nós imeachta um míchothromaíochtaí maicreacnamaíocha, más infheidhme), agus ar an gcaoi a dtabharfaidh an Ballstát aghaidh ar thosaíochtaí comhchoiteanna an Aontais. Leis an tréimhse le haghaidh coigeartú fioscach, cumhdaítear tréimhse 4 bliana, tréimhse a bhféadfar síneadh suas le 3 bliana a chur léi má thugann an Ballstát gealltanas i leith sraith athchóirithe agus infheistíochtaí ábhartha a sholáthar a chomhlíonann na critéir a leagtar amach i Rialachán (AE) 2024/1263. |
|
(3) |
Tar éis thíolacadh an phlean, déanfaidh an Coimisiún measúnú ar cé acu a chomhlíonann nó nach gcomhlíonann sé ceanglais Rialachán (AE) 2024/1263. |
|
(4) |
Déanfaidh an Chomhairle, ar mholadh a fháil ón gCoimisiún, moladh a ghlacadh ina leagtar amach conair ghlanchaiteachais an Bhallstáit lena mbaineann agus, i gcás inarb infheidhme, déanfaidh sé formhuiniú ar an tsraith gealltanas um athchóirithe agus infheistíochtaí atá mar bhonn taca le síneadh a chur leis an tréimhse coigeartúcháin fhioscaigh. |
BREITHNITHE A BHAINEANN LE PLEAN STRUCHTÚRACH FIOSCACH MEÁNTÉARMACH NÁISIÚNTA NA CIPIRE
|
(5) |
An 15 Deireadh Fómhair 2024, chuir an Chipir a plean struchtúrach fioscach meántéarmach náisiúnta faoi bhráid na Comhairle agus an Choimisiúin. Rinneadh an tíolacadh tar éis síneadh a bheith curtha leis an sprioc-am a leagtar amach in Airteagal 36 de Rialachán (AE) 2024/1263, mar a comhaontaíodh leis an gCoimisiún i bhfianaise na gcúiseanna a sholáthair an Chipir. An 15 Samhain 2024, thíolaic an Chipir aguisín chun athbhreithniú a dhéanamh ar chonair fáis ghlanchaiteachais chun na sonraí is déanaí a léiriú. Bhí gá leis an athbhreithniú sin i bhfianaise athrú ar thaifeadadh staidrimh idirbhirt shuntasaigh a cuireadh ar fáil tar éis thíolacadh an phlean agus bhí tionchar mór aige ar leibhéal caiteachais 2023 agus ina dhiaidh sin ar na rátaí agus na leibhéil fáis caiteachais a bhí beartaithe le haghaidh 2024 agus na tréimhse coigeartúcháin 2025-2028. |
An próiseas sular tíolacadh an plean
|
(6) |
Chun an t-idirphlé a dhíriú as a dtiocfaidh tíolacadh pleananna struchtúracha fioscacha meántéarmacha náisiúnta, chuir an Coimisiún, de réir Airteagal 9 de Rialachán (AE) 2024/1263, an chonair thagartha (5) chuig an gCipir an 21 Meitheamh 2024. D’fhoilsigh an Coimisiún an chonair thagartha an 15 Deireadh Fómhair 2024 (6). Tá an chonair thagartha rioscabhunaithe agus áirithítear léi, faoi dheireadh na tréimhse coigeartúcháin fioscaí agus in éagmais bearta buiséadacha breise tar éis na tréimhse coigeartúcháin, go mbeidh an fiachas rialtais ghinearálta ar chonair inchreidte anuas nó go bhfanfaidh sé ar leibhéil stuama sa mheántéarma, agus go dtabharfar an t-easnamh rialtais ghinearálta faoi bhun 3 % de OTI i gcaitheamh na tréimhse coigeartúcháin agus go gcoinneofar é faoi bhun an luacha tagartha sin sa mheántéarma. Sainítear an meántéarma mar an tréimhse 10 mbliana tar éis dheireadh na tréimhse coigeartúcháin. I gcomhréir le hAirteagail 7 agus 8 de Rialachán (AE) 2024/1263, tá an chonair thagartha comhsheasmhach freisin leis an gcoimirce inbhuanaitheachta fiachais agus leis an gcoimirce athléimneachta easnaimh. I gconair thagartha na Cipire, leagtar amach nár cheart fás níos mó ná na luachanna arna soláthar i dTábla 1 a theacht ar ghlanchaiteachas, agus sin bunaithe ar thoimhdí an Choimisiúin dar bunús an treoir a tugadh roimh ré i mí an Mheithimh 2024 agus ar thréimhse choigeartúcháin 4 bliana a chur san áireamh. Comhfhreagraíonn sin do mheánfhás glanchaiteachais 4,9 % i gcaitheamh na tréimhse coigeartúcháin (2025-2028). Tábla 1: Conair thagartha arna soláthar ag an gCoimisiún don Chipir an 21 Meitheamh 2024
|
||||||||||||||||||
|
(7) |
I gcomhréir le hAirteagal 12 de Rialachán (AE) 2024/1263, chuaigh an Chipir agus an Coimisiún i mbun idirphlé teicniúil ó mhí Iúil go mí Mheán Fómhair 2024. Bhí an t-idirphlé dírithe ar an gconair ghlanchaiteachais atá beartaithe ag an gCipir agus ar na toimhdí bunúsacha maicreacnamaíocha a bhaineann léi, go háirithe maidir leis an aschur féideartha agus leis an mbearna aschuir. Ina theannta sin, rinneadh scrúdú san idirphlé teicniúil na hathchóirithe agus na hinfheistíochtaí atá beartaithe a thabhairt i gcrích lena bhfreagrófar ar na príomhdhúshláin arna sainaithint i gcomhthéacs an tSeimeastair Eorpaigh agus thosaíochtaí comhchoiteanna an Aontais maidir leis an aistriú cóir glas agus digiteach, an athléimneacht shóisialta agus eacnamaíoch, an tslándáil fuinnimh agus méadú na gcumas cosanta. |
|
(8) |
De réir na faisnéise a chuir an Chipir ar fáil ina plean, níor tharla próiseas comhairliúcháin le páirtithe leasmhara náisiúnta ábhartha (lena n-áirítear comhpháirtithe sóisialta) sular tíolacadh é dá bhforáiltear in Airteagal 11(3) de Rialachán (AE) 2024/1263, i gcomhréir leis na forálacha idirthréimhseacha dá bhforáiltear in Airteagal 36(1), pointe (c), de Rialachán (AE) 2024/1263. De réir an phlean, i gcás na bpríomh-athchóirithe agus na bpríomhinfheistíochtaí rinneadh comhairliúchán cheana féin leis na comhpháirtithe sóisialta agus leis an tsochaí shibhialta i gcomhthéacs ullmhú phlean téarnaimh agus athléimneachta na Cipire. |
|
(9) |
Thug Comhairle Fhioscach na Cipire tuairim uaithi maidir leis an réamhaisnéis mhaicreacnamaíoch agus na toimhdí maicreacnamaíocha atá mar bhonn taca leis an dréachtbhuiséad le haghaidh 2025 agus leis an gcreat buiséadach meántéarmach le haghaidh 2025-2027 i gcomhthéacs phróiseas buiséadach 2025. Measann an Chomhairle go bhfuil na toimhdí inchreidte agus go n-urramaíonn fás an ghlan-phríomhchaiteachais oibleagáidí na Cipire faoi chreat nua rialachais eacnamaíoch an Aontais. |
Próisis ghaolmhara eile
|
(10) |
Thíolaic an Chipir a Dréachtphlean Buiséadach le haghaidh 2025 an 15 Deireadh Fómhair 2024. Ghlac an Coimisiún tuairim maidir leis an Dréachtphlean Buiséadach sin an 26 Samhain 2024 (7). |
|
(11) |
An 19 Meitheamh 2024, tháinig an Coimisiún ar an gconclúid maidir leis an gCipir go bhfuil míchothromaíochtaí maicreacnamaíocha ann. Go sonraí, tá leochaileachtaí os comhair na Cipire a bhaineann le fiachas príobháideach, rialtais agus seachtrach, atá cúlaithe ar an iomlán ach atá fós ábhartha, agus an tráth céanna tháinig méadú ar an easnamh mór sa chuntas reatha. |
|
(12) |
An 21 Deireadh Fómhair 2024, chuir an Chomhairle sraith moltaí tírshonracha faoi bhráid na Cipire i gcomhthéacs an tSeimeastair Eorpaigh (8). |
ACHOIMRE AR AN bPLEAN AGUS AN MEASÚNÚ ÓN gCOIMISIÚN AIR SIN
|
(13) |
I gcomhréir le hAirteagal 16 de Rialachán (AE) 2024/1263, rinne an Coimisiún measúnú ar an bplean mar a leanas: |
Comhthéacs: staid agus ionchas maicreacnamaíoch agus fioscach
|
(14) |
Tháinig méadú 2,6 % ar an ngníomhaíocht eacnamaíoch sa Chipir in 2023, arna spreagadh ag an éileamh intíre, go háirithe tomhaltas príobháideach a dtacaítear leis trí fhíorphá a aisghabháil, ba chúis leis. De réir Réamhaisnéis an Fhómhair 2024 ón gCoimisiún Eorpach, meastar go dtiocfaidh fás 3,6 % ar an ngeilleagar in 2024, a bhuí le hinfheistíocht agus onnmhairí láidre, go háirithe mar gheall ar an turasóireacht, agus in earnáil TFC agus earnáil na seirbhísí loingseoireachta. Meastar freisin go gcuirfidh caiteachas teaghlaigh leis an bhfás, fiú amháin más ar bhonn níos moille é. I gcás 2025 agus 2026, beidh fás fíor-OTI dinimiciúil i gcónaí, is é sin ag 2,8 % agus 2,5 % faoi seach, agus tosca comhchosúla ag tacú leis sin. Meastar freisin go bhfanfaidh fás OTI féideartha láidir thar na blianta céanna, arna spreagadh ag doimhniú caipitil agus dinimic fhabhrach an mhargaidh saothair. Ba é 5,9 % an ráta dífhostaíochta in 2023, agus réamh-mheasann an Coimisiún go laghdóidh sé go 4,9 % in 2024 agus 4,7 % in 2025 agus 4,5 % in 2026. Réamh-mheastar go laghdóidh an boilsciú (fás díbhoilsceora OTI) beagán ó 3,8 % in 2023 go 3,5 % in 2024 agus go sroichfidh sé 2,3 % in 2025 agus 2,2 % in 2026. |
|
(15) |
Maidir le forbairtí fioscacha, in 2023 is é a bhí i mbarrachas rialtais ginearálta na Cipire 2,0 % de OTI. De réir Réamhaisnéis an Fhómhair 2024 ón gCoimisiún Eorpach, sroichfidh sé 3,5 % de OTI in 2024 agus laghdóidh sé go 2,7 % de OTI in 2025 agus, ar an mbonn nach mbeidh aon athrú beartais ann, fanfaidh sé ag 2,7 % in 2026. Cuimsítear i Réamhaisnéis an Fhómhair 2024 ón gCoimisiún dréachtbhuiséad na Cipire le haghaidh 2025 a ghlac an rialtas i mí Dheireadh Fómhair 2024 agus meastar go vótálfaidh an pharlaimint náisiúnta i mí na Nollag 2024. Ba é 73,6 % de OTI an fiachas rialtais ghinearálta ag deireadh 2023. De réir Réamhaisnéis an Fhómhair 2024 ón gCoimisiún, meastar go laghdóidh an cóimheas fiachais go 66,4 % de OTI ag deireadh 2024. Réamh-mheastar go laghdóidh sé go 61,4 % de OTI ag deireadh 2025 agus 56,7 % ag deireadh 2026. Sa réamhaisnéis fhioscach ón gCoimisiún, ní bhreithnítear na gealltanais bheartais sna pleananna meántéarmacha a bheith ina ngealltanais go dtí go mbeidh bearta nithiúla beartais mar bhonn taca leo, bearta a dhéanfar a fhógairt go hinchreidte agus a shonrú go leormhaith. |
An chonair ghlanchaiteachais agus na príomhthoimhdí maicreacnamaíocha sa phlean
|
(16) |
Le plean struchtúrach fioscach meántéarmach náisiúnta na Cipire, cumhdaítear an tréimhse 2025-2028 agus cuirtear coigeartú fioscach i láthair thar thréimhse 4 bliana. |
|
(17) |
Tá an fhaisnéis uile a cheanglaítear le hAirteagal 13 de Rialachán (AE) 2024/1263 sa phlean. |
|
(18) |
Leis an bplean, tugtar gealltanas i leith na conaire glanchaiteachais a léirítear i dTábla 2, a chomhfhreagraíonn do mheánfhás glanchaiteachais 5,2 % i gcaitheamh na mblianta 2025-2028. An meánfhás glanchaiteachais arna thuairisciú sa phlean i gcaitheamh na tréimhse coigeartúcháin (2025-2028), tá sé os cionn an chonair thagartha arna tarchur ag an gCoimisiún an 21 Meitheamh 2024. Glactar leis sa phlean go dtiocfaidh laghdú de réir a chéile ar fhás OTI féideartha ó 3,9 % in 2024 go 3,1 % faoi 2028. Ina theannta sin, meastar sa phlean go bhfanfaidh ráta fáis an díbhoilsceora OTI ard in 2024, go príomha mar gheall ar dhíbhoilsceoir ard réamh-mheasta an rialtais ghinearálta, rud a léiríonn cur chun feidhme iomlán an tsásra innéacsaithe uathoibríoch a bhfuil coinne leis. Sna blianta ina dhiaidh sin, meastar go gcoinbhéirseoidh an díbhoilsceoir OTI de réir a chéile i dtreo 2 %. Tábla 2: An chonair ghlanchaiteachais agus na príomhthoimhdí i bplean na Cipire
|
||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
Impleachtaí ghealltanais ghlanchaiteachais an phlean maidir le fiachas rialtais ghinearálta
|
(19) |
Dá dtiocfadh an chonair ghlanchaiteachais a bhfuil gealltanas tugtha ina leith sa phlean agus na toimhdí bunúsacha chun cinn, laghdódh fiachas rialtais ghinearálta de réir a chéile, de réir an phlean, ó 66 % in 2024 go 47,4 % de OTI ag deireadh na tréimhse coigeartúcháin (2028), de réir an tábla seo a leanas. Réamh-mheastar go dtiocfaidh laghdú beagnach 19 bpointe céatadáin de OTI ar an gcóimheas fiachais le linn na tréimhse coigeartaithe, suas le 2028. Tar éis an choigeartúcháin, sa mheántéarma (i.e. go dtí 2038), réamh-mheastar go leanfaidh an cóimheas fiachais rialtais ghinearálta de bheith ag laghdú, de réir an phlean, agus go sroichfidh sé 27,9 % de OTI in 2038 (9). Tábla 3: Forbairtí maidir le fiachas rialtais ghinearálta agus comhardú rialtais ghinearálta i bplean na Cipire
Dá bhrí sin, de réir an phlean agus an aguisín a ghabhann leis, thabharfaí an fiachas rialtais ghinearálta faoi bhun luach tagartha an Chonartha, is é sin 60 % de OTI, faoi dheireadh 2026. Tá sé sin inchreidte bunaithe ar thoimhdí an phlean, agus réamh-mheastar go bhfanfadh an fiachas faoi bhun 60 % de OTI faoi 2038 de réir gach tástála struis cinnteachaíche in Anailís an Choimisiúin Eorpaigh ar Inbhuanaitheacht Fiachais. Dá bhrí sin, bunaithe ar ghealltanais bheartais agus ar thoimhdí maicreacnamaíocha an phlean, maidir leis an gconair ghlanchaiteachais a chuirtear chun tosaigh sa phlean, tá sí comhsheasmhach leis an gceanglas maidir leis an bhfiachas mar a leagtar amach in Airteagal 6, pointe (a) agus in Airteagal 16(2) de Rialachán (AE) 2024/1263. |
||||||||||||||||||||||||||||||||
Impleachtaí ghealltanais ghlanchaiteachais an phlean maidir leis an gcomhardú rialtais ghinearálta
|
(20) |
Ar bhonn chonair ghlanchaiteachais agus thoimhdí an phlean, is é a bheadh i mbarrachas rialtais ginearálta 2,7 % de OTI in 2025, 2,6 % in 2026 agus 2,1 % in 2027 agus 2028. Dá bhrí sin, de réir an phlean, ní sháródh an comhardú rialtais ghinearálta an luach tagartha 3 % de OTI ag deireadh na tréimhse coigeartúcháin (2028). Ina theannta sin, sna 10 mbliana tar éis na tréimhse coigeartúcháin (i.e. go dtí 2038), ní sháródh an t-easnamh rialtais 3 % de OTI. Dá bhrí sin, bunaithe ar ghealltanais bheartais agus ar thoimhdí maicreacnamaíocha an phlean, maidir leis an gconair ghlanchaiteachais a chuirtear chun tosaigh sa phlean tá sí comhsheasmhach leis an gceanglas maidir leis an easnamh mar a leagtar amach in Airteagal 6, pointe (b), agus in Airteagal 16(2) de Rialachán (AE) 2024/1263. |
Comhsheasmhacht an phlean leis an gcoimirce athléimneachta easnaimh
|
(21) |
Dá dtiocfadh toimhdí agus gealltanais an phlean chun cinn, d’fhanfadh an t-easnamh struchtúrach faoi bhun 1,5 % de OTI le linn na tréimhse coigeartúcháin. Dá bhrí sin, bunaithe ar ghealltanais bheartais agus toimhdí maicreacnamaíocha an phlean, leanfar den chorrlach coiteann athléimneachta dá dtagraítear in Airteagal 8(1) de Rialachán (AE) 2024/1263 a urramú, agus dá bhrí sin ní gá feabhas breise a chur ar an gcomhardú príomha struchtúrach dá dtagraítear in Airteagal 8(2) de Rialachán (AE) 2024/1263. |
Comhsheasmhacht an phlean leis an gcoimirce inbhuanaitheachta fiachais
|
(22) |
I gcomhréir le hAirteagal 7 de Rialachán (AE) 2024/1263, ós rud é go mbeidh fiachas rialtais ghinearálta idir 60 % agus 90 % de OTI in 2024 agus 2025 de réir an phlean, ní mór an cóimheas fiachais a laghdú 0,5 pointe céatadáin ar a laghad ar an meán in aghaidh na bliana go dtí go dtitfidh sé faoi bhun 60 %. Ríomhtar an meánlaghdú sin thar an tréimhse 2024-2026 agus is éard atá ann 5,1 pointe céatadáin (féach Tábla 3). Dá bhrí sin, bunaithe ar ghealltanais bheartais agus ar thoimhdí maicreacnamaíocha an phlean, maidir leis an gconair ghlanchaiteachais a chuirtear chun tosaigh sa phlean, tá sí comhsheasmhach leis an gcoimirce inbhuanaitheachta fiachais. |
Toimhdí maicreacnamaíocha an phlean
|
(23) |
Tá an plean bunaithe ar shraith toimhdí atá éagsúil leis na toimhdí an Choimisiúin a tarchuireadh chuig an gCipir an 21 Meitheamh 2024. Go sonrach, úsáidtear toimhdí éagsúla sa phlean maidir le sé athróg, amhail túsphointe an chomhardaithe phríomha struchtúraigh in 2024, an leaisteachas ioncaim le OTI, agus na toimhdí fáis (i dtéarmaí fíorfháis agus fáis fhéideartha, chomh maith le dúnadh na bearna aschuir). Tugtar thíos measúnú ar na difríochtaí sin i dtoimhdí. Liostaítear thíos na difríochtaí idir na toimhdí a bhfuil an tionchar is mó acu ar an meánfhás glanchaiteachais, mar aon le measúnú ar gach toimhde a bhreithnítear ina aonar.
Na difríochtaí atá fágtha sna toimhdí, níl tionchar mór acu ar an meánfhás glanchaiteachais i gcomparáid le toimhdí an Choimisiúin. Ar an iomlán, d’fhéadfadh meánfhás glanchaiteachais is airde ná mar atá sa chonair thagartha a bheith mar thoradh ar na difríochtaí uile sna toimhdí a glacadh le chéile, gan tionchar a bheith aige sin ar chomhlíonadh an phlean le ceanglas Rialachán (AE) 2024/1263. Roghnaigh an Chipir conair chaiteachais, áfach, i gcomhréir leis an gconair thagartha arna tarchur ag an gCoimisiún Eorpach an 21 Meitheamh 2024 nach ndearnadh a choigeartú ach amháin le haghaidh thionchar an athraithe ar láimhseáil staidrimh idirbhirt shuntasaigh, is é sin íocaíocht an Stáit le scéim pinsin nua na státseirbhíseach. Mar thoradh air sin, tá meánfhás glanchaiteachais ann atá thart ar 0,3 pointe céatadáin níos airde ná conair thagartha an Choimisiúin mar gheall ar thúsphointe nua 2024. Cuirfidh an Coimisiún san áireamh an measúnú thuas ar thoimhdí an phlean i measúnuithe amach anseo ar chomhlíonadh an mholta seo. |
Straitéis fhioscach an phlean
|
(24) |
De réir na straitéise fioscaí táscaí sa phlean, déanfar na gealltanais maidir le glanchaiteachas a thabhairt i gcrích trí bhíthin beartais atá ann cheana go príomha. Cuirtear san áireamh sa phlean tionchar na mbeart ioncaim agus caiteachais a glacadh, amhail méaduithe pá san earnáil phoiblí a formheasadh in 2024, bearta chun tacú le riachtanais tithíochta teaghlach leochaileach, deireadh a chur de réir a chéile le laghduithe ar rátaí cánach agus neamh-innéacsú réimeanna cánach ioncaim phearsanta. Ní ghlactar leis sa phlean go mbeidh aon ioncam breise ann ó riaráiste na gcásanna cánach, rud a d’fhéadfadh leanúint de bheith ag cur go dearfach le fás ioncaim i gcomhréir leis na forbairtí le blianta beaga anuas. Cuirtear i dtábhacht sa phlean go mbainfear amach na spriocanna atá leagtha síos gan aon ghá le bearta buiséadacha breise. Athdhearbhaítear an seasamh sin sa Dréachtphlean Buiséadach le haghaidh 2025 agus deimhnítear ann go mbainfear amach an gealltanas glanchaiteachais le haghaidh 2025 gan aon ghá le bearta buiséadacha breise (10). |
Cuspóirí athchóirithe agus infheistíochta sa phlean lena bhfreagrófar ar na príomhdhúshláin arna sainaithint i gcomhthéacs an tSeimeastair Eorpaigh agus lena dtabharfar aghaidh ar thosaíochtaí comhchoiteanna an Aontais
|
(25) |
Tugtar tuairisc sa phlean ar chuspóirí beartais a bhaineann le hathchóirithe agus infheistíochtaí eile chun freagairt ar na príomhdhúshláin arna sainaithint i gcomhthéacs an tSeimeastair Eorpaigh (go háirithe na moltaí tírshonracha, lena n-áirítear iad siúd a bhaineann leis an nós imeachta um míchothromaíochtaí maicreacnamaíocha), agus chun aghaidh a thabhairt ar thosaíochtaí comhchoiteanna an Aontais. Cuimsítear sa phlean liosta cuimsitheach de thart ar 50 athchóiriú agus infheistíocht lena dtugtar aghaidh ar thosaíochtaí comhchoiteanna an Aontais, a bhfaigheann 26 cinn díobh tacaíocht airgeadais ón tSaoráid Téarnaimh agus Athléimneachta agus a bhfaigheann 24 cinn díobh tacaíocht airgeadais ó chistí an Bheartais Chomhtháthaithe. |
|
(26) |
Maidir leis an tosaíocht chomhchoiteann a bhaineann le haistriú cóir, glas agus digiteach, lena n-áirítear na cuspóirí aeráide a leagtar amach i Rialachán (AE) 2021/1119, cuimsítear leis an bplean athchóirithe agus infheistíochtaí arna gcistiú ag cistí náisiúnta agus ag cistí an Aontais. Formhór na mbeart maidir leis an aistriú glas a leagtar amach sa phlean, ionchorpraítear iad freisin i bPlean Náisiúnta Fuinnimh agus Aeráide na Cipire. Chun aghaidh a thabhairt ar mholadh tírshonrach 2024 a bhaineann le hoiriúnú don athrú aeráide a neartú, cuimsítear sa phlean athchóiriú lena ndéantar athbhreithniú ar Straitéis Náisiúnta na Cipire maidir le hOiriúnú don Athrú Aeráide, agus lena dtugtar an Straitéis sin cothrom le dáta. Chun aghaidh a thabhairt ar mholadh tírshonrach 2023 a bhaineann le dlús a chur le leathadh amach an fhuinnimh in-athnuaite agus feabhas a chur ar bhonneagar agus líonraí fuinnimh, cuimsítear sa phlean digitiú na heangaí leictreachais chun feabhas a chur ar threá breise foinsí in-athnuaite fuinnimh (cistí an Bheartais Chomhtháthaithe) agus ‘Idirnascaire na Mara Móire’ (a chuimsítear sa Phlean Téarnaimh agus Athléimneachta). Chun aghaidh a thabhairt ar mholadh tírshonrach 2023 a bhaineann le héifeachtúlacht fuinnimh, cuimsítear sa phlean infheistíochtaí chun feabhas a chur ar éifeachtúlacht fuinnimh scoileanna (cistí an Bheartais Chomhtháthaithe) agus chun foinsí in-athnuaite fuinnimh agus bearta aonair éifeachtúlachta fuinnimh a chur chun cinn i dteaghaisí (a chuimsítear sa Phlean Téarnaimh agus Athléimneachta). Chun aghaidh a thabhairt ar mholadh tírshonrach 2023 a bhaineann le haistriú i dtreo iompar inbhuanaithe, cuimsítear sa phlean tacaíocht chun Feithiclí Leictreacha a cheannach (a chuimsítear sa Phlean Téarnaimh agus Athléimneachta) agus tionscadail bhonneagair maidir le Pleananna Soghluaisteachta Uirbí Inbhuanaithe (a chuimsítear sa Phlean Téarnaimh agus Athléimneachta agus i gcistí an Bheartais Chomhtháthaithe). Chun aghaidh a thabhairt ar mholadh tírshonrach 2020 a bhaineann le feabhas a chur ar bhainistiú uisce agus dramhaíola, cuimsítear sa phlean córas náisiúnta chun dramhaíl chathrach a bhailiú ar leithligh (cistí an Bheartais Chomhtháthaithe) agus an Plean Gníomhaíochta Náisiúnta maidir leis an nGeilleagar Ciorclach (a chuimsítear sa Phlean Téarnaimh agus Athléimneachta agus i gcistí an Bheartais Chomhtháthaithe). Chun aghaidh a thabhairt ar mholadh tírshonrach 2019 a bhaineann le feabhsú scileanna digiteacha a éascú, cuimsítear sa phlean plean gníomhaíochta maidir le Ríomhscileanna (a chuimsítear sa Phlean Téarnaimh agus Athléimneachta). Chun aghaidh a thabhairt ar mholadh tírshonrach 2020 a bhaineann leis an earnáil phoiblí a dhigitiú, cuimsítear sa phlean digitiú na seirbhísí poiblí (a chuimsítear sa Phlean Téarnaimh agus Athléimneachta agus i gcistí an Bheartais Chomhtháthaithe) agus tabhairt isteach an Aitheantais Leictreonaigh. Chun aghaidh a thabhairt ar mholadh tírshonrach 2020 a bhaineann le feabhas a chur ar thaighde agus nuálaíocht, cuimsítear sa phlean oibriú Chiste Cothromais na Cipire (a chuimsítear sa Phlean Téarnaimh agus Athléimneachta), lena méadaítear infhaighteacht foinsí maoiniúcháin malartacha, go háirithe le haghaidh cuideachtaí nuálacha agus gnólachtaí nuathionscanta. |
|
(27) |
Maidir leis an tosaíocht chomhchoiteann a bhaineann leis an athléimneacht shóisialta agus eacnamaíoch, lena n-áirítear Colún Eorpach na gCeart Sóisialta, cuimsítear leis an bplean athchóirithe agus infheistíochtaí arna gcistiú ag cistí náisiúnta agus ag cistí an Aontais. Chun aghaidh a thabhairt ar mholadh tírshonrach 2024 a bhaineann le feabhas a chur ar rialachas na n-eintiteas atá faoi úinéireacht stáit i gcomhréir le caighdeáin idirnáisiúnta, cuimsítear sa phlean plean gníomhaíochta ina leagtar amach ceithre cholún gníomhaíochta. Chun aghaidh a thabhairt ar mholtaí tírshonracha 2019 agus 2020 a bhaineann le feabhas a chur ar an timpeallacht ghnó agus ar an rochtain ar mhaoiniú, cuimsítear sa phlean simpliú na nósanna imeachta maidir le tionscadail forbartha straitéisí (a chuimsítear sa Phlean Téarnaimh agus Athléimneachta), bunú Gníomhaireachta Náisiúnta um Chur Chun Cinn (a chuimsítear sa Phlean Téarnaimh agus Athléimneachta) agus oibriú Chiste Cothromais na Cipire (a chuimsítear sa Phlean Téarnaimh agus Athléimneachta). Chun aghaidh a thabhairt ar mholadh tírshonrach 2020 a bhaineann le héifeachtacht, éifeachtúlacht agus cothroime an chórais cánach a mhéadú, cuimsítear sa phlean sraith athchóirithe a bhaineann le pleanáil ionsaitheach cánach (a chuimsítear sa Phlean Téarnaimh agus Athléimneachta). Chun aghaidh a thabhairt ar mholadh tírshonrach 2020 a bhaineann le tús-ualú tionscadal infheistíochta poiblí aibí, cuimsítear sa phlean tionscadail bhonneagair maidir le soghluaisteacht uirbeach inbhuanaithe, athchóiriú gléasraí cóireála uisce agus suiteáil agus oibriú bonneagair méadraithe chliste (a chuimsítear sa Phlean Téarnaimh agus Athléimneachta). Chun aghaidh a thabhairt ar mholadh tírshonrach 2024 a bhaineann leis an oideachas, an gairmoideachas agus an ghairmoiliúint agus an fhoghlaim aosach a neartú, cuimsítear sa phlean córas nua lena ndéantar Meastóireacht ar an Obair Oideachais agus ar na hOideoirí (a chuimsítear sa Phlean Téarnaimh agus Athléimneachta), athchóiriú na gCuraclam sa Mheánoideachas Teicniúil agus san Oideachas Ginearálta (a chuimsítear sa Phlean Téarnaimh agus Athléimneachta), gníomhaíochtaí forbartha an Ghairmoideachais Theicniúil agus na Gairmoiliúna Teicniúla (cistí an Bheartais Chomhtháthaithe), digitiú agus feabhsú éifeachtacht sheirbhísí na Seirbhíse Poiblí Fostaíochta (a chuimsítear sa Phlean Téarnaimh agus Athléimneachta), cur chun feidhme Straitéis na Cipire um Fhoghlaim ar Feadh an tSaoil 2021-2027 agus forbairt Cuntas Foghlama Aonair (cistí an Bheartais Chomhtháthaithe). Chun aghaidh a thabhairt ar mholadh tírshonrach 2020 a bhaineann le socruithe solúbtha oibre a chur chun cinn, ionchorpraítear scéimeanna éagsúla (cistí an Bheartais Chomhtháthaithe) sa phlean freisin. Chun aghaidh a thabhairt ar mholtaí tírshonracha 2019 agus 2020 a bhaineann le hoideachas agus cúram óige inacmhainne, agus athsholáthar ioncaim leordhóthanach a chur ar fáil, chomh maith le rochtain ar chosaint shóisialta do chách, cuimsítear sa phlean bearta amhail athchóiriú ar an Oideachas Réamh-bhunscoile, Gníomhaíochtaí um Chuimsiú Scoile agus Sóisialta (DRA.S.E.+) agus Struchtúir Bhaile a Bhunú do Leanaí, do Dhéagóirí a bhfuil Neamhoird Iompair orthu, do Dhaoine faoi Mhíchumas agus do Dhaoine a bhfuil Cúram Fadtéarmach de dhíth orthu (a chuimsítear sa Phlean Téarnaimh agus Athléimneachta agus i gcistí an Bheartais Comhtháthaithe) agus an tÍos-ioncam Ráthaithe (cistí an Bheartais Comhtháthaithe). Chun aghaidh a thabhairt ar mholadh tírshonrach 2020 a bhaineann le feabhas a chur ar athléimneacht agus acmhainneacht an chórais cúraim sláinte, cuimsítear sa phlean infheistíochtaí chun ospidéil a leathnú, a uasghrádú nó a thógáil (a chuimsítear sa Phlean Téarnaimh agus Athléimneachta). |
|
(28) |
Maidir leis an tosaíocht chomhchoiteann a bhaineann leis an tslándáil fuinnimh, cuimsítear sa phlean bearta chun an eangach agus an stóráil a uasghrádú agus a leathnú chun freastal ar sciar méadaitheach foinsí in-athnuaite fuinnimh, chun spleáchas ar bhreoslaí iontaise a laghdú, chun bearta éifeachtúlachta fuinnimh a leathnú agus chun dlús a chur leo. Chun idirnaisc fuinnimh a fhorbairt le tíortha comharsanachta, cuimsítear sa phlean ‘Idirnascaire na Mara Móire’, tionscadal bonneagair fuinnimh arb é is aidhm dó eangach leictreachais na Cipire agus na Gréige, agus Iosrael ag céim níos déanaí, a nascadh. |
|
(29) |
Maidir leis an tosaíocht chomhchoiteann a bhaineann le cumais chosanta, ní chuimsítear aon bheart leis an bplean. |
|
(30) |
Tugtar forléargas sa phlean ar riachtanais infheistíochta poiblí na Cipire a bhaineann le tosaíochtaí comhchoiteanna an Aontais. Maidir leis an tosaíocht chomhchoiteann a bhaineann le haistriú cóir, glas agus digiteach, lena n-áirítear na cuspóirí aeráide a leagtar amach i Rialachán (AE) 2021/1119, cuimsítear sa phlean riachtanais infheistíochtaí poiblí agus príobháideacha arb é atá iontu EUR 21,6 billiún mar a shainaithnítear i bPlean Náisiúnta Fuinnimh agus Aeráide na Cipire chun na spriocanna nua maidir le laghdú astaíochtaí a bhaint amach, uasghráduithe éifeachtúlachta fuinnimh a dhéanamh in ospidéil phoiblí agus Córas Ríomhsholáthair nua a thabhairt isteach. Maidir leis an tosaíocht chomhchoiteann a bhaineann leis an athléimneacht shóisialta agus eacnamaíoch, cuimsítear sa phlean riachtanais infheistíochtaí chun feabhas a chur ar an gcóras cúraim sláinte amhail bunachar sonraí aonair de chomhaid leictreonacha a bheith á fhorbairt ag an Údarás Náisiúnta Ríomhshláinte. Maidir leis an tosaíocht chomhchoiteann a bhaineann le cumais chosanta, cuimsítear sa phlean riachtanais infheistíochta chun na haonaid bhonneagair atá ann cheana a leathnú agus a uasghrádú, chun Comhthionscadail Eorpacha maidir le Taighde agus Forbairt a chómhaoiniú agus chun Tionscadail Náisiúnta maidir le Taighde agus Forbairt i réimse na cosanta a chistiú. |
Conclúid an mheasúnaithe ón gCoimisiún
Ar an iomlán, tá an Coimisiún den tuairim go gcomhlíonann plean na Cipire ceanglais Rialachán (AE) 2024/1263.
CONCLÚID FHORIOMLÁN ÓN gCOMHAIRLE
|
(31) |
Is díol sásaimh don Chomhairle plean struchtúrach fioscach meántéarmach na Cipire agus measann sí go gcabhródh a chur chun feidhme iomlán le hairgeadas poiblí fónta a áirithiú agus le tacú le hinbhuanaitheacht an fhiachais phoiblí chomh maith le fás inbhuanaithe cuimsitheach. |
|
(32) |
Tugann an Chomhairle dá haire an measúnú ón gCoimisiún ar an bplean. Mar sin féin, iarrann an Chomhairle ar an gCoimisiún a mheasúnú ar phleananna amach anseo a chur i láthair i ndoiciméad ar leithligh ó na moltaí ón gCoimisiún le haghaidh moltaí ón gComhairle. |
|
(33) |
Tugann an Chomhairle dá haire an measúnú ón gCoimisiún ar an gconair ghlanchaiteachais agus na príomhthoimhdí maicreacnamaíocha sa phlean, lena n-áirítear maidir leis an treoir a thug an Coimisiún roimhe seo, chomh maith leis na himpleachtaí a bhaineann le conair ghlanchaiteachais an phlean d’easnamh agus fiachas rialtais. Tugann an Chomhairle dá haire an measúnú ón gCoimisiún go bhfuil údar cuí ar an iomlán leis na toimhdí maicreacnamaíocha agus fioscacha, cé go bhfuil siad éagsúil i gcásanna áirithe le toimhdí an Choimisiúin, lena n-áirítear chun freastal ar shonraí maicreacnamaíocha agus fioscacha nuashonraithe, agus go bhfuil argóintí eacnamaíocha fónta mar bhonn taca leo. Tugann an Chomhairle dá haire straitéis fhioscach leathan an phlean agus na rioscaí don ionchas, a d’fhéadfadh difear a dhéanamh do theacht chun cinn an cháis mhaicreacnamaíoch agus do na toimhdí bunúsacha agus do sheachadadh chonair ghlanchaiteachais an phlean. Tugann an Chomhairle dá haire freisin go bhféadfadh rioscaí geopholaitiúla brú a chur ar chaiteachas cosanta. |
|
(34) |
Tá an Chomhairle ag súil go mbeidh an Chipir réidh chun a straitéis fhioscach a choigeartú de réir mar is gá chun a conair ghlanchaiteachais a áirithiú. Tá rún daingean ag an gComhairle dlúthfhaireachán a dhéanamh ar fhorbairtí eacnamaíocha agus fioscacha, lena n-áirítear iad siúd is bonn le cás an phlean. |
|
(35) |
Measann an Chomhairle go bhfuil gá le tuilleadh plé chun teacht ar chomhthuiscint maidir leis na himpleachtaí bliantúla faireachais a bhaineann leis na rátaí fáis carnacha glanchaiteachais in am don chéad bhabhta eile den fhaireachas fioscach. |
|
(36) |
Tugann an Chomhairle dá haire an tuairisc ón gCoimisiún ar na riachtanais agus na rúin infheistíochtaí agus athchóirithe a fhreagraíonn ar na príomhdhúshláin arna sainaithint i gcomhthéacs an tSeimeastair Eorpaigh, agus cuireann sí i bhfios go láidir a thábhachtaí atá sé a áirithiú go gcuirfear na hathchóirithe agus na hinfheistíochtaí sin i gcrích. Déanfaidh an Chomhairle, ar bhonn tuarascálacha a thíolacfaidh an Coimisiún, measúnú ar na hathchóirithe agus na hinfheistíochtaí sin agus déanfaidh sí faireachán ar a gcur chun feidhme faoi chuimsiú an tSeimeastair Eorpaigh. |
|
(37) |
Tá an Chomhairle ag tnúth leis na tuarascálacha bliantúla ar dhul chun cinn ón gCipir ina mbeidh, go háirithe, faisnéis faoin dul chun cinn i gcur chun feidhme na conaire glanchaiteachais mar a leag an Chomhairle síos í, agus faoi chur chun feidhme athchóirithe agus infheistíochtaí níos leithne i gcomhthéacs an tSeimeastair Eorpaigh. |
|
(38) |
I gcomhréir le hAirteagal 17 de Rialachán (AE) 2024/1263, ba cheart don Chomhairle an chonair ghlanchaiteachais, mar a leagtar amach sa phlean, a mholadh don Chipir. |
AG MOLADH LEIS SEO don Chipir:
|
1. |
A áirithiú nach sáróidh an fás glanchaiteachais na huasmhéideanna a bhunaítear in Iarscríbhinn I a ghabhann leis an Moladh seo. |
Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 21 Eanáir 2025.
Thar ceann na Comhairle
An tUachtarán
A. DOMAŃSKI
(1) Rialachán (AE) 2024/1263 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 29 Aibreán 2024 maidir le beartais eacnamaíocha a chomhordú go héifeachtach agus maidir le faireachas buiséadach iltaobhach agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 1466/97 ón gComhairle (IO L, 2024/1263, 30.4.2024, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2024/1263/oj).
(2) Rialachán (AE) 2024/1264 ón gComhairle an 29 Aibreán 2024 lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 1467/97 maidir le dlús a chur le cur chun feidhme an nós imeachta um easnamh iomarcach agus soiléiriú a dhéanamh air (IO L, 2024/1264, 30.4.2024, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2024/1264/oj).
(3) Treoir (AE) 2024/1265 ón gComhairle an 29 Aibreán 2024 lena leasaítear Treoir 2011/85/AE maidir le ceanglais le haghaidh chreataí buiséadacha na mBallstát (IO L, 2024/1265, 30.4.2024, ELI: http://data.europa.eu/eli/dir/2024/1265/oj).
(4) Glanchaiteachas mar a shainmhínítear in Airteagal 2 de Rialachán (AE) 2024/1263, is é sin caiteachas rialtais atá glan (i) ar chaiteachas úis, (ii) ar bhearta lánroghnacha ioncaim, (iii) ar chaiteachas ar chláir an Aontais arna meaitseáil go hiomlán le hioncam ó chistí an Aontais, (iv) ar chaiteachas náisiúnta ar chómhaoiniú clár arna gcistiú ag an Aontas, (v) ar ghnéithe timthriallacha den chaiteachas ar shochar dífhostaíochta, agus (vi) ar bhearta aonuaire agus bearta sealadacha eile.
(5) Cuimsítear leis an treoir a tugadh roimh ré do na Ballstáit agus chuig an gCoiste Eacnamaíoch agus Airgeadais conairí le síneadh a chur leis an tréimhse choigeartúcháin agus gan é (lena gcumhdaítear 4 bliana agus 7 mbliana, faoi seach). Cuimsítear inti freisin na príomhchoinníollacha tosaigh agus na príomhthoimhdí bunúsacha a úsáidtear i gcreat réamh-mheasta fiachais rialtais mheántéarmaigh an Choimisiúin Eorpaigh. Ríomhadh an chonair thagartha ar bhonn na modheolaíochta a thuairiscítear i dTuarascáil Faireacháin an Choimisiúin Eorpaigh ar Inbhuanaitheacht Fiachais 2023 (https://economy-finance.ec.europa.eu/publications/debt-stainability-monitor-2023_ga). Tá sí bunaithe ar réamhaisnéis an earraigh 2024 ón gCoimisiún Eorpach agus ar a síneadh meántéarmach suas le 2033, agus tá costais fhadtéarmacha fáis agus aosaithe OTI i gcomhréir le Tuarascáil chomhpháirteach 2024 ón gCoimisiún agus ón gComhairle maidir le hAosú (https://economy-finance.ec.europa.eu/publications/2024-ageing-report-economic-and-budgetary-projections-eu-member-states-2022-2070_ga).
(6) https://economy-finance.ec.europa.eu/document/download/20a00b2c-4847-446b-a103-192958a1e11a_ga?filename=Commission_prior_guidance-cyprus_ga.pdf.
(7) Tuairim ón gCoimisiún maidir le Dréachtphlean Buiséadach na Cipire, 26.11.2024, C(2024)9050 final.
(8) Moladh ón gComhairle an 21 Deireadh Fómhair 2024 maidir le beartais eacnamaíocha, bhuiséadacha, fostaíochta agus struchtúracha na Cipire.
(9) Tíolacadh an plean an 15 Deireadh Fómhair 2024, ach cuirtear san áireamh ann – tríd an aguisín a ghabhann leis – an t-athrú ar láimhseáil staidrimh íocaíocht EUR 360 milliún a rinne an Stát le scéim pinsin nua na státseirbhíseach, a eisíodh an 22 Deireadh Fómhair 2024 toisc go raibh tionchar mór aige ar chonair fáis ghlanchaiteachais.
(10) Féach Tuairim ón gCoimisiún maidir le Dréachtphlean Buiséadach na Cipire, 26.11.2024, C(2024)9050 final.
IARSCRÍBHINN I
Uasrátaí fáis an ghlanchaiteachais
(rátaí fáis bliantúla agus carnacha, i dtéarmaí ainmniúla)
an Chipir
|
Blianta |
2025 |
2026 |
2027 |
2028 |
|
|
Rátaí fáis (%) |
Bliantúla |
6,0 |
5,0 |
5,4 |
4,3 |
|
Carnacha (*1) |
8,9 |
14,3 |
20,5 |
25,7 |
|
(*1) Ríomhtar na rátaí fáis carnacha faoi threoir na bonnbhliana 2023. Úsáidtear na rátaí fáis carnacha san fhaireachán bliantúil ar chomhlíonadh ex postsa chuntas rialaithe.
ELI: http://data.europa.eu/eli/C/2025/639/oj
ISSN 1977-107X (electronic edition)