11. Saothair thagartha
Maidir le téacsanna atá le foilsiú i nGaeilge san Iris Oifigiúil, is iad seo a leanas na príomhshaothair thagartha:
(a)
ceisteanna litrithe agus teanga:
—
Foclóir Gaeilge-Béarla, Ó Dónaill (Oifig an tSoláthair),
—
English-Irish Dictionary, De Bhaldraithe (An Gúm),
—
An Foclóir Beag (An Gúm),
—
Graiméar Gaeilge na mBráithre Críostaí (An Gúm),
—
Gramadach na Gaeilge: An Caighdeán Oifigiúil
(Seirbhís Thithe an Oireachtais, 2012),
—
Cruinneas Gramadaí agus Corrfhocal Eile (Lagan Press),
—
achtanna an Oireachtais 1922-2003: (www.achtanna.ie),
—
an Bunachar Náisiúnta Téarmaíochta don Ghaeilge: (www.tearma.ie),
—
láithreán áiseanna Gaeilge: (www.acmhainn.ie),
—
bunachar téarmaíochta an Aontais Eorpaigh: (http://iate.europa.eu),
—
New Hart’s Rules: The Handbook of Style for Writers and Editors (Oxford University Press) (1);
(b)
ábhair a bhaineann le dréachtú na reachtaíochta:
—
Lámhleabhar Comhpháirteach maidir le Gníomhartha atá faoi réir an Ghnáthnós Imeachta Reachtaigh a Leagan Amach agus a Dhréachtú (An Pharlaimint, An Chomhairle, An Coimisiún), eagrán mhí Eanáir 2018,
—
Lámhleabhar na bhFasach le haghaidh Gníomhartha arna mBunú i gComhairle an Aontais Eorpaigh (An Chomhairle), eagrán 2015 idir lámha,
—
—
An Treoirleabhar Comhchleachtais ó Pharlaimint na hEorpa, ón gComhairle agus ón gCoimisiún dóibh siúd atá rannpháirteach i ndréachtú reachtaíocht an Aontais Eorpaigh, Oifig Foilseachán an Aontais Eorpaigh, 2015;
(c)
acrainmneacha agus giorrúcháin:
—
IATE (córas bunachar sonraí le haghaidh téarmaíocht a bhailiú, a scaipeadh agus a chomhbhainistiú idir institiúidí, gníomhaireachtaí agus comhlachtaí eile an Aontais Eorpaigh);
(d)
teidil, ábhar, na leasuithe is deireanaí ar ghníomhartha etc. a sheiceáil:
—
EUR-Lex (a sholáthraíonn rochtain dhíreach saor in aisce ar dhlí an Aontais Eorpaigh. Is féidir cuardach a dhéanamh freisin san IO, sna conarthaí, sa chásdlí agus sna fógraí reachtacha);
(e)
chun profáil a dhéanamh ar phrofaí clóite den Iris Oifigiúil (rialacha leagan amach, cló, etc.):
Ina theannta sin, is buantagairtí iad eagráin áirithe den Iris Oifigiúil i réimsí amhail talmhaíocht, iascach, comhaontuithe trádála, an Ainmníocht Chomhcheangailte, comhaontuithe le tríú tíortha, etc.