9.5. Struchtúr riaracháin an Aontais Eorpaigh: na hainmneacha oifigiúla agus ord liostaithe
9.5.1. Na hinstitiúidí agus na comhlachtaí
Ní foláir na hinstitiúidí agus na comhlachtaí a liostú de réir an oird phrótacail.
Sa liosta thíos tugtar na teidil oifigiúla de réir an oird phrótacail ón 1 Nollaig 2009 (dáta teacht i bhfeidhm do Chonradh Liospóin). Sa tábla a leanann an liosta, tugtar an teideal ba chóir a úsáid de réir an fhoilseacháin chomh maith leis an ngiorrúchán ábhartha agus suíomh na hinstitiúide nó an chomhlachta.
(a) Na hinstitiúidí
(b) Comhlacht beartais eachtraigh
idir na trí Chomhairle
Tagann na Ceannairí Stáit nó Rialtais (an tUachtarán nó an Príomh-Aire) agus Uachtarán an Choimisiúin Eorpaigh le chéile ceithre huaire in aghaidh na bliana. Glaotar “cruinnithe mullaigh” ar na cruinnithe seo freisin. Is í an Chomhairle Eorpach a leagann síos treoirlínte polaitiúla ginearálta an Aontais.
Tagann Airí na mBallstát le chéile laistigh de Chomhairle an Aontais Eorpaigh. Is iad na hAirí a bhíonn i láthair na hAirí a bhfuil an fhreagracht orthu maidir leis an ábhar a bhíonn á phlé acu ag an gcruinniú. Is í príomhchomhlacht an Aontais í maidir le cinntí a dhéanamh agus leis an reachtaíocht Eorpach a chinneadh.
Is eagraíocht idir-rialtasach í agus ní institiúid de chuid an Aontais Eorpaigh í.
(c) Comhlachtaí comhairleacha
(d) Comhlachtaí eile
NA hINSTITIÚIDÍ AGUS NA COMHLACHTAÍ: NA TEIDIL DHIFRIÚLA | |||
---|---|---|---|
Ainm fada | Ainm gearr (1) | Giorrúchán | Suíomh na hoifige |
Parlaimint na hEorpa | an Pharlaimint | PE | Strasbourg (2) |
an Chomhairle Eorpach | — | — | an Bhruiséil |
Comhairle an Aontais Eorpaigh | an Chomhairle
NB:
Ainm coitianta: —
Comhairle na nAirí
—
Comhairle [na nAirí] … e.g. talmhaíocht: Comhairle [na nAirí] Talmhaíochta |
— | an Bhruiséil |
an Coimisiún Eorpach | an Coimisiún | — | an Bhruiséil (3) |
Cúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh (institiúid) | an Chúirt Bhreithiúnais | CBAE | Lucsamburg |
•
an Chúirt Bhreithiúnais (céim) |
an Chúirt | — | Lucsamburg |
•
an Chúirt Ghinearálta |
— | — | Lucsamburg |
an Banc Ceannais Eorpach | an Banc Ceannais Eorpach | BCE | Frankfurt am Main |
Cúirt Iniúchóirí na hEorpa (4) |
an Chúirt Iniúchóirí, an Chúirt | — | Lucsamburg |
San Iris Oifigiúil: an Chúirt Iniúchóirí | |||
an tSeirbhís Eorpach Gníomhaíochta Seachtraí | — | SEGS | an Bhruiséil |
Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa | an Coiste | CESE (5) | an Bhruiséil |
Coiste Eorpach na Réigiún (6) | an Coiste | — | an Bhruiséil |
San Iris Oifigiúil, Sraith L: Coiste na Réigiún | |||
an Banc Eorpach Infheistíochta | an Banc | BEI | Lucsamburg |
an tOmbudsman Eorpach | Ombudsman | — | Strasbourg (7) |
an Maoirseoir Eorpach ar Chosaint Sonraí | an Maoirseoir Eorpach, an Maoirseoir | MECS | an Bhruiséil |
an Bord Eorpach um Chosaint Sonraí | an Bord Eorpach, an Bord | — | an Bhruiséil |
(1)
Ní úsáidtear an fhoirm ghiorraithe ach amháin nuair atá sé soiléir cén institiúid atá i gceist (go háirithe “Cúirt” agus “Coiste”). Ní foláir an fhoirm fhada a úsáid nuair a luaitear an t-ainm don chéad uair.
(2)
Is é Strasbourg suíomh na Parlaiminte. Tionóltar seisiúin bhreise na Parlaiminte sa Bhruiséil. Is é Lucsamburg suíomh na hArd-Stiúrthóireachta.
(3)
Is é an Bhruiséil suíomh an Choimisiúin ach tá cuid dá sheirbhísí lonnaithe i Lucsamburg.
(4)
Úsáidtear “Cúirt Iniúchóirí na hEorpa” de ghnáth. I gcomhthéacs dlíthiúil úsáidtear an teideal oifigiúil “Cúirt Iniúchóirí an Aontais Eorpaigh” (roimh 1.12.2009: “Cúirt Iniúchóirí na gComhphobal Eorpach”). Is annamh a fheictear an teideal seo, áfach, sna téacsanna. San Iris Oifigiúil úsáidtear an fhoirm ghearr “an Chúirt Iniúchóirí”.
(5)
Ní úsáidtear Ecosoc ná an fhoirm ghearr “an Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta” ná an giorrúchán CES.
(6)
Is é “Coiste Eorpach na Réigiún” an gnáthainm a úsáidtear. Ní mór “Coiste na Réigiún”, an t-ainmniú oifigiúil a úsáid i dtéacsanna dlíthiúla agus i Sraith L d’Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
(7)
Is suíomh Pharlaimint na hEorpa suíomh an Ombudsman Eorpaigh. |
9.5.2. Seirbhísí idirinstitiúideacha
Tá na seirbhísí idirinstitiúideacha maidir le cúrsaí riaracháin na n-oifigí seo á mbainistiú ag an gCoimisiún Eorpach (féach Roinn 9.6).
Ainm | Ainm gearr | Giorrúchán | Suíomh na hoifige | Gníomh tagartha (gníomh bunaidh) (a) |
---|---|---|---|---|
an Fhoireann Phráinnfhreagartha Ríomhaire d’Institiúidí, Comhlachtaí agus Gníomhaireachtaí AE | an Fhoireann Phráinnfhreagartha Ríomhaire | CERT-EU | an Bhruiséil | IO L 6, 11.1.2017, lch. 40 (en) |
an Oifig Eorpach um Roghnú Foirne (1) | Roghnú Foirne | EPSO (*) | an Bhruiséil | IO L 197, 26.7.2002, lch. 53 (en) |
•
Scoil Riaracháin
|
•
EUSA (*)
|
•
IO L 37, 10.2.2005, lch. 14 (en)
|
||
Oifig Foilseachán an Aontais Eorpaigh (3) | Oifig na bhFoilseachán | OP (*) | Lucsamburg | IO L 168, 30.6.2009, lch. 41 (en) (IO 152, 13.7.1967, lch. 18 (en)) |
(a)
I bprionsabal, is é an gníomh tagartha an gníomh bunaitheach. Má rinneadh “athmhúnlú” ar ghníomh bunaitheach nó “códú” de ghníomh bunaitheach, nó má rinneadh é a aisghairm agus a ionadú le gníomh nua, is é an gníomh modhnaithe sin an bunghníomh nua (agus ansin tugtar an gníomh bunaitheach bunaidh idir lúibíní mar mheabhrúchán).
(*)
Níl ach an t-aon ghiorrúchán amháin do na teangacha uile.
(1)
Ainm coitianta.
(2)
Tá cúrsaí riaracháin na hoifige seo á mbainistiú ag an Oifig Eorpach um Roghnú Foirne.
(3)
Go dtí 30.6.2009: “Oifig Foilseachán Oifigiúil na gComhphobal Eorpach”. |
9.5.3. Eagraíochtaí díláraithe (gníomhaireachtaí)
Bunaítear eagraíochtaí díláraithe (gníomhaireachtaí) le sainghníomh reachtach agus sanntar cúraimí áirithe dóibh.
De ghnáth, liostaítear na heagraíochtaí in ord aibítre theanga an fhoilseacháin.
Ainm | Giorrúchán | Suíomh na hoifige | Gníomh tagartha (gníomh bunaidh) (a) |
Leasuithe |
---|---|---|---|---|
an Bord Réitigh Aonair | BRA | an Bhruiséil | IO L 225, 30.7.2014, lch. 1 | |
an Fhondúireacht Eorpach Oiliúna | ETF (*) | Torino | IO L 354, 31.12.2008, lch. 82 (IO L 131, 23.5.1990, lch. 1 (en)) |
|
an Foras Eorpach chun Dálaí Maireachtála agus Oibre a Fheabhsú | Eurofound (*) | Baile Átha Cliath | IO L 30, 31.1.2019, lch. 74 (IO L 139, 30.5.1975, lch. 1 (en)) |
Scríbhinn leasaithe |
Gníomhaireacht an Aontais Eorpaigh chun Bainistiú Oibríochtúil a dhéanamh ar Chórais Mhórscála TF sa Limistéar Saoirse, Slándála agus Ceartais | eu-LISA (*) | Tallinn | IO L 295, 21.11.2018, lch. 99 (IO L 286, 1.11.2011, lch. 1) |
|
Gníomhaireacht an Aontais Eorpaigh i ndáil le Comhar i bhForfheidhmiú an Dlí | Europol | an Háig | IO L 135, 24.5.2016, lch. 53 (IO C 316, 27.11.1995, lch. 1 (en)) |
|
Gníomhaireacht an Aontais Eorpaigh um an gClár Spáis | — | Prág | IO L 170, 12.5.2021, lch. 69 | |
Gníomhaireacht an Aontais Eorpaigh um Chearta Bunúsacha | FRA (*) | Vín | IO L 53, 22.2.2007, lch. 1 (en) | |
Gníomhaireacht an Aontais Eorpaigh um Chibearshlándáil | ENISA (*) | Heraklion | IO L 151, 7.6.2019, lch. 15 (IO L 77, 13.3.2004, lch. 1 (en)) |
|
Gníomhaireacht an Aontais Eorpaigh um Chomhar Ceartais Choiriúil | Eurojust | an Háig | IO L 295, 21.11.2018, lch. 138 IO L 63, 6.3.2002, lch. 1 (en)) |
|
Gníomhaireacht an Aontais Eorpaigh um Chomhar idir Rialálaithe Fuinnimh | ACER (*) | Liúibleána | IO L 158, 14.6.2019, lch. 22 (IO L 211, 14.8.2009, lch. 1) |
|
Gníomhaireacht an Aontais Eorpaigh um Oiliúint i bhForfheidhmiú an Dlí | CEPOL | Búdaipeist | IO L 319, 4.12.2015, lch. 1 (IO L 256, 1.10.2005, lch. 63 (en)) |
|
Gníomhaireacht an Aontais Eorpaigh um Thearmann | — | Málta | IO L 468, 30.12.2021, Ich. 1 | |
an Ghníomhaireacht Eorpach Ceimiceán | ECHA (*) | Heilsincí | (IO L 396, 30.12.2006, lch. 1 (en)) | Ceartúchán: IO L 136, 29.5.2007, lch. 3 (en) |
an Ghníomhaireacht Eorpach Chomhshaoil | EEA | Cóbanhávan | IO L 126, 21.5.2009, lch. 13 | |
an Ghníomhaireacht Eorpach um an nGarda Teorann agus Cósta | Frontex (*) | Vársá | IO L 295, 14.11.2019, lch. 1 (IO L 349, 25.11.2004, lch. 1 (en)) |
|
an Ghníomhaireacht Eorpach um Rialú ar Iascach | EFCA | Vigo | IO L 83, 25.3.2019, lch. 18 (IO L 128, 21.5.2005, lch. 1 (en)) |
|
an Ghníomhaireacht Eorpach um Shábháilteacht agus Sláinte ag an Obair | EU-OSHA (*) | Bilbao | IO L 30, 31.1.2019, lch. 58 (IO L 216, 20.8.1994, lch. 1 (en)) |
|
an Ghníomhaireacht Eorpach um Shábháilteacht Mhuirí | EMSA | Liospóin | IO L 208, 5.8.2002, lch. 1 (en) | |
Gníomhaireacht Iarnróid an Aontais Eorpaigh | ERA | Lille-Valenciennes | IO L 138, 26.5.2016, lch. 1 (IO L 164, 30.4.2004, lch. 1 (en)) |
|
an Ghníomhaireacht Leigheasra Eorpach | EMA (*) | Amstardam | IO L 136, 30.4.2004, lch. 1 (en) | Gníomh leasaitheach (suíomh): IO L 291, 16.11.2018, lch. 3 |
Gníomhaireacht Sábháilteachta Eitlíochta de chuid an Aontais Eorpaigh | EASA | Köln | IO L 212, 22.8.2018, lch. 1 (IO L 240, 7.9.2002, lch. 1 (en)) |
Ceartúchán: IO L 158, 14.6.2019, lch. 200 |
Gníomhaireacht Tacaíochta BEREC (ainm gearr: Oifig BEREC) |
— | Ríge | IO L 321, 17.12.2018, lch. 1 (IO L 337, 18.12.2009, lch. 1) |
|
an Institiúid Eorpach um Chomhionannas Inscne | EIGE (*) | Vilnias | IO L 403, 30.12.2006, lch. 9 (en) | |
Ionad Aistriúcháin Chomhlachtaí an Aontais Eorpaigh | CdT (*) | Lucsamburg | IO L 314, 7.12.1994, lch. 1 (en) | |
an Lárionad Eorpach um Fhorbairt na Gairmoiliúna | Cedefop (*) | Thessaloniki | IO L 30, 31.1.2019, lch. 90 (IO L 39, 13.2.1975, lch. 1 (en)) |
|
an Lárionad Eorpach um Ghalair a Chosc agus a Rialú | ECDC (*) | Stócólm | IO L 142, 30.4.2004, lch. 1 (en) | |
an Lárionad Eorpach um Inniúlachtaí Tionsclaíochta Cibearshlándála, Teicneolaíochta Cibearshlándála agus Taighde Cibearshlándála | — | Búcairist | IO L 202, 8.6.2021, lch. 1 | |
an Lárionad Faireacháin Eorpach um Dhrugaí agus um Andúil i nDrugaí | EMCDDA | Liospóin | IO L 376, 27.12.2006, lch. 1 (en) (IO L 36, 12.2.1993, lch. 1 (en)) |
|
Oifig an Ionchúisitheora Phoiblí Eorpaigh | OIPE | Lucsamburg | IO L 283, 31.10.2017, lch. 1 (en) | an Oifig Chomhphobail um Chineálacha Plandaí | CPVO | Angers | IO L 227, 1.9.1994, lch. 1 (en) | Gníomh leasaithe á ullmhú |
Oifig Maoine Intleachtúla de chuid an Aontais Eorpaigh | EUIPO | Alicante | IO L 154, 16.6.2017, lch. 1 (IO L 11, 14.1.1994, lch. 1 (en)) |
|
an tÚdarás Baincéireachta Eorpach | ÚBE | Páras | IO L 331, 15.12.2010, lch. 12 | Gníomh leasaitheach (suíomh): IO L 291, 16.11.2018, lch. 1 |
an tÚdarás Eorpach Saothair | — | an Bhratasláiv | IO L 186, 11.7.2019, lch. 21 | Bunú: 31.7.2019 |
an tÚdarás Eorpach um Árachas agus Pinsin Cheirde | EIOPA | Frankfurt am Main | IO L 331, 15.12.2010, lch. 48 | |
an tÚdarás Eorpach um Shábháilteacht Bia | EFSA (*) | Parma | IO L 31, 1.2.2002, lch. 1 (en) | |
an tÚdarás Eorpach um Urrúis agus Margaí | ESMA | Páras | IO L 331, 15.12.2010, lch. 84 | |
an tÚdarás um Páirtithe Polaitiúla Eorpacha agus um Fhondúireachtaí Polaitiúla Eorpacha | — | an Bhruiséil | IO L 317, 4.11.2014, Ich. 1 | Scríbhinn leasaithe |
Modhnú a glacadh | ||||
An Ghníomhaireacht lena mbaineann | An t-ainm nua | Gníomh tagartha | ||
— | — | — | ||
Tá sé á ullmhú faoi láthair Féadfaidh sé go ndéanfar ainm iliomad gníomhaireachtaí a mhodhnú mar gheall ar na nósanna imeachta atá á bpleanáil nó atá ar siúl faoi láthair. |
||||
An Ghníomhaireacht lena mbaineann | An t-ainm nua atá beartaithe | Nós imeachta | ||
an Oifig Chomhphobail um Chineálacha Plandaí (CPVO) | an Ghníomhaireacht Eorpach ar Chineálacha Plandaí (?) | 2013/0137 (COD) súil le coinneáil air seo (tá PE tar éis a iarraidh ar an gCoimisiún a thogra a tharraingt siar agus togra nua a thíolacadh) |
||
Céim ullmhúcháin (gníomhaireachtaí nua) | ||||
Gníomhaireacht | Foinse/nós imeachta | |||
— | — | |||
(a)
I bprionsabal, is é an gníomh tagartha an gníomh bunaitheach. Má rinneadh “athmhúnlú” ar ghníomh bunaitheach nó “códú” de ghníomh bunaitheach, nó má rinneadh é a aisghairm agus a ionadú le gníomh nua, is é an gníomh modhnaithe sin an bunghníomh nua (agus ansin tugtar an gníomh bunaitheach bunaidh idir lúibíní mar mheabhrúchán).
(b)
Is iad seo a leanas na cineálacha éagsúla modhnúcháin. —
“Ceartúchán”, “gníomh leasaitheach” (nó eile): modhnúcháin ar an mbunghníomh maidir leis an ainm, an giorrúchán nó an suí.
—
“Scríbhinn leasaithe”: maidir leis an gcomhlacht i gceist, rinneadh leasú ar an scríbhinn a úsáideadh sa rialachán chun cloí le coinbhinsiúin na scríbhneoireachta idirinstitiúidí, go háirithe leis na rialacha a bhaineann le cás uachtair agus le cás íochtair (agus le comhaontú ó dhlí-theangeolaithe na Comhairle, níl ceartúchán de dhíth). (*)
Níl ach an t-aon ghiorrúchán amháin do na teangacha uile.
NB:
Féach freisin Cinneadh 2004/97/CE, Euratom an 13 Nollaig 2003 maidir le suíomh oifigí agus gníomhaireachtaí áirithe de chuid an Aontais Eorpaigh (IO L 29, 3.2.2004, lch. 15; en). |
An Comhbheartas Eachtrach agus Slándála
Ainm | Giorrúchán | Suíomh na hoifige | Gníomh tagartha (gníomh bunaidh) (a) |
---|---|---|---|
an Ghníomhaireacht Eorpach um Chosaint | GEC | an Bhruiséil | IO L 266, 13.10.2015, lch. 55 (en) (IO L 245, 17.7.2004, lch. 17 (en)) |
Institiúid an Aontais Eorpaigh um Staidéar Slándála | EUISS | Páras | IO L 41, 12.2.2014, lch. 13 (en) (IO L 200, 25.7.2001, lch. 1 (en)) |
Lárionad Satailíte an Aontais Eorpaigh | Satcen | Torrejón de Ardoz | IO L 188, 27.6.2014, lch. 73 (en) (IO L 200, 25.7.2001, lch. 5 (en)) |
9.5.4. Gníomhaireachtaí feidhmiúcháin
Is eintitis dhlíthiúla iad na gníomhaireachtaí seo a bunaíodh i gcomhréir le Rialachán (CE) Uimh. 52/2003 (IO L 11, 16.1.2003; en). Bíonn dualgais ar leith orthu a bhaineann le bainistiú chláir an Aontais Eorpaigh. Bunaítear na gníomhaireachtaí seo go ceann tréimhse socraithe.
Ainm | Giorrúchán | Suíomh na hoifige | Gníomh tagartha (+ ceartúchán nó gníomh leasaitheach) |
---|---|---|---|
an Ghníomhaireacht Feidhmiúcháin Eorpach um an Aeráid, Bonneagar agus Comhshaol | CINEA (*) | an Bhruiséil | IO L 50, 15.2.2021, lch. 9 |
an Ghníomhaireacht Feidhmiúcháin Eorpach um an tSláinte agus an Digitiú | HADEA (*) | an Bhruiséil | IO L 50, 15.2.2021, lch. 9 |
an Ghníomhaireacht Feidhmiúcháin Eorpach um Oideachas agus Cultúr | EACEA (*) | an Bhruiséil | IO L 50, 15.2.2021, lch. 9 |
an Ghníomhaireacht Feidhmiúcháin Eorpach um Thaighde | REA (*) | an Bhruiséil | IO L 50, 15.2.2021, lch. 9 |
Gníomhaireacht Feidhmiúcháin na Comhairle Eorpaí um Thaighde | ERCEA (*) | an Bhruiséil | IO L 50, 15.2.2021, lch. 9 |
Gníomhaireacht Feidhmiúcháin na Comhairle Nuálaíochta Eorpaí agus na bhFiontar Beag agus Meánmhéide | Eismea (*) | an Bhruiséil | IO L 50, 15.2.2021, lch. 9 |
(*)
Níl ach an t-aon ghiorrúchán amháin do na teangacha uile. |
9.5.5. Gníomhaireachtaí agus comhlachtaí de chuid Euratom
Bunaíodh na gníomhaireachtaí agus na comhlachtaí seo chun tacaíocht a thabhairt don Chomhphobal Eorpach do Fhuinneamh Adamhach (Euratom) a chuid spriocanna a bhaint amach.
Ainm | Giorrúchán | Suíomh na hoifige | Gníomh tagartha |
---|---|---|---|
Comhghnóthas “Fusion for Energy” (1) | F4E (*) | Barcelona | IO L 90, 30.3.2007, lch. 58 (en) |
Gníomhaireacht Soláthair Euratom | GSE | Lucsamburg | IO L 41, 15.2.2008, lch. 15 (en) |